An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I.—ROIMHRAITEACH.) Ar Aghaidh (CUID III.—FORALACHA AIRGEADAIS.)

2 1929

ACHT PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH (DROICHID), 1929

CUID II.—DROICHEAD BHUTT D'ATH-THOGAIL, AGUS DROICHEAD IOMPARACH DO DHEANAMH.

Comhacht chun oibreacha do dhéanamh agus comhachta i dtaobh oibreacha.

4. —(a) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an Bord gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo, maraon le gach obair agus áis is ceart a bheith ag gabháil leo, do dhéanamh, d'fhoirgniú agus do choinneáil i dtreo sa líne agus sna hionaid agus do réir na leibheul a taisbeántar ar na Pleananna agus ar na Gearrtha lóisteálta agus dul isteach ar pé tailte is gá chuige sin de sna tailte atá marcálta ar na Pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear sna Leabhair Eolais lóisteálta, agus iad do thógaint agus d'úsáid. Na hoibreacha dá dtagartar anso roimhe seo beid ar fad suidhte i bParóistí San Marc agus San Tomás i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus sidiad iad:—

Obair Uimh. 1.—Droichead Bhutt do thógaint anuas agus do bhreith chun siúil i bpáirt no go hiomlán agus é d'ath-thógáil laistigh de theoranta an chlaonta thaobhaí a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta agus Droichead Bhutt d'atharú o bheith ina dhroichead oscailteach chun bheith ina dhroichead do-ghluaiste no é d'ath-thógáil mar dhroichead do-ghluaiste agus é d'atharú, do leathnú, agus d'fheabhsú fan a fhaid go léir o Chéibh Sheoirse go Céibh an Eadain agus Céibh Tigh an Chustuim agus féadfidh an Bord a leibhéil sin d'atharú laistigh de theoranta an chlaonta a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta.

Obair Uimh. 2.—Droichead Iomparach nua árd-leibhéil do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo os cionn Abha na Life, maraon le gach taca, piara, meaisíneacht uisce-oibre no leictreachais, agus obair is áiseach agus is riachtanach a bheith ag gabháil leis sin, agus gach bealach isteach chuige is riachtanach chun siúil agus chun iompartha paisnéirí, capall, eallaigh, trucailí, carráistí agus feithiclí de gach saghas, agus tosach an droichid sin do bheith ag puínte in aice an chinn theas de Shráid an Chumainn ar Chéibh an Fhalla Thuaidh agus a dheire ag puínte in aice an chinn thuaidh de Lána Chathair Dighe ar Chéibh Sir Seon.

(b) Féadfidh an Bord gach comhacht no aon chomhacht acu so a leanas d'fheidhmiú maidir leis na hoibreacha san a húdaruítear anso roimhe seo:—

1.—I dTaobh Dhroichead Bhutt.

Féadfidh an Bord, le linn na hoibreacha san do bheith ar siúl, aon droichead sealadach do chur suas agus do choinneáil i dtreo agus bóithre sealadacha chuige do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo fé mar is dó leo is gá le haghaidh an tráchta a bheidh ar an droichead sealadach san agus féadfid ina dhiaidh sin an droichead agus na bóithre sealadacha san do bhreith chun siúil no pé cinn acu ná beidh gá leo toisc na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith críochnuithe: Ach beidh sé ceangailte ar an mBord pé socruithe do dhéanamh, chun sástacht Choimisinéir an Ghárda Síochána agus an Bhárdais, a bheidh riachtanach chun saoráidí do bheith ann, gach tráth le linn na hoibreacha bheith á ndéanamh, i gcóir saor-chead slí don trácht roimhráite. Má eiríonn aighneas, i dtaobh ce'ca is leor no nách leor na socruithe, idir an Bord agus Coimisinéir an Ghárda Síochána agus an Bárdas no aon taobh acu déanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no duine a ainmneoidh sé breith do thabhairt ar abhar an aighnis.

2.—I dTaobh an da Dhroichead.

