An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) Ar Aghaidh (Caibidil 6 Cáin Ghnóchan Caipitiúil )

12 2009

TODO

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

Cáin chorparáide: mar a dhéileálfar le brabúis nó gnóchain agus caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

11 .— (1) Leasaítear Cuid 22 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 644B, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth i ndiaidh an 31 Nollaig 2008.

(b) I gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 31 Nollaig 2008 agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an lae sin, roinnfear í ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31 Nollaig 2008 agus an ceann eile ag tosú an 1 Eanáir 2009 agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 644B:

“Faoiseamh ó cháin chorparáide do chaillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

644C.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncaim trádála ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach de réir bhrí fho-alt (2) d’alt 644B arna laghdú faoin alt sin;

ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an cháin chorparáide ab inmhuirearaithe ar an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta—

(i) ar leith ón alt seo agus ó ailt 239, 241, 420B, 440 agus 441, agus

(ii) i gcás go seolann an chuideachta gnó saoil (de réir bhrí alt 706), ar leith ó aon cháin chorparáide ab inchurtha síos do bhrabúis sealbhóirí polasaithe;

tá le ‘ioncam trádála iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 243A;

tá le ‘talamh forbraíochta chónaitheach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 644A(1).

(b) I gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 31 Nollaig 2008 agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an lae sin, roinnfear í ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31 Nollaig 2008 agus an ceann eile ag tosú an 1 Eanáir 2009 agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.

(2) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 396, i gcás go n-éileoidh cuideachta go ndéanfar caillteanas arna thabhú i dtrádáil, arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 31 Nollaig 2008 nó roimhe sin a fhritháireamh in aghaidh ioncaim trádála tréimhse cuntasaíochta dar tosach tráth tar éis an dáta sin, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1) amhail is dá laghdófaí de 20 faoin gcéad méid an chaillteanais a mhéid a bhaineann sé le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(3) D’ainneoin fho-alt (2) d’alt 396, chun críocha an fho-ailt sin, measfar, maidir le méid caillteanais arna thabhú ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta i dtrádáil, arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, é a bheith laghdaithe—

(a) i gcás gur roimh an 1 Eanáir 2009 go hiomlán don tréimhse chuntasaíochta, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(b) i gcás go dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

arna thabhú sa tréimhse a thosaíonn an tráth a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus a chríochnaíonn an 31 Nollaig 2008.

(4) Le linn an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach a ríomh chun críocha fho-ailt (2), (3)(a)(ii), (3)(b)(ii), (13)(b), (14)(a)(ii), (14)(b)(ii), (20)(b)(i)(II) agus (20)(b)(ii)(II), cuirfear i gcuntas fáltais agus ceannacháin, athruithe ar luachanna stoic agus caiteachais eile is inchurtha i leith talún forbraíochta cónaithí agus cion (arna chinneadh ar bhonn cóir réasúnach) d’fháltais agus de chaiteachais is inchurtha go páirteach i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach agus go páirteach i leith talún eile nó i leith gníomhaíochtaí eile de chuid na trádála.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (6) go (12) maidir leis an méid ar dá réir a shriantar caillteanas i dtréimhse chuntasaíochta faoi fho-alt (3) amhail is dá mba chaillteanas (dá ngairtear ‘caillteanas iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) é arna thabhú ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin i dtaca le seoladh trádála ar leithligh arb éard atá inti déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(6) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta caillteanas iomchuí, féadfaidh an chuideachta éileamh a dhéanamh á cheangal go ndéanfaí an caillteanas a fhritháireamh in aghaidh bhrabúis na cuideachta, arb éard atá iontu—

(a) ioncam a shonraítear in alt 21A(4)(b),

(b) ioncam trádála iomchuí,

(c) ioncam nach bhfuil feidhm ag alt 21A(3) maidir leis de bhua alt 21B, agus

(d) brabúis is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe,

de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta an tráth sin ag seoladh na trádála, a bhfuil na caillteanais uaithi teoranta faoi fho-alt (3), agus má cheanglaítear amhlaidh leis an éileamh, de chuid tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar críoch tráth laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (7), agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith caillteanais trádála is luaithe ná sin, a mhéid is éard atá i mbrabúis aon tréimhse de na tréimhsí cuntasaíochta sin, nó i gcuid díobh, brabúis nó ioncam a shonraítear i míreanna (a) go (d), déanfar ansin na brabúis sin nó an t-ioncam sin a laghdú de mhéid an chaillteanais lena mbaineann an t-alt seo nó den oiread sin den mhéid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh brabús de chuid tréimhse cuntasaíochta is déanaí ná sin.

(7) Chun críocha fho-alt (6), is í an tréimhse ama dá dtagraítear san fho-alt sin tréimhse ama díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (6) agus atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta ina dtabhaítear an caillteanas, ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoi fho-alt (3) ar na brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta ar roimh an tréimhse ama sin di go páirteach thar cuid de na brabúis sin atá ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse ama sin.

