|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
| [EN] | ||||||||
An tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997 | ||||||||
Seventeenth Amendment of the Constitution Act, 1997 | ||||||||
| ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1997 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1997 | ||||||||
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [14 Samhain, 1997] | ||||||||
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 28 den Bhunreacht a leasú: | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Airteagal 28 den Bhunreacht a leasú. |
1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 28 den Bhunreacht: | ||||||
| [EN] | (a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 2° d'alt 4 den téacs Gaeilge, | |||||||
| [EN] | (b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 2° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla, | |||||||
| [EN] | (c) déanfar fo-alt 3° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-alt 4°. | |||||||
| [EN] |
Lua. |
2. —(1) An Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar an tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997 , a ghairm den Acht seo. |