55 1931


Uimhir 55 de 1931.


ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COR TIONÓNTAITHE I LÍOMATÁISTÍ BAILE AGUS TIONÓNTAITHE ÁIRITHE EILE D'FHEABHSÚ A THUILLE AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH CHUIGE SIN AR AN DLÍ BHAINEANN LE CÚITEAMH I bhFEABHSÚ DHEINEANN NA TIONÓNTAITHE SIN AGUS LE CUR ISTEACH A DEINTEAR AR NA TIONÓNTAITHE SIN, CHUN A CHUR IN USACHT LEASANNA TÓGÁLA DO DHEONADH, AGUS CHUN SOCRUITHE EILE DO DHÉANAMH MAIDIR LE TIARNAÍ TIGHE AGUS LE TIONÓNTAITHE I LÍOMATÁISTE BAILE. [22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “tionóntachán” talamh no áitreabh atá do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil sé—

(i) suidhte i líomatáiste baile agus gur talamh é go bhfuil a iomlán no cuid de fé fhoirgintí no gur cuid áirithe é d'fhoirgint, no

(ii) suidhte in áit eile seachas i líomatáiste baile agus gur talamh é nách mó ná acra reachtúil in achar agus ar a bhfuil tigh, agus

(b) más talamh é ná fuil ach cuid de fé fhoirgintí, go bhfuil an chuid eile den talamh san ag dul leis na foirgintí sin, agus

(c) gur fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta atá ráite no iontuigthe no atá ann de bhuadh reachta atá sé ag á shealbhaire, agus

(d) ná fuil an connradh tionóntachta san ina chur ar cíos do rinneadh agus é ráite sa chonnradh san go ndeintear é mar áis shealadach don léasóir no don léasaí agus (más tar éis an Achta so do rith do rinneadh é) é luaidhte ann cadé an saghas an áis shealadach san, agus

(e) ná fuil an connradh tionóntachta san ina chur ar cíos do rinneadh in aghaidh na tréimhse leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht no ceapachán, no atá ag braith ar é do leanúint amhlaidh;

cialluíonn an abairt “líomatáiste baile” líomatáiste is contaebhuirg no buirg eile, no bailecheanntar, baile, no sráidbhaile;

cialluíonn an focal “tionónta” an té atá de thurus na huaire i dteideal bheith i seilbh tionóntacháin agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé duine do scuir de bheith i dteideal bheith i seilbh amhlaidh toisc deireadh do bheith le n-a thionóntacht;

cialluíonn an abairt “tiarna tighe” an té atá i dteideal de thurus na huaire an cíos íocann tionónta tionóntacháin ar an tionóntachán san d'fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile) agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé duine do scuir de bheith i dteideal amhlaidh toisc deireadh do bheith le n-a thionóntacht;

cialluíonn an abairt “tiarna tighe uachtarach” duine i dteideal i seilbh chun tionóntacháin tré shealbhaíocht is aoirde ná sealbhaíocht tiarna tighe an tionóntacháin sin, pe'ca tá sealbhaíocht idirmheánach idir an dá shealbhaíocht san no ná fuil;

nuair a húsáidtear an abairt “roimh-shealbhadóirí teidil” maidir le tionónta cialluíonn agus foluíonn sí gach duine ba thionónta ar thionóntachán an tionónta san roimh an tionónta san fén tionóntacht chéanna fé n-a bhfuil an tionónta san no fé aon tionóntacht gur buanú no gur athnuachaint uirthi an tionóntacht san no go dtuigtear gurb eadh, agus nuair a húsáidtear an abairt sin maidir le tiarna tighe cialluíonn agus foluíonn sí gach duine ba thiarna tighe ar thionóntachán an tiarna tighe sin roimh an tiarna tighe sin;

cialluíonn an focal “léas” instruimid i scríbhinn, pe'ca tá sí fé shéala no ná fuil, ina bhfuil connradh tionóntachta i dtaobh tailimh ar bith i gcomaoine chíosa no chomhair agus folóidh an focal san deontas feirm-dhílse;

i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é léireofar an focal “léasaí” mar fhocal fholuíonn seiceadúirí, riarthóirí, agus sannaithe an léasaí;

i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é léireofar an focal “léasóir” mar fhocal fholuíonn oighrí, seiceadúirí, riarthóirí, agus sannaithe an léasóra;

nuair a húsáidtear an focal “feabhsú” maidir le tionóntachán cialluíonn sé aon bhreis do cuireadh leis na foirgintí atá sa tionóntachán san no aon atharú deineadh ortha agus foluíonn sé aon déanmhas do tógadh ar an tionóntachán san agus atá ag dul leis na foirgintí sin agus foluíonn fós gléasanna seolta uisce, geas no leictreachais do chur isteach sa tionóntachán ach ní fholuíonn sé obair ná fuil ann ach deisiú, dathadóireacht, agus maisiú no éinní acu san;

cialluíonn an focal “gnó” aon cheárd, gairm, no gnó cleachtar no deintear ar shochar no ar luach saothair;

léireofar an abairt “cúiteamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh i bhfeabhsú agus cúiteamh i gcuristeach no ceachtar acu”;

léireofar an abairt “faoiseamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh i bhfeabhsú no tionóntacht nua fé Chuid III den Acht so”;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt fén Acht so;

cialluíonn an abairt “léas tógála,” ach amháin i gCuid V den Acht so, léas gur chuid den chomaoine ar a ndearnadh é gur thóg an léasaí buan-fhoirgintí, nua no breise, no gur aontuigh sé a leithéid do thógáil, san áitreabh aistrithe.

Ní bhainfidh an tAcht so le tailte ná le háitreabhacha áirithe ar seilbh ag údaráis áitiúla.

3. —Más údarás áitiúil a dhein no dhéanfaidh, fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts 1890 to 1921, no fé Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, na foirgintí ar aon talamh no áitreabh do sholáthar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más i mbith-dhílse bheidh an talamh no an t-áitreabh san ag an údarás áitiúil sin, ní bhainfidh an tAcht so leis an talamh no leis an áitreabh san;

(b) más fé léas a bheidh an talamh no an t-áitreabh san ag an údarás áitiúil sin, tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é an t-údarás áitiúil sin is tionónta ar an talamh no ar an áitreabh san agus gurb é amháin atá ina sheilbh.

Tagairtí do fhrith-dhílse do léiriú.

4. —(1) Déanfar tagairtí san Acht so do fhrith-dhílse thiarna tighe mar thréimhse aimsire do léiriú mar thagairtí don fhaid aimsire bheidh ag téarma nea-chaithte seilbhe an tiarna tighe sin, ar an tionóntachán a bheidh i gceist, de bhreis ar théarma seilbhe an tionónta ar an tionóntachán san.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do fhrith-dhílse thiarna tighe uachtaraigh mar thréimhse aimsire do léiriú mar thagairtí don fhaid aimsire bheidh ag téarma nea-chaithte seilbhe an tiarna tighe uachtaraigh sin, ar an tionóntachán a bheidh i gceist, de bhreis ar théarma seilbhe a ghar-léasaí ar an tionóntachán san.

An Chúirt chun crícheanna an Achta so.

5. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Chuarda.

(2) Isé fheidhmeoidh an dlighinse bronntar leis an Acht so ar an gCúirt Chuarda ná an Breitheamh den Chúirt sin a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil suidhe ar an tionóntachán no ar an talamh eile gur ina thaobh a feidhmeofar an dlighinse sin.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an gcoiste luaidhtear in alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), rialacha cúirte do dhéanamh chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun an chleachta agus an nós-imeachta fén Acht so do rialáil.

(4) Gach riail chúirte a déanfar fén alt so leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis na rialach san do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na rialach san ar nea-mbrí, beidh an riail sin curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén riail sin.

(5) Mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte, is tré fhógra iarratais, tionnscnamhach no eadarlabharthach (pe'ca aca is gá sa chás), a déanfar gach iarratas fén Acht so chun na Cúirte.

(6) Bainfidh alt 61 (alt i dtaobh athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda i gcásanna síbhialta) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , le gach ordú dhéanfaidh an Chúirt fén Acht so, agus dá réir sin luighfidh athchomharc, fén alt san agus dá réir, i gcoinnibh gach orduithe den tsórt san agus beidh ag cúirt a bheidh ag éisteacht aon athchomhairc den tsórt san na comhachta uile bronntar leis an Acht so ar an gCúirt.

Tionóntachtaí fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna).

6. —Má bhíonn seilbh tionóntacháin á choinneáil ag duine de bhuadh na nAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, tuigfear chun crícheanna an Achta so (pe'ca roimh an Acht so do rith do thosnuigh an choinneáil sin no dá éis sin) an tionóntacht a thagann de bhuadh na nAcht san as an gcoinneáil sin do bheith ina faidiú ar an tionóntacht gur ar bheith críochnuithe dhi do thosnuigh an choinneáil sin.

Rialacháin.

7. —Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú, tar éis do dul i gcomhairle le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann, rialacháin do dhéanamh ag ordú aon fhuirme, ní, no ruda dá dtagartar san Acht so mar fhuirm, mar ní, no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Airgid, an tAire Dlí agus Cirt, no an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann agus iad ag feidhmiú an Achta so.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo an Town Tenants (Ireland) Act, 1906.

CUID II.

Cuiteamh i bhFeabhsu.

Cúiteamh i bhfeabhsú.

10. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, nuair a dhéanfaidh tionónta tionóntacháin an tionóntachán san d'fhágaint, ar a thionóntacht ann do dhul in éag (ar aon tslí seachas tré thabhairt suas no tré dhí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc), beidh sé i dteideal go n-íocfadh tiarna tighe an tionóntacháin sin leis cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i bhfeabhsú) do réir an Achta so i ngach feabhsú do rinne an tionónta san no éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil ar an tionóntachán san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus a chuirfidh le cíosluach an tionóntacháin sin agus a bheidh oiriúnach don tionóntachán san ar chríochnú na tionóntachta san.

(2) Fé réir forálacha an Achta so, nuair a dhéanfaidh tiarna tighe tionóntacháin, a bheidh i seilbh an tionóntacháin sin fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta, seilbh an tionóntacháin sin do thabhairt suas ar a léas no ar a thionóntacht ann do dhul in éag, beidh sé i dteideal go n-íocfadh a ghar-thiarna tighe uachtarach leis cúiteamh (a foluítear san abairt cúiteamh i bhfeabhsú san Acht so) i ngach feabhsú do rinne duine de thionóntaithe an tionóntacháin sin ar an tionóntachán san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus go dtug an tiarna tighe sin no éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil comaoine uaidh ina thaobh tríd an gcíos do laigheadú, no tré chúiteamh d'íoc fén Town Tenants (Ireland) Act, 1906, no tré chúiteamh i bhfeabhsú d'íoc fén Acht so, no ar aon tslí eile.

Méid an chúitimh i bhfeabhsú.

11. —(1) Isé méid a bheidh i gcúiteamh i bhfeabhsú in aon chás áirithe ná pé suim ar a gcó-aontófar idir an tiarna tighe agus an tionónta agus mara gcó-aontuítear amhlaidh isé méid a bheidh ann (fé réir forálacha an ailt seo) ná luach caipitaluithe pé breise bheidh curtha le cíos-luach an tionóntacháin ar chríochnú na tionóntachta agus a chinnfidh an Chúirt do bheith ionchurtha i leith an fheabhsuithe ina mbeidh an cúiteamh san á thabhairt.

(2) Má bhíonn an cúiteamh i bhfeabhsú áirithe iníoctha le tionónta ag a thiarna tighe agus go mbeidh an Chúirt sásta go bhfuair an tionónta san agus (i gcás le n-a mbaineann san) a roimh-shealbhadóirí teidil no éinne acu sochar ón tiarna tighe i bhfuirm laigheaduithe chíosa no ar shlí eile mar chomaoine, ráite no iontuigthe, sa bhfeabhsú san do dhéanamh no do bheith déanta, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh sa bhfeabhsú san, mar do rinneadh amach é fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, pé suim alos an tsochair sin is dóich leis an gCúirt is ceart.

(3) Má bhíonn an cúiteamh i bhfeabhsú áirithe iníoctha le tiarna tighe ag a thiarna tighe uachtarach, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh san, mar do rinneadh amach é fén gcéad fho-alt den alt so, pé méid (más aon mhéid é) is dóich leis an gCúirt is ceart, alos sochair do fuair an tiarna tighe sin agus (i gcás le n-a mbaineann san) a roimh-shealbhadóirí teidil no éinne aca i bhfuirm chíosa mhéaduithe no ar shlí eile de bharr an fheabhsuithe sin.

(4) Déanfidh an Chúirt an méid is luach caipitaluithe, chun crícheanna an ailt seo, do bhreis do cuireadh le cíos-luach tionóntacháin do shocrú ag féachaint don fhaid is dócha mhairfidh an bhreis sin agus don fhaid is dócha sheasóidh an feabhsú agus do gach ní eile bhaineann leis an scéal, ach ní raghaidh an méid sin in aon chás thar cúig oiread déag na suime bliantúla is fiú an bhreis sin.

Fógraí i dtaobh feabhsuithe do dhéanamh.

12. —(1) Má bhíonn tionónta tionóntacháin chun feabhsuithe do dhéanamh ar an tionóntachán san féadfaidh fógra (dá ngairmtear fógra feabhsúcháin san Acht so) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar a thiarna tighe, fógra gurb é bheidh ann ná na scríbhinní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ráiteas sa bhfuirm orduithe go bhfuil sé chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh, agus

(b) pleananna agus áireamhacht i gcóir an fheabhsuithe sin, agus

(c) meastachán, agus é deimhnithe ag ailtire, ag suirbhéir, no ag connarthóir tógála, ar chostas an fheabhsuithe sin do dhéanamh.

(2) Má seirbheáltar fógra feabhsúcháin ar thiarna tighe tionóntacháin, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san, aon cheann áirithe ach ní níos mó ná san de sna fógraí seo leanas do sheirbheáil ar thionónta an tionóntacháin sin, sé sin le rá:—

(a) fógra (dá ngairmtear san Acht so toiliú chun feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe ag toiliú chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh; no

(b) fógra (dá ngairmtear san Acht so geallúint feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe á gheallúint an feabhsú san do dhéanamh i gcomaoine mhéadú áirithe cíosa no mhéadú cíosa shocróidh an Chúirt (pe'ca aca adéarfaidh an tiarna tighe sin sa bhfógra san); no

(c) fógra (dá ngairmtear san Acht so agóid i gcoinnibh feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe ag cur i gcoinnibh an fheabhsuithe sin ar forais a luadhfar sa bhfógra san.

