An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO) Ar Aghaidh (CUID 2 Údarás Craolacháin na hÉireann )

18 2009

TODO

CUID 1

Nithe Réamhráiteacha agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht Craolacháin 2009 a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta 1926;

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht Raidio-Theileagrafaíochta 1972;

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta 1988;

ciallaíonn “Acht 1998” Acht an Reifrinn 1998;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Craolacháin 2001;

ciallaíonn “Údarás” Údarás Craolacháin na hÉireann;

ciallaíonn “CGC” an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin;

ciallaíonn “CCÉ” Coimisiún Craolacháin na hÉireann;

ciallaíonn “craoladh” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí líonra cumarsáide leictreonaí, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharcíomhánna nó comharthaí, a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharcíomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “craoltóir” duine a sholáthraíonn teaglaim de bhunábhar clár chun í a tharchur, a leaschraoladh nó a leathadh mar sheirbhís craolacháin (cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an duine sin an bunábhar sin a tharchur, a leaschraoladh nó a leathadh mar sheirbhís den sórt sin);

ciallaíonn “cód craolacháin” cód arna ullmhú faoi alt 42 ;

ciallaíonn “conradh craolacháin” conradh arna dhéanamh faoi alt 63 , 64, 6870;

ciallaíonn “conraitheoir craolacháin” duine a mbeidh conradh craolacháin aige nó aici;

ciallaíonn “rialacha craolacháin” rialacha arna n-ullmhú faoi alt 43 ;

ciallaíonn “seirbhís craolacháin” seirbhís arb é atá inti teaglaim de bhunábhar clár de thuairisc ar bith agus a tharchuirtear, a leaschraoltar nó a leatar trí líonra cumarsáide leictreonaí, go díreach nó go neamhdhíreach lena ghlacadh go comhuaineach nó go comhuaineach nach mór ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar an bunábhar sin nó nach nglactar iarbhír, agus i gcás ina soláthraítear na cláir in ord réamhsceidealta líneach, ach ní fholaíonn sé:

(a) seirbhís a sholáthraítear ar mhodh neamhlíneach is seirbhís ina roghnaíonn gach úsáidire de chuid na seirbhíse clár as catalóg clár, nó

(b) clos-seirbhísí agus seirbhísí closamhairc eile a sholáthraítear tríd an Idirlíon;

ciallaíonn “leanaí” daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois;

ciallaíonn “Rialálaí Cumarsáide” an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide;

ciallaíonn “meáin chumarsáide”—

(a) seirbhís craolacháin a sholáthar,

(b) léibheann seirbhísí craolacháin a sholáthar, nó

(c) nuachtáin nó tréimhseacháin a fhoilsiú arb é atá iontu go substaintiúil nuacht agus tráchtaireacht ar chúrsaí reatha;

ciallaíonn “craoltóir pobail” duine a mbeidh conradh aige nó aici faoi ailt 64, 68(1)(b)72;

ciallaíonn “pobal comhleasa” grúpa daoine a bhfuil leas, comhcheangal nó nasc i bpáirt acu lena chéile;

ciallaíonn “Coiste um Chomhlíonadh” an coiste den Údarás arna bhunú chun na feidhmeanna atá leagtha amach in alt 28 a ghabháil de láimh;

tá le “conradh soláthair lánais” an bhrí a shanntar dó in alt 71 ;

ciallaíonn “Coiste um Dheonú Conarthaí” an coiste den Údarás arna bhunú chun na feidhmeanna atá leagtha amach in alt 27 a ghabháil de láimh;

ciallaíonn “corparáid” RTÉ nó TG4 nó iad araon, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “Treoir ón gComhairle” Treoir 89/552/CEE an 3 Deireadh Fómhair 1989 ón gComhairle 1 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse a shaothrú, arna leasú le Treoir 97/36/CE an 30 Meitheamh 1997 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 agus le Treoir 2007/65/CE an 11 Nollaig 2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 ;

ciallaíonn “ardstiúrthóir” duine a cheapfar ina ardstiúrthóir nó ina hardstiúrthóir ar chorparáid faoi alt 89 (1);

ciallaíonn “líonra cumarsáide leictreonaí” córais tarchuir lena n-áirítear, más infheidhme—

(a) trealamh lascacháin,

(b) trealamh ródúcháin, nó

(c) acmhainní eile,

trínar féidir comharthaí a sheoladh de shreang, ar raidió, trí mheán optúil nó meán leictreamaighnéadach eile, agus folaíonn seoladh den sórt sin úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas—

(i) líonraí satailíte,

(ii) córais cáblaí leictreachais, a mhéid a úsáidtear iad chun comharthaí a tharchur,

(iii) líonraí fosaithe trastíre (idir líonraí ciorcadlasctha agus líonraí paicéadlasctha, lena n-áirítear an tIdirlíon),

(iv) líonraí trastíre soghluaiste,

(v) líonraí a úsáidtear le haghaidh craolacháin raidió nó craolacháin teilifíse nó lena n-aghaidh araon, agus

