7 1946


Uimhir 7 de 1946.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1945, AGUS DÁ SHRIANADH ÉIDÍ COIGRÍCHE ÁIRITHE A CHAITHEAMH SA STÁT. [29 ú Márta, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú go generálta.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945;

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin;

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Fórsaí Cosanta, 1937 (Uimh. 41 de 1937) ;

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940 ” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) .

(2) Léireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) Déanfar na hAchta agus an tAcht seo a léamh agus a léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht seo agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchta tá leo san Acht seo an bhrí a ceaptar dóibh amhlaidh.

Na hAchta a bhuanú.

2. —Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1947, agus raghaid in éag ansin.

Alt 157 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 157 den Phríomh-Acht trí na focail “inar chomhnaigh sé tráth a theistithe” a chur in ionad na bhfocal “inar teistíodh é”.

Alt 208 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —Léireofar alt 208 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo a leanas ina dheireadh—

“(4) Aon oifigeach a bhaineas leis an gCúltaca le linn dó bheith faoi thréineáil toildheonach nó le linn dó bheith faoi chóireáil in óspidéal míleata nó le linn dó bheith in éide.”.

Alt 209 den Phríomh-Acht a leasú.

5. —Léireofar alt 209 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas ina dheireadh—

“(4) Gach oifigeach neamhchoimisiúnta agus gach fear a bhaineas leis an gCúltaca le linn dó bheith faoi thréineáil toildheonach nó le linn dó bheith faoi chóireáil in óspidéal míleata nó le linn dó bheith in éide.”.

Alt 8 d'Acht 1937 a leasú.

6. —Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1937, sa mhéid go mbaineann sé le hoifigeach de na Fórsaí a scor ar fhoras aoise, fé is dá gcuirtí na focail “an tAire” in ionad na bhfocal “an tUachtarán, ar chomhairle an Rialtais,”.

Alt 19 d'Acht Uimh. 2 de 1940 a leasú.

7. —I bhfo-alt (3) d'alt 19 d'Acht Uimh. 2 de 1940 déanfar na focail “i bhfianaise oifigigh ordaithe, pearsa dá n-údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin” a chur in ionad na bhfocal “a bhfianaise oifigigh (pearsa dá n-údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin) arna ainmniú ag an Aire chuige sin”.

Alt 21 d'Acht Uimh. 2 de 1940 a leasú.

8. —I bhfo-alt (4) d'alt 21 d'Acht Uimh. 2 de 1940 , déanfar na focail “i bhfianaise oifigigh ordaithe, pearsa dá n-údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin” a chur in ionad na bhfocal “i bhfianaise aon oifigigh de na Fórsaí (pearsa dá n-údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin) arna ainmniú ag an Aire chuige sin”.

Alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 a leasú.

9. —(1) I gcás—

(a) duine lena mbaineann alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 a urscaoileadh óna fhruiliú láithreach agus é a athliostáil láithreach trí liostáil sa Chúltaca Fear faoi alt 25 d'Acht Uimh. 2 de 1940 , nó é a athliostáil faoi alt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945 ( Uimh. 10 de 1945 ), gan é a urscaoiledah as an tseirbhís faoi aon fhoráil de na hAchta nó de na rialacháin arna ndéanamh fúthu a bhaineas le hurscaoileadh as an tseirbhís, agus

(b) an duine sin a choimeád ar seirbhís mar chúltacaire a glaodh amach ar buan-tseirbhís,

déanfar an t-alt sin 57, sa mhéid go mbainfidh sé leis, a léiriú—

(i) fé is dá n-athghairmtí an míniú (atá i bhfo-alt (7) den alt sin 57) ar an abairt “ar a sheirbhís mhíleata a bheith críochnaithe”, agus

(ii) fé is dá mínítí an abairt sin mar abairt a chiallaíos an chéad dáta a fuasclófar ó sheirbhís mhíleata é i ndiaidh dáta a athliostála.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 25ú lá d'Iúl, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

Scarúin le Coimisiúin.

10. —(1) Oifigeach den Chúltaca Oifigeach ag a mbeidh céim áirithe, scarfaidh sé lena choimisiún ar aois a shlánú arb í, maidir le hoifigigh den Chúltaca Oifigeach den chéim sin, an aois ordaithe í chun iad a scarúin lena gcoimisiúin.

(2) Féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais, a ordú go scarfaidh aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach lena choimisiún ar fhoras easláinte nó ar an bhforas gur mhainnigh sé a oblagáidí míleata a chomhlíonadh mar bhí ceangailte air le rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchta nó ar an bhforas gurb é leas na seirbhíse é a scarúin lena choimisiún, agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún.

