An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Carthanas 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 An tÚdarás Rialála Carthanas )

6 2009

An tAcht Carthanas 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Carthanas 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, agus chun forálacha éagsúla den Acht Carthanas 1961 a aisghairm le halt 11.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1962 ” an tAcht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach, 1962;

ciallaíonn “ Acht 1998 ” an tAcht Oideachais 1998;

ciallaíonn “ Acht de 2001 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001;

tá le “Údarás” an bhrí a shanntar dó le halt 13;

folaíonn “ comhlacht ”, i ndáil le hiontaobhas nach bhfuil ann ina leith ach aon iontaobhaí amháin, an t-iontaobhaí sin;

ciallaíonn “bronntanas carthanúil” bronntanas chun críoch carthanúil;

ciallaíonn “ eagraíocht charthanúil ”—

(a) iontaobhaithe iontaobhais charthanúil, nó

(b) comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine—

(i) a dhéanann críoch charthanúil, agus an chríoch sin amháin, a chur chun cinn,

(ii) a bhfuil ceangal air, faoina bhunreacht, a mhaoin go léir (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe leis an gcríoch sin, seachas airgead a chaitear—

(I) ar oibriú agus ar chothabháil an chomhlachta, lena n-áirítear airgead a íoctar mar luach saothair agus mar aoisliúntas le comhaltaí d’fhoireann an chomhlachta, agus

(II) i gcás eagraíochta creidimh nó sámhtha creidimh, ar chóiríocht agus ar chúram comhaltaí den eagraíocht nó den sámhadh,

agus

(iii) arb amhlaidh maidir lena mhaoin nach iníoctha aon chuid di le comhaltaí an chomhlachta seachas de réir alt 89,

ach ní fholóidh sé comhlacht eisiata;

forléireofar “ críoch charthanúil ” de réir alt 3;

ciallaíonn “ iontaobhas carthanúil ” iontaobhas—

(a) arna bhunú chun críche carthanúla amháin,

(b) arna bhunú faoi ghníomhas iontaobhais lena gceanglaítear ar iontaobhaithe an iontaobhais maoin uile an iontaobhais (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe leis an gcríoch sin seachas airgead a chaitear ag bainistiú an iontaobhais, agus

(c) arb amhlaidh maidir lena mhaoin nach iníoctha aon chuid di le hiontaobhaithe an iontaobhais seachas de réir alt 89;

folaíonn “ iontaobhaí carthanais ”—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, stiúrthóirí na cuideachta agus na hoifigigh eile don chuideachta, agus

(b) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe (seachas cuideachta) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, aon oifigeach don chomhlacht nó aon duine atá ag comhlíonadh feidhmeanna oifigigh don chomhlacht de thuras na huaire,

agus forléireofar tagairtí d’iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’iontaobhaí de chuid iontaobhais charthanúil;

tá le “ príomhfheidhmeannach ” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “ cuideachta ” cuideachta arna bunú faoi Achtanna na gCuideachtaí;

ciallaíonn “ bunreacht ” na rialacha (cibé acu atá siad i scríbhinn nó nach bhfuil) lena rialaítear riaradh agus rialú eagraíochta carthanúla agus lena rialáiltear a gníomhaíochtaí, agus folaíonn sé—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla arb éard atá inti iontaobhaithe iontaobhais charthanúil, an gníomhas iontaobhais lena mbunaítear an t-iontaobhas carthanúil,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta,

(c) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe seachas cuideachta, an chairt, an reacht nó an ionstraim eile den tsamhail sin lena mbunaítear í, agus

(d) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht neamhchorpraithe daoine, rialacha an chomhlachta,

ach ní fholaíonn sé aon achtachán nó riail dlí is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na heagraíochta a sheoladh;

tá le “ comhlacht díscaoilte ” an bhrí a shanntar dó le halt 81;

ciallaíonn “ comhlacht oideachais ”—

(a) coiste gairmoideachais arna bhunú le halt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930,

