An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Socruithe le haghaidh Cóiríochta Cíosa ) Ar Aghaidh (Caibidil 6 Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine )

22 2009

TODO

Caibidil 5

Feidhmeanna Bainistíochta agus Rialaithe

Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe.

28 .— (1) Faoi réir an ailt seo, déanfar bainistíocht agus rialú i leith na nithe seo a leanas—

(a) teaghais, foirgneamh, suíomh nó talamh eile atá ar úinéireacht ag údarás tithíochta, nó

(b) oibreacha nó seirbhísí arna soláthar ag an údarás faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

a dhílsiú don údarás tithíochta agus is é an t-údarás tithíochta a fheidhmeoidh iad.

(2) I gcás ina soláthraíonn údarás tithíochta teaghais faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó ina soláthraítear teaghais faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, ní cheanglaítear bainistíocht agus rialú na gcomhlimistéar a chomhghabhann agus a theachtar leis an teaghais a dhílsiú don údarás tithíochta faoi fho-alt (1).

(3) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe a chomhlíonadh i leith aon teaghaise nach bhfuil ar úinéireacht ag an údarás tithíochta agus a sholáthraítear faoi chonradh nó léas idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(4) Faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais nó láithreán lena mbaineann fo-alt (1)(a):

(a) an teaghais a leithroinnt ar theaghlach de réir alt 22 ;

(b) téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta a shonrú, ar comhaontú é idir an t-údarás tithíochta agus an tionónta lena rialaítear ligean na teaghaise de réir alt 29 ;

(c) cibé cíos a shonrú agus aon mhuirir eile a ghearradh de réir mar a chinnfidh an t-údarás tithíochta ó am go ham de réir alt 31 le haghaidh thionóntacht, áitiú nó úsáid na teaghaise;

(d) i ndáil le haon fhoirgneamh nó talamh nó oibreacha nó seirbhísí eile a sholáthraítear faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, cibé muirir is cuí leis a ghearradh, cibé acu ar mhodh cíosa nó ar shlí eile;

(e) an teaghais a dhíol faoi alt 90 den Phríomh-Acht nó faoi Chuid 3 4;

(f) cibé oibreacha cothabhála, deisiúcháin nó athfheistithe nó cibé gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí, d’fhonn cothabháil chuí na teaghaise nó an eastáit ina bhfuil an teaghais suite, agus dea-bhainistíocht an eastáit sin, a áirithiú, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach ina phlean seirbhísí tithíochta.

(5) Faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais lena mbaineann fo-alt (3), faoi réir fhorálacha aon chonartha nó léasa idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa:

(a) an teaghais a leithroinnt ar theaghlach de réir alt 22 ;

(b) téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe tionóntachta lena rialaítear ligean na teaghaise de réir alt 29 a shonrú, de réir mar is cuí;

(c) cibé cíos agus aon mhuirir eile a shonrú de réir mar a chinnfidh an t-údarás tithíochta ó am go ham de réir alt 31 i leith thionóntacht, áitiú nó úsáid na teaghaise;

(d) cibé oibreacha cothabhála, deisiúcháin nó athfheistithe nó cibé gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí, d’fhonn cothabháil chuí na teaghaise nó an eastáit ina bhfuil an teaghais suite, agus dea-bhainistíocht an eastáit sin, a áirithiú, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach ina phlean seirbhísí tithíochta.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act 1881 maidir le húdarás tithíochta do ligean plásáin arna sholáthar faoi alt 11 , agus measfar gurb é a bheidh i ligean den sórt sin, mura rud é go bhfuil foráil dá mhalairt i gcomhaontú ligin, ná ligean mar áis shealadach ar ligean é a bheidh infhoirceannta ag deireadh aon mhíosa.

Comhaontuithe tionóntachta.

29 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le teaghais dá dtagraítear in alt 28 (1), agus

(b) maidir le teaghais dá dtagraítear in alt 28 (3), seachas teaghais is ábhar do chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(2) Beidh ligean teaghaise lena mbaineann an t-alt seo faoi réir comhaontaithe tionóntachta a bheidh i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe agus, faoi réir fho-alt (3)—

(a) a mbeidh ar áireamh ann na téarmaí agus coinníollacha a shonraítear i Sceideal 3 agus ar fúthu a cheadaítear don teaghlach an teaghais a áitiú nó a úsáid, agus

(b) a bhféadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bheith ar áireamh ann a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí maidir leis an ligean.

