11 1924

Uimhir 11 de 1924.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILIÚ RÁTAÍ), 1924.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN LEIGHSEANNA AGUS NÓS-IMEACHTA SPEISIALTA DO BHUNÚ CHUN RIARÁISTE RÁTAÍ ATÁ DLITE ANOIS D'FHÁIL AGUS CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN USÁID A DHÉANAMH D'OIFIG AN PHUIST AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA CHUN RÁTAÍ DO BHAILIÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LE BAILIÚ RÁTAÍ. [12adh Abrán, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Barántas do thabhairt amach don bhfo-shirriam chun riaráiste rátaí do ghearra.

1. —(1) Má bhíonn éinne (dá ngairmtear an “faillitheoir” san Acht so) gan ráta no cuid de ráta le n-a mbaineann an t-alt so agus atá dlite air agus iníoctha aige d'íoc, beidh sé de dhualgas ar rúnaí no ar chléireach an údaráis áitiúla a bhuail an ráta san, má dhineann agus nuair a dhéanfidh cigire don Aire é ordú dho, ainm agus áit chomhaithe an fhaillitheora agus a áit ghnótha (má bhíonn aige), an méid atá dlite air ar bun an ráta roimhráite, agus suidheamh agus tuairisc na maoine ar a bhfuil an ráta san iníoctha (dá ngairmtear an mhaoin ionrátuithe san Acht so) do chur in úil don Aire sa bhfuirm agus ar an gcuma orduithe, agus leis sin beidh sé dleathach don Aire, más dó leis agus nuair is dó leis gur ceart é, barántas sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach d'fho-shirriam na contae ina luíonn an mhaoin ionrátuithe no d'fho-shirriam aon chontae ina gcomhnuíonn an faillitheoir no ina bhfuil áit ghnótha aige, agus deimhniú sa bharántas san ar ainm an fhaillitheora, ar an méid atá dlite air mar adubhradh, agus, pe'ca dhíobh is gá sa chás, ar ait chomhnaithe no áit ghnótha an fhaillitheora no ar shuidheamh agus tuairisc na maoine ionrátuithe, agus údarás ann don bhfo-shirriam san an méid roimhráite do ghearra ar an bhfaillitheoir do réir forálacha an Achta so.

(2) Tar éis barántas a bheith tugtha amach fén alt so agus go dtí go mbeidh freagra tugtha ag an bhfo-shirriam ar an mbarántas san, beidh an méid a deimhníodh leis a bheith dlite gan bheith iníoctha ach leis an bhfo-shirriam dar tugadh amach an barántas agus gan bheith ionghlactha ach aige sin, agus beidh sé gan bheith iníoctha le ráta-bhailitheoir ná le haon oifigeach eile don údarás áitiúil agus gan bheith ionghlactha ag éinne acu.

(3) Baineann an t-alt so le haon ráta dealbhais no le haon ráta eile a bhuail údarás áitiúil, le n-ar cuireadh an t-alt so i mbaint, i gcóir seirbhís na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, no seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla roimhe sin.

(4) Le hordú a dhéanfa sé aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, féadfidh an tAire an t-alt so do chur i mbaint le haon údarás áitiúil, agus féadfidh an t-ordú san pé rialacha d'ordú is dó leis an Aire is ceart chun regleáil a dhéanamh ar na dualgaisí fé seach a bheidh ar rúnaí no cléireach agus ar ráta-bhailitheoirí an údaráis áitiúla i bhfeidhmiú no mar gheall ar fheidhmiú an ailt seo.

(5) Isé duine thabharfidh fógra puiblí i dtaobh ordú bheith déanta chun an t-alt so do chur i mbaint le húdarás áitiúil ná rúnaí no cléireach an údaráis áitiúla agus san ar an gcuma orduithe i líomatáiste údaráis an údaráis áitiúla agus ar chostas an údaráis áitiúla.

Fo-shirriam do ghearra riaráiste rátaí ar bharántas

2. —(1) Díreach tar éis barántas fén Acht so d'fháil ón Aire dho, raghaidh an fo-shirriam i mbun an tsuim a bheidh deimhnithe sa bharántas bheith dlite ar an bhfaillitheoir do ghearra air tré ghabháil do dhéanamh ar gach cuid no aon chuid de sna hearraí, de sna hainmhithe, agus den áirnéis eile a bheidh laistigh dá bháillíocht agus is leis an bhfaillitheoir a bheidh ainmnithe sa bharántas, no a gheobhfar ar an maoin ionrátuithe a bheidh luaidhte sa bharántas, agus chuige sin beidh comhachtanna ag an bhfo-shirriam, den tsórt a bhíonn ag bailitheoir rátaí dealbhais fé n-a bharántas, chun gach earra agus áirnéis a gheobhfar ar an maoin ionrátuithe do ghabháil, agus beidh aige fós gach ceart agus comhacht agus beidh air gach dualgas a bheidh ag foshirriam, no air, do réir dlí de thurus na huaire maidir le feidhmiú rit fieri facias.

