An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 An tÚdarás Rialála Carthanas ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Eagraíochtaí Carthanúla a Chosaint )

6 2009

An tAcht Carthanas 2009

CUID 3

Eagraíochtaí Carthanúla a Rialáil

Clár eagraíochtaí carthanúla.

39 .— (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara, ar thosach feidhme an ailt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, clár (dá ngairtear an “clár” san Acht seo) eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil i cibé foirm is cuí leis (lena n-áirítear foirm leictreonach).

(2) Féadfaidh an tÚdarás, chun go nglanfar aon chaiteachais a thabhófar i dtaca leis an gclár a bhunú nó a chothabháil (dá ngairtear an “táille chuí” san alt seo), táille de cibé méid a chinnfidh an tAire a ghearradh ar gach eagraíocht charthanúil.

(3) Aon eagraíocht charthanúil a bheartóidh oibriú nó gníomhaíochtaí a sheoladh sa Stát, déanfaidh sí, de réir an ailt seo, iarratas chuig an Údarás ar í a chlárú sa chlár, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann an t-iarratas a dhéanamh thar ceann na heagraíochta carthanúla.

(4) Aon eagraíocht charthanúil (seachas eagraíocht charthanúil lena mbaineann alt 40) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag oibriú mar eagraíocht charthanúil, nó ag seoladh gníomhaíochtaí eagraíochta carthanúla, sa Stát, déanfaidh sí, más mian léi leanúint de bheith ag oibriú amhlaidh nó ag seoladh na ngníomhaíochtaí sin amhlaidh tar éis an tosach feidhme sin, iarratas, tráth nach déanaí ná—

(a) 6 mhí, nó

(b) deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a shonróidh an tAire,

tar éis an tosach feidhme sin, iarratas ar chlárú chuig an Údarás.

(5) Faoi réir fho-alt (6) , maidir le hiarratas faoin alt seo—

(a) is i scríbhinn a bheidh sé,

(b) i gcás iarratais arna dhéanamh ag eagraíocht charthanúil, nó thar a ceann—

(i) atá bunaithe sa Stát,

(ii) atá bunaithe i stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) atá bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

sonrófar ann ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa Stát,

(c) i gcás iarratais arna dhéanamh ag eagraíocht charthanúil, nó thar a ceann—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

sonrófar ann ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(d) sonrófar ann ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais agus na seoltaí ag a bhfuil gnáthchónaí orthu,

(e) sonrófar ann na háiteanna a n-oibríonn an eagraíocht charthanúil nó a seolann sí a gníomhaíochtaí nó a mbeartaíonn sí oibriú nó a gníomhaíochtaí a sheoladh (lena n-áirítear áiteanna lasmuigh den Stát),

(f) beidh ann sonraí chuntais bhainc uile na heagraíochta carthanúla,

(g) beidh ann sonraí na gcineálacha gníomhaíochta a sheoltar nó a bheartaítear a sheoladh chun gach cuspóir de chuid na heagraíochta carthanúla nó de chuid an iontaobhais charthanúil lena mbaineann a chur chun cinn,

(h) sonrófar ann an tslí ar chruinnigh an eagraíocht charthanúil airgead nó a mbeartaíonn sí airgead a chruinniú,

(i) sonrófar ann méid aon airgid a chruinnigh an eagraíocht charthanúil—

(i) le linn an 12 mhí díreach roimh an iarratas sin a dhéanamh, nó

(ii) i gcás gur tar éis thosach na tréimhse sin a foirmíodh an eagraíocht charthanúil nó a bunaíodh an t-iontaobhas carthanúil, i leith na tréimhse ón tráth a foirmíodh an eagraíocht nó a bunaíodh an t-iontaobhas, de réir mar is cuí,

(j) sonrófar ann—

(i) pleananna na heagraíochta carthanúla chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar mhaithe lena cuspóirí a chur chun cinn, nó

(ii) i gcás iontaobhais charthanúil, pleananna iontaobhaithe an iontaobhais chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar mhaithe le cuspóirí an iontaobhais a chur chun cinn,

(k) beidh ann sonraí na ngníomhairí nó na sainchomhairleoirí gairmiúla cruinnithe airgid go léir a bheidh fostaithe nó a bheartaítear a bheith fostaithe ag an eagraíocht charthanúil,

(l) sonrófar ann na nósanna imeachta measúnachta priacail, na seiceálacha sábháilteachta agus na cosaintí a úsáideann an eagraíocht charthanúil i gcás go n-áirítear ar a cuid gníomhaíochtaí a bheith ag obair le daoine soghonta (lena n-áirítear seanóirí, leanaí agus daoine óga, na heasláin, an lucht míchumais agus lucht éislinne),

(m) sonrófar ann ioncam comhiomlán na heagraíochta carthanúla le linn na bliana airgeadais a chríochnaigh díreach roimh an iarratas ar chlárú a dhéanamh,

(n) beidh cóipeanna de na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(i) na cuntais airgeadais go léir de chuid na heagraíochta carthanúla nó a bhaineann leis an iontaobhas carthanúil i leith na tréimhse 12 mhí díreach roimh an iarratas sin, nó

(ii) i gcás gur foirmíodh an eagraíocht charthanúil nó gur bunaíodh an t-iontaobhas carthanúil tar éis thosach na tréimhse sin, na cuntais airgeadais go léir i leith na tréimhse ó foirmíodh an eagraíocht nó ó bunaíodh an t-iontaobhas, de réir mar is cuí,

(o) beidh cóip de bhunreacht na heagraíochta carthanúla ag gabháil leis, nó i gcás nach bhfuil aon bhunreacht ann i leith na heagraíochta carthanúla, cibé doiciméid de chuid na heagraíochta carthanúla ina bhforáiltear do nithe dá ndéantar foráil de ghnáth i mbunreacht,

(p) beidh ann cibé faisnéis eile (más ann)—

(i) a theastóidh le réasún ón Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, agus

(ii) a fhorordófar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, agus

(q) beidh an táille chuí (más ann) ag gabháil leis.

(6) Féadfaidh an t-údarás iarratasóir ar chlárú faoin alt seo a dhíolmhú ó cibé ceanglais de na ceanglais i bhfo-alt (5) is cuí leis i gcás gur dóigh leis go mbeadh sé ró-dhochraideach ar an iarratasóir na ceanglais sin a chomhlíonadh ag féachaint dá imthosca nó dá himthosca.

(7) Faoi réir fho-ailt (8), (13) agus (14) agus alt 43(10), féadfaidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis dó iarratas de réir an ailt seo a fháil, an t-iarratas a dheonú agus na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe sa Stát,

(ii) atá bunaithe i stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) atá bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla, a príomháit ghnó sa Stát,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(c) seoladh gach áitribh (más ann) sa Stát ag a n-oibríonn sé nó ag a seolann sé a chuid gníomhaíochtaí,

(d) ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais,

(e) uimhir lena bhféadfar an t-iarratasóir a shainaithint (dá ngairtear an “uimhir chlárúcháin” san Acht seo),

(f) cuspóirí na heagraíochta carthanúla nó an iontaobhais charthanúil lena mbaineann, agus

(g) cibé sonraí eile is cuí leis an Údarás,

agus beidh eagraíocht charthanúil arna clárú chun críocha an Achta seo ar an Údarás do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an eagraíocht charthanúil.