(3) I gcás teaghaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), beidh téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe tionóntachta faoi réir théarmaí an chonartha nó an léasa idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a fhorordú:

(a) foirm nó foirmeacha comhaontaithe tionóntachta;

(b) téarma tionóntachta faoi threoir aicme sonraithe nó aicmí sonraithe teaghaise agus cibé acu an tionóntacht thréimhsiúil nó tionóntacht go ceann téarma shocraithe í;

(c) na tréimhsí fógra is gá maidir le foirceannadh aicme nó aicmí tionóntachta ag an údarás tithíochta nó ag an tionónta, de réir mar a bheidh;

(d) nósanna imeachta maidir le foirceannadh tionóntachta ag an údarás tithíochta nó ag an tionónta, de réir mar a bheidh.

Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe a tharmligean.

30 .— (1) Faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta gach feidhm nó aon fheidhm amháin nó níos mó dá chuid feidhmeanna (lena n-áirítear cothabháil) i leith bhainistíocht agus rialú teaghaise atá ar úinéireacht aige a tharmligean chuig comhlacht ainmnithe.

(2) Sonrófar an méid seo a leanas i dtarmligean a dhéanfaidh údarás tithíochta faoi fho-alt (1)

(a) an comhlacht ainmnithe chun críocha an tarmligin,

(b) na feidhmeanna atá á dtarmligean chun an chomhlachta ainmnithe, agus

(c) na teaghaisí lena mbaineann an tarmligean.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil i ndáil le gach ceann nó le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) bunú agus comhdhéanamh comhlachta ainmnithe,

(b) nósanna imeachta comhlachta ainmnithe;

(c) téarmaí agus coinníollacha tarmligin;

(d) foirm comhaontaithe idir údarás tithíochta agus comhlacht ainmnithe i ndáil le tarmligean;

(e) an aicme nó na haicmí teaghaisí a bhféadfar tarmligean a dhéanamh ina leith;

(f) faireachán ag údarás tithíochta ar ghníomhaíochtaí atá á seoladh ag comhlacht ainmnithe faoi tharmligean, lena n-áirítear an t-údarás d’iniúchadh teaghaisí;

(g) comhlacht ainmnithe do sholáthar tuarascálacha tréimhsiúla agus cuntas tréimhsiúil d’údarás tithíochta maidir lena chuid gníomhaíochtaí;

(h) cuntais bhliantúla comhlachta ainmnithe a iniúchadh.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta, dá rogha féin, tarmligean faoin alt seo a chúlghairm agus, air sin, déanfar na feidhmeanna a bhí tarmligthe a dhílsiú arís don údarás agus feidhmeoidh an t-údarás iad le héifeacht ó dháta a shonrófar sa rún lena gcúlghairfear an tarmligean.

(5) Is feidhmeanna forchoimeádta iad feidhm a tharmligean chuig comhlacht ainmnithe nó aon tarmligean den sórt sin a chúlghairm faoin alt seo.

(6) Féadfar foráil a dhéanamh le tarmligean faoi fho-alt (1) maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) socruithe i ndáil le hoibreacha cothabhála, deisiúcháin nó feabhsúcháin comhshaoil nó oibreacha coimhdeacha a dhéanamh;

(b) cíos nó aon mhuirir eile a bhailiú a bheidh dlite don údarás tithíochta d’aon tionónta, de réir scéime cíosa faoi alt 31 ;

(c) na fáltais go léir, nó aon chuid díobh, as an gcíos sin nó as muirir eile, a shannadh don chomhlacht ainmnithe chun costais bhainistithe agus chothabhála teaghaise agus comhlimistéar a chomhghabhann leis an teaghais sin a íoc;

(d) ceart an údaráis tithíochta iniúchadh a dhéanamh ar aon leabhar, doiciméad nó taifead eile (lena n-áirítear taifid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) de chuid an chomhlachta ainmnithe i ndáil le teaghais a bhainistiú agus a rialú;

(e) cúnamh a thabharfaidh an t-údarás tithíochta don chomhlacht ainmnithe, cibé acu cúnamh airgid nó cúnamh eile;

(f) aon ní gaolmhar nó teagmhasach eile is dóigh leis an údarás tithíochta is cuí, lena n-áirítear nithe a leagtar amach sa phlean seirbhísí tithíochta iomchuí a bhaineann leis an mbeartas ar theaghaisí atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta a bhainistiú agus a chothabháil.

