14 1937


Uimhir 14 de 1937.


ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937.


ACHT CHUN ATHARUITHE DO DHÉANAMH AR NA hAMANNA CHUN TOGHACHÁIN DO CHOMÓRADH CHUN BAILL DO THOGHADH CHUN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA ÁIRITHE AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH A LEANAS AS AN ATHARÚ SAN NO GHABHAS LEIS. [2adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 , do ghairm den Acht so.

An tAire.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Cosaint d'údaráis scurtha.

3. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'oibriú aon orduithe ar n-a dhéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), no fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).

CUID II.

Foralacha Sealadacha i gcoir Toghachan chun Udaras Áitiúil seachas Comhairle Chontae-Bhuirge Chorcaighe.

Mínithe chun crícheanna Coda II.

4. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) .

(2) Beidh gach cólucht acu so leanas ina údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so agus déanfar, sa Chuid seo den Acht so, an abairt “údarás áitiúil” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae,

(b) comhairle chontae-bhuirge seachas contae-bhuirg Chorcaighe,

(c) comhairle bhuirge,

(d) comhairle bhailecheanntair,

(e) coimisinéirí baile.

Na hamanna i gcóir toghachán chun údarás áitiúil d'atharú.

5. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, le hordú, lá nach déanaí ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1940, do cheapadh, maidir le gach údarás áitiúil, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos an údaráis áitiúla san.

(2) Ní déanfar aon toghachán cinn trí mblian do bhaill aon údaráis áitiúla (seachas údarás áitiúil le n-a mbaineann an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) do chomóradh le linn na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an lá roimh an lá is lá ceaptha alos an údaráis áitiúla san, ach ina ionad san déanfar toghachán do bhaill an údaráis áitiúla san do chomóradh an lá ceaptha san.

(3) I gcás inar gá do réir dlí toghachán (nach toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla do chomóradh laistigh de thréimhse áirithe a raghaidh in éag an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, no roimhe sin, comórfar an toghachán san an lá is lá ceaptha don údarás áitiúil sin.

(4) Féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos údarásanna áitiúla deifriúla.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire le hordú fén alt so (le n-a n-áirmhítear ordú fén bhfo-alt so) lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha d'údarás áitiúil, féadfaidh, le hordú ina dhiaidh sin, an t-ordú san do cheiliúradh agus lá eile do cheapadh fé fho-alt (1) den alt so chun bheith ina lá cheaptha don údarás áitiúil sin.

(6) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srian do chur le comhacht an Aire fé aon achtachán seachas an tAcht so chun a ordú toghachán do bhaill údaráis áitiúla scurtha do chomóradh tráth ar bith.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha don údarás áitiúil gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin chinn trí mblian.

6. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach togachán do bhaill údaráis áitiúla comórfar an lá ceaptha do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur toghachán cinn trí mblian an toghachán san, agus déanfar na hamanna ar a gcomórfar toghacháin chinn trí mblian ina dhiaidh sin do bhaill an údaráis áitiúla san d'áireamh dá réir sin;

(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, beidh an lá ceaptha, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá toghacháin do bhaill an údaráis áitiúla san;

(c) mas comhairle chontae an t-údarás áitiúil sin, beidh an seachtú lá tar éis an lae cheaptha, beidh san, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig, agus dá réir sin leanfaidh téarmaí oifige fé seach na mball san go dtí an seachtú lá san agus ní níos sia ná san;

(d) maran comhairle chontae an t-údarás áitiúil sin, beidh an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha, beidh san, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig, agus dá réir sin leanfaidh téarmaí oifige fé seach na mball san go dtí an cúigiú lá san agus ní níos sia ná san.

Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin nach toghacháin chinn trí mblian.

7. —(1) Foráil ar bith atá in aon achtachán eile agus le n-a gceaptar an t-am gur laistigh de comórfar no a cuirfear fé ndeár go gcomórfar toghachán (seachas toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla ní bheidh feidhm ná éifeacht aici maidir leis an toghachán do bhall an údaráis áitiúla san is gá do réir an Achta so do chomóradh an lá ceaptha.