(3) Más rud é, maidir le tiarna tighe ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin, gur fé léas ar feadh saoil no saolta bheidh ann (agus gan téarma blian no go dtéarma có-reathach gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh) no fé léas gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh ar dháta seirbheála an fhógra san, no fé thionóntacht o bhliain go bliain, no fé aon tionóntacht is lugha ná san, a bheidh sé i seilbh an tionóntacháin gur ina thaobh a seirbheáladh an fógra san, déanfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra feabhsúcháin sin do sheirbheáil air, an fógra feabhsúcháin sin no cóip de do sheirbheáil ar a ghar-thiarna tighe uachtarach agus féadfaidh an gar-thiarna tighe uachtarach san toiliú chun feabhsúcháin no agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tiarna tighe agus ar an tionónta laistigh de dhá mhí tar éis don tionónta an fógra feabhsúcháin sin do sheirbheáil ar an tiarna tighe.

(4) Gach tiarna tighe uachtarach ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin no cóip de fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh) agus gur fé léas gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh ar dháta na seirbheála san no fé thionóntacht o bhliain go bliain no fé aon tionóntacht is lugha ná san a bheidh sé i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san, déanfa sé, laistigh de sheachtain tar éis na seirbheála san, an fógra feabhsúcháin sin (no an chóip sin de) no cóip de do sheirbheáil ar an tiarna tighe uachtarach díreach os a chionn agus beidh ceart ag an dara tiarna tighe uachtarach san chun toiliú chun feabhsúcháin no agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil díreach mar atá, fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh), ag an gcead thiarna tighe uachtarach san a luaidhtear.

(5) Déarfar i gcúl-scríbhinn ar gach fógra feabhsúcháin no cóip d'fhógra feabhsúcháin a seirbheálfar fén alt so ar thiarna tighe uachtarach cadé an dáta ar ar seirbheáladh an fógra feabhsúcháin sin ar thiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san.

Oibreacha theastóidh údarás sláintíochta.

13. —(1) Má dheineann údarás sláintíochta, fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, fógra do sheirbheáil ar thionónta thionóntacháin á cheangal ar an tionónta san aon obair áirithe do dhéanamh is feabhsú do réir bhrí an Achta so, déanfaidh an tionónta san, laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear san Acht so fógra oibre sláintíochta) do sheirbheáil ar thiarna tighe an tionóntacháin sin á rá gur sheirbheáil an t-údarás sláintíochta san an fógra san agus ag luadh na gcodanna táchtacha den fhógra san.

(2) Má-seirbheáltar fógra oibre sláintíochta ar thiarna tighe tionóntacháin féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de thrí lá tar éis na seirbheála san, fógra (dá ngairmtear san Acht so geallúint oibre sláintíochta) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar thionónta an tionóntacháin sin á thógaint air féin an obair sin do dhéanamh i gcomaoine mhéadú áirithe cíosa no mhéadú cíosa a shocróidh an Chúirt (pe'ca aca san a luadhfaidh an tiarna tighe sin sa bhfógra san).

(3) Pé uair a dhéanfaidh tiarna tighe tionóntacháin geallúint oibre sláintíochta do sheirbheáil, fén alt so agus dá réir, ar thionónta an tionóntacháin sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) isí an éifeacht chéanna bheidh ag seirbheáil na geallúna san agus a bheadh ag geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht so bhaineann le geallúint feabhsúcháin; agus

(b) féadfaidh an tionónta san cóip den gheallúint oibre sláintíochta san do sheirbheáil ar an údarás sláintíochta agus leis sin déanfar an oblagáid i dtaobh an fhógra do sheirbheáil an t-údarás sláintíochta do chólíonadh agus an fhreagarthacht i dteip i gcólíonadh an fhógra san d'aistriú chun an tiarna tighe sin agus tiocfaid chun bheith agus beid ina bhfreagarthacht agus ina n-oblagáid ar an tiarna tighe sin agus saorfar an tionónta san uatha.

(4) Má dheineann tionónta fógra oibre sláintíochta do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de thrí lá tar éis na seirbheála san, geallúint oibre sláintíochta i dtaobh an fhógra oibre sláintíochta san do sheirbheáil ar an tionónta san, beidh an tionónta san i dteideal an obair a bheidh luaidhte sa bhfógra gurb é a sheirbheáil ag an údarás sláintíochta fé ndeár an fhógra oibre sláintíochta san do sheirbheáil do dhéanamh mar fheabhsú.

Feabhsú do dhéanamh mara gcuirtear agóid ina choinnibh.

14. —(1) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin ná aon tiarna tighe uachtarach agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh den dá mhí sin, beidh an tionónta i dteideal an feabhsú luaidhtear sa bhfógra feabhsúcháin sin do dhéanamh díreach do réir an fhógra san ar gach slí aon uair laistigh de bhliain tar éis na seirbheála san (pe'ca rinne an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san toiliú chun feabhsúcháin do sheirbheáil no ná dearna).

(2) Déanfar tagairtí san Acht so, do thionónta do bheith i dteideal feabhsú do dhéanamh tar éis toilithe, do léiriú mar thagairtí don tionónta san do bheith i dteideal fén alt so an feabhsú san do dhéanamh.

Cirt na bpáirtithe ar gheallúint feabhsúcháin do sheirbheáil.

15. —Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agus ná déanfaidh aon tiarna tighe uachtarach agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh den dá mhí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta san, tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin laistigh de cheithre lá déag tar éis na geallúna feabhsúcháin sin do sheirbheáil glacadh leis an ngeallúint feabhsúcháin sin no an fógra feabhsúcháin do sheirbheáil sé do tharrac siar no, má luaidhtear méadú cíosa sa gheallúint feabhsúcháin sin agóid do dhéanamh i gcoinnibh méid an mhéaduithe sin;

(b) mara ndeinidh an tionónta san laistigh den cheithre lá déag san fógra ar bith do sheirbheáil fén mír sin roimhe seo no má ghlacann an tionónta san go cuibhe leis an ngeallúint feabhsúcháin sin, déanfaidh agus críochnóidh an tiarna tighe sin an feabhsú luaidhtear sa gheallúint feabhsúcháin sin chó luath agus is féidir é, agus in aon chás ar dháta nách déanaí ná sé mhí tar éis an cheithre lá déag san, ar a chostas féin agus do réir na geallúna feabhsúcháin sin, agus féadfaidh chuige sin dul isteach sa tionóntachán gach tráth réasúnta agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh no bhaineann leis sin;

(c) má dheineann an tionónta san an fógra feabhsúcháin do sheirbheáil sé do tharrac siar go cuibhe do réir an ailt seo, tuigfear chun gach críche nár seirbheáladh an fógra san riamh;

(d) má dheineann an tionónta san go cuibhe do réir an ailt seo agóid do chur i gcoinnibh méid an mhéaduithe chíosa luadhfar sa gheallúint feabhsúcháin sin, ansan—

(i) féadfaidh an tiarna tighe sin agus an tionónta san méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú le có-aontú no a chó-aontú gurb í an Chúirt a shocróidh méid an mhéaduithe chíosa san, agus leis sin beidh éifeacht ag an ngeallúint feabhsúcháin sin do réir an chó-aontuithe sin agus tuigfear gur ghlac an tionónta san léi go cuibhe do réir an ailt seo, no

(ii) féadfaidh an tiarna tighe sin no an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin di féadfaidh an Chúirt pé ní acu so is dóich léi is ceart do dhéanamh, eadhon, méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú no an gheallúint feabhsúcháin sin d'áireamh mar agóid i gcoinnibh feabhsúcháin agus deighleáil léi dá réir sin no pé ordú eile do dhéanamh is gá do réir chirt;

(e) má bhíonn an gheallúint feabhsúcháin sin, do réir a téarmaí no do réir chó-aontuithe ina dhiaidh sin, fé réir mhéadú cíosa de mhéid a bheidh le socrú ag an gCúirt, féadfaidh an tiarna tighe sin no an tionónta san, nuair a bheidh an feabhsú déanta go cuibhe ag an tiarna tighe sin, a iarraidh ar an gCúirt méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú agus leis sin socróidh an Chúirt an méid sin dá réir sin;

(f) ar chríochnú an fheabhsuithe sin don tiarna tighe sin do réir na geallúna feabhsúcháin sin agus do réir an ailt seo, déanfar an cíos is iníoctha ag an tionónta san leis an tiarna tighe sin do mhéadú o dháta an chríochnuithe sin do réir na geallúna san no do réir ordú na Cúirte (pe'ca aca é), agus isí an Chúirt a shocróidh, ar iarratas an tiarna tighe sin no an tionónta san, aon aighneas i dtaobh méid no tosach feidhme an mhéaduithe sin no i dtaobh éinní eile bhaineann leis;

(g) má bhíonn sé ceangailte ar an tiarna tighe sin fén alt so an feabhsú do dhéanamh do réir na geallúna feabhsúcháin sin ach go dteipfidh air no go leigfidh i bhfaillí an feabhsú san do dhéanamh agus do chríochnú laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh sa scéal is gá do réir chirt.

Cirt na bpáirtithe ar agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil.

16. —(1) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin no tiarna tighe uachtarach laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin, ansan, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so, féadfaidh an tionónta san laistigh de mhí tar éis na hagóide sin i gcoinnibh an fheabhsúcháin sin do sheirbheáil—

(a) an fógra feabhsúcháin sin do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin no ar an tiarna tighe sin agus ar an tiarna tighe uachtarach san (fé mar is gá sa chás), no

(b) iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so.

(2) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin no tiarna tighe uachtarach, laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san, agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin, ansan, maran fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta, do deonadh ar feadh téarma is sia ná cúig bliana no ar feadh saoil no saolta, a bheidh an tionónta san i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san no mara mbeidh an tionónta san agus a roimh-shealbhadóirí teidil i seilbh an tionóntacháin sin le breis agus cúig bliana, ní bheidh dul thar an agóid sin agus ní bheidh sé dleathach don tionónta san an feabhsú le n-a mbaineann an agóid sin do dhéanamh.

(3) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do tharrac siar go cuibhe do réir an ailt seo, tuigfear chun gach críche nár seirbheáladh an fógra san riamh.

(4) Má dheineann tionónta iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so agus go mbeidh an Chúirt sásta—

(a) go bhfuil an feabhsú le n-a mbaineann an t-iarratas san de shaghas a meastar a chuirfeadh le cíos-luach an tionóntacháin, agus

(b) go bhfuil sé oiriúnach don tionóntachán san, agus

(c) ná meastar go ndéanfadh sé díobháil do thaithneamhacht ná do chaothúlacht na comhursanachta,

féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairmtear ordú feabhsúcháin san Acht so) do dhéanamh, á údarú don tionónta san an feabhsú san do dhéanamh do réir an fhógra feabhsúcháin sin gan atharú air no tar éis pé atharú do dhéanamh air is dóich leis an gCúirt is ceart do luadh san ordú san agus, más oiriúnach leis an gCúirt é, ag luadh aimsire gur laistigh di críochnófar an feabhsú san.

(5) Más rud é, ar iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so, gur léir gur tiarna tighe uachtarach do sheirbheáil an agóid i gcoinnibh feabhsúcháin le n-a mbaineann an t-iarratas agus go ndearna an tiarna tighe geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe, agus go mbeidh an Chúirt sásta gur cheart, mara mbeadh an fo-alt so, ordú feabhsúcháin do dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, in ionad ordú feabhsúcháin do dhéanamh, a údarú don tiarna tighe sin an feabhsú do dhéanamh do réir na geallúna feabhsúcháin sin fé réir pé atharú (más aon cheann é) is dóich leis an gCúirt is ceart do dhéanamh ar an ngeallúint sin.

(6) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú feabhsúcháin go dtí go mbeidh sí sásta fógra i dtaobh na n-imeacht do bheith faighte ag gach páirtí le n-a mbaineann.

(7) Má deintear ordú feabhsúcháin agus go dteipfidh ar an tionónta no go leigfidh i bhfaillí an feabhsú a húdaruítear leis an ordú san do dhéanamh agus do chríochnú do réir an orduithe sin laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san no, mara mbeidh aon aimsir den tsórt san ceaptha amhlaidh, laistigh d'aimsir réasúnta, féadfaidh an tiarna tighe no aon tiarna tighe uachtarach iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt.

Srian le ceart chun cúitimh i bhfeabhsú.

17. —(1) Ní bheidh tionónta tionóntacháin, le n-ar bhain an Town Tenants (Ireland) Act, 1906, díreach roimh an Acht so do rith, i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh ar an tionóntachán san ar an 1adh lá d'Eanar, 1907, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, feabhsú go bhféadfaí cúiteamh do dheonadh mar gheall air fén Town Tenants (Ireland) Act, 1906, agus go gcoiscthear an tionónta san le fo-alt (3) d'alt 3 ar chúiteamh d'éileamh fén Acht san mar gheall air.

(2) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh, roimh an Acht so do rith, ar thionóntachán contrárdha don léas no don chonnradh eile tionóntachta gur fé a bhí an tionóntachán san ar seilbh.

(3) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh tar éis an Achta so do rith maran rud é—

(a) gur seirbheáladh fógra feabhsúcháin go cuibhe do réir an Achta so i dtaobh an fheabhsuithe sin, agus

(b) gur tháinig an tionónta do sheirbheáil an fógra san amhlaidh chun bheith i dteideal fén Acht so an feabhsú san do dhéanamh tar éis toilithe no de bhuadh orduithe feabhsúcháin, agus

(c) go ndearnadh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin sin agus an Achta so no do réir an orduithe feabhsúcháin sin (pe'ca aca é).

(4) Ní bheidh tiarna tighe i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh tar éis an Achta so do rith agus ná dearnadh ina thaobh an fógra feabhsúcháin (no cóip de) do sheirbheáil an tionónta i dtaobh an fheabhsuithe sin do sheirbheáil go cuibhe do réir an Achta so ar an tiarna tighe uachtarach.

(5) Ní bheidh feidhm ag ceachtar den dá fho-alt san díreach roimhe seo den alt so maidir le feabhsú is obair do rinneadh do réir orduithe údaráis shláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, ach ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh mar gheall ar an obair sin marar sheirbheáil an tionónta san fógra oibre sláintíochta ar a thiarna tighe i dtaobh na hoibre sin agus mara dtáinig sé i dteideal fén Acht so an obair sin do dhéanamh mar fheabhsú: ach má theipeann ar thionónta an fógra san do sheirbheáil ní bhainfidh san de an ceart (más ann do) bheidh aige chun cúitimh d'fháil mar gheall ar an obair sin má chuireann an tionónta san ina luighe ar an gCúirt nár thárla aon chailliúint ná damáiste dá thiarna tighe de dheascaibh na teipthe sin.