(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “comhlacht ainmnithe” cumann, comhairle, coiste nó comhlacht eile cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe—

(a) (i) arna bhunú nó arna bunú ag cónaitheoirí limistéir, agus atá ionadaitheach dóibh, ar limistéar é ina bhfuil teaghaisí atá le bheith ina n-ábhar do tharmligean faoin alt seo suite, nó

(ii) arna bhunú nó arna bunú i gcomhpháirt ag na cónaitheoirí sin agus ag an údarás tithíochta agus ag aon duine nó comhlacht eile (cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe) arna cheadú ag an údarás,

agus

(b) a mbeidh dearbhú déanta ag an údarás, le rún, á rá gur comhlacht ainmnithe é nó í chun críocha an ailt seo.

Scéimeanna cíosa agus muirir.

31 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le teaghais arna soláthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ar teaghais í—

(a) arb é an t-údarás tithíochta a húinéir, nó

(b) nach é an t-údarás tithíochta a húinéir agus a sholáthraítear faoi chonradh nó léas idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(2) San alt seo, folaíonn tagairtí do chíos ranníoc cíosa is iníoctha ag tionónta faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir an ailt seo, i leith teaghaise a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi—

(a) cibé cíos a mhuirearú nó cibé muirear eile a chinnfidh sé ó am go ham a ghearradh i leith thionóntacht nó áitiú na teaghaise sin, agus

(b) cibé muirear is cuí leis a ghearradh, cibé acu trí chíos nó ar shlí eile, i leith oibreacha nó seirbhísí arna soláthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i muirir arna ngearradh faoin bhfo-alt sin—

(a) muirir a bhaineann le soláthar seirbhísí do theaghais agus le hárachas teaghaise agus muirir eile a bhaineann le bainistiú agus rialú na teaghaise, agus

(b) muirir a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) comhlimistéir a chomhghabhann le teaghais a bhainistiú agus a rialú i gcás ina ndéanann áititheoirí teaghaisí eile na comhlimistéir sin a úsáid freisin, agus

(ii) soláthar seirbhísí i gcás ina soláthraítear na seirbhísí sin d’áititheoirí teaghaisí eile freisin.

(5) (a) Déanfaidh údarás tithíochta, de réir an ailt seo agus de réir rialachán arna ndéanamh chun críocha an ailt seo, laistigh de bhliain óna theacht i ngníomh, scéim a dhéanamh (dá ngairtear “scéim cíosa” san Acht seo) lena ndéanfar foráil maidir leis an modh ar a gcinnfear cíosanna agus muirir eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(b) Féadfaidh údarás tithíochta, ó am go ham, de réir mar is cuí leis, nó de réir mar a ordóidh an tAire, an scéim cíosa a chúlghairm agus scéim cíosa nua a dhéanamh.

(6) Féadfaidh an tAire le rialacháin, chun críocha an ailt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe a bheidh le cur san áireamh i scéim cíosa, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) an modh ar a ndéanfar imthosca airgeadais teaghlach agus a gcumas cíos a íoc a chur i gcuntas le linn cíos a chinneadh, lena n-áirítear leibhéal, cineál agus foinsí an ioncaim teaghlaigh a fhéadfar a mheasúnú chun cíosanna a chinneadh;

(b) an modh ar a ndéanfar méid, caighdeán, suíomh agus taitneamhacht aon aicme nó aicmí teaghaisí a chur i gcuntas le linn cíos a chinneadh, ag féachaint don chíos margaidh i leith teaghaisí de mhéid, de chaighdeán, de shuíomh nó de thaitneamhacht den tsamhail chéanna atá suite sa limistéar riaracháin lena mbaineann;

(c) an modh ar a bhféadfar coigeartuithe a dhéanamh ar an gcíos i leith aon oibleagáidí arna bhforchur ar an tionónta faoin gcomhaontú tionóntachta agus a bhaineann le cothabháil na teaghaise;

(d) méid, nó modh ríofa, aon liúntas i leith cíosa a fhéadfar a thabhairt i leith cleithiúnach;

(e) an nós imeachta maidir le hathbhreithniú cíosa lena n-áirítear méaduithe cíosa le linn thréimhse na tionóntachta ag féachaint don chostas a ghabhann le tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar agus d’aon athruithe ar imthosca teaghlaigh nó ar leibhéil ioncaim;

(f) an modh ar a gcinnfear na muirir dá dtagraítear i bhfo-alt (4);

(g) cíos agus muirir eile a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn sealadach, i gcás cruatain airgeadais.

(7) Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim cíosa a dhéanamh agus a chúlghairm.