(vi) líonraí cáblatheilifíse agus teilifíse prótacail idirlín,

is cuma cén cineál faisnéise a sheoltar;

tá le “Comhaontú LEE” an bhrí a shanntar dó in Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993;

tá le “eolaí clár leictreonach” an bhrí a shanntar dó le halt 74;

tá le “conradh um eolaí clár leictreonach” an bhrí a shanntar dó le halt 74;

folaíonn “fostaíocht”—

(a) fostaíocht lánaimseartha,

(b) fostaíocht pháirtaimseartha íoctha, i gcás go mbeidh an fhostaíocht sin ar siúl i mbliain an cheaptha nó go n-éiríonn sí i mblianta ina dhiaidh sin,

(c) fostaíocht shealadach íoctha, ar fostaíocht í ar feadh tréimhse 16 sheachtain nó níos mó i mbliain an cheaptha nó i mblianta ina dhiaidh sin, nó

(d) a bheith ar áirithiú faoi chonradh, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon cháil mar chomhairleoir, sainchomhairleoir nó brústocaire, nó chun seirbhísí a sholáthar ag aon ghnó nó in aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann;

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 5 chun bheith ina lá bunaithe chun críocha Chuid 2, ailt 49, 157 agus Chuid 12;

ciallaíonn “duine eiscthe” duine atá faoi dhlínse Ballstáit eile agus, chun críocha an mhínithe seo, tá feidhm ag an Treoir ón gComhairle chun an stát ar faoina dhlínse a thagann an duine a chinneadh;

ciallaíonn “cuspóir maidir le deiseanna tráchtála a shaothrú” gníomhaíocht arna gabháil de láimh ag corparáid de bhun mhír (j) d’alt 114(1)mhír (i) d’alt 118(1);

ciallaíonn “seirbhís saorchraolta” seirbhís craolacháin nach ngearrann an duine atá ag soláthar na seirbhíse aon mhuirear as í a ghlacadh;

ciallaíonn “sealbhóir ”—

(a) i ndáil le conradh a dhéantar faoin Acht seo, an duine a bhfuil an conradh déanta ag an Údarás leis nó léi,

(b) i ndáil le ceadúnas arna dheonú faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, an duine ar deonaíodh an ceadúnas dó nó di;

tá le “ cuideachta shealbhaíochta ” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí 1963;

folaíonn “leasanna”—

(a) fostaíocht leo seo a leanas nó thar a gceann—

(i) aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(ii) aon eagraíocht atá ionadaitheach d’aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(b) úinéireacht aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(c) scaireanna in aon ghnó, nó bannaí nó bintiúir de chuid aon ghnó, nó infheistíochtaí eile dá samhail in aon ghnó, a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, i gcás gur mó ná €13,000 comhiomlán na sealúchas sin,

(d) stiúrthóireacht nó stiúrthóireacht fholaitheach (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí) in aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, agus atá ar teachtadh i láthair na huaire nó a bhí ar teachtadh i rith an dá bhliain roimhe sin, nó

(e) bronntanais taistil, laethanta saoire, iompair nó sochair eile (de bhreis ar €650), lena n-áirítear sochair ó aon leas tairbhiúil in aon ghnó, nó i dtaca le haon ghnó, a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, i rith an dá bhliain roimhe sin, a fuair an duine lena mbaineann nó a fuair a chéile nó a céile;

ciallaíonn “ Comhchoiste Oireachtais” Comhchoiste de Thithe an Oireachtais dár shann na Tithe sin an ról maidir le nithe a bhaineann le craolachán a scrúdú;

ciallaíonn “pobal áitiúil” pobal baile nó limistéir eile uirbigh nó tuaithe;

ciallaíonn “ litearthacht ó thaobh na meán ” tuiscint níos fearr a thabhairt i gcrích i measc an phobail ar na nithe seo a leanas:

(a) cineál agus tréithe bunábhair a fhoilsítear tríd an gcraolachán agus trí mheáin leictreonacha ghaolmhara,

(b) na próisis trína ndéantar an bunábhar sin a roghnú, nó a chur ar fáil, lena fhoilsiú ag meáin chraolacháin agus ag meáin leictreonacha ghaolmhara,

(c) na próisis trínar féidir le daoine aonair agus pobail bunábhar fuaime agus closamhairc a chruthú agus a fhoilsiú tríd an gcraolachán agus trí mheáin leictreonacha ghaolmhara, agus

(d) na córais atá ar fáil lena ndéantar rialú, nó lenar féidir rialú a dhéanamh, ar rochtain ar bhunábhar a fhoilsítear tríd an gcraolachán agus trí mheáin leictreonacha ghaolmhara;

folaíonn “ Ballstát ” stát is stát conarthach sa Chomhaontú LEE;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “ córas MMD ” córas leata micreathonnach ilphointe a úsáidtear chun seirbhísí craolacháin a tharchur ar bhonn pointe go hilphointe;

tá le “ ilphléacs ” an bhrí a shanntar dó le halt 129;

ciallaíonn “ conraitheoir ilphléacs ” sealbhóir conartha arna dhéanamh faoi alt 131 ;

tá le “ ceadúnas ilphléacs ” an bhrí a shanntar dó le halt 129;

ciallaíonn “staid práinne náisiúnta” staid phráinne is strusócáid arna fógairt faoi alt 10 d’Acht 1926;

folaíonn “ úinéireacht ” aon leas dílseánaigh in aon ghnó a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, cibé acu is leas ruílse, léasach nó tairbhiúil an leas sin, agus beidh feidhm aige más rud é, maidir leis an leas—