(6) Ní bheidh tiarna tighe tionóntacháin, le n-ar bhain an Town Tenants (Ireland) Act, 1906, díreach roimh an Acht so do rith, i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh ar an tionóntachán san ar an 1adh lá d'Eanar, 1907, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, feabhsú go gcoiscfí é le halt 4 den Town Tenants (Ireland) Act, 1906, ar chúiteamh d'éileamh fén Acht san mar gheall air.

Deimhnithe feabhsúcháin.

18. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe agus ná déanfar aon gheallúint feabhsúcháin ná agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe alos an fhógra san agus go ndéanfaidh agus go gcríochnóidh an tionónta san do réir an fhógra san an feabhsú bheidh luaidhte ann laistigh de bhliain ón bhfógra san do sheirbheáil, no

(b) go ndéanfaidh tionóta feabhsú go cuibhe do réir orduithe feabhsúcháin agus go gcríochnóidh an feabhsú san laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san no, mara mbeidh aon aimsir den tsórt san ceaptha amhlaidh, laistigh d'aimsir réasúnta,

bhéarfaidh tiarna tighe an tionónta san don tionónta san, ar a iarraidh sin don tionónta san laistigh de shé mhí tar éis an fheabhsuithe sin do chríochnú, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú feabhsúcháin san Acht so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe, á dheimhniú gur críochnuíodh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin no an orduithe feabhsúcháin sin, pe'ca aca é.

(2) Má dheineann tionónta go cuibhe fén alt so deimhniú feabhsúcháin d'iarraidh ar a thiarna tighe agus ná tabharfaidh an tiarna tighe sin an deimhniú san don tionónta san laistigh de mhí tar éis an iarratais sin, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt agus áirmhítear mar ordú den tsórt san ordú á dhearbhú go ndearnadh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin no an orduithe feabhsúcháin, pe'ca aca é.

(3) Beidh deimhniú feabhsúcháin ina fhianaise dho-chlaoidhte, in aghaidh an tiarna tighe do thug uaidh é agus in aghaidh gach éinne dá chomharbaí teidil, go ndearna agus gur chríochnuigh an tionónta go cuibhe dar tugadh an deimhniú san an feabhsú luaidhtear sa deimhniú san agus gur chólíon an tionónta san go cuibhe maidir leis an bhfeabhsú san gach foráil oiriúnach den Acht so no d'aon ordú no fógra do rinneadh fé.

(4) Má dheineann tionónta tionóntacháin obair ar an tionóntachán san do réir orduithe údaráis sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus más feabhsú do réir bhrí an Achta so an obair sin ní bheidh an tionónta san i dteideal deimhnithe fheabhsúcháin maidir leis an bhfeabhsú san d'fháil fé sna forálacha san roimhe seo den alt so ach beidh sé i dteideal deimhnithe (dá ngairmtear deimhniú feabhsúcháin sláintíochta san Acht so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe d'fháil ón údarás sláintíochta san, laistigh de shé mhí tar éis na hoibre sin do chríochnú go cuibhe do réir an orduithe sin, á dheimhniú gur do réir orduithe ón údarás sláintíochta san a rinneadh an obair sin agus gur críochnuíodh í do réir an orduithe sin.

(5) Beidh deimhniú feabhsúcháin sláintíochta in a fhianaisc prima facie, in aghaidh tiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann, ar na nithe thugann an deimhniú san le tuiscint a dheimhníonn sé.

(6) Féadfaidh tiarna tighe no údarás sláintíochta ar a n-iarrfar deimhniú feabhsúcháin no deimhniú feabhsúcháin sláintíochta (pe'ca aca é) fén alt so a éileamh, mar choinníoll ar a dtabharfar an deimhniú san, go ndéanfaidh an tionónta d'iarr é na costaisí fé n-a raghaidh an tiarna tighe no an t-údarás san i dtaobh an deimhnithe sin do thabhairt, agus iad áirmhithe do réir an scála orduithe, d'íoc leis no leo.

CUID III.

Ceart chun Tionontachta Nua.

Baint na Coda so den Acht so.

19. —(1) Ar chríochnú tionóntachta tionóntacháin do réir bhrí an ailt seo, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an tionóntachán san má bhíonn an tionóntachán san do réir aon choinníll áirithe acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) go raibh an tionóntachán san á úsáid go bona fide agus i bpáirt no go hiomlán, ar feadh iomlán na dtrí mblian díreach roimh chríochnú na tionóntachta san, ag an té ba thionónta de thurus na huaire air chun gnótha do dhéanamh ann agus, díreach roimh an gcríochnú san go raibh sé ar seilbh ag á thionónta fé thionóntacht o bhliain go bliain no fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta ar feadh téarma nár ghiorra ná bliain no fé léas ar feadh saoil no saolta no go raibh sé tar éis bheith ar feadh seacht mblian ar a laighead go leanúnach i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimh-shealbhadóirí teidil, no

(b) go raibh an tionóntachán san go leanúnach, ar feadh iomlán na tréimhse de thriochad bliain díreach roimh chríochnú na tionóntachta san, i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimh-shealbhadóirí teidil, agus nách tré n-a cheannach ar chomaoine luachmhair laistigh den tréimhse sin de thriochad bliain a fuair an tionónta san ná éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil an tionóntachán san, no

(c) nách sia ná trí bliana frith-dhílse an tiarna tighe sa tionóntachán le linn na tionóntachta san do chríochnú agus, go raibh an tionóntachán san go leanúnach, ar feadh iomlán na tréimhse de chúig bliana déag díreach roimh an gcríochnú san, i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimhshealbhadóirí teidil, no

(d) go ndearnadh feabhsú ar an tionóntachán san agus, mara mbaineadh an Chuid seo den Acht so leis an tionóntachán san, go mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar an bhfeabhsú san agus go bhfuil leath ar a laighead den mhéid is cíos-luach don tionóntachán san le linn an chríochnuithe sin ionchurtha i leith an fheabhsuithe sin.

(2) Déanfar tagairtí san alt so do chríochnú tionóntachta mar phuínte aimsire do léiriú—

(a) i gcás tionóntachta críochnófar tré fhógra chun imeacht, mar thagairtí do dháta seirbheála an fhógra san chun imeacht; agus

(b) i gcás tionóntachta do chríochnú tré théarma blian no tréimhse chinnte eile do chaitheamh no tré aon teagmhas cinnte eile, mar thagairtí don lá bheidh ann ráithe roimh an téarma no an tréimhse sin do bheith caithte no roimh an teagmhas san do thárlachtaint; agus

(c) i gcás tionóntachta críochnófar tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile, mar thagairtí don dáta ar a dtárlóidh an teagmhas san.

Ceart ag tionónta chun tionóntachta nua.

20. —Ar chríochnú a thionóntachta i dtionóntachán le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thionónta an tionóntacháin sin beidh teideal aige, fé réir forálacha an Achta so, chun tionóntachta nua sa tionóntachán san ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar idir an tionónta san agus a thiarna tighe no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, ar pé téarmaí shocróidh an Chúirt.

Srian leis an gceart chun tionóntachta nua.

21. —(1) Ní bheidh teideal ag tionónta chun tionóntachta nua fén gCuid seo den Acht so—

(a) má críochnuítear a thionóntacht tré dhí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc; no

(b) má críochnuítear a thionóntacht tré dhí-shealbhú, tré fhógra chun imeacht, no ar shlí eile mar gheall ar gur bhris an tionónta san ceann de choinníollacha na tionóntachta san; no

(c) má chríochnuíonn sé a thionóntacht tré fhógra go bhfuil sé á tabhairt suas no ar shlí eile; no

(d) má críochnuítear a thionóntacht tré fhógra chun imeacht do bhéarfaidh a thiarna tighe dho ar chúis mhaith dhóthanach; no

(e) más rud é gur ar shlí seachas tré fhógra chun imeacht do chríochnuigh a thionóntacht agus gur dhiúltuigh a thiarna tighe, ar chúis mhaith dhóthanach, dá thionóntacht d'athnuachaint no go mbeadh cúis mhaith dhóthanach aige chun diúltú don tionóntacht san d'athnuachaint dá n-iarrtaí air í d'athnuachaint.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “cúis mhaith dhóthanach” cúis eiríonn as gníomh no as iompar éigin ar thaobh an tionónta no thagann dá dhruim sin no is féidir do lorg siar go dtí é agus gur dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach taobh den scéal, gur cúis mhaith dhóthanach í chun na tionóntachta do chríochnú no chun diúltú don tionóntacht d'athnuachaint (pe'ca aca é).

Cúiteamh i gcur isteach i gcásanna áirithe.

22. —(1) Más léir don Chúirt—

(a) go bhfuil tiarna tighe tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar aigne bona-fide no gur chó-aontuigh sé bona-fide na foirgintí no aon chuid de sna foirgintí atá sa tionóntachán san do leagadh agus d'ath-thógáil no d'ath-dhéanamh, no

(b) gur gá don tiarna tighe sin seilbh an tionóntacháin sin agus é folamh do bheith aige chun scéime feabhsuithe maoine, gur cuid di an tionóntachán san, do chur i bhfeidhm, no

(c) go mbeadh sé, ar chúis ar bith, bun os cionn le dea-bhainistí estáit tionóntacht nua sa tionóntachán san do chruthnú,

ní bheidh teideal ag tionónta an tionóntacháin sin fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san.

(2) Más rud é go ndiúltófar, ar fhoras dá luaidhtear i mír (a) no i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, do ghéilleadh d'iarratas ar thionóntacht nua fén gCuid seo den Acht so agus ná déanfaidh tiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann an t-iarratas san, laistigh d'aimsir réasúnta, an aigne, an có-aontú, no an rún (pe'ca aca é) do chur i bhfeidhm gur mar gheall air do diúltadh do ghéilleadh don iarratas san, beidh an tiarna tighe sin ciontach i ndísbeagadh Cúirte agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Má bhíonn an Chúirt sásta—

(a) go mbeadh tionónta tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so i dteideal fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san mara mbeadh an t-alt so, agus

(b) go raibh an té ba thionónta de thurus na huaire ar an tionóntachán san ag úsáid an tionóntacháin sin, i bpáirt no go hiomlán, chun gnótha do dhéanamh ann ar feadh iomlán tréimhse de thrí bliana do chríochnuigh le linn críochnú a thionóntachta sa tionóntachán san no laistigh de ráithe roimhe sin,

ansan, in ionad teideal do bheith ag an tionónta san chun tionóntachta nua fén gCuid seo den Acht so, ar imeacht as an tionóntachán san do nuair a bheidh an tionóntacht san caithte, beidh teideal aige chun cúitimh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i gcur isteach) do réir an Achta so d'fháil o thiarna tighe an tionóntacháin sin.

(4) Má deintear cúiteamh i gcur isteach do dheonadh fén alt so do thionónta tionóntacháin agus ná híocfar an cúiteamh san laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an Acht so beidh an tionónta san i dteideal tionóntacht nua fén gCuid seo den Acht so sa tionóntachán san d'iarraidh arís tar éis na haimsire sin a ceaptar amhlaidh agus roimh íoc an chúitimh sin, agus ní bhainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so leis an iarratas san agus má géilltear don iarratas san cuirfidh san deonadh san an chúitimh i gcur isteach ar ceal.

(5) Má bhíonn an Chúirt sásta—

(a) go mbeadh tionónta tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so i dteideal fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san mara mbeadh mír (a) no mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, agus

(b) nách gá don tiarna tighe seilbh an tionóntacháin sin do bheith aige chun na gcrícheanna luaidhtear sa mhír sin (a) no sa mhír sin (b) (pe'ca aca é) go ceann tréimhse de shé mhí ar a laighead,

déanfaidh an Chúirt, má iarrann an tionónta san é, an tionóntacht a bheidh ag an tionónta sa tionóntachán san do bhuanú go dtí go gcríochnóidh an tiarna tighe sin an tionóntacht san chun na gcrícheanna roimhráite tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil sé mhí roimh ré, ach beidh san ar an gcoinníoll go mbeidh buanú san na tionóntachta san gan dochar do cheart an tionónta san chun faoisimh d'fháil fén Acht so ar chríochnú na tionóntachta buanuithe sin amhlaidh.

Tomhas an chúitimh i gcur isteach.

23. —Má dheineann an Chúirt cúiteamh i gcur isteach do dheonadh do thionónta isé tomhas an chúitimh sin ná an chailliúint airgid, an damáiste, no an costas, do bhain don tionónta san no fé n-a ndeaghaidh sé no bhainfidh do no fé n-a raghaidh sé de dheascaibh é d'imeacht as an tionóntachán gur ina thaobh a deonfar an cúiteamh san, agus a thiocfaidh díreach as é d'imeacht as an tionóntachán san.

CUID IV.

Foralacha Generalta i dTaobh Faoisimh fe sna Coda san Roimhe seo den Acht so.

Fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh.

24. —(1) Ní seasófar le haon éileamh ar fhaoiseamh fén Acht so mara seirbheálaidh an t-éilitheoir, laistigh den aimsir a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, ar an té go mbeidh sé chun an éilimh sin do dhéanamh ina choinnibh, fógra (dá ngairmtear san Acht so fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh) sa bhfuirm orduithe go bhfuil sé chun an éilimh sin do dhéanamh.

(2) Déanfar gach fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil laistigh de pé aimsir acu so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:—

(a) i gcás tionóntachta críochnófar tré fhógra chun imeacht, tar éis ach ní níos déanaí ná mí tar éis an fhógra san chun imeacht do sheirbheáil, no

(b) i gcás tionóntachta do chríochnú tré théarma blian no tréimhse chinnte eile do chaitheamh no tré aon teagmhas cinnte eile, ráithe ar a laighead roimh chríochnú na tionóntachta, no

(c) i gcás tionóntachta críochnófar tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile, laistigh de mhí tar éis eolais d'fháil don éilitheoir ar an teagmhas san do thárlachtaint, no

(d) i gcás ina dtuigtear do réir an Achta so an tionóntacht do chríochnú láithreach tar éis an Achta so do rith, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith.

(3) I ngach fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh déarfar cadé an saghas faoisimh atá á éileamh agus, más tionóntacht nua an faoiseamh san, féadfar éileamh do chur sa bhfógra san ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so.

Faoiseamh d'iarraidh ar an gCúirt.

25. —(1) Einne sheirbheálfaidh go cuibhe fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh féadfaidh, aon uair nách luaithe ná dhá mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, a iarraidh ar an gCúirt breith do thabhairt ar a cheart chun an fhaoisimh sin agus (fé mar a bheidh) méid an chúitimh no téarmaí na tionóntachta nua go bhfuighfear teideal do bheith aige chúichi do shocrú.

