3 1929


Uimhir 3 de 1929.


ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1929.


ACHT CHUN CUR-AR-ATHLÓ DO DHÉANAMH ARÍS AR NA TOGHACHÁIN CHUN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA I gCONTAE AGUS I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH DO CUIREADH AR ATHLÓ ROIMHE SEO LEIS AN ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (ÚDARÁIS SCURTHA), 1926 , AGUS LEIS AN ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1927 , FÉ SEACH. [26adh Márta, 1929]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Toghacháin chomhairle buirge agus chaomhnóirí Bhaile Átha Cliath do chur ar athló.

1. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 ( Uimh. 22 de 1926 ) féadfar na toghacháin nua chun comhairle contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus chun caomhnóirí na mbocht d'aontas Bhaile Atha Cliath fé seach is gá do réir an fho-ailt sin do chomóra ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1929, féadfar iad do chomóra aon tráth i ndiaidh an dáta san ach ní níos déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1930.

Toghacháin áitiúla i gcontae Bhaile Atha Cliath do chur ar athló.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 21 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 ( Uimh. 39 de 1927 ), dintar na toghacháin reachtúla do bhaill d'údaráis áitiúla a cuireadh ar athló leis an alt san do chur ar athló arís leis seo go dtí pé dáta agus comórfar iad ar pé dáta, nách déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1930, a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí le hordú.

(2) Aon Ordú a dhéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt so ag ordú dáta toghacháin, tuigfar chun crícheanna fo-alt (2) agus (3) d'alt 21 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , gur fén alt san a dineadh é, agus léireofar na fo-ailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 , do ghairm den Acht so.