9 1924


Uimhir 9 de 1924.


ACHT NA nARM TEINE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA CHUN TEORANTA DO CHUR LE hIOMPORTÁIL, LE DÉANAMH AGUS LE SEILBH ARM TEINE AGUS ARM EILE AGUS AMUINISIN AGUS LE DEIGHLEÁIL IONTA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LE hAIRM TEINE AGUS LE hAMUINSEAN. [5adh Abrán, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “arm teine” aon arm teine marathach no aon tsaghas eile airm as a bhféadfí aon urchar, pileur, no teilgeán eile do chaitheamh, no aon chuid de, agus cialluíonn an focal “amuinisean” amuinisean d'aon arm teine den tsórt san, agus foluíonn sé gránádaí, búmbaí, agus teilgeáin eile den tsórt san, pe'ca is féidir iad úsáid le harm teine no nách féidir, agus éinní a cuirtar isteach ina leithéidí no a théigheann chun iad do dhéanamh suas;

cialluíonn “ceadúnas airm teine” ceadúnas a tugadh amach do dhuine ainmnithe do réir rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so agus le n-ar hudaruíodh don duine sin arm teine áirithe agus roinnt áirithe amuinisin ina chóir do bheith ar seilbh aige, d'úsáid agus d'iompar;

cialluíonn an focal “deighleálaí arm teine” duine a dhineann, a dheisíonn, a fhromhann, a thástálann, no a dhíolann airm teine no amuinisean, no a dheighleálann sa chéanna, mar thrádáil no mar ghnó;

cialluíonn an focal “deighleálaí cláruithe arm teine” deighleálaí arm teine a cláruíodh mar dhuine den tsórt san do réir rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so.

Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacháin do dhéanamh.

2. —Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le rialacháin a deanfar fén Acht so—

(a) socrú a dhéanamh chun ceadúnaisí arm teine do thabhairt amach agus a leaga amach cé hiad na daoine no cadiad na haicmí daoine go bhféadfar ceadúnaisí arm teine do thabhairt amach dóibh;

(b) a údarú do dhaoine áirithe no d'aicmí áirithe daoine aon arm teine no amuinisean no aon tsaghas áirithe airm teine no amuinisin do bheith ar seilbh acu, d'úsáid, no d'iompar, mar ní generálta no chun crícheanna áirithe no fé choiníollacha áirithe, agus san gan ceadúnas airm teine do bheith acu;

(c) a leaga amach cé hiad na daoine a thabharfidh ceadúnaisí arm teine amach agus cadiad na téarmaí agus na cásanna ar a ndéanfar agus ina ndéanfar iad do thabhairt amach agus fuirm agus buaine na gceadúnaisí sin do cheapa;

(d) a ordú go ndéanfar gach arm teine go dtabharfar amach ceadúnas airm teine ina chóir do mharcáil le huimhir no le marc eile céannachta, agus a ordú go n-iontrálfar an uimhir no an marc san ar an gceadúnas airm teine agus ar chlár na gceadúnaisí arm teine;

(e) socrú a dhéanamh chun clár de cheadúnaisí arm teine do bhunú agus do chimeád ar siúl;

(f) socrú a dhéanamh chun clár do dheighleálaithe arm teine do bhunú agus do chimeád ar siúl agus a leaga amach cadiad na téarmaí agus na cásanna ar a bhféadfar agus ina bhféadfar duine do chlárú ar an gclár san agus ar a bhféadfar agus ina bhféadfar an clárú san do scrios amach no diúltú don chlárú san do dhéanamh;

(g) teoranta do chur le díolachán arm teine agus amuinisin agus cosc do chur le hairm teine do chur i ngeall;

(h) teoranta do chur le hairm teine agus amuinisean d'easportáil, d'iomportáil no d'aistriú o áit go háit eile;

(i) comhacht do thabhairt do bhaill d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann chun a éileamh go dtaisbeánfí ceadúnaisí airm teine dhóibh agus chun a leithéidí d'iniúcha, agus gan barántas acu chuige, chun gabháil do dhéanamh ar dhaoine go bhfuiltar in amhrus gur dhineadar ciontaí i gcoinnibh na rialachán agus chun áiteanna do chuardach go bhfuiltar in amhrus go bhfuil na ciontaí sin á ndéanamh ionta;

(j) comhachta do bhronna ar oifigigh Custum agus Máil agus ar oifigigh Post-Oifige, maidir le hairm teine agus amuinisean, díreach mar iad súd atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí maidir le hearraí eile go bhfuil cosc no teora curtha le hiad d'easportáil no d'iomportáil;

(k) an pionós a féadfar a chur ar dhuine a ciontuíodh i mbrise aon rialacháin a dineadh no a buanuíodh fén Acht so do leaga amach, ach san i dtreo nách mó aon phionós den tsórt san ná an pionós a húdaruítear leis an Acht so a chur ar dhuine a ciontófar i mbrise aon rialacháin den tsórt san;

(l) foráil do dhéanamh go gcaillfar aon arm teine no amuinisean gur briseadh ina thaobh rialachán a dineadh no a buanuíodh fén Acht so.

