An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Nithe Réamhráiteacha agus Ginearálta ) Ar Aghaidh (CUID 3 Craoltóirí — Dualgais, Cóid agus Rialacha )

18 2009

TODO

CUID 2

Údarás Craolacháin na hÉireann

An lá bunaithe.

5 .— Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na Coda seo, ailt 49, 157 agus Chuid 12.

An tÚdarás, an Coiste um Dheonú Conarthaí agus an Coiste um Chomhlíonadh a bhunú.

6 .— Ar an lá bunaithe—

(a) beidh arna bhunú comhlacht ar a dtabharfar, sa Bhéarla, the Broadcasting Authority of Ireland, nó, sa Ghaeilge, Údarás Craolacháin na hÉireann, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh, agus

(b) beidh arna mbunú dhá choiste de chuid an Údaráis ar a dtabharfar an Coiste um Dheonú Conarthaí agus an Coiste um Chomhlíonadh, chun na feidhmeanna a thugtar do na coistí sin leis an Acht seo a chomhlíonadh.

Comhlacht corpraithe agus séala.

7 .— (1) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha agus beidh cumhacht aige talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(2) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(3) Déanfar séala an Údaráis a fhíordheimhniú—

(a) le síniú chathaoirleach an Údaráis nó le síniú comhalta eile den Údarás, nó

(b) le síniú comhalta d’fhoireann an Údaráis,

a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.

(4) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala an Údaráis agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

(5) Féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás chuige sin i gcoitinne nó go speisialta aon chonradh nó ionstraim a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis, ar conradh nó ionstraim é nó í nár ghá a bheith faoi shéala dá ndéanfadh nó dá bhforghníomhódh duine nach comhlacht corpraithe é nó í.

(6) Is faoi shéala an Údaráis a chomhlíonfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí agus an Coiste um Chomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

An tÚdarás, an Coiste um Dheonú Conarthaí agus an Coiste um Chomhlíonadh a cheapadh.

8 .— (1) 9 is líon do chomhaltaí an Údaráis—

(a) a ndéanfaidh an Rialtas 5 díobh a cheapadh ar ainmniú ón Aire, agus

(b) faoi réir fho-alt (2), a ndéanfaidh an Rialtas 4 díobh a cheapadh ar ainmniú ón Aire.

(2) I gcás ina bhfuil ceapachán le déanamh ag an Rialtas faoi fho-alt (1)(b) nó faoin mír sin ag eascairt as folúntas dá dtagraítear in alt 10 (11)

(a) cuirfidh an tAire an ceapachán beartaithe in iúl don Chomhchoiste Oireachtais,

(b) déanfaidh an tAire, maidir le ceapachán faoi fho-alt (1)(a), ráiteas a chur ar fáil don Chomhchoiste Oireachtais ina léireofar taithí agus saineolas iomchuí na ndaoine nó an duine a bheidh ainmnithe ag an Aire lena gceapadh nó lena cheapadh nó lena ceapadh nó a bheidh ceaptha ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire, agus cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire is iomchuí,

(c) déanfaidh an Comhchoiste Oireachtais, laistigh den tréimhse 90 lá ón tráth a chuirfear an méid sin in iúl dó, ainmneacha na ndaoine nó ainm an duine a bheartaíonn sé ba chóir don Aire a ainmniú faoi fho-alt (1)(b) a chur in iúl don Aire agus tabharfaidh sé cúiseanna, amhail taithí agus saineolas iomchuí, i ndáil leis na daoine nó leis an duine beartaithe a bheidh ainmnithe,

(d) beidh aird ag an Aire ar an gcomhairle agus féadfaidh sé nó sí glacadh leis na daoine beartaithe a bheidh ainmnithe nó le cuid díobh nó leis an duine a bheidh ainmnithe nó cinneadh a dhéanamh daoine eile nó duine eile de réir mar is cuí leis nó léi a ainmniú, agus

(e) a chinneadh nó a cinneadh a chur in iúl don Chomhchoiste Oireachtais.

(3) Fir a bheidh i 4 chomhalta ar a laghad de chomhaltaí an Údaráis agus mná a bheidh i 4 chomhalta ar a laghad díobh.

(4) 8 is líon chomhaltaí an Choiste um Dheonú Conarthaí—

(a) a ndéanfaidh an Rialtas 4 chomhalta acu a cheapadh, ar ainmniú ón Aire, agus

(b) a ndéanfaidh an tÚdarás 4 chomhalta acu a cheapadh, ar 2 chomhalta de chomhaltaí an Údaráis agus 2 chomhalta de chomhaltaí foirne an Údaráis iad.

(5) Féachfaidh an Rialtas agus an tÚdarás lena áirithiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chomhionann ann idir fir agus mná i measc chomhaltaí an Choiste um Dheonú Conarthaí.

(6) 8 is líon chomhaltaí an Choiste um Chomhlíonadh—

(a) a ndéanfaidh an Rialtas 4 chomhalta acu a cheapadh, ar ainmniú ón Aire, agus

(b) a ndéanfaidh an tÚdarás 4 chomhalta acu a cheapadh, ar 2 chomhalta de chomhaltaí an Údaráis agus 2 chomhalta de chomhaltaí foirne an Údaráis iad.

(7) Féachfaidh an Rialtas agus an tÚdarás lena áirithiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chomhionann ann idir fir agus mná i measc chomhaltaí an Choiste um Chomhlíonadh.

(8) Féadfaidh an Comhchoiste Oireachtais, d’fhonn comhairle a chur ar fáil don Aire faoi fho-alt (2), painéal a bhunú, go ceann cibé tréimhse, agus ar a mbeidh cibé líon daoine, is cuí leis an gComhchoiste Oireachtais.

(9) Maidir le daoine a chuirfear ar phainéal arna bhunú faoi fho-alt (8), beidh taithí acu ar réimse amháin nó níos mó, nó beidh cumas léirithe acu i réimse amháin nó níos mó, de na réimsí a luaitear in alt 9 (1), agus roghnófar iad d’fhonn a bheith ionadaitheach do leas an phobail i leith nithe a bhaineann le craolachán.

(10) Féachfaidh an Comhchoiste Oireachtais lena chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chomhionann ann idir fir agus mná i measc na ndaoine a chuirfear ar phainéal faoi fho-alt (8).

(11) Is ar an gComhchoiste Oireachtais amháin a bheidh freagracht as iarrthóirí a roghnú agus a chur ar phainéal arna bhunú faoi fho-alt (8).

Critéir le haghaidh comhaltais.

9 .— (1) Ní cheapfaidh an Rialtas duine chun a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil mura mbeidh taithí aige nó aici ar réimse amháin nó níos mó, nó mura mbeidh cumas léirithe aige nó aici i réimse amháin nó níos mó, de na réimsí seo a leanas—

(a) gnóthaí na meán,

(b) craolachán seirbhíse poiblí, craolachán tráchtála nó craolachán pobail,

(c) táirgeadh lánais craolacháin,

(d) teicneolaíochtaí na meán digiteach,

(e) gnóthaí ceardchumainn,

(f) gnóthaí gnó nó tráchtála,

(g) nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge,

(h) nithe a bhaineann le míchumas,

(i) ealaíona, ceol, spórt nó cultúr,

(j) eolaíocht, teicneolaíocht nó nithe comhshaoil,

(k) gnóthaí dlí nó rialála, agus

(l) gnóthaí sóisialta, oideachais nó pobail nó gnóthaí Gaeltachta.

(2) Ceapfar gach comhalta den Údarás agus de choiste reachtúil ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana agus beidh sé nó sí ionadaitheach do leas an phobail i leith nithe craolacháin.

(3) Le linn don Rialtas agus don Údarás téarma ceapacháin a shocrú faoi fho-alt (2), breithneoidh siad an gá atá le leanúnachas comhaltais de chuid an Údaráis agus de chuid coiste reachtúil.

(4) Aon chomhalta den Údarás nó de choiste reachtúil a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha.

(5) Ní fhónfaidh comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil ar feadh níos mó ná 2 théarma oifige chomhleanúnacha.