Sa mhéid gur gá é chun na gcrícheanna roimhráite féadfidh an Bord dul trasna bóithre, sráideanna, trambhealaí céibheanna, calaithe, áiteanna calaíochta, céimeanna, bóithre iarainn, aibhní, sruthanna, cúrsaí uisce, dréineacha, líntéirí, camraí, píopaí geas, píopaí uisce, postaí lóchrainn, agus sreanganna, píopaí agus fearaistí telegrafacha, telefónacha, leictriciúla agus eile, agus oibreacha eile, no iad d'oscailt, do bhrise, do chlaona, d'árdú, d'ísliú, d'atharú no do stopa no cur isteach ortha, go sealadach no go buan, agus, más gá é, a chuid féin do dhéanamh dá n-ionad agus dá n-ithir agus gach ceart slí ortha do chur in éag. Na comhachta uile agus fé seach a bronntar leis an Acht so beid mar bhreis ar aon chomhachta atá ag an mBord fé aon Acht eile a bhaineann leis an mBord no ar aon tslí eile in aon chor.

Féadfar Earráidí agus Fágaintí-ar-lár sna Pleananna, etc., do cheartú.

5. —Má dineadh aon fhágaint-ar-lár, mí-ráiteas no tuairisc earráideach maidir le haon tailte no maidir le húnaerí, le léasaithe, no le sealbhairí aon tailte a tuairiscítear ar na Pleananna no sna Leabhair Eolais, Féadfidh an Bord, tar éis fógra deich lá do thabhairt d'únaerí, do léasaithe, no do shealbhairí na dtailte le n-a mbaineann an ceartú beartuithe sin, a iarraidh ar Bhreitheamh Dhúithche 'na mbeidh dlighinse aige i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath an céanna do cheartú, agus más léir don Bhreitheamh san gur tré dhearmhad do dineadh an fhágaint-ar-lár, an míráiteas no an tuairisc earráideach san deimhneoidh sé an méid sin dá réir sin agus luadhfa sé sa deimhniú san na mion-innste ar aon fhágaint-ar-lár den tsórt san agus an tslí in ar tugadh mí-ráiteas no tuairisc earráideach ar éinní den tsórt san agus lóisteálfar an deimhniú san le hArd-Chléireach Oifig Bhillí Príobháideacha an Oireachtais, agus cimeádfidh an Cléireach san an deimhniú san i dteanta na scríbhinní eile le n-a mbaineann sé, agus leis sin tuigfar na Pleananna agus na Leabhair Eolais sin do bheith ceartuithe do réir an deimhnithe sin agus féadfidh an Bord dul ar aghaidh leis na hoibreacha do réir an deimhnithe sin.

Teoranta na gClaonta.

6. —Ag déanamh na n-oibreacha dhóibh a húdaruítear leis an Acht so féadfidh an Bord claona go taobhach o líne na n-oibreacha san oiread is tá marcálta ar na Pleananna lóisteálta agus claona o leibhéil gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha a taisbeántar ar na Gearrtha lóisteálta chó fada le cúig troithe suas agus aon fhaid síos i gcás Dhroichead Bhutt agus chó fada le fiche troigh suas no cúig troithe síos i gcás an Droichid Iomparaigh.

An tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

7. —Na comhachta a bheidh ag an mBord chun tailte do cheannach go héigeanta chun crícheanna an Achta so, ní feidhmeofar iad tar éis cúig mblian o am rithte an Achta so.

An tréimhse chun na hoibreacha do chríochnú.

8. —Ní tosnófar ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so go dtí go mbeidh na Meastacháin, na Pátrúin agus na Pleananna dá dtagartar san alt den Acht so le n-a bhfuil an nóta ciumhaise “Nos-imeachta i dtaobh Meastachán” tar éis aontú d'fháil mar a foráltar san alt san agus críochnófar iad, maidir le hObair Uimh. 1, laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta so agus, maidir le hObair Uimh. 2, laistigh de sheacht mbliana tar éis rithte an Achta so no, maidir le hObair Uimh. 2 amháin, laistigh de pé tréimhse bhreise nách sia ná trí bliana o dheire na tréimhse sin de sheacht mbliana agus a hordófar le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála ar a iarraidh sin don Bhord ar an Aire sin, agus mara gcríochnuítear iad laistigh de sna tréimhsí sin fé seach no den tréimhse bhreise sin, pe'ca aca é, ansan, ar bheith caithte don chéanna, na comhachta a deontar leis an Acht so don Bhord chun déanta na n-oibreacha san go cuibhe scuirfid de bheith infheidhmithe ach amháin maidir le pé méid díobh a bheidh críochnuithe an uair sin ach beidh san gan dochar d'aon chomhachta a bheidh ag an mBord fé Acht 1869, fé Acht 1898, fé Acht 1902, fé Acht 1920 no ar aon tslí eile seachas fé údarás an Achta so:

Ach aon ordú a déanfar do réir na gcomhacht a bronntar leis an alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

An abha do chimeád saor o chonstaicí.

9. —Le linn na n-oibreacha a húdaruítear leis seo do bheith á ndéanamh déanfidh an Bord gach ní is oiriúnach chun slí loingseoireachta Abha na Life do chimeád saor o chonstaicí nách constaicí do-sheachanta.

Tailte chun abhair do chur ortha, etc.

10. —Féadfidh an Bord abhair do chur agus d'oibriú, chun crícheanna na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, in agus ar aon tailte laistigh de theoranta an chlaonta a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta, agus féadfid aon fho-oibreacha sealadacha do chur suas is riachtanach no is oiriúnach a bheith ag gabháil le dul-ar-aghaidh agus le déanamh na n-oibreacha san, ach gan níos mó damáiste do dhéanamh ná mar a bheidh réasúnta sa chás.

Féadfar camraí, etc., do stopa no d'atharú,

11. —Fé réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo féadfidh an Bord a chur fé ndeár aon chamraí, dréineacha, sruthanna, cúrsaí uisce, cainéil, condiúití no píopaí a bheidh san ionad atá ceaptha do sna hoibreacha no d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no in aice an ionaid sin do stopa, no áirsí do chur os a gcionn, no iad do leathnú no do roinnt, no iad d'atharú no baint leo ar aon tslí eile, fé mar is dó leo is gá chun na hoibreacha san no aon cheann acu do dhéanamh agus do chríochnú, ach go gcuirfidh an Bord ina n-ionad, sara stopaid iad, leor-áiseanna oiriúnacha chun an t-uisce do shile o sna tailte agus o sna háitreabhacha a bheidh teoranta no in aice leis na hoibreacha san.

Féadfar sráideanna, etc., do bhrise fé mhaoirseacht an tSuirbheura Bhuirge.

12. —Gach ní, obair agus rud 'na mbeidh comhacht ag an mBord no ceangal ortha fé fhorálacha an Achta so iad do dhéanamh no d'fheidhmiú maidir le haon cheann de sna sráideanna, de sna bóithre, de sna camraí, de sna dréineacha, de sna mór-phíopaí uisce agus de sna píopaí de chuid no fé chúram no fé bhainistí an Bhárdais pe'ca mar chorparáid no mar údarás shláintíochta áitiúil no ar aon tslí eile dhóibh, déanfidh agus feidhmeoidh an Bárdas ar chostas an Bhúird iad agus tosnófar agus déanfar na hoibreacha, na nithe agus na rudaí sin tar éis don Bhord fógra seacht lá ina thaobh san do thabhairt i scríbhinn don Bhárdas: Ach má theipeann ar an mBárdas tosnú ar na hoibreacha beartuithe agus dul ar aghaidh leo laistigh den spás san de sheacht lá tar éis seachada an fhógra san, ansan tuigfar iad do bheith ag aontú leis na hoibreacha san agus féadfidh an Bord na hoibreacha san do dhéanamh agus d'fheidhmiú fé mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta an tSuirbheura Bhuirge agus déanfar aon deifríocht a eireoidh idir an Bárdas agus an Bord i dtaobh na n-oibreacha san do chur fé bhráid Innealtóra ar a gcó-aontófar eatorra no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, fé bhráid Innealtóra a cheapfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar iarratas aon pháirtí acu.