(a) nach bhfuil sé ar teachtadh ach ag an duine lena mbaineann nó go bhfuil sé ar teachtadh i bpáirt le duine amháin eile nó níos mó, agus

(b) i gcás gur €5,000 nó níos mó a luach;

ciallaíonn “ bunábhar clár ” bunábhar closamhairc nó clos-bhunábhar agus folaíonn sé fógráin agus bunábhar arb é a bheidh ann, nuair a tharchuirtear é, tairiscint dhíreach don phobal earraí nó maoin eile (cibé acu réadach nó pearsanta) nó seirbhísí a dhíol leo nó a chur ar fáil dóibh;

ciallaíonn “ seirbhís craolacháin a sholáthar ” teaglaim de bhunábhar clár a chur ar fáil chun í a tharchur, a leaschraoladh nó a leathadh mar sheirbhís craolacháin;

ciallaíonn “ craoltóir seirbhíse poiblí ” RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann;

ciallaíonn “ ceadúnas craolacháin seirbhíse poiblí ” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 121 ;

ciallóidh “ cuspóirí seirbhíse poiblí ” gníomhaíocht a ghabhfaidh corparáid de láimh de bhun mhíreanna (a) go (i) d’alt 114(1)mhíreanna (a) go (h) d’alt 118(1);

ciallaíonn “ Raidió Teilifís Éireann ” an t-údarás a bunaíodh faoi alt 3 den Acht um Údarás Craolacháin 1960;

ciallaíonn “RTÉ” Raidió Teilifís Éireann;

ciallaíonn “rannach” a bheith bainteach le seirbhísí craolacháin agus seirbhísí atá gaolmhar le craolachán a sholáthar;

ciallaíonn “ seirbhís craolacháin fuaime ” seirbhís craolacháin a dhéanann tarchur, leaschraoladh nó leathadh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha nó comharthaí a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “ coiste reachtúil ” an Coiste um Dheonú Conarthaí nó an Coiste um Chomhlíonadh nó iad araon, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “ bonn suibscríofa nó íoc ar amharc ”, i ndáil le seirbhís craolacháin a chur ar fáil, bonn ar bith le muirear a ghearradh ar dhuine maidir leis nó léi do ghlacadh seirbhís craolacháin, agus folaíonn sé an bonn le muirear den sórt sin a ghearradh faoi threoir líon na míreanna de bhunábhar clár ar ar amharc sé nó sí;

tá le “ fochuideachta ” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí 1963;

ciallaíonn “ sochair aoisliúntais ” pinsin, aiscí nó liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás;

ciallaíonn “ Teilifís na Gaeilge ” an comhlacht a bunaíodh le halt 44 d’Acht 2001;

ciallaíonn “ TG4 ” Teilifís na Gaeilge;

ciallaíonn “ seirbhís clár teilifíse ” seirbhís arb é atá inti teaglaim de bhunábhar clár closamhairc de thuairisc ar bith agus a tharchuirtear, a leatar nó a leaschraoltar trí raidió-theileagrafaíocht lena glacadh go díreach nó go neamhdhíreach ag an bpobal i gcoitinne;

tá le “conradh seirbhíse clár teilifíse” agus “conraitheoir seirbhíse clár teilifíse” an bhrí chéanna atá leo in alt 70 ;

ciallaíonn “táillí ceadúnais teilifíse” táille arna híoc ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 143 i leith gléis teilifíse (de réir bhrí alt 140 );

ciallaíonn “modh trastíre”, i ndáil le seirbhís craolacháin a tharchur, aon mhodh chun seirbhís den sórt sin a tharchur le raidió-theileagrafaíocht, seachas ar mhodh córais MMD nó feiste satailíte agus léifear “modh trastíre digiteach” dá réir sin;

folaíonn “tarchur”, i gcás córais MMD, leathadh agus léifear an briathar “tarchuir” agus an briathar “atarchuir” dá réir sin;

ciallaíonn “suíomh gréasáin” suíomh gréasáin arna chothabháil ar an Idirlíon;

tá le “raidió-theileagrafaíocht” an bhrí chéanna atá le “radio-thelegrafaíocht” in Acht 1926.

Aisghairm.

3 .— Aisghairtear na hachtacháin a luaitear sa i Sceideal 1 a mhéid a shonraítear sa tríú colún de Sceideal 1.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

1IO Uimh. L. 298/23, 17.10.1989

2IO Uimh. L. 202/60, 30.07.1997

3IO Uimh. L. 332, 18.12.2007