(3) I gcás duine a cheapadh, roimh an tAcht seo a rith nó dá éis, chun céime coimisiúnta sealadaí sna Fórsaí nó sa Chúltaca le linn tréimhse éigeandála, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais, a ordú tráth ar bith go scarfaidh an duine sin lena choimisiún, agus sa chás sin scarfaidh an duine sin lena choimisiún.

(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an ní dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní ordaithe agus ciallaíonn an focal “ordaithe” sa bhfo-alt sin ordaithe le rialacháin den tsórt sin.

(b) Aon rialacháin a rinneadh faoi fho-alt (4) d'alt 20 d'Acht Uimh. 2 de 1940 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tAcht seo a rith, leanfaid i bhfeidhm agus is tuigthe gur faoin bhfo-alt seo a rinneadh iad.

Dátaí éifeachta ceapachán, etc., oifigeach.

11. —(1) Maidir leis na nithe seo leanas—

(a) duine do cheapadh chun céime coimisiúnta,

(b) oifigeach do dhíbhe (seachas é do dhíbhe trí bhreith arm-chúirte),

(c) oifigeach do thabhairt suas a choimisiúin,

(d) oifigeach de na Fórsaí do scor (seachas ar fhoras aoise nó faoi fho-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1937),

(e) oifigeach do scarúin lena choimisiún faoi fho-ailt (2) nó (3) d'alt 10 den Acht seo,

beidh éifeacht acu i ngach cás ó pé dáta a shocrós an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais.

(2) Maidir le hoifigeach de na Fórsaí do scor ar fhoras aoise beidh éifeacht ag an scor sin ón dáta arb é, de bhuaidh rialachán arna ndéanamh faoi na hAchta, an dáta é a bheas socair chun é do scor.

(3) Maidir le hoifigeach de na Fórsaí do scor faoi fho-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1937, beidh éifeacht ag an scor sin ó pé dáta a shocrós an tAire.

Cúltacaire a athfruiliú.

12. —(1) (a) Féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, fear den Chúltaca Fear a athfhruiliú, ar naoi mbliana a bheith caite ó dháta a theistithe, do pé tréimhse eile de sheirbhís sa chúltaca a chomhdhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach de bhliain agus fiche seirbhíse arna áireamh ó dháta a theistithe agus aon tréimhse a tugadh roimhe sin sna Fórsaí a chur sa chomhaireamh.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an t-údarás míleata ordaithe” an t-údarás a ceapfar le rialacháin, a húdaraítear leis seo don Aire a dhéanamh.

(2) Fear a hathfhruileofar faoin alt seo, bainfidh alt 34 d'Acht Uimh. 2 de 1940 leis ar théarma a athfhruilithe a bheith críochnaithe.

Díbhe uathach daoine áirithe as na Fórsaí Cosanta ba thréigtheoirí nó neamhláithrigh gan cead, agus forála a leanas as díbhe faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 362), 1945, nó faoin alt seo.

13. —(1) I gcás—

(a) ina ndearna comhalta de na Fórsaí Cosanta na Fórsaí Cosanta a thréigean nó inar fhan sé as láthair gan cead ar dháta (dá ngairmtear dáta an tréigin sa bhfo-alt seo) a thuit ar an 3ú Deireadh Fómhair, 1945, nó dá éis, agus le linn tréimhse na héigeandála, agus

(b) nár thug an comhalta sin suas é féin nó nár gabhadh é i rith na tréimhse de chéad agus ochtó lá dar thosach dáta an tréigin,

ansin, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) beidh an comhalta sin, ar an lá agus ón lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse sin is déanaí a luaitear, arna dhíbhe, de bhuaidh an fho-ailt seo, as na Fórsaí Cosanta mar gheall ar thréigean ar uair éigeandála náisiúnta agus scoirfidh de bheith ina chomhalta de na Fórsaí Cosanta,

(ii) beidh páigh agus liúntais an chomhalta sin arna ngeallbhroid go huathach in aghaidh gach lae sa tréimhse sin is déanaí a luaitear.