Diúltóidh an tÚdarás d’iarratas faoin alt seo mura deimhin leis gur eagraíocht charthanúil é nó í an t-iarratasóir.

(8) Diúltóidh an tÚdarás d’iarratas faoin alt seo mura rud é gur deimhin leis gur eagraíocht charthanúil é an t-iarratasóir.

(9) I gcás go dtabharfaidh an tÚdarás breith iarratas a dheonú faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir dá éis sin, an cinneadh a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

(10) I gcás go dtabharfaidh an tÚdarás breith diúltú d’iarratas faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir dá éis sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don iarratasóir—

(a) i dtaobh na breithe agus i dtaobh na gcúiseanna atá léi, agus

(b) i dtaobh an teidil faoi alt 45(1) chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.

(11) Más rud é, maidir le sonra a thaifeadtar sa chlár de réir fho-alt (7) agus a bhaineann le heagraíocht charthanúil, go scoirfidh sé de bheith ceart, déanfaidh iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann, a luaithe is féidir, an méid sin a chur in iúl don Údarás.

(12) Déanfaidh an tÚdarás, ó am go ham, gach taifead sa chlár a athbhreithniú agus, má fhaigheann sé amach go bhfuil aon sonra sa chlár mícheart nó go bhfuil sé scortha de bheith ceart, déanfaidh sé cibé athruithe ar an gclár a mheasfaidh sé a bheith riachtanach agus déanfaidh sé aon athrú den sórt sin a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht charthanúil lena mbaineann.

(13) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le heagraíocht charthanúil ach sula ndéanann an tÚdarás cinneadh faoin iarratas, go scoirfidh iontaobhaí carthanais den eagraíocht charthanúil sin de bheith cáilithe le haghaidh phost an iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, ní bheidh an eagraíocht charthanúil incháilithe chun bheith cláraithe chun críocha an ailt seo sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoirfidh an t-iontaobhaí carthanais amhlaidh de bheith cáilithe, agus ní dhéanfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna i ndáil leis an eagraíocht sin faoin alt seo a chomhlíonadh.

(14) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le heagraíocht charthanúil ach sula ndéanann an tÚdarás cinneadh faoin iarratas, go gciontófar an eagraíocht charthanúil sin ar díotáil i gcion, ní bheidh an eagraíocht charthanúil incháilithe chun bheith cláraithe chun críocha an ailt seo sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ó dháta an chiontaithe, agus ní dhéanfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna i ndáil leis an eagraíocht sin faoin alt seo a chomhlíonadh.

(15) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe an ailt seo, a thugann don Údarás go feasach nó go meargánta faisnéis nó sonra atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó a chreideann i ndáil le haon fhaisnéis nó sonra den sórt sin an tráth a thugann sé í nó é i gcomhlíonadh airbheartaithe an fho-ailt sin nach bhfuil sí nó sé fíor, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(16) Cuirfidh an tÚdarás an clár ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach ag a phríomhoifig agus foilseoidh sé an clár ar an idirlíon freisin.

(17) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir tar éis dó eagraíocht charthanúil ar cuideachta í a chlárú sa chlár, fógra a thabhairt i scríbhinn do chláraitheoir na gcuideachtaí i dtaobh an chlárúcháin sin.

Measfar eagraíochtaí carthanúla áirithe a bheith cláraithe chun críocha an Achta.

40 .— (1) Maidir le heagraíocht charthanúil—

(a) a raibh, díreach roimh thosach feidhme alt 39, teideal chun díolúine faoi alt 207 nó 208 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ina leith, agus

(b) a raibh uimhir (dá ngairtear “uimhir charthanais” go coitianta) eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith chun críocha na díolúine sin,

measfar, faoi réir alt 44, í a bheith cláraithe sa chlár a fhad is a leanfaidh teideal chun díolúine den sórt sin agus a fhad sin amháin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis sin go léir atá i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar fáil acu a sholáthar dó, ar faisnéis í a bhaineann le heagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1), agus a gceanglófaí ar an eagraíocht charthanúil í a sholáthar don Údarás dá mbeadh sí ag déanamh iarratais faoi alt 39.

(3) D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de réir iarrata faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1) an fhaisnéis go léir nó aon chuid di a sholáthar don Údarás, is faisnéis a gceanglófaí ar an eagraíocht charthanúil í a sholáthar amhlaidh dá mba iarratasóir faoi alt 39 í.

(5) Íocfaidh eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1) leis an Údarás cibé táille (más ann) a chinnfidh an tÚdarás is leor chun íoc as na costais arna dtabhú ag an Údarás le linn dó feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an eagraíocht charthanúil sin faoin alt seo, agus is leor chun na críche sin amháin.

(6) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis faisnéis a fháil de bhun iarrata faoi fho-alt (2) de bhun ceanglais faoi fho-alt (3) i leith eagraíochta carthanúla, na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla atá—

(i) bunaithe sa Stát,

(ii) bunaithe i Stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla, a príomháit ghnó sa Stát,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(c) seoladh gach áitribh sa Stát ag a n-oibríonn sí nó ag a seolann sí a gníomhaíochtaí,

(d) ainmneacha iontaobhaithe an charthanais,

(e) uimhir lena bhféadfar an eagraíocht charthanúil a shainaithint (dá ngairtear an “uimhir chlárúcháin” freisin san Acht seo),

(f) cuspóirí na heagraíochtaí carthanúla nó an iontaobhais charthanúil lena mbaineann, agus

(g) cibé sonraí eile a mheasfaidh an tÚdarás is cuí.

Is cion é eagraíocht charthanúil neamhchláraithe do sheoladh gníomhaíochtaí sa Stát.

41 .— (1) Aon duine—

(a) a dhéanann fógraíocht thar ceann eagraíochta carthanúla nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh thar a ceann,

(b) a thugann cuireadh do dhaoine den phobal, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal, airgead nó maoin a thabhairt d’eagraíocht charthanúil nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó

(c) a ghlacann le bronntanas airgid nó le bronntanas de mhaoin eile thar ceann eagraíochta carthanúla nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile glacadh le bronntanas den sórt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Beidh eagraíocht charthanúil ar comhlacht corpraithe é agus nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe ciontach i gcion—

(a) má dhéanann sí fógraíocht, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh thar a ceann,

(b) má thugann sí cuireadh do dhaoine den phobal, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal, airgead nó maoin eile a thabhairt di, nó

(c) má ghlacann sí le bronntanas airgid nó maoine thar a ceann, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile glacadh le bronntanas den sórt sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i leith eagraíochta carthanúla lena mbaineann fo-alt (4) d’alt 39

(a) le linn na tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) i gcás go bhfuil iarratas déanta ag an eagraíocht faoin bhfo-alt sin, le linn na tréimhse sin agus le linn aon tréimhse breise dar tosach tráth éagtha na tréimhse céadluaite agus dar críoch an tráth a dhéanfaidh an tÚdarás fógra i dtaobh a bhreithe i ndáil leis an iarratas dá dtagraítear san fho-alt sin a thabhairt d’iontaobhaithe an charthanais.