(8) Más rud é, in aon tréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta caillteanas iomchuí agus gur mó méid an chaillteanais sin ná méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna a d’fhéadfaí a fhritháireamh, dá mbeadh éileamh tráthúil ar an bhfritháireamh sin déanta ag an gcuideachta, i leith an chaillteanais sin chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabús de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin de réir fho-alt (6), ansin féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin bhfo-alt seo i leith na breise.

(9) Más rud é, d’aon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (8) maidir leis an mbreis, déanfar cáin chorparáide iomchuí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta ag seoladh na trádála an tráth sin, a laghdaítear na caillteanais ina leith faoi fho-alt (3), agus go n-éileofar amhlaidh san éileamh, do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (10) agus faoi réir an fho-ailt sin, a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den bhreis nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh cánach corparáide iomchuí de chuid tréimhse cuntasaíochta is déanaí.

(10) Chun críocha fho-alt (9), is é an t-am dá dtagraítear san fho-alt sin am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (9) atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas, ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoi fho-alt (9) ar an gcáin chorparáide iomchuí do thréimhse chuntasaíochta, is tréimhse ar roimh an am sin go páirteach di, thar chuid den cháin chorparáide sin atá ar comhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den am sin.

(11) (a) I gcás go ndéanfaidh cuideachta éileamh ar fhaoiseamh d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi fho-alt (8) maidir le caillteanas iomchuí, déileálfar le méid (nach mó ná méid na breise ar ina leith a fhéadfar éileamh faoi fho-alt (8) a dhéanamh), a chinnfear de réir mhír (b), chun críocha na nAchtanna Cánach mar mhéid caillteanais a dtabharfar faoiseamh ina leith in aghaidh brabús de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(b) Faoi réir mhír (c), is é an méid a chinnfear de réir na míre seo i ndáil le tréimhse chuntasaíochta méid atá comhionann le:

T [html] 100

20

i gcás—

gurb é T an méid dá laghdófar, de bhua fho-alt (9), an méid cánach corparáide iomchuí is iníoctha.

(c) (i) San alt seo, ciallaíonn ‘méid iomchuí’ méid (nach méid é a thabhaigh cuideachta chun críocha trádála a sheolann sí) muirear ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méid eile (nach liúntas é dá dtugtar éifeacht faoi alt 308(4)) is inasbhainte as brabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó ar féidir déileáil leis mar mhéid a laghdaíonn na brabúis sin.

(ii) Chun críocha mhír (b), más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go bhfuil méid iomchuí inasbhainte as brabúis de bhreis agus tuairisc amháin, nó gur féidir déileáil leis mar mhéid a laghdaíonn na brabúis sin, measfar gurb é an méid a laghdófar cáin chorparáide de bhua fho-alt (9) an méid a laghdófaí é dá mba rud é nach raibh aon mhéid iomchuí inasbhainte amhlaidh nó mura ndéileálfaí leis amhlaidh.

(12) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (11) maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoi alt 396(2) i leith caillteanais i dtrádáil, arb iad oibríochtaí nó gníomhaíochtaí na trádála, nó ar cuid díobh, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus ar éileamh é a dhéanfar an 7 Aibreán 2009 nó dá éis.

(13) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 397, más rud é, an 31 Nollaig 2008, nó roimhe, maidir le cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, gur thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dar chríoch an lá a scoir an chuideachta den trádáil a sheoladh, ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt sin, measfar go mbeidh méid an chaillteanais sin arna laghdú den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(a) méid an chaillteanais, agus

(b) méid an chaillteanais a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(14) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 397, más rud é, an 1 Eanáir 2009, nó dá éis, maidir le cuideachta a scoirfidh de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, gur thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dar chríoch an lá a scoir an chuideachta den trádáil a sheoladh, agus a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 1 Eanáir 2009, ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt sin, measfar go mbeidh méid an chaillteanais sin arna laghdú—

(a) i gcás gur tháinig an tréimhse chuntasaíochta go hiomlán roimh an 1 Eanáir 2009, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(b) i gcás gur thosaigh an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus gur ar an lá sin nó ar lá dá éis sin a chríochnaigh sí, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

a tabhaíodh sa tréimhse dar thosach an tráth a thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar chríoch an 31 Nollaig 2008.

(15) Más rud é, maidir le cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, go ndéanfaidh an chuideachta éileamh faoi alt 397 maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil sin agus go laghdófar an caillteanas faoi fho-alt (13) nó (14) do thréimhse chuntasaíochta, ansin, faoi réir fho-alt (17) agus aon fhaoisimh i leith caillteanas roimhe sin, féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin bhfo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin i leith an mhéid dár laghdaíodh an caillteanas.

