42 1937


Uimhir 42 de 1937.


ACHT NA dTITHE AGUS NA SCLÁBHAITHE, 1937.


ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1936, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, CHUN AILT 16 AGUS 17 D'ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1936 , DO LEASÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE IS GÁ DE DHRUIM NA nALT SAN DO LEASÚ. [18adh Mí na Nodlag, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1937, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1936, agus de Chuid II den Acht so le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937, do ghairm d'Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1936, agus de Chuid III den Acht so le chéile.

CUID II.

Achtanna na dTithe (Foralacha Airgid agus Foralacha Ilghneitheacha), 1932 go 1936, do Leasu agus do Leathnu.

Mínithe chun crícheanna Coda II.

2. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ; tá leis na habairtí “an tAire”, “baile-líomatáiste”, agus “baile-údarás” agus leis na focail “duine”, “tigh” agus “tógtha” na bríonna céanna atá leo fé seach i gCuid II den Phríomh-Acht.

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Act do leasú.

3. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfo-mhír seo leanas do chur isteach i mír (b) den fho-alt san (1) in ionad fo-mhíre (iv) atá sa mhír sin (b) anois (de bhuadh míre (b) d'alt (2) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 (Uimh. 30 de 1934) ), sé sin le rá:—

“(iv) cúig púint is dachad, más ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá d'Eanar, 1937, a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1938;”

(b) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1939, an tagairt, don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) den fho-alt san (1);

(c) i ngach cás léireofar mar thagairt don 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1936, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1938, atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1936 ( Uimh. 27 de 1936 );

(d) tré sna figiúirí “800” do chur i bhfo-mhír (ii) de mhír (i) den fho-alt san (1) in ionad na bhfigiúirí “750” atá anois sa bhfo-mhír sin (ii);

(e) tré sna focail agus na figúirí “roimh an 1adh lá d'Abrán. 1939” do chur isteach i mír (j) den fho-alt san (1) i ndiaidh na bhfocal “gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin” agus i ndiaidh na bhfocal “do dheisiú” atá anois sa mhír sin (j).

Srianta breise le deontaisí fé Alt 5 den Phríomh-Acht

4. —I dteanta na srian a forchuirtear le fo-alt (3) d'alt 5 den Phríomh-Acht ní dheonfaidh an tAire deontas fé alt 5 den Phríomh-Acht, fé mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus an tAcht so d'áireamh)—

(a) alos tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte go ndearnadh mar gheall ar a léirscrios—

(i) cúiteamh d'íoc ar scór aithne do rinneadh no tuairisce do tugadh fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, no

(ii) íocaíocht d'íoc ar scór mholta do rinne an Coimisiún Cúitimh (Éirinn); ná

(b) alos tighe athdhéanta go ndearnadh, mar gheall ar dhamáiste do rinneadh don fhoirgint sarar hathrinneadh í,—

(i) cúiteamh d'íoc ar scór aithne do rinneadh no tuairisce do tugadh fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, no

(ii) íocaíocht d'íoc ar scór mholta do rinne an Coimisiún Cúitimh (Éirinn); ná

(c) alos tighe gur deonadh deontas ina thaobh fé Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934; ná

(d) alos tighe gur deonadh deontas ina thaobh fén bPríomh-Acht, fé mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus an tAcht so d'áireamh).

Deontaisí ón Aire agus o bhaile-údaráis alos oibreacha áirithe do rinneadh ar thithe i mbailelíomatáistí.

5. —(1) Má dheineann baile-údarás, tar éis an Achta so do rith, fógra do sheirbheáil fé alt 19 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ( Uimh. 50 de 1931 ), ar dhuine go n-urláimh aige ar thigh i mbaile-líomatáiste agus go ndéanfaidh an duine sin na hoibreacha luadhfar san ordú san ar an tigh sin, ansan, fé réir forálacha an ailt seo:—

(a) féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus fé réir na rialachán orduithe, deontas alos na n-oibreacha san do dheonadh don duine sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus

(b) féadfaidh an baile-údarás san freisin deontas do dheonadh don duine sin alos na n-oibreacha san.

(2) Ní raghaidh aon deontas a dheonfaidh an tAire no baile-údarás fén alt so alos aon oibreacha déanfar ar thigh thar pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(a) £40 in aghaidh gach áite comhnaithe fé leith a bheidh sa tigh sin tar éis na n-oibreacha san do dhéanamh,

(b) an ceathrú cuid de chostas na n-oibreacha san.

(3) Ní dheonfaidh an tAire deontas fén alt so alos oibreacha do rinneadh ar thigh le n-a mbaineann an t-alt so má cuirtear ina luighe air ná dearnadh, faid do bhí na hoibreacha san á ndéanamh, rátaí tuarastail d'íoc no coinníollacha oibre do chólíonadh a bhí chó tairbheach ar a laighead do sna daoine bhí ar fostú ag déanamh na n-oibreacha san agus a bheadh na rátaí oiriúnacha tuarastail no na coinníollacha oiriúnacha oibre le n-a raibh glactha ag cumainn chéirde i gcoitinne le linn tosnú ar na hoibreacha san.