(6) Féadfaidh comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil a cheapfaidh an Rialtas, éirí as oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Rialtas, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a shonrófar sa litir, nó ar an dáta a gheobhaidh an Rialtas an litir, cibé acu is déanaí.

(7) Féadfaidh comhalta den Údarás nó comhalta d’fhoireann an Údaráis a cheapfaidh an tÚdarás chun fónamh ar choiste reachtúil, éirí as a phost nó a post ar an gcoiste sin trí litir a bheidh dírithe chuig cathaoirleach an Údaráis, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a shonrófar sa litir, nó ar an dáta a gheobhaidh cathaoirleach an Údaráis an litir, cibé acu is déanaí.

Téarmaí agus cur as oifig.

10 .— (1) Íocfar le comhaltaí an Údaráis agus le comhaltaí coiste reachtúil arna cheapadh ag an Rialtas, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Íocfar le comhaltaí an Údaráis agus le comhaltaí coiste reachtúil, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé liúntais i leith caiteachas arna dtabhú acu i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Faoi réir na Coda seo, beidh comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a íoc) a chinnfidh an tAire tráth a cheaptha nó a ceaptha.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara ráiteas i scríbhinn ina sonrófar saineolas nó taithí, téarmaí oifige agus luach saothair chomhaltaí an Údaráis agus comhaltaí de choiste reachtúil a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(5) Féadfaidh an Rialtas, aon tráth, comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil a chur as oifig mar chomhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, más rud é, i dtuairim an Rialtais, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Rialtas gur gá é nó í a chur as oifig mar chomhalta chun go gcomhlíonfaidh an tÚdarás nó an coiste reachtúil, de réir mar a bheidh, a fheidhmeanna go héifeachtach, agus ní dhéanfar sin ach amháin sa chás go ndéanann gach Teach den Oireachtas rúin a rith ina n-éileofar é nó í a chur as oifig mar chomhalta.

(6) Scoirfidh comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, nó den choiste reachtúil, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi,

(d) go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, nó

(e) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith ina stiúrthóir ar aon chuideachta.

(7) Maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis a cheapfaidh an tÚdarás chun fónamh ar choiste reachtúil, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste ar scor dá chonradh seirbhíse nó dá conradh seirbhíse leis an Údarás.

(8) I gcás ina mainneoidh comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil—

(a) ar feadh tréimhse comhleanúnaí 6 mhí, freastal ar chruinniú den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, mura léireoidh an comhalta chun sástacht an Aire gur de dheasca breoiteachta a mhainnigh sé nó sí freastal,

(b) ceanglais alt 21 a chomhlíonadh, nó

(c) dearbhú a thabhairt de réir cheanglais alt 17 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995,

féadfaidh an tAire, le toiliú an Rialtais, le hordú, an comhalta a chur as oifig mar chomhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh.

(9) (a) Aon ordú a dhéanfar faoi fho-alt (8), leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is indéanta tar éis é a dhéanamh.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae ar ar leagadh an t-ordú faoi bhráid an Tí sin de réir mhír (a), rún a rith ag neamhniú an ordaithe.

(c) Tiocfaidh neamhniú ordaithe faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin ordú roimh an rún a rith.

(10) Más rud é, maidir le comhalta (seachas comhalta dá dtagraítear i bhfo-alt (11)) den Údarás, nó de choiste reachtúil arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, nó ar aon chúis eile go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, féadfaidh an Rialtas, ar ainmniú ón Aire, duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh don tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma comhaltais an chomhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire ba chúis leis an gcorrfholúntas, agus ar an dóigh chéanna ar ar ceapadh é nó í.

(11) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire faoi mhír (b) d’alt 8(1), go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, nó ar aon chúis eile go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, féadfaidh an Rialtas, ar ainmniú ón Aire agus an tAire ag féachaint do chomhairle an Chomhchoiste Oireachtais, duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh don tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma comhaltais an chomhalta den Údarás arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas ar ainmniú ón Aire faoi mhír (b) d’alt 8(1) ba chúis leis an gcorrfholúntas agus ar an dóigh chéanna ar ar ceapadh é nó í.

(12) Más rud é, maidir le comhalta de choiste reachtúil arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Údarás, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, nó ar aon chúis eile go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste, féadfaidh an tÚdarás duine dá chomhaltaí nó comhalta d’fhoireann an Údaráis a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh don tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma comhaltais an chomhalta den choiste arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas agus ar an dóigh chéanna ar ar ceapadh é nó í.

Cathaoirleach an Údaráis nó cathaoirleach coiste reachtúil.

11 .— (1) Déanfaidh an Rialtas ó am go ham de réir riachtanas na hócáide na daoine seo a leanas a cheapadh, ar ainmniú ón Aire—

(a) comhalta den Údarás chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air,

(b) comhalta den Choiste um Dheonú Conarthaí arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas faoi alt 8 (4)(a) chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air, agus

(c) comhalta den Choiste um Chomhlíonadh arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Rialtas faoi alt 8 (6)(a) chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air.

(2) Beidh cathaoirleach i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé nó sí, a éireoidh sé nó sí as oifig an chathaoirligh nó a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach faoi fho-alt (4), go dtí deireadh a thréimhse oifige nó a tréimhse oifige mar chomhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh.

(3) Féadfaidh cathaoirleach éirí as a oifig nó as a hoifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chuig an Rialtas agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar é roimhe sin i scríbhinn, nuair a thosóidh an cruinniú den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, is túisce a thionólfar tar éis don Rialtas an t-éirí as a chur in iúl don chomhlacht.

(4) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach le linn a théarma oifige nó a téarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar bheidh, scoirfidh sé nó sí freisin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcomhlacht.

(5) San alt seo ciallaíonn “cathaoirleach” cathaoirleach an Údaráis nó cathaoirleach coiste reachtúil, de réir mar a bheidh.

Eisiamh ó chomhaltas an Údaráis nó coiste reachtúil.

12 .— (1) I gcás ina n-ainmneofar comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chuig Parlaimint na hEorpa, nó chuig ceachtar Teach den Oireachtas, beidh sé nó sí air sin ar fionraí ó chomhaltas an Údaráis nó an choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, agus ní bheidh sé nó sí i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Údarás nó den choiste reachtúil nó aon luach saothair nó liúntais a fháil ón Údarás i leith na tréimhse dar tosach an t-ainmniú sin agus dar críoch an tráth a mheasfar amhlaidh maidir leis an duine sin nár toghadh é nó í, de réir mar a bheidh.

(2) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh.

(3) Más rud é, maidir leis an duine arb é nó í príomhfheidhmeannach an Údaráis nó ar comhalta é nó í d’fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil nó ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach ar an Údarás nó ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Údaráis.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), léifear an fo-alt sin mar ní lena dtoirmisctear, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochar aoisliúntais.

(6) Aon duine a shealbhaíonn fostaíocht nó leas i ngnóthas craolacháin, lena n-áirítear craoltóir seirbhíse poiblí ach gan a bheith teoranta dó sin, nó i ngnóthas a shealbhaíonn conradh faoin Acht seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil.

(7) Aon duine a shealbhaíonn leas i ngnóthas a fhoilsíonn nuachtán sa Stát, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste reachtúil.

(8) Aon duine a shealbhaíonn comhaltas den Choiste um Dheonú Conarthaí, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Chomhlíonadh.

(9) Aon duine a shealbhaíonn comhaltas den Choiste um Chomhlíonadh, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, nó scoireann sé nó sí de bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Dheonú Conarthaí.

Cruinnithe den Údarás nó de choiste reachtúil.

13 .— (1) Tionólfaidh an tÚdarás agus coiste reachtúil cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, tráth agus ionad a shocrú don chéad chruinniú den Údarás agus de choiste reachtúil.

(3) Faoi réir na Coda seo, déanfaidh an tÚdarás agus coiste reachtúil a nós imeachta agus a gcleachtas a rialáil le rialacha arna ndéanamh faoin alt seo.

(4) Foilseofar aon rialacha a dhéanfar faoin alt seo ar shuíomh gréasáin ar an Idirlíon a bheidh le cothabháil ag an Údarás.

