Séanadh

Séanadh agus tarscaoileadh dliteanais agatsa, an t-úsáidire, a bhfuil úsáid an tsuímh idirlín seo faoina réir.

Cé go bhfuil gach iarracht déanta cruinneas na faisnéise/an ábhair sa suíomh idirlín a chinntiú, ní ghlacann an Stát ná Oifig Thithe an Oireachtais, a gcuid seirbhíseach ná a gcuid gníomhairí aon fhreagracht as ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí a bhaineann le cruinneas ná iomláine na faisnéise a sholáthraítear ar an suíomh idirlín ná leis an bhfaisnéis a bheith chun dáta ná ní thugann siad ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí den sórt sin ná ní ghlacann siad aon dliteanas ar bith ag eascairt as aon earráidí ná neamhghníomhartha.

Tugtar rabhadh d'úsáidirí nach ionann foilsiú reachtaíochta ar an suíomh idirlín seo agus a chur in iúl go raibh, nó go bhfuil faoi láthair, aon fhoráil áirithe i reacht i bhfeidhm. Is cóir a nótáil gurb é an leagan oifigiúil d'Achtanna an Oireachtais an leagan atá foilsithe i gcóip chrua ag Oifig an tSoláthair.