4 1945


Uimhir 4 de 1945.


AN tACHT EITINNE (SANATORIA DO BHUNÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA CHUN SANATORIA DO BHUNÚ CHUN DAOINE AR A bhFUIL EITINN DO CHÓIREÁIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LENA mBUNÚ SAN. [6ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus comhluadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Eitinne (Sanatoria do Bhunú), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Eitinne, 1908 go 1945, do ghairm de na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

fó-ordú.

ciallaíonn an abairt “fó-ordú” ordú fá fhó-alt (4) d'alt 10 den Acht so;

suim bhliantúil.

ní fholaíonn an abairt “suim bhliantúil” cíos fá chonnradh tionóntachta;

Coimisinéirí.

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

údarás contae.

ciallaíonn an abairt “údarás contae” comhairle chontae nó bárdas contae-bhuirge;

éasáid.

folaíonn an focal “éasáid” aon cheart (seachas ceart poiblí) i dtalamh nó trí thalamh;

bunú, cur ar bun.

folaíonn an focal “bunú”, nuair a húsáitear é maidir le sanatorium, an sanatorium san do chur ar fáil, do thógáil agus do ghléasadh agus fós gach ní réamhghabhas nó bhaineas leis an sanatorium san do bhunú, agus léireofar an abairt “cur ar bun” dá réir sin nuair a húsáitear amhlaidh í;

leas.

nuair a húsáitear an focal “leas” maidir le talamh, folaíonn sé eire;

Coimisiún na Talún.

ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

Aire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

réamh-ordú.

ciallaíonn an focal “réamh-ordú” ordú fá fhó-alt (1) d'alt 9 den Acht so;

sanatorium.

ciallaíonn an focal “sanatorium” ospidéal, chun daoine ar a bhfuil an eitinn do chóireáil, lena n-áirítear na tailte agus na soighnis eile ghabhas leis, áiteanna comhnaithe don fhoirinn, agus aon fhó-ranna nó fó-fhorais;

dáta dílsiúcháin.

ciallaíonn an abairt “an dáta dílsiúcháin”, maidir le talamh is abhar d'ordú dílsiúcháin, an dáta a ndéarfar san ordú gurb é an dáta é ar a ndílseoidh an talamh san Aire;

ordú dílsiúcháin.

ciallaíonn an abairt “ordú dílsiúcháin” ordú fá fhó-alt (1) d'alt 10 den Acht so.

Saoirse ó dhiúité stampa.

3. —Ní bheidh diúité stampa fán Stamp Act, 1891, iníoctha ar aon ordú ná aistriú déanfar fán Acht so.

CUID II.

Sanatoria do Bhunu.

Dearbhú go bhfúiltear ar intinn sanatorium do chur ar bun.

4. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá sanatorium nua d'áitreafóirí aon líomatáiste áirithe, féadfaidh sé a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn aige an sanatorium san do chur ar bun, agus air sin féadfaidh sé an sanatorium san do chur ar bun sa líomatáiste sin nó in aice leis.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fán alt so tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1948.

Iocaíochta ó Bhord Iontaobhais na nOspidéal.

5. —Féadfaidh an tAire ordachán do thabhairt do Bhord Iontaobhais na nOspidéal íocaíochta do dhéanamh as Ciste Iontaobhais na nOspidéal chun íoctha an chostais a bhainfeas le sanatorium do bhunú fán Acht so agus déanfaidh Bord Iontaobhais na nOspidéal do réir an ordacháin sin.

Sanatorium d'aistriú chun údaráis chontae nó chun údarás contae.

6. —(1) Nuair is dóigh leis an Aire bunú sanatorium fán Acht so do bheith críochnaithe, déanfaidh an tAire a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh an sanatorium curtha ar bun agus gléasra an sanatorium d'aistriú—

(a) i gcás gan ach aon údarás contae amháin do bheith ann don líomatáiste ar dá áitreafóirí a bheas an sanatorium curtha ar bun, chun an údaráis sin, nó

(b) i gcás dhá údarás chontae nó níos mó do bheith ann don líomatáiste sin, chun údaráis amháin acu san nó chun cuid acu nó chucu go léir le chéile (fé mar a mheasfas an tAire is oiriúnach).