(4) Ní deonfar aon deontas fén alt so alos oibreacha do rinneadh ar thigh i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire mara n-aontuighidh an tAire agus an baile-údarás deontaisí có-mhéide do dheonadh alos na n-oibreacha san.

(5) Ní dheonfaidh baile-údarás deontas fén alt so alos oibreacha do rinneadh ar thigh i mbaile-líomatáiste (seachas contae-bhuirg no buirg Dhún Laoghaire) mara ndeinidh an tAire freisin deontas a bheidh chó mór leis no níos mó ná é do dheonadh alos na n-oibreacha san.

(6) Bainfidh fo-alt (3) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus an t-alt deiridh sin roimhe seo den Acht so le deontaisí dheonfaidh an tAire fén alt so fé is dá mba dheontaisí fé alt (5) den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus an tAcht so d'áireamh), na deontaisí sin.

(7) Chun crícheanna an ailt seo beidh na comhachta céanna ag baile-údarás chun costaisí do chruinniú agus chun airgead d'fháil ar iasacht a bronntar ortha le Cuid III den Housing of the Working Classes Act, 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(8) Má dheonann an tAire deontas fén alt so do dhuine ar bith alos oibreacha do rinneadh ar thigh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire a cheangal ar an duine sin, mar choinníoll a ghabhann le deontas, aon gheallúint do thabhairt uaidh is dóich leis an Aire is ceart i dtaobh an chíosa mhaximum éileoidh an duine sin ar an tigh sin no ar aon áit chomhnaithe fé leith a bheidh sa tigh sin tar éis na n-oibreacha san do dhéanamh;

(b) má bheirtear an gheallúint sin ní bheidh aon chíos iníoctha ag tionónta an tighe sin no na háite comhnaithe fé leith sin is mó ná an cíos maximum a cheaduíonn an gheallúint sin;

(c) féadfaidh an tAire a cheangal ar an duine sin, mar choinníoll a ghabhann le deontas, aon gheallúint do thabhairt uaidh is dóich leis an Aire is ceart i dtaobh na rátaí tuarastail a híocfar no na coinníollacha oibre a cólíonfar agus na hoibreacha san á ndéanamh.

(9) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag socrú i dtaobh éinní no aon ruda go mbeidh socrú le déanamh ina thaobh fén alt so leis na rialacháin orduithe.

Méid iomlán na ndeontas fé alt 5 den Phríomh-Acht agus fén Acht so.

6. —Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire fé alt 5 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus an tAcht so d'áireamh), agus fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, thar suim trí mhilleon agus cúig chéad míle punt.

Alt 8 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Leasuítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(4) Féadfaidh an tAire a cheangal ar aon duine no cumann maitheasa puiblí, mar choinníoll ar a ndeonfaidh deontas don duine no don chumann san (do réir mar a bheidh) alos tigh do thógáil le n-a mbaineann an t-alt so dar leis an Aire, aon gheallúint do thabhairt is dóich leis an Aire is ceart i dtaobh na rátaí tuarastail a híocfar no na gcoinníollacha oibre cólíonfar le linn an tighe sin do thógáil.”

Geallúint d'fhoirfheidhmiú.

8. —Má rinne an tAire roimh an Acht so do rith no má dheineann dá éis sin aon deontas no tráthchuid de dheontas d'íoc le haon duine no cumann maitheasa puiblí fé alt 5 den Phríomh-Acht agus aon gheallúint do bheith tugtha ag an duine sin no ag an gcumann san (do réir mar a bheidh) don Aire mar choinníoll a ghabhann leis an deontas san agus gan an gheallúint sin do bheith cólíonta beidh éifeacht ag na forálacha leanas, sé sin le rá:—

(1) dlighfidh an duine no an cumann maitheasa puiblí sin (do réir mar a bheidh) méid an deontais sin d'aisíoc leis an Aire;

(2) féadfar an méid sin do bhaint den duine sin no den chumann mhaitheasa phuiblí sin (do réir mar a bheidh) mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

Athghairm.

9. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID III.

Acht na Sclabhaithe, 1936 , do Leasu.

Míniú chun crícheanna Coda III.

10. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) .

Ailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht do leasú agus forálacha iarmartacha.

11. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht tré mhír (c) den fho-alt san do scriosadh amach, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht tré sna focail seo leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“ach má bhíonn aon chíos dlite ar an iostán san ní déanfar an t-ordú dílsiúcháin sin mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar—

(i) méid an chíosa bheidh dlite d'íoc leis an mbord sláinte sin maran mó ná cíos ráithe é, no

(ii) suim nach lugha ná cíos ráithe d'íoc leis an mbord sláinte sin ar cuntas an méid cíosa bheidh dlite más mó san ná cíos ráithe.”

agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Má dheineann bord sláinte ceanntair shláinte chontae ordú dílsiúcháin, fé fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an alt so, i dtaobh iostáin go mbeidh aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so) dlite air alos cíosa tráth déanta an orduithe dhílsiúcháin sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna an fho-ailt seo—

cialluíonn an abairt “an phrímh-bhlianacht” an bhlianacht inchríochnuithe luaidhtear maidir leis an iostán san sa scéim cheannaigh (do réir bhrí an Phríomh-Achta) a bhaineann leis an iostán san,

cialluíonn an abairt “laetheanta gála” na laetheanta luadhfar san ordú dílsiúcháin sin do réir mhíre (b) d'fho-alt (2) den alt san 17;

(b) íocfar an riaráiste leis an mbord sláinte sin fé cheann pé méid blian (dá ngairmtear an tréimhse chistiúcháin sa bhfo-alt so) a cheapfaidh an bord sláinte sin, ag tosnú i dtosach na tréimhse íocaíochta (do réir bhrí an fho-ailt sin (2)) i leith an iostáin sin agus ag críochnú tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse sin, agus má orduíonn an bord sláinte sin amhlaidh íocfar é go n-ús do réir pé ráta (nach mó na 4¾per cent. sa bhliain) a cheapfaidh an bord sláinte sin don cheanntar sláinte chontae sin;

(c) déanfar an riaráiste agus aon ús a bheidh air d'íoc tré bhlianacht (dá ngairmtear an bhlianacht chistiúcháin sa bhfo-alt so) a bheidh iníoctha i rith na tréimhse cistiúcháin;

(d) isé an méid seo leanas a bheidh sa bhlianacht chistiúcháin, eadhon,—

(i) má orduíonn an bord sláinte sin an riaráiste sin d'íoc go n-ús air, pé méid is dóich leis an mbord sláinte sin is leor chun an riaráiste, go n-ús do réir an ráta bheidh ceaptha amhlaidh, d'íoc i rith na tréimhse cistiúcháin ina thráthchoda codroma ar na laetheanta gála bheidh sa tréimhse chistiúcháin, no

(ii) in aon chás eile, pé méid is có-ionann leis an riaráiste ar n-a roinnt ar uimhir is có-ionann leis an uimhir de bhlianta bheidh sa tréimhse chistiúcháin;

(e) beidh íoc na blianachta cistiúcháin leis an mbord sláinte sin ina mhuirear ar an iostán san de bhuadh na míre seo;

(f) íocfar an bhlianacht chistiúcháin ina tráthchoda codroma ar na laetheanta gála bheidh sa tréimhse chistiúcháin, agus i rith na tréimhse cistiúcháin beidh sé ina choinníoll de sna coinníollacha reachtúla bhainfidh leis an iostán san tráthchuid den bhlianacht chistiúcháin d'íoc go féiltiúil leis an mbord sláinte sin gach lá gála i rith na tréimhse cistiúcháin, agus déanfar an abairt “tráthchuid de bhlianacht” atá in ailt 22 agus 24 den Phríomh-Acht do léiriú mar abairt a fholuíonn tráthchuid den bhlianacht chistiúcháin;

(g) déanfar an tagairt atá in alt 27 den Phríomh-Acht do bhlianacht cheannaigh an iostáin do léiriú i rith na tréimhse cistiúcháin mar thagairt don phrímhbhlianacht agus í méaduithe de shuim is có-ionann leis an mblianacht chistiúcháin;,

(h) nuair bheidh méid na blianachta cistiúcháin no méid aon tráthchoda den bhlianacht chistiúcháin á dhéanamh amach ní tabharfar áird ar aon chodán de phingin is luath na leath-phingin agus áirmheofar mar phingin aon chodán de phingin is có-ionann le leath-phingin no is mó ná leath-phingin;

(i) déarfar san ordú dilsiúcháin sin go mbainfidh forálacha an fho-ailt seo leis an iostán san agus luadhfar an tréimhse chistiúcháin ann agus méid na blianachta cistiúcháin agus an méid a bheidh i dtráthchuid di.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 19 de 1932 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 .

Fo-mhír (iv) de mhír (b) d'fho-alt (1) d'Alt 5; míreanna (c), (d) agus (f) d'fho-alt (3) d'Alt 5.

Uimh. 30 de 1934 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 .

Mír (b) d'Alt 2.

Uimh. 27 de 1936 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1936 .

Mír (a) d'fho-alt (1) d'Alt 2; Alt 3.