29 1930


Uimhir 29 de 1930.


ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ BREISE AGUS FEABHASA DO DHÉANAMH I dTAOBH OIDEACHAIS LEANÚNA AGUS CEÁRD-OIDEACHAIS. [21adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) ón Aire chun gach comhachta no aon chomhachta d'fheidhmiú agus chun gach dualgais no aon dualgais do chólíona bronntar no forchuirtear ar chigire leis an Acht so;

cialluíonn an focal “contae” contae riaracháin ach ní fholuíonn sé contae-bhuirg;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiuil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge, agus comhairle bhailecheanntair;

cialluíonn an abairt “Acht 1889” an Technical Instruction Act, 1889;

cialluíonn an abairt “Acht 1891” an Technical Instruction Act, 1891;

cialluíonn an abairt “Acht 1899” an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiuil” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhárta;

cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” an luach ionrátuithe bliantúil fé sna hAchtanna Luachála;

foluíonn an focal “príomh-oide” aon leas-phríomh-oide no oide eile bheidh ag gníomhú de thurus na huaire mar phríomh-oide no ina ionad;

foluíonn an focal “breoiteacht” aon ghalar no díobháil chuirp no aigne;

foluíonn an focal “ceárd” aon tionnscal, ceárd no gnó;

cialluíonn an abairt “bailecheanntar sceidealta” bailecheanntar atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “bliain thoghacháin” an bhliain 1931 no aon tríú bliain de sna blianta ina dhiaidh sin;

cialluíonn an abairt “duine óg” duine go bhfuil ceithre bliana déag slán aige agus ná fuil sé bliana déag slán aige;

cialluíonn an focal “tuismitheoir,” maidir le duine óg, an té ar a bhfuil cúram an duine óig sin do réir dlí agus más rud é, toisc an duine sin do bheith as láthair no ar aon réasún eile, ná fuil an duine óg san in éintigheas leis an duine sin no ná fuil sé fé n-a chúram foluíonn an focal an té gur in éintigheas leis atá an duine óg san no gur fé n-a chúram atá an duine óg san;

cialluíonn an focal “fostaíocht,” maidir le duine óg, fostaíocht agus obair in aon tsaothar a deintear mar chéird no d'fhonn an duine óig sin no duine ar bith eile d'fháil sochair as;

foluíonn an abairt “cionta fén gCuid seo den Acht so” cionta fé alt no fé fho-alt ar bith atá sa Chuid den Acht so ina bhfuil an abairt sin;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Oideachas leanúnach.

3. —Chun crícheanna an Achta so cialluíonn an abairt “oideachas leanúnach” oideachas chun leanúint den oideachas do bheirtear i mbun-scoileanna agus chun cur leis sin agus foluíonn sé oiliuint, generálta agus praiticiuil, mar ullamhú i gcóir fostaíochta i gceárda, i ndéantóireacht, i dtalmhaíocht, i dhráchtáil, agus i ngnóthaí eile tionnscail, agus fós oiliuint, generálta agus praiticiuil, chun feabhas do chur ar dhaoine óga i gcéimeanna tosaigh na fostaíochta san.

Ceárdoideachas.

4. —(1) Chun crícheanna an Achta so cialluíonn an focal “ceárd-oideachas” oideachas a bhaineann le ceárda, déantóireacht, tráchtáil, agus gnóthaí eile tionnscail (ar a n-áirítear slite beatha, do chailíní agus do mhná, a bhaineann le tigheas) agus oideachas in abhair a bhaineann no a ghabhann leis na nithe sin agus foluíonn sé oideachas in eolaíocht agus in ealadhain (agus ceol d'áireamh i gcontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe) agus fós foluíonn sé tréineáil chuirp.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú go bhfolóidh an focal “ceárd-oideachas,” chun crícheanna an Achta so, teagasc i pé abhair i dtaobh na ngnóthaí, na bhfostaíocht, agus na slite beatha san (lasmuich den talmhaíocht) a luadhfar san ordú san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh brí an fhocail sin leathnuithe, chun crícheanna an Achta so, do réir forálacha an orduithe sin.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, a dhearbhú go bhfolóidh an focal “ceárd-oideachas” leis, chun crícheanna an Achta so, teagasc i pé abhair a bhaineann no a ghabhann le talmhaíocht agus a luadhfar san ordú san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh brí an fhocail sin leathnuithe, chun crícheanna an Achta so, do réir forálacha an orduithe sin.

Dáta slánuithe aon aoise áirithe.

5. —Chun crícheanna an Achta so tuigfear aon aois áirithe do bheith slán ag duine pé lá acu so leanas, sé sin le rá, an 31adh lá de Mhárta, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhomhair no an 31adh lá de Mhí na Nodlag, is túisce thiocfaidh tar éis an lae de laetheanta cuimhne a bheirthe a bheidh an aois sin slán aige dáiríribh.

CUID II.

Coisti Oideachais Ghairme Beatha.

Líomatáistí oideachais ghairme beatha.

6. —(1) Beidh gach contae-bhuirg ina líomatáiste oideachais ghairme beatha buirge chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh gach bailecheanntar sceidealta ina líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair chun crícheanna an Achta so.

(3) Beidh gach contae (lasmuich de pé méid di bheidh, má bhíonn aon chuid di, laistigh de bhailecheanntar sceidealta de thurus na huaire) ina líomatáiste oideachais ghairme beatha contae chun crícheanna an Achta so.

(4) San Acht so foluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha” líomatáiste oideachais ghairme beatha buirge, líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair, agus líomatáiste oideachais ghairme beatha contae.

Coistí oideachais ghairme beatha do bhunú.

7. —(1) Beidh coiste (dá ngairmtear san Acht so coiste oideachais ghairme beatha) i ngach líomatáiste oideachais ghairme beatha agus do chun na ndualgaisí ceaptar do choistí oideachais ghairme beatha leis an Acht so do chólíona maidir leis an líomatáiste sin.

(2) Bhéarfar mar theideal agus mar ainm ar gach coiste oideachais ghairme beatha pé teideal no ainm a cheapfaidh an tAire, ach mara ndeinidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire teideal agus ainm aon choiste áirithe do cheapa bhéarfar mar theideal agus mar ainm ar an gcoiste sin:—

(a) más coiste do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhuirge é, an teideal no an ainm “Coiste Oideachais Ghairme Beatha Chathair (ainm na contae-bhuirge)”; agus

(b) más coiste do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhailecheanntair é, an teideal no an ainm “Coiste Oideachais Ghairme Beatha (ainm an bhailecheanntair)”; agus

(c) más coiste do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae é, an teideal no an ainm “Coiste Oideachais Ghairme Beatha Chontae (ainm na contae).”

(3) Beidh gach coiste oideachais ghairme beatha ina chólucht chorparáideach fén teideal no fén ainm sin aige, agus beidh síorchomharbas aige agus séala oifigiuil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus comhacht chun talamh d'fháil agus do shealbhú chun crícheanna a chomhacht agus a dhualgas.

Có-dheanamh coistí oideachais ghairme beatha.

8. —(1) Beidh an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhuirge có-dhéanta de cheithre baill déag a thoghfaidh comhairle na contae-bhuirge gurb í an líomatáiste oideachais ghairme beatha buirge sin í agus beidh cúigear ar a laighead no ochtar ar a mhéid de lucht an choiste ina ndaoine is baill den chomhairle sin.

(2) Beidh an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhailecheanntair có-dhéanta de cheithre baill déag a thoghfaidh comhairle an bhailecheanntair gurb é an líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair sin é agus beidh cúigear ar a laighead no ochtar ar a mhéid de lucht an choiste ina ndaoine is baill den chomhairle sin.

(3) Beidh an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae có-dhéanta de sna baill seo leanas:—

(a) ceithre baill déag a thoghfaidh comhairle na contae gurb í an líomatáiste oideachais ghairme beatha contae sin í no ina bhfuil an líomatáiste sin agus beidh cúigear ar a laighead no ochtar ar a mhéid de sna baill sin ina ndaoine is baill den chomhairle sin; agus

(b) i gcás bailecheanntair no bailecheanntar nách bailecheanntar ná bailecheanntair sceidealta do bheith sa líomatáiste oideachais ghairme beatha san—

(i) mara mbeidh níos mó ná ceithre bailecheanntair den tsórt san ann, beirt bhall a thoghfaidh comhairle gach bailecheanntair fé leith acu san, agus féadfaidh gach ball a toghfar amhlaidh bheith ina dhuine is ball no ina dhuine nách ball den chomhairle sin, pe'ca aca is rogha leis an gcomhairle sin, no

(ii) má bhíonn níos mó ná ceithre bailecheanntair den tsórt san ann, ball a thoghfaidh comhairle gach bailecheanntair fé leith acu san agus i ngach cás féadfaidh an ball san bheith ina dhuine is ball no ina dhuine nách ball den chomhairle sin, pe'ca aca is rogha leis an gcomhairle sin.

(4) Nuair a bheidh údarás áitiuil ag togha daoine fén alt so chun bheith ina mbaill de choiste oideachais ghairme beatha féachfaid don tsuim san oideachas agus don taithí air a bheidh ag an té bheidh á thairisgint le togha amhlaidh agus do mholta ar bith dhéanfaidh cóluchtaí (agus ortha san comhlachais no cóluchtaí d'fhostóirí no d'fhostaithe) a bhaineann le déantóireacht no le ceárda i líomatáiste an choiste sin agus, más deabhrathach gur mhaith an rud é agus más féidir san sa chás, déanfaid an togha san i slí go mbeidh ionadaithe do sna cóluchtaí sin ar an gcoiste sin.

Baill de choistí do thogha.

9. —(1) Is ar pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí dhéanfaidh údaráis áitiúla baill de choistí oideachais ghairme beatha do thogha den chéad uair, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapa amhlaidh maidir le húdaráis áitiúla deifriúla.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le húdaráis áitiúla do thogha ball de choistí oideachais ghairme beatha (lasmuich de thogha na mball san den chéad uair agus de thogha ball chun foth-fholúntaisí do líona), sé sin le rá:—

(a) toghfaidh gach comhairle chontae no bhailecheanntair nách buirg i ngach bliain toghacháin, ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle sin a comórfar an bhliain sin, pé méid ball den choiste oideachais ghairme beatha san go bhfuil an chomhairle sin i dteideal fén Acht so iad do thogha amhlaidh, agus beidh an toghachán san mar chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san den chomhairle sin; agus

(b) toghfaidh gach comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile i ngach bliain toghacháin, ag an gcruinniú cinn ráithe den chomhairle sin a comórfar idir an 23adh lá de Mheitheamh agus an 15adh lá d'Iúl an bhliain sin, pé méid ball den choiste oideachais ghairme beatha san go bhfuil an chomhairle sin i dteideal fén Acht so iad do thogha amhlaidh, agus beidh an toghachán san mar chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú cinn ráithe den tsórt san den chomhairle sin.

(3) San alt so siad na bríonna atá leis na habairtí “cruinniú bliantúil” agus “cruinniú cinn ráithe” ná na bríonna tugtar do sna habairtí “annual meeting” agus “quarterly meeting” fé seach leis an Local Government (Ireland) Act, 1898.

Téarma oifige ball de choistí.

10. —(1) Tosnóidh téarma oifige gach baill de choiste oideachais ghairme beatha toghfar le linn na mball den choiste sin do bheith á dtogha den chéad uair, tosnóidh sé i dtosach céad chruinnithe an choiste sin.

(2) Tosnóidh téarma oifige gach baill de choiste oideachais ghairme beatha (nách ball do toghadh le linn na mball den choiste sin do bheith á dtogha den chéad uair, ná ball do toghadh chun foth-fholúntais do líona), tosnóidh sé i ndeire an chruinnithe den údarás áitiuil ag ar toghadh é.

(3) Marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh gach ball de choiste oideachais ghairme beatha (nách ball do toghadh chun foth-fholúntais do líona) i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú eile, den údarás áitiuil do thogh é, ag ar gá do réir an Achta so don údarás san baill no ball den choiste sin do thogha (chun críche seachas foth-fholúntas do líona).

Baill de choistí d'eirghe asta agus do theacht fé dhí-cháilí ocht.

11. —(1) Féadfaidh ball de choiste oideachais ghairme beatha eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san uair ar bith tré leitir fé n-a sheola san do chur go dtí príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den choiste sin a thosnóidh tar éis fógra an eirithe-as san d'fháil don oifigeach san.

(2) Pé uair a thárlóidh do bhall de choiste oideachais ghairme beatha, do bhí, le linn a thoghtha mar bhall den tsórt san, ina bhall den údarás áitiuil do thogh amhlaidh é, go scuirfe sé de bheith ina bhall den údarás áitiuil sin beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall den choiste sin ach beidh sé ion-aththoghtha mara mbeidh sé dícháilithe ar aon tslí eile.

(3) Má bhionn ball de choiste oideachais ghairme beatha as láthair o gach cruinniú den choiste sin ar feadh tréimhse de shé mhí as a chéile beidh sé dí-cháilithe, i gcionn na tréimhse sin, chun leanúint de bheith ina bhall den choiste sin, maran rud é gur bhreoiteacht fé ndeár a bheith as láthair no gur aontuigh an coiste le n-a bheith as láthair, agus fós beidh sé dí-cháilithe go ceann bliana o dheire na tréimhse sin chun bheith ina bhall den choiste sin.

(4) Mara mbeidh sé dí-cháilithe ar aon tslí eile beidh ball de choiste oideachais ghairme beatha iontoghtha mar bhall den choiste sin ar bheith caithte le himeacht aimsire dá théarma oifige mar bhall den tsórt san no ar súil do bheith leis an téarma san do bheith caithte amhlaidh.

Foth-fholúntaisí i gcoistí do líona.

12. —(1) Pé uair a thiocfaidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht choiste oideachais ghairme beatha tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall den choiste sin, déanfaidh an t-údarás áitiuil do thogh an ball san, chó luath agus bheidh caoi ann chuige, duine do thogha chun an fholúntais sin do líona.

(2) Le linn duine do thogha chun foth-fholúntais do líona i mballraíocht choiste oideachais ghairme beatha, déanfaidh an t-údarás áitiuil a thoghfaidh an duine sin féachaint do sna forálacha den Acht so bhaineann leis an méid ball den choiste sin nách foláir dóibh bheith ina mbaill den údarás san.

(3) Duine toghfar chun foth-fholúntais do líona i mballraíocht choiste oideachais ghairme beatha beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar bhall den choiste sin ar feadh iarsma an téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas san tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mar bhall den tsórt san mara mbeadh a éag, a eirghe as, no a theacht fé dhí-cháilíocht.

Cruinnithe coistí oideachais ghairme beatha.

13. —(1) Beidh a chéad chruinniú ag gach coiste oideachais ghairme beatha pé lá agus pé uair agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Beidh ag gach coiste oideachais ghairme beatha, i ngach bliain airgeadais áitiuil agus roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain sin, cruinniú dá ngairmtear an cruinniú bliantúil san Acht so.

(3) Beidh ag gach coiste oideachais ghairme beatha cruinniú amháin ar a laighead gach mí ach amháin mí Iúil, mí Lúnasa, agus mí Mheán Fhomhair.

(4) Beidh ag gach coiste oideachais ghairme beatha cruinniú amháin ar a laighead i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl agus dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair gach bliain.

(5) Fé réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt eile ina dhiaidh seo beidh ag gach coiste oideachais ghairme beatha pé cruinnithe agus pé méid acu pé uaire agus i pé áiteanna is dó leis an gcoiste is ceart.

Cruinnithe cinn trí mblian coistí oideachais ghairme beatha.

14. —(1) Beidh ag gach coiste oideachais ghairme beatha i ngach bliain toghacháin cruinniú (dá ngairmtear cruinniú cinn trí mbliain san Acht so) ar an lá ceapfar fén alt so don bhliain sin chun an chruinnithe sin do bheith ag an gcoiste sin.

(2) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha ar an 31adh lá de Bhealtaine no roimhe sin i ngach bliain toghacháin lá (nách luaithe ná trí ná nách déanaí ná deich lá tar éis togha na mball den choiste sin an bhliain sin do chríochnú) do cheapa chun an chruinnithe chinn trí mblian do bheith ag an gcoiste sin an bhliain sin.

(3) Más rud é, in aon bhliain toghacháin, ná ceapfar aon lá fén bhfo-alt san roimhe seo chun cruinnithe cinn trí mbliain do bheith ag coiste oideachais ghairme beatha an bhliain sin, isé lá bheidh an cruinniú san ann an bhliain sin ná an seachtú lá tar éis togha na mball den choiste sin an bhliain sin do chríochnú.

(4) Más rud é, ar aon chúis (agus áirítear mar chúis gan quorum do bheith i láthair), ná beidh cruinniú cinn trí mblian ag coiste oideachais ghairme beatha an lá ceapfar fén alt so chun an cruinniú san do bheith ann, déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin, chó luath agus is féidir é, cruinniú den choiste sin do ghairm chun teacht le chéile ar uair chaothúil an lá go bhfeicfear do gurb é an dáta é is luaithe bheidh caothúil chuige sin agus an cruinniú bheidh ann do réir na gairme sin beidh sé, chun gach críche, ina chruinniú cinn trí mbliain ar n-a chomóra ar dháta do ceapadh fén alt so.

(5) I gcás in ar gá do réir an Achta so gur dhá údarás áitiúla no níos mó do thoghfadh baill choiste oideachais ghairme beatha agus nách ar an aon lá amháin a dhéanfaidh na húdaráis áitiúla san go léir na toghacháin in aon bhliain toghacháin, isé lá ina ndéanfar, chun crícheanna an ailt seo, togha na mball san do chríochnú ná an lá deiridh ar a ndéanfar aon cheann de sna toghacháin sin.

Cathaoirligh choistí oideachais ghairme beatha.

15. —(1) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha, ag a chéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú cinn trí mblian, duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste sin.

(2) Pé uair a thiocfaidh oifig chathaoirligh choiste oideachais ghairme beatha chun bheith folamh tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht don chathaoirleach, déanfaidh an coiste sin, ag a chéad chruinniú tar éis teacht don fholúntas san, duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste sin.

(3) Gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach ar choiste oideachais ghairme beatha beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar chathaoirleach den tsórt san go dtí tosach an chéad chruinnithe cinn trí mbliain a bheidh ag an gcoiste sin tar éis an chruinnithe ag a dtoghfar é amhlaidh.

(4) Féadfaidh cathaoirleach coiste oideachais ghairme beatha eirghe as a oifig mar chathaoirleach den tsórt san uair ar bith tré leitir do sheola go dtí príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den choiste sin a thosnóidh tar éis fógra an eirithe-as san d'fháil don oifigeach san.

(5) Pé uair a scuirfidh cathaoirleach coiste oideachais ghairme beatha, i rith a théarma oifige mar chathaoirleach den tsórt san, de bheith ina bhall den choiste sin beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfe sé láithreach de bheith ina chathaoirleach den tsórt san.