(2) Féadfar iarratas ar an gCúirt fén alt so do dhéanamh agus d'éisteacht agus féadfar breith do thabhairt air roimh dheireadh na tionóntachta as a n-eireoidh an t-éileamh agus ag súil leis sin, no dá éis sin.

An Coimisinéir Luachála do dhéanamh luachála i dtaobh feabhsuithe.

26. —(1) Má hiarrtar ar an gCúirt fén Acht so breith do thabhairt ar cheart an té (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) bheidh ag déanamh an iarratais chun faoisimh fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más cúiteamh i bhfeabhsú éileoidh an t-iarratasóir mar bhun-fhaoiseamh, déanfaidh an t-iarratasóir ráiteas feabhsúcháin i ndúbláid do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda i dteanta an fhógra iarratais tionnscnamhaigh no na scríbhinne tionnscnamhaighe eile;

(b) más rud é gur tionóntacht nua éileoidh an t-iarratasóir mar bhun-fhaoiseamh agus go n-éileoidh sé cúiteamh i bhfeabhsú (i dteanta no d'éamais cúitimh i gcur isteach) mar fhaoiseamh ina ionad san agus go gcinnfidh an Chúirt ná fuil an t-iarratasóir i dteideal an bhunfhaoisimh sin, cuirfear ar ath-ló an t-iarratas d'éisteacht níos sia agus déanfaidh an t-iarratasóir ráiteas feabhsúcháin i ndúbláid do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda;

(c) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ráiteas feabhsúcháin a lóisteálfar in Oifig Chúirte Cuarda do réir an fho-ailt seo agus beidh na mion-innste orduithe ann ar an bhfeabhsú no ar gach ceann de sna feabhsuithe uile agus fé seach gur ina thaobh no ina dtaobh a beifear ag éileamh cúitimh i bhfeabhsú;

(d) pé uair is gá d'iarratasóir do réir an fho-ailt seo ráiteas feabhsúcháin do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda déanfaidh an t-iarratasóir sin, roimh am na lóisteála san no laistigh de thrí lá ina dhiaidh, cóip den ráiteas feabhsúcháin sin do thabhairt don tiarna tighe no don tiarna tighe uachtarach ar a mbeifear ag éileamh an chúitimh sin.

(2) Pé uair a lóisteálfar ráiteas feabhsúcháin san Oifig Chúirte Cuarda do réir an ailt seo déanfaidh an clárathóir contae láithreach dúbláid amháin den ráiteas feabhsúcháin sin do chur go dtí an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, agus ar fháil an ráitis sin do cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an tionóntachán ina ndearnadh an feabhsú no na feabhsuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa ráiteas san d'iniúchadh agus luacháil do dhéanamh sa bhfuirm orduithe ag luadh na nithe seo leanas i dtaobh an fheabhsuithe sin no i dtaobh gach ceann de sna feabhsuithe sin uile agus fé seach, sé sin le rá:—

(a) meastachán ar an mbreis (más ann di) do bhí curtha le cíos-luach an tionóntacháin sin ar chríochnú na tionóntachta bheidh i gceist agus is ionchurtha i leith an fheabhsuithe sin, agus

(b) an fhaid is dócha mhairfidh an bhreis sin, an fhaid is dócha mhairfidh an feabhsú, agus éinní eile bhaineann le luach caipitaluithe na breise sin d'áireamh, agus

(c) meastachán ar luach chaipitaluithe na breise sin.

(3) Cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an luacháil sin do chur go dtí an clárathóir contae maraon le cuntas ar an táille, agus í áirmhithe do réir rialachán do rinne an tAire Airgid, is iníoctha ar an luacháil sin.

(4) Ar a éileamh san air don chlárathóir chontae íocfaidh an t-iarratasóir leis an gclárathóir contae suim na táille sin is iníoctha as an luacháil sin agus go dtí go n-íocfar an táille sin amhlaidh ní bheidh a thuille imeacht sa scéal, ach ar íoc na táille sin beidh an t-iarratasóir agus aon pháirtí eile i dteideal cóip den luacháil sin d'fháil ón gclárathóir contae ar íoc aisti do réir an ráta bheidh inéilithe do réir dlí de thurus na huaire ar chóipeanna de scríbhinní do gheibhtear ón Oifig Chúirte Cuarda.

(5) Nuair a bheidh an Chúirt ag socrú méid an chúitimh sin i bhfeabhsú féachfa sí do sna meastacháin agus na ráitisí uile agus fé seach a bheidh sa luacháil sin.

(6) Mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt beidh muirear na táille, íocfaidh iarratasóir as luacháil fén alt so, sa deireadh thiar thall leath má leath ar an iarratasóir agus ar an té ar a mbeidh sé ag éileamh an chúitimh i bhfeabhsú gur ina thaobh a rinneadh an luacháil sin.

(7) Gach táille do gheobhaidh clárathóir contae ar luacháil fén alt so déanfaidh an clárathóir contae sin í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Forálacha i dtaobh iarrataisí ar thionóntacht nua.

27. —Má sé faoiseamh a héileofar in iarratas a cuirfear fé bhráid na Cúirte fén Acht so ná tionóntacht nua fé Chuid III den Acht so sa tionóntachán le n-a mbaineann an t-iarratas beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibheann an Chúirt go bhfuil an tionónta atá ag déanamh an iarratais i dteideal na tionóntachta nua san socróidh an Chúirt téarmaí na tionóntachta nua san agus déanfaidh ordú á cheangal ar thiarna tighe an tionóntacháin sin tionóntacht nua sa tionóntachán san do dheonadh agus á cheangal ar an tionónta san í do ghlacadh dá réir sin;

(b) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntachta nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta ní bheidh an tionónta san i dteideal cúitimh fén Acht so mar gheall ar an tionóntacht do bhi aige roimhe sin sa tionóntachán san do chríochnú;

(c) má gheibheann an Chúirt ná fuil an tionónta san i dteideal na tionóntachta nua san agus má bhíonn sa bhfógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ar a mbeidh an t-iarratas bunuithe éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so, déanfaidh an Chúirt an t-éileamh ar an gcúiteamh san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus, má dheonann an Chúirt an cúiteamh san, socróidh méid an chúitimh sin;

(d) má gheibheann an Chúirt ná fuil an tionónta san i dteideal na tionóntachta nua san agus mara mbeidh sa bhfógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ar a mbeidh an t-iarratas bunuithe éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an tionónta san, más dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach ní sa scéal di, gur ceart san do dhéanamh, an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do leasú ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart tré éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so do chur isteach ann agus leis sin féadfaidh deighleáil leis an eileamh san do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so;

(e) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntachta nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta agus nách féidir tiarna tighe ná aon duine de thiarnaí tighe an tionóntacháin sin d'fháil no gur duine é atá fé mhí-ábaltacht no i bhfeadhmannas iontaobhais no ná fuil aige ach estát teoranta, féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is dóich leis an gCúirt is ceart chun go bhféadfar an tionóntacht nua san do dheonadh in ainneoin na do-fháltachta, na mí-ábaltachta, an fheadhmannais iontaobhais, no an estáit teoranta san, do réir mar bheidh;

(f) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta, beidh ar thiarna tighe an tionóntacháin sin an ní seo leanas do dheonadh agus beidh ar an tionónta san é do ghlacadh, eadhon, léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar sa tionóntachán san, o dheireadh na tionóntachta bhí ann roimhe sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte san ordú san, agus má eiríonn no má thárlann aon aighneas, teip no ceist le linn an orduithe sin do chur i bhfeidhm féadfaidh aon pháirtí le n-a mbaineann iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus leis sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt,

An tiarna tighe do thairisgint tionóntachta nua in ionad cúitimh.

28. —(1) Má sheirbheálann tionónta ar a thiarna tighe fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ná beidh á éileamh ann ach faoiseamh i bhfuirm chúitimh i bhfeabhsú agus go mbeidh frith-bhithdhílse no frith-dhílse is sia ná cúig bliana ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de dhá mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag tairisgint tionóntachta nua sa tionóntachán san don tionónta san ar théarmaí luadhfar sa bhfógra san no ag tairisgint tionóntachta nua sa tionóntachán san do ar théarmaí bheidh le socrú ag an gCúirt (pe'ca tairisgint acu san is oiriúnach leis an tiarna tighe sin do luadh sa bhfógra san).

(2) Má sheirbheálann tiarna tighe ar a thionónta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so fógra ag tairisgint tionóntachta nua don tionónta san ar théarmaí luadhfar sa bhfógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, fógra do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin sa bhfuirm orduithe ag glacadh leis an tionóntacht nua san;

(b) má sheirbheálann an tionónta fógra fén mír sin roimhe seo den fho-alt so, deonfaidh an tiarna tighe sin láithreach agus glacfaidh an tionónta san láithreach léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, o dheireadh na tionóntachta bhí ann roimhe sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte sa bhfógra do sheirbheáil an tiarna tighe sin;

(c) féadfaidh an tionónta, in ionad an fhógra luaidhtear anso roimhe seo do sheirbheáil, fógra do sheirbheáil ar an tiarna tighe ag diúltú don tionóntacht nua san;

(d) má sheirbheálann an tionónta fógra fén mír sin roimhe seo den fho-alt so, féadfaidh an tionónta dul ar aghaidh le n-a iarratas ar fhaoiseamh i bhfuirm chúitimh i bhfeabhsú, ach ar éisteacht an iarratais sin di féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é agus má bhíonn sí sásta go bhfuil an tionónta i dteideal an fhaoisimh sin, ordú do dhéanamh, in ionad an fhaoisimh sin do dheonadh, á cheangal ar an tiarna tighe tionóntacht nua sa tionóntachán san do dheonadh agus á cheangal ar an tionónta í do ghlacadh ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart (fé réir forálacha an Achta so) agus a luadhfa sí san ordú san.

(3) Má sheirbheálann tiarna tighe ar a thionónta fén gcéad fho-alt den alt so fógra ag tairisgint tionóntachta nua don tionónta san ar théarmaí bheidh le socrú ag an gCúirt, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tiarna tighe no an tionónta ordú ag socrú téarmaí na tionóntachta san d'iarraidh ar an gCúirt;

(b) ar dhéanamh an orduithe sin don Chúirt, deonfaidh an tiarna tighe sin láithreach agus glacfaidh an tionónta san láithreach léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar, sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte san ordú san.

(4) Má deintear leis an alt so no le hordú déanfar fén alt so a cheangal ar thiarna tighe agus ar thionónta tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh agus do ghlacadh fé seach, ní bheidh an tionónta san i dteideal cúitimh fén Acht so mar gheall ar an tionóntacht do bhí roimhe sin sa tionóntachán san do chríochnú, ach beidh san gan dochar dá cheart chun cúitimh d'éileamh fén Acht so ar chríochnú na tionóntachta nua.

(5) Má deintear leis an alt so no le hordú déanfar fén alt so a cheangal ar thiarna tighe agus ar thionónta tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh agus do ghlacadh fé seach agus má eiríonn no má thárlann aon aighneas, teip no ceist le linn na tionóntachta nua san do dheonadh agus do ghlacadh, féadfaidh aon pháirtí le n-a mbaineann iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus leis sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt.

An Chúirt do shocrú téarmaí na tionóntachta nua.

29. —Má dheineann an Chúirt téarmaí tionóntachta nua do shocrú fén Acht so pe'ca do réir forála den Acht so no do réir orduithe dhéanfaidh an Chúirt a bheidh an tionóntacht nua san le deonadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) socróidh an Chúirt cá fhaid a mhairfidh an tionóntacht nua san;

(b) más fé léas a bheidh seilbh ag an tiarna tighe ar an tionóntachán gur ann a cruthnófar an tionóntacht nua san, ní mhairfidh an tionóntacht nua san níos sia ná téarma an léasa san;

(c) fé réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bheidh ré na tionóntachta nua san níos giorra ná téarma bliain is fiche gan cead an tionónta ná níos sia ná téarma naoi mblian nóchad i gcás ar bith;

(d) ní bheidh an cíos a bheidh iníoctha ag an tionónta fén tionóntacht nua san níos lugha ná (pe'ca aca é) an cíos is iníoctha ar an tionóntachán san ag an tiarna tighe no cion den chíos is iníoctha ar an tionóntachán san agus ar mhaoin eile ag an tiarna tighe, pé cion is dóich leis an gCúirt is ionchurtha ar an tionóntachán san do réir chothruim;

(e) fé réir na míre sin roimhe seo den fho-alt so, isé rud é an cíos san ná an deifríocht idir an mór-chíos agus an liúntas ar son feabhsuithe mar a mínítear iad san fé seach anso ina dhiaidh seo;

(f) isé rud é an mór-chíos ná an cíos is dóich leis an gCúirt do bhéarfadh léasaí toilteanach ná beadh i seilbh cheana féin agus do ghlacfadh léasóir toilteanach ar an tionóntachán san dá mba rud é, i ngach cás, go mbeadh an tionóntachán folamh le linn seilbhe air do thabháirt agus gur leor a mbeadh ann de thionóntacháin den tsórt chéanna chun an éilimh ortha do shásamh agus nár ghéire an comórtas umpa ná mar ba ghnáth agus ag féachaint do théarmaí eile na tionóntachta san agus do chíos-luacha tionóntachán de shaghas an tionóntacháin sin atá suidhte i gcomhursanacht an tionóntacháin sin, ach gan áird do thabhairt ar aon dea-thoil a bhaineann leis an tionóntachán san;

(g) isé rud é an liúntas mar gheall ar fheabhsú ná pé cion den mhór-chíos is dóich leis an gCúirt is ionchurtha i leith feabhsuithe do rinne an tionónta no a roimhshealbhadóirí teidil agus go mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall air dá mba ná bainfeadh Cuid III den Acht so leis an tionóntachán san no dá mba ná cruthnófaí an tionóntacht nua san (pe'ca aca é);

(h) féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an té bheidh ar aigne bheith ina thionónta, mar cheann de théarmaí na tionóntachta nua san, suim áirithe airgid do chaitheamh ar dheisiú áirithe (agus dathadóireacht chun buanchoimeádtha d'áireamh ach gan dathadóireacht chun maisithe amháin d'áireamh) do dhéanamh ar an tionóntachán san agus féadfaidh a údarú deonadh na tionóntachta nua san do chur ar athló go dtí go mbeidh an deisiú san críochnuithe go cuibhe.

An Coimisinéir Luachála do thabhairt chonganta don Chúirt fé Chuid IV.