(16) Más rud é, d’aon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (15) maidir le caillteanas lena mbaineann an fo-alt sin, déanfar an cháin chorparáide a íocfaidh an chuideachta i leith ioncam na trádála ar cáin chorparáide í is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach de chuid na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh de na 3 bliana roimh an tréimhse 12 mhí a luaitear i bhfo-alt (13) nó (14) (nó laistigh de thréimhse is giorra ná sin ar sheol an chuideachta an trádáil ar a feadh) a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den chaillteanas nó de cibé cion den mhéid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh cánach corparáide ó thréimhse chuntasaíochta níos déanaí.

(17) (a) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (16) maidir le haon chaillteanas a mhéid a cuireadh an caillteanas i gcuntas, nó is féidir ar shlí eile é a chur i gcuntas, chun aon mhuirear cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith.

(b) I gcás go mbeidh caillteanas tabhaithe i dtréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh den tréimhse 12 mhí a luaitear i bhfo-alt (13) nó (14) do chuid di, ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (16) ach amháin i leith coda den chaillteanas atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den tréimhse 12 mhí sin, agus ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar an gcáin chorparáide do thréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh de na 3 bliana a luaitear i bhfo-alt (16) do chuid di thar an gcuid den cháin chorparáide sin atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh de na 3 bliana sin.

(18) I gcás go n-éileofar faoiseamh faoi alt 397 maidir le tréimhse chuntasaíochta agus go ndéanfar méid an chaillteanais a n-éilítear faoiseamh ina leith a laghdú de bhua fho-alt (2), ansin, chun faoiseamh a dheonú faoin alt sin—

(a) measfar an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta a bheith laghdaithe de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

U [html] 100

20

más rud é—

gurb é U méid na cánach corparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta roimh fhaoiseamh arna thabhairt faoi fho-alt (16),

agus

(b) measfar an cháin chorparáide a íocfaidh an chuideachta a bheith laghdaithe d’aon cháin chorparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach arna híoc ag an gcuideachta agus a bheidh gan aisíoc léi don tréimhse chuntasaíochta sin.

(19) Beidh feidhm ag fo-ailt (13) go (18) in aon chás go ndéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi alt 397 an 7 Aibreán 2009 nó dá éis i leith caillteanas i dtrádáil, a bhfuil ar áireamh ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(20) (a) D’ainneoin fho-ailt (1) agus (6) d’alt 420 agus alt 421, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth roimh an 31 Nollaig 2009, go mbeidh caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, ansin, ní ceadmhach méid den chaillteanas, arna chinneadh de réir mhír (b), a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh bhrabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

(b) Is é a bheidh sa mhéid a chinnfear de réir na míre seo i ndáil le tréimhse chuntasaíochta méid atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) i gcás go gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta an 31 Nollaig 2008 nó roimhe—

(I) an méid den chaillteanas, agus

(II) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(ii) i gcás go dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus go gcríochnaíonn sí tar éis an dáta sin—

(I) an méid den chaillteanas, agus

(II) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

a tabhaíodh sa tréimhse dar thosach an tráth a thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar chríoch an 31 Nollaig 2008.

(21) (a) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí agus ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí agus dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus nach ceadmhach méid den chaillteanas (dá ngairtear an “ caillteanas srianta ” ina dhiaidh seo san alt seo) a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh bhrabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire de bhua fho-alt (20), ansin féadfar an cháin chorparáide (más ann) de chuid na cuideachta éilimh is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire a laghdú de 20 faoin gcéad den chaillteanas srianta don tréimhse sin.

(b) Más rud é go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin bhfo-alt seo in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta, déileálfar leis an gcuideachta ghéillte mar chuideachta a ghéill caillteanais trádála, agus déileálfar leis an gcuideachta éilimh mar chuideachta a d’éiligh faoiseamh i leith caillteanas trádála, ar caillteanais trádála iad de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

V x 100

20

i gcás—

gurb é V an méid dá laghdaítear an cháin chorparáide iomchuí is iníoctha don tréimhse chuntasaíochta de bhua mhír (a).

(22) (a) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí agus ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí agus dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, féadfar an caillteanas srianta arna laghdú d’aon mhéid a ndéileáiltear leis mar mhéid ar tugadh faoiseamh ina leith le fo-alt (21)(b), a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide—

(i) in aghaidh ioncaim a shonraítear in alt 21A(4)(b),

(ii) in aghaidh ioncaim trádála iomchuí,

(iii) in aghaidh ioncaim nach bhfuil feidhm ag alt 21A(3) ina leith de bhua alt 21B, agus

(iv) in aghaidh brabús is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe,

de chuid na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire arna laghdú d’aon mhéideanna a lamháladh mar asbhaintí in aghaidh an ioncaim sin faoi alt 243A nó a fritháiríodh in aghaidh an ioncaim sin faoi alt 396A.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a)—

(i) maidir leis an oiread sin de chaillteanas atá eisithe ó alt 396(2) le halt 396(4) nó 663, ná

(ii) chun na brabúis de chuid cuideachta éilimh a sheolann gnó saoil (de réir bhrí alt 706) a laghdú de mhéid is mó ná méid na mbrabús sin (roimh fhritháireamh faoin bhfo-alt seo) arna ríomh de réir Chás I de Sceideal D agus alt 710(1).