(b) scoil aitheanta de réir bhrí Acht 1998,

(c) coiste bainistíochta arna bhunú chun críocha alt 37 d’Acht 1998,

(d) cumann tuismitheoirí arna bhunú de réir alt 26 d’Acht 1998,

(e) comhairle mac léinn arna bunú de réir alt 27 d’Acht 1998,

(f) foras ard-oideachais de réir bhrí Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 (arna leasú le halt 52 den Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006), nó

(g) comhlacht arna bhunú chun maoiniú a dhéanamh ar líon nach mó nach aon fhoras ard-oideachais den sórt sin agus chuige sin amháin;

tá le “ Comhaontú LEE ” an bhrí a shanntar in Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993;

ciallaíonn “ stát de chuid LEE ”—

(a) ballstát de na Comhphobail Eorpacha (seachas an Stát), nó

(b) stát (seachas ballstát de na Comhphobail Eorpacha) is páirtí conarthach i gComhaontú LEE.

forléireofar “ an lá bunaithe ” de réir alt 12;

ciallaíonn “ comhlacht eisiata ”—

(a) páirtí polaitíochta, nó comhlacht a chuireann páirtí polaitíochta nó iarrthóir polaitíochta chun cinn,

(b) comhlacht a chuireann cúis pholaitíochta chun cinn, ach amháin go mbaineann cur chun cinn na cúise sin le go díreach le cur ar aghaidh chuspóirí an chomhlachta,

(c) comhlacht ceadaithe daoine de réir bhrí alt 235 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(d) ceardchumann nó comhlacht ionadaitheach fostóirí,

(e) cumann lucht tráchtála, nó

(f) comhlacht a chuireann cuspóirí chun cinn ar cuspóirí iad—

(i) atá neamhdhleathach,

(ii) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(iii) atá contrártha don bheartas poiblí,

(iv) atá ina dtacaíocht le sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh den Stát, nó

(v) a théann chun tairbhe d’eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di;

ciallaíonn “oifig bhreithiúnach sna hUaschúirteanna” oifig bhreithimh den Ard-Chúirt nó oifig bhreithimh den Chúirt Uachtarach;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

forléireofar “leas ábhartha” de réir alt 2(3) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995;

ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

déanfar “ baint phearsanta ” a fhorléiriú de réir fho-alt (2);

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

forléireofar “leas an phobail” de réir alt 3;

folaíonn “taifead”, i dteannta aon taifid i scríbhinn―

(a) plean, cairt, léarscáil, líníocht, léaráid, íomhá phictiúrtha nó ghrafach,

(b) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina gcorpraítear faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(c) scannán, téip nó feiste eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, agus

(d) grianghraf;

tá le “clár” an bhrí a shanntar dó le halt 39, agus forléireofar “cláraithe” dá réir sin;

ciallaíonn “eagraíocht charthanúil chláraithe”—

(a) eagraíocht charthanúil atá cláraithe sa chlár; nó

(b) eagraíocht charthanúil a mheastar, de bhua alt 40, a bheith cláraithe sa chlár;

tá le “uimhir chlárúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 40(6)(e);

tá le “Binse” an bhrí a shanntar dó le halt 75.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo―

(i) tá baint ag duine le pearsa aonair más tuismitheoir, deartháir, deirfiúr, céile, seanathair nó seanmháthair, nó ua nó banua, de chuid na pearsan aonair an duine sin, nó más leanbh de chuid chéile na pearsan aonair é nó í,

(ii) tá baint ag duine, ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí iontaobhais, le pearsa aonair más tairbhí de chuid an iontaobhais an phearsa aonair sin, nó aon leanbh de chuid na pearsan aonair sin, nó aon chomhlacht corpraithe a bhfuil rialú ag an bpearsa aonair sin air,

(iii) tá baint ag duine le haon duine a bhfuil an duine sin i gcomhpháirtíocht leis nó léi,