30. —(1) Má dheineann an Chúirt téarmaí tionóntachta nua do shocrú fén Acht so, pe'ca do réir forála den Acht so no do réir orduithe dhéanfaidh an Chúirt a bheidh an tionóntacht nua san le deonadh, féadfaidh an Chúirt agus, má iarrann ceachtar páirtí uirthi é, déanfaidh a chur fé ndeár go gcuirfear go dtí an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann iarratas ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas i dtaobh éinní áirithe bhaineann leis na téarmaí sin do shocrú agus féadfaidh chuige sin socrú na dtéarmaí sin do chur ar athló.

(2) Ar fháil iarratais fén alt so dho, cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an luacháil, an meastachán, no an ráiteas san a bheidh luaidhte san iarratas san d'ullamhú agus do chur chun na Cúirte maraon le cuntas ar an táille, agus í áirmhithe do réir rialachán do rinne an tAire Airgid, is iníoctha air.

(3) Beidh páirtí ar bith le n-a mbaineann i dteideal cóip de luacháil, de mheastachán, no de ráiteas do bhéarfaidh an Coimisinéir sin don Chúirt do réir an ailt seo d'fháil ón gclárathóir contae ach íoc aiste do réir an ráta bheidh inéilithe do réir dlí de thurus na huaire ar chóipeanna de scríbhinní do gheibhtear ón Oifig Chúirte Cuarda.

(4) An táille is iníoctha fén alt so ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas a chuirfidh an Coimisinéir sin chun na Cúirte do réir an ailt seo, isé duine no daoine ar a mbeidh a muirear agus íocfaidh leis an gclárathóir contae í ná pé páirtí no páirtithe, agus i pé cionúireachtaí, ordóidh an Chúirt agus déanfaidh an clárathóir contae í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Má cuirtear iarratas fén alt so chun an Choimisineura san, ansan, nuair a bheidh an Chúirt ag socrú téarmaí tionóntachta nua féachfa sí don luacháil, don mheastachán no don ráiteas do thug an Coimisinéir sin uaidh.

Na cirt a bheidh ag gach taobh mara mbeidh frithdhílse ag an tiarna tighe.

31. —(1) Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná beidh no go dtuigfear de bhuadh aon ailt eile den Acht so ná fuil frithdhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, na fógraí seo leanas do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) ar an tionónta san, fógra sa bhfuirm orduithe á rá ná fuil frith-dhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán san agus ag luadh ainm agus seoladh a ghar-thiarna tighe uachtaraigh no gníomhaire an tiarna tighe uachtaraigh sin, agus

(b) ar an ngar-thiarna tighe uachtarach san, fógra sa bhfuirm orduithe gur seirbheáladh an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh (maraon le cóip den fhógra san) agus (i gcás le n-a mbaineann) go bhfuil an tiarna tighe sin chun cúitimh i bhfeabhsú, i dtaobh an tionóntacháin sin, d'éileamh ar an tiarna tighe uachtarach san.

(2) Má bhíonn tiarna tighe i dteideal fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil, féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí tar éis do fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin, dúbláid den fhógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin agus ar aon tiarna tighe uachtarach eile.

(3) Má bhíonn tiarna tighe i dteideal fén gcéad fho-alt den alt so na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil agus go seirbheálfaidh an tiarna tighe sin na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san no go seirbheálfaidh an tionónta ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin an dúbláid sin den fhógra luaidhtear sa dara fo-alt den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) gur ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin atá éileamh an tionónta ar fhaoiseamh fén Acht so á dhéanamh agus bhéarfaidh an tiarna tighe uachtarach san an faoiseamh san (má deontar é) don tionónta;

(b) isé duine ar a ndéanfar an t-éileamh (más ann do) a dhéanfaidh an tionónta ar chúiteamh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú gur ina thaobh a bheidh teideal aige chun an chúitimh sin ach ná beadh teideal ag an tiarna tighe chun cúitimh d'éileamh ina thaobh dá mbeadh sé tar éis an chúitimh sin d'íoc leis an tionónta ná an tiarna tighe agus íocfaidh an tiarna tighe an cúiteamh san (má deontar é) leis an tionónta;

(c) mara mbeidh frith-dhílse ar bith no má bhíonn frith-dhílse nách sia ná mí ag an ngar-thiarna tighe uachtarach san féin sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, féadfa sé a sheirbheáil ar an tiarna tighe uachtarach díreach os a chionn agus ar an tionónta fógraí den tsórt chéanna údaruíonn an chéad fho-alt den alt so don tiarna tighe sin do sheirbheáil, agus (pe'ca sheirbheálfaidh an gar-thiarna tighe uachtarach san na fógraí sin no ná seirbheálfaidh) tuigfear an fhrithdhílse (más ann di) bheidh ag an ngar-thiarna tighe uachtarach san sa tionóntachán san do bheith tugtha suas o chríochnú na tionóntachta no na tionóntachta buanuithe (pe'ca aca é) do bhí ag an tionónta sa tionóntachán san, agus beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ach an dara tiarna tighe uachtarach san do chur in ionad an ghar-thiarna tighe uachtaraigh sin.

Na cirt a bheidh ag gach taobh má bhíonn frith-dhílse ainmniúil ag an tiarna tighe.

32. —Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go mbeidh frithdhílse nách sia ná mí ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag buanú tionóntachta an tionónta san sa tionóntachán san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag, agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) buanófar an tionóntacht san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag ar an gcíos gcéanna bhí uirthe agus fé sna cumhnantaí agus na coinníollacha céanna bhí i bhfeidhm ina taobh go dtí san;

(b) tuigfear gur maidir le críochnú na tionóntachta ar dhul in éag don fhrith-dhílse sin do seirbheáladh an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh agus má seirbheáladh é go dleathach maidir leis an mbunchríochnú beidh sé dleathach maidir leis an gcríochnú deiridh;

(c) tuigfear chun crícheanna an Achta so ná raibh frithdhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán san ar dháta seirbheála an fhógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh.

Na cirt a bheidh ag gach taobh má bhíonn frith-dhílse ghearr ag an tiarna tighe.

33. —Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go mbeidh frithdhílse is sia ná mí ach nách sia ná cúig bliana ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag buanú tionóntachta an tionónta san sa tionóntachán san go dtí go raghaidh an fhrith-dhílse sin in éag agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) buanófar an tionóntacht san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag ar an gcíos gcéanna bhí uirthe agus fé sna cumhnantaí agus na coinníollacha céanna bhí i bhfeidhm ina taobh go dtí san;

(b) tuigfear an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do bheith tarraicthe siar gan dochar d'fhógra nua go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh, maidir leis an tionóntacht bhuanuithe sin do dhul in éag, do sheirbheáil san am ceart.

Na cirt a bheidh ag gach taobh ar thionóntacht thiarna tighe do chríochnú.

34. —Má críochnuítear tionóntacht thionónta i dtionóntachán de dhruim tionóntachta tiarna tighe an tionóntacháin sin do chríochnú sara raghadh téarma na tionóntachta deiridh sin a luaidhtear in éag sa ghnáth-shlí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta san fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil tar éis críochnú na tionóntachta san ach ní níos déanaí ná mí tar éis don tionónta san imeacht as an tionóntachán san;

(b) tuigfear chun crícheanna an Achta so gur tiarna tighe ná fuil frith-dhílse ar bith aige sa tionóntachán san an tiarna tighe sin.

Seanathionóntachtaí do bhuanú.

35. —Pé uair a déanfar tionóntacht do bhuanú no d'athnuachaint no tionóntacht nua do chruthnú fén Acht so i dtionóntachán, ansan, chun crícheanna an Achta so, beidh an tionóntacht bhuanuithe no athnuaite no nua san no tuigfear í bheith ina buanú ar an tionóntacht do bhí sa tionóntachán san roimhe sin agus tuigfear chun gach críche gur greamú í ar an tionóntacht san do bhí ann roimhe sin agus an leas a bheidh ag an tionónta fúithe beidh sé fé réir aon cheart no cothrom a thiocfaidh as í do bheith ina greamú amhlaidh.

An aimsir chun cúitimh d'íoc.

36. —(1) Má bhíonn tionónta i dteideal cúitimh d'fháil o n-a thiarna tighe fén Acht so, beidh an cúiteamh san iníoctha, fé réir forálacha an ailt seo, ar thárlachtaint pé ní acu so leanas is déanaí thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) mí do bheith caithte o dháta méid an chúitimh sin do shocrú tré chó-aontú no don Chúirt, agus

(b) an tionónta do thabhairt seilbh ghlan an tionóntacháin don tiarna tighe.

(2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag tiarna le n-a thionónta fén Acht so agus go mbeidh airgead dlite agus ag dul don tiarna tighe sin ón tionónta san fé n-a thionóntacht no alos a thionóntachta sa tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tiarna tighe sin, más mó an cúiteamh san ná an t-airgead san, an t-airgead san do bhaint as an gcúiteamh san no, má bhíonn an t-airgead san chó mór leis an gcúiteamh san no níos mó ná é, an cúiteamh san do choinneáil in íoc agus i nglanadh an airgid sin no an mhéide dhe is có-ionann leis an gcúiteamh san;

(b) féadfaidh an tionónta san, más mó an t-airgead san ná an cúiteamh san, an cúiteamh san do bhaint as an airgead san no, má bhíonn an cúiteamh san chó mór leis an airgead san nó níos mó ná é, an t-airgead san do choinneáil in íoc agus i nglanadh an chúitimh sin no an mhéide dhe is có-ionann leis an airgead san.

(3) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag tiarna tighe le tionónta fén Acht so agus go n-abróidh an tiarna tighe sin go bhfuil airgead iníoctha ag an tionónta san leis fé n-a thionóntacht no alos a thionóntachta sa tionóntachán gur ina thaobh atá an cúiteamh san iníoctha amhlaidh agus go gcuirfidh an tionónta an t-éileamh san no méid an éilimh sin in imreasán no go mbeidh suim an éilimh sin gan bheith glanta, féadfaidh an tiarna tighe sin suim an chúitimh sin d'íoc isteach sa Chúirt agus leis sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an tiarna tighe no an tionónta, pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh i dtaobh an airgid do híocadh isteach sa Chúirt amhlaidh agus féadfaidh, go sonnrách, an t-airgead san no aon chuid de do choinneáil go dtí go socrófar i dtaobh dleathachta an éilimh sin no méide an éilimh sin.

(4) Beidh cúiteamh i bhfeabhsú is iníoctha ag tiarna tighe no tiarna tighe uachtarach le tionónta ina chéad mhuirear (i dtosach ar gach morgáiste, muirear, agus eire eile de gach saghas) ar leas an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtaraigh sin (pe'ca aca é) sa tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha.

Cúiteamh d'íoc i gcás tionóntachta do bheith fé mhorgáiste.

37. —(1) I gcás tionóntachta i dtionóntachán do chríochnú agus, díreach roimh an gcríochnú san, morgáiste no muirear urruithe airgid do bheith ar an estát no ar an leas do bhí ag tionónta an tionóntacháin sin fén tionóntacht san, bainfidh an morgáiste no an muirear san le cúiteamh ar bith fén Acht so thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an tionónta san mar gheall ar an gcríochnú san.

(2) I gcás cúitimh fén Acht so do bheith iníoctha le tionónta agus a fhios do bheith ag an tiarna tighe no ag an tiarna tighe uachtarach ag a bhfuil an cúiteamh san iníoctha amhlaidh morgáiste no muirear do bheith ann a dheineann deifir don chúiteamh san de bhuadh an ailt seo no ar aon tslí eile, déanfaidh an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san—

(a) má thoilíonn an tionónta san chuige, an cúiteamh san d'íoc le húnaer an mhorgáiste no an mhuirir sin, dá ngairmtear an morgáistí san alt so; no

(b) má thoilíonn an morgáistí chuige, an cúiteamh san d'íoc leis an tionónta san; no

(c) má orduíonn an morgáistí agus an tionónta san é, an cúiteamh san d'íoc leis an morgáistí agus leis an tionónta san i pé slí a hordófar amhlaidh; no

(d) mara ndeintear toiliú ná ordú fé mar a luaidhtear sa bhfo-alt so, an cúiteamh san d'íoc isteach sa Chúirt.

(3) Má deintear cúiteamh fén Acht so d'íoc isteach sa Chúirt fén alt so féadfaidh an Chúirt, ar iarratas duine ar bith le n-a mbaineann, pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh i dtaobh an chúitimh sin.

Ceart ag tionónta chun leanúint i seilbh go dtí go dtabharfar breith.

38. —Má hiarrtar fén Acht so ar an gCúirt tionóntacht nua do dheonadh no téarmaí tionóntachta nua do shocrú, agus más tar éis dul in éag don tionóntacht gur maidir le n-a críochnú a bheidh an t-iarratas san á dhéanamh a bunófar an t-iarratas san, no má bunuítear é roimh dhul in éag don tionóntacht san agus má théigheann an tionóntacht san in éag sara ndéanfar an t-iarratas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus, in aon chás acu, más ar aon tslí seachas le dí-shealbhú no le tabhairt-suas do críochnuíodh an tionóntacht san, féadfaidh an tionónta, más mian leis é, leanúint i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an t-iarratas san ón am a raghaidh an tionóntacht san in éag go dtí go ndéanfaidh an Chúirt no, má deintear athchomharc, go dtí go ndéanfaidh an chúirt athchomharcach dheiridh an t-iarratas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus faid a leanfa sé i seilbh amhlaidh beidh an tionónta san fé théarmaí na tionóntachta san (agus ortha san áirmhítear cíos d'íoc) ach beidh san gan dochar do pé aisíoc agus ath-choigeartú is gá do dhéanamh má deontar tionóntacht nua bheidh le tosnú ón am do chuaidh an tseana-thionóntacht in éag.

Tionóntacht do chríochnú roimh an Acht so do rith.

39. —I gcás tionóntachta i dtionóntachán do chríochnú roimh an Acht so do rith agus tionónta an tionóntacháin sin, pe'ca rinneadh aithne chun é dhí-shealbhú i gcoinnibh an tionónta san no ná dearnadh, do bheith, le linn an Achta so do rith, i seilbh an tionóntacháin sin d'ainneoin an chríochnuithe sin agus gan tionóntacht nua sa tionóntacht san d'fháil, tuigfear chun crícheanna an Achta so an tionóntacht san do chríochnú díreach tar éis an Achta so do rith agus beidh feidhm ag an Acht so dá réir sin.

Ceart ag tionónta chun eolais d'fháil.