(23) Laghdóidh grúpfhaoiseamh arna lamháil faoi fho-alt (22) an t-ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh do thréimhse chuntasaíochta—

(a) roimh fhaoiseamh arna dheonú faoi alt 397 i leith caillteanais arna thabhú i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, agus

(b) tar éis an fhaoisimh arna dheonú faoi alt 396 i leith caillteanais arna thabhú i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(24) Chun críocha fho-ailt (21) agus (22), i gcás éilimh arna dhéanamh ag cuideachta mar chomhalta de chomheagras, ní ceadmhach ach codán de chaillteanas srianta a fhritháireamh, agus beidh an codán sin comhionann le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 422(2).

(25) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go mbeidh caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus gur mó an caillteanas srianta ná méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna a d’fhéadfadh a bheith, dá mbeadh éilimh thráthúla déanta ar an bhfritháireamh sin, arna bhfritháireamh i leith an chaillteanais sin chun críocha cánach corparáide—

(a) in aghaidh bhrabúis na cuideachta de réir fho-alt (6), nó

(b) in aghaidh bhrabúis aon chuideachta eile de réir fho-ailt (21) agus (22),

féadfaidh an chuideachta éilimh faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (26) dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire i leith an mhéid (dá ngairtear an ‘ caillteanas infhaoisimh ’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) dar mó an caillteanas neamhfhaoisimh ná an comhiomlán sin.

(26) (a) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (25) i leith caillteanais infhaoisimh, déanfar cáin chorparáide iomchuí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den chaillteanas sin.

(b) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin alt seo i leith aon chaillteanais infhaoisimh, déileálfar leis an gcuideachta ghéillte mar chuideachta a ghéill caillteanais trádála, agus déileálfar leis an gcuideachta éilimh mar chuideachta a d’éiligh faoiseamh i leith caillteanas trádála, ar caillteanais trádála iad de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

W x 100

20

i gcás—

gurb é W an méid dá laghdaítear an cháin chorparáide iomchuí is iníoctha don tréimhse chuntasaíochta de bhua mhír (a).

(27) Beidh feidhm ag Caibidil 5 de Chuid 12 amhail is dá mbeadh fo-ailt (20) go (26) ar áireamh sa Chaibidil sin.

(28) Beidh feidhm ag fo-ailt (20) go (27) in aon chás ina ndéantar éileamh ar ghrúpfhaoiseamh an 7 Aibreán 2009 nó dá éis i leith caillteanais i dtrádáil, arb é atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

12 .— (1) Leasaítear alt 626B den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)(d) trí “míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (3) d’alt 29 agus fo-alt (6) den alt sin” a chur in ionad “míreanna (a) agus (b) d’alt 29(3)”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 7 Bealtaine 2009 nó dá éis.

Sócmhainní do-láimhsithe, etc.

13 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 247, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A):

“(4B) I gcás iasacht, nó cuid d’iasacht, le cuideachta infheistíochta a bheith curtha i bhfeidhm—

(a) maidir le suibscríobhanna le haghaidh scairchaipitil cuideachta eile ar an gcuideachta eile d’eisiúint an scairchaipitil, nó

(b) chun airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta eile,

agus go n-úsáidfidh an chuideachta eile sin (dá ngairtear ‘an chuideachta eile’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (4D)) na suibscríobhanna nó an t-airgead sin chun sócmhainní do-láimhsithe (de réir bhrí alt 291A) a chur ar fáil, is sócmhainní a dtabharfar liúntais di ina leith faoi alt 284 arna chur i bhfeidhm le halt 291A, ansin, d’ainneoin fho-alt (3) agus alt 243, maidir leis an méid den fhaoiseamh a thabharfar i leith an oiread sin (dá ngairtear ‘an t-ús iomchuí’ san fho-alt seo agus i bhfo-ailt (4C) agus (4D)) den ús a íocann an chuideachta infheistíochta i dtréimhse chuntasaíochta ar an iasacht, nó ar an gcuid den iasacht, de réir mar a bheidh, is mó ná—

(i) aon díbhinní nó dáiltí eile is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide agus a fhaigheann an chuideachta infheistíochta ón gcuideachta eile sa tréimhse chuntasaíochta sin i leith an scairchaipitil sin, agus

(ii) aon ús a fhaigheann an chuideachta infheistíochta don tréimhse chuntasaíochta sin i leith an airgid sin a thugtar ar iasacht don chuideachta eile,

ní rachaidh sé thar an méid úis arbh éard é—

(I) méid an úis iomchuí a bheadh le hasbhaint don tréimhse chuntasaíochta chomhréire (de réir bhrí fho-alt 4(D)) ag an gcuideachta eile—

(A) dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh an t-ús iomchuí sin i dtaca le soláthar sócmhainne do-láimhsithe sonraithe ar faoina treoir a bheadh liúntais le tabhairt di faoi alt 284 arna chur i bhfeidhm le halt 291A i dteannta aon úis eile arna thabhú aici amhlaidh, agus