(4) Maidir le hiontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla a bhfuil sárú déanta ar an alt seo ina leith, beidh gach duine acu ciontach i gcion.

Ainm eagraíochta carthanúla.

42 .— (1) Ní chláróidh an tÚdarás eagraíocht charthanúil más rud é―

(a) maidir le hainm na heagraíochta carthanúla―

(i) gurb ionann é agus ainm eagraíochta carthanúla eile, nó

(ii) go bhfuil sé chomh cosúil sin, i dtuairim an Údaráis, le hainm eagraíochta carthanúla eile gur dóigh nach mbeadh daoine den phobal ábalta idirdhealú a dhéanamh idir í agus an eagraíocht charthanúil eile sin,

(b) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, daoine den phobal a chur ar míthreoir—

(i) maidir le cuspóirí na heagraíochta carthanúla, nó

(ii) maidir leis na gníomhaíochtaí a sheolann sí, nó a bheartaíonn sí a sheoladh, chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(c) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, a thabhairt ar dhaoine den phobal a chreidiúint go bhfuil baint aici leis an Rialtas, le húdarás áitiúil, nó le haon duine nó comhlacht daoine nach bhfuil aon bhaint aici leo, nó

(d) go bhfuil ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, ina ábhar coil.

(2) Ní athrófar ainm eagraíochta carthanúla cláraithe gan toiliú an Údaráis agus ní thabharfaidh an tÚdarás an toiliú sin más rud é—

(a) maidir le hainm na heagraíochta carthanúla—

(i) gurb ionann é agus ainm eagraíochta carthanúla eile, nó

(ii) go bhfuil sé chomh cosúil sin, i dtuairim an Údaráis, le hainm eagraíochta carthanúla eile gur dóigh nach mbeadh daoine den phobal ábalta idirdhealú a dhéanamh idir í agus an eagraíocht charthanúil eile sin,

(b) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, daoine den phobal a chur ar míthreoir—

(i) maidir le cuspóirí na heagraíochta carthanúla, nó

(ii) maidir leis na gníomhaíochtaí a sheolann sí, nó a bheartaíonn sí a sheoladh, chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(c) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, a thabhairt ar dhaoine den phobal a chreidiúint go bhfuil baint aici leis an Rialtas, le húdarás áitiúil, nó le haon duine nó comhlacht daoine nach bhfuil aon bhaint aici leo, nó

(d) go bhfuil ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, ina ábhar coil.

(3) I gcás go ndiúltóidh an tÚdarás a thoiliú a thabhairt faoi fho-alt (2), féadfaidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne an chinnidh diúltú amhlaidh nó féadfar achomharc a dhéanamh amhlaidh thar a ceann.

(4) I gcás go ndéanfar ainm eagraíochta carthanúla a athrú de shárú ar fho-alt (2), beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

(5) I gcás go ndéanfar ainm eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe a athrú de shárú ar fho-alt (2), beidh an eagraíocht charthanúil ciontach i gcion.

Eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár.

43 .— (1) I gcás go mbeidh an tÚdarás den tuairim, tar éis dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, gur comhlacht eisiata comhlacht atá cláraithe sa chlár, nó go bhfuil sé tagtha chun bheith ina chomhlacht eisiata, de bhua cuspóirí a bheith á gcur chun cinn aige ar cuspóirí iad—

(a) atá neamhdhleathach,

(b) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(c) atá contrártha don bheartas poiblí,

(d) atá ina dtacaíocht le sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, nó

(e) a théann chun tairbhe d’eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di,

déanfaidh sé an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an gcomhlacht sin a bhaint den chlár agus scoirfidh an comhlacht air sin de bheith cláraithe.

(2) I gcás go n-athrófar ainm eagraíochta carthanúla de shárú ar alt 42(2), déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár agus scoirfidh an eagraíocht air sin de bheith cláraithe.

(3) Más rud é go ndéanfar eagraíocht charthanúil chláraithe ar comhlacht corpraithe é a chiontú ar díotáil i gcion, féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(4) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, gur deimhin leis an Údarás go bhfuil sárú déanta—

(a) ar alt 47, 48, 5052, nó

(b) ar ordachán faoi alt 5051,

féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(5) Má mhainníonn eagraíocht charthanúil chláraithe ordachán ón Údarás a chomhlíonadh faoi alt 53, féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(6) Más rud é go bhfuil an tÚdarás den tuairim maidir le comhlacht atá cláraithe sa chlár nach eagraíocht charthanúil é, déanfaidh sé iarratas chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú nach eagraíocht charthanúil an comhlacht.

(7) Má dhéanann an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (6), dearbhú a dheonú nach eagraíocht charthanúil an comhlacht a ndéanfar an t-iarratas ina leith, scoirfidh an comhlacht air sin de bheith ina eagraíocht charthanúil chláraithe agus déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an gcomhlacht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an comhlacht air sin de bheith cláraithe.

(8) Má scoireann iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla cláraithe de bheith cáilithe le haghaidh poist mar iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, féadfaidh an tÚdarás iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú á údarú dó an eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár, agus, ar an iarratas sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh má mheasann sí gur cuí é sna himthosca go léir.

(9) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (8), déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár láithreach, agus scoirfidh an eagraíocht sin air sin de bheith cláraithe.

(10) Maidir le heagraíocht charthanúil atá scortha, de réir an ailt seo, de bheith cláraithe chun críocha alt 39, ní bheidh sí incháilithe, sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoir sí de bheith cláraithe amhlaidh, chun iarratas a dhéanamh go gclárófar í, agus ní chomhlíonfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna faoi alt 39(6) i ndáil leis an eagraíocht sin.

(11) I gcás go scoireann comhlacht, de réir an ailt seo, de bheith cláraithe, déanfaidh an tÚdarás ráiteas go bhfuil an comhlacht scortha de bheith cláraithe agus ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis sin a thaifeadadh sa chlár.

Cinneadh nach measfar feasta eagraíocht charthanúil lena mbaineann alt 40 a bheith cláraithe.

44 .— (1) Más é tuairim an Údaráis, tar éis dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, go bhfuil comhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 ina chomhlacht eisiata, nó go bhfuil sé tagtha chun bheith ina chomhlacht eisiata, de bhua é do chur chun cinn cuspóirí—

(a) atá neamhdhleathach,

(b) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(c) atá contrártha don bheartas poiblí,

(d) atá ina dtacaíocht leis an sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, nó

(e) a théann chun tairbhe d'eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di,

déanfaidh sé trí fhógra i scríbhinn a chur in iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(2) Más rud é go ndéantar ainm eagraíochta carthanúla a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 a athrú de shárú ar alt 42(2), cuirfidh an tÚdarás in iúl don eagraíocht charthanúil trí fhógra i scríbhinn nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(3) Más rud é go ndéantar comhlacht corpraithe a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 a chiontú ar díotáil i gcion, féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra i scríbhinn, a chur in iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(4) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40, gur deimhin leis an Údarás go bhfuil sárú déanta—

(a) ar alt 47, 48, 5052, nó

(b) ar ordachán faoi alt 5051,

féadfaidh an tÚdarás trí fhógra i scríbhinn a chur in iúl don eagraíocht charthanúil nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(5) Má mhainníonn eagraíocht charthanúil a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40

(a) ceanglas de chuid an Údaráis faoi alt 40(4) a chomhlíonadh, nó

(b) ordachán de chuid an Údaráis faoi alt 53 a chomhlíonadh,

féadfaidh an tÚdarás trí fhógra i scríbhinn a chur don iúl don eagraíocht charthanúil nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(6) Ar fhógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní mheasfar a thuilleadh an comhlacht lena mbaineann a bheith cláraithe sa chlár.