40. —(1) Aon tionónta tionóntacháin do seirbheáladh le fógra chun imeacht as an tionóntachán san no go ndeaghaidh a thionóntacht sa tionóntachán san in éag tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile do thárlachtaint no go raghaidh a thionóntacht sa tionóntachán san in éag le himeacht aimsire fé cheann ráithe, féadfaidh gach fógra no aon fhógra acu so leanas do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) ar a thiarna tighe no ar an té le n-a n-íocann sé cíos an tionóntacháin sin, fógra á cheangal ar an tiarna tighe no ar an duine sin cineál agus ré frith-dhílse an tiarna tighe sin sa tionóntachán san agus ainm agus seoladh gar-thiarna tighe uachtaraigh an tiarna tighe sin (más ann do) do chur in úil don tionónta san;

(b) ar dhuine ar bith go mbeidh réasún ag an tionónta san chun a chreidiúint gur tiarna tighe uachtarach no gníomhaire do thiarna tighe uachtarach ar an tionóntachán san é, fógra á cheangal ar an duine sin a chur in úil don tionónta san ce'ca tá estát no leas ar bith ag an duine sin, no ag éinne dar gníomhaire é, sa tionóntachán san no ná fuil, agus fós cineál, sealbhaíocht, agus ré an estáit no an leasa san (más ann do) do chur in úil do, maraon le hainmneacha agus seolta na ndaoine go bhfuil estáit no leasanna sa tionóntachán san acu díreach os cionn no díreach fé bhun an estáit no an leasa san.

(2) Beidh sé de dhualgas ar dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so an t-eolas a hiarrfar leis an bhfógra san, sa mhéid go mbeidh sé ag an duine sin no ar fáil aige, do thabhairt i scríbhinn don tionónta do sheirbheáil an fógra san amhlaidh, no do chur chuige i scríbhinn, laistigh de choicíos tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(3) Má dheineann tionónta fógra do sheirbheáil fén alt so agus go dteipfidh ar an té ar a seirbheálfar an fógra san amhlaidh no go leigfe sé i bhfaillí an t-eolas san do thabhairt i scríbhinn don tionónta san no do chur chuige i scríbhinn, laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so, a cheanglann an t-alt so air do thabhairt don tionónta san no do chur chuige amhlaidh, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh d'fhonn a chur fhiachaint ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt don tionónta san no do chur chuige amhlaidh.

Ceart chun dul isteach agus chun iniúchta do dhéanamh.

41. —Pé uair a dhéanfaidh tionónta fógra feabhsúcháin no fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe, beidh teideal ag an tiarna tighe sin agus ag gach tiarna tighe uachtarach ar a seirbheálfar an fógra san no cóip de fén Acht so, agus ag gach duine go n-údarás aige chuige sin ón tiarna tighe sin no o aon tiarna tighe uachtarach den tsórt san, dul isteach gach tráth réasúnta sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san agus pé iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh agus pé tuiseanna do thógaint ann is gá no is ceart chun go socródh an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san (pe'ca aca é) cad a dhéanfa sé i dtaobh an fhógra san.

Srian le connradh chun scarúint le ceart.

42. —Beidh connradh tré n-a mbainfí de thionónta, go díreach no go nea-dhíreach, a cheart chun faoisimh fén Acht so no chun aon fhaoisimh áirithe den tsórt san d'fháil, beidh sé gan brí pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh é.

Feidhm ag na Settled Land Acts.

43. —(1) Ar na comhachta bhíonn ag duine is tionónta le n-a shaol no ag duine go gcomhachta tionónta den tsórt san fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890, léasanna eile do dhéanamh seachas léasanna tógála agus léasanna mianadóireachta beidh comhacht thiarna tighe chun léasa do dhéanamh ag deonadh tionóntachta nua is gá don tiarna tighe sin, do réir na Coda so no aon Choda roimhe seo den Acht so no fúithe, do dheonadh, agus san d'ainneoin gur sia ná cúig bliana triochad ré na tionóntachta nua san.

(2) Féadfar airgead caipitiúil a thiocfaidh chun bheith ann fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890, do chur—

(a) chun aon tsuime d'íoc is iníoctha le tionónta alos cúitimh fén Acht so agus chun aon chostaisí, éilithe, agus caithteachaisí d'íoc is iníoctha leis an tionónta san maidir le n-a éileamh ar an gcúiteamh san; no

(b) chun aon airgid do caitheadh agus aon chostaisí fé n-a ndeaghthas, fén Acht so agus dá réir, i ndéanamh feabhsuithe no ina thaobh d'íoc fé is dá mba fheabhsú é sin do bheadh údaruithe leis na hAchtanna san; no

(c) chun na gcostaisí, na n-éilithe, agus na gcaithteachaisí fé n-a ndeaghthas i ndéanamh iarratais ar an gCúirt fén Acht so no i gcur ina choinnibh, no maidir le ceachtar acu san, d'íoc.

(3) Ar na crícheanna chun a bhféadfaidh duine is tionónta le n-a shaol airgead do chruinniú fé alt 18 den Settled Land Act, 1882, áirmheofar éileamh ar chúiteamh fén Acht so d'íoc.

(4) Más tionónta le n-a shaol tiarna tighe dhligheann cúiteamh d'íoc fén Acht so no má bhíonn sé mar bheadh iontaobhaí féadfa sé a chur mar cheangal gur amach as aon airgead caipitiúil a bheidh ar seilbh ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh an talamh socruithe ar seilbh a híocfar an tsuim is iníoctha alos an chúitimh sin maraon le gach costas, éileamh, agus caithteachas is iníoctha maidir leis.

Sa bhfo-alt so foluíonn an abairt “airgead caipitiúil” aon estát pearsanta a bheidh ar seilbh ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh an talamh ar seilbh, agus foluíonn an abairt “talamh socruithe” talamh ar seilbh ar iontaoibh chun a dhíolta.

Tiarnaí tighe i gcáil iontaobhaithe do chosaint.

44. —(1) I gcás tiarna tighe tionóntacháin do bheith ina dhuine atá i dteideal cíosanna agus brabús an tionóntacháin sin d'fháil mar iontaobhaí no i gcáil ar bith seachas chun tairbhe dho féin agus airgead do bheith iníoctha ag an tiarna tighe sin le tionónta an tionóntacháin sin alos cúitimh fén Acht so no alos costaisí, éilithe, no caithteachaisí bhaineann leis an gcúiteamh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní féadfar an t-airgead san do bhaint den tiarna tighe sin féin ná ní bheidh sé fé aon oblagáid an t-airgead san d'íoc, ach beidh an t-airgead san ina mhuirear ar an tionóntachán san agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh ag an tiarna tighe ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige agus ní féadfar an t-airgead san do bhaint amach ach as an tionóntachán agus as an maoin sin;

(b) beidh teideal ag an tiarna tighe sin, roimh an airgead san d'íoc leis an tionónta san do no dá éis sin, muirear ar an tionóntachán san, agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh aige ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige, d'fháil ón gCúirt agus é chó mór leis an airgead san agus le gach costas fé n-a ndeachaidh sé go cóir chun an mhuirir sin d'fháil no chun suime an mhuirir sin do chruinniú;

(c) má leigeann an tiarna tighe sin i bhfaillí no má theipeann air an t-airgead san d'íoc leis an tionónta san laistigh de mhí tar éis don tionónta san imeacht as an tionóntachán san, beidh an tionónta san i dteideal muirear ar an tionóntachán san, agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh ag an tiarna tighe sin ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige, d'fháil ón gCúirt agus é chó mór leis an airgead san no le n-a mbeidh gan íoc de an uair sin agus le gach costas fé n-a ndeachaidh an tionónta san go cóir chun an mhuirir sin d'fháil no chun suime an mhuirir sin do chruinniú.

(2) Féadfaidh aon chuideachta, atá ionchorparuithe anois no a hionchorparófar ina dhiaidh seo le reacht agus ag a mbeidh comhacht airgead do thabhairt uatha ar iasacht chun tailimh d'fheabhsú, sannadh muirir ar bith a dhéanfaidh an Chúirt fén alt so do ghlacadh, agus féadfaidh an chuideachta san aon mhuirear den tsórt san a sannfar dóibh amhlaidh do shannadh d'aon duine no daoine ar bith.

Tréimhsí ceaptar leis an Acht so d'fhaidiú.

45. —I gcás ina ndeintear leis an gCuid seo no le haon Chuid roimhe seo den Acht so, no ina ndéanfar fúithi, tréimhse do cheapadh chun aon ghníomh no rud do dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, roimh dheireadh na tréimhse sin no dá éis sin, an tréimhse sin d'fhaidiú ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart.

CUID V.

Foralacha Speisialta i dTaobh Leasanna Togala.

Léasanna tógála agus léasanna dílse.

46. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “léas tógála” léas go gcólíontar ina thaobh na coinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur i líomatáiste baile atá an talamh ar fad a haistrítear leis an léas san;

(b) go bhfuil buan-fhoirgintí ar an talamh san agus go bhfuil an chuid den talamh san ná fuil fé sna foirgintí sin ag dul leis na foirgintí sin;

(c) nách feabhsú do réir bhrí an Achta so na buan-fhoirgintí sin;

(d) gurb é do thóg na buan-fhoirgintí sin ná an té do bhí, le linn a dtógála, i dteideal leasa an léasaí fén léas san;

(e) nách contrárdha do chumhnant, do choinníoll, ná do chó-aontú sa léas san do tógadh na buan-fhoirgintí sin.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “léas dílse” léas atá do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur fo-léas (díreach no nea-dhíreach) fé léas tógála an léas san; agus

(b) gurb é talamh a haistrítear leis an léas san ná an talamh go léir no cuid den talamh atá sa léas tógála san; agus

(c) gurb é téarma an léasa san ná téarma atá chó fada le pé tréimhse no níos sia ná pé tréimhse acu so leanas is giorra, sé sin le rá, fiche bliain no dhá dtrian téarma an léasa thógála san, agus a bheidh, in aon chás, caithte ar dhul in éag don léas tógála san no cúig bliana ar a mhéid roimhe sin; agus

(d) gur chuid de chomhaoine déanta an léasa san an léasaí d'íoc suime airgid (seachas cíos) leis an léasóir le linn an léasa san do dheonadh no díreach roimhe sin no gur chuid den chomaoine sin an léasaí do chaitheamh suime airgid ar an áitreabh a haistrítear leis an léas san no gur chuid den chomaoine sin an t-íoc san agus an caitheamh san; agus

(e) nár lugha an tsuim airgid sin do híocadh no do caitheadh amhlaidh no iomlán na suimeanna airgid sin do híocadh agus do caitheadh amhlaidh fé seach (pe'ca aca é) ná méid a bheadh cúig uaire déag chó mór le suim bhliantúil an chíosa no an chíosa ba mhó do cuireadh ar cosnamh leis an léas san.

Ceart chun léasa fhrithdhílse.

47. —(1) Aon uair laistigh de sheacht mbliana roimh dhul in éag do léas tógála, beidh éinne bheidh i seilbh an tailimh no aon choda den talamh a bheidh sa léas san agus gur fén léas tógála san no fé léas dhílse bheidh sé ar seilbh aige, beidh sé i dteideal, fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus ar fháil an toilithe (más aon cheann é) is gá do réir an ailt seo, léas frith-dhílse ar an talamh san a bheidh ina sheilbh agus ar seilbh aige amhlaidh mar adubhradh d'fháil, ón té do gheibheann (ar aon tslí seachas mar ghníomhaire do dhuine eile) an cíos do cuireadh ar cosnamh leis an léas tógála san, ar na téarmaí socruítear leis an gCuid seo den Acht so no socrófar fúithe.

(2) Ní bheidh sé riachtanach do dhuine adéarfaidh go bhfuil teideal aige fén alt so chun léasa fhrith-dhílse ar thalamh toiliú ar bith d'fháil chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so má bhíonn an duine sin i seilbh an tailimh sin uile no más rud é nách seilbh fé léas dhílse bheidh ag aon tionónta don duine sin a bheidh ar an talamh san no ar aon chuid de.

(3) Mara ndeinidh an fo-alt san roimhe seo den alt so duine adéarfaidh go bhfuil teideal aige fén alt so chun léasa fhrithdhílse ar thalamh do shaoradh o n-a bheith air toiliú ar bith d'fháil chun crícheanna an chéad fho-ailt den alt so, beidh sé riachtanach don duine sin toiliú chun an léasa fhrith-dhílse sin do dheonadh don duine sin d'fháil chun crícheanna an chéad fho-ailt sin o gach tionónta agus fo-thionónta (más ann dóibh) don duine sin ag a mbeidh an talamh san no aon chuid de fé léas dhílse.

(4) Má bhíonn léas tógála tar éis dul in éag laistigh de chúig bhliana roimh an Acht so do rith agus, le linn an Achta so do rith, go mbeidh an léasaí ag a mbeidh an léas san i seilbh an tailimh atá sa léas tógála san fé thionóntacht bhliantúil is iontuigthe as gníomhartha na bpáirtithe no mar thionónta ar thoil no gan aon tionóntacht nua do bheith faighte aige, beidh ag an léasaí sin agus ag gach duine atá i seilbh an tailimh sin no aon choda dhe fé thionóntacht bhliantúil is iontuigthe, ar léas dílse do dhul in éag, as gníomhartha na bpáirtithe, beidh acu fé seach, ar feadh sé mhí tar éis an Achta so do rith, na cearta céanna maidir le léas frith-dhílse d'fháil fén gCuid seo den Acht so do bheadh acu fé seach laistigh de sheacht mbliana roimh an léas tógála san do dhul in éag dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin.

Téarmaí léasa fhrith-dhílse.

48. —(1) Má shocruíonn an Chúirt na téarmaí ar a ndeonfar léas frith-dhílse fén gCuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) isé is ré don léas frith-dhílse sin ná téarma de naoi mbliana nóchad o dhul in éag don léas tógála dá mbeidh sé frith-dhílseach;

(b) an cíos a cuirfear ar cosnamh leis an frith-dhílse sin ní bheidh sé in aon chás níos lugha ná an cíos do cuireadh ar cosnamh leis an léas tógála san no, mara mbeidh sa talamh a bheidh sa léas frith-dhílse sin ach cuid den talamh a bheidh sa léas tógála san, pé cion, den chíos san do cuireadh ar cosnamh leis an léas tógála san, is ionchurtha le ceart ar an talamh san a bheidh sa léas frith-dhílse sin;

(c) fé réir na míre sin roimhe seo den fho-alt so isé cíos a cuirfear ar cosnamh leis an léas frith-dhílse sin ná an ceathrú cuid den mhór-chíos mar a mínítear san anso ina dhiaidh seo;

(d) isé rud é an mór-chíos ná an cíos is dóich leis an gCúirt do bhéarfadh léasaí toilteanach ná beadh i seilbh cheana féin agus do ghlacfadh léasóir toilteanach ar an talamh a bheidh sa léas frith-dhílse sin dá mba rud é, i ngach cás, go mbeadh an talamh san folamh le linn seilbhe air do thabhairt agus gur leor a mbeadh ann de thailte den tsórt chéanna chun an éilimh ortha do shásamh agus nár ghéire an comórtas umpa ná mar ba ghnáth agus ag féachaint do théarmaí eile an léasa fhrith-dhílse sin agus do chíos-luacha tailimh de shaghas an tailimh sin sa léas frith-dhílse sin atá suidhte i gcomhursanacht an tailimh sin, ach gan áird do thabhairt ar aon dea-thoil a bhaineann leis an talamh san a bheidh sa léas frith-dhílse sin;

(e) beidh gach cumhnant, coinníoll, agus có-aontú is gnáth sa léas frith-dhílse sin;

(f) féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an té bheidh ar aigne bheith ina léasaí suim áirithe airgid do chaitheamh ar dheisiú na bhfoirgintí bheidh sa léas frith-dhílse sin agus féadfaidh a údarú déanamh an léasa fhrith-dhílse sin do chur ar athló go dtí go mbeidh an tsuim airgid sin caithte amhlaidh.