(B) d’ainneoin fho-alt (6) d’alt 291A, dá ndéanfaí aon srianta breise a chur le hasbhaintí, cibé acu i leith liúntas nó úis, a cheanglófaí ansin leis an bhfo-alt sin, d’aon toisc trí shrian a chur leis an asbhaint i leith an úis iomchuí sin,

(II) i gcás nach ionann an tréimhse chuntasaíochta chomhréire agus tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistíochta, nó i gcás go bhfuil méid is mó ná tréimhse chuntasaíochta chomhréire amháin ann, comhiomlán na méideanna den ús iomchuí atá le hasbhaint don tréimhse chomhréire nó do na tréimhsí comhréire ag an gcuideachta eile, dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh an t-ús iomchuí, ar méideanna iad a ríomhtar trí chionroinnt de réir mhír (d) d’fho-alt (4D), agus ar ús iad a íocadh, nó a áirítear a íocadh, i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistíochta.

(4C) Ní dhéanfar an méid (dá ngairtear an ‘méid breise’ sa mhír seo) den ús a bheidh íoctha i dtréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta infheistíochta, agus nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo ina leith, de réir fho-alt (4B), don tréimhse chuntasaíochta sin, a asbhaint ná faoiseamh ina leith a thabhairt don tréimhse sin ar shlí eile faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach ach déanfar an méid breise úis sin a bheidh íoctha a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar mhéid úis iomchuí a bheidh íoctha sa tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus a chuirfear leis an ús iomchuí, más ann, a íocadh iarbhír sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus ar féidir, faoi réir fho-alt (4B), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus déanfar aon mhéid breise úis a íocadh, nó a áirítear a íocadh, sa tréimhse chuntasaíochta sin dá héis a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar mhéid úis iomchuí a íocadh sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile agus a chuirfear leis an ús iomchuí, más ann, a íocadh iarbhír sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus ar féidir, faoi réir fho-alt (4B), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta dá héis.

(4D) Chun aon srian le faoiseamh a thabharfar do thréimhse chuntasaíochta agus a cheanglaítear le fo-alt (4B) a ríomh—

(a) beidh aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta chomhréire’ san fho-alt seo) de chuid na cuideachta eile ar laistigh de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin di go léir nó d'aon chuid di ar comhréir le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin,

(b) murab ionann tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta infheistiúcháin agus tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta eile déanfar ús iomchuí a chionroinnt ar thréimhsí cuntasaíochta comhréire ar bhonn ama de réir an chion atá idir an tréimhse, a bhaineann le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin agus leis an tréimhse chuntasaíochta chomhréire, agus tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin,

(c) is é a bheidh san ús iomchuí iomlán is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta comhréire comhiomlán gach ceann de na méideanna úis iomchuí a chionroinntear ar an tréimhse chuntasaíochta chomhréire sin faoi mhír (b), agus

(d) déanfar méid an úis iomchuí iomláin dá dtagraítear i mír (c) agus a d’asbhainfí, faoi réir fho-alt (4B)(I)(A) agus (B), dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh í don tréimhse chuntasaíochta chomhréire, a chionroinnt ar gach ceann de na méideanna úis iomchuí dá dtagraítear i mír (c) faoi threoir an chion atá idir gach ceann de na méideanna sin agus an t-ús iomchuí iomlán sin.”,

(b) in alt 288(1)(d), trí “sócmhainn dholáimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 219A,” a chur isteach i ndiaidh “i gcás innealra nó gléasra arb éard atá ann”,

(c) in alt 288 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3B):

“(3C) D’ainneoin fho-alt (3), ní ghearrfar muirear cothromaíochta faoi threoir liúntais caithimh agus cuimilte a thabharfar do chuideachta i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar shócmhainn doláimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 291A a sholáthar i gcás go dtarlaíonn teagmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) breis agus 15 bliana tar éis thosach thréimhse chuntasaíochta na cuideachta inar soláthraíodh an tsócmhainn den chéad uair agus nach mbeidh de thoradh ar theagmhas den sórt sin, nó ar aon scéim nó aon chomhshocraíocht a bhfuil an teagmhas sin ar áireamh inti, go dtabhóidh cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide agus atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta chéadluaite caiteachas caipitiúil ar an tsócmhainn, ar caiteachas caipitiúil é a ndéanfar éileamh ina leith faoi alt 291A.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 291:

“Sócmhainní doláimhsithe.