(5) Ag cruinniú den Údarás nó de choiste reachtúil—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis nó an choiste, de réir mar a bheidh, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil an cathaoirleach i láthair nó má tá agus fad atá oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás nó den choiste, de réir mar a bheidh, atá i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(6) Ag cruinniú den Údarás nó de choiste reachtúil, beidh vóta ag gach comhalta den Údarás nó den choiste, de réir mar a bheidh, atá i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach agus, maidir le haon cheist ar gá vótáil ina leith chun tuairim an Údaráis nó an choiste a shuíomh, déanfar í a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Údarás nó den choiste reachtúil, de réir mar a bheidh, atá i láthair nuair a dhéantar an vótáil agus a vótálann ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh dara vóta agus vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(7) 5 is córam do chruinniú den Údarás.

(8) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Dheonú Conarthaí, ar comhaltaí 2 chomhalta acu arna gceapadh ag an Rialtas faoi alt 8 (4)(a).

(9) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Chomhlíonadh ar comhaltaí 2 chomhalta acu arna gceapadh ag an Rialtas faoi alt 8 (6)(a).

(10) Féadfaidh an tÚdarás nó coiste reachtúil gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(11) Faoi réir aon rialach a dhéanfar faoi fho-alt (3), féadfar cruinnithe den Údarás nó de choiste reachtúil a thionól ar an teileafón nó trí mheán leictreonach oiriúnach eile trínar féidir le gach comhalta den Údarás nó den choiste reachtúil iomchuí cloisteáil agus trínar féidir gach comhalta den sórt sin a chloisteáil.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis.

14 .— (1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (“príomhfheidhmeannach”).

(2) Comhlíonfaidh an príomhfheidhmeannach a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi réir cibé beartas a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham agus beidh sé nó sí freagrach don Údarás as an Údarás, as an gCoiste um Dheonú Conarthaí agus as an gCoiste um Chomhlíonadh a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a tharmligean chuig comhalta foirne den Údarás, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an bpríomhfheidhmeannach, mura rud é go dtarmligtear chuig an bpríomhfheidhmeannach iad faoi réir an choinníll nach ndéanfar iad a fho-tharmligean, agus beidh an comhalta foirne lena mbaineann cuntasach don phríomhfheidhmeannach as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligtear amhlaidh chuige nó chuici.

(4) D’ainneoin aon tarmligin faoi fho-alt (3), leanfaidh an príomhfheidhmeannach de bheith cuntasach gach tráth don Údarás as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligtear amhlaidh.

(5) Beidh príomhfheidhmeannach an Údaráis i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(6) Déanfaidh an tÚdarás an príomhfheidhmeannach a cheapadh, le toiliú an Aire, trí chomórtas poiblí.

(7) Féadfaidh an tAire príomhfheidhmeannach CCÉ a cheapadh chun bheith ina phríomhfheidhmeannach eatramhach nó ina príomhfheidhmeannach eatramhach ar an Údarás.

(8) Faoi réir fho-alt (10), beidh príomhfheidhmeannach eatramhach an Údaráis i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse (is tréimhse nach faide in aon chás ná aon bhliain amháin tar éis bhunú an Údaráis) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire.

(9) I gcás go scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (7) de bheith i seilbh oifige ar aon chúis (seachas faoi fho-alt (10)) roimh dhul in éag do thréimhse a cheapacháin nó a ceapacháin, féadfaidh an tAire duine a cheapadh ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach eatramhach agus a bheidh i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse (is tréimhse nach rachaidh in aon chás thar a mbeidh fágtha de théarma oifige an duine ba chúis leis an bhfolúntas a gceapfar é nó í lena líonadh) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire.

(10) Nuair a cheapfar príomhfheidhmeannach faoi fho-alt (6) (12), scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach an Údaráis d’oifig a shealbhú.

(11) Go dtí go gceapfar príomhfheidhmeannach ar an Údarás faoi fho-alt (6) (12), déanfaidh príomhfheidhmeannach eatramhach an Údaráis feidhmeanna uile príomhfheidhmeannaigh faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(12) D’ainneoin fho-alt (6), féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus gan roghnú a dhéanamh trí chomórtas poiblí, duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach ar CCÉ, a cheapadh chun bheith ina chéad nó ina céad phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.

(13) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig nó fostaíocht eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó eile gan toiliú an Údaráis.

(14) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis airgeadais) a éileoidh an tÚdarás ó am go ham i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a thabhairt don Údarás.

(15) Féadfaidh cibé comhalta d’fhoireann an Údaráis a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an Údarás chun na críche sin feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh le linn don phríomhfheidhmeannach a bheith as láthair nó nuair a bheidh post an phríomhfheidhmeannaigh folamh.

(16) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, an príomhfheidhmeannach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

Foireann.

15 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, chomh maith leis an bpríomhfheidhmeannach a cheapadh, cibé daoine agus cibé líon daoine eile is cuí leis an Údarás ó am go ham a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Údaráis, faoi réir réamhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) Ní cheapfar duine faoin alt seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Údaráis mura rud é go ndearnadh é nó í a roghnú trí chomórtas poiblí.

(3) Níl feidhm ag an gceanglas faoi fho-alt (2) go roghnófar duine trí chomórtas poiblí:

(a) i ndáil le duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann CCÉ,

(b) i ndáil le ceapachán arb éard atá ann ardú céime do dhuine is comhalta cheana féin d’fhoireann an Údaráis,

(c) i ndáil le hoifig ar gá, i dtuairim an Údaráis, saincháilíochtaí chuici nach gnách ag daoine, nó

(d) i ndáil le hoifig nach ndéantar ceapacháin chuici ach amháin go ceann tréimhsí teoranta, is tréimhsí nach faide ná 2 bhliain.

(4) Sealbhóidh comhalta d’fhoireann an Údaráis a oifig nó a hoifig nó a fhostaíocht nó a fostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá chomhaltaí foirne a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

(6) Glacfaidh an tÚdarás isteach ina fhostaíocht ar an lá bunaithe, de réir an ailt seo, gach duine atá, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann CCÉ.

(7) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d’fhoireann CCÉ a aistreofar ar an lá bunaithe chuig an Údarás, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an Údaráis, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé nó sí faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.

(8) Go dtí cibé tráth a dhéanfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí foirne a aistreofar amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal acu chucu agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir sular aistríodh iad d’fheidhm a bheith acu maidir leo agus féadfaidh an tÚdarás nó príomhfheidhmeannach an Údaráis, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh siad i seirbhís an Údaráis. Mar a fhoráiltear i bhfo-alt (7), ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá agus na coinníollacha seirbhíse a bhain leis na comhaltaí foirne sin díreach roimh an lá bunaithe, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann.

(9) Na coinníollacha maidir le seilbh oifige a dheonóidh an tÚdarás i ndáil le comhalta foirne a aistreofar amhlaidh ní lú fabhar dó nó di iad, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an Údaráis, ná na coinníollacha a bheidh i réim ar an lá bunaithe i CCÉ. Aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní lú fabhar dó nó di é ná na coinníollacha a bheidh i réim i CCÉ tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann. Má bhíonn aon díospóid idir an tÚdarás agus aon chomhalta foirne den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha a bhí i réim i CCÉ ar an lá bunaithe, is é nó is í an tAire Airgeadais a chinnfidh an ní.

Aoisliúntas.

16 .— (1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí foirne an Údaráis, lena n-áirítear príomhfheidhmeannach an Údaráis, nó ina leith.

(2) Socróidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim aoisliúntais lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Maidir le scéim aoisliúntais a chuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, déanfaidh an tÚdarás í a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Beidh ar áireamh i ngach scéim aoisliúntais foráil le haghaidh achomharc i gcoinne breithe a bhaineann le sochar aoisliúntais faoin scéim.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon sochair aoisliúntais do dhuine nó ina leith, ar scor dó nó di de bheith ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach ar an Údarás nó de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Údaráis, ar shlí seachas—

(a) de réir scéime nó scéimeanna aoisliúntais, nó

(b) le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(7) Beidh foráil i ngach scéim aoisliúntais maidir le coinníollacha i leith daoine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina gcomhaltaí d’fhoireann CCÉ ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá bunaithe.