(2) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach rialachán a déanfar fén alt so, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an rialacháin fé n-a bhráid, rún do rith chun an rialachán do chur ar nea-mbrí, beidh an rialachán ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Cosc le seilbh airm teine gan ceadúnas.

3. —(1) Faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'éinne arm teine ná aon amuinisean do bheith ar seilbh aige, d'úsáid ná d'iompar ach sa mhéid go n-údarófar an tseilbh, an úsáid no an t-iompar san le rialacháin a déanfar fén Acht so no sa mhéid go n-údarófar san le ceadúnas airm teine no le ceadúnas eile a tabharfar amach fé sna rialacháin sin.

(2) Gach duine go mbeidh ar seilbh aige, no a úsáidfidh no a iompróidh arm teine no aon amuinisean contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus féadfar é phionósú dá réir sin.

Cosc ar gach éinne, ach ar dheighleáluithe cláruithe arm teine, airm teine ná amuinisean do dhéanamh, etc.

4. —(1) Faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'éinne, nách deighleálaí cláruithe arm teine, aon arm teine ná amuinisean do dhéanamh, do dheisiú, do thástáil, do fhromha, ná do dhíol, ná do bheith ar seilbh aige, ná do thaisbeáint chun é dhíol.

(2) Gach éinne a dhéanfidh, a dheiseoidh, a thástálfidh, a fhromhfidh, no a dhíolfidh, no go mbeidh ar seilbh aige, no a thaisbeánfidh chun é dhíol, aon arm teine no amuinisean contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus féadfar é phionósú dá réir sin.

Cosc le hiomportáil, etc., arm chun fliúcháin díobhálacha, etc., do chaitheamh.

5. —(1) Le linn rithte an Achta so agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach, gan údarás ón Aire Cosanta, go n-iomportálfadh, go ndéanfadh, go ndíolfadh, go gceannódh, ná go n-iompródh éinne ná go mbeadh ar seilbh aige aon tsaghas airm in aon chor a ceapadh chun aon fhliuchán, gas no rud eile díobhálach do chaitheamh, ná aon amuinisean ina bhfuil aon rud díobhálach den tsórt san no a ceapadh no atá oiriúnach i gcóir a leithéide.

(2) Má théigheann éinne i gcoinnibh forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i mí-iompar, agus ar a chiontú tar éis a dhíotála féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh téarma nách sia ná cúig bliana, no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain.

(3) Beidh ag oifigigh Custum agus Máil agus ag oifigigh Post-Oifige, i dtaobh na n-arm agus an amuinisin a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, comhachta díreach mar iad súd atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí i dtaobh earraí eile go bhfuil cosc no teora curtha le hiad d'iomportáil.

Pionóisí.

6. —Einne a dhéanfidh cionta fén Acht so no a dhéanfidh brise ar aon rialachán a déanfar fén Acht so agus ná beidh aon phionós leagtha amach ina thaobh sa rialachán san, féadfar i dtaobh gach cionta no brise den tsórt san—

(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair é dhaora chun príosúntacht d'fhulang i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná sé mhí agus ina theanta san féadfar é dhaora chun fíneáil nách mó ná fiche punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an chiontuithe sin, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma eile nách sia ná dhá mhí agus a cuirfar leis an téarma a céadluaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san; no

(b) ar a fháil ciontach ann tar éis a dhíotála é dhaora chun príosúntacht d'fhulang i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain agus féadfar ina theanta san é dhaora chun fíneáil nách mó ná céad punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora san, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma eile nách sia ná sé mhí agus a cuirfar leis an téarma a céad-luaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san.

Eisceachtaí do shaighdiúirí agus do phóilíní agus i dtaobh arm ársa agus i dtaobh achtachán a bhaineann le pléascáin.

7. —(1) Ní bhainfidh éinní san Acht so, ná in aon rialachán a déanfar fén Acht so, le haon arm teine ná amuinisean is le ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no d'fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann, no a tugadh amach do no atá ar seilbh aige, mar chuid dá chuid arm no dá threallamh mar bhall den tsórt san, ná ní bhainfe sé le haon arm teine ná amuinisean do bheith ar seilbh, in úsáid ná ar iompar ag aon bhall den tsórt san agus é ag déanamh a dhualgais mar bhall den tsórt san.

(2) Ní bhainfidh éinní san Acht so i dtaobh arm teine le harm teine ársa a díolfar, a ceannófar, a hiomprófar no a bheidh ar seilbh ag duine mar rud cuirialta no mar órnáid.

(3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le hamuinisean is mar mhéadú agus ní mar luíodú a bheid ar aon achtachán a bhaineann le cimeád agus díol pleascán.

Gearr-theideal agus buaine.

8. —(1) Féadfar Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann bliana tar éis é bheith rithte agus ragha sé in éag ansan.