(6) Pé uair a bheidh có-ionannas vótanna do bheirt daoine no níos mó i dtoghachán chathaoirligh choiste oideachais ghairme beatha toghfar duine de sna daoine sin le crannchur.

Leaschathaoirlighchoistí oideachais ghairme beatha.

16. —(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha uair ar bith, más oiriúnach leis é, duine dá bhaill do thogha chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an gcoiste sin.

(2) Pé uair a thoghfaidh coiste oideachais ghairme beatha leaschathaoirleach, ansan, na forálacha den Acht so maidir le téarma oifige, eirghc-as, agus dí-cháiliú chathaoirligh an choiste sin, bainfid le cás an leas-chathaoirligh sin fé mar a bhainid le cás an chathaoirligh sin.

Cathaoirleach sealadach ag céad chruinnithe agus ag cruinnithe cinn trí mblian.

17. —(1) Ag an gcéad chruinniú de choiste oideachais ghairme beatha isé ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú san go dtí go dtoghfar cathaoirleach an choiste sin ná príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin no, mara mbeidh a leithéid sin d'oifigeach ann, an té bheidh ag gníomhú ag an gcéad chruinniú san mar rúnaí don choiste sin.

(2) Ag gach cruinniú cinn trí mblian de choiste oideachais ghairme beatha isé príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú san go dtí go dtoghfar cathaoirleach an choiste sin.

(3) Duine a bheidh ag gníomhú do réir an ailt seo mar chathaoirleach ar chruinniú de choiste oideachais ghairme beatha ní bheidh sé i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú le vóta o bhaill an choiste sin.

Nós-imeachta ag cruinnithe de choistí.

18. —(1) Isé is quorum do chruinniú de choiste oideachais ghairme beatha ná an ceathrú cuid de líon iomlán ball an choiste sin.

(2) Ag cruinniú de choiste oideachais ghairme beatha—

(a) isé cathaoirleach an choiste sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair;

(b) mara mbeidh cathaoirleach an choiste sin i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, isé leas-chathaoirleach an choiste sin (más ann do) a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair;

(c) mara mbeidh cathaoirleach an choiste sin i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh aon leas-chathaoirleach ar an gcoiste sin no ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair, déanfaidh na baill den choiste bheidh i láthair duine acu féin do thogha (fé réir na bhforálacha den Acht so maidir leis an gcéad chruinniú agus le cruinnithe cinn trí mblian) chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Socrófar gach ceist ag cruinniú de choiste oideachais ghairme beatha le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás có-ionannais vótanna beidh vóta breise no réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is é togha chathaoirligh an choiste an cheist.

(4) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha gníomhú d'ainneoin foth-fholúntais no foth-fholúntas do bheith imeasc a chuid ball.

(5) Beidh cigire i dteideal bheith i láthair ag cruinniú ar bith de choiste oideachais ghairme beatha no d'fho-choiste d'aon choiste den tsórt san agus labhairt leis an gcruinniú san, ach ní bheidh sé i dteideal vótála ar ní ar bith a bheidh le socrú ag an gcruinniú san.

(6) Fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a ordú cadé an nós-imeachta leanfar ag cruinnithe de choistí oideachais ghairme beatha.

(7) Fé réir forálacha an Achta so agus forálacha rialachán a déanfar fé, rialáfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha, le buan-orduithe no ar shlí eile, an nós-imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag a chruinnithe.

Cruinnithe tréigfear cheal quorum.

19. —Pé uair a tréigfear cruinniú de choiste oideachais ghairme beatha toisc gan quorum do bheith i láthair breacfar láithreach ainmneacha na mball do tháinig ar an uair agus san áit do ceapadh don chruinniú san agus, chun crícheanna na bhforálacha den Acht so maidir le baill do theacht fé dhí-cháilíocht tré bheith as láthair o chruinnithe agus na bhforálacha den Acht so maidir le costaisí taistil ball de choistí áirithe d'íoc, tuigfear go raibh cruinniú den choiste sin san áit sin an uair sin agus go raibh na baill go bhfuil a n-ainmneacha ar breaca amhlaidh i láthair ag an gcruinniú san.

Coistí do chimeád miontuairiscí, clár, agus breacachán.

20. —(1) Cimeádfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha, i leabhar a sholáthróidh sé chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú den choiste sin agus sighneofar gach miontuairiscí den tsórt san, ag an gcruinniú le n-a mbainid, ag cathaoirleach an chruinnithe sin no, ag an gcéad chruinniú eile, ag cathaoirleach an chruinnithe dheiridh sin a luaidhtear agus nuair a bheid sighnithe amhlaidh glacfar i bhfianaise iad.

(2) Cimeádfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha gach clár agus breacachán a hordófar agus beidh gach clár agus breacachán den tsórt san le feiscint ag cigire gach tráth réasúnta chun a n-iniúchta.

(3) Bhéarfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha don Aire pé tuarasgabhála agus cuntaisí agus pé eolas éileoidh sé o am go ham.

Fo-choistí de choistí oideachais ghairme beatha.

21. —(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha o am go ham pé fo-choistí agus pé méid acu is dó leis is ceart do cheapa chun aon choda dá chomhachta, dá dhualgaisí, agus dá fheidhmeanna d'fheidhmiú no do chólíona gur dó leis gur fearr no gur saoráidighe fhéadfadh fo-choiste iad d'fheidhmiú no do chólíona.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a cheangal ar choiste oideachais ghairme beatha fo-choiste do cheapa chun feidhmiú agus cólíona do dhéanamh, maidir le haon chuid áirithe de líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin, ar pé cinn áirithe de chomhachta, de dhualgaisí agus d'fheidhmeanna an choiste sin gur dó leis an Aire gur fearr no gur saoráidighe fhéadfadh fo-choiste iad d'fheidhmiú no do chólíona agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin a n-éilítear leis do chólíona.

(3) Féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair is oiriúnach leis é, ordú do rinne sé fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra agus leis sin scuirfidh an t-ordú san de bheith i bhfeidhm.

(4) Beidh fo-choiste cheapfaidh coiste oideachais ghairme beatha có-dhéanta de dháréag ball ar a mhéid agus féadfar, do réir mar is rogha leis an gcoiste sin, gan ach daoine is baill den choiste sin do bheith air no daoine is baill agus daoine nách baill den choiste sin do bheith air.

(5) Beidh gníomhartha gach fo-choiste de choiste oideachais ghairme beatha fé réir an choiste sin dá ndaingniú ach amháin i gcás ina gcinnfidh an coiste sin le cead an Aire nách gá an daingniú san do dhéanamh.

Costaisí taistil d'íoc le baill de choistí áirithe.

22. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae, chó luath agus is féidir é tar éis an 30adh lá de Mheitheamh gach bliain, le gach ball den choiste sin no d'aon fho-choiste dhe, an rann-íoc (más ann do) a húdaruítear leis na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-a ndeaghaidh an ball san, i rith na bliana san roimhe sin, tré bheith i láthair ag cruinnithe an choiste sin (más ball de é) no aon fho-choiste dhe dar ball é.

(2) Ní bheidh rann-íoc ar bith iníochta fén alt so, in aghaidh aon tréimhse bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh bliain ar bith, le ball de choiste oideachais ghairme beatha ar son a bheith i láthair ag cruinnithe den choiste sin do bhí ann i rith na tréimhse sin mara raibh sé i láthair ag cúig cinn ar a laighead de sna cruinnithe sin.

(3) Ní bheidh rann-íoc ar bith iníoctha fén alt so, in aghaidh aon tréimhse bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh bliain ar bith, le ball d'fho-choiste do ceapadh ag coiste oideachais ghairme beatha ar son a bheith i láthair ag cruinnithe den fhochoiste sin do bhí ann i rith na tréimhse sin mara n-údaruighidh an tAire, ar iarratas an choiste sin, rann-íoca d'íoc fén alt so le baill den fho-choiste sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur tréimhse bhliana an tréimhse dar tosach an lá ceapfar fén Acht so chun an chéad chruinnithe de choiste oideachais ghairme beatha do bheith ann agus dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1931.

(5) Einne dhéanfaidh ráiteas bréagach go feasach no a leigfidh go feasach a leithéid do dhéanamh chun go n-íocfaí suim leis féin no le duine eile fén alt so no dá réir, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná bliain.

(6) Einne ciontófar i gcionta fén alt so beidh sé as san amach fé dhí-cháilíocht ná leigfidh é thogha ná é bheith mar bhall d'aon choiste oideachais ghairme beatha ná d'fho-choiste den choiste sin, ná d'aon chomhairle, cólucht, ná coiste is údarás áitiuil do réir bhrí Acht 1925, agus fós fé dhí-cháilíocht ná leigfidh é bheith i seilbh aon oifige ná fostaíochta fé aon choiste oideachais ghairme beatha ná fé aon chomhairle, cólucht, ná coistí mar adubhradh.

Oifigigh do choistí oideachais ghairme beatha.

23. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ceapfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha príomh-oifigeach feidhmiúcháin agus pé oifigigh eile agus seirbhísigh is dó leis o am go ham is gá chun a chomhacht agus a dhualgas do chólíona go cuibhe fén Acht so.

(2) Beidh líon, cáilíochta, tuarastail no luach saothair, agus ceapa na n-oifigeach uile fé réir aontú an Aire.

(3) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha pé úrrús ordóidh an tAire do thógaint o n-a phríomh-oifigeach feidhmiúcháin agus o éinne eile dá oifigigh a ghlacann no íocann airgead thar ceann an choiste.

(4) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha seirbhíseach ar bith don choiste sin do bhrise agus, le haontú an Aire, oifigeach ar bith don choiste sin do chur as seilbh a oifige.

(5) Tuigfear coiste oideachais ghairme beatha do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), agus chun na críche sin ciallóidh an abairt “an tAire” san Acht san maidir le coiste oideachais ghairme beatha an tAire Oideachais.

Na céad phríomhoifigighfheidhmiúcháin do choistí áirithe.

24. —(1) I gcás líomatáiste fheidhmiúcháin choiste ceapadh fé fho-alt (2) d'alt 1 d'Acht 1889 no fé fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1899 no líomatáiste fheidhmiúcháin chó-choiste ceapadh fé fho-alt (2) den alt san 14 do bheith có-theoranta le líomatáiste oideachais ghairme beatha, ansan, an té is príomh-oifigeach feidhmiúcháin don choiste no don chó-choiste sin an lá roimh chéad chruinniú an choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste oideachais ghairme beatha san tiocfa sé, lá an chruinnithe sin, chun bheith ina phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin don choiste oideachais ghairme beatha san.

(2) I gcás coiste oideachais ghairme beatha, do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae, ná tiocfaidh éinne chun bheith ina phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin do de bhua na bhforálacha san roimhe seo, gníomhóidh rúnaí comhairle na contae gurb í an líomatáiste oideachais ghairme beatha san í no ina bhfuil an líomatáiste sin, gníomhóidh sé mar rúnaí don choiste sin ag céad chruinniú an choiste sin.

Cuid IV. d'Acht 1925 do chur i mbaint.

25. —(1) Tuigfear gach coiste oideachais ghairme beatha do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí Chuid IV. d'Acht 1925 agus bainfidh an Chuid sin den Acht san le coistí oideachais ghairme beatha agus le n-a gcuid oifigeach dá réir sin fé réir na n-atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(2) Ní bhainfidh alt 50 d'Acht 1925 le cás coistí oideachais ghairme beatha agus a gcuid oifigeach, agus ina ionad san achtuítear leis seo gurb iad íocfaidh gach suim is iníoctha fén gCuid sin IV. d'Acht 1925, mar a cuirtear i mbaint í tríd an alt so, ar scór liúntais no aisce deonfar fén gCuid sin do dhuine dob oifigeach roimhe sin do choiste oideachais ghairme beatha ná an t-údarás áitiuil íocfaidh fén Acht so an rann-íoc áitiuil bliantúil mar chabhair chun costaisí an choiste sin do ghlana, agus déanfar an tsuim sin do chruinniú tríd an ráta céanna tré n-a gcruinneofar an rann-íoc áitiuil bliantúil sin, agus d'íoc amach as an gciste céanna as a n-íocfar an rann-íoc san, agus do mhuirearú ar an líomatáiste céanna ar a muirearófar an rann-íoc san, ach ní háireofar aon tsuim den tsórt san chun crícheanna achtacháin ar bith (agus an tAcht so d'áireamh) tré n-a gcuirtear teora le méid an ráta san.

(3) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húdarás áitiuil íocfaidh liúntas no aisce ar bith do réir an fho-ailt sin roimhe seo, i gcabhair don ráta no don chiste as a n-íocfar an liúntas no an aisce sin amhlaidh, leath gach íocaíochta íocfaidh an t-údarás áitiuil sin ar scór an liúntais no na haisce sin.

(4) Ní bhainfidh alt 47 d'Acht 1925, mar a leasuítear é le halt 9 d'Acht 1927, le cás coistí oideachais ghairme beatha agus a gcuid oifigeach, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas:—

(a) pé uair a bheidh liúntas no aisce iníochta, do réir fo-alt (2) den alt so, ag údarás áitiuil (dá ngairmtear an cólucht íocach sa bhfo-alt so) le duine ar bith, fé Chuid IV. d'Acht 1925 mar a cuirtear i mbaint í tríd an alt so, mar gheall ar é do scur de bheith i seilbh oifige fé choiste oideachais ghairme beatha agus, le linn na seirbhíse bhí tugtha ag an oifigeach san ar dháta an scuir sin do dhéanamh amach, go ndéanfar aon tseirbhís fé údarás áitiuil eile (dá ngairmtear an cólucht rann-íocach san alt so) do chur le chéile agus d'áireamh, aisíocfaidh an cólucht rann-íocach leis an gcólucht íocach cuid de leath an liúntais no na haisce sin, cuid a háireofar do réir sheirbhíse agus phágha an oifigigh sin fén gcólucht rann-íocach agus do réir chúise a scurtha de bheith i seilbh oifige fén gcólucht íocach, agus socrófar an chuid sin tré chó-aontú idir an dá chólucht no mara gcó-aontuíd socróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí í, agus

(b) chun crícheanna na míre sin roimhe seo tuigfear seirbhís oifigigh fé choiste de chólucht rann-íocach do bheith ina seirbhís fén gcólucht rann-íocach san agus tuigfear seirbhís oifigigh fé chó-choiste de dhá chólucht ranníocacha no níos mó do bheith ina seirbhís fé gach cólucht rann-íocach acu san.

Forálacha áirithe d'Acht 1925 mar a leasuítear iad do chur i mbaint.

26. —(1) Tuigfear gach coiste oideachais ghairme beatha do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí alt 60 d'Acht 1925 mar a leasuítear é le halt 13 d'Acht 1927 agus do réir bhrí altanna 61, 62, 70 agus 71 d'Acht 1925, agus bainfidh na hailt sin 60 (mar a leasuítear amhlaidh é), 61, 62, 70 agus 71 le coistí oideachais ghairme beatha agus le n-a gcuid ball agus le n-a gcuid oifigeach dá réir sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá, san alt san 60 mar a leasuítear é amhlaidh ciallóidh an abairt “an tAire” an tAire Oideachais, agus san alt san 71 cuirfear an abairt “Aire Oideachais” in ionad na habairte “Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soileír leis an Acht so, ní tuigfear chun crícheanna achtacháin ar bith (agus Acht 1925, mar a leasuítear é le hAcht 1927, d'áireamh) aon choiste oideachais ghairme beatha do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí an Achta san 1925 mar a leasuítear é amhlaidh ná ina choiste de chomhairle chontae, de chomhairle bhailecheanntair, ná de chomhairle bhuirge, ná ina chó-choiste d'aon dá chomhairle no níos mó den tsórt san.

An tAire do chur oifigeach agus seirbhíseach as seilbh.

27. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, ar mhola no ar ghearán o choiste oideachais ghairme beatha no dá éamais sin, aon oifigeach no seirbhíseach íoctha do choiste oideachais ghairme beatha do chur as a oifig no as a fhostaíocht (pe'ca do ceapadh ag an gcoiste sin é no do haistríodh chuige é leis an Acht so) ná beidh oiriúnach no ná beidh inniuil, dar leis, chun a dhualgaisí do chólíona no a dhéanfaidh uair ar bith diúlta dá dhualgaisí no d'aon cheann áirithe acu do chólíona no faillí do thabhairt ionta no in aon cheann áirithe acu go toiliuil agus féadfa sé a ordú duine ceart oiriúnach do cheapa ina áit do réir na dlí bhaineann le daoine do cheapa chun na hoifige no na fostaíochta san.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire oifigeach ná seirbhíseach do choiste oideachais ghairme beatha do chur as a oifig fén alt so mara mbeidh sé ná go dtí go mbeidh sé tar éis a chur fé ndeár fiosrúchán áitiuil do chomóra fén Acht so, maidir leis an oifigeach no leis an seirbhíseach san do chólíona a dhualgaisí mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san, agus tar éis tuarasgabháil an té dhein an fiosrúchán san do bhreithniú.

Coistí oideachais ghairme beatha do thógaint tailte chucha.

28. —(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le haontú an Aire agus fé réir rialachán a dhéanfa sé fén Acht so, talamh ar bith do cheannach no do thógaint ar léas chun crícheanna aon cheann dá gcomhachta no dá ndualgaisí fén Acht so.

(2) Chun na gcrícheanna bhaineann le coiste oideachais ghairme beatha do thógaint tailimh chucha beidh feidhm ag ailt 203, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 d'Acht 1925, fé is dá ndeintí san Acht so iad d'ath-achtú agus do chur i mbaint le coistí oideachais ghairme beatha, ach amháin go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheail an chéad mhí ina dhiaidh sin.

(3) San alt so foluíonn an focal “talamh” éasáid ar bith i dtalamh no chuige no air.

Coistí do ghlaca bronntanaisí oideachais.

29. —(1) Féadfar, le haontú an Aire, iontaobhaithe do bhronntanas no do dhéarcas oideachais ar bith, do bunuíodh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) chun crícheanna bhaineann le hoideachas leanúna no le ceárd-oideachas no leis an dá chineál san oideachais, do dhéanamh de choiste oideachais ghairme beatha.

(2) Beidh comhacht ag coiste oideachais ghairme beatha aon mhaoin, réalta no pearsanta, do ghlaca do bhéarfar do mar bhronntanas oideachais go generálta no ar iontaoibh chun aon chrícheanna bhaineann le hoideachas leanúna no le ceárdoideachas no leis an dá chineál san oideachais.

(3) Ní chuirfidh ní ar bith san alt so ar chumas coiste oideachais ghairme beatha bheith ina n-iontaobhaithe do bhronntanas ná do dhéarcas ná d'iontaobhas oideachais ar bith ná an céanna do ghlaca más bronntanas, déarcas, no iontaobhas é 'na mbeidh na crícheanna bhaineann leis buiniscionn leis an Acht so no leis na prinsiobail gur dá réir is gá don choiste sin, do réir an Achta so no fé, oideachas leanúna agus ceárd-oideachas do sholáthar.