(2) Ar thalamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú fán alt so agus dá éis, beidh feidhm agus éifeacht ag na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, fé is dá mba ospidéal do cuireadh ar fáil fá na hAchta san ag an údarás contae nó na húdaráis chontae chun ar haistríodh an talamh san amhlaidh an sanatorium.

(3) I gcás—

(a) talamh do bheith tógtha go héigeanta ag an Aire fá Chuid III den Acht so, agus

(b) díreach roimh an talamh do thógaint, eastát nó leas sa talamh do bheith ag údarás contae, nó ag dhá údarás chontae nó níos mó le chéile, agus

(c) an talamh d'aistriú fán alt so ar shlí ná faghaidh an t-údarás contae sin nó aon cheann nó cinn de na húdaráis chontae sin eastát sa talamh,

féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon údarás contae a gheobhaidh eastát sa talamh de bhuaidh an aistrithe pé suim nó suimeanna is réasúnach leis an Aire d'íoc leis an údarás contae nó na húdaráis chontae (fé mar bheas) ná faghaidh eastát sa talamh mar adúradh.

(4) I gcás ina gceanglófar fá fhó-alt (3) den alt so go n-íocfadh údarás contae suim le húdarás contae eile, féadfaidh an t-údarás deiridh sin an tsuim do bhaint den údarás sin a céadluaitear mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Údarás contae do dhéanamh íocaíochta leis an Aire chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal.

7. —(1) Má dhéanann an tAire, trí aistriú fá alt 6 den Acht so, a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú chun aon údarás chontae amháin, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar an údarás contae pé cuid (nach mó ná trian) is réasúnach leis an Aire d'aon tsuim d'íoc Bord Iontaobhais na nOspidéal de bhun ordacháin fá alt 5 den Acht so i dtaobh, an sanatorium d'íoc leis chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal.

(2) Má dhéanann an tAire, trí aistriú fá alt 6 den Acht so, a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú chun dhá údarás chontae nó níos mó, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar na húdaráis chontae pé cuid (nach mó ná trian) is réasúnach leis an Aire d'aon tsuim d'íoc Bord Iontaobhais na nOspidéal de bhun ordacháin fá alt 5 den Acht so i dtaobh an sanatorium d'íoc leis i gcionúireachta sonnraithe chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal.

(3) Má ceangaltar ar údarás contae fán alt so suim d'íoc leis an Aire, féadfaidh an tAire an tsuim do bhaint den údarás san mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Suim a gheobhaidh an tAire de dhruim ceanglais fán alt so, aisíocfaidh sé í le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal.

CUID III.

Talamh do Thogaint.

Cumhacht ghenerálta chun talamh do thógaint.

8. —Chun sanatorium do bhunú fán Acht so, féadfaidh an tAire talamh do thógaint trí chomhaontú nó go héigeanta.

Réamh-ordú.

9. —(1) Má bhíonn an tAire ar intinn aon talamh do thógaint go héigeanta chun sanatorium do bhunú fán Acht so, déanfaidh sé, fá réir forál an ailt seo, ordú á dhearbhú san do bheith ar intinn aige agus déanfaidh, a luaithe is caothúil tar éis an t-ordú do dhéanamh—

(a) cóip den ordú do chur ar taspáint ar an talamh nó in aice leis, agus

(b) cóip den ordú do thabhairt do gach duine a bhfeicfear don Aire aon eastát nó leas do bheith aige sa talamh agus ar féidir a ainm d'fháil amach trí fhiosruithe réasúnta, agus

(c) cóip den ordú d'fhoillsiú i nuachtán a léitear i líomatáiste ina bhfuil an talamh.

(2) Má bheartaíonn an tAire réamh-ordú do dhéanamh maidir le talamh a bheas ar seilbh nó gabhtha ag comhlucht corpraithe chun críocha iarnróid, trambhealaigh, duga, cuain nó canálach, raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála sara ndéanfaidh an t-ordú.