(8) Maidir leis na sochair aoisliúntais a fhéadfar a dheonú do dhaoine nó i leith daoine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina gcomhaltaí d’fhoireann CCÉ, eisíocfar iad ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá leanfaí de na sochair dá dtagraítear a íoc as airgead arna sholáthar ag CCÉ.

(9) I gcás go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine lena mbaineann fo-alt (7), nó ina leith, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh theacht i ngníomh do scéim arna cur faoi bhráid an Aire agus arna ceadú faoin alt seo, déanfaidh an tÚdarás an liúntas a ríomh agus a íoc de réir cibé socruithe aoisliúntais nó cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a bhain leis an duine sin díreach roimh an lá bunaithe agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin.

(10) (a) Déanfaidh an tAire scéim aoisliúntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh scéim faoi bhráid an Tí sin de réir mhír (a), an scéim a neamhniú.

(c) Tiocfaidh neamhniú scéime faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin scéim roimh an rún a rith.

Coistí comhairleacha.

17 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás coistí comhairleacha a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt dó nó do choiste reachtúil i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) I gcás ina mbeidh comhaltaí seachas comhaltaí den Údarás nó de choiste reachtúil nó d’fhoireann an Údaráis ar áireamh ar choistí comhairleacha, féadfar cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a mheasfaidh an tÚdarás a bheith réasúnach a íoc leis na comhaltaí sin faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta a choistí comhairleacha a rialáil ach, faoi réir na rialála sin, féadfaidh coiste comhairleach a nós imeachta féin a rialáil.

(4) Beidh aird ag an Údarás nó ag coiste reachtúil agus ag an bpríomhfheidhmeannach ar an gcomhairle a thabharfaidh aon choiste comhairleach faoin alt seo ach ní bheidh siad faoi cheangal déanamh dá réir.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

18 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh an tÚdarás nó coiste reachtúil is gá chun feidhmeanna an Údaráis nó coiste reachtúil a chomhlíonadh, agus déanfaidh an tÚdarás aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh faoina réir aige.

(2) Beidh aird ag an Údarás nó ag coiste reachtúil agus ag an bpríomhfheidhmeannach ar an gcomhairle a thabharfaidh aon sainchomhairleoir nó comhairleoir faoin alt seo ach ní bheidh siad faoi cheangal déanamh dá réir.

Cuntasacht an phríomh-fheidhmeannaigh don Choiste um Chuntais Phoiblí.

19 .— (1) Aon uair a éileoidh Coiste de Dháil Éireann air nó uirthi déanamh amhlaidh, ar Coiste é arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann orthu, tabharfaidh an príomhfheidhmeannach fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, le reacht nó faoi reacht, ar an Údarás a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a chuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheasúnú,

(d) aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann, agus

(e) gach ní a bhaineann leis an Údarás do chaitheamh an airgid a gheofar faoi alt 34 .

(2) Ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach, má éilítear air nó uirthi fianaise a thabhairt faoi fho-alt (1), ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.

Cuntasacht phríomhfheidhm-eannach agus chathaoirleach an Údaráis agus cathaoirleach coistí reachtúla do Choistí Oireachtais eile.

20 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “Coiste” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de Choiste den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (4), freastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair Coiste, ar iarraidh i scríbhinn uaidh, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Údaráis agus coiste reachtúil.

(3) Faoi réir fho-alt (4), freastalóidh cathaoirleach an Údaráis nó coiste reachtúil os comhair Coiste, ar iarraidh i scríbhinn uaidh, chun léiriú a thabhairt ar thuairimí an Údaráis nó coiste reachtúil.

(4) Ní cheanglófar ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an gcathaoirleach cuntas a thabhairt os comhair Coiste, nó léiriú a thabhairt ar thuairimí an Údaráis nó coiste reachtúil do Choiste, i leith aon ní is ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse sa Stát nó ab ábhar d’imeachtaí den sórt sin nó a fhéadfaidh a bheith ina ábhar d’imeachtaí den sórt sin sa todhchaí.

(5) Más é tuairim an phríomhfheidhmeannaigh nó an chathaoirligh gur ní lena mbaineann fo-alt (4) aon ní a n-iarrtar ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an gcathaoirleach cuntas a thabhairt ina leith os comhair Coiste, nó léiriú a thabhairt ar thuairimí an Údaráis nó coiste reachtúil do Choiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin in iúl don Choiste mar aon leis na cúiseanna atá leis an tuairim agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a mbeidh an príomhfheidhmeannach nó an cathaoirleach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(6) I gcás ina mbeidh an príomhfheidhmeannach nó an cathaoirleach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (5) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3) a mhéid a bhainfidh sí le ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó an cathaoirleach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na hArd-Chúirte chun an cheist a chinneadh i dtaobh an ní é an ní a bhfuil feidhm ag fo-alt (4) maidir leis, nó

(b) féadfaidh cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus féadfaidh an Ard-Chúirt an ní a chinneadh.

(7) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (6), ní fhreastalóidh an príomhfheidhmeannach nó an cathaoirleach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas nó tuairimí an Údaráis nó coiste reachtúil a léiriú maidir leis.

(8) Má chinneann an Ard-Chúirt, maidir leis an ní lena mbaineann, gur ní é a bhfuil feidhm ag fo-alt (4) maidir leis, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (4), freastalóidh an príomhfheidhmeannach nó an cathaoirleach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní nó chun léiriú a thabhairt ar thuairimí an Údaráis nó coiste reachtúil maidir leis.

Comhaltaí den Údarás agus de choiste reachtúil do nochtadh leasanna áirithe.

21 .— (1) Aon chomhalta den Údarás nó de choiste reachtúil—

(a) ag a bhfuil aon leas in aon chomhlacht nó gnólacht lena ndearna an tÚdarás conradh nó lena mbeartaíonn an tÚdarás conradh a dhéanamh, nó

(b) ag a bhfuil aon leas in aon chonradh a rinne an tÚdarás nó a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don Údarás nó don choiste go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é cineál an leasa agus ní bheidh sé nó sí i láthair ag aon phlé nó breith ag an Údarás nó ag an gcoiste maidir leis an gconradh.

(2) Más rud é, ag cruinniú den Údarás nó de choiste reachtúil, go n-éiríonn aon cheann de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an tÚdarás nó an coiste nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon chomhalta den Údarás nó de choiste reachtúil atá i láthair ag an gcruinniú agus a bhfuil leas aige nó aici sa ní ar shlí eile seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin—

(i) ag an gcruinniú, nochtfaidh sé nó sí don Údarás nó don choiste go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é cineál an leasa,

(ii) ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le tabhairt i ndáil leis an ní,

(iii) fanfaidh sé nó sí as láthair ón gcruinniú nó ón gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléitear an ní,

(iv) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an tÚdarás nó an coiste i ndáil leis an ní, agus

(v) ní vótálfaidh sé nó sí ar bhreith a bhaineann leis an ní.

(3) I gcás go nochtfar leas faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an ní lena mbaineann an nochtadh á bhreithniú nó á phlé ag an gcruinniú, ní áireofar an comhalta a dhéanann an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(4) I gcás go n-éireoidh ceist ag cruinniú den Údarás nó de choiste reachtúil i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag comhalta den Údarás, nó de choiste reachtúil den Údarás, dá ndéanfadh sé nó sé dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás nó an coiste an cheist a chinneadh, agus is breith chríochnaitheach a bheidh i mbreith an Údaráis nó an choiste, agus i gcás go gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) Chun críocha an ailt seo agus alt 22 ní mheasfar leas in aon ní a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas ag an duine sin, nó ag aon chuideachta a bhfuil leas aige nó aici inti, atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an ní sin.

Foireann an Údaráis do nochtadh leasanna áirithe.