(7) I gcás gurb é tuairim an Údaráis nach eagraíocht charthanúil é comhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40, déanfaidh sé iarratas chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú á rá nach eagraíocht charthanúil é an comhlacht.

(8) Má dheonaíonn an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (7), dearbhú á rá nach eagraíocht charthanúil é an comhlacht a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith, scoirfidh an comhlacht de bheith á mheas mar chomhlacht atá cláraithe sa chlár.

(9) Má scoireann iontaobhaí carthanais ar chomhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 de bheith cáilithe le haghaidh poist mar iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, féadfaidh an tÚdarás iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú lena n-údarófar don Údarás trí fhógra i scríbhinn a chur don iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh an comhlacht a bheith cláraithe amhlaidh, agus, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más cuí léi é sna himthosca uile.

(10) Ar fhógra a sheirbheáil faoi fho-alt (9), ní mheasfar a thuilleadh an comhlacht lena mbaineann a bheith cláraithe sa chlár.

(11) Maidir le comhlacht nach meastar a thuilleadh, de réir an ailt seo, é a bheith cláraithe sa chlár, ní bheidh sé incháilithe, sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoir sé de bheith cláraithe amhlaidh, chun iarratas a dhéanamh go gclárófar é, agus ní chomhlíonfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna faoi alt 39(6) i ndáil leis an eagraíocht sin.

(12) Más rud é, de réir an ailt seo, go scoirfidh comhlacht de bheith á mheas mar chomhlacht atá cláraithe sa chlár, déanfaidh an tÚdarás—

(a) faoi réir mhír (b), aon fhaisnéis sa chlár a bhaineann leis an gcomhlacht a bhaint den chlár, agus

(b) ráiteas go bhfuil an comhlacht scortha de bheith á mheas mar eagraíocht charthanúil chláraithe agus ráiteas i dtaobh na gcúiseanna atá leis sin a thaifeadadh sa chlár.

Achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh breithe ón Údarás.

45 .— (1) Féadfaidh duine a ndiúltóidh an tÚdarás dá iarratas nó dá hiarratas faoi alt 39 achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh an diúltaithe, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse, ar chúis leormhaith, tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh an diúltaithe ag an Údarás a sheirbheáil ar an duine.

(2) Féadfaidh duine atá bainte den chlár de réir alt 43 (seachas fo-ailt (7) agus (9)) achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe an duine a bhaint den chlár, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe ag an Údarás a sheirbheáil ar an duine.

(3) Maidir le comhlacht nach meastar a thuilleadh, de réir alt 44 (seachas fo-ailt (8) agus (10)), a bheith cláraithe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra dá dtagraítear san fho-alt sin, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis an fógra a sheirbheáil ar an duine.

(4) Féadfaidh an tAire achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe ón Údarás duine a chlárú faoi alt 39, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis an duine a chlárú amhlaidh.

(5) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (1), cinneadh a dhéanamh—

(a) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chlárú sa chlár, nó

(b) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(6) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (2), cinneadh a dhéanamh—

(a) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chur ar ais sa chlár, nó

(b) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chur ar ais sa chlár agus cibé coinníollacha a shonróidh an Binse a fhorchur ar an iarratasóir, nó

(c) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(7) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (3)

(a) an fógra faoi alt 44 a chúlghairm,

(b) an fógra faoi alt 44 a chúlghairm agus cibé coinníollacha a shonróidh an Binse a fhorchur ar an iarratasóir, nó

(c) breith an Údaráis a dhaingniú.

(8) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (4), cinneadh a dhéanamh—

(a) lena ndaingnítear an faoiseamh atá á iarraidh ag an Aire, nó

(b) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(9) Déanfaidh an tÚdarás de réir cinnidh ón mBinse faoin alt seo.

Tagairtí do stádas carthanúil.

46 .— (1) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht nach bhfuil cláraithe, go bhfuil an comhlacht sin cláraithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon chomhlacht (seachas eagraíocht charthanúil chláraithe) a dhéanfaidh, in aon fhógra, fógrán, litríocht chur chun cinn nó aon ábhar foilsithe eile, é féin nó a ghníomhaíochtaí a thuairisciú i cibé téarmaí a d’fhágfadh go gcreidfeadh daoine den phobal le réasún gur eagraíocht charthanúil é, beidh sé, faoi réir fho-alt (6), ciontach i gcion.

(3) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht nach bhfuil bunaithe faoi dhlí an Stáit, go bhfuil an comhlacht sin bunaithe amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe lasmuigh den Stát, gur comhlacht é a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe sa Stát, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (3) agus (4), maidir le comhlacht a thuairiscítear go poiblí mar “carthanas Éireannach” nó “carthanas Éireannach cláraithe”, measfar go bhfuiltear ag tabhairt le tuiscint—

(a) go bhfuil sé cláraithe, agus

(b) gur comhlacht é—

(i) arna bhunú faoi dhlí an Stáit, nó

(ii) a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe sa Stát.

(6) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2) is cosaint é don chosantóir a chruthú—

(a) gur faoi dhlí áite seachas an Stát atá sé nó sí bunaithe,

(b) go bhfuil sé nó sí i dteideal, faoin dlí sin, go dtuairisceofaí é nó í mar charthanas nó eagraíocht charthanúil,

(c) go bhfuil a lárionad bainistíochta agus rialaithe lasmuigh den Stát,

(d) nach bhfuil—

(i) aon talamh sa Stát á áitiú aige nó aici, nó

(ii) nach seolann sé nó sí aon ghníomhaíochtaí sa Stát,

agus

(e) go bhfuil freisin san fhógra, san fhógrán, sa litríocht chur chun cinn nó san aon ábhar foilsithe eile ina bhfuil an tuairisc a líomhnaítear gurb é an cion í, ráiteas maidir le háit a bhunaithe nó le háit a bunaithe.

(7) Luafaidh aon eagraíocht charthanúil chláraithe, i ngach doiciméad poiblí agus i cibé foilseacháin eile a fhorordófar, lena n-áirítear ar an teilifís nó ar an idirlíon, i litreacha inléite—

(a) gur eagraíocht charthanúil chláraithe í, agus

(b) soláthróidh sí cibé faisnéis eile a fhorordófar, lena n-airítear ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais agus seoladh a príomhoifige.

(8) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh chun críocha fho-alt (7)

(a) d’eagraíochtaí carthanúla, ar d’aicme ar leith iad, a dhíolmhú ó aon cheann de cheanglais na rialachán, nó

(b) i gcás ráitis nó faisnéise atá i dteanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla, don ráiteas nó don fhaisnéis a bheith i nGaeilge nó i mBéarla nó sa dá theanga sin.