(3) Beidh sa réamh-ordú léarscáil nó plean a thaspánfas an talamh lena mbaineann an t-ordú.

(4) Féadfar an léarscáil nó an plean a bheas i réamh-ordú d'fhágaint as na cóipeanna den ordú a cuirfear ar taspáint agus a foillseofar de bhun míreanna (a) agus (c) d'fhó-alt (1) den alt so, ach déanfar cóip den léarscáil nó den phlean san do lóisteáil i dTigh an Chustaim, Baile Atha Cliath, agus do choimeád ar fáil ansan chun a hiniúchta i dtrátha réasúnacha agus beidh ag gabháil leis na cóipeanna san den ordú ráiteas go bhfuil an léarscáil nó an plean san lóisteálta agus á choimeád ar fáil chun a iniúchta mar adúradh.

Ordú Dílsiúcháin.

10. —(1) Tráth ar bith tar éis lá agus fiche do bheith caite i ndiaidh ceanglais fhó-ailt (1) d'alt 9 den Acht so do chomhlíonadh maidir le réamh-ordú, féadfaidh an tAire, fá réir forál an ailt seo, ordú do dhéanamh ag dílsiú an tailimh go léir nó aon chuid den talamh lena mbainfidh an réamh-ordú san Aire ar dháta áirithe nach luaithe ná tríocha lá tar éis an t-ordú dílsiúcháin do dhéanamh.

(2) Maidir le hordú dílsiúcháin—

(a) beidh léarscáil nó plean ann a thaspánfas an talamh lena mbaineann an t-ordú,

(b) gan dochar d'fhó-ailt (3) agus (4) den alt so, déarfaidh agus déanfaidh an talamh do dhílsiú san Aire ar an dáta dílsiúcháin i mbithdhílse fá réir—

(i) aon easáidí bhainfeas leis an talamh, agus

(ii) aon chearta poiblí bhainfeas leis an talamh, agus

(iii) aon tsuime bliantúla is iníoctha ar an talamh, ann féin nó i dteannta aon tailimh eile, le Coimisiún na Talún nó leis na Coimisinéirí,

ach, lasmuigh de na nithe adúradh, saor ó gach éileamh pé acu i leith eastát nó leas sa talamh nó ar shlí eile é.

(3) Má dhéanann an tAire ordú dílsiúcháin maidir le haon talamh (dá ngairmtear an talamh tógtha sa bhfó-alt so) ar a mbeidh, i dteannta tailimh eile, suim bhliantúil iníoctha le Coimisiún na Talún nó leis na Coimisinéirí—

(a) déanfaidh an tAire fógra i dtaobh an orduithe do thabhairt do Choimisiún na Talún nó do na Coimisinéirí (pé acu é) agus bhéarfar sa bhfógra san sonnraí ar an talamh tógtha,

(b) déanfaidh Coimisiún na Talún nó na Coimisinéirí (pé acu é), a luaithe is féidir tar éis dóibh an fógra san d'fháil—

(i) an tsuim bhliantúil do chionroinnt, go n-éifeacht amhail ar an dáta dílsiúcháin agus as san amach, idir an talamh tógtha agus an talamh eile i pé slí mheasfaid is ceart, nó d'eile

(ii) iomlán na suime bliantúla do mhuirearú, go n-éifeacht amhail ar an dáta dílsiúcháin agus as san amach, ar an talamh tógtha nó ar an talamh eile.

(4) Má dhéanann an tAire ordú dílsiúcháin maidir le haon talamh, féadfaidh sé leis an ordú san nó le hordú iaraimseartha fán bhfó-alt so ceachtar ní nó an dá ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú aon cheart poiblí sonnraithe bhainfeas leis an talamh nó gach ceart poiblí bhainfeas leis an talamh do bheith arna fhoirceannadh,

(b) a dhearbhú aon éasáid shonnraithe bhainfeas leis an talamh nó gach éasáid a bhainfeas leis an talamh do bheith arna foirceannadh,

agus aon cheart poiblí nó éasáid lena mbainfidh an dearbhú beidh sé arna fhoirceannadh ar an dáta dilsiúcháin nó ar dháta an orduithe iaraimseartha san do dhéanamh (pé acu is iomchuibhe).

