2 1924

Uimhir 2 de 1924.


ACHT OIFIGIGH CÚIRTE (CEAPACHÁIN SHEALADACHA), 1924.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA CHUN DAOINE DO CHEAPA GO SEALADACH CHUN FEIDHMIÚ DO DHÉANAMH AR DHUALGAISÍ OIFIGÍ ÁIRITHE A BHAINEAS LE RIARA CIRT AGUS ATÁ FOLAMH NO A BHEIDH FOLAMH LAISTIGH DE THRÉIMHSE THEORANTA AGUS CHUN TEORA DO CHUR LE BUAN-CHEAPACHÁIN DO DHÉANAMH IN OIFIGÍ ÁIRITHE EILE DEN tSÓRT SAN. [18adh Feabhra, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Comhacht chun duine cheapa chun dualgaisí oifigí a luaidhtear sa Sceideal d'fheidhmiú.

1. —(1) Más folamh le linn rithte an Achta so aon oifig dá luaidhtear sa Sceideal don Acht so no má bhíonn sí folamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, ansan agus in aon chás den tsórt san,

(a) Más san Aire a bheidh an chomhacht dílsithe do réir dlí chun duine do cheapa chun na hoifige folmha san, no mara mbeidh éinne ann go mbeidh comhacht aige chun duine do cheapa chun na hoifige folmha san, féadfidh an tAire aon uair laistigh de cheithre mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, in ionad duine do cheapa chun na hoifige folmha san, duine oiriúnach go mbeidh aige na cáilíochta a horduítear (má orduítear aon cheann) le dlí i gcóir na hoifige sin do cheapa chun dualgaisí na hoifige sin d'fheidhmiú go sealadach, agus

(b) má bhíonn aon duine ann (seachas an tAire) go mbeidh comhacht aige chun duine do cheapa chun na hoifige folmha san, féadfidh an duine sin le toil an Aire, agus má orduíonn an tAire dho é déanfa sé, aon uair laistigh de cheithre mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, in ionad duine do cheapa chun na hoifige folmha san, duine oiriúnach go mbeidh aige na cáilíochta a horduítear (má orduítear aon cheann) le dlí i gcóir na hoifige sin do cheapa chun dualgaisí na hoifige sin d'fheidhmiú go sealadach.

(2) Einne a ceapfar fén Acht so chun dualgaisí oifige d'fheidhmiú ní leanfa sé d'fheidhmiú na ndualgaisí sin tar éis dhá bhliain o am rithte an Achta so do bheith caithte.

(3) Féadfidh an tAire aon uair deire do chur le haon cheapa a déanfar fén Acht so.

Duine a ceapfar fén Acht so beidh comhachta sealbhóir na hoifige aige.

2. —Gach éinne a ceapfar fén Acht so chun dualgaisí oifige d'fheidhmiú beidh aige na comhachta go léir a bheidh dílsithe i sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire do réir dlí, agus i gcás ceapa a shínfidh siar, tuigfar chun gach críche go raibh na comhachta san aige ón dáta go dtuigtar do réir an Achta so gur air a ceapadh é.

Féadfidh ceapa síne siar i gcásanna áirithe.

3. —I gcás éinne bhí, roimh rith an Achta so, ag feidhmiú dualgaisí aon oifige a luaidhtear sa Sceideal don Acht so agus atá folamh le linn rithte an Achta so, má ceaptar an duine sin fén Acht so chun dualgaisí na hoifige sin d'fheidhmiú, féadfidh an tAire, más é a dhin an ceapa, agus in aon chás eile féadfidh an té dhin an ceapa, a fhaisnéis go bhfuil an ceapa in éifeacht ón dáta ar ar dhin an duine a ceapadh amhlaidh tosnú ar dhualgaisí na hoifige sin d'fheidhmiú agus sa chás san tuigfar chun gach críche gur ceapadh an duine sin fén Acht so ar an dáta roimhráite.

Féadfar déanamh gan na cáilíochta i gcásanna áirithe.

4. —(1) Aon uair is dó leis an Aire gur ceart do é mar gheall ar nithe fé leith, féadfa sé, má thoilíonn Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse chuige, duine do cheapa no a údarú go gceapfar duine (pe'ca dhíobh is gá sa chás) chun dualgaisí oifige d'fheidhmiú fén Acht so gan na cáilíochta san a bheith aige is gá dho a bheith aige do réir dlí i gcóir na hoifige sin.

(2) Coicíos ar a luíod roimh cheapa do dhéanamh no d'údarú fén alt so, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh é bheith ar aigne an ceapa san do dhéanamh no d'údarú (pe'ca aca é), agus tar éis an ceapa bheith déanta déanfidh an tAire, no an té dhin an ceapa, a chur fé ndeár fógra i dtaobh an cheapa d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil maraon le hainm an té a ceapadh.

Luach saothair na ndaoine a ceapfar fén Acht so.

5. —(1) Gheobhaidh gach éinne a ceapfar fén Acht so pé luach saothair a cheadóidh an tAire Airgid, ach gan é bheith níos mó ná an luach saothair a bheadh iníoctha leis an té a bheadh i seilbh na hoifige na gceapfar an duine sin chun na dualgaisí a ghabhann léi d'fheidhmiú.

(2) Ní bheidh ag éinne a ceapfar fén Acht so teideal chun aon phinsin, cúitimh, ná liúntais mar gheall ar an gceapa do chur ar nea-mbrí.

An t-urrús agus an mionn a tabharfar.

6. —Aon uair a ceapfar éinne fén Acht so chun dualgaisí oifige d'fheidhmiú, féadfidh an tAire a shocrú,

(a) cadé an t-urrús a bheidh (má bhíonn) le tabhairt ag an duine sin ar a dhualgaisí do chó-líona go cuibhe, ach in aon chás áirithe ní bheidh an t-urrús san níos mó ná an t-urrús a iarann an dlí ar dhuine ceaptar chun na hoifige sin, agus

(b) cadé an mionn no an fhaisnéis a bheidh (má bhíonn) le tabhairt no le déanamh ag an duine sin nuair a ceapfar é.

Ceapacháin chun Oifigí den Chúirt Uachtarach agus chun Oifigí Cúirte Contae.

7. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis, ní ceapfar éinne, gan cead ón Aire agus ón Aire Airgid, chun aon oifige le n-a mbaineann an t-alt so más oifig den Chúirt Uachtarach Údaráis í no d'aon Chúirt Chontae i Saorstát Éireann, no oifig atá fé cheachtar acu no a bhaineann le ceachtar acu.

(2) Gach ceapa a déanfar tar éis rithte an Achta so chun aon oifige den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, ní bheidh sé ach sealadach agus féadfidh an tAire é do chur ar nea-mbrí aon uair.

(3) Ní bhaineann an t-alt so le haon oifig dá luaidhtear sa Sceideal don Acht so ná le haon oifig nách amach as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas a híoctar an luach saothair a ghabhann léi.

Míniú ar “Aire.”

8. —San Acht so cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Ghnóthaí Dúithche.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Oifigigh Cúirte (Ceapacháin Shealadacha). 1924, do ghairm den Acht so.

AN SCEIDEAL.

Cléireach Coróinneach agus Síochána.

Fo-Shirriam.

Clárathóir Dúithche Promháidí.

Clárathóir Áitiúil Teidil.

Clárathóir Conganta Dintiúirí.