22 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó sainchomhairleoir nó comhairleoir atá fostaithe faoi alt 18 , in earnáil arna sonrú sular fhostaigh an tÚdarás é nó í, go bhfuil leas aige nó aici ar shlí eile seachas ina cháil nó ina cháil mar chomhalta, sainchomhairleoir nó comhairleoir den sórt sin, in aon chonradh, nó in aon chonradh beartaithe, ar páirtí ann, nó a mbeartaítear gur páirtí ann, an tÚdarás, nó in aon chomhaontú nó socrú nó in aon chomhaontú nó socrú beartaithe ar páirtí ann, nó a mbeartaítear gur páirtí ann, an tÚdarás nó coiste reachtúil—

(a) nochtfaidh sé nó sí don Údarás go bhfuil leas aige nó aici agus cad é cineál an leasa,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó an tsocraithe nó in aon phlé ag comhaltaí an Údaráis nó an choiste nó ag comhaltaí d’fhoireann an Údaráis i ndáil leis,

(c) ní imreoidh sé nó sí tionchar ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt ar bhreith a bheidh le tabhairt ar an ní, agus

(d) ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an socrú.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine i dtaca le conradh nó conradh beartaithe fostaíochta de chuid an duine sin mar chomhalta d’fhoireann an Údaráis.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine i dtaca le conradh nó conradh beartaithe le haghaidh seirbhísí i leith an duine sin.

(4) San alt seo folaíonn “comhalta d’fhoireann” an príomhfheidhmeannach.

(5) I gcás ina mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) ceanglas den alt seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an tÚdarás breith maidir leis an mbeart cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh.

Cód iompair.

23 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, cód iompair a tharraingt suas agus a ghlacadh i leith rialuithe ar leasanna agus iompair eiticiúil a mbeidh feidhm aige maidir le gach comhalta den Údarás, de choiste reachtúil, de choiste comhairleach agus gach comhalta d’fhoireann an Údaráis.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, cód iompair a tharraingt suas i leith rialuithe ar leasanna agus iompair eiticiúil a mbeidh feidhm aige maidir le cibé earnálacha conraitheoirí le haghaidh seirbhísí a shonróidh an tÚdarás roimh an bhfostú.

(3) Foilseoidh an tÚdarás ar shuíomh gréasáin arna chothabháil ag an Údarás aon chód iompair a tharraingeofar suas faoi fho-ailt (1) agus (2).

Neamhspleáchas.

24 .— Faoi réir an Achta seo, beidh an tÚdarás agus gach coiste reachtúil neamhspleách i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

Cuspóirí an Údaráis.

25 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás agus na coistí reachtúla, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, iarracht a chinntiú—

(a) maidir leis an líon agus leis na hearnálacha seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát de bhua an Achta seo gurb iad is fearr a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cur a dteangacha agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin, eitice agus cultúir san áireamh,

(b) go dtacófar leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh, agus

(c) go soláthrófar seirbhísí craolacháin atá oscailte agus iolraíoch.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an tÚdarás agus na coistí reachtúla—

(a) soláthar clár ardchaighdeáin, éagsúil agus nuálach ag craoltóirí tráchtála, pobail agus seirbhíse poiblí agus léiritheoirí neamhspleácha a spreagadh,

(b) a éascú do chraoltóirí seirbhíse poiblí a gcuid cuspóirí seirbhíse poiblí mar atá leagtha amach san Acht seo a chomhall,

(c) éagsúlacht a chur chun cinn sa rialú ar na seirbhísí craolacháin tráchtála agus pobail is mó ag a bhfuil tionchar,

(d) timpeallacht rialaitheach a sholáthar a dhéanfaidh iriseoireacht neamhspleách neamhchlaon a chothú,

(e) timpeallachta rialaitheach a sholáthar dhéanfaidh comhlíonadh an dlí fostaíochta is infheidhme a chothú,

(f) leasanna leanaí a chosaint, ag cur san áireamh a ghéilliúla agus atá leanaí agus an óige do shaothrú tráchtála míchuí.

(g) timpeallacht rialaitheach a sholáthar lena n-éascófar forbairt earnála craolacháin in Éirinn ina dtabharfar aird ar riachtanais lucht féachana agus éisteachta agus, go háirithe, a bheidh inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, agus

(h) forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh.

(3) Féachfaidh an tÚdarás agus na coistí reachtúla, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, lena chinntiú, maidir leis na bearta a dhéanfar—

(a) go mbeidh siad comhréireach ag féachaint do na cuspóirí atá leagtha amach san alt seo,

(b) go gcuirfear chun feidhme iad thar an raon seirbhísí craolacháin le linn an méid tionchair ar féidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí craolacháin a imirt maidir le múnlú tuairimí lucht féachana agus éisteachta sa Stát a chur i gcuntas,

(c) go gcoimeádfar i gcuimhne iontu na cuspóirí, na feidhmeanna agus na dualgais atá leagtha amach do chraoltóirí seirbhíse poiblí i gCodanna 7 agus 8,

(d) go mbeidh mar thoradh orthu socruithe rialaitheacha a bheidh cobhsaí agus intuartha, agus

(e) go bhfreastalófar leo go réidh ar fhorbairt na teicneolaíochta, agus ar fheidhmiú na forbartha sin, ag an earnáil chraolacháin agus go ndéanfar leo an céanna a spreagadh go réidh.

Feidhmeanna an Údaráis.

26 .— (1) Is iad príomhfheidhmeanna an Údaráis—

(a) straitéis a ullmhú maidir le seirbhísí craolacháin a sholáthar sa Stát de bhreis ar na seirbhísí craolacháin a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann,

(b) ráiteas a ullmhú faoi alt 29 (1),

(c) idirchaidreamh a dhéanamh leis an Rialálaí Cumarsáide agus dul i gcomhairle leis nó léi le linn an plean leithroinnte a ullmhú le haghaidh an raoin minicíochta atá tiomnaithe don chraoladh fuaime agus teilifíse,

(d) ordú tobhaigh a dhéanamh faoi alt 33 (1),

(e) cóid agus rialacha craolacháin a ullmhú nó a dhéanamh,

(f) scéim a ullmhú maidir leis an gceart freagartha a fheidhmiú,

(g) a ordú don Choiste um Dheonú Conarthaí socruithe a dhéanamh, de réir Chodanna 6 agus 8, chun tograí a lorg, a bhreithniú agus a mholadh don Údarás, agus leanfaidh an tÚdarás an moladh sin, ar tograí iad—

(i) maidir le seirbhísí craolacháin a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí craolacháin a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann faoi Chuid 7, agus

(ii) maidir le seirbhísí ilphléacs a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí ilphléacs a sholáthraíonn RTÉ faoi Chodanna 7 agus 8,

(h) rialacha a ullmhú agus conarthaí a dhéanamh i leith eolaithe clár leictreonacha,

(i) díospóidí a eascraíonn faoi alt 76 (2) agus alt 77 (5) a chinneadh,

(j) tuarascáil a thabhairt don Aire faoi alt 77 (15),

(k) dul i gcomhairle leis an Aire faoi ailt 101(3), 102(3), 103(4), 104(1), (2) agus (3), 106(3), 107(3), 111(4), 112(2), (7) agus (11), 116(5), 127(6), 130(1) agus 130(12),

(l) treoir a ullmhú agus a eisiúint chuig RTÉ agus TG4 maidir le comhlíonadh a n-oibleagáidí faoi ailt 109(11) agus 112(2),

(m) athbhreithniú a ghabháil de láimh faoi alt 124 (2) agus (8) agus alt 128 (3),

(n) moladh a dhéanamh faoi alt 124 (5) agus (12),

(o) iarraidh a dhéanamh faoi alt 115 , alt 130(10), alt 132 (3) alt 133 (3)(4),

(p) tuarascáil a thabhairt don Aire faoi alt 139 (1) maidir le hullmhacht le haghaidh craolachán analóige a mhúchadh,

(q) faisnéis a sholáthar don phobal maidir le seirbhísí a bheith ar fáil trí mheán ilphléacsanna teilifíse, agus

(r) scéimeanna chun cistí a dheonú faoi Chuid 10 a ullmhú agus a chur i ngníomh.

