An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Eagraíochtaí Carthanúla a Rialáil )

6 2009

An tAcht Carthanas 2009

CUID 2

An tÚdarás Rialála Carthanas

An Lá Bunaithe.

12 .— Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tÚdarás Rialála Carthanas a bhunú.

13 .— (1) An lá bunaithe beidh arna bhunú comhlacht ar a dtabharfar, faoi réir fho-alt (2), an tÚdarás Rialála Carthanas, nó sa Bhéarla the Charities Regulation Authority, (dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo), chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Chun críocha oibríochta, féadfaidh an tÚdarás an Rialálaí Carthanas, nó sa Bhéarla the Charities Regulator, a thabhairt air féin.

(3) Beidh éifeacht le forálacha Sceideal 1 i ndáil leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

14 .— (1) Is iad feidhmeanna ginearálta an Údaráis—

(a) iontaoibh agus muinín an phobail as bainistiú agus riaradh iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla a mhéadú,

(b) comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla,

(c) úsáid éifeachtach maoine iontaobhas carthanúil nó eagraíochtaí carthanúla a chur chun cinn,

(d) cuntasacht eagraíochtaí carthanúla do dheontóirí agus do thairbhithe bronntanas carthanúil, agus don phobal, a chinntiú,

(e) tuiscint a chur chun cinn ar an gceanglas gur chun leas an phobail a bheidh aidhmeanna carthanúla,

(f) clár d’eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil,

(g) comhlíonadh an Achta seo ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna,

(h) imscrúduithe a dhéanamh de réir an Achta seo,

(i) feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe ar mhodh treoirlínte, cód cleachtais agus doiciméad bunreachtúil eiseamláireach a eisiúint (nó, de réir mar is cuí leis an Údarás, a cheadú),

(j) cibé gníomhaíochtaí a sheoladh nó cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) a fhoilsiú a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais charthanúla agus is cuí leis an Údarás,

(k) faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) nó comhairle a sholáthar don Aire, nó tograí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis.

(2) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Faoi réir an Achta seo, beidh an tÚdarás neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás.

Ordacháin ón Aire.

15 .— (1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás, ordachán a thabhairt i scríbhinn don Údarás á cheangal air cibé beartais de chuid an Rialtais a shonraítear san ordachán a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, i ndáil leis an Údarás d’fheidhmiú a fheidhmeanna faoi alt 39, ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás á cheangal air na nithe sin a shonraítear san ordachán agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) cothabháil an chláir,

(b) bailiú agus comhthiomsú faisnéise chun an clár a chothabháil, nó

(c) comhaontuithe a dhéanamh le daoine, seachas eagraíochtaí carthanúla, chun an fhaisnéis sin a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo).

(4) Comhlíonfaidh an tÚdarás ordachán faoin alt seo.

Deontais don Údarás.

16 .— Féadfaidh an tAire, i ngach bliain airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a airleacan chun an Údaráis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

17 .— Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh siad, airgead a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis nó nach ea).

Caiteachais an Údaráis a ghnóthú.

18 .— Maidir le haon chostais nó caiteachais arna dtabhú ag an Údarás ag bainistiú nó ag riaradh aon mhaoine arna dílsiú don Údarás nó chun aon mhaoin den sórt sin a shlánchoimeád nó a ghnóthú, nó ar shlí eile i bhforghníomhú an Achta seo, féadfaidh an tÚdarás iad a íoc nó iad a asbhaint as eastát agus cistí na heagraíochta carthanúla ar ina leith a tabhaíodh na costais agus na caiteachais sin.

An príomh-fheidhmeannach.

19 .— (1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (dá ngairtear “an príomhfheidhmeannach” san Acht seo).

(2) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), is é an tÚdarás, le toiliú an Aire, a cheapfaidh an príomhfheidhmeannach.

(3) Féadfaidh an tÚdarás an príomhfheidhmeannach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(4) Féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, duine a ainmniú chun a cheaptha nó a ceaptha ina chéad nó ina céad phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.

(5) Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go mbeidh duine ainmnithe ag an Aire faoi fho-alt (4), ceapfaidh an tÚdarás an duine sin chun bheith ina chéad nó ina céad phríomhfheidhmeannach.

(6) Sealbhóidh an príomhfheidhmeannach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoina réir (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig eile ná fostaíocht eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó gan toiliú an Údaráis.