CUID III.

Oideachas Leanuna agus Ceard-Oideachas.

Dualgaisí generálta coistí oideachais ghairme beatha.

30. —Beidh sé de dhualgas ar gach coiste oideachais ghairme beatha—

(a) córus oiriúnach oideachais leanúna do bhunú agus do choinneail ar siúl do réir an Achta so ina líomatáiste agus socrú chun an córus san do chur ar aghaidh do réir a chéile; agus

(b) ceárd-oideachas do chur ar fáil no cabhrú chun a churtha ar fáil ina líomatáiste do réir an Achta so.

Scéimeanna generálta.

31. —(1) Féadfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha agus, má cheanglann an tAire air é, déanfaidh, o am go ham, scéim d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire agus polasaí generálta an choiste sin i dtaobh oideachais leanúna agus ceárdoideachais fé seach leagtha amach inti agus fós an tslí bheidh beartuithe ag an gcoiste, do réir an pholasaí sin, chun a chomhacht agus a dhualgas fén Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona.

(2) Ag ullamhú scéime fen alt so dho breithneoidh coiste oideachais ghairme beatha gach ní cuirfear fé n-a bhráid i dtaobh na scéime sin ag daoine ina gcomhnaí ina líomatáiste go mbeidh suim acu i ngnóthaí oideachais agus taithí acu ortha agus ag daoine bhaineann le déantóireacht áitiuil agus le ceárda agus le tionnscail áitiúla agus ag daoine thuigeann tuairimí na bhfostóirí agus na bhfostaithe i dtaobh gnóthaí oideachais a bhaineann leis an líomatáiste sin.

Comhachta generálta i dtaobh oideachais leanúna.

32. —Chun na ndualgas a bhaineann le hoideachas leanúna agus a cuirtear ar choistí oideachais ghairme beatha leis an Acht so do chólíona féadfaidh gach coiste den tsórt san gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) scoileanna leanúna do bhunú agus do choinneail ar siúl ina líomatáiste;

(b) cúrsaí teagaisc is ionann agus oideachas leanúna do bhunú agus do choinneail ar siúl ina líomatáiste;

(c) cabhrú chun scoileanna ina líomatáiste ina dtugtar oideachas leanúna do choinneail ar siúl.

Daoine áirithe bheidh ar scoileanna leanúna agus ar chúrsaí teagaisc do chlárú.

33. —I gcás daoine óga go mbeidh coinne acu le fostaíocht i gcéird, i ngnó, no i slí bheatha áirithe do bheith ar scoil leanúna no ar chúrsa teagaise a bheidh á choinneail ar siúl no á sholáthar ag coiste oideachais ghairme beatha, beidh sé de dhualgas ar an gcoiste oideachais ghairme beatha san na daoine óga san do chlárú agus do roinnt agus an t-abhar léighinn a bhíos sa scoil sin no an teagase do bheirtear sa chúrsa san (pe'ca aca é) do shocrú i slí go bhfuighidh na daoine óga san an t-oideachas is gá dhóibh i gcóir an chineail sin fostaíochta.

Comhachta generálta bhaineann le ceárdoideachas.

34. —Chun na ndualgas a bhaineann le ceárd-oideachas agus a cuirtear ar choistí oideachais ghairme beatha leis an Acht so do chólíona, féadfaidh gach coiste den tsórt san gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) scoileanna ceárd-oideachais do bhunú agus do choinneail ar siúl no cabhrú chun a gcoinnithe ar siúl laistigh dá líomatáiste;

(b) cúrsaí teagaisc is ionann agus ceárd-oideachas do bhunú agus do choinneail ar siúl no cabhrú chun a mbunuithe agus a gcoinnithe ar siúl ina líomatáiste;

(c) cabhrú chun íoctha na gcostas fé n-a raghaidh daoine chomhnuíonn ina líomatáiste chun ceárd-oideachais d'fháil i scoileanna no i gcúrsaí laistigh no lasmuich den líomatáiste sin;

(d) cabhair do thabhairt, le cead speisialta an Aire, do dhaoine chomhnuíonn ina líomatáiste chun tuille oideachais d'fháil i gcoláistí ceárd-oideachais no i bpríomh-fhundúireachta ceárd-oideachais no i gcoláistí ceárd-oiliúna no in áiteanna eile árd-oideachais chéirde laistigh no lasmuich den líomatáiste sin.

Ceárdoideachas ar fáil cheana.

35. —Nuair a bheidh coiste oideachais ghairme beatha ag feidhmiú na gcomhacht i dtaobh ceárd-oideachais a bronntar air leis an Acht so féachfaidh d'aon cheárd-oideachas a bheidh ar fáil ina líomatáiste cheana.

Scóip na gcomhacht do shocrú.

36. —Má dheineann coiste oideachais ghairme beatha no má bheartuíonn sé a chomhachta fén Acht so d'fheidhmiú chun críche áirithe is críoch a húdaruítear leis an Acht so agus go n-eireoidh ceist i dtaobh ce'ca críoch a bhaineann le hoideachas leanúna no críoch a bhaineann le ceárd-oideachas an chríoch san, cuirfidh an coiste sin an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar breith an Aire uirthi.

Easnamh ar an méid oideachais leanúna no ceárdoideachaisa bheidh ar fáil.

37. —(1) Pé uair, dar leis an Aire, ná beidh coiste oideachais ghairme beatha ag déanamh leor-shocruithe oiriúnaigh chun oideachais leanúna do chur ar fáil ina líomatáiste, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcoiste sin socrú do dhéanamh chun an oideachais sin do chur ar fáil, pé socrú áirithe is oiriúnach leis do luadh agus d'éileamh, ag féachaint don airgead a bheidh ar fáil don choiste sin, agus leis sin tiocfa sé chun bheith agus beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin déanamh do réir an éilimh sin ar gach slí.

(2) Pé uair, dar leis an Aire, ná beidh coiste oideachais ghairme beatha ag déanamh leor-shocruithe oiriúnaigh chun ceárdoideachais do chur ar fáil ina líomatáiste, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcoiste sin socrú do dhéanamh chun an oideachais sin do chur ar fáil, pé socrú áirithe is oiriúnach leis do luadh agus d'éileamh, ag féachaint don airgead a bheidh ar fáil don choiste sin, agus leis sin tiocfa sé chun bheith agus beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin déanamh do réir an éilimh sin ar gach slí.

(3) Le héileamh a dhéanfaidh an tAire fén alt so féadfar a cheangal ar choiste oideachais ghairme beatha oideachas leanúna no ceárd-oideachas (pe'ca aca é) do chur ar fáil tré shocrú de pé saghas agus ina mbeidh pé téarmaí a bheidh luaidhte san éileamh san do dhéanamh le coiste oideachais ghairme beatha eile, socrú tré n-a ndéanfar oideachas leanúna no ceárd-oideachas (pe'ca aca é) a chuireann an coiste deiridh sin a luaidhtear ar fáil do chur ar fáil do dhaoine chomhnuíonn i líomatáiste an chéad choiste sin a luaidhtear, agus má deintear aon éileamh den tsórt san amhlaidh beidh sé de dhualgas ar an dá choiste sin an socrú san do dhéanamh le n-a chéile agus é do chur in éifeacht.

Ard-oideachas céirde.

38. —(1) Fé réir a bhfuil sa chéad fho-alt eile den alt so do cholíona féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhuirge scoil (dá ngairmtear san alt so coláiste ceárd-oideachais lae) do bhunú agus do choinneail ar siúl ina líomatáiste agus é mar phríomh-chuspóir aici oideachas do thabhairt i bprinsiobail ghenerálta na heolaíochta, na tráchtála, no na healadhantachta, oideachas a bheidh oiriúnach do riachtanaisí daoine ar fostú i bpostanna smachta no freagarthachta i dtrádáil no i dtionnscal.

(2) Bainfidh na forálacha so leanas le gach coláiste ceárdoideachais lae agus cólíonfar ann iad, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar sa choláiste sin daoine d'oiliuint i dteicníc céirde ar bith ach amháin sa mhéid go ngabhann san le príomh-chuspóir an choláiste agus go n-aontóidh an tAire leis; agus

(b) ní leigfear aon mhic léighinn isteach sa choláiste sin ach mic léighinn a bheidh sé bliana déag ar a laighead d'aois i dtosach na bliana scoile; agus

(c) éileofar ar mhic léighinn a cuirfear ar rolla an choláiste sin pé táillí le n-a n-aontóidh an tAire; agus

(d) ní leigfear isteach sa choláiste sin mac léighinn ar bith gan pé cáilíochta bheith aige ordóidh an tAire.

(3) Daoine thoghfaidh an tAire no le n-a nglacfa sé chun iad d'oiliuint mar oidí beidh acu i gcoláiste cheárd-oideachais lae pé saoráidí, ar pé téarmaí agus ar pé slí, is dó leis an Aire do bheith réasúnta.

Scoláireachtaí do bhunú.

39. —Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le haontú an Aire, scoláireachtaí as a bhféadfar tairbhe do bhaint laistigh no lasmuich dá líomatáiste do bhunú no cabhrú chun a mbunuithe agus suimeanna agus sealbh na scoláireacht san agus coiníollacha a mbronnta agus a seilbhe do shocrú.

Comhar idir coistí.

40. —Féadfaidh aon dá choiste oideachais ghairme beatha no níos mó, ach aontú an Aire do bheith acu chuige sin, socrú do dhéanamh chun aon chuid dá gcomhachta fén gCuid seo den Acht so do chó-fheidhmiú ar pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontóid, agus má eiríonn ceist ar bith ann idir na coistí sin i dtaobh an tsocruithe sin cuirfear an ní bheidh i gceist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin air.

Na táillí éileoidh coistí.

41. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, do réir scála ullamhóidh sé agus le n-a n-aontóidh an tAire, táillí do cheapa agus d'éileamh ar son teacht go dtí gach scoil agus cúrsa teagaisc no aon scoil agus cúrsa teagaisc a bheidh aige á choinneail ar siúl no a chuirfidh sé ar fáil fén Acht so.

(2) Ní dhéanfaidh coiste oideachais ghairme beatha, maidir le cúrsa teagaisc éigeanta chuirfidh an coiste sin ar fáil fé Chuid V. den Acht so, táillí ar bith d'éileamh ar son daoine do leigint isteach chun an chúrsa san a thiocfaidh chuige do réir oblagáide cuirtear ortha leis an gCuid sin V.

(3) Ní dhéanfaidh coiste oideachais ghairme beatha, maidir le cúrsa teagaise a chuirfidh an coiste sin ar fáil fé Chuid VI. den Acht so, táillí ar bith d'éileamh ar son daoine do leigint isteach chun an chúrsa san a thiocfaidh chuige do réir oblagáide cuirtear ortha leis an gCuid sin VI.

(4) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le haontú an Aire, táillí ar bith go mbeidh teideal aige chun a n-éilithe fén alt so do mhaitheamh i bpáirt no go hiomlán.

CUID IV.

Cursai Airgid Coisti Oideachais Ghairme Beatha.

Údaráis rátúcháin agus líomatáistí muirir.

42. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so—

(a) isiad is údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhuirge bheidh có-theoranta le contae-bhuirg ná comhairle na contae-bhuirge sin; agus

(b) isiad is údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhailecheanntair a bheidh có-theoranta le bailecheanntar sceidealta ná comhairle an bhailecheanntair sceidealta san; agus

(c) isiad is údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae bheidh có-theoranta le contae no laistigh di ná comhairle na contae sin.

(2) Sa Chuid seo den Acht so, nuair a húsáidtear an abairt “líomatáiste muirir” maidir le húdarás rátúcháin, cialluíonn sí an líomatáiste oideachais ghairme beatha darb údarás rátúcháin an t-údarás rátúcháin sin.

Rann-íoca áitiúla bliantúla do choistí oideachais ghairme beatha.

43. —(1) Íocfaidh údarás rátúcháin líomatáiste oideachais ghairme beatha le coiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste sin, i ngach bliain airgeadais áitiuil a thosnóidh tar éis an Achta so do rith, pé suim (dá ngairmtear san Acht so an rann-íoc áitiuil bliantúil) a éileoidh an coiste sin fén gCuid seo den Acht so in aghaidh na bliana san.

(2) Ní bheidh méid an rann-íoca áitiúla bhliantúla is iníoctha le coiste oideachais ghairme beatha in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe—

(a) níos lugha ná suim (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so an fiachas bliantúil minimum) is có-ionann le méid ráta trí pingne fén bpúnt ar luach ionrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana san más comhairle chontae-bhuirge no bhailecheanntair sceidealta an t-údarás rátúcháin, no le méid ráta pingne is trí feoirlinge fén bpúnt ar luach ionrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana san más comhairle chontae seachas contae Chorcaighe an t-údarás rátúcháin, no le méid ráta dhá phingin fén bpúnt ar luach ionrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana san má sí comhairle chontae Chorcaighe an t-údarás rátúcháin; ná

(b) níos mó ná suim (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so an fiachas bliantúil maximum) is có-ionann le méid ráta an méid pingin fén bpúnt a luaidhtear don bhliain sin i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar luach ionrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana san más comhairle chontae-bhuirge no bhailecheanntair sceidealta an t-údarás rátúcháin, no le méid ráta an méid pingin fén bpúnt a luaidhtear don bhliain sin i gCuid II. den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar luach ionrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana san más comhairle chontae an t-údarás rátúcháin.

(3) Más comhairle chontae-bhuirge no bhailecheanntair sceidealta an t-údarás rátúcháin cruinneofar gach rann-íoc áitiuil bliantúil tré ráta ar bith no as ciste ar bith is ionchurtha chun crícheanna an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus a cáinmheasfar, más ráta é, sa tslí foráltar leis an Acht san, agus, más comhairle chontae an t-údarás rátúcháin cruinneofar gach ranníoc den tsórt san go cothrom ar fuaid iomláin an líomatáiste mhuirir tríd an ráta dealbhais.

Coistí d'ullamhú scéimeanna bliantúla.

44. —(1) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha, ar no roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag gach bliain airgeadais áitiuil, meastachán (dá ngairmtear scéim bhliantúil san Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire sa bhfuirm orduithe agus an t-eolas orduithe ann—

(a) ar an airgead is gá chun na gcostas d'íoc a bheidh ar an gcoiste sin de dhruim a chomhacht d'fheidhmiú agus a dhualgas do chólíona i rith no in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin;

(b) ar fháltaisí an choiste sin i rith no in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, ag féachaint (maraon le féachaint do nithe eile) don fhiachas bhliantúil mhinimum agus don fhiachas bhliantúil mhaximum a bheidh ar an údarás rátúcháin in aghaidh na bliana san; agus

(c) ar an méid (ná beidh in aon chás níos lugha ná an fiachas bliantúil minimum ná níos mó ná an fiachas bliantúil maximum a bheidh ar an údarás rátúcháin in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin) den rann-íoc áitiuil bhliantúil in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla san ina dhiaidh sin, is gá chun crícheanna na scéime sin.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le gach scéim bhliantúil a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so, aontú leis an scéim sin gan í d'atharú no aontú leis an scéim sin tar éis pé atharú is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi no diúltú d'aontú leis an scéim sin.

(3) Pé uair a dhiúltóidh an tAire d'aontú le scéim bhliantúil déanfaidh an coiste d'ullamhuigh an scéim sin scéim bhliantúil nua d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire láithreach, agus bainfidh an t-alt so leis an scéim nua san fé mar a bhaineann leis an mbun-scéim.

(4) Nuair a bheidh aontuithe ag an Aire le scéim bhliantúil, tar éis no gan í d'atharú, beidh sé de dhualgas ar an gcoiste d'ullamhuigh an scéim sin an scéim sin fé mar a bheidh aontuithe léi amhlaidh do chur in éifeacht.

Fo-choiste meastachán do bhreithniú na scéime bliantúla.

45. —(1) Na baill de choiste oideachais ghairme beatha a bheidh—

(a) más coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhuirge no do líomatáiste oideachais ghairme beatha bhailecheanntair an coiste sin, ma mbaill de chomhairle na contae-bhuirge no an bhailecheanntair is ionann agus an líomatáiste oideachais ghairme beatha buirge no an líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair sin (pe'ca aca é), agus

(b) más coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae an coiste sin, ina mbaill de chomhairle na contae is ionann agus an líomatáiste oideachais ghairme beatha contae sin no ina bhfuil an líomatáiste sin agus ar n-a dtogha don chomhairle sin,

beid le chéile, chun críche an ailt seo, ina bhfo-choiste speisialta (dá ngairmtear an fo-choiste meastachán san alt so) den choiste oideachais ghairme beatha san.

(2) Má socruítear, leis an scéim bhliantúil ullamhóidh coiste oideachais ghairme beatha in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla (seachas an bhliain airgeadais áitiuil dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931), go n-íocfar in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san rann-íoc áitiuil bliantúil is mó ná an rann-íoc áitiuil bliantúil d'éileamh an coiste sin in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla roimhe sin, ansan, sara leagfar an scéim sin fé bhráid an Aire fén alt san roimhe seo leagfar fé bhráid fho-choiste meastachán an choiste sin ar dtúis í agus sa chás san beidh sé de dhualgas ar phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an choiste sin cruinniú den fho-choiste meastachán san do ghairm chun teacht le chéile ar lá agus ar uair chaothúil (nách déanaí ná seacht lá tar éis dáta an chruinnithe ag ar hullamhuíodh an scéim sin) chun na scéime sin do bhreithniú.

(3) Más rud é, ag cruinniú d'fho-choiste meastachán de choiste oideachais ghairme beatha bheidh ann do réir an fho-ailt sin roimhe seo, go ndéanfaidh an fo-choiste sin, le rún a rithfidh móráireamh de sna baill den fho-choiste sin a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, a iarraidh ar an gcoiste oideachais ghairme beatha san méid an rann-íoca áitiúla bhliantúla luaidhtear sa sceim do cuireadh fé n-a bhráid do laigheadú go dtí méid áirithe nách lugha ná an rann-íoc áitiuil bliantúil do héilíodh in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla bheidh ann an uair sin, leasóidh an coiste sin an scéim sin do réir an iarratais sin agus déanfaidh pé leasú eile uirthi is dó leo is gá.

An coiste d'éileamh ranníoca áitiúla bhliantúla.

46. —(1) Nuair a bheidh scéim bhliantúil breithnithe ag an Aire bhéarfa sé amach don choiste oideachais ghairme beatha d'ullamhuigh an scéim sin deimhniú sa bhfuirm orduithe á údarú don choiste sin rann-íoc áitiuil bliantúil d'éileamh ar an údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla le n-a mbaineann an scéim bhliantúil sin, rann-íoc de pé méid is dó leis an Aire is ceart a luadh sa deimhniú san ag cuimhneamh do ar na meastacháin chostaisí agus fháltaisí sa scéim sin, ach nách lugha ná fiachas bliantúil minimum an údaráis rátúcháin sin in aghaidh na bliana san ná nách mó ná pé méid acu so leanas is mó, sé sin le rá, méid an rann-íoca áitiúla bhliantúla luaidhtear sa scéim sin agus méid an rann-íoca áitiúla bhliantúla (más ann do) in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla roimhe sin.