(8) Is feidhmeanna feidhmiúcháin iad cíosanna nó muirir eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a mhuirearú i leith teaghaise lena mbaineann an t-alt seo agus na cíosanna nó na muirir eile sin a athbhreithniú de réir scéime cíosa.

(9) Déanfaidh údarás tithíochta cóip dá scéim cíosa a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal, gan mhuirear, ar an Idirlíon agus ag a oifigí agus ag cibé áiteanna eile is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oibre.

Ceanglais maidir le faisnéis.

32 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) teaghlach a mbeidh iarratas ar thacaíocht tithíochta déanta aige agus nach mbeidh cinneadh déanta ina leith chun teaghais nó láithreán a sholáthar, lena n-áirítear teaghlach a mbeidh iarratas ar thacaíocht tithíochta déanta aige roimh theacht i ngníomh an ailt roimhe seo,

(b) teaghlach—

(i) a mbeidh measúnacht ar thithíocht shóisialta á déanamh faoi alt 20 (3) ina leith, agus

(ii) nach mbeidh cinneadh déanta fós ina leith chun teaghais a leithroinnt,

agus

(c) teaghlach a bhfuil tacaíocht tithíochta á fáil aige, cibé acu roimh theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 dó, a iarraidh—

(a) ar theaghlach lena mbaineann an t-alt seo an fhaisnéis seo a leanas go léir nó aon chuid di a thabhairt don údarás tithíochta:

(i) líon daoine an teaghlaigh, mar aon le haois, gnéas, slí bheatha agus staid sláinte gach duine acu;

(ii) ioncam seachtainiúil gach duine den teaghlach, lena n-áirítear aon chúnamh, sochar nó liúntas atá á fháil ag aon duine den teaghlach, nó thar ceann aon duine den teaghlach, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, faoi na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008 nó faoi reachtaíocht aon stáit eile nó ó aon fhoinse eile;

(iii) an modh iompair atá ar fáil don teaghlach agus costas an iompair sin,

agus

(b) i gcás teaghlaigh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)(b), an fhaisnéis seo a leanas go léir nó aon chuid di a thabhairt dó:

(i) na téarmaí ar a n-áitíonn an teaghlach áitreabh an tráth sin, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine a bhfuil cíos iníoctha leis nó léi;

(ii) aon teaghais nó láithreán a sholáthraíonn údarás tithíochta, nó comhlacht ceadaithe, ar teaghais nó ar láithreán é a ligeadh nó a díoladh roimhe sin leis an teaghlach nó le haon duine den teaghlach aon tráth sula ndéantar an t-iarratas;

(iii) aon teaghais a ligeadh leis an teaghlach nó le haon duine den teaghlach roimhe sin faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 aon tráth sula ndéantar an t-iarratas.

(3) Is i scríbhinn a bheidh iarraidh ar fhaisnéis agus sonrófar inti tréimhse nach giorra ná 14 lá ó dháta na hiarrata ar laistigh di a bheidh an fhaisnéis le tabhairt don údarás tithíochta.

(4) Is i scríbhinn a thabharfar faisnéis mura rud é go gcomhaontóidh an t-údarás tithíochta go dtabharfar an fhaisnéis i bhfoirm eile agus faoi réir aon choinníollacha a shonróidh sé.

(5) Gan dochar d’fho-alt (2), chun measúnachtaí ar thithíocht shóisialta a dhéanamh faoi alt 20 , féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar thacaíocht do thithíocht shóisialta, lena n-áirítear ar mhodh leictreonach,

(b) an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh le soláthar ag teaghlach atá ag déanamh iarratais ar thacaíocht do thithíocht shóisialta agus fíorú na faisnéise agus na sonraí sin,

(c) cibé faisnéis bhreise a thabhairt is cuí le húdarás tithíochta d’fhonn measúnacht a dhéanamh,

(d) an tréimhse ar laistigh di a thabharfaidh an teaghlach lena mbaineann an fhaisnéis agus na sonraí, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise, agus

(e) cibé nithe eile a mheasann an tAire is gá agus is cuí.

(6) (a) Gan dochar d’fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d’fhonn—

(i) teaghais a cheannach faoi shocrú ceannaigh incrimintigh faoi Chuid 3,

(ii) árasán a cheannach faoi Chuid 4, nó

(iii) teaghais a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5.