An dualgas leabhair chuntais chuí a choimeád.

47 .— (1) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais de chuid eagraíochta carthanúla leabhair chuntais chuí, cibé acu i bhfoirm doiciméad nó taifid eile, a choimeád nó cuirfidh siad faoi deara go gcoimeádfar iad, ar leabhair chuntais iad—

(a) ina ndéantar idirbhearta na cuideachta a thaifeadfadh agus a mhíniú go cruinn,

(b) lena gcumasaítear staid airgeadais na heagraíochta a chinneadh go réasúnta cruinn tráth ar bith,

(c) lena gcumasaítear do na hiontaobhaithe carthanais a chinntiú go ndéantar aon ráitis chuntais arna n-ullmhú faoi alt 48 a ullmhú de réir rialachán arna ndéanamh faoin alt sin, agus

(d) lena gcumasaítear cuntais na heagraíochta a iniúchadh go réidh agus go cuí.

(2) Coimeádfar leabhair chuntais eagraíochta carthanúla ar bhonn leanúnach comhréireach, is é sin le rá, déanfar na taifid iontu ar mhodh tráthúil agus beidh siad i gcomhréir lena chéile ó bhliain go chéile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), beidh i leabhair chuntais a choimeádfar de bhun na bhfo-alt sin—

(a) iontrálacha, ó lá go lá, de na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann agus na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh na suimeanna ina leith, agus

(b) taifead de shócmhainní agus dliteanais na heagraíochta carthanúla.

(4) Chun críocha fho-ailt (1), (2) agus (3), measfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád más rud é go gcomhlíonann siad na fo-ailt sin agus go dtugann siad léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí na heagraíochta carthanúla agus go míníonn siad a hidirbhearta.

(5) Déanfar leabhair chuntais a cheanglaítear a choimeád leis an alt seo, ráiteas bliantúil na gcuntas dá dtagraítear in alt 48 agus aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin a choimeád i bhfoirm scríofa nó i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit nó ionas gur féidir rochtain a fháil ar na leabhair chuntais agus ar na cuntais agus na tuairisceáin go héasca agus iad a chomhshó go héasca i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.

(6) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla na leabhair chuntais, ráiteas bliantúil na gcuntas dá dtagraítear in alt 48 agus aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin, de chuid na heagraíochta carthanúla, a chur ar fáil i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit gach tráth réasúnach lena n-iniúchadh gan táille ag daoine atá i dteideal de bhun an Achta seo leabhair chuntais na heagraíochta a iniúchadh.

(7) Maidir le haon taifead (is leabhar cuntais a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo), ráiteas bliantúil cuntas dá dtagraítear in alt 48 nó aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin, déanfaidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann é a choimeád go ceann tréimhse 6 bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sé.

(8) Más rud é, i rith na tréimhse 6 bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (7) mar atá feidhm aige maidir le haon leabhar cuntais a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo, le ráiteas bliantúil cuntas dá dtagraítear in alt 48 nó le haon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin—

(a) go ndíscaoiltear an eagraíocht charthanúil lena mbaineann (is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine), nó

(b) go ndéantar an t-iontaobhas carthanúil a fhoirceannadh,

beidh sé de dhualgas ar na hiontaobhaithe carthanais atá i seilbh oifige díreach roimh dháta an díscaoilte nó an fhoirceanta, de réir mar a bheidh, an leabhar cuntais nó an ráiteas cuntas sin a shlánchoimeád de réir an fho-ailt sin (7), mura rud é go dtoileoidh an tÚdarás i scríbhinn lena mhilleadh nó lena dhiúscairt ar shlí éigin eile.

(9) Beidh iontaobhaí carthanais a sháraíonn an t-alt seo ciontach i gcion.

(10) Is cosaint é in imeachtaí i leith ciona arb éard é an t-alt seo a shárú don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa (seachas an cosantóir) a chinntiú go ndéanfaí de réir an ailt seo agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(11) Níl feidhm ag an alt seo maidir le heagraíochtaí carthanúla ar cuideachtaí iad.

Ráiteas cuntas bliantúil.

48 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), ullmhóidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, i leith gach bliana airgeadais, ráiteas cuntas (dá ngairtear an “ráiteas cuntas bliantúil” san alt seo) a bheidh i cibé foirm agus ina mbeidh faisnéis a bhaineann le cibé nithe a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh de réir an fho-ailt sin—

(a) don ráiteas cuntas bliantúil a ullmhú de réir cibé modhanna agus caighdeán a shonrófar sna rialacháin,

(b) d’aon fhaisnéis a bheidh le soláthar trí nótaí a ghabhann leis an ráiteas cuntas bliantúil, agus

(c) do bhliain airgeadais eagraíochta carthanúla a chinneadh chun críocha an Achta seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi.

(3) (a) I gcás nach mó ná €100,000 ioncam nó caiteachas comhiomlán eagraíochta carthanúla i mbliain airgeadais, féadfaidh iontaobhaithe an charthanais, in ionad ráiteas bliantúil ar chuntais a ullmhú i leith na bliana sin, cuntas ioncaim agus caiteachais i leith na heagraíochta carthanúla agus ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais na heagraíochta carthanúla a ullmhú.

(b) Is i cibé foirm a fhorordóidh an tAire a bheidh cuntas ioncaim agus caiteachais, agus ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais, eagraíochta carthanúla a ullmhófar faoi mhír (a).

(4) Beidh iontaobhaí carthanais a sháraíonn an t-alt seo ciontach i gcion.

(5) I gcoinne imeachtaí mar gheall ar chion arb éard é sárú ar an alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú go ndéanfaí de réir an cheanglais sin agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(6) Níl feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le heagraíocht charthanúil ar cuideachta í,

(b) maidir le comhlacht oideachais,

(c) maidir le heagraíocht charthanúil i leith bliana airgeadais inar lú a hioncam comhlán nó a chaiteachas iomlán ná—

(i) €10,000, nó

(ii) cibé méid is mó ná sin, nach mó ná €50,000, a fhorordófar,

(d) i ndáil le lárionad oideachais arna ainmniú ag an Aire faoi alt 10(4) d’Acht 1998.

Tuairisceáin bhliantúla faoi Achtanna na gCuideachtaí.

49 .— Déanfaidh an cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis tuairisceán bliantúil cuideachta a bhfuil fógra faighte aige ina leith faoi alt 39(17), cóip den tuairisceán bliantúil sin agus cóipeanna de na doiciméid go léir atá i gceangal leis an tuairisceán a thabhairt don Údarás.

Iniúchadh nó scrúdú bliantúil ar chuntais.

50 .— (1) Déanfaidh duine cáilithe iniúchadh ar chuntais eagraíochta carthanúla i leith bliana airgeadais (dá ngairtear “an bhliain airgeadais iomchuí” san fho-alt seo) tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais iomchuí, más rud é gur mó é ioncam comhlán nó caiteachas iomlán na heagraíochta carthanúla―

(a) sa bhliain airgeadais iomchuí,

(b) i mbliain airgeadais na heagraíochta carthanúla (más ann) díreach roimh an mbliain airgeadais iomchuí, nó

(c) i mbliain airgeadais na heagraíochta carthanúla (más ann) díreach roimh an mbliain dá dtagraítear i mír (b),

ná cibé méid a fhorordófar.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire méid a fhorordú faoi fho-alt (1) is mó ná €500,000.