(2) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha, ar dheimhniú d'fháil ón Aire fén alt so, éileamh do chur go dtí an t-údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin láithreach, sa bhfuirm orduithe, ar rann-íoc áitiuil bhliantúil den mhéid a bheidh luaidhte sa deimhniú san i gcóir no ina aghaidh na bliana airgeadais áitiúla le n-a mbaineann an deimhniú san.

(3) Gach údarás rátúcháin ar a ndéanfar éileamh fén alt so ag an gcoiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste oideachais ghairme beatha darab údarás rátúcháin an t-údarás san, íocfa sé méid an éilimh sin leis an gcoiste sin ar an tráth no ar na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe gan éinní in aon chor do bhaint as.

Cisteoirí coistí oideachais ghairme beatha.

47. —(1) Déanfaidh gach coiste oideachais ghairme beatha ag á chéad chruinniú cuideachta bhancaereachta do cheapa chun gníomhú mar chisteoir don choiste sin.

(2) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha o am go ham glaca le cuideachtain bhancaereachta d'eirighe as bheith ina cisteoir no a ceapa mar chisteoir do cheiliúra, agus cuideachta eile den tsórt san do cheapa mar chisteoir,

(3) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha urrús le n-a n-aontóidh an tAire do ghlaca óna chisteoir.

(4) Le linn do choiste oideachais ghairme beatha cisteoir do cheapa socróidh sé leis an gcisteoir sin cé méid úis a lomhálfar ar airgead a bheidh o am go ham ag an gcisteoir sin i gcreidiuint don choiste sin.

Ciste oideachais ghairme beatha.

48. —(1) Bunóidh gach coiste oideachais ghairme beatha agus coinneoidh ar siúl, i lámha cisteora an choiste sin, ciste dá dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear san Acht so ciste oideachais ghairme beatha an choiste sin.

(2) Gach suim do gheobhaidh coiste oideachais ghairme beatha fén Acht so o thaobh ar bith íocfar le cisteoir an choiste sin í agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora san ina leor-shaora inti féin don té d'íoc an tsuim darb admháil í, agus déanfaidh an cisteoir sin gach suim den tsórt san d'íoc isteach i gciste oideachais ghairme beatha an choiste sin.

(3) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil o oifigeach do choiste oideachais ghairme beatha, 'na mbeidh údarás cuibhe aige ón gcoiste sin saghas áirithe íocaíocht do ghlaca, beidh sí ina leor-shaora do dhuine íocfaidh íocaíocht den tsaghas san leis an oifigeach san, ach beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san méid na híocaíochta san d'íoc láithreach le cisteoir an choiste sin.

(4) Ní íocfaidh éinne aon íocaíochta amach as ciste oideachais ghairme beatha bheidh ag coiste oideachais ghairme beatha ach cisteoir an choiste sin ar ordú i scríbhinn ón gcoiste sin, agus íocfaidh an cisteoir sin as an gciste sin gach íocaíocht a hordófar amhlaidh agus is leor gach ordú den tsórt san ón gcoiste sin don chisteoir sin mar údarás don chisteoir sin na híocaíochta d'íoc a horduítear leis an ordú san d'íoc leis an duine no leis na daoine luaidhtear ann.

(5) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha a údarú go n-íocfar amach as an gciste oideachais ghairme beatha bheidh á choinneail ar siúl aige íocaíochta chun gach críche no aon chríche acu so leanas, agus ní chun aon chríche ar bith eile, sé sin le rá:—

(a) chun íoca caithteachais a dhein an coiste sin fé scéim bhliantúil d'ullamhuigh sé agus le n-ar aontuigh an tAire agus do réir na scéime sin; no

(b) chun íoca costaisí riaracháin, agus costaisí bhain leo san, fé n-ar chuaidh an coiste sin chun crícheanna an Achta so tar éis toilithe generálta no speisialta an Aire d'fháil chuige sin; no

(c) chun íoca aon chaithteachais eile gur ghá no do húdaruíodh don choiste sin do réir an Achta so dul fé.

(6) Féadfaidh an tAire o am go ham a údarú do choiste oideachais ghairme beatha dul fé chostaisí riaracháin, agus costaisí bhainfidh leo san, in aon bhliain airgeadais áitiuil chó fada le méid a luadhfaidh an tAire san údarás san ach gan dul thar an méid sin, agus chun crícheanna an ailt seo oibreoidh gach údarás den tsórt san mar thoiliú ghenerálta roimh ré le gach costas riaracháin agus costas a bhainfidh leis sin fé n-a raghaidh an coiste sin an bhliain sin chó fada leis an méid a luadhfar amhlaidh.

Comhachta chun iasachtaí d'fháil.

49. —Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht, tré shárú cuntais bhainc no ar aon tslí eile, chun crícheanna an chiste oideachais ghairme beatha bheidh á choinneail ar siúl aige.

Coiste oideachais ghairme beatha d'fháil iasachtaí i gcóir buanoibreacha.

50. —(1) Má bhíonn coiste oideachais ghairme beatha chun airgid do chaitheamh fén Acht so ar oibreacha gur dó leis an Aire gur cheart, mar gheall ar a mbuaine, a gcostas do leatha ar théarma de bhlianta, féadfaidh an coiste sin, le toiliú an Aire, íoc an chaithteachais sin do leatha ar pé téarma de bhlianta le n-a n-aontóidh an tAire agus chuige sin féadfaidh an coiste sin airgead d'fháil ar iasacht ar urrús an chiste oideachais ghairme beatha bheidh á choinneail ar siúl aige agus íoc colann an airgid do gheobhfar ar iasacht amhlaidh agus íoc an úis air do chur mar mhuirear ar an gciste sin.

(2) Is do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire feidhmeofar na comhachta bheidh ag coiste oideachais ghairme beatha fén alt so.

(3) Más dó leis gur ceart é, féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha bheidh ag fáil airgid ar iasacht fén alt so an t-airgead san d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, más oiriúnach leo é, an t-airgead san do thabhairt ar iasacht don choiste sin fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, agus d'ainneoin éinní sna hAchtanna san féadfar an iasacht san do thabhairt ar feadh pé téarma is oiriúnach leis na Coimisinéirí.

Deontaisí o údaráis rátúcháin.

51. —(1) Más rud é go mbeidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire, chun no tar éis airgid do chaitheamh fén Acht so ar bhuan-oibreacha, féadfaidh an t-údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an costas san uile no cuid de (pe'ca beifear tar éis dul fé an uair sin no ná beifear) do dheona don choiste sin no aon iarmhéid a bheidh gan íoc agus a bheidh dlite ar an gcoiste sin ar scór na n-oibreacha san no ar scór airgid do fuarthas ar iasacht chun costas na n-oibreacha san d'íoc.

(2) Má bhíonn coiste oideachais ghairme beatha, de bhua an Achta so, fé fhiachas ar scór iasachta fuarthas roimh an Acht so do rith agus do caitheadh ar bhuan-oibreacha, féadfaidh an t-údarás rátúcháin do líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, deontas do thabhairt don choiste sin uair ar bith chun no mar chabhair chun an mhéide den fhiachas san a bheidh gan aisíoc an uair sin do ghlana.

(3) Deontas a dheonfaidh údarás rátúcháin do choiste oideachais ghairme beatha fén alt so, cuirfidh an coiste sin é chun na críche chun ar deonadh é agus ní chun aon chríche eile.

(4) Féadfaidh údarás rátúcháin iasachtaí d'fháil, chun na gcrícheanna bhaineann le deontas do dheona fén alt so—

(a) i gcás comhairle contae, fé is dá mbeadh na crícheanna san ina gcrícheanna chun a bhfuil sé údaruithe iasachtaí d'fháil fé Airtiogal 22 den Sceideal a gabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus ní déanfar airgead do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fén alt so chun crícheanna aon deontais den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle sin chun crícheanna an Airtiogail sin; agus

(b) i gcás comhairle contae-bhuirge no bailecheanntair sceidealta, fé is dá mbeadh na crícheanna san ina gcrícheanna chun a bhfuil sé údaruithe iasachtaí d'fháil fén Public Health (Ireland) Act, 1878, agus ní déanfar airgead do gheobhaidh an chomhairle sin ar iasacht fén alt so chun crícheanna aon deontais den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle sin chun crícheanna aon teorann a bheidh le n-a comhachta maidir le hiasachtaí d'fháil.

(5) Más dó leis gur ceart é, féadfaidh údarás rátúcháin a bheidh ag fáil airgid ar iasacht chun na gcrícheanna bhaineann le deontas do dheona fén alt so an t-airgead san d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, más oiriúnach leo é, an t-airgead san do thabhairt ar iasacht don údarás rátúcháin sin fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, agus d'ainneoin éinní sna hAchtanna san féadfar an iasacht san do thabhairt ar feadh pé téarma is oiriúnach leis na Coimisinéirí.

(6) Pé uair a dhéanfaidh údarás rátúcháin, do fuair airgead ar iasacht chun deontas do dheona fén alt so, suim ar bith d'íoc in aisíoc an airgid do fuarthas ar iasacht amhlaidh no in íoc an úis air sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid agus amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íocaíocht d'íoc leis an údarás rátúcháin sin, i gcabhair don ráta no don chiste as ar íoc an t-údarás rátúcháin sin an tsuim sin amhlaidh, íocaíocht den mhéid a mheasfaidh an tAire, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart ach gan san do dhul thar leath na suime sin d'íoc an t-údarás rátúcháin sin amhlaidh.

Conus a cuirfear airgead áirithe.

52. —Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha airgead ar bith (agus aon airgead is ionann agus sochar ráta d'áireamh) a bheidh i gcreidiuint do no dlite aige agus iníoctha leis an 31adh lá de Mhárta, 1931, do chur chun críche ar bith chun a mbeidh sé údaruithe airgead do chaitheamh fén Acht so d'ainneoin gur gá, do réir aon achtacháin a hathghairmtear leis an Acht so, an t-airgead san do chur chun críche áirithe.

Conus a cuirfear deontaisí párliminteacha.

53. —Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire le haontú an Aire Airgid, deontaisí do dheona do choistí oideachais ghairme beatha mar chabhair chun caithteachais fé scéimeanna bliantúla.

(2) Le linn rialachán den tsórt san do dhéanamh féadfar féachaint do sna nithe seo leanas (chó maith le nithe eile):—

(a) an rann-íoc áitiuil bliantúil is iníoctha le gach coiste oideachais ghairme beatha fé leith,

(b) méid an ráta is gá chun an rann-íoc áitiuil bliantúil sin do chruinniú, agus

(c) an líon daoine i líomatáiste oideachais ghairme beatha an choiste sin.

Costaisí teachtaí go dtí códhála áirithe.

54. —Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, na costaisí d'íoc a bheidh ar bhaill den choiste sin a cheapfaidh an coiste sin chun bheith i láthair ag cruinnithe no códhála comórfar chun nithe bhaineann le hoideachas leanúna agus le ceárd-oideachas no le ceachtar acu do phlé.

Síntiuisí do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachais áirithe.

55. —(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire, síntiuisí do thabhairt d'aon fhundúireacht, gníomhaireacht, no có-ghléasa gur feidhm dá bhfeidhmeanna eolas i dtaobh fostaíocht a bheidh ar fáil do dhaoine fé bhun ocht mblian déag d'aois do bhailiú agus do thabhairt uaidh.

(2) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire, síntiuisí do thabhairt d'aon chomhlachas no fundúireacht ag a mbeidh baint le ceisteanna oideachais leanúna agus ceárdoideachais no ceachtar acu.

Costaisí taistil agus cothú oidí théigheann go ranganna áirithe.

56. —I gcás oide ar fostú ag coiste oideachais ghairme beatha do bheith ag dul go dtí ranganna ina ndeintear oidí d'oiliuint agus teistisí do thabhairt dóibh, no ag dul go dtí cúrsaí speisialta bheidh ar siúl in árd-scoil cheárd-oideachais no i gcoláiste príomhscoile no in aon áit eile le n-a n-aontóidh an tAire, agus gur gá don oide sin dá dhruim sin bheith as baile, féadfaidh an coiste sin, le toiliú an Aire, deontaisí do dheona don oide sin mar chabhair chun íoctha na gcostas fé na ragha sé chun dul go dtí na cúrsaí no na ranganna san.

Ní bheidh feidhm ag alt 51 (7) den Local Government (Ireland)Act, 1898.

57. —Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha no éileamh is iníoctha ag coiste oideachais ghairme beatha.

Cuntaisí coistí oideachais ghairme beatha d'iniúcha.

58. —(1) Iniúchfar cuntaisí gach coiste oideachais ghairme beatha ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, mar do leasuíodh no do hoiriúnuíodh iad le haon achtachán no fé aon achtachán ina dhiaidh sin, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcoistí sin fé mar a bhaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí luaidhtear ionta.

(2) Déanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí o am go ham fé mar a bheidh gá leis a fháil amach agus a shocrú cadé an cion den tuarastal a híocfar leis an iniúchóir a ceapfar chun cuntaisí coiste oideachais ghairme beatha d'iniúcha ba cheart d'éileamh ar scór an iniúchta san, agus íocfaidh an coiste oideachais ghairme beatha san méid an cheana san den tuarastal san leis an Aire sin.

CUID V.

Oideachas Leanuna do chur i bhFeidhm.

Léiriú na Coda só den Acht so.

59. —(1) Sa Chuid seo den Acht so ní fholuíonn an abairt “duine óg” duine go mbeidh aois a chúig mblian déag slán aige ar no roimh an lá thosnóidh an ceanntar ina gcomhnuíonn sé ar bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus dá réir sin an méid den Chuid seo den Acht so bhaineann le daoine óga ní bhainfe sé le duine ná foluíonn an abairt sin.

(2) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don choiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí don choiste oideachais ghairme beatha go mbeidh a líomatáiste oideachais ghairme beatha có-theoranta leis an gceanntar san no go mbeidh an ceanntar san laistigh dá líomatáiste oideachais ghairme beatha.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “coiste talmhaíochta” coiste ar bith a cuireadh no a cuirfear ar bun (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) do réir reachta fén ainm sin chun feidhmeanna bhaineann le crícheanna talmhaíochta agus tuath-cheárdaisí eile d'fheidhmiú.

Ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas an choiste oideachais ghairme beatha no uaidh féin, ordú do dhéanamh á dhearbhú líomatáiste oideachais ghairme beatha no aon chuid áirithe de líomatáiste oideachais ghairme beatha do bheith, ar an lá agus ón lá luadhfar chuige sin san ordú san, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus leis sin beidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha san no an chuid áirithe sin de, ar an lá san agus ón lá san, agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus ná beidh an líomatáiste sin có-theoranta le contae-bhuirg ná le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ná laistigh den chontae-bhuirg ná den bhuirg eile sin, déanfa sé, leis an ordú gcéanna, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, céim agus stáisiún an oifigigh den Ghárda Síochána bheidh mar údarás fheidhmiúcháin don cheanntar san, chun crícheanna na Coda so den Acht so, d'ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, ordú do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra no do leasú, ach ní dhéanfaidh ordú do rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt do cheiliúra ná do leasú gan dul i gcomhairle leis an Aire sin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe sin.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Coistí oideachais ghairme beatha do chur cúrsaí teagaisc ar fáil.

61. —(1) I ngach ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfaidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin, i ngach bliain airgeadais áitiuil, cúrsaí teagaisc (dá ngairmtear cúrsaí éigeanta san Acht so) i bhfuirm oideachais leanúna do chur ar fáil, pé cinn agus pé méid acu is dó leis an gcoiste sin is gá ag féachaint do riachtanaisí na ndaoine óga chomhnuíonn sa cheanntar san.

(2) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é agus gan dochar don oblagáid a bheidh air cúrsaí éigeanta do chur ar fáil, féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cúrsaí teagaisc (dá ngairmtear cúrsaí saordhálacha san Acht so) i bhfuirm oideachais leanúna do chur ar fáil sa cheanntar san in aon bhliain airgeadais áitiuil, pé cúrsaí is dó leis an gcoiste sin is fearr, ag féachaint do staid an cheanntair sin agus na ndaoine óga chomhnuíonn ann.

(3) Tabharfar, le linn gach cúrsa theagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so, teagasc ar feadh céad is ochtó uair a' chluig i ngach bliain airgeadais áitiuil más cúrsa éigeanta é no ar feadh céad is ochtó uair a' chluig ar a laighead i ngach bliain airgeadais áitiuil más cúrsa saordhálach é, agus i ngach cás roinnfear an cúrsa san, maidir le trátha agus saosúir, i pé slí is oiriúnaighe do staid an cheanntair ach, i gcás ceanntair ina mbeidh líomatáiste feidhmiúcháin choiste thalmhaíochta no aon chuid dá leithéid, ní déanfar an roinnt sin gan dul i gcomhairle leis an gcoiste sin roimh ré.

(4) Sé cineál teagaisc do bhéarfar i gcúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so ná pé cineál a dhéanfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh an cúrsa san ar fáil d'ordú le haontú an Aire.

(5) Gach coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh cúrsaí teagaisc ar fáil fén alt so fógróidh sé don phobal, le fógráin no eile, dátaí tosnuithe agus críochnuithe na gcúrsaí sin agus na trátha agus na háiteanna ina dtabharfar an teagasc a tabharfar sna cúrsaí sin.

Cúrsaí ceaduithe agus scoileanna ceaduithe.

62. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, maidir le cúrsa teagaisc a chuireann éinne seachas coiste oideachais ghairme beatha ar fáil, go dtugtar ann teagasc éifeachtúil i bhfuirm oideachais leanúna nách ísle caighdeán ná na cúrsaí teagaisc a ceangailtear ar choistí oideachais ghairme beatha, leis an gCuid seo den Acht so, do chur ar fáil, féadfaidh an tAire deimhniú sa bhfuirm orduithe do dheona, i dtaobh an chúrsa teagaisc sin, ar an gcúrsa teagaisc sin do bheith ina chúrsa cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire oideachas leanúna éifeachtúil do bheith á thabhairt i scoil (nách scoil le n-a mbeidh glactha ag an Aire de thurus na huaire mar mheán-scoil agus nách scoil náisiúnta) féadfaidh an tAire deimhniú sa bhfuirm orduithe do dheona, i dtaobh na scoile sin, ar an scoil sin do bheith ina scoil cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire cúrsa teagaisc no scoil gur dheon sé deimhniú ina thaobh fén alt so do bheith tar éis scur de bheith cáilithe chun an deimhnithe sin d'fháil, féadfaidh an tAire an deimhniú san do cheiliúra, agus leis sin déanfar an deimhniú san do thabhairt suas don Aire.