Feidhmeanna an phríomh-fheidhmeannaigh.

20 .— (1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(2) Comhlíonfaidh an príomhfheidhmeannach a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi réir cibé beartas a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, agus beidh sé nó sí cuntasach don Údarás as an Údarás a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le haon ní a bhaineann lena fheidhmeanna.

(4) Féadfaidh an tÚdarás comhalta d’fhoireann an Údaráis a ainmniú chun feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh i gcás an príomhfheidhmeannach a bheith as láthair nó i gcás post an phríomhfheidhmeannaigh a bheith folamh, agus déanfaidh comhalta a ainmneofar amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh le linn na hasláithreachta sin nó le linn don phost sin a bheith folamh.

Feidhmeanna an phríomh-fheidhmeannaigh a tharmligean.

21 .— (1) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach, le toiliú i scríbhinn ón Údarás, aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a tharmligean chuig comhalta sonraithe d’fhoireann an Údaráis, agus beidh an comhalta foirne sin cuntasach don phríomhfheidhmeannach as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.

(2) Beidh an príomhfheidhmeannach cuntasach don Údarás as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfidh sé nó sí de réir fho-alt (1).

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach, le toiliú i scríbhinn ón Údarás, tarmligean a rinneadh de réir an ailt seo a chúlghairm.

(4) San alt seo, ní fholaíonn “feidhmeanna” feidhm a tharmligfidh an tÚdarás chuig an bpríomhfheidhmeannach faoi réir coinníll nach ndéanfaidh an príomhfheidhmeannach an fheidhm a tharmligean chuig aon duine eile.

Cuntasacht an phríomh-fheidhmeannaigh don Choiste um Chuntais Phoiblí.

22 .— (1) Aon uair a dhéanfaidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (dá ngairtear “an Coiste” san alt seo) agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna a cheangal i scríbhinn ar an bpríomhfheidhmeannach déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an Údarás a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a chuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach, le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais ná de chuid Aire den Rialtas ná i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

Cuntasacht an phríomh-fheidhmeannaigh do Choistí Oireachtais eile.

23 .— (1) San alt seo ciallaíonn “Coiste” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste dá dtagraítear in alt 22 nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid Coiste den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), freastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair Coiste, ar iarraidh uaidh i scríbhinn, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Údaráis.

(3) Ní cheanglófar ar an bpríomhfheidhmeannach cuntas a thabhairt os comhair Coiste ar aon ní atá, a bhí, nó a fhéadfaidh a bheith sa todhchaí, ina ábhar d'imeachtaí os comhair cúirte nó Binse sa Stát.

(4) I gcás go mbeidh príomhfheidhmeannach den tuairim gur ní lena mbaineann fo-alt (3) ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt air os comhair Coiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin, agus na cúiseanna atá leis an tuairim, in iúl don Choiste agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a mbeidh an príomhfheidhmeannach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(5) I gcás go mbeidh an príomhfheidhmeannach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), a mhéid a bhaineann sé le ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an príomhfheidhmeannach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun a chinneadh an ní é an ní lena mbaineann fo-alt (3), nó

(b) féadfaidh Cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus cinnfidh an Ard-Chúirt an ní.

(6) Go dtí go gcinntear iarratas faoi fho-alt (5), ní fhreastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas.

(7) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní é an ní lena mbaineann fo-alt (3), tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (3), freastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(8) Le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais ná de chuid Aire den Rialtas ná i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

Foireann.

24 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé ó am go ham a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Údaráis.

(2) Is é a bheidh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha seirbhíse comhalta d’fhoireann an Údaráis, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.

(3) Íocfaidh an tÚdarás le comhaltaí a fhoirne cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Foireann a aistriú chuig an Údarás.

25 .— (1) Gach duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire agus a bhí ag gabháil go heisiach do chomhlíonadh feidhmeanna thar ceann an chomhlachta dhíscaoilte, tiocfaidh sé nó sí, an lá bunaithe, chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Údaráis.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní bheidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an Údaráis, faoi réir coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) ná luacha saothair is lú tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó an luach saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.

(3) I ndáil le daoine a aistreofar chuig an Údarás faoi fho-alt (1), beidh seirbhís roimhe sin leis an gcomhlacht díscaoilte ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007, an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005, agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas.