(3) Faoi réir fho-alt (4), maidir le cuntais eagraíochta carthanúla (seachas eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1)) i leith bliana airgeadais, de rogha na n-iontaobhaithe carthanais—

(a) déanfaidh duine neamhspleách arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Údarás, is duine ag a bhfuil an cumas agus an taithí phraiticiúil is gá chun scrúdú inniúil a dhéanamh ar na cuntais, iad a scrúdú nó

(b) déanfaidh duine cáilithe iad a iniúchadh,

tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann.

(4) Féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla lena mbaineann fo-alt (3) á cheangal go ndéanfaidh duine cáilithe iniúchadh ar chuntais na heagraíochta carthanúla i leith cibé bliain airgeadais a shonrófar san ordachán.

(5) I gcás go bhfuil sárú déanta ar fho-alt (1) nó nach bhfuil an tÚdarás sásta leis an modh ar a bhfuil cuntais eagraíochta carthanúla lena mbaineann an fo-alt sin iniúchta, féadfaidh an tÚdarás cibé duine cáilithe is cuí leis a cheapadh chun na cuntais lena mbaineann a iniúchadh.

(6) I gcás go bhfuil sárú déanta ar fho-alt (3) nó nach bhfuil an tÚdarás sásta leis an modh ar a bhfuil cuntais eagraíochta carthanúla lena mbaineann an fo-alt sin scrúdaithe nó iniúchta, de réir mar a bheidh, féadfaidh an tÚdarás cibé duine cáilithe is cuí leis a cheapadh chun na cuntais lena mbaineann a iniúchadh.

(7) Beidh na caiteachais a thabhófar le linn do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (5) nó faoi fho-alt (6) iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear luach saothair an iniúchóra, inghnóthaithe ag an Údarás mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla—

(a) ó iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla (a bheidh faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith na gcaiteachas sin), nó

(b) ón eagraíocht charthanúil lena mbaineann, i gcás nach indéanta iad a ghnóthú ó na hiontaobhaithe carthanais.

(8) Féadfaidh an tÚdarás cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis, maidir le scrúdú a dhéanamh faoi fho-alt (3)(a), d’iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla áirithe nó i gcoitinne.

(9) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéantar sárú ar an alt seo, beidh gach duine de na hiontaobhaithe carthanais ciontach i gcion.

(10) I gcoinne imeachtaí mar gheall ar chion arb éard é sárú ar cheanglas faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú go ndéanfaí de réir an cheanglais sin agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(11) Aon iontaobhaí carthanais a chuirfidh bac ar dhuine nó a mhainneoidh comhoibriú le duine, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (5)fo-alt (6) nó a mhainneoidh cibé cúnamh a thabhairt dó nó di a theastóidh uaidh nó uaithi chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéantar sárú ar cheanglas in ordachán faoi fho-alt (4), beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

(13) Níl feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le heagraíocht charthanúil ar cuideachta í,

(b) maidir le comhlacht oideachais,

(c) maidir le heagraíocht charthanúil i leith bliana airgeadais inar lú a hioncam comhlán nó a chaiteachas iomlán ná—

(i) €10,000, nó

(ii) cibé méid is mó ná sin, nach mó ná €50,000, a fhorordófar.

(d) i ndáil le lárionad oideachais arna ainmniú ag an Aire faoi alt 10(4) d’Acht 1998.

(14) San alt seo ciallaíonn “duine cáilithe”—

(a) duine atá cáilithe, de réir alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990, chun a cheaptha nó a ceaptha mar iniúchóir cuideachta, nó

(b) i ndáil le heagraíocht charthanúil—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

duine atá cáilithe faoi dhlí an stáit sin de chuid LEE chun feidhmeanna a chomhlíonadh arb iad na feidhmeanna céanna iad nó atá cosúil leis na feidhmeanna sin is inchomhlíonta sa Stát ag duine dá dtagraítear i mír (a).

Rialacháin i ndáil le hiniúchtaí, etc.

51 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) foráil a dhéanamh i ndáil le dualgais iniúchóra, nó duine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) agus a dhéanann iniúchadh nó scrúdú de réir alt 50, lena n-áirítear foráil i ndáil le tuarascáil a thabhairt maidir leis an ráiteas bliantúil cuntas nó maidir leis an gcuntas ioncaim agus caiteachais agus maidir leis an ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais, de réir mar is cuí, a ullmhófar de réir alt 48,

(b) foráil a dhéanamh i ndáil le duine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) do thabhairt tuarascála maidir le scrúdú arna dhéanamh aige nó aici,

(c) cumhacht a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách den sórt sin chun iniúchadh a dhéanamh ar leabhair, ar dhoiciméid agus ar thaifid eile (cibé caoi a gcoimeádtar iad) a bhaineann le heagraíocht charthanúil,

(d) cumhacht a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách den sórt sin chun faisnéis agus mínithe a éileamh, i gcás eagraíochta carthanúla, ó iar-iontaobhaithe carthanais nó ó iontaobhaithe carthanais láithreacha de chuid na heagraíochta carthanúla, nó ó iarchomhaltaí nó ó chomhaltaí láithreacha d’fhoireann na heagraíochta carthanúla.

(2) Má mhainníonn aon duine aon saoráid a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) is saoráid a bhfuil sé nó sí i dteideal í a fháil faoi fho-alt (1)(c)(d), féadfaidh an tÚdarás cibé ordacháin is cuí leis an Údarás—

(a) a thabhairt don duine sin, nó

(b) a thabhairt do na hiontaobhaithe carthanais de thuras na huaire ar an eagraíocht charthanúil lena mbaineann,

ar ordacháin iad is cuí leis an Údarás.

(3) Beidh duine nó iontaobhaí carthanais, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonann ordachán faoi fho-alt (2) ciontach i gcion.

Tuarascálacha bliantúla.

52 .— (1) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, tráth nach déanaí ná 10 mí nó cibé tréimhse is faide a shonróidh an tÚdarás, tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis i leith a chuid gníomhaíochtaí sa bhliain airgeadais sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (1).

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le rialacháin faoin bhfo-alt sin—

(a) féadfaidh forálacha éagsúla a bheith iontu i ndáil le haicmí éagsúla faisnéise agus le haicmí éagsúla eagraíochta carthanúla,

(b) féadfar a cheangal leo go mbeidh cibé faisnéis (seachas faisnéis a cheanglaítear a sholáthar i dtuarascáil bhliantúil faoi fho-alt (1)) i dtuarascáil bhliantúil a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(c) féadfar a fhoráil leo go ndéanfar tuarascáil dá dtagraítear san fho-alt sin a ullmhú ar cibé modh a shonrófar sna rialacháin.