(5) Má dhéanann an tAire ordú dílsiúcháin, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an t-ordú do dhéanamh—

(a) cóip den ordú do chur ar taspáint ar an talamh lena mbainfidh an t-ordú nó in aice leis, agus

(b) cóip den ordú do thabhairt do gach duine a bhfeicfear don Aire aon eastát nó leas do bheith aige sa talamh, díreach roimh an t-ordú do dhéanamh, agus ar féidir a ainm d'fháil amach trí fhiosruithe réasúnta,

(c) cóip den ordú d'fhoillsiú i nuachtán a léitear i líomatáiste ina bhfuil an talamh.

(6) I gcás aon éasáid d'fhoirceannadh trí ordú dílsiúcháin nó trí fhó-ordú, déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an t-ordú do dhéanamh, cóip den ordú do thabhairt don duine a bhfeicfear don Aire é bheith i dteideal na héasáide díreach roimh an t-ordú do dhéanamh, más rud é gur féidir ainm an duine sin d'fháil amach trí fhiosruithe réasúnta.

(7) I gcás aon cheart poiblí d'fhoirceannadh trí ordú díl siúcháin nó trí fhó-ordú, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur gá é, socrú do dhéanamh chun ceart do bheith infheidhmithe ag an bpobal in ionad an chirt fhoirceannta.

(8) Féadfar an léarscáil nó an plean a bheas in ordú dílsiúcháin d'fhágaint as na cóipeanna den ordú a cuirfear ar taspáint agus a foillseofar de bhun míreanna (a) agus (c) d'fhó-alt (5) den alt so, ach déanfar cóip den léarscáil nó den phlean san do lóisteáil i dTigh an Chustaim, Baile Atha Cliath, agus do choimeád ar fáil chun a hiniúchta i dtrátha réasúnacha agus beidh ag gabháil leis na cóipeanna san ráiteas go bhfuil an léarscáil nó an plean san lóisteálta agus á choimeád ar fáil chun a iniúchta mar adúradh.

Clárú fá na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

11. —(1) Nuair a dhéanfas an tAire ordú dílsiúcháin maidir le haon talamh, cuirfidh sé an t-ordú chun an údaráis chlárathachta fá na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus air sin cuirfidh an t-údarás san fá ndear an tAire do chlárú fá na hAchta san mar únaer ar an talamh do réir an orduithe.

(2) Má dhéanann an tAire fó-ordú, cuirfidh sé an t-ordú chun an údaráis chlárathachta fá na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

(3) I gcás aon cheart poiblí nó éasáid a bhainfeas le talamh do bheith arna fhoirceannadh de bhuaidh orduithe dhílsiúcháio nó fó-orduithe, déanfaidh an t-údarás clárathachta chun a gcuirfear an t-ordú de bhun an ailt seo a chur fá ndear sonnraí i dtaobh an fhoirceannta san do nótáil sa bhfóile bhainfeas leis an talamh.

(4) Ní bheidh táille ar bith iníoctha ag an Aire i leith aon chláruithe nó nótála de bhun an ailt seo.

Seilbh do ghlacadh ar thalamh a bheas tógtha go héigeanta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar an talamh lena mbainfidh ordú dílsiúcháin ar an dáta dílsiúcháin nó tráth ar bith dá éis.

(2) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar an dul isteach nó an glacadh seilbhe ar thalamh ar bith fán alt so, beidh an duine sin, gan dochar d'aon imeachta a chuirfidh an tAire ar siúl chun seilbh d'fháil ar an talamh, ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó, más rogha leis an gCúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Cúiteamh.