(4) Féadfaidh an tAire pé fiosrú agus iniúcha réasúnta is dó leis is ceart do dhéanamh no a chur fé ndeár san do dhéanamh chun a fháil amach do féin ce'ca tá no ná fuil aon chúrsa teagaisc no scoil áirithe cáilithe chun deimhniú d'fháil fén alt so no ce'ca tá no ná fuil an cúrsa teagaisc no an scoil sin ag leanúint de bheith cáilithe amhlaidh, agus chun an fhiosruithe agus an iniúchta san do dhéanamh féadfaidh cigire gach tráth réasúnta dul isteach in aon áitreabh ina mbeidh cúrsa teagaisc ar siúl gur hiarradh no gur deonadh an deimhniú san ina thaobh, no in aon scoil gur hiarradh no gur deonadh an deimhniú san ina taobh, agus fiosrú do dhéanamh maidir le haon chúrsa teagaisc no scoile den tsórt san agus iniúcha do dhéanamh air.

E do bheith mar oblagáid bheith i láthair chun teagaisc d'fháil.

63. —(1) Mara mbeidh leathscéal réasúnta acu le n-a mhalairt déanfaidh tuismitheoirí gach duine óig a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so a chur fé ndeár an duine óg san do dhéanamh freastail chun teasgaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé is freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so ann ná duine óg do dhéanamh freastail díobh so leanas, agus díobh san amháin, sé sin le rá:—

(a) freastal cúrsa éigeanta theagaisc a chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg ar fáil fén gCuid seo den Acht so;

(b) freastal cúrsa shaordhálaigh theagaisc a chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg ar fáil fén gCuid seo den Acht so;

(c) freastal cúrsa theagaisc gur dheon an tAire ina thaobh, agus nár ceiliúradh, deimhniú gur chúrsa ceaduithe teagaisc é chun crícheanna na Coda so den Acht so;

(d) freastal lán-ama i scoil le n-a mbeidh glactha ag an Aire de thurus na huaire mar mheán-scoil;

(e) freastal lán-ama i scoil náisiúnta;

(f) freastal lán-ama i scoil gur dheon an tAire ina taobh, agus nár ceiliúradh, deimhniú gur scoil cheaduithe í chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Leathscéalacha réasúnta le gan bheith i láthair chun teagaisc d'fháil.

64. —Beidh na nithe seo leanas ina leathscéalacha réasúnta le gan freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) nár fhéad an duine óg freastal amhlaidh toisc é bheith breoite;

(b) go bhfuil an duine óg ag fáil teagaisc, atá oiriúnach dá aois agus dá staid, ar shlí seachas tré fhreastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so;

(c) nár chuir coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg aon chúrsa éigeanta teagaisc ar fáil in aon áit laistigh de thrí mhíle o áit chomhnaithe an duine óig agus an trí mhíle sin do thomhas fan na slí is giorra is féidir do do ghabháil go dleathach agus gan ceataí dho féin;

(d) nár fhéad an duine óg freastal amhlaidh toisc leorchúise éigin eile.

An t-údarás feidhmiúcháin.

65. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná—

(a) i ngach ceanntar den tsórt san a bheidh có-theoranta le contae-bhuirg no le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no laistigh den chontae-bhuirg no den bhuirg eile sin, coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin; agus

(b) i ngach ceanntar den tsórt san ná beidh có-theoranta le haon cheann ná laistigh d'aon cheann de sna contaebhuirgí ná de sna buirgí eile sin, an t-oifigeach den Ghárda Síochána bheidh de thurus na huaire i seilbh na céime agus sa stáisiún a hordófar chuige sin leis an ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú an ceanntar san do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin na cláir agus na breacacháin a hordófar chun crícheanna na Coda so den Acht so do choinneail agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den Ghárda Síochána bheidh ina údarás fheidhmiúcháin fén gCuid seo den Acht so gach feidhm no aon fheidhm dá mbeidh aige mar údarás fheidhmiúcháin den tsórt san d'fheidhmiú tré aon bhall no baill den Ghárda Síochána bheidh fé n-a cheannas, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach ball den Ghárda Síochána tré n-a bhfeidhmeofar na feidhmeanna san amhlaidh ina oifigeach fhreastail don údarás fheidhmiúcháin sin.

Tuismitheoirí do thabhairt mion-innste uatha i dtaobh a leanbhaí.

66. —(1) Gach éinne chomhuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit chomhnaithe, ainmneacha agus aoiseanna na ndaoine óga uile no aon duine óig áirithe dar tuismitheoir do réir bhrí an Achta so é agus fós modh a n-oideachais agus na mion-innste eile bheidh luaidhte sa bhfógra san do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Fostóirí do thabhairt mioninnste uatha.

67. —(1) Gach éinne go mbeidh gnó ar siúl aige i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit ghnótha, na mion-innste bheidh luaidhte sa bhfógra san, i dtaobh na ndaoine óga uile no aon duine óig áirithe bheidh ar fostú aige, do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne go mbeidh gnó ar siúl aige i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Eolas do bhéarfaidh Coistí Comhairle um Shóisir uatha.

68. —I dtús gach ráithe dar tosach an 1adh lá d'Eanar, an 1adh lá d'Abrán, an 1adh lá d'Iúl, no an 1adh lá de Dheire Fomhair déanfaidh Rúnaí an Choiste Chomhairle um Shóisir do líomatáiste is ionann agus ceanntar no ina mbeidh ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cóipeanna do thabhairt, d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, de sna mion-innste uile bhéarfar do, do réir fo-alt (4) d'alt 15 den Acht Freastal Scoile, 1926 ( Uimh. 17 de 1926 ), i dtaobh ainmneacha agus seolta na ndaoine uile chomhnuíonn sa cheanntar san agus 'na mbeidh aois a cheithre mblian déag slán acu i rith na ráithe sin.

Caoi chun cúrsaí teagaisc do fhreastal.

69. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a fhostuíonn duine óg ar a gceangailtear leis an gCuid seo den Acht so freastal chun teagaisc d'fháil agus a dheineann no gur mian leis cúrsa éigeanta teagaisc do cuireadh ar fáil fén gCuid seo den Acht so do fhreastal, am agus saoirse, sa mhéid gur gá san, do thabhairt don duine óg san chun an chúrsa theagaisc sin do fhreastal, agus san gan éinní do bhaint as a phágh ná cur le n-a am oibre ná an t-am san d'áireamh mar am caillte.

(2) Má theipeann ar fhostóir ar bith no má leigeann sé i bhfaillí a gceangailtear air leis an alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Cuntaisí o phríomh-oidí.

70. —(1) Bhéarfaidh príomh-oide gach cúrsa teagaisc no scoile, gur freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so freastal ionta agus go mbeidh aon duine óg, a chomhnuíonn i gceantar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ar an rolla ionta no á bhfreastal, bhéarfa sé d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, ar na trátha agus sa tslí a hordófar, na mioninnste a hordófar maidir le gach duine óg den tsórt san a bheidh as láthair ón gcúrsa no ón scoil sin agus na mion-innste a hordófar maidir leis na nea-láithreachtaí sin.

(2) Ar n-a éileamh san air tabharfaidh príomh-oide gach cúrsa teagaisc no scoile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo tabharfa sé, sa bhfuirm a hordófar, d'aon údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aois gach duine no aon duine de sna daoine óga fhreastalann an cúrsa no an scoil sin agus a chomhnuíonn sa cheanntar san, fé mar a bheidh san curtha síos i gcláir an chúrsa no na scoile sin, agus fós na mion-innste a hordófar maidir le n-a mhinicí do bhí gach duine no aon duine de sna daoine óga san i láthair ag an gcúrsa teagaisc no sa scoil sin agus le n-a mhinicí do bhí as láthair uatha.

(3) Nuair a déanfar duine óg a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thógaint o aon chúrsa teagaisc no scoil den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, bhéarfaidh príomh-oide an chúrsa theagaisc no na scoile sin do thuismitheoir an duine óig sin, ar n-a éileamh san air, deimhniú sa bhfuirm a hordófar á rá cadé an tréimhse ina raibh an duine óg san ar an gcúrsa teagaisc no ar an scoil sin, cé méid uair do bhí an duine óg san i láthair ag an gcúrsa teagaisc no sa scoil sin agus cé méid uair do bhí as láthair uatha i rith na coda orduithe den tréimhse sin, agus cé méid uair a' chluig do thug i mbun gach abhair léighinn fé leith, agus taisbeánfaidh tuismitheoir an duine óig sin an deimhniú san do phríomh-oide aon chúrsa teagaisc no scoile eile den tsórt san go mbeidh sé a iarraidh go leigfí an duine óg san isteach ann.

E chur d'fhiachaibh ar dhaoine óga freastal chun teagaisc d'fháil.

71. —Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gach ní do dhéanamh agus gach imeacht do bhunú is gá chun a chur d'fhiachaibh ar gach duine óg a chomhnuíonn sa cheanntar san freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

An tuismitheoir do chur fáth na nea-láithreachta in úil.

72. —Pé uair a bheidh duine óg, a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ag freastal aon chúrsa teagaisc no scoile de thurus na huaire chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so ach go mbeidh sé as láthair ón teagasc no ón scoil sin aon lá no laetheanta ba cheart do, fén gCuid seo den Acht so, bheith á fhreastal, cuirfidh a thuismitheoir fáth na nea-láithreachta san in úil do phríomh-oide an chúrsa teagaisc no na scoile sin i scríbhinn no i bpearsain chó luath agus is féidir é agus, pé scéal é, ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis lá na nea-láithreachta san no tar éis an chéad lae de laetheanta na nealáithreachta san (fé mar bheidh).

Faillí i gcólíona na Coda so den Acht so.

73. —(1) Pé uair a theipfidh ar dhuine óg, a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no a leigfe sé i bhfaillí freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so agus gan aon leathscéal réasúnta ann, go bhfios d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, i dtaobh na teipthe no na faillí sin, seirbheálfaidh an t-údarás san ar thuismitheoir an duine óig sin foláramh sa bhfuirm a hordófar—

(a) á cheangal air go ndéanfadh sé, laistigh de sheachtain tar éis na seirbheála san, a chur fé ndeár don duine óg san freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, no leathscéal réasúnta do thabhairt don údarás i dtaobh gan san do dhéanamh; agus

(b) á innsint do, mara ndeine sé beart do réir téarmaí na míre sin roimhe seo, go mbunófar imeachta ina choinnibh fén Acht so; agus

(c) á innsint do, má theipeann air arís, laistigh de ráithe tar éis na n-imeacht san, an Chuid seo den Acht so do chólíona, go bhféadfar imeachta do bhunú ina choinnibh arís gan foláramh roimh ré.

(2) Má bhíonn tuismitheoir gan beart do dhéanamh do réir foláraimh do seirbheáladh air go cuibhe fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcuire sé ina luighe ar an gCúirt go ndearna sé gach iarracht réasúnta chun a chur fé ndeár don duine óg, le n-a mbaineann an foláramh san, freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so agus ar a chiontú sa chionta san ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin (pe'ca i dtaobh an duine óig chéanna no i dtaobh duine óig eile do rinneadh é).

(3) Pé uair, gan leathscéal réasúnta, a theipfidh ar thuismitheoir, laistigh de ráithe tar éis a chiontuithe i gcionta fén bhfo-alt san roimhe seo, a chur fé ndeár don duine óg gur ina thaobh a ciontuíodh é amhlaidh freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, ansan, mara mbeidh an duine óg san tar éis scur de bheith ina dhuine óg, beidh an tuismitheoir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

Oifigigh fhreastail.

74. —(1) Gach coiste oideachais ghairme beatha is údarás feidhmiúcháin chun crícheanna na Coda so den Acht so déanfaidh, le hordú, pé oifigigh is oiriúnach leis do cheapa chun bheith ina n-oifigigh fhreastail chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Le linn dó bheith ag feidhmiú aon údaráis no comhachta fén gCuid seo den Acht so mar oifigeach fhreastail do ceapadh fén alt so, déanfaidh gach oifigeach den tsórt san, ar n-a éileamh san air, an t-ordú le n-ar ceapadh é amhlaidh do thabhairt i láthair agus do thaisbeaint d'éinne go mbeidh sé ag feidhmiú an údaráis no na comhachta san ina thaobh.

(3) Má dheineann duine adeir gur oifigeach freastail é féin scríbhinn do thabhairt i láthair adeir sé is ordú le n-ar ceapadh é mar oifigeach den tsórt san agus más cosúil, ón scríbhinn sin, gurb é an t-ordú san í, beidh an scríbhinn sin ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur oifigeach freastail an duine sin.

Deimhniú ar dhílse foláramh, fógraí, etc.

75. —Is leor mar dheimhniú ar dhílse gach foláraimh, fógra agus scríbhinne eile do bhéarfar amach no seirbheálfar fén gCuid seo den Acht so ag údarás feidhmiúcháin sighniú oifigigh freastail don údarás san do bheith ortha.

Cúisimh ar agru oifigigh fhreastail.

76. —Féadfar cúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do chur ar aghaidh ar agra oifigigh fhreastail ar bith d'údarás fheidhmiúcháin mar chúisitheoir.

Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh cúiseamh.

77. —(1) I gcúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an chúirt 'na mbeidh an cúiseamh á dhéanamh ina láthair a ordú, ar iarratas ón gcúisitheoir no ón té bheidh á chúiseamh no uaithi féin, go ndéanfaidh tuismitheoir no fostóir an duine óig le n-a mbaineann an cúiseamh an duine óg san do thabhairt i láthair na cúirte am áirithe agus in áit áirithe, agus má theipeann ar an tuismitheoir no ar an bhfostóir sin, gan leathscéal réasúnta aige chuige, an duine óg san do thabhairt i láthair amhlaidh féadfaidh an chúirt fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur ar an tuismitheoir no ar an bhfostóir sin.

(2) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so is ar an té cúiseofar a bheidh éinní acu so leanas i dtaobh an duine óig le n-a mbaineann an cúiseamh do chruthú, sé sin le rá:—

(a) aois an duine óig;

(b) go raibh leathscéal réasúnta ann le gan an duine óg do fhreastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so aon lá áirithe no ar feadh aon tréimhse áirithe;

(c) go bhfuil an duine óg ag fáil oideachais atá oiriúnach do dhuine óg ar shlí seachas tré bheith ag freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

(3) In aon chúiseamh fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag príomhoide cúrsa theagaisc no scoile, gur freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so é fhreastal, agus ina ndeirtear go bhfuil no ná fuil an duine óg le n-a mbaineann an cúiseamh ag freastal an chúrsa theagaisc no na scoile sin no gur fhreastal no nár fhreastal an duine óg san an cúrsa teagaisc no an scoil sin laetheanta áirithe, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ní de sna nithe roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(4) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag dochtúir atá cáilithe go cuibhe agus ina ndeirtear go bhfuil no go raibh aon uair áirithe aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar an duine óg le n-a mbaineann an cúiseamh agus go raibh an aicíd no an lot san de shaghas d'fhág an duine óg neamh-iomchuibhe chun cúrsa theagaisc no scoile do fhreastal no go bhfuil no go raibh aicíd no lot áirithe cuirp ar dhuine éigin a chomhnuíonn sa tigh ina gcomhnuíonn an duine óg san, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ceann de sna dátáin roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(5) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an chúirt a ordú, maidir leis na costaisí fé n-a ndeaghaidh an cúisitheoir no an té do cúisíodh, i dtaobh an chúisimh sin, go ndéanfaidh an té do cúisíodh no an cúisitheoir (fé mar is gá sa chás) iad d'íoc, agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do shocrú.

Costaisí.

78. —Gach costas fé n-a raghaidh coiste oideachais ghairme beatha agus é ag cur na Coda so den Acht so in éifeacht, is amach as ciste oideachais ghairme beatha an choiste sin a híocfar é.

CUID VI.

Ceard-Oideachas do chur i bhFeidhm.

Na daoine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

79. —Baineann an Chuid seo den Acht so le daoine atá sé bliana déag d'aois agus ná fuil ocht mbliana déag d'aois agus déanfar an abairt “duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so” do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

An Chuid seo den Acht so do léiriú.

80. —(1) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don choiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí don choiste oideachais ghairme beatha go mbeidh a líomatáiste oideachais ghairme beatha có-theoranta leis an gceanntar san no go mbeidh an ceanntar san laistigh dá líomatáiste oideachais ghairme beatha.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “coiste príntíseachta” coiste ar bith a cuirfear ar bun ina dhiaidh seo do réir reachta fén ainm sin chun feidhmeanna bhaineann le príntíseacht i gcoitinne no le príntíseacht i gceárda áirithe d'fheidhmiú.

Ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

81. —(1) Féadfaidh an tAire, más dó leis agus nuair is dó leis gur ceart é, a dhearbhú le hordú aon líomatáiste oideachais ghairme beatha no aon chuid áirithe de líomatáiste oideachais ghairme beatha do bheith, o dháta luadhfar san ordú san, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus leis sin beidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha san no an chuid áirithe sin de, ón dáta san agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus ná beidh an líomatáiste sin có-theoranta le contae-bhuirg ná le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ná laistigh den chontae-bhuirg ná den bhuirg eile sin, déanfa sé, leis an ordú gcéanna, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, céim agus stáisiún an oifigigh den Ghárda Síochána bheidh mar údarás fheidhmiúcháin don cheanntar san, chun crícheanna na Coda so den Acht so, d'ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, ordú do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra no do leasú, ach ní dhéanfaidh ordú do rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt do cheiliúra ná do leasú gan dul i gcomhairle leis an Aire sin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe sin.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ceárda ainmnithe

82. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, tré ordú eile, na ceárda do luadhadh a bheith ina gceárda ainmnithe chun crícheanna na Coda so den Acht so sa cheanntar san, agus féadfaidh o am go ham, tré orduithe ina dhiaidh sin, an liost de cheárda do luadhadh amhlaidh do leasú i pé slí is dó leis is ceart, agus gach ceárd a bheidh, de thurus na huaire, luaidhte amhlaidh tríd an gcéad ordú san a luaidhtear no tríd an ordú san mar do leasuíodh amhlaidh é, beidh sí, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina céird ainmnithe sa cheanntar san.

(2) Roimh ordú do dhéanamh do fén alt so, ag luadh céirde áirithe chun bheith ina céird ainmnithe chun crícheanna na Coda so den Acht so i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no roimh ordú den tsórt san do leasú dho, raghaidh an tAire i gcomhairle le coiste príntíseachta na céirde sin má bhíonn coiste príntíseachta ann de thurus na huaire don chéird sin agus a líomatáiste feidhmiúcháin có-theoranta leis an gceanntar san no an ceanntar san laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin, no raghaidh i gcomhairle le hionadaithe fostóirí agus fostaithe sa cheanntar san sa chéird sin mara mbeidh aon choiste príntíseachta den tsórt san ann de thurus na huaire.

Ceárd-oideachas i gceanntair le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

83. —(1) I ngach ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfaidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin, i ngach bliain airgeadais áitiuil, cúrsaí teagaisc i bhfuirm cheárd-oideachais do chur ar fáil, pé cinn agus pé méid acu is dó leis an gcoiste sin is gá ag féachaint do líon agus do chineál na gceárd n-ainmnithe sa cheanntar san.