291A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

déanfar ‘sócmhainn dholáimhsithe’ a fhorléiriú de réir cleachtais cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis;

ciallaíonn ‘sócmhainn dholáimhsithe shonraithe’ sócmhainn dholáimhsithe, arb éard í—

(a) aon phaitinn, dearadh cláraithe, ceart deartha nó aireagán,

(b) aon trádmharc, ainm trádála, culaith trádála, branda, ainm branda, ainm fearainn, marc seirbhíse nó teideal foilseacháin,

(c) aon chóipcheart nó ceart gaolmhar de réir bhrí an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000,

(d) aon deimhniú cosanta forlíontach dá bhforáiltear faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92 an 18 Meitheamh 1992 ón gComhairle 1 ,

(e) aon deimhniú cosanta forlíontach dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 an 23 Iúil 1996 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 ,

(f) aon chearta póraitheoirí plandaí de réir bhrí alt 4 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) 1980, arna leasú leis an Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú) 1998,

(g) fios feasa de réir bhrí alt 768,

(h) aon údarú nach mbeadh sé incheadaithe dá éagmais—

(i) cógas, nó

(ii) táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,

a dhíol chun aon chríche chun ar beartaíodh é nó í,

(i) aon chearta a fhaightear ó thaighde, arna dhéanamh roimh aon údarú dá dtagraítear i mír (h), ar éifeachtaí na nithe seo a leanas—

(i) cógas, nó

(ii) táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,

(j) aon cheadúnas i leith sócmhainne doláimhsithe dá dtagraítear in aon cheann de mhíreanna (a) go (i),

(k) aon chearta arna ndeonú faoi dhlí aon tíre, críche, stáit nó limistéir, seachas an Stát, nó faoi aon chonradh, coinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, ar cearta iad atá ar aon dul nó atá cosúil leo sin atá in aon cheann de mhíreanna (a) go (j),

(l) cáilmheas a mhéid is inchurtha síos é go díreach d’aon ní in aon cheann de mhíreanna (a) go (k);

tá le ‘cuntas sochair agus dochair’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an bhrí a shanntar dó le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis agus folaíonn sé cuntas ioncaim agus caiteachais i gcás go n-ullmhaíonn cuideachta cuntais de réir caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta.

(2) I gcás go dtabhóidh cuideachta a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha na trádála, ansin, chun críocha na Caibidle seo agus Chaibidil 4 den Chuid seo—

(a) déileálfar leis an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe mar innealra nó gléasra,

(b) déileálfar leis an innealra nó leis an ngléasra sin mar innealra nó gléasra a soláthraíodh chun críocha na trádála, agus

(c) fad is úinéir na sócmhainne doláimhsithe sonraithe an chuideachta nó, i gcás gur ceart atá sa tsócmhainn, fad atá an chuideachta i dteideal an chirt sin, déileálfar leis an innealra nó leis an ngléasra sin mar innealra nó gléasra ar leis an gcuideachta sin é.

(3) Faoi réir an ailt seo, i gcás go bhfuil liúntas caithimh agus cuimilte le tabhairt faoi alt 284 d’aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) d’alt 284 amhail is dá mba thagairt do ráta faoin gcéad arna chinneadh de réir na foirmle seo a leanas an tagairt i mír (ad) den fho-alt sin do ráta 12.5 faoin gcéad—

A

B [html] 100

más rud é—

gurb é A—

(a) an méid, arna ríomh de réir cleachtais cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis, a mhuirearaítear ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta, don tréimhse chuntais arb ionann í agus an tréimhse chuntasaíochta, i leith amúchadh nó dhíluacháil na sócmhainne doláimhsithe sonraithe, nó

(b) i gcás nach ionann an tréimhse chuntais a thosaíonn sa tréimhse chuntasaíochta agus an tréimhse chuntasaíochta sin, an oiread sin den mhéid, arna ríomh agus arna mhuirearú chuige sin ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta d’aon tréimhse chuntais den sórt sin, a fhéadfar a chionroinnt ar an tréimhse chuntasaíochta ar bhonn cóir réasúnach agus fad na dtréimhsí lena mbaineann faoi seach agus ré úsáide agus úinéireachta na sócmhainne i ngach ceann de na tréimhsí sin á gcur i gcuntas,

agus

gurb é B an costas iarbhír, de réir bhrí mhír (ad) d’alt 284(2), a ghabhann leis an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe nó, más mó é ná an costas iarbhír, luach na sócmhainne sin ar faoina threoir a ríomhadh amúchadh nó díluacháil don tréimhse chuntais dá dtagraítear i mír (a) nó (b).

(4) (a) D’ainneoin fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cuideachta roghnú faoin bhfo-alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta, beidh feidhm ag fo-alt (2) d’alt 284 amhail is dá mba thagairt do 7 faoin gcéad an tagairt i mír (ad) den fho-alt sin do 12.5 faoin gcéad.

(b) Aon roghnú ag cuideachta faoi mhír (a)—

(i) déanfar í sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 don tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas ar sholáthar na sócmhainne doláimhsithe sonraithe den chéad uair, agus

(ii) beidh feidhm aici maidir leis an gcaiteachas caipitiúil go léir arna thabhú ar an tsócmhainn.