13. —(1) I gcás ordú dílsiúcháin do dhéanamh maidir le haon talamh, íocfaidh an tAire le gach duine a raibh aige, díreach roimh an dáta dílsiúcháin, aon eastát nó leas ann a bheas dílsithe san Aire, cúiteamh alos an eastáit nó an leasa san.

(2) I gcás aon talamh is abhar d'ordú dílsiúcháin do bheith, díreach roimh an dáta dílsiúcháin, fá aon éasáid agus an éasáid do bheith foirceannta fán Acht so, íocfaidh an tAire leis an duine do bhí, díreach roimh an bhfoirceannadh san, i dteideal na héasáide, cúiteamh i leith an fhoirceannta san.

(3) Fá réir fó-ailt (4) den alt so, má bhíonn cúiteamh iníoctha fá fhó-alt (1) nó (2) den alt so le duine ar bith, íocfar freisin leis an duine sin ús ar mhéid an chúitimh do réir trí puint fán gcéad sa bhliain ón dáta dílsiúcháin nó, i gcás an cúiteamh do bheith iníoctha i leith éasáid d'fhoirceannadh, ó dháta an fhoirceannta, go dtí an dáta ar a n-íocfar an cúiteamh nó, i gcás an cúiteamh do lóisteáil fán Lands Clauses Consolidation Act, 1845, go dtí dáta an lóisteálta.

(4) I gcás—

(a) ordú dílsiúcháin do dhéanamh i dtaobh tailimh ar bith nó éasáid ar bith d'fhoirceannadh fán Acht so, agus

(b) an tAire do bheith tar éis aon tsuim do thairgsint go neamh-choinníollach i scríbhinn mar chúiteamh, i leith aon eastáit nó leasa sa talamh nó i leith an fhoirceannta san, don duine bhí i dteideal an eastáit nó an leasa nó na héasáide sin, agus

(c) gan an duine sin do ghlacadh leis an tairgsint, agus

(d) gan an tsuim a mholfaidh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh don duine sin do bheith níos mó ná an tsuim do tairgeadh amhlaidh,

ní híocfar aon ús ar an gcúiteamh san in aghaidh aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairgseana.

(5) D'ainneoin éinní atá sna fó-ailt sin roimhe seo den alt so, ní dhlífidh an tAire cúiteamh d'íoc de bhun an ailt seo le húdarás contae.

Feidhm do bheith ag Achta na gClás Talún.

14. —(1) Beidh feidhm ag Achta na gClás Talún maidir le meisiúnú cúitimh is iníoctha fán gCuid seo den Acht so agus, chun críocha na feidhme sin, is tuigthe gurb é an tAire bunaitheoir an ghnóthais agus is tuigthe gurb iad an Chuid seo den Acht so agus an t-ordú iomchuibhe fúithi an tAcht speisialta.

(2) In aon chás ina mbeidh feidhm de bhuaidh fó-ailt (1) den alt so ag an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, is fá réir na modhnuithe seo leanas a bheas feidhm ag an Acht san:—

(a) déanfar an tagairt atá i bhfó-alt (1) d'alt 1 do Roinn Rialtais do léiriú mar thagairt don Aire,

(b) déanfar an tagairt atá sa bhfó-alt san (1) do léas do léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do dheonadh feirm-dhílse nó d'aon chonnradh tionóntachta,

(c) ní bheidh feidhm ag ailt 7 agus 8.

(3) Beidh feidhm ag ailt 69, 70, 71, 72, 73, 74, 76, 78, 79 agus 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha fán gCuid seo den Acht so agus, chun críocha na feidhme sin, is tuigthe gurb é an tAire bunaitheoir an ghnóthais agus is tuigthe gurb iad an Chuid seo den Acht so agus an t-ordú iomchuibhe fúithi an tAcht speisialta.

Costais rianuithe teidil chun eastát, leas, etc.