(2) Tuigfear léas frith-dhílse deonfar fén gCuid seo den Acht so do bheith ina ghreamú ar an léas tógála no ar an léas dílse (pe'ca aca é) fé n-a raibh an talamh a bheidh sa léas frith-dhílse sin ar seilbh roimhe sin ag an té dá ndeonfar an léas frith-dhílse sin, agus an leas a bheidh ag an léasaí fén léas frith-dhílse sin beidh sé fé réir aon chearta no cothroma thiocfaidh as an léas frith-dhílse sin do bheith ina ghreamú amhlaidh.

An Coimisinéir Luachála do thabhairt chonganta don Chúirt fé Chuid V.

49. —(1) Má dheineann an Chúirt téarmaí léasa fhrith-dhílse do shocrú fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an Chúirt agus, má iarrann aon pháirtí le n-a mbaineann uirthi é, déanfaidh a chur fé ndeár go gcuirfear go dtí an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann iarratas ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas i dtaobh éinní áirithe bhaineann leis na téarmaí sin do shocrú agus féadfaidh chuige sin socrú na dtéarmaí sin do chur ar athló.

(2) Ar fháil iarratais fén alt so dho, cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an luacháil, an meastachán, no an ráiteas san a bheidh luaidhte san iarratas san d'ullamhú agus do chur chun na Cúirte maraon le cuntas ar an táille, agus í áirmhithe do réir rialachán do rinne an tAire Airgid, is iníoctha air.

(3) Beidh páirtí ar bith le n-a mbaineann i dteideal cóip de luacháil, de mheastachán, no de ráiteas do bhéarfaidh an Coimisinéir sin don Chúirt do réir an ailt seo d'fháil ón gclárthóir contae ach íoc aiste do réir an ráta bheidh inéilithe do réir dlí de thurus na huaire ar chóipeanna de scríbhinní do gheibhtear ón Oifig Cúirte Cuarda.

(4) An táille is iníoctha fén alt so ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas a chuirfidh an Coimisinéir sin chun na Cúirte do réir an ailt seo, isé duine no daoine ar a mbeidh a muirear agus íocfaidh leis an gclárathóir contae í ná pé páirtí no pé páirtithe, agus i pé cionúireachtaí, ordóidh an Chúirt agus déanfaidh an clárathóir contae í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Má cuirtear iarratas fén alt so chun an Choimisineura san ar iarratas páirtí, ansan, nuair a bheidh an Chúirt ag socrú téarmaí léasa fhrith-dhílse féachfa sí don luacháil, don mheastachán no don ráiteas do thug an Coimisinéir sin uaidh.

Srianta leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.

50. —(1) Má rinne an té do gheibheann an cíos do cuireadh ar cosnamh le léas tógála léas frith-dhílse ar an talamh no ar aon chuid den talamh sa léas tógála san do thabhairt uaidh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1931, no má rinne sé, do réir chó-aontuithe infheidhmithe do rinneadh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1931, léas frith-dhílse ar an talamh no ar aon chuid den talamh sa léas tógála san do thabhairt uaidh an 31adh lá de Mhárta, 1931, no dá éis sin, ní bheidh éinne i dteideal léasa fhrith-dhílse ar an talamh ná ar aon chuid den talamh sa léas frith-dhílse sin do rinneadh amhlaidh d'fháil fén gCuid seo den Acht so.

(2) Má deintear, tar éis an Achta so do rith, léas (dá ngairmtear an léas frith-dhílse reachtúil san alt so) ar aon talamh do thabhairt i bhfuirm léasa fhrith-dhílse do léas tógála, agus gurb é duine thabharfaidh an léas san uaidh ná duine ar a mbeidh sé de cheangal, fén gCuid seo den Acht so, léas ar an talamh san i bhfuirm léasa fhrith-dhílse don léas tógála san do thabhairt uaidh agus gurb é duine gheobhaidh an léas san ná duine ag a mbeidh teideal (tar éis toilithe no gan toiliú duine eile d'fháil) an léas san d'fháil fén gCuid seo den Acht so, beidh na léasanna so leanas gan bhrí gan éifeacht, sé sin le rá, gach léas—

(a) a tabharfar tar éis an Achta so do rith, pe'ca roimh an léas frith-dhílse reachtúil do thabhairt no dá éis sin a tabharfar é, agus

(b) in a mbeidh an talamh no an chuid den talamh a bheidh san léas frith-dhílse reachtúil, agus

(c) a tugtar i bhfuirm léasa fhrith-dhílse don léas tógála san, agus

(d) gurb é thabharfaidh uaidh é ná duine ar a mbeidh sé de cheangal fen gCuid seo den Acht so léas frith-dhílse ar an talamh sa léas tógála san do thabhairt uaidh, agus

(e) gurb é gheobhaidh é ná duine ná fuil i dteideal léasa fhrith-dhílse ar an talamh ná ar aon chuid den talamh atá sa léas frith-dhílse reachtúil d'fháil fén gCuid seo den Acht so no (agus é i dteideal an léasa fhrithdhílse sin d'fháil amhlaidh ach toilithe an duine dar tugadh an léas frith-dhílse reachtúil do bheith aige) ná fuair an toiliú san.

(3) Ní bheidh duine ar bith i dteideal léasa fhrith-dhílse d'fháil fén gCuid seo den Acht so ar an talamh ná ar aon chuid den talamh i léas tógála má dheineann an té do gheibheann an cíos do cuireadh ar cosnamh leis an léas tógála san a chur ina luighe ar an gCúirt—

(a) go bhfuil sé ar aigne bona fide no gur chó-aontuigh sé iomlán na foirginte ar an talamh sa léas tógála san no cuid mhaith di do leagadh agus d'ath-thógáil no d'athdhéanamh; no

(b) go dteastuíonn uaidh seilbh an tailimh sin, agus é folamh, d'fháil chun scéime feabhsuithe mhaoine gur cuid di an talamh san do chur i bhfeidhm; no

(c) ar réasún ar bith, ná beadh sé do réir dea-bhainistí estáit an léas frith-dhílse sin do dheonadh.

(4) Más rud é, ar fhoras dá luaidhtear i mír (a) no i mír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go ndiúltófar d'iarratas ar léas frith-dhílse fén gCuid seo den Acht so agus ná déanfaidh an té bheidh ag cur i gcoinnibh an iarratais sin ar an bhforas san, laistigh d'aimsir réasúnta, an aigne, an có-aontú, no an rún (pe'ca aca é) do chur i bhfeidhm gur mar gheall air do diúltadh don iarratas san, beidh an duine sin ciontach i ndísbeagadh Cúirte agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Cearta foléasaithe i gcás deireadh do chur le léas tógála tré dhíshealbhú no tré ath-iontráil.

51. —Má cuirtear deireadh le léas tógála (sara ragha sé in éag tré imeacht aimsire) tré dhí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc, ar chumhnant do bhriseadh no ar éinní eile no tríd an léasóir d'fheidhmiú comhachta ath-iontrálta mar gheall ar chumhnant no coinníoll sa léas tógála san do bhriseadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní chuirfidh an dí-shealbhú ná an ath-iontráil sin deireadh le haon fho-léas atá ar an talamh no ar aon chuid den talamh sa léas tógála san agus atá in fho-léas díreach fén léas tógála san agus fós in a léas dílse;

(b) an duine thiocfadh mara mbeadh an t-alt so chun bheith i dteideal, de bhuadh an dí-shealbhuithe no na hathiontrála san, seilbhe an tailimh sa bhfo-léas san tiocfa sé chun bheith agus beidh sé i dteideal na frith-dhílse ar an bhfo-léas san agus i dteideal sochair an chíosa a cuireadh ar cosnamh leis an bhfo-léas san agus na gcumhnant agus na gcoinníoll atá sa bhfo-léas san;

(c) tiocfaidh an fo-léas san chun bheith agus beidh sé ina léas tógála do réir bhrí an Coda so den Acht so agus bainfidh an Chuid seo den Acht so leis dá réir sin.

Iarrataisí do chur fé bhráid na Cúirte.

52. —Má eiríonn aon aighneas, ceist, no deacracht maidir le ceart duine ar bith chun léasa fhrith-dhílse fén gCuid seo den Acht so, maidir leis na téarmaí ar a ndeonfar an léas san, no maidir le héinní eile bhaineann leis an léas san do dheonadh, féadfaidh aon pháirtí le n-a mbaineann iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt agus féadfaidh go sonnrách a shocrú cadiad na téarmaí ar a ndeonfar an léas san.

Ceart ag léasaí frith-dhílse leanúint i seilbh.

53. —Má deontar léas frith-dhílse fén gCuid seo den Acht so, roimh dhul in éag don léas tógála dá mbeidh sé frith-dhílseach, do dhuine bheidh i ngabháltaíocht na talmhan a bheidh sa léas frithdhílse sin mar fho-thionónta (díreach no nea-dhíreach) don léasaí fén léas tógála san, beidh an duine sin i dteideal leanúint i ngabháltaíocht na talmhan san o dhul in éag don fho-thionóntacht san aige go dul in éag don léas tógála san agus ar feadh ré na gabháltaíochta san tuigfear gur tionónta é, ar théarmaí na fo-thionóntachta san (sa mhéid go mbainfidh leis an gcás), don té do bheadh de thurus na huaire i dteideal bheith i seilbh agus i ngabháltaíocht na talmhan san mara mbeadh an t-alt so.

Daoine fé cheangal léas frith-dhílse do dheonadh.

54. —(1) Má bhíonn duine i dteideal fén gCuid seo den Acht so léas frith-dhílse d'fháil ón té (dá ngairmtear an léasóir tógála san alt so) do gheibheann an cíos do cuireadh ar cosnamh le léas tógála, beidh ar an léasóir tógála an léas frith-dhílse sin do dheonadh don duine sin.

(2) Má sé cuma go mbeidh seilbh ag léasóir tógála ar an talamh go gceanglann an Chuid seo den Acht so air léas frith-dhílse air do dheonadh ná fé léas ar feadh téarma is giorra ná an téarma gur ina aghaidh a deonfar an léas frith-dhílse sin, beidh ar ghar thiarna tighe an léasóra thógála agus ar pé tiarnaí tighe uachtaracha is gá (más gá éinne acu) bheith páirteach sa léas fhrithdhílse sin do dheonadh.

(3) Más rud é, maidir le duine go gceanglann an t-alt so air léas frith-dhílse do dheonadh no bheith páirteach ina dheonadh nách féidir dó do réir dlí an léas frith-dhílse sin do dheonadh ná bheith páirteach ina dheonadh (pe'ca aca é), toisc gur iontaobhaí é no ionadaí pearsanta no duine eile go gcomhacht iontaobhaí no toisc gur mion-aoiseach é no toisc gan ach estát le n-a shaol no do shliocht áirithe no estát teoranta eile do bheith aige no toisc cumhnanta sriantacha do bheith sa léas fé n-a mbeidh seilbh aige, féadfaidh an Chúirt le hordú, ar iarratas páirtí ar bith le n-a mbaineann, comhacht do thabhairt don duine sin an léas frithdhílse sin do dheonadh no bheith páirteach ina dheonadh (pe'ca aca é).

(4) Más rud é, maidir le duine go gceanglann an t-alt so air léas frith-dhílse do dheonadh no bheith páirteach ina dheonadh, gur mion-aoiseach an duine sin no gur duine é nách slán meabhair no nách féidir é d'fháil, no go ndiúltóidh sé don léas san do chríochnú no go dteipfidh san air, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas duine ar bith le n-a mbaineann, oifigeach don Chúirt do cheapadh chun an léasa san do chríochnú thar ceann agus in ainm an té ar a mbeidh an ceangal san agus leis sin beidh críochnú an léasa fhrith-dhílse sin ag an oifigeach san thar ceann agus in ainm an duine sin chó héifeachtúil chun gach críche is dá mb'é an duine sin féin do chríochnódh é.

CUID VI.

Cumhnanta i Leasanna.

Damáiste mar gheall ar chumhnanta deisiúcháin do bhriseadh.

55. —Má bhíonn i léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) cumhnant no có-aontú (follus no foluithe, generálta no áirithe), i bpáirt an léasaí, an tionóntachán san do dheisiú no do choimeád deisithe i rith no ar feadh ré an léasa san no an tionóntachán san d'fhágaint no do chur ar staid deisithe ar dhul in éag don léas san agus go mbrisfear an cumhnant no an có-aontú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní raghaidh an damáiste is ionbhainte amach mar gheall ar an mbriseadh sin in aon chás thar méid an luigheaduithe (más ann do) do chuaidh ar luach na frithdhílse (díreach no nea-dhíreach) sa tionóntachán san de dheascaibh an bhriste sin;

(b) lasmuich de chás ina dtaisbeánfar gurb é fé ndeár an ceal deisiúcháin no cuid mhaith de ná damáiste toiliúil no diomailt toiliúil do rinne an léasaí ní féadfar damáiste ar bith do bhaint amach i dtaobh an bhriste sin má taisbeántar nách féidir in aon chor, mar gheall ar aois agus staid an tionóntacháin sin, é do dheisiú do réir an chumhnanta no an chó-aontuithe sin no, mar gheall ar aois, staid, cineál agus suidheamh an tionóntacháin sin, go mbeadh costas a dheisithe do réir an chumhnanta no an chó-aontuithe sin ró-mhór i gcomórtas le luach an tionóntacháin sin no, mar gheall ar chineál agus suidheamh an tionóntacháin sin, nárbh fhéidir an tionóntachán san d'úsáid i slí thairbheach ar bheith deisithe dho amhlaidh no nárbh fhéidir é d'úsáid i slí thairbheach gan cuid mhaith de d'ath-thógáil no d'ath-dhéanamh no d'atharú ina dhéanmhas.