(5) (a) Maidir leis an oiread sin de ghníomhaíochtaí cuideachta a sheoltar mar chuid de thrádáil (dá ngairtear ‘gníomhaíochtaí iomchuí’ san fho-alt seo) arb éard iad sócmhainn dholáimhsithe shonraithe nó sócmhainní doláimhsithe sonraithe a bhainistiú, a fhorbairt nó a shaothrú ar ina leith a tugadh liúntais faoin gCaibidil seo don chuideachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb éard iad díol earraí nó seirbhísí arb iad na sócmhainní sin an chuid is mó dá luach, déileálfar leis chun críocha na nAchtanna Cánach, seachas aon fhoráil de na hAchtanna sin a bhaineann le trádáil a thosú nó a scor, mar thrádáil ar leithligh (dá ngairtear ‘trádáil iomchuí’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (6)), is trádáil atá éagsúil ó aon trádáil eile nó ó aon chuid eile de thrádáil a sheolann an chuideachta.

(b) D’fhonn déileáil le gníomhaíochtaí iomchuí mar thrádáil ar leithligh de réir mhír (a), déanfar aon chionroinnt is gá ionas go gcuirfear ioncam síos don trádáil iomchuí ar bhonn cóir réasúnach agus ní mó méid an ioncaim sin ná an méid a chuirfí síos do chuideachta éagsúil ar leithligh, atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí iomchuí, dá mbeadh sí neamhspleách ar an gcuideachta a luaitear i mír (a), agus ag déileáil ar neamhthuilleamaí leis an gcuideachta sin.

(6) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), maidir le méid comhiomlán na nithe seo a leanas do thréimhse chuntasaíochta—

(i) aon liúntais a bheidh le tabhairt do chuideachta faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo, agus

(ii) aon ús arna thabhú i dtaca le soláthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe ar faoina treoir a thugtar liúntais dá dtagraítear i bhfomhír (i),

ní mó é ná 80 faoin gcéad den mhéid arbh é méid an ioncaim trádála ón trádáil iomchuí a sheolann an chuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin é mura dtabharfaí aon liúntais den sórt sin don chuideachta agus mura n-asbhainfí aon ús den sórt sin le linn an t-ioncam sin a ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, chun críocha na míre seo, ní lamhálfar iomlán aon liúntas den sórt sin ná aon chuid díobh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, sa chás amháin gur gá é ansin chun críocha na míre seo, ní asbhainfear iomlán aon úis den sórt sin ná aon chuid de don tréimhse chuntasaíochta sin.

(b) (i) Déanfar méid aon liúntas a fhanfaidh, de bhua mhír (a), gan lamháil do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘méid breise’ san fhomhír seo) a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar liúntas de réir bhrí mhír (a)(i) don tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon liúntas de réir na brí sin a bheidh, faoi réir mhír (a), ar fáil lena bhfritháireamh i gcoinne ioncaim trádála de chuid na trádála iomchuí don tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin agus déanfar aon mhéid breise sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar liúntas de réir bhrí mhír (a)(i) don chéad tréimhse chuntasaíochta eile ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon liúntas de réir na brí sin a bheidh, faoi réir mhír (a), ar fáil lena bhfritháireamh i gcoinne ioncaim trádála de chuid na trádála iomchuí don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(ii) Déanfar méid aon úis nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith, de bhua mhír (a), do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘ús breise’ san fhomhír seo) a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar ús de réir bhrí mhír (a)(ii) don tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon úis de réir na brí sin ar féidir, faoi réir mhír (a), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin agus déanfar aon ús breise sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar ús de réir bhrí mhír (a)(ii) don chéad tréimhse chuntasaíochta eile ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon úis de réir na brí sin, ar féidir, faoi réir mhír (a), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(c) Le linn an t-ioncam trádála ó thrádáil iomchuí do thréimhse chuntasaíochta cuideachta a ríomh chun críocha an fho-ailt seo, ní chuirfear i gcuntas aon ioncam a dtugtar neamhaird air chun críocha na nAchtanna Cánach.

(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú ag cuideachta—

(a) a bhféadfar aon fhaoiseamh nó asbhaint faoi na hAchtanna Cánach a thabhairt nó a lamháil ina leith seachas de bhua an ailt seo,

(b) a mhéid is mó an caiteachas arna thabhú ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe ná an méid a d’íocfaí nó ab iníoctha ar an tsócmhainn in idirbheart idir daoine neamhspleácha ag gníomhú ar neamhthuilleamaí dóibh, nó

(c) nach ndéantar go hiomlán agus go heisiatach ar chúiseanna tráchtála bona fide agus a tabhaíodh mar chuid de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, dliteanas cánach a sheachaint nó a laghdú.