15. —I gcás cúiteamh do bheith iníoctha fán gCuid seo den Acht so le duine ar bith i leith aon eastáit nó leasa i dtalamh nó i leith aon éasáide bheas foirceannta, ansan, muran rud é go mbeidh an cúiteamh lóisteálta fá alt 76 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, toisc an duine sin dá dhiúltú go toiliúil an cúiteamh do ghlacadh nó an duine sin dá fhaillí go toiliúil teideal fónta chun an eastáit, an leasa nó na héasáide sin do dhéanamh amach, íocfaidh an tAire leis an duine sin na costais fána ndeachaidh sé chun an teideal chun an eastáit, an leasa nó na héasáide sin do rianú, d'fhianú agus d'fhíorú, agus beidh feidhm ag alt 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis na costais sin agus, chun críocha na feidhme sin, is tuigthe gurb é an tAire bunaitheoir an ghnóthais.

Dul isteach ar thalamh.

16. —(1) Féadfaidh oifigeach nó gníomhaire ar bith don Aire, ag á mbeidh údarás i scríbhinn ón Aire na cumhachta do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú, dul isteach ar aon talamh idir a 9 a chlog a.m. agus a 6 a chlog p.m. lá ar bith chun a fháil amach an bhfuil an talamh oiriúnach chun a úsáite chun sanatorium do bhunú agus féadfaidh gach ní is gá do réir réasúin chuige sin do dhéanamh ar an talamh.

(2) Duine ar bith a dhéanfas trí ghníomh nó trí fhaillí oifigeach nó gníomhaire don Aire do bhac agus cumhacht do bheirtear leis an alt so á feidhmiú aige go dleathach beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint do chur air.

Cóipeanna d'orduithe do thabhairt.

17. —(1) I gcás ina gceangaltar fán gCuid seo den Acht so cóip d'ordú do thabhairt do dhuine ar bith, féadfar an chóip do thabhairt don duine sin—

(a) trína seachadadh dhó, nó

(b) trína cur leis an bpost i litir chláraithe réamh-íoctha arna díriú chuige go dtí seoladh áite sa Stát ina mbíonn comhnaí air nó gnó ar siúl aige de ghnáth, nó

(c) trína cur leis an bpost i litir chláraithe réamh-íoctha arna díriú chun gníomhaire don duine sin go dtí seoladh áite sa Stát ina mbíonn comhnaí ar an ngníomhaire sin nó gnó ar siúl aige de ghnath.

(2) Cóip d'ordú a ceangaltar leis an gCuid seo den Acht so a thabhairt do dhuine is tuigthe í bheith tugtha dhó má dheimhníonn an tAire nach féidir do réir réasúin an chóip do thabhairt do réir fó-ailt (1) den alt so agus go gcuirfidh fá ndear cóip den ordú d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(3) Má bhíonn léarscáil nó plean in ordú a gcuirfidh an tAire fá ndear cóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil de bhun fó-ailt (2) den alt so, féadfar an léarscáil nó an plean d'fhágaint as an gcóip den ordú a foillseofar amhlaidh ach déanfar cóip den léarscáil nó den phlean do lóisteáil i dTigh an Chustaim, Baile Atha Cliath, agus do choimeád ar fáil ansan chun a hiniúchta i dtrátha réasúnacha agus beidh ag gabháil leis an gcóip den ordú a foillseofar amhlaidh ráiteas go bhfuil an léarscáil nó an plean lóisteálta agus á choimeád ar fáil chun a iniúchta mar adúradh.

(4) Ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh ar bith maidir le foráil ar bith dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so á cheangal cóip den ordú do thabhairt d'aon duine áirithe difir do bhailíocht ná d'éifeacht aon orduithe bheas déanta fán gCuid seo den Acht so.

(5) Chun cóip d'ordú do thabhairt, de bhun na Coda so den Acht so, do chuideachta bheas cláraithe fá na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, is tuigthe gnáth-chomhnaí do bheith ar an gcuideachtain ina hoifig chláraithe.

(6) Chun cóip d'ordú do thabhairt de bhun na Coda so den Acht so, do chomhlucht chorpraithe (nach cuideachta a bheas cláraithe fá na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924), nó do chomhlucht neamh-chorpraithe, is tuigthe gnáth-chomhnaí do bheith ar an gcomhlucht san ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnótha sa Stát.