26 .— (1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí dá fhoireann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is cuí leis an Údarás, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Le gach scéim den sórt sin, socrófar an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo, nó ina leith, faoin scéim, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, scéim lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim, arna cur faoi bhráid an Aire agus arna ceadú roimhe sin faoin alt seo, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéim leasaitheach arna cur faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh an tAire í chuig an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás aon sochar aoisliúntais a dheonú do dhaoine dá fhoireann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is comhaltaí de scéim faoin alt seo, ná ina leith, ná ní dhéanfar aon socrú eile chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige, seachas de réir cibé scéim nó scéimeanna arna cur nó arna gcur faoi bhráid an Aire agus arna ceadú nó arna gceadú faoin alt seo nó de réir socraithe eile arna cheadú ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.

(7) Cuirfidh an tAire faoi deara gach scéim arna cur faoina bhráid nó faoina bráid agus arna ceadú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d’aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go bhfuil sochar aoisliúntais le híoc le duine a aistríodh chuig foireann an Údaráis faoi alt 25, nó i leith duine den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéim, nó cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, ag a raibh feidhm maidir leis an duine díreach roimh an lá bunaithe agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus íocfaidh an tÚdarás an sochar aoisliúntais sin.

(9) (a) Maidir le duine a aistreofar le halt 25 chuig foireann an Údaráis, déanfar le scéim faoi fho-alt (1) socrú chun sochair aoisliúntais a dheonú dó nó di, nó ina leith, ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó nó di ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis nó léi díreach roimh an lá bunaithe i ndáil leis na sochair sin a dheonú.

(b) Aon tréimhse seirbhíse atá ag duine mar chomhalta d’fhoireann an chomhlachta dhíscaoilte ar thréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha scéime chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d’fhoireann an chomhlachta dhíscaoilte, nó ina leith, measfar gur tréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha aon scéime faoi fho-alt (1).

(10) San alt seo, ciallaíonn “sochar aoisliúntais” pinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

Nochtadh faisnéise maidir le cionta faoin Acht.

27 .— D’ainneoin aon rialach dlí, aon fhaisnéis a bhféadfadh baint a bheith aici—

(a) i dtuairim comhalta den Gharda Síochána,

(b) i dtuairim an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, nó

(c) i dtuairim cibé duine eile a ndéanfar, tar éis don Aire dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas is dealraitheach dó nó di a bheith bainteach, é nó í a fhorordú,

le cion a dhéanamh faoin Acht seo, féadfaidh an comhalta sin, an Stiúrthóir sin nó an duine eile sin í a nochtadh don Údarás, nó do chomhalta den Údarás nó do chomhalta d’fhoireann an Údaráis.

An tÚdarás do nochtadh faisnéise i gcás drochamhras a bheith air go bhfuil cion déanta.

28 .— (1) Aon fhaisnéis a gheobhaidh an tÚdarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna agus a thabharfaidh cúis don Údarás drochamhras a bheith air go ndearna iontaobhaí carthanais nó eagraíocht charthanúil cion, tabharfaidh sé an fhaisnéis sin―

(a) don Gharda Síochána,

(b) do na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach,

(d) don Údarás Iomaíochta, nó

(e) d’aon duine eile a bhfuil de chúram air nó uirthi cionta a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

de réir mar is cuí, mura deimhin leis gur tuairiscíodh an fhaisnéis roimhe sin do dhuine a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d)(e).

(2) Maidir le faisnéis a sholáthraítear de réir fho-alt (1), féadfaidh an duine dár soláthraíodh an fhaisnéis í a úsáid chun cion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chuige sin amháin.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis—

(a) a gheobhaidh sé le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) arb í is cúis le drochamhras a bheith air go ndearna iontaobhaí carthanaí nó eagraíocht charthanúil cion faoi dhlí stáit (seachas an Stát),

a sholáthar do dhuine a bhfuil de chúram air nó uirthi faoi dhlí an stáit sin cionta a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, má dhéanann an duine dá soláthraítear an fhaisnéis gealltanas a thabhairt i scríbhinn go n-úsáidfear an fhaisnéis chun an cion lena mbaineann a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chuige sin amháin.

Ráiteas straitéise.