(2) Gach airgead a híocfar le fo-shirriam no a ghearrfidh no a gheobha sé ar aon tslí eile ar bun na suime a luaidhtear i mbarántas a tugadh amach fén Acht so, íocfidh an fo-shirriam é le cisteoir an údaráis áitiúla san go luaidhtear sa bharántas gur do atá an tsuim sin dlite.

(3) Gach táille a thuillfidh fo-shirriam go dleathach agus gach costas fé n-a ragha sé go dleathach i bhfeidhmiú barántais fén Acht so, déanfidh an t-údarás áitiúil go bhfuil an tsuim a luaidhtear sa bharántas dlite dho iad d'íoc leis an bhfo-shirriam, pé méid díobh ná fuair sé ar aon tslí eile.

Leanfidh a chomhachtanna ag ráta-bhailitheoir tar éis íocaíocht do thabhairt d'údarás áitiúil.

3. —(1) Má dhin no má dhineann ráta-bhailitheoir do réir a bhanna, roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin, aon tsuim d'íoc le húdarás áitiúil ar scór ráta a bhí ionbhailithe aige ach nár bhailigh sé, faid a bheidh an ratá-bhailitheoir sin ina rátabhailitheoir, beidh aige agus tuigfar go raibh riamh aige, tar éis na híocaíochta san, ceartanna agus leighseanna agus comhachtanna, chun an tsuim d'íoc sé amhlaidh do bhailiú agus d'fháil ón té a bheidh rátuithe fén ráta san i leabhar na rátaí, díreach fé mar a bhí aige do réir dlí chun an tsuim sin do bhailiú agus d'fháil ón duine sin sarar dineadh an íocaíocht san leis an údarás áitiúil.

(2) Na ceartanna, na leighseanna agus na comhachtanna a bronntar leis an alt so ar ráta-bhailitheoir, ach amháin comhacht earra-ghabhála, leanfid de bheith infheidhmithe aige, tar éis do scur de bheith ina ráta-bhailitheoir, chó fada is theigheann ráta a bhí ionbhailithe aige, ach nár bhailigh sé, faid a bhí sé ina ráta-bhailitheoir.

Féadfidh Giúistís Dúithche leabhar na rátaí do cheartú i gcásanna áirithe.

4. —(1) I gcás éinne atá iontrálta i leabhar rátaí mar shealbhaire ar aon tionóntachán agus atá rátuithe, mar shealbhaire ar an tionóntachán san, fé ráta a bhuail údarás áitiúil, má chítar do Ghiúistís Dúithche, ar iarratas ón údarás áitiúil sin agus tar éis dóibh fógra thabhairt do gach éinne le n-a mbaineann an scéal, nárbh é an duine sin sealbhaire an tionóntacháin sin nuair a buaileadh an ráta san, beidh sé dleathach don Ghiúistís Dúithche an leabhar rátaí sin do cheartú tré ainm no tuairisc an duine atá iontrálta ann mar shealbhaire ar an tionóntachán san do bhuala amach agus ainm no tuairisc an té a cuirfar ina luighe ar an nGiúistís Dúithche a bheith i seilbh an tionóntacháin sin, nuair a buaileadh an ráta san, do chur in ionad na hainme no na tuairisce sin.

(2) Aon uair a ceartófar leabhar rátaí fén alt so, tuigfar gur ar an té gur chuir an Giúistís Dúithche a ainm no a thuairisc sa leabhar rátaí a leagadh an ráta gur dineadh an ceartú mar gheall air agus san chó dleathach agus chó héifeachtúil is dá mbeadh an ainm no an tuairisc sin iontrálta go cuibhe sa leabhar rátaí nuair a buaileadh an ráta.

(3) Einne ar a ngoillfidh ordú a dhin Giúistís Dúithche fén alt so féadfa sé, tré fhógra a seirbheálfar laistigh de choicíos tar éis déanamh an orduithe sin, athchomharc i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh chun an Bhreithimh Chúirte Contae no chun an Bhreacthóra don Chontae no don Chontae-Bhuirg ina bhfuil an tionóntachán le n-a mbaineann an t-ordú san.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so ach le ráta dealbhais agus le rátaí eile a bhuail údarás áitiúil i gcóir seirbhís na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, no i gcóir seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla roimhe sin.

Féadfar fógraí i dtaobh rátaí do sheirbheáil tríd an bpost.

5. —(1) Aon fhógra is gá do réir dlí a thabhairt don té atá thíos le ráta sara mbunuítear imeachta ar an slí achmair chun an ráta san d'fháil, in ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm anois agus ina bhfuil sé leagtha amach conus an fógra san do sheirbheáil féadfar é sheirbheáil ar an duine roimhráite tré n-a chur tríd an bpost, i gclúdach cláruithe roimh-íoctha fé sheola an fhaillitheora, chun an tseola atá iontrálta dho sa leabhar rátaí, agus tuigfar gur seirbheáladh é nuair a déanfí an clúdach ina raibh sé do sheachada dho i ngnáth-chúrsa an phuist.