(2) I gcás inar gá, do réir an Achta so, toghachán (seachas toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla do chomóradh an lá ceaptha beidh dearbhú in ordú an Aire le n-a gceapfar an lá ceaptha san á dhearbhú (fé mar is ceart dar leis, an Aire) go dtuigfear an toghachán san do bheith ina thoghachán cinn trí mblian no ná beidh an toghachán san ná ná tuigfear é bheith ina thoghachán cinn trí mblian, agus i ngach cás den tsórt san—

(a) másé bheidh sa dearbhú san ná dearbhú go dtuigfear an toghachán san do bheith ina thoghachán cinn trí mblian, ansan beidh an toghachán san chun gach críche ina thoghachán cinn trí mblian do bhaill an údaráis áitiúla san agus bainfidh Cuid II d'Acht, 1927, leis dá réir sin, no

(b) másé bheidh sa dearbhú san ná dearbhú ná beidh an toghachán san ná ná tuigfear é bheith ina thoghachán cinn trí mblian, ansan ní bheidh an toghachán san ina thoghachán cinn trí mblian ach beidh an chéad toghachán eile ina dhiaidh sin do bhaill an údaráis áitiúla san ina thoghachán cinn trí mblian agus, má bhíonn sé le comóradh roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, bainfidh an tAcht so leis.

Téarma oifige ball áirithe de bhúird, etc., áirithe.

8. —(1) Baineann an t-alt so leis na baill sin, de bhord no de choiste no de chólucht eile gur gá do réir dlí go gceapfadh comhairle chontae no chontae-bhuirge gach ball no aon bhall de i gcionn gach trí mblian, a ceaptar ag comhairle chontae no chontae-bhuirge gur gá do réir an Achta so toghachán cinn trí mblian chúichi do chomóradh an lá ceaptha agus go bhfuil a dtéarma oifige á chaitheamh le linn an Achta so do rith.

(2) An téarma oifige atá á chaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag na baill sin le n-a mbaineann an t-alt so, leanfa sé go dtí an lá tar éis an lae a comórfar an chéad chruinniú bliantúil no, i gcás contae-bhuirge, an chéad chruinniú ráithiúil, tar éis an lae cheaptha, den chomhairle do cheap na baill sin.

(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhall áirithe d'aon bhord, coiste no cólucht eile ina bhall le n-a mbaineann an t-alt so agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Foth-fholúntaisi.

9. —(1) Gach foth-fholúntas le n-a mbaineann an t-alt so féadfar é líonadh tríd an údarás áitiúil gur ina mballraíocht do thárla an folúntas san do roghnú duine chun an fhoth-fholúntais sin do líonadh, ach ní har aon tslí eile.

(2) Duine roghnóidh údarás áitiúil fén alt so chun fothfholúntas le n-a mbaineann an t-alt so do líonadh beidh sé i seilbh oifige ar gach slí díreach fé is dá dtoghtaí é chun an fholúntais sin do líonadh.

(3) Baineann an t-alt so le gach foth-fholúntas i mballraíocht aon údaráis áitiúla do thárla ach nár líonadh roimh an Acht so do rith no thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha agus gur ghá do réir dlí i gceachtar cás acu san é líonadh tré thoghachán mara mbeadh an t-alt so.

Pionóisí ghabhann le heirghe-as do mhaitheamh.

10. —Má dheineann aon bhall d'údarás áitiúil chun ar gá do réir an Achta so toghachán cinn trí mblian do chomóradh an lá ceaptha eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní dlighfear aon fhíneáil ná pionós eile do chur air i dtaobh ná alos an eirghe-as san.

Cosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

11. —Má thárla no má thárlann do bhall d'údarás áitiúil go ndeintear toghachán cinn trí mblian chuige do chomóradh an lá ceaptha scur de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla do theacht i bhfeidhm aon lá tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní bheidh sé dí-cháilithe, de dhruim an scurtha san, agus dá dhruim sin amháin, chun leanúint i seilbh oifige mar bhall den údarás áitiúil sin go dtí an chéad ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig tar éis an lae cheaptha.

Alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do leasú.