(4) Faoi réir alt 48(6) agus 50(13), beidh an méid seo a leanas ag gabháil le tuarascáil bhliantúil arna cur isteach ag eagraíocht charthanúil de réir an ailt seo:

(a) cóip den ráiteas cuntas bliantúil arna ullmhú faoi fho-alt (1) d’alt 48 nó an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais arna ullmhú faoi fho-alt (3) den alt sin, de réir mar a bheidh, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann;

(b) i gcás iniúchadh a bheith déanta ar chuntais na heagraíochta carthanúla de réir alt 50(1), cóip de thuarascáil an iniúchóra;

(c) i gcás duine neamhspleách do dhéanamh scrúdaithe ar chuntais na heagraíochta carthanúla de réir alt 50(3), cóip de thuarascáil an duine neamhspleách.

(5) (a) Déanfar cóip de na cuntais arna n-ullmhú ag eagraíocht charthanúil de réir Achtanna na gCuideachtaí, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann, a chur ag gabháil le tuarascáil bhliantúil arna cur isteach ag an eagraíocht charthanúil sin de réir an ailt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo le heagraíocht charthanúil—

(i) ar cuideachta í, agus

(ii) nach gceanglaítear uirthi a cuntais a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil arna dhéanamh aici chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoi Achtanna na gCuideachtaí.

(6) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil bhliantúil arna cur faoi bhráid an Údaráis faoin alt seo agus aon doiciméad atá ag gabháil léi a choimeád go ceann cibé tréimhse is cuí leis.

(7) Aon eagraíocht charthanúil ar comhlacht corpraithe í a sháraíonn an t-alt seo, beidh sí ciontach i gcion.

(8) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéanfar sárú ar an alt seo, beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

Ceanglas faisnéis a sholáthar.

53 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar eagraíocht charthanúil cibé faisnéis a chur ar fáil don Údarás is faisnéis a theastóidh le réasún ón Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh eagraíocht charthanúil de réir ordacháin faoin alt seo.

An pobal d’iniúchadh tuarascálacha bliantúla, etc.

54 .— (1) Faoi réir aon achtacháin nó rialach dlí lena dtoirmisctear faisnéis a nochtadh, déanfaidh an tÚdarás gach tuarascáil bhliantúil agus gach doiciméad atá ag gabháil léi a fhanann ina choimeád de réir alt 52(6), a chur ar fáil lena hiniúchadh nó lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach i gcaitheamh na tréimhse a bhfanfaidh sí nó sé ina choimeád lena linn nó i gcaitheamh cibé tréimhse níos giorra is cuí leis agus i cibé áit nó i cibé áiteanna a chinnfidh sé.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiontaobhas carthanúil príobháideach.

(3) San alt seo ciallaíonn “iontaobhas carthanúil príobháideach” iontaobhas carthanúil nach maoinítear le síntiúis ón bpobal.

Daoine atá dícháilithe chun bheith ina n-iontaobhaithe de chuid eagraíochta carthanúla.

55 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), scoirfidh duine de bheith cáilithe le haghaidh poist iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, agus scoirfidh sé nó sí de phost den sórt sin a shealbhú, más rud é, maidir leis an duine sin—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) gur cuideachta é nó í atá i gcúrsa a foirceanta,

(d) go gciontófar é nó í ar díotáil i gcion,

(e) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi,

(f) go ndéanfar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí 1990 nó go dtoirmiscfear, go mbrisfear nó go bhfionrófar é nó í ó bheith ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí ar scéim faoi na hAchtanna Pinsean 1990 go 2008,

(g) go mbeifear tar éis é nó í a bhriseadh as post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 74.

(2) Féadfaidh duine, de bhua fho-alt (1), nach bhfuil cáilithe chun bheith, nó atá scortha de bheith, ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí de chuid eagraíochta carthanúla, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú go bhféadfaidh sé nó sí post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla áirithe nó de chuid eagraíochta carthanúla d’aicme áirithe a shealbhú, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, ordú den sórt sin a dhéanamh má mheasann sí go mba é leas an phobail é agus go mba é ard-leas na heagraíochta carthanúla lena mbaineann nó ard-leas na n-eagraíochtaí carthanúla den aicme lena mbaineann é dá ndéanfadh sí ordú den sórt sin.

(3) I gcás go ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (2) i ndáil le duine, féadfaidh an duine sin post iontaobhaí carthanais a shealbhú, de bhua an ordaithe sin, is post—

(a) de chuid na heagraíochta carthanúla lena mbaineann an t-ordú, nó

(b) de chuid na heagraíochta carthanúla den aicme lena mbaineann an t-ordú,

ach más rud é, tar éis an t-ordú a dhéanamh, go dtarlóidh aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (seachas mír (a) ), scoirfidh an t-ordú d’éifeacht a bheith leis agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin.

(4) Déanfaidh an tÚdarás clár a bhunú agus a chothabháil de na daoine go léir atá scortha de phost iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú de bhua fho-alt (1).

(5) Déanfaidh an tÚdarás, ó am go ham, gach iontráil sa chlár a bhunófar faoin alt seo a athbhreithniú agus, má thagann sé ar an eolas go bhfuil aon sonra sa chlár sin mícheart nó go bhfuil sé scortha de bheith ceart, déanfaidh sé cibé athruithe ar an gclár sin a mheasfaidh sé is gá.

(6) Cuirfear an clár a bhunófar agus a chothabhálfar faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach i bpríomhoifig an Údaráis.

Duine ag gníomhú mar iontaobhaí carthanais le linn a bheith dícháilithe.

56 .— (1) Aon duine a ghníomhaíonn, nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú, mar iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla tráth ar bith nach mbeidh sé nó sí, de bhua alt 55, cáilithe don phost sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Maidir le gníomh a dhéanfaidh aon duine—

(a) i gcomhlíonadh airbheartaithe fheidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, agus

(b) le linn dó nó di gan bheith cáilithe chun an post sin a shealbhú de bhua alt 55,

ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin amháin nach raibh an duine cáilithe amhlaidh.

(3) I gcás duine, aon tráth nach raibh sé nó sí, de bhua alt 55, cáilithe chun an post mar iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú, a fuair ón eagraíocht charthanúil aon luach saothair nó caiteachais, nó aon sochar comhchineáil, i dtaca leis an duine sin do ghníomhú, nó d’airbheartú a bheith ag gníomhú, mar iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla, déanfaidh sé nó sí an t-airgead sin agus aon sochar comhchineáil nó suim is comhionann le luach airgid aon sochair comhchineáil a aisíoc leis an eagraíocht charthanúil.

Gníomhú faoi ordacháin ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

57 .— (1) Maidir le hiontaobhaí carthanais nó comhalta d’fhoireann eagraíochta carthanúla a chomhlíonann ordacháin ó dhuine—

(a) nach bhfuil cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta sin a shealbhú de bhua alt 55, agus

(b) a d’airbheartaigh an t-ordachán a thabhairt mar iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta,

beidh sé nó sí, de réir mar a bheidh, ciontach i gcion más rud é, an tráth a rinne sé nó sí de réir an ordacháin amhlaidh, go raibh a fhios aige nó aici, nó go raibh forais réasúnacha aige nó aici chun a fhios a bheith aige nó aici, nach raibh an duine a thug an t-ordachán cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta sin a shealbhú.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin alt seo scoirfidh sé nó sí de bheith cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú, agus más rud é, díreach roimh dháta a chiontaithe nó a ciontaithe, gur shealbhaigh sé nó sí post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, scoirfidh sé nó sí den phost sin a shealbhú.