(2) Nuair a beifear á chruthú gur seirbheáladh mar sin aon fhógra den tsórt san is leor a chruthú gur síneadh isteach agus gur cláruíodh go cuibhe in oifig phuist clúdach ina raibh an fógra agus seola air mar a hórduítear leis an alt so.

Féadfidh an tAire socrú dhéanamh chun rátaí a bhailiú tré Oifig an Phuist

6. —In ainneoin éinní in aon achtachán le n-a n-iarrtar ar údarás áitiúil aon ráta bhuail sé do bhailiú agus do ghearra tré ráta-bhailitheoirí a húdaruíodh go cuibhe, féadfidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé tar éis comhairle ghlaca le hAire an Phuist, agus le haontú an Aire Airgid, gach ní no éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh, agus go generálta no i dtaobh aon údaráis no udarásanna áitiúla áirithe, sé sin le rá:—

(a) Socrú dhéanamh i dtaobh Oifig an Phuist d'úsáid chun éilithe ar íoc aon ráta a bhuail údarás áitiúil do sheirbheáil,

(b) socrú dhéanamh i dtaobh aon ráta a héilíodh amhlaidh d'íoc isteach in Oifig an Phuist agus do bhailiú tríthe, agus i dtaobh admháil ón oifigeach ceart in Oifig an Phuist ar aon ráta a híocadh no a bailíodh amhlaidh do bheith ina saora éifeachtúil don té d'íoc é,

(c) socrú dhéanamh i dtaobh coimisiún no púntáiste d'íoc le hOifig an Phuist ar gach ráta no aon ráta a baileofí tré Oifig an Phuist,

(d) a ordú cad iad na fuirmeacha a húsáidfar chun éilithe ar rátaí do sheirbheáil agus rátaí d'íoc agus do bhailiú tré Oifig an Phuist,

(e) socrú agus ordú dhéanamh i dtaobh gach rud agus ní a eireoidh as gach ní no éinní de sna nithe roimhráite no a chabhróidh leis an gcéanna.

(2) Aon uair a bheidh an tAire tar éis rialacha dhéanamh fén alt so i dtaobh éilithe ar rátaí a bhuail údarás áitiúil do sheirbheáil agus i dtaobh íoc agus bailiú rátaí den tsórt san, féadfidh an t-údarás áitiúil sin pé daoine dá n-oifigigh no pé daoine eile a mholfidh an tAire do cheapa chun có-líona dhéanamh ar dhualgaisí a bhíonn ar ráta-bhailitheoirí i dtaobh rátaí bhaint amach, pé dualgaisí dhíobh ná beidh á gcó-líona cheana féin tré Oifig an Phuist fé sna rialacha roimhráite, agus beidh comhachtanna ag gach oifigeach no duine a ceapfar amhlaidh díreach fé mar a bhíonn ag ráta-bhailitheoir fé láthair chun rátaí bhaint amach, agus beidh teideal aige, leis, chun cúis dlí do bhunú ina ainm féin, chun rátaí a bheidh dlite don údarás áitiúil sin d'fháil, agus chun admhála dleathacha do thabhairt ortha agus beidh sé fé smacht an Aire díreach fé mar a bhíd ráta-bhailitheoirí anois.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so ach le ráta dealbhais agus le rátaí eile a bhuail údarás áitiúil i gcóir seirbhís aon bhliana de sna bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, an 31adh lá de Mhárta, 1925, no an 31adh lá de Mhárta, 1926, fé seach, no i gcóir seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla roimhe sin.

Féadfar Comhachtanna agus dualgaisí ná baineann le bailiú rátaí d'aistriú o rátabhailitheoir.

7. —(1) In aon chás ina mbeidh sé riachtanach de bharr aon rialacha a déanfar fén Acht so no ar aon tslí eile, féadfidh an tAire, le hordú, gach ceann no aon cheann de sna comhachtanna agus de sna dualgaisí atá ag bailitheoir rátaí dealbhais no air, maidir le luacháil maoine ionrátuithe, clárú toghthóirí, ullamhú liostaí de choisteoirí, no éinní eile ná baineann le bailiú rátaí, d'aistriú chun aon duine no daoine a ceapfar chuige sin ag an údarás áitiúil le haontú an Aire, no chun an Ghárda Síochána le toil an Aire um Ghnóthaí Dúithche, agus leis an ordú san féadfa sé aon achtachán, ordú, no riail a bhaineann le haon chomhacht no dualgas den tsórt san a haistreofar amhlaidh do chur in oiriúint ar pé cuma is gá chun an t-ordú do chur in éifeacht.

(2) Féadfar aon ordú den tsórt san do dhéanamh go generálta no i dtaobh líomatáiste aon údaráis no údarásanna áitiúla áirithe.

(3) Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhineann an dá Thigh sin, laistigh de lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh tar éis an t-ordú san do leaga fé bhráid na dTithe, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-órdú san gan brí ach ní dhéanfidh an nea-mbríochaint sin dochar ná difir do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.

Mínithe.

8. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Rialtas Áitiúil,

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge no bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile,

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Bailiú Rátaí), 1924 , do ghairm den Acht so.