(2) Tá na feidhmeanna coimhdeacha seo a leanas ag an Údarás—

(a) faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh maidir leis an earnáil chraolacháin sa Stát,

(b) faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an gcraolachán go hidirnáisiúnta,

(c) taighde a thionscnamh, a eagrú, a éascú agus a chur chun cinn maidir le nithe craolacháin,

(d) faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh i ndáil le riachtanais na hearnála craolacháin maidir le scileanna,

(e) comhoibriú le comhlachtaí eile, lena n-áirítear comhlachtaí ionadaíocha laistigh den earnáil chraolacháin, chun gníomhaíochtaí oiliúna a chur chun cinn i réimsí san earnáil chraolacháin ina bhfuil easpaí ó thaobh scileanna de,

(f) comhoibriú le comhlachtaí eile lasmuigh den Stát a chomhlíonann feidhmeanna atá comhchosúil le feidhmeanna an Údaráis, agus

(g) taighde, bearta agus gníomhaíochtaí a ghabháil de láimh, a spreagadh agus a chothú, atá dírithe ar litearthacht ó thaobh na meán a chur chun cinn, lena n-áirítear comhoibriú le craoltóirí, le hoideachasóirí agus le daoine iomchuí eile.

(3) Le linn don Údarás a fheidhm faoi fho-alt (1)(a) a chomhlíonadh, déanfaidh sé riachtanais craoltóirí pobail maidir le craoladh digiteach a bhreithniú.

(4) D’fhonn a gcuid feidhmeanna agus dualgas, mar a leagtar amach sa Chuid seo iad, a chomhall go neamhspleách, féadfaidh an tÚdarás nó coiste reachtúil comhaontuithe a dhéanamh lena chéile.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise eile i ndáil le seirbhísí craolacháin a thabhairt don Údarás a mheasfaidh sé nó sí is gá ó am go ham.

(6) (a) Aon ordú a dhéanfar faoi fho-alt (4), leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagadh ordú faoina bhráid de réir mhír (a), rún a rith ag neamhniú an ordaithe.

(c) Tiocfaidh neamhniú ordaithe faoi mhír (b) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanfaidh sé difear d’aon ní a rinneadh faoin ordú roimh an rún a rith.

Feidhmeanna an Choiste um Dheonú Conarthaí.

27 .— Is iad príomhfheidhmeanna an Choiste um Dheonú Conarthaí socruithe a dhéanamh, ar ordú ón Údarás, de réir Chodanna 6 agus 8, chun tograí a lorg, a bhreithniú agus a mholadh don Údarás, agus leanfaidh an tÚdarás an moladh sin, ar tograí iad—

(a) maidir le seirbhísí craolacháin a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí craolacháin a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann faoi Chuid 7, agus

(b) maidir le seirbhísí ilphléacs a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí ilphléacs a sholáthraíonn RTÉ faoi Chodanna 7 agus 8.

Feidhmeanna an Choiste um Chomhlíonadh.

28 .— (1) Is iad príomhfheidhmeanna an Choiste um Chomhlíonadh—

(a) faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh ag conraitheoirí ar théarmaí agus coinníollacha aon chonartha arna dhéanamh ag an Údarás ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí faoin Acht seo,

(b) téarmaí agus coinníollacha aon chonartha arna dhéanamh ag an Údarás ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí faoin Acht seo a fhorfheidhmiú,

(c) faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh—

(i) ag craoltóirí ar ailt 39, 40 agus 41,

(ii) ag RTÉ agus TG4 ar alt 106(3), agus

(iii) ag Bealach Scannán na hÉireann ar alt 127 (6),

(d) comhlíonadh—

(i) ag craoltóirí ar ailt 39, 40 agus 41 a fhorfheidhmiú,

(ii) ag RTÉ agus TG4 ar alt 106 (3) a fhorfheidhmiú, agus

(iii) ag Bealach Scannán na hÉireann ar alt 127 (6) a fhorfheidhmiú,

(e) faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh ag craoltóirí ar aon chód craolacháin nó riail chraolacháin,

(f) comhlíonadh aon chóid craolacháin nó aon rialach craolacháin ag craoltóirí a fhorfheidhmiú,

(g) gearán arna dhéanamh faoi alt 48 a imscrúdú agus breith a thabhairt air, agus

(h) iarraidh arna déanamh faoi alt 49 a imscrúdú agus breith a thabhairt uirthi.

(2) Tá na feidhmeanna breise seo a leanas ag an gCoiste um Chomhlíonadh—

(a) ar iarraidh ón Aire, tuarascáil a thabhairt ar an gcomhlíonadh ag corparáid faoi ailt 108(3), 109(13), 111(11) agus 112(10),

(b) ar iarraidh ón Aire, tuarascáil a thabhairt ar an gcion de sheirbhís clár teilifíse craoltóra a dhéantar—

(i) a tháirgeadh sa Stát nó i mBallstát eile, agus

(ii) a chaitheamh ar bhunábhar clár bunúil arna tháirgeadh sa Stát nó i mBallstát eile ag daoine seachas an craoltóir, a fhochuideachta nó a fochuideachta, a mháthairchuideachta nó a máthairchuideachta nó eagraíochtaí craolacháin láithreacha.

(3) Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis gCoiste um Chomhlíonadh, cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chun comhalta d’fhoireann an Údaráis, nach comhalta den Choiste um Chomhlíonadh é nó í, agus beidh an comhalta den fhoireann lena mbaineann cuntasach don Choiste um Chomhlíonadh as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh chuige nó chuici.

(4) Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chun fochoiste den Choiste um Chomhlíonadh, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an gCoiste um Chomhlíonadh is cuí.

(5) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh athbhreithniú ar bhonn leanúnach ar a mhéid a dhéanann craoltaí teilifíse de chuid craoltóirí atá faoi dhlínse Ballstáit eile agus atá dírithe go hiomlán nó go príomha ar luchtanna féachana sa Stát cóid chraolacháin, na cóid dá dtagraítear in alt 42 (2)(g) agus (h) go háirithe, a chomhlíonadh.

(6) Déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh tuarascáil a thabhairt don Aire gach bliain maidir leis na nithe i bhfo-alt (5).

(7) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Ráitis straitéise.

29 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás ráiteas straitéise (“ráiteas straitéise”) a tharraingt suas agus a ghlacadh ina léireofar feidhmeanna reachtúla an Údaráis, an Choiste um Dheonú Conarthaí, agus an Choiste um Chomhlíonadh.

(2) Maidir le ráiteas straitéise—

(a) beidh ann na cuspóirí fíorthábhachtacha, na haschuir agus na straitéisí gaolmhara, lena n-áirítear úsáid acmhainní,

(b) ullmhófar é i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham,

(c) tabharfar aird ann ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní,

(d) ach amháin i gcás an chéad ráitis straitéise, áireofar ann athbhreithniú ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an ráitis le linn na tréimhse 3 bliana roimhe sin,

(e) glacfar é laistigh de 12 mhí ón lá bunaithe agus gach 3 bliana dá éis sin,

(f) breithneofar ann aon chumarsáid bheartais faoi alt 30 , agus

(g) áireofar ann pleananna an Údaráis maidir le líon, le cineál agus le scóip na gconarthaí a bheartaíonn sé a dhéanamh ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí le linn na tréimhse a chuimsítear sa ráiteas.

(3) Tíolacfaidh an tÚdarás cóip den ráiteas straitéise don Aire agus do cibé coistí de cheachtar Teach den Oireachtas nó den dá Theach acu, a ordóidh an tAire ó am go ham.

(4) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na comhaltaí den Choiste um Dheonú Conarthaí agus den Choiste um Chomhlíonadh le linn dó ráiteas straitéise a tharraingt suas faoi fho-alt (1).

(5) Roimh ráiteas straitéise a ghlacadh agus a thíolacadh don Aire, déanfaidh an tÚdarás próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le dréacht den ráiteas straitéise a ghabháil de láimh.

Cumarsáidí beartais.

30 .— (1) Ar mhaithe le rialáil chuí éifeachtach na hearnála craolacháin agus le beartas a fhoirmliú is infheidhme maidir le rialáil chuí éifeachtach den sórt sin, féadfaidh an tAire cibé cumarsáidí beartais a eisiúint chuig an Údarás a measfaidh sé nó sí gur cuí go ndéanfadh an tÚdarás dá réir le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Tabharfaidh an tÚdarás aird ar aon chumarsáidí den sórt sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Sula n-eiseoidh an tAire cumarsáid, déanfaidh sé nó sí dréacht den chumarsáid atá beartaithe a thabhairt don Údarás agus a fhoilsiú agus—

(a) na cúiseanna a bhí leis a thabhairt, agus

(b) an tréimhse (nach lú ná 21 lá ón dáta a thabharfar an dréacht don Údarás nó a fhoilseofar é, cibé acu is déanaí) a shonrú a bhféadfaidh páirtithe leasmhara uiríll i ndáil leis an togra a dhéanamh laistigh di.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici faoi fho-alt (2) a bhreithniú, an chumarsáid a eisiúint fara leasú nó gan leasú.