(iv) tá baint ag duine le haon duine ag a bhfuil sé nó sí fostaithe faoi chonradh seirbhíse,

(v) tá baint ag comhlacht corpraithe le duine eile má tá rialú ag an duine sin air nó má tá rialú air ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin le chéile,

(vi) maidir le haon bheirt nó níos mó daoine a ghníomhaíonn le chéile chun rialú ar chomhlacht corpraithe a áirithiú nó a fheidhmiú, déileálfar leo, i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe sin, mar dhaoine a bhfuil baint acu lena chéile agus le haon duine a ghníomhaíonn ar ordacháin ó aon duine acu chun rialú ar an gcomhlacht corpraithe a áirithiú nó a fheidhmiú.

(b) San fho-alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Cuspóir carthanúil.

3 .— (1) Chun críocha an Achta seo is cuspóir carthanúil, faoi réir fho-alt (2), gach ceann díobh seo a leanas:

(a) an bhochtaineacht nó cruatan eacnamaíoch a chosc nó a mhaolú;

(b) oideachas a chur ar aghaidh;

(c) creideamh a chur ar aghaidh;

(d) aon chuspóir eile a théann chun tairbhe don phobal.

(2) Ní cuspóir carthanúil é cuspóir mura bhfuil sé chun leas an phobail.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh bronntanas chun leas an phobail, chun críocha an Achta seo—

(a) mura mbeartaítear go rachaidh sé chun tairbhe don phobal nó do chuid den phobal, agus

(b) i gcás go rachaidh sé chun tairbhe do dhuine seachas ina cháil nó ina cáil mar dhuine den phobal nó de chuid den phobal, mura mbeidh aon tairbhe den sórt sin réasúnach sna himthosca go léir agus mura mbeidh sí coimhdeach agus riachtanach chun leas an phobail a chur chun cinn.

(4) Toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur chun leas an phobail é bronntanas arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh.

(5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás cinneadh nach chun leas an phobail é bronntanas arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh, gan toiliú an Ard-Aighne.

(6) Maidir le bronntanas carthanúil arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh, beidh éifeacht leis, agus forléireofar na téarmaí ar a dtabharfar é, de réir dhlíthe, chanónacha, dheasghnátha agus airteagail an chreidimh lena mbaineann.

(7) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a théann nó nach dtéann bronntanas chun leas an phobail, cuirfear na nithe seo a leanas i gcuntas—

(a) aon teorainn arna forchur ag deontóir an bhronntanais ar an aicme daoine a fhéadfaidh tairbhe a bhaint as an mbronntanas agus cibé acu atá nó nach bhfuil an teorainn sin cóir agus réasúnach ag féachaint don chineál cuspóra atá leis an mbronntanas, agus

(b) méid aon mhuirir is iníoctha i leith aon seirbhíse arna soláthar chun an cuspóir atá leis an mbronntanas a chur chun cinn agus an dóigh go gcuirfidh sé teorainn leis an líon daoine nó aicmí duine a bhainfidh tairbhe as an mbronntanas.

(8) Ní bheidh teorainn dá dtagraítear i bhfo-alt (7) cóir agus réasúnach má tá baint phearsanta ag tairbhithe beartaithe go léir an bhronntanais nó ag líon suntasach díobh le deontóir an bhronntanais.

(9) Ní bheidh aon achomharc indéanta chun an Bhinse i gcoinne cinnidh de chuid an Údaráis lena mbaineann fo-alt (5).

(10) Chun críocha an ailt seo, ní bronntanas chun creideamh a chur chun cinn é bronntanas más rud é go dtugtar an bronntanas d’eagraíocht nó do chultas nó chun tairbhe d’eagraíocht nó do chultas—

(a) arb é a príomhchuspóir nó a phríomhchuspóir brabús a dhéanamh, nó

(b) a chuireann ionramháil leatromach shíceolaíoch i bhfeidhm—

(i) ar a lucht leanúna, nó

(ii) d’fhonn cur lena lucht leanúna.