12. —An tagairt atá i bhfo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear é le halt 77 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), do sna trí bliana airgeadais áitiúla is déanaí do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae, léireofar í, o am an Achta so do rith go dtí an lá ceaptha, mar thagairt do sna trí bliana airgeadais áitiúla is déanaí do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae roimh an Acht so do rith, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

Deireadh do chur le deacrachtaí i dtaobh cruinnithe áirithe.

13. —Más rud é, de bhuadh an Achta so, ná déanfar toghachán cinn trí mblian do bhaill aon údaráis áitiúla áirithe a dlightear do chomóradh sa bhliain 1937 do chomóradh amhlaidh, agus ná beidh aon dáta ceaptha ag an údarás áitiúil sin chun an chruinnithe bhliantúla no an chruinnithe ráithiúla (pe'ca aca é) den údarás áitiúil sin do chomóradh gur gá do réir dlí é chomóradh i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dar críoch an 1adh lá d'Iul, 1937, no go bhfuil no go mbeidh aon deacracht eile ann i dtaobh an chruinnithe sin, féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh i dtaobh an chruinnithe sin (agus ceapadh dáta a chomórtha d'áireamh) a chífear dó is gá chun a chur in áirithe go gcomórfar an cruinniú san go cuibhe laistigh den tréimhse sin agus go ndéanfar gnó an chruinnithe sin go cuibhe ag an gcruinniú san.

Achtacháin d'oiriúnú.

14. —Sa mhéid go mbainid le toghachán ar bith a bheidh ann an lá ceaptha no le cruinnithe údaráis áitiúla go gcomórfar toghachán chuige an lá ceaptha, beidh éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ag gach reacht, ordú, agus rialachán a bhaineann le toghachán do bhaill aon údaráis áitiúla no le cruinnithe aon údaráis áitiúla, agus féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnú no atharú do dhéanamh ar aon reacht, ordú no rialachán den tsórt san is dóich leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an reacht, ag an ordú, no ag an rialachán san do réir an ailt seo.

CUID III.

Foralacha Sealadacha i gcoir Toghachan chun Comhairle Chontae-Bhuirge Chorcaighe.

Mínithe chun crícheanna Coda III.

15. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an chomhairle” comhairle chontae-bhuirge Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “toghachán buirge” toghachán chun baill den Chomhairle do thogadh.

Amanna i gcóir toghachán buirge d'atharú.

16. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, le hordú, lá nach déanaí ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1940, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos na Comhairle.

(2) Ní comórfar aon toghachán buirge i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an lá roimh an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos na Comhairle, ach comórfar toghachán buirge an lá san a ceapfar amhlaidh chun bheith ina lá cheaptha agus comórfar toghacháin bhuirge go bliantúil ina dhiaidh sin.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos na Comhairle.

Forálacha de dhruim amanna na dtoghachán buirge d'atharú.

17. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na téarmaí oifige atá á gcaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag baill na Comhairle, sé sin le rá:—

(a) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1937, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha,

(b) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1938, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an chéad toghacháin bhuirge tar éis an lae cheaptha,

(c) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1939, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an dara toghacháin bhuirge tar éis an lae cheaptha.

Forálacha maidir le téarmaí áirithe oifige.

18. —(1) Baineann an t-alt so leis na baill sin, d'aon bhord no d'aon choiste no d'aon chólucht eile gur gá do réir dlí go gceapfadh an Chomhairle gach ball no aon bhall de i gcionn gach trí mblian, a ceaptar ag an gComhairle agus go bhfuil a dtéarma oifige á chaitheamh le linn an Achta so do rith.

(2) An téarma oifige atá á chaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag na baill sin le n-a mbaineann an t-alt so, leanfa sé go dtí an lá tar éis an lae a comórfar an chéad chruinniú ráithiúil den chomhairle tar éis an lae cheaptha.

(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhall áirithe d'aon bhord, coiste no cólucht eile ina bhall le n-a mbaineann an t-alt so agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.

19. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “foth-fholúntas” aon fholúntas i mballraíocht na Comhairle, de dhruim ball di d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, do thárla ach nár líonadh roimh an Acht so do rith no thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha.