(2) I gcás comhalta de na Fórsaí Cosanta a dhíbhe as na Fórsaí Cosanta, de bhuaidh Airteagail 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 362), 1945 (R. & O.R., Uimh. 198 de 1945), nó de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, mar gheall ar thréigean ar uair éigeandála náisiúnta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) beidh an comhalta sin dícháilithe go ceann seacht mblian ó dháta an díbhe sin chun aon oifig nó fostaíocht acu seo leanas a shealbhú—

(i) aon oifig nó fostaíocht a n-íoctar an luach saothair a ghabhas léi as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó as airgead arna chruinniú trí chánachas áitiúil, nó

(ii) aon oifig nó fostaíocht faoi aon bhord nó comhlacht arna bhunú le húdarás reachtúil nó faoi údarás reachtúil, nó

(iii) oifig mar chomhalta íoctha d'aon bhord nó comhlacht den tsórt sin;

(b) ní bheidh aon phinsean, aisce ná liúntas, i leith a sheirbhíse sna Fórsaí Cosanta, iníoctha faoi na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1946, leis an gcomhalta sin ná ina leith;

(c) ní bheidh aon phinsean ná aisce iníoctha, faoi aon scéim arna déanamh faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, leis an gcomhalta sin ná ina leith;

(d) ní urscaoileadh chun críocha an Achta Arachais Dífhostaíochta, 1945 ( Uimh. 23 de 1945 ), an díbhe sin.

(3) Deimhniú faoi láimh oifigigh de na Fórsaí Cosanta, a bheas údaraithe chuige sin ag an Ard-Aidiúnach, á dheimhniú gur thréig comhalta sonnraithe de na Fórsaí Cosanta na Fórsaí Cosanta nó gur fhan sé as láthair gan cead ar dháta sonnraithe agus nár thug an comhalta sin suas é féin agus nár gabhadh é roimh dháta sonnraithe, is fianaise dhochlaoite é, chun críocha an Ordaithe Chumhachta Práinne (Uimh. 362), 1945 (R. & O. R., Uimh. 198 de 1945), nó chun críocha an ailt seo, ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh.

(4) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “tréimhse na héigeandála” an tréimhse dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar críoch an dáta ar a gcúlghairmfear Ordú an Achta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Staid Phráinne), 1940 (R. & O. R., Uimh. 163 de 1940);

ní fholaíonn an abairt “comhalta de na Fórsaí Cosanta” oifigeach de na Fórsaí Cosanta.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1946.

Seirbhísí príntíseach atúrnaetha sna Fórsaí Cosanta.

14. —(1) I gcás aon duine, a bhí nó a bheas ar seirbhís sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála, do bheith nó do dhul faoi dhintiúirí príntíseachta le hatúrnae cleachtach, féadfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe, as a dtreoir féin, a dhearbhú le hordú go mbeidh pé tréimhse (nach sia ná tréimhse sheirbhíse an duine sin sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála) is oiriúnach leis an gComhairle sin agus a shonnróid san ordú ináirithe, chun críocha Achta 1898, mar sheirbhís iarbhír faoi na dintiúirí príntíseachta sin faoi réir an duine sin do chomhlíonadh pé coinníoll (más ann) is oiriúnach leis an gComhairle sin agus a shonnróid san ordú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le duine ar bith, beidh feidhm, faoi réir an duine sin do chomhlíonadh na gcoinn íoll (más ann) a sonnrófar san ordú, ag na forála seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an tréimhse a sonnrófar san ordú ináirithe, chun críocha Achta 1898, mar sheirbhís iarbhír faoi n-a dhintiúirí príntíseachta,

(b) déanfar fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht 1898, sa mhéid go mbainfidh sé leis an duine sin, a léiriú fé is dá gcuirtí—

(i) na focail “except during a period declared, by an order made in respect of him by the Council of the Incorporated Law Society under Article 3 of the Emergency Powers (No. 285) Order, 1943 (S. R. & O., No. 268 of 1943), or under section 14 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1946, to be reckonable, for the purposes of this Act, as actual service under his indentures of apprenticeship” i ndiaidh na bhfocal “such practising solicitor”, agus

(ii) na focail “or service in the Defence Forces” i ndiaidh na bhfocal “employment of a solicitor”, agus

(c) féadfar na foirmeacha dearbhóide, chun críocha an ailt sin 25, a hordaítear le rialacha arna ndéanamh faoi alt 57 d'Acht 1898, a mhodhnú, maidir leis an duine sin, do réir na leasaithe a déantar le mír (b) den fho-alt seo.

(3) Aon ordú a rinneadh faoi Airteagal 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 285), 1943 (R. & O. R., Uimh. 268 de 1943), is tuigthe gur faoin alt seo a rinneadh é.

(4) Léireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus Acht 1898.

(5) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1898” an Solicitors (Ireland) Act, 1898;

ciallaíonn an abairt “tréimhse na héigeandála” an tréimhse dar thosach dáta an Achta Chumhachta Práinne, 1939 ( Uimh. 28 de 1939 ), a rith agus dar críoch dáta an Achta sin a dhul in éag.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1946.