(11) San alt seo folaíonn “cuspóir a théann chun tairbhe don phobal”—

(a) leas an phobail a chur ar aghaidh lena n-áirítear faoiseamh dóibh siúd atá i ngátar de dheasca a óige atá siad, a shine atá siad, drochshláinte, nó éagumais,

(b) forbairt pobail a chur ar aghaidh, lena n-áirítear athbheochan tuaithe nó athbheochan uirbeach,

(c) freagracht chathartha nó obair shaorálach a chur chun cinn,

(d) an tsláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear breoiteacht, galair nó fulaingt daoine a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna,

(e) réiteach coinbhleachtaí nó an t-athmhuintearas a chur ar aghaidh,

(f) síth idir creidimh agus ciní mar aon le caidreamh sítheach pobail a chur chun cinn,

(g) an timpeallacht nádúrtha a chosaint,

(h) inchothaitheacht chomhshaoil a chur ar aghaidh;

(i) úsáid éifeachtúil éifeachtach maoine eagraíochtaí carthanúla a chur ar aghaidh,

(j) fulaingt ainmhithe a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna,

(k) na healaíona, an cultúr, an oidhreacht nó na heolaíochtaí a chur ar aghaidh, agus

(l) iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste a imeascadh, agus iad a spreagadh chun rannpháirtíocht iomlán a dhéanamh sa tsochaí.

Orduithe agus rialacháin.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin d’aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Déanfar gach ordú (seachas ordú faoi alt 1(2) 12) agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán sin.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athbhreithniú ar oibriú an Achta.

6 .— Déanfaidh an tAire—

(a) tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an lae bunaithe, tús a chur le hathbhreithniú ar oibriú an Achta seo, agus

(b) tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse 5 bliana sin a bheith caite, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir lena chuid nó lena cuid fionnachtana agus tátal de thoradh an athbhreithnithe sin.

Díolúine ón dliteanas cáin a íoc.

7 .— (1) Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun difear a dhéanamh don dlí i ndáil le haon cháin a thobhach nó a bhailiú nó i ndáil le cinneadh i dtaobh cáilitheachta le haghaidh díolúine ó dhliteanas chun aon cháin a íoc.

(2) Ní bheidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi cheangal ag cinneadh de chuid an Údaráis i dtaobh an chun leas an phobail é cuspóir nó nach ea le linn dóibh aon fheidhm faoi na hailt seo a leanas nó i dtaca leis na hailt seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) alt 207, 208 nó 609 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(b) alt 17 nó 76 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, nó

(c) alt 82 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Gan feidhm maidir le hiontaobhais áirithe le bheith ag an Acht.

8 .— Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le hiontaobhas nach bhfuil de mhaoin aige ach—

(a) scaireanna i gcuideachta cháilitheach arna bunú chun críocha alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(b) scaireanna i gcuideachta nach bhfuil de ghnó aici ach gléasra agus innealra a léasú,

(c) díbhinní arna n-íoc i leith scaireanna den sórt sin, ar díbhinní iad nach gcoimeádtar mar chuid de mhaoin an iontaobhais ar feadh breis agus 12 mhí, nó

(d) aon dáileadh eile airgid nó sócmhainní arna dhéanamh i leith scaireanna den sórt sin, ar airgead é nó sócmhainní iad nach gcoimeádtar mar chuid de mhaoin an iontaobhais ar feadh breis agus 12 mhí.

Doiciméid a sheirbheáil.

9 .— (1) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear a sheirbheáil ar dhuine, nó a thabhairt dó nó di, faoin Acht seo, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil amhlaidh ar an duine nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe daoine ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Cionta.

10 .— (1) Aon duine atá ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €300,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(3) Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(4) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an tÚdarás, i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, a íoc leis an Údarás, mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh.

Aisghairm.

11 .— Aisghairtear an tAcht Carthanas 1961 a mhéid a shonraítear i gcolún (2) de Sceideal 2.