(2) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas féadfaidh an Chomhairle aon tráth ina dhiaidh sin más rogha leo féin é, tré rún do rith chuige sin tar éis fógra seachtaine do thabhairt do gach ball den Chomhairle, a chinneadh an foth-fholúntas san do líonadh tré chó-thoghadh do réir an fho-ailt seo agus, ar bheith rithte don rún san, féadfaidh an Chomhairle, ag an gcruinniú ag ar ritheadh an rún san no ag aon chruinniú den Chomhairle ina dhiaidh sin, duine do thoghadh chun an fhoth-fholúntais sin le vótanna móráirimh de sna baill den Chomhairle bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag an gcruinniú san.

(3) Duine có-thoghfar fén alt so chun foth-fholúntas do líonadh sealbhóidh sé oifig i ngach slí fé is dá mb'é an duine é gurb é a fholúntas a bheidh á líonadh aige.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so in ainneoin éinní atá in alt 4 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh 1 de 1929 ).

Pionóisí ghabhann le heirghe as an gComhairle do mhaitheamh.

20. —Má ciríonn aon bhall den Chomhairle as a oifig mar bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní dlighfear aon fhíneáil ná pionós eile do chur air i dtaobh ná alos an eirghe-as san.

Cosaint ar dhícháiliú maidir leis an gComhairle.

21. —Má thárla no má thárlann do bhall den Chomhairle scur de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla i líomatáiste feidhmiúchán na Comhairle de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla do theacht i bhfeidhm aon lá tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní bheidh sé dí-cháilithe, de dhruim an scurtha san agus dá dhruim sin amháin, chun leanúint i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha.

Deireadh do chur le deacrachtaí i dtaobh cruinnithe ráithiúla áirithe.

22. —Más rud é, de bhuadh an Achta so, ná déanfar an toghachán buirge a dlightear do chomóradh sa bhliain 1937 do chomóradh amhlaidh, agus ná beidh aon dáta ceaptha ag an gComhairle chun an chruinnithe ráithiúla den Chomhairle do chomóradh gur gá do réir dlí é chomóradh i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1937, no go bhfuil no go mbeidh aon deacracht eile ann i dtaobh an chruinnithe sin, féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh i dtaobh an chruinnithe sin (agus ceapadh dáta a chomórtha d'áireamh) a chífear dó is gá chun a chur in áirithe go gcomórfar an cruinniú san go cuibhe laistigh den tréimhse sin agus go ndéanfar gnó an chruinnithe sin go cuibhe ag an gcruinniú san.

Achtacháin d'oiriúnú i dtaobh na Comhairle.

23. —Sa mhéid go mbainid le haon toghachán buirge bheidh ar siúl an lá ceaptha no le cruinnithe den Chomhairle tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, beidh éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ag gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineann le toghacháin bhuirge do bhaill den Chomhairle no le cruinnithe na Comhairle agus féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnú no atharú do dhéanamh ar aon reacht, ordú no rialachán den tsórt san is dóich leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an reacht, ag an ordú, no ag an rialachán san do réir an ailt seo.

CUID IV.

Foralacha maidir le Blianta Toghachain Airithe.

Bliain toghacháin i gcóir coistí oideachais ghairme beatha.

24. —Athghairmtear leis seo alt 12 den Acht Toghachán agus Cruinnithe Áitiúla (Cur ar Ath-ló), 1931 ( Uimh. 17 de 1931 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo, chun crícheanna an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ( Uimh. 29 de 1930 ), go mbeidh, maidir le gach comhairle chontae no chontae-bhuirge no bhailecheanntair agus le gach coiste oideachais ghairme beatha, an bhliain ina mbeidh an lá ceapfar fén Acht so chun toghachán do bhaill den chomhairle sin do chomóradh ina bliain toghacháin agus go mbeidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin freisin.

Bliain toghacháin i gcóir coistí talmhaíochta.

25. —Athghairmtear leis seo an méid sin, den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) , a mhíníonn an abairt “bliain toghacháin” agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach comhairle chontae agus le gach coiste talmhaíochta, go mbeidh an bhliain ina mbeidh an lá ceapfar fén Acht so chun toghachán do bhaill den chomhairle sin do chomóradh ina bliain toghacháin chun crícheanna an Sceidil sin agus go mbeidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin freisin chun na gcrícheanna san.