(4) I gcás go mbeartaíonn an tAire cumarsáid a ullmhú ar dóigh leis an Aire ina leith go bhfuil baint aici, nó go bhféadfadh baint a bheith aici, le feidhmeanna Aire eile den Rialtas, ní dhéanfaidh an tAire dréacht den togra a eisiúint chuig an Údarás nó a fhoilsiú faoi fho-alt (2) gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire eile sin den Rialtas.

(5) Ní eiseoidh an tAire cumarsáid i leith chomhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis i leith gnóthas aonair nó daoine aonair.

(6) Ní eiseoidh an tAire cumarsáid faoi fho-alt (1) i leith chomhlíonadh fheidhmeanna an Choiste um Dheonú Conarthaí nó an Choiste um Chomhlíonadh.

(7) Leagfaidh an tAire cumarsáid faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis í a thabhairt.

(8) San alt seo ciallaíonn “cumarsáid” cumarsáid bheartais faoin alt seo.

Cumhachtaí.

31 .— (1) Beidh ag an Údarás agus ag coiste reachtúil na cumhachtaí go léir atá riachtanach, teagmhasach nó cuiditheach maidir lena fheidhmeanna.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh ag an Údarás cumhacht atá riachtanach, teagmhasach nó cuiditheach maidir lena fheidhmeanna—

(a) chun conarthaí, comhaontuithe, agus socruithe a dhéanamh,

(b) chun a cheangal ar chonraitheoirí dul i mbannaí airgeadais leis an Údarás ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí,

(c) chun cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus lamháltais a fháil agus leas a bhaint astu,

(d) chun bunábhar clóite, clos-bhunábhar agus bunábhar closamhairc a thiomsú, a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh, fara muirear nó gan mhuirear,

(e) chun socrú a dhéanamh, faoi réir thoiliú an Aire, maidir le seirbhísí craolachán agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar d’aon Aire den Rialtas agus thar ceann aon Aire den Rialtas, agus

(f) chun taighde a ghabháil de láimh, a urrú nó a choimisiúnú.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon chistí dá chuid a infheistiú in aon slí ina gcumhachtaítear le dlí d’iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Dualgais an Údaráis agus coistí reachtúla.

32 .— (1) San alt seo ciallaíonn “faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de”—

(a) faisnéis airgeadais, tráchtála, theicniúil nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don pháirtí lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an pháirtí sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici, nó

(b) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an bpáirtí lena mbaineann an fhaisnéis.

(2) Tá sé de dhualgas ar an Údarás a ghnóthaí a sheoladh ar shlí a áiritheoidh go dtiocfaidh a ioncam chun bheith, a luaithe is féidir, agus go leanfaidh sé de bheith dá éis sin, leordhóthanach, ar a laghad, chun freastal dá chaiteachais.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an Údarás agus ar a choistí reachtúla comhlíonadh a bhfeidhmeanna a choimeád faoi athbhreithniú d’fhonn a áirithiú nach mbeidh i gceist sa rialáil ag an Údarás agus ag a choistí reachtúla go ndéanfar—

(a) ualaí riaracháin atá neamhriachtanach a fhorchur, nó

(b) ualaí riaracháin atá tagtha chun bheith neamhriachtanach a choimeád ar bun.

(4) Le linn dó athbhreithniú a dhéanamh ar a dhualgas faoi fho-alt (3) déanfaidh an tÚdarás agus a choistí reachtúla ráiteas a fhoilsiú, ó am go ham, ina leagfar amach an chaoi a mbeartaíonn siad, a chinntiú, le linn na tréimhse a ndéantar an ráiteas ina leith, nach mbeidh i gceist sa rialáil ag an Údarás agus ag na coistí reachtúla go ndéanfar ualaí riaracháin atá neamhriachtanach a fhorchur nó a choimeád ar bun.

(5) Ní foláir an chéad ráiteas a fhoilseofar faoin alt seo a fhoilsiú laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis an lae bunaithe agus is ráiteas i leith tréimhse 3 bliana a bheidh ann.

(6) Maidir le ráiteas dá éis sin—

(a) ní foláir é a fhoilsiú le linn na tréimhse lenar bhain an ráiteas roimhe sin, agus

(b) is é a bheidh ann ráiteas don tréimhse 3 bliana dar tosach deireadh na tréimhse roimhe sin.

(7) Is é dualgas an Údaráis agus na gcoistí reachtúla i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh tráthanna le linn tréimhse dá bhfuil ráiteas i bhfeidhm faoin alt seo, aird a thabhairt ar an ráiteas sin.

(8) Féadfaidh an tÚdarás nó coiste reachtúil, más cuí leo, ráiteas faoin alt seo a athmheas tráth ar bith roimh an tréimhse dá ndéantar é nó lena linn.

(9) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás nó coiste reachtúil ráiteas a athmheas, ní foláir dóibh an t-athmheas a fhoilsiú a luaithe is indéanta.

(10) Ní nochtfaidh an tÚdarás faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de arna fáil ó chorparáid nó ó shealbhóir conartha faoi Chuid 6 8 de bhun fheidhmeanna an Údaráis faoin Acht seo.

(11) Níl an tÚdarás ag sárú fho-alt (10) más rud é maidir leis an nochtadh —

(a) go ndéanfar é le toiliú na corparáide nó an tsealbhóra conartha faoi Chuid 68 lena mbaineann sé, nó

(b) go gceanglaítear le dlí é a dhéanamh.

Tobhach.

33 .— (1) D’fhonn caiteachais arna dtabhú go cuí i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag an Údarás, ag an gCoiste um Dheonú Conarthaí agus ag an gCoiste um Chomhlíonadh a íoc, déanfaidh an tÚdarás ordú lena bhforchuirfear tobhach ar chraoltóirí seirbhíse poiblí agus ar chonraitheoirí craolacháin.

(2) Aon uair a dhéanfar ordú tobhaigh, déanfaidh craoltóirí seirbhíse poiblí agus gach conraitheoir craolacháin cibé méid is cuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe tobhaigh a íoc leis an Údarás.

(3) Féadfaidh an tÚdarás orduithe tobhaigh ar leithligh a dhéanamh do chraoltóirí seirbhíse poiblí, do chraoltóirí tráchtála agus do chraoltóirí pobail agus d’aicmí áirithe conraitheoirí craolacháin.

(4) Déanfar socrú in ordú tobhaigh maidir le tobhach a bhailiú, a íoc agus a riaradh, lena n-áirítear gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas—

(a) an modh ina ríomhfar an tobhach,

(b) na tráthanna a ndéanfar an íocaíocht agus foirm na híocaíochta,

(c) taifid a bhaineann leis an tobhach a choimeád, a iniúchadh agus a sholáthar, agus

(d) aon díolúintí, iarchur nó aisíocaíochtaí tobhaigh.

(5) Maidir le haon bharrachas ar ioncam tobhaigh de bhreis ar na caiteachais arna dtabhú ag an Údarás i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna dá chuid a bhaineann leis an tobhach sin i mbliain airgeadais áirithe—

(a) coinneoidh an tÚdarás é lena fhritháireamh i gcoinne oibleagáidí i leith tobhaigh i gcomhair na bliana dá éis sin, nó

(b) déanfar é a aisíoc go comhréireach leis na soláthraithe seirbhísí craolacháin ar a bhforchuirtear an tobhach.

(6) Féadfaidh an tÚdarás tobhach a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó aon duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

(7) (a) Déanfaidh an tÚdarás ordú tobhaigh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(b) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae ar leagadh ordú tobhaigh faoina bhráid de réir mhír (a), rún a rith lena neamhneofar an t-ordú.