(b) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an fhoirm agus an modh ar a bhféadfar iarratas a dhéanamh ar cheannach, lena n-áirítear ar mhodh leictreonach;

(ii) an fhaisnéis agus na sonraí atá le soláthar ag teaghlach a dhéanann iarratas ar cheannach agus fíorú ar an bhfaisnéis agus na sonraí sin;

(iii) cibé faisnéis bhreise a thabhairt is dóigh leis an údarás tithíochta is cuí d’fhonn an t-iarratas a bhreithniú;

(iv) an tréimhse ar laistigh di a sholáthróidh an teaghlach a dhéanann an t-iarratas an fhaisnéis agus na sonraí, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise, agus

(v) cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá agus is cuí.

(7) (a) Tá duine ciontach i gcion agus dlitear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi, i gcás inar duine de theaghlach é nó í ar iarradh air nó uirthi faisnéis a thabhairt d’údarás tithíochta faoin alt seo nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (5)(6), de réir mar a bheidh, agus ina ndéanann sé nó sí—

(i) aon ráiteas nó uiríoll a thabhairt go feasach (cibé acu i scríbhinn nó ó bhéal) ar ráiteas nó uiríoll é atá, go feadh a eolais nó a heolais, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó

(ii) aon doiciméad nó faisnéis is eol dó nó di a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a thabhairt, nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach é nó í a thabhairt ar aird nó a thabhairt.

(b) Féadfaidh an t-údarás tithíochta a d’iarr an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (a) cion faoin mír sin a ionchúiseamh.

(8) I gcás ina gciontaítear duine i gcion faoi fho-alt (7)(a) agus, mar gheall ar an gcion sin, inar thabhaigh an t-údarás tithíochta leibhéal is airde caiteachais le linn tacaíocht tithíochta a sholáthar do theaghlach ná mar a thabhódh sé murach sin, beidh aon chaiteachas den sórt sin inaisíoctha leis an údarás tithíochta agus dlífidh an duine nó ionadaí pearsanta an duine sin an caiteachas is inaisíoctha amhlaidh a íoc leis an údarás tithíochta, ar é a éileamh, agus féadfaidh an t-údarás tithíochta an caiteachas sin a ghnóthú, mura n-aisíocfar amhlaidh é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás ina gciontaítear duine i gcion faoi fho-alt (7)(a) agus, mar gheall ar an gcion sin, inar mhuirearaigh an t-údarás tithíochta cíos is ísle i leith tacaíochta tithíochta a sholáthar ná mar a mhuirearódh sé murach sin, beidh an méid a ndearnadh an cíos a ghearrmhuirearú inaisíoctha leis an údarás tithíochta agus dlífidh an duine nó ionadaí pearsanta an duine sin an méid is inaisíoctha amhlaidh a íoc leis an údarás tithíochta, ar é a éileamh, agus féadfaidh an t-údarás tithíochta an méid sin a ghnóthú, mura n-aisíocfar amhlaidh é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airgead atá ag dul d’údarás tithíochta.

33 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na forálacha seo a leanas:

(a) ailt 28, 31, 32(8) agus (9), 47(4), 48(5) agus (6), 75(4), 76(5), 98 agus 99;

(b) alt 13 d’Acht 1988;

(c) ailt 3 agus 11 d’Acht 1992;

(d) alt 25 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998; agus

(e) ailt 9 agus 10 d’Acht 2002.

(2) Tá ús iníoctha de réir an ailt seo ar cibé méid d’aon chíos, muirir, táillí nó aisíocaíochtaí iasachta nó d’aon airgead eile atá dlite agus ag dul d’údarás tithíochta faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo, ar méid é atá fágtha gan íoc i leith na tréimhse idir an dáta a thagann an t-airgead chun bheith iníoctha agus an dáta a íoctar é.

(3) Is é an ráta úis is iníoctha faoi fho-alt (2) an ráta a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ach in aon chás ní mó é ná an ráta is infheidhme de thuras na huaire maidir le fiach breithiúnais shibhialta Ard-Chúirte.

(4) I gcás airgead a bheith dlite agus ag dul d’údarás tithíochta ag teaghlach faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo agus, an tráth céanna, suim eile a bheith dlite den údarás áitiúil lena mbaineann don teaghlach sin, féadfar an tsuim is túisce a luaitear a fhritháireamh in aghaidh na suime is déanaí a luaitear, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí.

Socruithe le teaghlaigh chun airgead atá dlite agus ag dul d’údarás tithíochta a íoc.

34 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na forálacha seo a leanas:

(a) ailt 28, 31 agus 32(8) agus (9);

(b) alt 13 d’Acht 1988;

(c) ailt 3 agus 11 d’Acht 1992, agus

(d) alt 25 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998.