29 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ina dhiaidh sin tráth nach luaithe ná 6 mhí roimh dheireadh gach tréimhse 3 bliana ina dhiaidh sin tar éis an tosach feidhme sin agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i leith na tréimhse 3 bliana díreach tar éis na bliana ina ndéanfar an ráiteas straitéise a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis ráiteas straitéise a chur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (1), a chur faoi deara cóip de a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Cinnteoidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna de ráiteas straitéise a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de réir fho-alt (2), go bhfoilseofar an ráiteas straitéise ar an idirlíon.

(4) San alt seo ciallaíonn “ráiteas straitéise” ráiteas—

(a) ina sonraítear cuspóirí fíorthábhachtacha, aschuir agus straitéisí gaolmhara an Údaráis, lena n-áirítear úsáid acmhainní an Údaráis, agus

(b) a ullmhaítear i bhfoirm agus ar mhodh atá de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham.

Cuntais an Údaráis.

30 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir atá faighte nó caite aige agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de réir an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán sa bhliain díreach tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann siad nó ar cibé dáta is luaithe ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais, agus de cibé cuntais eile (más ann) a choimeádfar de réir an ailt seo, a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus, a luaithe agus is féidir, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

31 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil maidir lena ghníomhaíochtaí sa bhliain díreach roimhe sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus, a luaithe is féidir tar éis an tuarascáil a fháil, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Déanfaidh an tÚdarás socrú go ndéanfar tuarascáil a leagtar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de réir fho-alt (1) a fhoilsiú ar an idirlíon a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara.

32 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás cibé faisnéis atá ina sheilbh ag an Údarás, agus a bheidh ag teastáil go réasúnach chun a chumasú do dhuine iomchuí a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, a sholáthar don duine iomchuí.

(2) San alt seo, ciallaíonn “ duine iomchuí ”—

(a) an Garda Síochána,

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(c) aon duine eile a bhfuil an fhreagracht curtha air nó uirthi faoi aon achtachán—

(i) a chinntiú go gcomhlíontar forálacha aon achtacháin, nó

(ii) aon chion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Comhar riaracháin maidir le nithe a bhaineann le rialáil.

33 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás iarracht, a mhéid a bheidh sé ar comhréir le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna, chun comhar riaracháin a áirithiú idir é agus rialálaithe iomchuí agus, chun na críche sin, féadfaidh an tÚdarás socrú amháin nó níos mó a dhéanamh (cibé acu i bhfoirm meabhráin tuisceana nó ar shlí eile) le rialálaithe iomchuí chun na gcríoch seo a leanas—

(a) comhar riaracháin a éascú idir an tÚdarás agus na rialálaithe iomchuí i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoi seach a mhéid a bhaineann siad le rialáil a dhéanamh ar eagraíochtaí carthanúla nó ar iontaobhais charthanúla,

(b) dúbailt gníomhaíochtaí ag an Údarás agus ag aon rialálaí iomchuí a sheachaint, nó

(c) a chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh breitheanna arna dtabhairt nó bearta arna ndéanamh ag an Údarás agus ag rialálaithe iomchuí i gcomhréir lena chéile a mhéid arb é atá in aon chuid de na breitheanna nó de na bearta sin cinneadh a dhéanamh, nó a mhéid a bhaineann siad le cinneadh a dhéanamh, ar nithe a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar eagraíochtaí carthanúla nó ar iontaobhais charthanúla.

(2) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun an tÚdarás nó rialálaí iomchuí a chur faoi cheangal.

(3) Déanfaidh ceann de na páirtithe lena mbaineann cóip de shocrú faoin alt seo agus d’aon athrú ar an socrú sin a thabhairt don Aire agus d’aon Aire iomchuí i ndáil le rialálaí iomchuí lena mbaineann.

(4) Féadfaidh na páirtithe i socrú faoin alt seo téarmaí an tsocraithe a athrú.

(5) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun a cheangal ar an Údarás faisnéis a sholáthar d’aon rialálaí iomchuí má thoirmisctear le dlí an fhaisnéis sin a nochtadh ag an Údarás.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “ Aire iomchuí ”, i ndáil le rialálaí iomchuí, an tAire den Rialtas a chomhlíonann feidhmeanna i dtaca leis an rialálaí iomchuí sin;

ciallaíonn “ rialálaí iomchuí ”—

(a) comhlacht, nó sealbhóir oifige, dá ndílsítear feidhmeanna a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nó ar dhaoine chun críoch seachas críocha an Achta seo (i gcás gur bunaíodh an comhlacht nó an oifig le hachtachán nó faoi achtachán agus go bhfuil an comhlacht nó an oifig sin forordaithe le hordú ón Aire), nó

(b) comhlacht, nó sealbhóir oifige, dá ndílsítear feidhmeanna faoi dhlí stáit (seachas an Stát) a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nó ar dhaoine sa stát sin chun aon chríche (i gcás go bhfuil an comhlacht nó an oifig forordaithe le hordú ón Aire).