(8) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach údaraithe, i ndáil le liúntas arna thabhairt nó le tabhairt do chuideachta faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar shócmhainn dholáimhsithe shonraithe—

(i) dul i gcomhairle le haon duine (dá ngairtear ‘saineolaí’ san fho-alt seo) is dóigh leo a d’fhéadfadh cabhrú lena fháil amach a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin ar an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe agus, i gcás go bhfaightear sócmhainn den sórt sin ó dhuine bainteach (de réir bhrí alt 10), an méid a bheadh iníoctha ar an tsócmhainn in idirbheart idir daoine neamhspleácha ag gníomhú ar neamhthuilleamaí dóibh, agus

(ii) d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach nó fúthu nó le haon reacht eile, nó faoi, nó ar shlí eile, ach faoi réir mhír (b), aon mhionsonra i ndáil leis an liúntas a éilítear faoin alt seo a nochtadh don saineolaí a mheasfaidh siad is gá le haghaidh na comhairle sin.

(b) (i) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach údaraithe, sula nochtfaidh siad nó sé nó sí faisnéis d’aon saineolaí faoi mhír (a), na nithe seo a leanas a chur i bhfios don chuideachta—

(I) céannacht an tsaineolaí a mbeartaíonn siad dul i gcomhairle leis nó léi, agus

(II) an fhaisnéis a bheartaíonn siad a nochtadh don saineolaí.

(ii) I gcás go suífidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nó an oifigigh údaraithe (nó ar achomharc chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc) go bhféadfadh go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin don saineolaí sin dochar do thrádáil na cuideachta, ansin ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach údaraithe an nochtadh sin.

(9) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta (dá ngairtear ‘an t-aistrí’ san fho-alt seo) d’fháil sócmhainne doláimhsithe sonraithe i gcás go bhfaightear an tsócmhainn ó chuideachta eile (dá ngairtear ‘an t-aistreoir’ san fho-alt seo) agus, de bhua alt 615(2) nó 617(1), measfar go bhfuair ant-aistrí an tsócmhainn ar chomaoin ina raibh cibé méid a d’áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas ar an aistreoir do dhiúscairt na sócmhainne chuig an aistrí.

(b) D’ainneoin mhír (a), i gcás go ndéanfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí comhroghnú faoi alt 615(4) nó 617(4), beidh ant-aistrí i dteideal liúntas a éileamh faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo, i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú aige ar an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe a fháil ón aistreoir.

(10) Aon éileamh a dhéanfar faoi threoir an ailt seo, déanfar é laistigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”,

(e) in alt 615, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le sócmhainn dholáimhsithe shonraithe a aistriú de réir bhrí alt 291A i gcás go roghnóidh an chuideachta a gheobhaidh an tsócmhainn agus an chuideachta óna bhfaighfear an tsócmhainn amhlaidh i gcomhar le chéile, trí fhógra a thabhairt tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuair an chuideachta an tsócmhainn, don Ard-Bhailitheoir ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) I gcás—

(i) go ndéanfar rogha faoi mhír (a) i ndáil le sócmhainn dholáimhsithe shonraithe a aistriú, agus

(ii) nach aistriú é an t-aistriú sin lena mbaineann alt 400(6),

ansin, chun aon ghnóchan inmhuirearaithe a ríomh, déileálfar le haistriú na sócmhainne sin, i leith—

(I) diúscairt ag an gcuideachta óna bhfaighfear an tsócmhainn, agus

(II) fáil ag an gcuideachta a gheobhaidh an tsócmhainn,

mar aistriú a rinneadh ar chomaoin atá ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne ar dháta an aistrithe sin.”.

(f) in alt 617(1), trí “fo-ailt (2), (3) agus (4)” a chur in ionad “fo-ailt (2) agus (3)”,

(g) in alt 617, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás go ndiúscróidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn dholáimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 291A chuig comhalta eile den ghrúpa, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le diúscairt na sócmhainne sin i gcás go roghnóidh na cuideachtaí amhlaidh i gcomhpháirt trí fhógra a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, ar cibé modh a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuair an comhalta eile den ghrúpa an tsócmhainn.”,

(h) in alt 755, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go roghnóidh cuideachta i scríbhinn, beidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil, a shonraítear sa roghnú, a thabhóidh sí chun cearta paitinne a cheannach tar éis an 7 Bealtaine 2009 agus roimh an 7 Bealtaine 2011.

(b) Déanfar roghnú faoi mhír (a) sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas agus ní dhéanfar é tráth is déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”,

(i) in alt 756, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cearta paitinne a mbeidh liúntas tugtha do chuideachta ina leith faoi alt 284 arna chur chun feidhme le halt 291A.”,

agus

(j) in alt 768, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Faoi réir fho-alt (8), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide.

(8) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go ndéanfaidh cuideachta roghnú i scríbhinn, beidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas, arna shonrú sa roghnú, a thabhóidh sí ar fhios feasa tar éis an 7 Bealtaine 2009 agus roimh an 7 Bealtaine 2011.

(b) Déanfar roghnú faoi mhír (a) sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas agus ní dhéanfar é tráth is déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”.

(2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a thabhóidh cuideachta tar éis an 7 Bealtaine 2009.

1IO Uimh. L182, 2.7.1992, lch. 1

2IO Uimh. L198, 8.8.1996, lch. 30