(c) Tiocfaidh an neamhniú faoi mhír (b) ar ordú tobhaigh in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith ach ní dhéanann sé difear d’aon ní a rinneadh faoin ordú roimh an rún a rith.

(8) San alt seo, ciallaíonn “ordú tobhaigh” ordú lena bhforchuirtear tobhach faoi fho-alt (1).

Maoiniú ón Státchiste.

34 .— (1) Más rud é, gur caiteachas de chineál eisceachtúil, i dtuairim an Aire, caiteachas arna thabhú ag an Údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás agus le toiliú an Aire Airgeadais, cibé méid a chinnfidh sé nó sí a bheith réasúnach chun caiteachais a ghlanadh ar caiteachais iad arna dtabhú ag an Údarás agus ag a choistí reachtúla i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a íoc leis an Údarás ó am go ham.

(2) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, cibé méid a íoc leis an Údarás a mheasfaidh sé nó sí a bheith réasúnach i leith chaiteachais an Údaráis agus a chuid coistí reachtúla don tréimhse bliana ón lá bunaithe.

Iasachtaí.

35 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh a fháil ar iasacht go sealadach d’fhonn soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht trí stoc nó cineálacha eile urrúis a bhunú a bheidh le eisiúint, le haistriú agus le fuascailt agus a ndéileálfar leo i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfar na cumhachtaí chun iasachtaí a fháil a thugtar don Údarás le fo-alt (2) a fheidhmiú, faoi réir thoiliú an Aire, chun críche ar bith a eascróidh i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna, ach féadfar coinníoll a chur le toiliú chun airgead a fháil ar iasacht á rá nach n-úsáidfear an t-airgead ach amháin chun críche cláir oibreacha caipitiúla arna cheadú ag an Aire.

(4) Maidir leis na téarmaí ar a bhfaighfear airgead ar iasacht faoi fho-alt (2), féadfaidh forálacha chun an t-airgead agus an t-ús ar an gcéanna a mhuirearú ar gach maoin, is cuma cén cineál, a bheidh dílsithe de thuras na huaire don Údarás, nó ar aon mhaoin áirithe de chuid an Údaráis, agus forálacha ag bunú thosaíocht na muirear sin eatarthu, a bheith iontu.

Éarlaisí agus muirir i leith seirbhísí.

36 .— (1) Féadfaidh éarlais a bheith iníoctha ag duine, ina mbeidh cibé méid a mheasfaidh an Coiste um Dheonú Conarthaí a bheith réasúnach, i leith iarratais a dhéanfaidh an duine chuig an gCoiste um Dheonú Conarthaí go ndéanfaidh an tÚdarás ar mholadh ón gCoiste um Dheonú Conarthaí, conradh craolacháin leis an duine.

(2) Féadfaidh an tÚdarás muirear a ghearradh i leith seirbhísí nó saoráidí arna soláthar aige.

(3) Aon bharrachas ar ioncam thar na caiteachais a thabhóidh an tÚdarás i leith fho-alt (2) i mbliain airgeadais áirithe, cuirfear chun feidhme é i cibé slí a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás agus le ceadú an Aire Airgeadais, agus féadfar a cheangal le haon ordachán den sórt sin go ndéanfar an bhreis sin go léir, nó cuid di mar a bheidh sonraithe san ordachán, a íoc isteach sa Phríomh-Chiste.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

Cuntais agus iniúchtaí.

37 .— (1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, tar éis comhaontú an Údaráis a fháil, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair i ngach bliain, meastacháin ar ioncam agus caiteachas a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm a cheanglóidh an tAire, i leith na dtrí bliana airgeadais dá éis sin a agus déanfaidh sé nó sí aon fhaisnéis a éileoidh an tAire i ndáil leis na meastacháin sin, lena n-áirítear tograí agus pleananna todhchaí a bhaineann leis an Údarás, leis an gCoiste um Dheonú Conarthaí agus leis an gCoiste um Chomhlíonadh do chomhall a bhfeidhmeanna, a thabhairt don Aire de réir mar a éileofar.

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, faoi stiúradh an Údaráis, a chur faoi deara go gcoimeádfar, ar bhonn leanúnach, na leabhair agus na taifid chuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis, agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin, agus ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Údaráis agus coimeádfaidh sé nó sí na cuntais speisialta sin go léir a cheanglaítear le Cuid 10, agus a n-ordóidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, nó an tAire ina leith, ó am go ham, gur ceart iad a choimeád agus tabharfaidh sé nó sí cuntas don Údarás ina leith.

(3) (a) Aon uair a iarrfaidh an tAire orthu amhlaidh, ceadóidh an tÚdarás, an príomhfheidhmeannach agus aon chomhalta iomchuí d’fhoireann an Údaráis d’aon duine a bheidh ceaptha ag an Aire leabhair nó taifid chuntais eile an Údaráis a scrúdú i leith aon bhliana airgeadais nó tréimhse eile agus éascóidh siad aon scrúdú den sórt sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “comhalta iomchuí d’fhoireann an Údaráis” comhalta d’fhoireann an Údaráis ar sannadh dualgais ina leith go cuí a bhaineann leis na leabhair chuntais nó na taifid chuntais eile dá dtagraítear i mír (a).

(4) Déanfar cuntais an Údaráis do gach bliain airgeadais a choimeád i cibé foirm agus modh a shonróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus ullmhóidh an príomhfheidhmeannach na cuntais agus ceadóidh an tÚdarás iad a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad, lena gcur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(5) Déanfar cóip de na cuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, díreach tar éis iniúchadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a thíolacadh do chomhaltaí an Údaráis agus don Aire a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na doiciméid sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6) Is é a bheidh i mbliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain, agus chun críocha an ailt seo measfar gur bliain airgeadais an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31 Nollaig dá éis sin.

(7) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé meastacháin ar ioncam agus caiteachas a cheanglaítear a ullmhú faoi fho-alt (1) nó achoimre orthu, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin arna choimeád ag an Údarás.

Tuarascálacha don Aire.

38 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil a thabhairt don Aire (dá ngairtear “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna agus i dtaobh a ghníomhaíochtaí, le linn na bliana roimhe sin. Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh i dtuarascáil bhliantúil sonraí aon scéime a cheadófar faoi Chuid 10.

(3) Beidh i dtuarascáil bhliantúil tuarascáil chun an Aire ag gach coiste reachtúil i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna agus i dtaobh a ghníomhaíochtaí, i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

(4) Beidh i dtuarascáil bhliantúil tuarascáil chun an Aire i dtaobh an dul chun cinn a bheidh déanta chun inrochtaineacht seirbhísí craolacháin ag daoine faoi mhíchumas a mhéadú, agus go háirithe, i dtaobh an dul chun cinn a bheidh déanta chun na spriocanna atá leagtha amach in aon rialacha craolacháin a bhaint amach.

(5) Beidh i dtuarascáil bhliantúil tuarascáil chun an Aire i leith conarthaí a dhéanfaidh an tÚdarás faoi alt 67 agus i leith aon straitéise dá ndroim sin a bheartóidh an tÚdarás a ghlacadh chun iomaíochas a spreagadh maidir le deonú conarthaí craolacháin fuaime, ach gan conarthaí a dhéanfar faoi ailt 64 agus 68 a áireamh.

(6) Beidh i dtuarascáil bhliantúil tuarascáil chun an Aire i dtaobh freastail comhaltaí den Údarás agus de gach coiste reachtúil ar a gcruinnithe le linn na bliana roimhe sin.

(7) Beidh i dtuarascáil bhliantúil faisnéis i cibé foirm agus i dtaobh cibé nithe a ordóidh an tAire.

(8) Féadfaidh an tÚdarás agus gach coiste reachtúil, ó am go ham, cibé tuarascálacha eile a thabhairt don Aire i ndáil lena bhfeidhmeanna de réir mar is cuí leo nó mar a éileoidh an tAire.

(9) I dteannta na faisnéise a sholáthróidh an tÚdarás ina thuarascáil bhliantúil agus in aon tuarascálacha a dhéanfar faoi fho-alt (8), déanfaidh an tÚdarás agus gach coiste reachtúil cibé faisnéis a éileoidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna a sholáthar don Aire.