Comhar riaracháin le comhlachtaí reachtúla coigríche maidir le nithe a bhaineann le forfheidhmiú an dlí.

34 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, socrú a dhéanamh le comhlacht reachtúil coigríche ina bhféadfaidh gach páirtí sa socrú—

(a) faisnéis atá ina sheilbh a thabhairt don pháirtí eile má theastaíonn an fhaisnéis sin ón bpáirtí eile sin d’fhonn aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) cibé cúnamh eile a sholáthar don pháirtí a éascóidh don pháirtí sin aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ní thabharfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis do chomhlacht reachtúil coigríche de bhun socraithe lena mbaineann an t-alt seo mura ndéanfaidh sé a cheangal ar an gcomhlacht sin gealltanas i scríbhinn uaidh a thabhairt, agus an céanna a fháil uaidh, go gcomhlíonfaidh sé na téarmaí a shonraítear sa cheanglas sin, is téarmaí a fhreagraíonn d’fhorálacha aon achtacháin a bhaineann le nochtadh na faisnéise sin ag an Údarás.

(3) Féadfaidh an tÚdarás gealltanas a thabhairt do chomhlacht reachtúil coigríche go gcomhlíonfaidh sé aon téarmaí a shonraítear i gceanglas a chuirfidh an comhlacht ar an Údarás gealltanas den sórt sin a thabhairt más rud é—

(a) go bhfreagraíonn na téarmaí sin d’fhorálacha aon dlí atá i bhfeidhm sa stát ina bhfuil an comhlacht bunaithe, ar forálacha iad a bhaineann leis an gcomhlacht do nochtadh na faisnéise dá dtagraítear i mír (b), agus

(b) go bhfuil comhlíonadh an cheanglais ina choinníoll arna fhorchur ag an gcomhlacht chun faisnéis atá ina sheilbh a thabhairt don Údarás de bhun socraithe lena mbaineann an t-alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás gach socrú le haghaidh comhair riaracháin a dhéanfar faoin alt seo a chur in iúl don Aire.

(5) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun a cheangal ar an Údarás faisnéis a sholáthar do chomhlacht reachtúil coigríche má thoirmisctear le dlí an fhaisnéis sin a nochtadh ag an Údarás.

(6) San alt seo ciallaíonn “ comhlacht reachtúil coigríche ” duine atá forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus dá ndílsítear, faoi dhlí stáit seachas an Stát, feidhmeanna a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla nó le hiontaobhais charthanúla.

Dul i gcomhairle le leas-sealbhóirí.

35 .— Féadfaidh an tÚdarás cibé bearta a dhéanamh a mheasann sé is cuí chun dul i gcomhairle le daoine a measfaidh sé go ndéanfaidh comhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás difear dóibh.

Painéil chomhairleacha.

36 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, chun críocha alt 35, painéal nó painéil a bhunú, arb éard é nó iad cibé daoine agus cibé líon daoine de réir mar a chinnfidh sé, chun cibé tascanna a dhéanamh arna sonrú i dtéarmaí tagartha an phainéil lena mbaineann.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, i ndáil le painéal, na nithe seo a leanas a chinneadh—

(a) a théarmaí tagartha,

(b) na rialacha lena rialaítear a chruinnithe agus a nósanna imeachta, agus

(c) an dáta faoina mbeidh na tascanna atá le comhlíonadh aige le cur i gcrích.

(3) Ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí painéil go ceann cibé tréimhse a chinnfidh sé ach gan an tréimhse sin a bheith níos faide ná 2 bhliain.

(4) Beidh comhalta de phainéal a scoirfidh de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal sin mar gheall ar imeacht aimsire in-athcheaptha chun an phainéil sin ach ní ceadmhach dó nó di níos mó ná 2 théarma a chur isteach ar an bpainéal sin.