Iarmhairtí mar gheall ar ghníomhú faoi ordachán ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

58 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine a chiontófar i gcion faoi alt 56 i leith eagraíochta carthanúla faoi dhliteanas go pearsanta i leith fhiacha na heagraíochta carthanúla arna dtabhú mar gheall ar é nó í do dhéanamh aon ghnímh i gcomhlíonadh airbheartaithe feidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla aige nó aici aon tráth nach raibh sé nó sí cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla a shealbhú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine a chiontófar i gcion faoi alt 57 i leith eagraíochta carthanúla faoi dhliteanas go pearsanta i leith fhiacha na heagraíochta carthanúla arna dtabhú mar gheall ar é nó í do dhéanamh aon ghnímh le linn déanamh de réir an ordacháin lenar bhain an cion.

(3) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne duine chun fiach dá dtagraítear san alt seo a ghnóthú féadfaidh an chúirt, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, faoiseamh a thabhairt go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas a mbeadh an duine murach sin faoina réir faoi fho-alt (1)(2), de réir mar a bheidh, má mheasann sí é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint d’imthosca uile an cháis.

Oibleagáid chun déanamh ciona a nochtadh don Údarás.

59 .— (1) Más rud é, i gcúrsa a dhualgais nó a dualgais a chomhall i ndáil le heagraíocht charthanúil, agus de bhua an céanna a chomhall amhlaidh, go dtiocfaidh faisnéis i seilbh duine iomchuí arb í faoi deara dó nó di a theacht ar an tuairim go bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh, déanfaidh an duine iomchuí, a luaithe is féidir, an tuairim sin a chur in iúl i scríbhinn don Údarás agus tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don Údarás i dtaobh shonraí na bhforas ar ar thángthas ar an tuairim.

(2) Beidh duine iomchuí ciontach i gcion más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí fo-alt (1) a chomhlíonadh, nó

(b) go ndéanfaidh sé nó sí, go feasach, tuarascáil a thabhairt faoi fho-alt (1) atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(3) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le heagraíocht charthanúil, duine—

(a) is iniúchóir ar an eagraíocht charthanúil,

(b) is iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó atá, de thuras na huaire, ag comhall aon fheidhme d’fheidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó atá ceaptha go cuí chun iad a chomhall,

(c) is gnólacht gnó infheistíochta (de réir bhrí an Achta um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995), agus

(i) a thug comhairle don eagraíocht charthanúil, nó

(ii) a fuair aon íocaíocht i ndáil le haon chuid de mhaoin na heagraíochta carthanúla a infheistiú,

(d) a raibh baint aige nó aici le tuarascáil bhliantúil na heagraíochta carthanúla a ullmhú.

Cosaint i gcoinne imeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh maidir leis an Údarás d’fhoilsiú tuarascálacha áirithe.

60 .— In imeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh, beidh feidhm ag an gcosaint um pribhléid shrianta maidir leis an Údarás d’fhoilsiú tuarascála—

(a) faoi alt 59, nó

(b) maidir le haon ní a bhaineann le staid agus seoladh gnóthaí eagraíochta carthanúla.

Cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairisceoidh sáruithe ar an Acht, etc. don Údarás.

61 .— I gcás go gcuirfidh duine a thuairim nó a tuairim in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, don Údarás á rá—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh,

(b) go bhfuil aon fhoráil den Acht seo nár comhlíonadh nó nach bhfuil á comhlíonadh, nó

(c) go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh i ndáil le maoin de chuid eagraíochta carthanúla,

ansin, mura rud é gur ghníomhaigh an duine de mheon mímhacánta, ní mheasfar go ndearna sé aon sárú dualgais i leith na heagraíochta carthanúla ná aon duine eile, agus ní bheidh cúis chaingne ag aon duine i gcoinne an duine chéadluaite mar gheall ar a thuairim nó a tuairim a chur in iúl amhlaidh.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht, etc., a thuairisciú.

62 .— (1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar theacht ar thuairim den chineál dá dtagraítear in alt 61 agus í a chur in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, don Údarás más rud é gur ghníomhaigh an fostaí go réasúnach agus de mheon macánta le linn dó nó di teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don Údarás.

(2) In imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh fo-alt (1), toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007, ní ceadmhach faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin alt seo agus faoi na hAchtanna sin araon.

(4) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh a fhostóir nó a fostóir fo-alt (1) i ndáil leis nó léi agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh an coimisinéir―

(a) deis a thabhairt do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, agus

(b) breith a thabhairt i scríbhinn i ndáil leis agus an bhreith a chur in iúl do na páirtithe.

(5) Maidir le breith ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (4) den alt seo, déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas leis:

(a) a dhearbhú go raibh, nó de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán;

(b) a cheangal ar an bhfostóir fo-alt (1) a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a dhéanamh;

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7)(a) d’alt 7 d’Acht 1994 i ndáil le gearán arna thíolacadh faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán arna thíolacadh faoi fho-alt (1) den alt sin 7, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) na focail go léir i bhfo-alt (3) ó “má thíolactar é” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh, agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta, nárbh fhéidir, de dheasca imthosca eisceachtúla, an gearán a thíolacadh laistigh den tréimhse réamhráite), cibé tréimhse bhreise, ach gan an tréimhse bhreise sin a bheith níos faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, is réasúnach leis an gcoimisinéir um chearta” a chur ina n-ionad,

(ii) tagairt do bhreith a chur in ionad na tagartha do mholadh i bhfo-alt (6),

(iii) aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8, 9, agus 10 d’Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) tagairtí do bhreith a chur in ionad tagairtí do mholadh sna forálacha sin,

(ii) an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 8:

“(7) Déanfar imeachtaí faoin alt seo os comhair an Bhinse a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí .”,

(iii) an méid seo a leanas a chur isteach in alt 9 d’Acht 1994—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche, agus

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó.”, agus

(III) aon mhodhnuithe eile is gá.

(7) D'fhonn amhras a sheachaint, ní oibreoidh fo-alt (6) chun aon cheann d'fheidhmeanna an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi Acht 1994 a thabhairt don Aire agus beidh na feidhmeanna sin inchomhlíonta ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun críocha fhorálacha Acht 1994, arna gcur chun feidhme leis an bhfo-alt sin, go feadh an mhéid chéanna atá siad inchomhlíonta aige nó aici chun críocha Acht 1994 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha Acht 1994.

(8) San alt seo ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994.

Ráitis bhréagacha.

63 .— Aon duine a luafaidh leis an Údarás—

(a) go ndearnadh cion faoin Acht seo nó go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh,

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nár comhlíonadh í nó nach bhfuil sí á comhlíonadh, nó

(c) go ndearnadh cion faoi Acht 2001 nó go bhfuil cion faoin Acht 2001 á dhéanamh i ndáil le maoin eagraíochta carthanúla,

agus a fhios aige nó aici an ráiteas sin a bheith bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.