(2) Gach cúrsa teagaisc a chuirfidh an coiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar fáil fén alt so, maidir le céird ainmnithe sa cheanntar san, tabharfar le n-a linn teagasc ar feadh pé méid uair a' chluig (nách mó ná céad is ochtó) i ngach bliain airgeadais áitiuil a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle le coiste príntíseachta na céirde sin má bhíonn coiste príntíseachta ann de thurus na huaire don chéird sin agus a líomatáiste feidhmiúcháin có-theoranta leis an gceanntar san no an ceanntar san laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin, no tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe fostóirí agus fostaithe sa cheanntar san sa chéird sin mara mbeidh aon choiste príntíseachta den tsórt san ann de thurus na huaire.

(3) Déanfar gach cúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so do roinnt, maidir le trátha agus saosúir, i pé slí is oiriúnaighe do sna ceárda ainmnithe gur maidir leo a cuirfear é ar fáil.

(4) Sé cineál teagaisc do bhéarfar i gcúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so ná pé cineál a dhéanfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh an cúrsa san ar fáil d'ordú le haontú an Aire.

(5) Gach coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh cúrsaí teagaisc ar fáil fén alt so fogróidh sé don phobal, le fógráin no eile, dátaí tosnuithe agus críochnuithe na gcúrsaí sin agus na trátha agus na háiteanna ina dtabharfar an teagasc a tabharfar sna cúrsaí sin.

Oblagáid chun cúrsaí ceárdoideachais do fhreastal.

84. —Gach duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, freastalóidh sé an cúrsa teagaisc a chuirfidh an coiste oideachais ghairme beatha ar fáil chun crícheanna na céirde sin fén gCuid seo den Acht so sa cheanntar san.

(2) Má theipeann ar éinne le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san an cúrsa teagaisc do fhreastal a ceangailtear air, leis an alt so, do fhreastal, ansan, mara gcuire sé ina luighe ar an gcúirt gur bhreoiteacht no aon chúis dho-sheachanta eile fé ndeár an teip sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(3) Má rinne tuismitheoir duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a bheidh ar fostú, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, i gcéird is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, ní ar bith chun a thabhairt chun críche go dteipfeadh ar an duine sin an cúrsa teagaisc do fhreastal a ceangailtear air, leis an alt so, do fhreastal no má scaoil sé thairis an teip sin, ansan, mara gcuiridh an tuismitheoir sin ina luighe ar an gcúirt gur bhreoiteacht no cúis dho-sheachanta eile nárbh é an tuismitheoir sin ba bhun léi fé ndeár an teip sin, beidh an tuismitheoir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

An t-údarás feidhmiúcháin.

85. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná—

(a) i ngach ceanntar den tsórt san a bheidh có-theoranta le contae-bhuirg no le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no laistigh den chontae-bhuirg no den bhuirg eile sin, coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin; agus

(b) i ngach ceanntar den tsórt san ná beidh có-theoranta le haon cheann ná laistigh d'aon cheann de sna contaebhuirgí ná de sna buirgí eile sin, an t-oifigeach den Ghárda Síochána bheidh de thurus na huaire i seilbh na céime agus sa stáisiún a hordófar chuige sin leis an ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú an ceanntar san do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin na cláir agus na breacacháin a hordófar chun crícheanna na Coda so den Acht so do choinneail agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den Ghárda Síochána bheidh ina údarás fheidhmiúcháin fén gCuid seo den Acht so gach feidhm no aon fheidhm dá mbeidh aige mar údarás fheidhmiúcháin den tsórt san d'fheidhmiú tré aon bhall no baill den Ghárda Síochána bheidh fé n-a cheannas, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach ball den Ghárda Síochána tré n-a bhfeidhmeofar na feidhmeanna san amhlaidh ina oifigeach fhreastail don údarás fheidhmiúcháin sin.

Fostóirí do thabhairt mion-innste uatha.

86. —(1) Gach éinne go mbeidh ar siúl aige, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ceárd is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit ghnótha, na mion-innste bheidh luaidhte sa bhfógra san, i dtaobh aon daoine bheidh ar fostú aige agus gur daoine iad le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne go mbeidh ar siúl aige, i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ceárd is ceárd ainmnithe sa cheanntar san, agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Caoi chun cúrsaí teagaisc do fhreastal.

87. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a fhostuíonn duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a dheineann no gur mian leis cúrsa teagaisc do cuireadh ar fáil fén gCuid seo den Acht so do fhreastal do réir na Coda so den Acht so, am agus saoirse, sa mhéid gur gá san, do thabhairt don duine sin chun an chúrsa theagaisc sin do fhreastal, agus san gan éinní do bhaint as a phágh ná cur le n-a am oibre ná an t-am san d'áireamh mar am caillte.

(2) Má theipeann ar fhostóir ar bith no má leigeann sé i bhfaillí a gceangailtear air leis an alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Dualgas an údaráis fheidhmiúcháin.

88. —Beidh sé de dhualgas ar an údarás feidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gach ní do dhéanamh agus gach imeacht do bhunú is gá chun na Coda so den Acht so do chur i bhfeidhm sa cheanntar san.

Oifigigh fhreastail.

89. —(1) Gach coiste oideachais ghairme beatha is údarás feidhmiúcháin chun crícheanna na Coda so den Acht so déanfaidh, le hordú, pé oifigigh is oiriúnach leis do cheapa chun bheith ina n-oifigigh fhreastail chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Le linn dó bheith ag feidhmiú aon údaráis no comhachta fén gCuid seo den Acht so mar oifigeach fhreastail do ceapadh fén alt so, déanfaidh gach oifigeach den tsórt san, ar n-a éileamh san air, an t-ordú le n-ar ceapadh é amhlaidh do thabhairt i láthair agus do thaisbeaint d'éinne go mbeidh sé ag feidhmiú an údaráis no na comhachta san ina thaobh.

(3) Má dheineann duine adeir gur oifigeach freastail é féin scríbhinn do thabhairt i láthair adeir sé is ordú le n-ar ceapadh é mar oifigeach den tsórt san agus más cosúil, ón scríbhinn sin, gurb é an t-ordú san í, beidh an scríbhinn sin ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur oifigeach freastail an duine sin.

Deimhniú ar dhílse fógraí, etc.

90. —Is leor mar dheimhniú ar dhílse gach fógra agus scríbhinne eile do bhéarfar amach no seirbheálfar fén gCuid seo den Acht so ag údarás feidhmiúcháin sighniú oifigigh fhreastail don údarás san do bheith ortha.

Cúiseamh ar agra oifigigh fhreastail.

91. —Féadfar cúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do chur ar aghaidh ar agra oifigigh fhreastail ar bith d'údarás feidhmiúcháin mar chúisitheoir.

Forálacha i dtaobh cúiseamh.

92. —(1) In aon chúiseamh fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag dochtúir cáilithe agus ina ndeirtear go bhfuil no go raibh aon uair áirithe aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar an duine le n-a mbaineann an cúiseamh agus go raibh an aicíd no an lot san de shaghas d'fhág an duine sin neamh-iomchuibhe chun cúrsa theagaisc do fhreastal no go bhfuil no go raibh aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar dhuine éigin a chomhnuíonn sa tigh ina gcomhnuíonn an chéad duine sin a luaidhtear, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ceann de sna dátáin roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(2) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an Chúirt a ordú, maidir leis na costaisí fé n-a ndeaghaidh an cúisitheoir no an té do cúisíodh, i dtaobh an chúisimh sin. go ndéanfaidh an té do cúisíodh no an cúisitheoir (fé mar is gá sa chás) iad d'íoc, agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do shocrú.

Costaisí.

93. —Gach costas fé n-a raghaidh coiste oideachais ghairme beatha agus é ag cur na Coda so den Acht so in éifeacht, is amach as ciste oideachais ghairme beatha an choiste sin a híocfar é.

CUID VII.

Foralacha Diombuana Maidir le Coisti Ceard-Oideachais.

An lá ceaptha.

94. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fé Chuid II. den Acht so don chéad chruinniú de choistí oideachais ghairme beatha no, má ceaptar laetheanta deifriúla amhlaidh maidir le coistí deifriúla den tsórt san, cialluíonn sí, maidir le gach coiste fé leith acu san, an lá ceapfar amhlaidh do chéad chruinniú an choiste sin.

Feidhmeanna, etc., d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha.

95. —(1) I ngach líomatáiste oideachais ghairme beatha tiocfaidh gach feidhm, comhacht, agus dualgas, fé Acht 1889, fé Acht 1891 agus fé Acht 1899 no fé aon Acht acu san, a bhaineann le ceárd-oideachas sa líomatáiste sin no in aon chuid áirithe dhe agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san údarás áitiuil don líomatáiste sin no don chuid áirithe sin de, no forchurtha air, agus gur tré choiste do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiuil sin fheidhmíonn agus a chólíonann an t-údarás san iad, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, aistrithe chun an choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste sin agus dílsithe ann no forchurtha air.

(2) Ar an lá ceaptha agus as san amach, scuirfidh fo-alt (2) d'alt 1 d'Acht 1889 agus alt 14 d'Acht 1899 d'éifeacht do bheith acu sa mhéid go mbainid fé seach le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an alt so chun coiste oideachais ghairme beatha.

(3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun aon chomhachta, bheidh dílsithe in údarás áitiuil chun rátú do dhéanamh no chun iasachtaí d'fháil, d'aistriú chun coiste oideachais ghairme beatha.

Maoin d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha.

96. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe in údarás áitiuil, no i gcoiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile, fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus a bheidh dílsithe amhlaidh i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so no ar no fé iontaobhas a bhaineann le ceárd-oideachas, tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, ar an lá ceaptha, dílsithe sa choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh agus san gan leithliú ná sanna ar bith do dhéanamh uirthe ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, í d'aistriú i leabhair aon bhainc, corparáide, no cuideachtan.

(2) Más airgead, stoc, scaireanna, no urrúis i leabhair bhainc, chorparáide, no chuideachtan a bheidh i maoin ar bith a haistrítear leis an alt so, ansan, ar iarratas an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear an t-airgead, an stoc, na scaireanna agus na hurrúis sin leis an alt so, déanfaidh an banc, an chorparáid, no an chuideachta san an céanna d'aistriú chun ainm an choiste sin.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm ina n-ainm féin agus ní gá don choiste sin fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

(4) Gach airgead do cruinníodh tré ráta do bhuail údarás áitiuil chun seirbhíse na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus do híocfaí, mara mbeadh an tAcht so, le coiste do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiuil sin chun feidhmeanna, comhacht, agus dualgas, a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so chun coiste oideachais ghairme beatha, d'fheidhmiú agus do chólíona agus do bheadh, mara mbeadh an tAcht so, ionchurtha, ag an gcéad choiste sin a luaidhtear, chun crícheanna na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, agus na ndualgas san, íocfaidh an t-údarás áitiuil sin é leis an gcoiste oideachais ghairme beatha san (sa mhéid ná beidh an t-airgead san íoctha leis an gcoiste sin roimh an lá ceaptha).

Fiacha agus fiachaisí d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha.

97. —(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirítear fiachaisí nea-shocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar údarás áitiuil, no ar choiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, no fé n-a ndeaghaidh an céanna, agus a bheidh gan íoc no gan glana ag an údarás no ag an gcoiste sin, agus a bheidh dlite air no fé n-a ndeaghaidh sé amhlaidh i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, tiocfaid chun bheith agus beid, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, ina bhfiacha no ina bhfiachas, ar an lá ceaptha, ar an gcoiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh, agus déanfaidh an coiste sin iad d'íoc no do ghlana agus féadfar a mbaint de no a gcur i bhfeidhm ina aghaidh dá réir sin.

(2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, gach pinsean, aois-liúntas, no aisce bheidh no thiocfaidh chun bheith iníoctha, díreach roimh an lá ceaptha, ag údarás áitiuil no ag dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile le duine, toisc gurbh oifigeach é don údarás áitiuil no do sna húdaráis áitiúla san no do choiste do cheap an t-údarás áitiuil no na húdaráis áitiúla san fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus toisc go raibh sé ar fostú ag an údarás, ag na húdaráis, no ag an gcoiste sin in obair do bhaineadh i bpáirt no go hiomlán le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás áitiuil no na húdaráis áitiúla céanna, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, é do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna inar ghá é do chruinniú agus d'íoc dá mba ná rithfí an tAcht so.

Nithe ar feitheamh do chimeád ar siúl.

98. —Gach gníomh, ní, no rud do thosnuigh údarás áitiuil, no coiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, no do tosnuíodh i gcoinnibh údaráis áitiúla no coiste do ceapadh amhlaidh, ar an lá ceaptha, agus a bheidh ar feitheamh no nea-chríochnuithe ar an lá ceaptha agus gur le linn bheith ag feidhmiú no ag cólíona no maidir le feidhmiú no cólíona feidhmeanna, comhacht, no dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so do tosnuíodh amhlaidh é, féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na dualgaisí, agus na comhachta san amhlaidh é do chimeád ar siúl agus do chríochnú no féadfar é do chimeád ar siúl agus do chríochnú i gcoinnibh an choiste sin, agus chuige sin—

(a) i ngach imeacht dlí dar páirtí aon údarás áitiuil den tsórt san no aon choiste do ceapadh mar adubhradh agus a bhaineann leis na feidhmeanna, na comhachta, no na dualgaisí sin d'fheidhmiú no do chólíona agus a bheidh ar feitheamh ar an lá ceaptha, féadfar an coiste oideachais ghairme beatha san do chur mar pháirtí in ionad an údaráis áitiúla no an choiste sin; agus

(b) gach connra agus có-aontú dar páirtí aon údarás áitiuil den tsórt san no aon choiste do ceapadh mar adubhradh agus a bhaineann leis na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin agus ná beidh críochnuithe ar fad ar an lá ceaptha, beidh éifeacht acu ar an lá ceaptha agus dá éis sin fé is dá n-ainmnítí an choiste oideachais ghairme beatha san mar pháirtí dhóibh in ionad an údaráis áitiúla no an choiste sin.

Oifigigh d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha.

99. —(1) Gach duine bheidh, ar an lá roimh an lá ceaptha, ina oifigeach d'údarás áitiuil, no do choiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus a bheidh ar fostú ag an údarás no ag an gcoiste sin chun dualgaisí do chólíona a bhaineann i bpáirt no go hiomlán le feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí a haistrítear ón údarás no ón gcoiste sin leis an gCuid seo den Acht so, aistreofar é chun an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh, agus tiocfaidh chun bheith agus beidh ina oifigeach don choiste sin, ar an lá ceaptha agus fé réir forálacha an ailt seo.

(2) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so cólíonfa sé, fé réir forálacha an ailt seo agus i seirbhís an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é, dualgaisí den tsórt do chólíonadh sé sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é.

(3) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so, ní bhfagha sé, i seirbhís an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é ná, fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé fé choiníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coiníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé sa tseirbhís sin.

(4) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le haontú an Aire, na dualgaisí bheidh le cólíona ag oifigigh a haistrítear chuige leis an alt so d'ath-roinnt no d'ath-shocrú agus beidh ar gach oifigeach den tsórt san na dualgaisí leagfar amach do de dhruim aon ath-roinnte no ath-shocruithe den tsórt san do chólíona, agus, chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige ní tuigfear gurb ionann aon ath-roinnt no ath-shocrú den tsórt san agus oifigeach do chur as oifig no deire do chur le n-a oifig.

(5) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le ceadú an Aire, agus déanfaidh, nuair ordóidh an tAire dho é, deire do chur le hoifig oifigigh ar bith a haistrítear chun an choiste sin leis an alt so agus, chun críche na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige, tuigfear gach oifigeach den tsórt san go gcuirfear deire le n-a oifig amhlaidh do bheith curtha as oifig ag an gcoiste sin ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas.

(6) Nuair a bheidh oifigeach a haistrítear leis an alt so ar fostú, díreach roimh an lá ceaptha, ag coiste go n-aistrítear a chuid feidhmeanna, comhacht agus dualgas leis an gCuid seo den Acht so, agus é san am gcéanna ar fostú ag coiste ná haistrítear a chuid feidhmeanna, comhacht agus dualgas amhlaidh, ní bheidh baint ná éifeacht ag an aistriú dheineann an t-alt so ar an oifigeach san ach maidir le n-a fhostú ag an gcéad choiste sin a luaidhtear.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach oifigeach a haistrítear leis an alt so agus a bheidh díreach roimh an lá ceaptha ar fostú, ag an údarás áitiuil no ag an gcoiste go n-aistrítear o n-a sheirbhís amhlaidh é, chun dualgaisí do chólíona bhaineann i bpáirt le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so agus i bpáirt le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí eile, sé sin le rá:—

(a) ní bhainfidh an t-aistriú dheineann an t-alt so ar an oifigeach san ach le pé cinn dá dhualgaisí (dá ngairmtear dualgaisí aistrithe san alt so) a bhaineann le feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, agus maidir le gach dualgas eile bheidh air leanfa sé de bheith ina oifigeach don údarás áitiuil no don choiste darbh oifigeach é an lá roimh an lá ceaptha;

(b) chun crícheanna na bhforálacha den alt so bhaineann leis na dualgaisí bheidh aige le cólíona tar éis an aistrithe sin, tuigfear gurb iad a dhualgaisí aistrithe amháin na dualgaisí do bhí air roimh an aistriú san;

(c) déanfar an luach saothair do bhí dho díreach roimh an aistriú san do roinnt idir a dhualgaisí aistrithe agus a dhualgaisí eile agus, chun crícheanna na bhforálacha den alt so bhaineann leis an luach saothair a bheidh do tar éis an aistrithe sin agus le deire do chur le n-a oifig, tuigfear ná raibh sa luach saothair do bhí dho roimh an aistriú san ach pé méid den luach saothair sin a cuirfear i leith a dhualgaisí aistrithe ar an roinnt sin do dhéanamh;

(d) déanfar gach ceist no aighneas eireoidh as forálacha an fho-ailt seo do chur i mbaint le cás aon oifigigh áirithe do shocrú tré chó-aontú idir an t-oifigeach san, an t-údarás áitiuil no an coiste o n-a n-aistrítear é, agus an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear é, agus mara ndeintear an có-aontú san isiad an tAire agus an tAire Talmhaíochta le chéile shocróidh an cheist no an t-aighneas san agus ní bheidh dul thar breith na nAirí sin.

CUID VIII.

Liomataisti Oideachais Ghairme Beatha Bailecheanntair do Cho-Nasca le Liomataisti Oideachais Ghairme Beatha Contae.

Líomatáistí oideachais ghairme beatha bailecheanntair agus contae do chó-nasca.

100. —(1) Féadfaidh comhairle bhailecheanntair sceidealta, roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair i mbliain airgeadais áitiuil ar bith tar éis na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, a iarraidh ar an Aire an líomatáiste oideachais ghairme beatha is ionann agus an bailecheanntar sceidealta san do chó-nasca leis an líomatáiste oideachais ghairme beatha contae bheidh sa chontae ina bhfuil an bailecheanntar san.