(5) Ceapfaidh an tÚdarás duine de chomhaltaí an phainéil chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an bpainéal.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le téarmaí tagartha painéil, foráil a dhéanamh maidir leis an bpainéal do thabhairt tuairimí nó do dhéanamh tograí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) éifeacht chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás faoin Acht seo,

(b) aon fhorbairtí laistigh den Aontas Eorpach nó aon fhorbairtí idirnáisiúnta a mbeidh impleachtaí acu maidir leis an Údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,

(c) tionscnaimh a bhféadfadh an tÚdarás, i dtuairim an phainéil, iad a ghlacadh idir lámha maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna, mar aon le hanailís ar na costais is dóigh a bheadh ar na tionscnaimh sin,

(d) beartas nó doiciméad atá eisithe ag an Údarás nó a bhfuil sé beartaithe aige é a eisiúint,

(e) treoirlínte atá eisithe ag an Údarás nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a eisiúint,

(f) cód iompair, cibé acu atá sé eisithe nó ceadaithe ag an Údarás, nó a bhfuil sé beartaithe aige é a eisiúint nó a cheadú,

(g) feidhmíocht na hearnála carthanas in aon réimse áirithe nó ar aon bhealach áirithe,

(h) measúnú ar éifeachtacht na rialála ar riarachán agus ar oibriú cruinnithe airgid charthanúil trí chóid iompair.

(7) Tráth nach déanaí ná 3 mhí, nó cibé tréimhse is faide a shonróidh an tÚdarás, tar éis dheireadh gach bliana, déanfaidh gach painéal a bhunófar faoin alt seo tuarascáil bhliantúil, lena soláthrófar mionsonraí faoina ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis.

(8) Socróidh an tÚdarás go ndéanfar tuarascáil bhliantúil gach painéil a bhunófar faoin alt seo a fhoilsiú ar an idirlíon sa bhliain ina ndéantar í a chur faoi bhráid an Údaráis.

(9) Socróidh an tÚdarás go ndéanfar tuairimí arna dtabhairt ag painéal a bhunófar faoin alt seo, nó tograí a dhéanfaidh an céanna, a fhoilsiú ar an idirlíon sa bhliain ina dtabharfar don Údarás iad nó ina ndéanfar leis an Údarás iad.

(10) Déanfaidh an tÚdarás cibé saoráidí riaracháin a sholáthar nó socrú a dhéanamh chun iad a sholáthar, ar saoráidí iad is gá chun a chumasú do phainéal a bhunófar faoin alt seo a fheidhmeanna a chomhlíonadh,.

(11) Tá na liúntais agus na caiteachais seo a leanas iníoctha ag an Údarás:

(a) liúntais taistil agus chothaithe comhaltaí painéil, de réir cibé scálaí a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham;

(b) caiteachais riaracháin painéil.

(12) Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith, painéal a bhunaítear faoin alt seo a dhíscaoileadh.

Ordacháin ón Aire maidir le painéil chomhairleacha.

37 .— (1) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás lena gceanglaítear air painéal a bhunú chun críocha alt 35.

(2) Cinnfidh an tAire an méid seo a leanas—

(a) téarmaí tagartha painéil a bhunófar de bhun ordacháin faoi fho-alt (1), agus féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an Údarás an painéal a dhíscaoileadh tráth ar bith,

(b) na rialacha lena rialaítear cruinnithe agus nósanna imeachta painéil den sórt sin, agus

(c) an dáta faoina mbeidh na tascanna atá le comhlíonadh ag painéal den sórt sin le cur i gcrích.

(3) Ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí painéil ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire ach gan an tréimhse sin a bheith níos faide ná 2 bhliain.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5), (8), (9), (10) agus (11) d’alt 36, fairis na modhnuithe is gá i ndáil le painéal a bhunófar de bhun ordacháin faoi fho-alt (1).

(5) Comhlíonfaidh an tÚdarás na nithe seo a leanas—

(a) ordachán faoin alt seo, agus

(b) ceanglas faoi fho-alt (2)(a).

Feidhmeanna an Ard-Aighne a aistriú chuig an Údarás.

38 .— (1) Déantar na feidhmeanna go léir a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla nó iontaobhais charthanúla (nó a bhaineann le carthanais ar shlí eile) agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Ard-Aighne a aistriú chuig an Údarás, agus déanfar aon tagairtí in aon achtachán, a mhéid a bhaineann sé le heagraíochtaí carthanúla nó le hiontaobhais charthanúla (nó a bhaineann sé le carthanais ar shlí eile) a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an lá bunaithe.