Cumhnanta i gcoinnibh aistrithe.

56. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú chuireann cosc ar fad no chuireann srian leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an cionníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do chuirfeadh cosc no do chuirfeadh srian (pe'ca aca é) leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, gan ceadúnas no toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh, no as ar tuigthe de bhuadh an Achta do ritheadh an 5adh lá de Bhealtaine 1826 ag Páirlimint na Ríochta Aontuithe do bhí ann le déanaí agus dar teideal “an Act to amend the Law of Ireland respecting the assignment and sub-letting of Lands and Tenements” no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, cumhnant, coinníoll, no có-aontú chuireann cosc no chuireann srian leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, gan ceadúnas no toiliú an léasóra tuigfear, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, go bhfuil an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san—

(a) fé réir provísó ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san; agus

(b) más breis is dachad bliain is téarma don léas san agus más foirgintí do thógáil no breis mhór do chur leo no feabhsú no atharú mór do chur ortha an chomaoine no cuid den chomaoine ar a ndearnadh an léas san, fé réir provísó sa chéill seo, eadhon, má deintear aon aistriú ar an tionóntachán san, contrárdha don chumhnant, don choinníoll, no don chó-aontú san, breis is seacht mbliana roimh dheireadh an téarma san, nách gá aon cheadúnas ná toiliú den tsórt san má tugtar fógra i scríbhinn i dtaobh an aistrithe sin don léasóir laistigh de mhí tar éis an aistrithe do dhéanamh; agus

(c) más rud é go dtiocfadh as an aistriú san aon rátaí, cánacha, no ualach eile d'aistriú chun an léasóra no do mhéadú air, fé réir provísó go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas fé n-a raghaidh an léasóir de bhíthin an aistrithe ualaigh no an mhéaduithe ualaigh sin do chúiteamh leis an léasóir fé mar agus nuair a ragha sé fé agus go bhféadfaidh an léasóir é do bhaint den léasaí mar chíos fén léas san.

Cumhnanta chuireann srian le húsáid.

57. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann ar fad úsáid an tionóntacháin sin d'atharú beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do thoirmeascfadh úsáid an tionóntacháin sin d'atharú gan ceadúnas no toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann go follus no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so úsáid an tionóntacháin sin d'atharú gan ceadúnas no toiliú an léasóra tuigfear, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, go bhfuil an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san—

(a) fé réir provísó sa chéill ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san; agus

(b) maran gá, de dhruim an atharuithe, aon atharú do dhéanamh ar dhéanmhas an tionóntacháin, fé réir provísó ná beidh aon fhíneáil ná suim airgid i bhfuirm fíneála (seachas aon tsuim a húdaruítear leis an alt so) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas no as an toiliú san ná mar gheall air; agus

(c) más rud é go dtiocfadh as an atharú aon rátaí, cánacha, no ualach eile d'aistriú chun an léasóra no do mhéadú air, fé réir provísó go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas fé n-a raghaidh an léasóir de bhíthin an aistrithe ualaigh no an mhéaduithe ualaigh sin do chúiteamh leis an léasóir fé mar agus nuair a ragha sé fé agus go bhféadfaidh an léasóir é do bhaint den léasaí mar chíos fén léas san.

Cumhnanta i gcoinnibh feabhsuithe do dhéanamh.

58. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann ar fad feabhsú ar bith do dhéanamh ar an tionóntachán san beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do thoirmeascfadh an feabhsú san do dhéanamh gan ceadúnas no toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann, go follus no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, feabhsú ar bith do dhéanamh ar an tionóntachán san gan ceadúnas no toiliú an léasóra, beidh an cumhnant, an coinníoll, no an có-aòntú san, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, fé réir provísó ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san.

Toil léasóra nách féidir a fháil.

59. —Má bhíonn i léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) cumhnant, coinníoll no có-aontú a chuireann cosc no a chuireann srian ar an léasaí éinní áirithe do dhéanamh gan ceadúnas no toiliú an léasóra, agus nár deineadh an cíos a cuireadh ar cosnamh leis an léas san d'íoc le cúig bliana no níos mó, agus ná beidh aithne ag an léasaí ar an léasóir agus nách féidir leis é fháil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an léasaí agus tar éis pé fógráin (más aon cheann é) d'fhoillsiú ordóidh an Chúirt agus más dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach a mbaineann leis an scéal, gur ceart san do dhéanamh, a údarú don léasaí, fé réir pé coinníoll (más aon cheann é) is oiriúnach leis an gCúirt a fhorchur, an ní áirithe do dhéanamh le n-a gcuireann an cumhnant, an coinníoll no an có-aontú san cosc no srian amhlaidh, agus leis sin beidh sé dleathach don léasaí an ní áirithe sin do dhéanamh gan ceadúnas ná toiliú an léasóra, ach fé réir agus do réir na gcoinníoll (más aon cheann é) fhorchuirfidh an Chúirt.

CUID VII.

Ilghneitheach.

An Chúirt do dheonadh léasanna tógála.

60. —(1) Duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) gur mian leis léas tógála d'fháil ar thalamh (dá ngairmtear an talamh tógála anso feasta) atá suidhte i líomatáiste baile agus go mbeidh an toiliú luaidhtear anso ina dhiaidh seo faighte aige no a saorfar anso ina dhiaidh seo o n-a bheith air toiliú ar bith d'fháil, féadfaidh léas tógála fén alt so ar an talamh san d'iarraidh ar an gCúirt.

(2) Isé toiliú is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so don iarratasóir d'fháil ná—

(a) más seilbh i mbith-dhílse no seilbh feirm-dhílse bheidh ag sealbhaire na talmhan tógála ar an talamh tógála no seilbh fé léas ar feadh saoil no saolta bheidh ann (agus go dtéarma no gan téarma blian) no fé léas ar feadh téarma go mbeidh deich mbliana ar a laighead gan caitheamh fós de an lá déanfar an t-iarratas fén alt so, toiliú an tsealbhaire sin i scríbhinn; no

(b) más seilbh ar feadh téarma gur lugha ná deich mbliana bheidh gan caitheamh fós de an lá san a bheidh ag sealbhaire na talmhan tógála ar an talamh tógála (pe'ca isé féin an t-iarratasóir no nách é) no seilbh fé thionóntacht bhliantúil no fé aon tionóntacht is lugha ná san, toiliú i scríbhinn ón té bheidh de thurus na huaire i seilbh an leasa is ísle sa talamh tógála is leor chun neartuithe le léas céad go leith blian do dheonadh an lá san.

(3) Beidh an t-iarratasóir saor o n-a bheith air an toiliú luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so d'fháil má sé féin sealbhaire na talmhan tógála agus gur fé léas go mbeidh deich mbliana ar a luighead gan caitheamh fós de an lá déanfar an t-iarratas fén alt so bheidh seilbh aige ar an talamh tógála.

(4) Beidh sa bhfógra iarratais no sa scríbhinn eile le n-a gcuirfear iarratas fé bhráid na Cúirte fén alt so ráiteas ar chineál ghenerálta agus ar líon na bhfoirgintí bheidh beartuithe le tógáil fén léas tógála bheidh á iarraidh san iarratas san.

(5) Má cuirtear iarratas fé bhráid na Cúirte fén alt so, ní foláir don Chúirt bheith sásta, sara dtéighidh ar aghaidh leis an iarratas san d'éisteacht, go bhfuil fógra i dtaobh an iarratais faighte ag gach páirtí is gá, agus chuige sin féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaí pé fiosrú agus go seirbheálfaí pé fógraí is dóich léi is ceart agus féadfaidh go sonnrách a ordú gur tré fhógrán a seirbheálfaí aon fhógra den tsórt san.

(6) Más rud é, ar éisteacht iarratais fén alt so, go mbeidh an Chúirt sásta, ag féachaint do gach a mbaineann leis an gcás, go mbeidh sé ceart agus réasúnta léas tógála ar an talamh tógála no ar aon chuid de do thabhairt don iarratasóir fén alt so, féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaí an léas tógála san dá réir sin.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach léas tógála tabharfar fén alt so, sé sin le rá:—

(a) isé téarma an léasa san ná pé téarma, nách sia ná céad go leith bliain, ordóidh an Chúirt, agus tosnóidh an téarma san ar pé dáta shocróidh an Chúirt;

(b) déanfar leis an léas san pé cíos no cíosanna ordóidh an Chúirt do chur ar cosnamh do pé daoine ordóidh an Chúirt;

(c) má orduíonn an Chúirt amhlaidh, déarfar sa léas san gur léas maraon le sreath de léasanna frith-dhílse é;

(d) beidh sa léas san pé cumhnanta agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear cumhnant, i bpáirt an léasaí, foirgint no foirgintí do thógáil san áitreabh aistrithe do réir pleananna le n-a n-aontóidh an léasóir, no an Chúirt, no le n-a n-aontófar ar shlí eile) ordóidh an Chúirt;

(e) isiad a bheidh mar pháirtithe sa léas san ná pé daoine ordóidh an Chúirt;

(f) isí an Chúirt a shocróidh dréacht an léasa san agus a aontóidh leis;

(g) féadfaidh an Chúirt a údarú críochnú an léasa san do chur ar athló go dtí go mbeidh an fhoirgint no na foirgintí no cuid áirithe den chéanna críochnuithe.

(8) Más rud é, maidir le duine go n-ordóidh an Chúirt do bheith ina pháirtí i léas tógála fén alt so, nách féidir dó do réir dlí bheith ina pháirtí sa léas san chun na gcrícheanna ordóidh an Chúirt toisc gur iontaobhaí é no ionadaí pearsanta no duine eile go gcomhacht iontaobhaí no toisc gur mion-aoiseach é no toisc gan ach estát le n-a shaol no do shliocht áirithe no estát teoranta eile do bheith aige no toisc cumhnanta sriantacha do bheith sa léas fé n-a mbeidh seilbh na talmhan tógála aige, féadfaidh an Chúirt, le hordú, comhacht do thabhairt don duine sin bheith ina pháirtí sa léas san chun na gcrícheanna san agus an léas san do chríochnú dá réir sin.

(9) Más rud é, maidir le duine go n-ordóidh an Chúirt do bheith ina pháirtí i léas tógála fén alt so, gur mion-aoiseach an duine sin no gur duine é nách slán meabhair no nách féidir é d'fháil, no go ndiúltóidh sé don léas san do chríochnú no go dteipfidh san air, féadfaidh an Chúirt oifigeach don Chúirt do cheapadh chun an léasa san do chríochnú thar ceann agus in ainm an duine sin agus leis sin beidh críochnú an léasa san ag an oifigeach san thar ceann agus in ainm an duine sin chó héifeachtúil chun gach críche is dá mb'é an duine sin féin do chríochnódh é.

(10) Chun crícheanna agus i gcúrsaí léasa thógála fén alt so féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, a ordú go ndéanfaí in éamais toilithe no aontuithe na muintire is iontaobhaithe chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, d'aon tsocrú, pe'ca bheidh aon iontaobhaithe den tsórt san ann no ná beidh.

(11) Mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt ar chúis speisialta is ar an iarratasóir a bheidh agus isé íocfaidh gach costas i dtaobh iarratais do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so no bhainfidh leis sin agus i dtaobh an léasa thógála (más ann do) tabharfar do réir an iarratais sin d'ullamhú agus do chríochnú no bhainfidh leis sin.

(12) Ní bhainfidh an t-alt so le haon talamh atá dílsithe in údarás áitiúil no in údarás puiblí ar bith no atá i seilbh ar iontaoibh acu (ar aon tslí eile seachas mar thionóntaithe ann) chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas mar údarás den tsórt san no atá i seilbh aon chorporáide chun crícheanna bóthair iarainn, trambhealaigh, duga, canáile, uisce, geas, leictreachais no gnótha puiblí eile.

Ceart chun caiteachais do chur i gcoinnibh cíosa i gcásanna áirithe.

61. —(1) Má theipeann ar thiarna tighe tionóntacháin no má leigeann i bhfaillí deisiú do dhéanamh ar an tionóntachán san a bheidh ceangailte air, do réir chumhnanta no chó-aontuithe no ar aon tslí eile do réir dlí, a dhéanamh agus d'iarr tionónta an tionóntacháin sin air do dhéanamh agus go ndéanfaidh an tionónta san an deisiú san ar a chostas féin, féadfaidh an tionónta san—

(a) má bhíonn an méid do chaith sé ar dhéanamh an deisithe sin có-ionann le méid an chéad ghála eile de chíos an tionóntacháin sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chaiteachais sin no má bhíonn sé níos lugha ná san, an méid do caitheadh amhlaidh do chur, chó fada is ragha sé, i gcoinnibh an ghála chíosa san, no

(b) más mó an méid do chaith an tionónta san amhlaidh ná méid an ghála chíosa san, an méid do caitheadh amhlaidh do chur i gcoinnibh an ghála chíosa san agus gach gála ina dhiaidh sin den chíos san go dtí go mbeidh an méid do caitheadh amhlaidh aisíoctha leis an tionónta san tríd an gcur-i-gcoinnibh sin.

(2) Má deintear fén alt so suim chaiteachais do chur i gcoinnibh iomláine gála cíosa no coda dhe, ansan, ar fháil fianaise dho ar an suim do cuireadh i gcoinnibh an chíosa amhlaidh do bheith caithte beidh sé de cheangal ar an tiarna tighe bheidh i dteideal an chíosa san d'fháil admháil do thabhairt ar an ngála cíosa san den tsórt do bheadh de cheangal air do thabhairt uaidh dá mba in airgead d'íocfaí an gála san no iomlán an ghála san.

Alt 6 den Settled Land Act, 1882, do leasú.

62. —Déanfar na comhachta, chun léasanna tógála do dheonadh, a bronntar le halt 6 den Settled Land Act, 1882, ar thionónta le n-a shaol do leathnú, i gcás talmhan atá suidhte i líomatáiste baile, i dtreo go mbeidh sé údaruithe léasanna tógála ar an talamh san ar feadh téarma ar bith nách sia ná céad go leith bliain do dheonadh.

Fograí do sheirbheáil.

63. —(1) Aon fhógra no scríbhinn eile dheineann an tAcht so a cheangal ar thionónta no a údarú dho a sheirbheáil ar a thiarna tighe féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha chun an té le n-a n-íocann an tionónta san cíos an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra no an scríbhinn sin, fé sheoladh na háite ina n-íocann no chun a gcuireann an cíos san.

(2) Aon fhógra no scríbhinn eile dheineann an tAcht so a cheangal no a údarú a sheirbheáil ar thionónta féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha chun an tionónta san fé sheoladh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra no an scríbhinn sin.