(2) I gcás airgead a bheith dlite agus ag dul d’údarás tithíochta ag teaghlach faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo agus gur deimhin leis an údarás tithíochta go mbainfeadh cruatan míchuí don teaghlach murach sin, féadfaidh an t-údarás tithíochta socruithe a dhéanamh leis an teaghlach chun an t-airgead sin (mar aon le haon ús a bheidh fabhraithe faoi alt 33 (2)) a íoc i cibé tráthchodanna agus ag cibé tráthanna is dóigh leis an údarás tithíochta a bheith réasúnach sna himthosca go léir, i dteannta aon chíosa, muirear, táillí nó aisíocaíochtaí iasachta a íocann an teaghlach leis an údarás.

Straitéis maidir le hiompar frithshóisialta.

35 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, laistigh de bhliain amháin tar éis teacht i ngníomh don alt seo, straitéis (dá ngairtear “straitéis maidir le hiompar frithshóisialta” san alt seo) a tharraingt suas agus a ghlacadh i leith an chuid sin nó na gcodanna sin dá limistéar riaracháin ina bhfuil na teaghaisí agus na láithreáin seo a leanas suite—

(a) teaghaisí arna ligean ag an údarás tithíochta le tionóntaí faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

(b) teaghaisí is ábhar do chomhaontuithe tionóntachta Chaibidil 4,

(c) teaghaisí ina bhfuil cónaí ar cheannaitheoirí iomchuí (de réir bhrí alt 1 d’Acht 1997), agus

(d) láithreáin (de réir bhrí alt 1 d’Acht 1997).

(2) Beidh mar phríomhchuspóirí ag straitéis maidir le hiompar frithshóisialta—

(a) iompar frithshóisialta a chosc agus a laghdú,

(b) seirbhísí laistigh den údarás tithíochta a chomhordú, ar seirbhísí iad atá dírithe ar dhul i ngleic le hiompar frithshóisialta nó ar iompar frithshóisialta a chosc nó a laghdú,

(c) comhoibriú le daoine eile, lena n-áirítear an Garda Síochána, a chur chun cinn le linn a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin le dul i ngleic le hiompar frithshóisialta nó le hiompar frithshóisialta a chosc nó a laghdú, ag féachaint don ghá atá ann dúblú gníomhaíochtaí a sheachaint ar thaobh an údaráis tithíochta agus na ndaoine eile sin le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, agus

(d) dea-bhainistíocht eastát a chur chun cinn.

(3) Leagfar amach i straitéis maidir le hiompar frithshóisialta tograí an údaráis tithíochta chun na príomhchuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bhaint amach, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) nósanna imeachta i ndáil le gearáin a dhéanamh chun an údaráis tithíochta maidir le hiompar frithshóisialta;

(b) tionscnaimh chun iompar frithshóisialta a chosc agus a laghdú;

(c) oideachas a sholáthar agus taighde a dhéanamh maidir le hiompar frithshóisialta agus maidir lena chosc agus lena laghdú.

(4) Maidir le húdarás tithíochta—

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh a phlean seirbhísí tithíochta in éag, agus

(b) féadfaidh sé, ó am go ham de réir mar is cuí leis,

a straitéis maidir le hiompar frithshóisialta a athbhreithniú agus an straitéis a leasú nó straitéis nua a tharraingt suas agus a ghlacadh, de réir mar is cuí leis.

(5) Le linn d’údarás tithíochta straitéis a tharraingt suas, nó sula leasóidh sé straitéis, rachaidh sé i gcomhairle—

(a) le haon chomhchoiste póilíneachta arna bhunú faoi alt 36 d’Acht an Gharda Síochána 2005 i leith limistéar riaracháin an údaráis,

(b) leis an nGarda Síochána,

(c) le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus

(d) le haon duine eile de réir mar is cuí leis an údarás.

(6) Is feidhm fhorchoimeádta í straitéis maidir le hiompar frithshóisialta a tharraingt suas agus a ghlacadh, agus í a leasú.

(7) Ní ghlacfar le tarraingt suas agus glacadh, agus le leasú, straitéise maidir le hiompar frithshóisialta mar ní a thugann ceart faoin dlí d’aon duine, ar ceart é nach mbeadh ag an duine thairis sin, chun a cheangal ar údarás tithíochta i gcás áirithe aon fheidhm arna tabhairt dó faoi Acht 1997 nó faoin Acht seo a fheidhmiú nó chun damáistí a lorg i leith mainneachtana ag údarás tithíochta aon fheidhm den sórt sin a fheidhmiú.