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith, ar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo o chomhairle an bhailecheanntair le n-a mbaineann agus le toiliú comhairle na contae le n-a mbaineann, no uaidh féin gan aon iarratas ná toiliú den tsórt san, le hordú (dá ngairmtear ordú có-nasctha san Acht so) líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair do chó-nasca leis an líomatáiste oideachais ghairme beatha contae bheidh sa chontae ina mbeidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair sin.

(3) Tiocfaidh gach ordú có-nasctha i ngíomh an 1adh lá den chéad Abrán (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so tosach feidhme an orduithe sin) tar éis lae déanta an orduithe sin agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

(4) Foillseofar gach ordú có-nasctha san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Tora orduithe chó-nasctha.

101. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú có-nasctha fén gCuid seo den Acht so, ansan, an bailecheanntar le n-a mbaineann an t-ordú san scuirfe sé, i dtosach feidhme an orduithe sin, de bheith ina bhailecheanntar sceidealta do réir bhrí an Achta so, agus as san amach beidh éifeacht ag an Acht so sa bhailecheanntar san, agus sa chontae ina bhfuil an bailecheanntar san, fé is ná luadhfaí an bailecheanntar san sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i dtosach feidhme an orduithe sin tiocfaidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha bailecheanntair (dá ngairmtear an líomatáiste baile san alt so), do bhí co-theoranta leis an mbailecheanntar san, chun bheith agus beidh sé có-nasctha agus curtha leis an líomatáiste oideachais ghairme beatha contae (dá ngairmtear an líomatáiste contae san alt so) do bhí go dtí san sa chontae ina bhfuil an bailecheanntar san;

(b) déanfar, i dtosach feidhme an orduithe sin, an coiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste bhaile do scur;

(c) toghfaidh comhairle an bhailecheanntair sin, roimh thosach feidhme an orduithe sin, beirt daoine no, má bhíonn ceithre bailecheanntair no níos mó sa líomatáiste chontae le linn an toghacháin sin, duine chun bheith ina mbaill no ina bhall den choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste chontae;

(d) marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh ball, den choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste chontae, do toghadh fén mír sin roimhe seo, i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go dtí tosach an chéad chruinnithe cinn trí mblian ina dhiaidh sin den choiste sin;

(e) má bhíonn ceithre bailecheanntair sa líomatáiste chontae roimh thosach feidhme an orduithe sin, ansan, i dtosach feidhme an orduithe sin scuirfidh duine den bheirt bhall, den choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste sin, do thogh comhairlí fé seach na mbailecheanntar san, de bheith ina bhall den choiste sin agus roimh thosach feidhme an orduithe sin cinnfidh gach comhairle fé leith acu san ce'ca den bheirt bhall den choiste sin do thogh sí a scuirfidh amhlaidh de bheith ina bhall den choiste sin agus má theipeann ar aon chomhairle den tsórt san an cinne sin do dhéanamh déanfaidh an tAire an cinne sin chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an orduithe sin.

(f) nuair a bheidh an coiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste chontae ag ullamhú a scéime bliantúla don bhliain dar tosach tosach feidhme an orduithe sin raghaidh sé i gcomhairle leis an gcoiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste bhaile.

Fo-fhorálacha in orduithe có-nasctha.

102. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú có-nasctha fén gCuid seo den Acht so déanfa sé, leis an ordú san agus fé réir forálacha an ailt seo, pé socrú is dó leis is ceart, i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) maoin choiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha bhailecheanntair le n-a mbaineann an t-ordú san (coiste dá ngairmtear an coiste baile san alt so) d'aistriú ón gcoiste sin chun coiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha chontae le n-a mbaineann an t-ordú san (coiste dá ngairmtear an coiste contae san alt so);

(b) an coiste contae d'íoc no do ghlana fiacha agus fiachaisí an choiste bhaile;

(c) aistriú o sheirbhís an choiste bhaile chun seirbhíse an choiste chontae do dhéanamh ar na hoifigigh sin d'oifigigh an choiste bhaile is dó leis an Aire is ceart d'aistriú amhlaidh, agus an luach saothair, na coiníollacha seirbhíse, agus na dualgaisí bheidh ag na hoifigigh sin tar éis an aistrithe sin;

(d) na hoifigigh sin d'oifigigh an choiste bhaile ná haistreofar chun seirbhíse an choiste chontae do chur as oifig;

(e) imeachta dlí, connartha agus có-aontuithe, maraon le rudaí agus nithe eile, go mbeidh baint ag an gcoiste baile leo agus a bheidh ar feitheamh do chimeád ar siúl no do chríochnú ag an gcoiste contae no ina choinnibh.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, leasú do dhéanamh ar pé méid d'ordú chó-nasctha bhaineann le nithe go mbeidh socrú ann ina dtaobh do réir an ailt seo.

(3) Oifigeach a haistreofar le hordú có-nasctha o sheirbhís an choiste bhaile chun seirbhíse an choiste chontae ní bhfagha sé, i seirbhís an choiste chontae, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige i seirbhís an choiste bhaile díreach roimh an aistriú san ná ní bheidh sé fé choiníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coiníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé sa tseirbhís sin an uair sin.

(4) Chun críche na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige, tuigfear oifigeach a haistreofar o oifig le hordú có-nasctha do bheith aistrithe amhlaidh, tar éis tosach feidhme an orduithe sin, ag an gcoiste contae ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas.

CUID IX.

Comhachta Generalta an Aire.

Oideachas leanúna agus ceárdoideachas sa Ghaeltacht.

103. —(1) Má bhíonn líomatáiste oideachais ghairme beatha no cuid de líomatáiste oideachais ghairme beatha sa Ghaeltacht agus gurb é tuairim an Aire go bhfuil sé riachtanach, mar gheall ar an gcuma ina bhfuil cúrsaí sa líomatáiste sin no sa chuid sin, socrú speisialta do dhéanamh i dtaobh oideachais leanúna no ceárd-oideachais sa líomatáiste sin no sa chuid sin, feádfa sé ordú do dhéanamh á cheangal ar choiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste sin pé socrú speisialta luadhfar san ordú san do dhéanamh i dtaobh oideachais leanúna no ceárd-oideachais sa líomatáiste sin no sa chuid sin, agus beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin téarmaí an orduithe sin do chólíona.

(2) Má dheineann an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo i dtaobh coiste oideachais ghairme beatha féadfa sé, le toiliú an Aire Airgid, deontaisí speisialta do dheona don choiste sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, aon ordú do rinne sé fén gcéad fho-alt no fén bhfo-alt so den alt so do cheiliúra no d'atharú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, a dhearbhú go mbeidh aon chuid no coda áirithe de Shaorstát Éireann a luadhfar san ordú san ina cuid den Ghaeltacht, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tuigfear, chun crícheanna an ailt seo agus chúcha san amháin, gur cuid den Ghaeltacht an chuid no na coda de Shaorstát Éireann le n-a mbaineann an t-ordú san.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Comhairlí comhairlitheacha.

104. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, comhairle chomhairlitheach do bhunú, le hordú, chun comhairle agus congnamh do thabhairt do i dtaobh na nithe (eadhon, nithe bhaineann le forálacha an Achta so do chur i ngníomh) a luadhfa sé san ordú san no in ordú ar bith ina dhiaidh sin.

(2) Beidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so códhéanta de pé daoine, go dtaithí no go n-eolas fé leith acu ar na nithe go bhféadfaidh an chomhairle sin comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh, a ainmneoidh an tAire o am go ham chun bheith ina mbaill di.

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhliain o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so le chéile pé uair a gairmfidh an tAire le chéile iad.

(5) Féadfaidh an tAire íocaíochta, i pé méideanna cheadóidh an tAire Airgid, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so no le baill de choiste dhi, ar scór aisíoca costaisí taistil agus íoca liúntais chothuithe.

An tAire do dhéanamh fiosrúchán n-áitiuil.

105. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith a chur fé ndeár fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán áitiuil san Acht so) do dhéanamh i dtaobh coiste oideachais ghairme beatha do chólíona a dhualgas fén Acht so no i dtaobh oifigeach no seirbhíseach do choiste oideachais ghairme beatha do chólíona a dhualgas mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san (pe'ca aca é) agus chuige sin féadfaidh an tAire duine dá oifigigh do cheapa chun an fhiosrúcháin áitiúla san do dhéanamh

(2) Má chuireann an tAire fé ndeár fiosrúchán áitiuil do dhéanamh, féadfaidh, más oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh á ordú go ndéanfadh an coiste oideachais ghairme beatha le n-a mbaineann an fiosrúchán san na costaisí fé na ndeachthas ina thaobh d'íoc, agus deimhneoidh aon ordú den tsórt san méid na gcostas san agus an méid a deimhneofar amhlaidh beidh ina fhiacha ag an Aire ar an gcoiste sin agus féadfaidh an tAire a bhaint den choiste sin mar fhiacha síbhialta i gcúirt dlighinse inniúla.

(3) Airgead ar bith a bheidh ag an Aire ar choiste oideachais ghairme beatha fén alt so íocfaidh an coiste sin é amach as a chiste oideachais ghairme beatha.

(4) Chun crícheanna an ailt seo áireofar ar chostaisí aon fhiosrúcháin áitiúla pé costaisí réasúnta, d'fhínnithe bheidh ag an bhfiosrúchán san, a lomhálfaidh an tAire.

Fínnithe ag fiosrúcháin áitiúla.

106. —(1) Le gairm sa bhfuirm orduithe fé n-a láimh féadfaidh oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh a cheangal ar dhuine ar bith teacht i láthair san am agus san áit (nách áit is sia ná triocha míle o áit chomhnaithe an duine sin) a hainmneofar sa ghairm sin agus, ansan, fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinn ar bith a bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige agus a bhaineann le héinní beidh i gceist ag an bhfiosrúchán san do thabhairt i láthair, no an dá ní sin do dhéanamh.

(2) Gairm do bhéarfar amach fén alt so, seirbheálfar í tré n-a seachada don té go mbeidh a sheola uirthe no tré n-a fágaint do le duine in aois a shé mblian déag no níos mó ag gnáth-áit chomhnaithe an chéad duine sin a luaidhtear.

(3) Má dheineann éinne—

(a) ar a sheirbheail go cuibhe le gairm fén alt so, faillí ar theacht i láthair do réir na gairme sin; no

(b) ar bheith i láthair do ag fiosrúchán áitiuil mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh oifigeach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí do thabhairt no do scríbhinn ar bith bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige do thabhairt i láthair a cheanglóidh an t-oifigeach san air do réir dlí do thabhairt i láthair, no d'aon cheist áirithe do fhreagairt gur féidir don oifigeach san do réir dlí a cheangal air freagra do thabhairt uirthi,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Le linn fínné do bheith i láthair oifigigh dhéanta fhiosrúcháin áitiúla beidh sé i dteideal na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna do bheadh aige dá mba fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

Daoine do chur fé mhionn ag fiosrúcháin áitiúla.

107. —Beidh ag oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh comhacht chun fianaise fé mhionn do ghlaca agus chuige sin féadfa sé daoine thiocfaidh ina láthair mar fhínnithe do chur fé mhionn.

Coistí oideachais ghairme beatha do scur.

108. —(1) I gcás—

(a) an tAire do bheith deimhnitheach, tar éis fiosrúcháin áitiúla do bheith déanta, ná fuil dualgaisí coiste oideachais ghairme beatha á gcólíona go cuibhe agus go héifeachtúil ag an gcoiste sin; no

(b) coiste oideachais ghairme beatha do thabhairt faillí go toiliuil in aon ordú, treoir, no rialachán dleathach ón Aire do chólíona; no

(c) coiste oideachais ghairme beatha d'fhágaint breithe, orduithe no aithne ar bith o aon chúirt i Saorstát Éireann gan cólíona; no

(d) coiste oideachais ghairme beatha do dhiúltú, tar éis fógra chuibhe, do lomháil d'iniúchóir a ceapadh chuige sin fén Acht so a gcuntaisí d'iniúcha

féadfaidh an tAire, le hordú, an coiste sin do scur agus, do réir mar is oiriúnach leis, toghachán nua d'ordú (fén gcomhacht a bronntar air anso ina dhiaidh seo) chun ball den choiste sin do thogha no maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an choiste sin d'aistriú chun cóluchta ar bith no chun duine no daoine ar bith.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so chun coiste oideachais ghairme beatha do scur féadfaidh pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapa chun dualgaisí an choiste sin do chólíona agus féadfaidh o am go ham gach duine no aon duine díobh san do chur as oifig agus daoine eile do cheapa ina n-ionad agus féadfaidh sealbhaíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san do shocrú.

(3) Déanfar luach saothair gach duine ceapfar fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc as ciste oideachais ghairme beatha an choiste scurtha.

(4) Sa chéad no sa dara bliain toghacháin tar éis coiste oideachais ghairme beatha do scur fén alt so, déanfaidh an tAire, le hordú, a chur fé ndeár go gcuirfear toghachán nua ar siúl chun ball den choiste sin do thogha agus ar chríochnú an toghacháin nua san dílseoidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile an choiste scurtha sa choiste toghfar amhlaidh bíodh go ndearna an tAire fén alt so iad d'aistriú chun aon chóluchta, daoine no duine eile.

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon ordú dhéanfa sé fén alt so.

Deontaisí do scoileanna áirithe.

109. —Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire agus le toiliú an Aire Airgid deontaisí do dheona, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haghaidh oideachais leanúna no ceárd-oideachais, do scoileanna ina mbeidh oideachas leanúna no ceárd-oideachas á thabhairt agus nách scoileanna do bhunuigh coiste oideachais ghairme beatha agus a choinníonn sé ar siúl.

Deontaisí ón Aire.

110. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, agus as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, soláthar do dhéanamh i gcóir deontaisí, no deontaisí do dheona, chun oidí d'oiliuint chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid agus as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, soláthar do dhéanamh i gcóir scoláireacht.

Scálaí de thuarastail d'oidí.

111. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén Acht so, scálaí de thuarastail d'ordú do sna saghasanna uile oidí bheidh ar fostú ag coistí oideachais ghairme beatha.

(2) Ní íocfaidh coiste oideachais ghairme beatha le hoide ar bith a bheidh ar fostú aige tuarastal is lugha ná an tuarastal chun a mbeidh teideal ag an oide sin do réir an scála a hordófar leis na rialacháin sin don tsaghas oidí gur de an t-oide sin.

Costaisí taistil d'oifigigh.

112. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén Acht so, a ordú cadiad na rátaí minimum costaisí taistil agus cothuithe is iníoctha le hoidí agus oifigigh do choistí oideachais ghairme beatha go mbeidh ortha taisteal do dhéanamh chun a ndualgaisí do chólíona.

Oidí d'oiliuint agus teistisí do thabhairt dóibh.

113. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh oidí d'oiliuint, agus teistisí do thabhairt dóibh, i gcóir scoileanna agus cúrsaí chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha ar fáil fén Acht so.

(2) Má dheineann mac léighinn le n-a nglacfaidh an tAire chun a oiliúna mar oide marga leis an Aire do réir rialachán a déanfar fén alt so go ndéanfaidh, i gcomaoine deontais ar bith a dheonfaidh an tAire i gcóir a chothuithe agus a oiliúna, an cúrsa oiliúna luadhfar sa mharga do chríochnú agus go gclaoidhfidh leis an múinteoireacht ina dhiaidh sin sa tslí agus ar feadh na tréimhse luadhfar sa mharga agus, má theipeann air san do dhéanamh, go n-aisíocfaidh leis an Aire pé cion a luadhfar sa mharga den deontas a dheonfaidh an tAire, beidh an marga ina cheangal air d'ainneoin é do bheith ina mhion-aoiseach le linn an mhargaidh do dhéanamh agus féadfaidh an tAire suimeanna ar bith is ionaisíoctha do réir an mhargaidh do bhaint amach mar fhiacha síbhialta i gcúirt dlighinse inniúla.

Scoileanna d'iniúcha.

114. —(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta agus iniúcha do dhéanamh ar scoil ar bith go ndeonfaidh an tAire deontas ar bith le n-a haghaidh fén Acht so agus ar scoil no ar chúrsa ar bith a bheidh á choinneail ar siúl ag coiste oideachais ghairme beatha no le n-a mbeidh coiste den tsórt san ag cabhrú.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le cigire ar bith agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Breacacháin á gcimeád ag scoileanna gheobhaidh deontaisí.

115. —Beidh sé de dhualgas ar phríomh-oide gach scoile go ndeonfaidh an tAire deontas ar bith le n-a haghaidh fén Acht so (agus nách scoil í atá á coinneail ar siúl ag coiste oideachais ghairme beatha) na cláir agus na breacacháin a hordófar do chimeád agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

Saoráidí d'oidí.

116. —Pé uair a ghlacfaidh an tAire le hoide ar bith, a bheidh ar fostú ag coiste oideachais ghairme beatha, chun breis oiliúna do thabhairt do, bhéarfaidh an coiste sin don oide sin, ar pé slí agus ar pé téarmaí is dó leis an Aire is ceart, pé saoráidí a chuirfidh ar chumas an oide sin an bhreis oiliúna san d'fháil.

CUID X.

Ilghneitheach.

Socrú speisialta i dtaobh Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe.

117. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “Acht Bhaile Atha Cliath” an t Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Bárdas na Buirge” Bárdas Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Buirge” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le Buirg Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Buirge” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Buirge;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le Contae Bhaile Atha Cliath lasmuich de Bhuirg Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Contae” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae;

tá ag an abairt “an tuathlíomatáiste có-cheangailte” an bhrí a tugtar di le halt 1 d'Acht Bhaile Atha Cliath.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) na líomatáistí gurb iad bailecheanntar Phembróc agus bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh iad fé seach le linn an Achta so do rith, tuigfear chun crícheanna an Achta so iad do bheith laistigh agus ina gcuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath o am an Achta so do rith;

(b) do réir Acht Bhaile Atha Cliath tiocfaidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte chun bheith laistigh agus beidh ina chuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(c) le linn tagairtí san Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, pe'ca go sonnrách no mar cheann de sna chontae-bhuirgí i gcoitinne, do léiriú, féachfar d'fhorálacha mír (a) den fho-alt so agus fós do sna forálacha d'Acht Bhaile Atha Cliath tré n-a dtiocfaidh an tuathlíomatáiste cócheangailte chun bheith laistigh agus tré n-a mbeidh ina chuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(d) le linn na scéime bliantúla do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach do bheith á hullamhú, á breithniú agus á ceadú i gcóir na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, féachfar don ní seo, eadhon, go mbeidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an bhliain sin;

(e) ní bhainfidh alt 24 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle bhailecheanntair Phembróc no do chomhairle bhailecheanntair Ráth Maonas agus Ráth Garbh no do choiste de cheachtar comhairle acu san, a haistreofar, leis an Acht san, chun seirbhíse Bárdais na Cathrach agus a haistreofar ina dhiaidh sin, leis an Acht so, chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach agus ina ionad san achtuítear leis seo, faid a bheidh gach oifigeach den tsórt san i seirbhís Bhárdais na Cathrach de bhua a aistrithe chuige amhlaidh, go gcolíonfa sé na dualgaisí céanna do chólíonadh sé agus go mbeidh teideal aige chun an luach saothair agus an tsochair oifige chéanna agus chun na gcoiníollacha gcéanna seirbhíse chun a raibh teideal aige, i seirbhís na comhairle no an choiste sin, díreach sarar haistríodh uaithi amhlaidh é;

(f) ar feadh na tréimhse idir an lá is lá ceaptha chun crícheanna Acht Bhaile Atha Cliath agus an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII den Acht so, riarfaidh Bárdas na Cathrach féin, gan idirtheacht aon choiste, na seirbhísí bheidh aistrithe, ar an lá ceaptha deiridh sin a luaidhtear, chun coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach de bhua an Achta so;

(g) ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 40 d'Acht Bhaile Atha Cliath le baill choiste oideachais ghairme beatha na Cathrach do thogha;

(h) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach gníomhóidh an té is Bainisteoir Cathrach agus Bailechléireach Bhaile Atha Cliath mar rúnaí don choiste sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i mBuirg Dhún Laoghaire, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna an Achta so tuigfear Buirg Dhún Laoghaire do theacht ar bith ar an Acht so do rith;

(b) ní bhainfidh alt 24 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle bhailecheanntair na Carraige Duibhe no do chomhairle bhailecheanntair Dhún Laoghaire no do chomhairle bhailecheanntair Dheilginse no d'aon choiste d'aon chomhairle acu san, a haistreofar, leis an Acht san, chun seirbhíse Bárdais na Buirge agus a haistreofar ina dhiaidh sin, leis an Acht so, chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Buirge agus ina ionad san achtuítear leis seo, faid a bheidh gach oifigeach den tsórt san i seirbhís Bhárdais na Buirge de bhua a aistrithe chuige amhlaidh, go gcólíonfa sé na dualgaisí céanna do chólíonadh sé agus go mbeidh teideal aige chun an luach saothair agus an tsochair oifige chéanna agus chun na gcoiníollacha gcéanna seirbhíse chun a raibh teideal aige, i seirbhís na comhairle no an choiste sin, díreach sarar haistríodh uaithi amhlaidh é;

(c) ar feadh na tréimhse idir an lá is lá ceaptha chun crícheanna Acht Bhaile Atha Cliath agus an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII den Acht so, riarfaidh Bárdas na Buirge féin, gan idirtheacht aon choiste, na seirbhísí i mBuirg Dhún Laoghaire (lasmuich den líomatáiste gurb é bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric é le linn an Achta so do rith) a bheidh aistrithe, ar an lá ceaptha deiridh sin a luaidhtear, chun coiste oideachais ghairme beatha na Buirge de bhua an Achta so;

(d) ní bhainfidh alt 48 d'Acht Bhaile Atha Cliath le baill choiste oideachais ghairme beatha na Buirge do thogha;

(e) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha na Buirge gníomhóidh an té is Bainisteoir Buirge agus Bailechléireach Dhún Laoghaire mar rúnaí don choiste sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i gcontae Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) ní bhainfidh alt 20 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath no d'aon chó-choiste den chomhairle sin agus de chomhairle bhailecheanntair, a haistreofar leis an Acht so chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Contae;

(b) le linn tagairtí san Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) do Chontae Bhaile Atha Cliath pe'ca go sonnrách no mar cheann de sna contaethe i gcoitinne, do léiriú, féachfar do sna forálacha d'Acht Bhaile Atha Cliath tré n-a mbeidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte aistrithe o chontae Bhaile Atha Cliath chun contae-bhuirge Baile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(c) le linn na scéime bliantúla do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae do bheith á hullamhú, á breithniú agus á ceadú i gcóir na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, féachfar don ní seo, eadhon, ná beidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath an bhliain sin.

(5) Beidh ag coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach, maidir le cúiteamh i gcailliuint fostaíochta do dheona do pé daoine dá bhfostaithe (seachas oifigigh) do bhí ina bhfostaithe ag Bárdas na Cathrach díreach roimh an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII. den Acht so, na comhachta céanna do bheadh ag Bárdas na Cathrach dá bhfanadh na fostaithe sin ar fostú ag an mBárdas agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh gach fostaí den tsórt san i dteideal a fhostú ag Bárdas na Cathrach agus fós a fhostú (má bhí ar fostú) ag comhairle bhailecheanntair Phembróc no ag comhairle bhailecheanntair Ráth Maonas agus Ráth Garbh d'áireamh mar fhostú ag coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach; agus

(b) bainfidh alt 53 d'Acht 1925, maidir leis na fostaithe sin amháin, le coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach fé is dá mba chólucht áitiuil den tsórt a luaidhtear san alt san an coiste sin, ach amháin go ndéanfar tagairtí san alt san d'alt 50 den Acht san do léiriú mar thagairtí do sna forálacha den Acht so a hachtuítear in ionad an ailt sin 50.

(6) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ) le baill choiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá có-theoranta le contae-bhuirg Chorcaighe do thogha.

Forálacha speisialta i dtaobh Bhailecheanntair Bhrí Chualann.

118. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Comhairle Bhrí Chualann” comhairle bhailecheanntair Bhrí Chualann,

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann” coiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá có-theoranta le bailecheanntair Bhrí Chualann,

cialluíonn an abairt “coiste Chill Mhantáin Thuaidh” an có-choiste do cheap comhairle Chontae Chill Mhantáin agus Comhairle Bhrí Chualann chun crícheanna ceárd-oideachais fé Acht 1899.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le Cuid VII den Acht so do chur i mbaint le coiste Chill Mhantáin Thuaidh, sé sin le rá:—

(a) na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, á bhfeidhmiú agus á gcólíona tré choiste Chill Mhantáin Thuaidh no aige, aistreofar iad, le halt 95 den Acht so, chun coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann sa mhéid go mbainid le bailecheanntar Bhrí Chualann agus aistreofar iad, leis an alt san 95, chun coiste oideachais ghairme beatha chontae Chill Mhantáin sa mhéid go mbainid le haon chuid eile de líomatáiste fheidhmiúcháin choiste Chill Mhantáin Thuaidh;

(b) chun crícheanna na Coda san VII (lasmuich d'alt 95), tuigfear gurb é coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear leis an alt san 95 na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí a feidhmítear agus a cólíontar tré choiste Chill Mhantáin Thuaidh no aige agus beidh éifeacht ag an gCuid sin VII (lasmuich d'alt 95) dá réir sin;

(c) ar feadh na tréimhse dar tosach an lá is lá ceaptha chun crícheanna na Coda san VII agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931, cuirfidh coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann ar fáil ar fuaid líomatáiste fheidhmiúcháin choiste Chill Mhantáin Thuaidh na seirbhísí do dhlighfeadh an coiste deiridh sin a luaidhtear do chur ar fáil sa líomatáiste sin dá mba ná rithfí an tAcht so;

(d) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann gníomhóidh bailechléireach Chomhairle Bhrí Chualann mar rúnaí don choiste sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a bheidh Comhairle Bhrí Chualann scurtha fé Ordú do rinne an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí roimh an Acht so do rith, sé sin le rá:—

(a) isé chólíonfaidh feidhmeanna Chomhairle Bhrí Chualann maidir le baill de choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann do thogha ná an té bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhrí Chualann de bhíthin an orduithe sin;

(b) ní bheidh éifeacht ag an méid sin d'alt 8 den Acht so do cheanglódh ar bhaill ar bith de choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann bheith ina mbaill de Chomhairle Bhrí Chualann;

(c) isé chólíonfaidh feidhmeanna fo-choiste meastachán (do réir bhrí alt 45 den Acht so) choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann ná an té sin a bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhrí Chualann de bhíthin an orduithe sin.

Fógraí do sheirbheail.

119. —Aon fhógraí no scríbhinní eile gur gá do réir an Achta so no do réir aon rialachán a déanfar fé, iad do sheirbheail no do chur chun siuil féadfar iad do sheirbheail no do chur chun siuil tríd an bpost.

Cláir de bheireataisí agus de bhásanna d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh díobh.

120. —(1) Gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí no básanna no duine eile ar a mbeidh cúram na clár-leabhar a cimeádtar do réir na Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, leigfe sé d'oifigeach freastail ar bith fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so, gach tráth réasúnta, na clár-leabhair fé chúram an cheann-chlárathóra, an chlárathóra no an duine eile sin d'iniúcha gan táille ná aon íocaíocht eile d'íoc agus pé cóipeanna no nótaí do dhéanamh d'iontrála sna leabhair sin is dó leis is gá chun a dhualgaisí do chólíona mar oifigeach freastail den tsórt san.

(2) Pé uair—

(a) a theastóidh o éinne aois duine óig a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann Cuid V den Acht so d'fháil amach no do chruthú chun críche ar bith a bhaineann leis an gCuid sin; no

(b) a theastóidh o éinne aois duine le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so agus atá ar fostú i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid sin d'fháil amach no do chruthú chun críche ar bith a bhaineann leis an gCuid sin;

beidh teideal ag an duine sin chun iarratais sa bhfuirm orduithe ar chóip dheimhnithe d'iontráil bhreithe an duine óig sin no an duine sin le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so (pe'ca aca é) d'fháil o údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin agus nuair a thíolacfa sé an t-iarratas san, agus é líonta agus sighnithe go cuibhe, maraon le táille reulach, in oifig an cheann-chlárathóra no an chlárathóra chirt bheireataisí agus bhásanna, beidh teideal aige chun cóipe den iontráil, sna clár-leabhair a cimeádtar fé sna Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, ar bhreith an duine óig sin no an duine sin, d'fháil ón gceannchlárathóir no ón gclárathóir sin, agus í deimhnithe go cuibhe fé sna hAchtanna san.

(3) Déanfaidh gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí agus básanna, fé mar agus nuair a cheanglóidh údarás feidhmiúcháin san air fé Chuid V den Acht so, cuntas sa bhfuirm orduithe (más ann do) do thabhairt don údarás san ar pé cinn a luadhfaidh an t-údarás san de mhion-innste a mbeidh cláruithe ag an gclárathóir sin de bheireataisí agus de bhásanna daoine óga.

(4) Déanfaidh gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí agus básanna, fé mar agus nuair a cheanglóidh údarás feidhmiúcháin san air fé Chuid VI. den Acht so, cuntas sa bhfuirm orduithe (más ann do) do thabhairt don údarás san ar pé cinn a luadhfaidh an t-údarás san de mhion-innste a mbeidh cláruithe ag an gclárathóir sin de bheireataisí agus de bhásanna daoine le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so.

Ciontaí maidir le deimhnithe.

121. —(1) Gach duine dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach d'aon deimhniú no d'aon tsighniú ar deimhniú do bheadh, dá mbeadh san dílis, ina dheimhniú ar n-a thabhairt no ar n-a dhéanamh fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht do chur air ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá bhliain.

(2) Gach duine shighneoidh, do bhéarfaidh uaidh, no a dhéanfaidh deimhniú ar bith a dheabhróidh bheith ina dheimhniú fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san agus is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no a bhainfidh feidhm as deimhniú ar bith a dheabhróidh bheith ina dheimhniú fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san agus is eol do do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach no a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no as aon tsighniú is eol do do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.

Saoirse o dhí-cháilíochta áirithe.

122. —D'ainneoin éinní áta i mír (e) d'fho-airtiogal (4) d'Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, má bhíonn duine cáilithe ar gach slí eile ní bheidh sé dí-cháilithe chun a thoghtha mar bhall ná chun bheith ina bhall d'aon choiste oideachais ghairme beatha no d'aon fho-choiste dá leithéid, no d'aon chomhairle, cólucht, no coiste is údarás áitiuil do réir bhrí Acht 1925, toisc go bhfuair sé féin no a pháirtnéir no go ndearna ceachtar acu connra tré n-a bhfaghadh aon tairbhe no buntáiste, i bhfuirm oideachais leanúna agus ceárd-oideachais, do thairg coiste oideachais ghairme beatha don phuiblíocht.

Cosaint do scoileanna saothair no ceartúcháin.

123. —Ní léireofar éinní san Acht so i slí dhéanfadh deifir no dochar d'aon scoil saothair dheimhnithe no scoil cheartúcháin deimhnithe.

Costaisí an Achta so.

124. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire is ceann ar Roinn Stáit agus é ag cur an Achta so i ngníomh.

Rialacháin.

125. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a)  rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a bheidh orduithe no le hordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so;

(b)  rialacháin do dhéanamh i dtaobh cuntaisí coistí oideachais ghairme beatha agus iniúchta na gcuntaisí sin;

(c) rialacháin do dhéanamh i dtaobh nós-imeachta coistí oideachais ghairme beatha maidir leis an ngnó cuirtear ortha no a haistrítear chúcha leis an Acht so.

(2) Má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so le héinní dá dtagartar in alt 120 den Acht so (alt a bhaineann le cláir de bheireataisí agus de bhásanna d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh díobh) mar ní atá orduithe no le cuntaisí no le hiniúcha cuntaisí oideachais ghairme beatha ní déanfar iad ach tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí da réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Athghairm.

126. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, agus beid athghairmthe an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Na Bailecheanntair Sceidealta.

Bailecheanntar Bhrí Chualann.

Buirg Dhroichead Atha.

Buirg Dhún Laoghaire.

Bailecheanntar na Gaillimhe.

Buirg Shligigh.

Bailecheanntar Thráighlí.

Buirg Loch gCarmain.

DARA SCEIDEAL.

Rialacha Chun Costaisi Taistil d'Ioc.

1. Sna rialacha so—

cialluíonn an focal “coiste” coiste oideachais ghairme beatha dá n-údaruítear no ar a gceangailtear leis an Acht so rann-íoc d'íoc mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeaghaidh baill tré bheith i láthair ag cruinnithe an choiste sin no fo-choiste dhe; cialluíonn an focal “fo-choiste” fo-choiste de choiste;

cialluíonn an focal “rann-íoc” rann-íoc is iníoctha fén Acht so le ball de choiste no d'fho-choiste mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeaghaidh sé tré bheith i láthair ag cruinnithe an choiste no an fho-choiste sin.

2. Déanfaidh gach ball de choiste, i dtosach a théarma oifige mar bhall den tsórt san, seola a ghnáth-áite comhnaithe do chur in úil i scríbhinn do phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an choiste sin, seola dá ngairmtear sna rialacha so áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill sin.

3. Déanfaidh gach ball d'fho-choiste nách ball den choiste do cheap é, déanfa sé, ar n-a cheapa mar bhall den fho-choiste sin, seola a ghnáth-áite comhnaithe do chur in úil i scríbhinn do phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an choiste sin, seola dá ngairmtear sna rialacha so seola oifigiuil an bhaill sin.

4. Déanfar an rann-íoc a bheidh le n-íoc le ball de choiste no d'fho-choiste i dtaobh é bheith i láthair ag cruinniú ar bith d'áireamh do réir faid an turuis o áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill sin go hionad cruinnithe an choiste no an fho-choiste agus do réir an mhodha iompair do húsáideadh ar an turus san.

5. I gcás in ar bhféidir níos mó ná aon bhealach amháin do ghabháil sa turus o áit chomhnaithe oifigiuil bhaill go hionad cruinnithe an choiste no an fho-choiste no in ar bhféidir an turus do dhéanamh ar mhodhanna iompair deifriúla, tuigfear, chun crícheanna na rialacha so, gur gabhadh an bealach agus gur húsáideadh an modh iompair is lugha 'na n-íocfaí íocaíocht asta fé sna rialacha so.

6. Íocfar le gach ball le n-a mbeidh rann-íoc iníoctha fén Acht so suim a háireofar sa tslí a horduítear sa chéad riail eile i dtaobh gach cruinnithe den choiste no den fho-choiste ag a raibh sé i láthair ach ní híocfar aon rann-íoc le haon bhall den tsórt san i dtaobh cruinnithe do bhí ar siúl in áit is giorra ná cúig mhíle ar aon bhealach o n-a áit chomhnaithe oifigiuil.

7. Déanfar an tsuim is iníoctha fén riail sin roimhe seo i dtaobh gach cruinnithe d'áireamh mar leanas, sé sin le rá, ceithre pingne in aghaidh gach míle den turus do taistealadh ar traen o áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill go hionad an chruinnithe agus cúig pingne in aghaidh gach míle den turus san do taistealadh ar shlí eile seachas ar traen.

TRIU SCEIDEAL.

Fiachaisi Maximum Bliantula Maidir le Rann-Ioca Áitiúla Bliantula.

Cuid I.

I gContae-Bhuirgí agus i mBailecheanntair.

Bliain Airgeadais Áitiúil.

An Méid Pingin fén bPúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1931

3d.

fén

bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1932

3½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1933

3½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1934

4d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1935

4½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1936

4½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1937

4½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1938

5d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1939

5½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1940

5½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1941

5½d.

,,

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1942

6d.

,,

agus gach bliain ina dhiaidh sin.

CUID II.

I gContaethe.

Bliain Airgeadais Áitiúil.

An Méid Pingin fén bPúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán. 1931.

I gcontae Chorcaighe, 2d. fén bpúnt.

I ngach contae eile 1¾d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1932.

2d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán. 1933

2¼d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán. 1934.

2½d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán. 1935.

2¾d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1936.

3d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1937.

3¼d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán. 1938.

3½d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1939.

3¾d. fén bpúnt.

Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1940, agus gach bliain ina dhiaidh sin.

4d. fén bpúnt.

CEATHRU SCEIDEAL.

Contae-Bhuirgí no Buirgí eile dá dtagartar i gCoda V agus VI den Acht so.

Contae-Bhuirg Chorcaighe.

Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath.

Contae-Bhuirg Luimnigh.

Contae-Bhuirg Phortláirge.

Buirg Dhún Laoghaire.

CUIGIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus caibideal no uimhir agus bliain.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

52 & 53 Vic. c. 76.

Technical Instruction Act, 1889.

An tAcht iomlán.

54 & 55 Vic. c. 4.

Technical Instruction Act, 1891.

An tAcht iomlán.

61 & 62 Vic. c. 37.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Alt 7 agus fo-alt (2) d'alt 74.

62 & 63 Vic. c. 50.

Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899.

An tAcht iomlán sa mhéid go mbaineann sé le ceárd-oideachas.

2 Edw. VII. c. 3

Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1902.

An tAcht iomlán sa mhéid go mbaineann sé le ceárd-oideachas.

2 Edw. VII. c. 20

Public Libraries (Ireland) Act, 1902.

Alt 6.

Uimh. 9 de 1923

Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 .

Alt 16.

Uimh. 13 de 1924

Acht Rialtais Áitiúla (Foralacha Sealadacha), (Leasú), 1924.

Alt 4.