Comhalta den chúltaca do dhíol, etc., treallaimh go héagórach.

15. —Má dhéanann aon duine ar siúl go toiliúil le haon earra a tugadh dhó mar oifigeach nó fear den Chúltaca, nó má dhíolann nó má chuireann i ngeall é, nó má mhilleann nó má dhíobhálann go héagórach é, nó má chailleann trí fhaillí é, nó má fhaillíonn ná má dhiúltaíonn aon earra den tsórt sin a thabhairt suas ar an Aire nó duine ar bith ag gníomhú thar ceann an Aire dá éileamh sin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air,

(b) féadfaidh an Chúirt a thriailfeas an duine sin a ordú dhó, pé acu a chiontós sí sa chion sin é nó ná ciontóidh, luach na hearra a íoc leis an Aire.

Eide airm a Chaitheamh go neamhdhleathach.

16. —(1) Má dhéanann duine ar bith (nach comhalta de na Fórsaí Cosanta) aon éide leis na Fórsaí Cosanta a chaitheamh gan cead arna dheonadh ag an Aire nó thar a cheann, nó aon iontamhail mhealltach d'éide den tsórt sin a chaitheamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon éide leis na Fórsaí Cosanta nó aon iontamhail mhealltach di a chaitheamh i gcúrsa dráma stáitse nó macshamhlaithe nó taibhithe eile drámaíochta.

Drochmheas a tharraing ar éide airm.

17. —(1) Má chaitheann duine ar bith aon éide leis na Fórsaí Cosanta, nó aon éadaí i gcosúlacht le haon éide den tsórt sin nó ar a mbeidh aon cheann de chomharthaí reisiminte nó de chomharthaí suaithnidh eile aon éide den tsórt sin, i slí nó i dtosca is dócha a tharraingeodh drochmheas ar an éide sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má fhostaíonn duine ar bith aon duine eile chun aon éide leis na Fórsaí Cosanta a chaitheamh nó aon éadaí i gcosúlacht le haon héide den tsórt sin nó ar a mbeidh aon cheann de chomharthaí reisiminte nó de chomharthaí suaithnidh eile aon éide den tsórt sin i slí nó i dtosca is dócha a tharraingeodh drochmheas ar an éide sin, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

Eidí, etc., a dhathú agus a chomhshó.

18. —(1) Má dhéanann duine ar bith, (ach amháin faoi réim agus do réir cheada arna éisiúin ag an Aire nó thar a cheann,

(a) aon earra theicstíleach sheirbhíse nó aon earra a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúin gur earra theicstíleach sheirbhíse nó earra theicstíleach sheirbhíse chomhshóite í a dhathú nó a ghlacadh chun í a dathaithe, nó

(b) aon earra theicstíleach sheirbhíse a chomhshó ina hearra eile nó a ghlacadh chun a comhshóite ina hearra eile,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chionta ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse” aon earra de chineál theicstíleach a heisítear chun, nó chun úsáide, comhaltaí de na Fórsaí Cosanta;

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse chomhshóite” aon earra theicstíleach sheirbhíse a comhshódh ina hearra eile.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1946.

Oirneasa, etc., a úsáid gan údarás, etc.

19. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh aon duine neamhúdaraithe (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa bhfo-alt seo) aon earra lena mbaineann an t-alt seo, nó aon iontamhail mhealltach d'aon earra den tsórt sin, a úsáid nó a chaitheamh, nó

(b) go gcuirfidh aon duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa bhfo-alt seo) in iúl go bréagach gur duine é atá nó a bhí i dteideal aon earra lena mbaineann an t-alt seo a chaitheamh, nó

(c) go ndéanfaidh aon duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa bhfo-alt seo) gan údarás nó leithscéal dleathach a mbeidh a chruthú ar an duine sin féin) aon earra lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar, nó go dtairgfidh amhlaidh í a sholáthar, do dhuine ná beidh údarás aige í a úsáid nó a chaitheamh,

beidh an ciontaitheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Ní léireofar aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a bheir é bheith neamhdhleathach gnáthshuaitheantais reisiminte nó aon bhróiste nó ornáid is samhail de na suaitheantais sin a úsáid, a chaitheamh nó a sholáthar.

(3) Baineann an t-alt seo le haon earra, i dtaobh nó i leith seirbhíse sna Fórsaí Cosanta, arna soláthar nó arna húdarú ag an Aire agus is

(a) oirneas, nó

(b) bonn, nó

(c) ríbin boinn, nó

(d) suaitheantas, nó

(e) síog créachta, nó

(f) síne céime, nó

(g) feathal.

Oifigigh agus saighdiúirí a shaoradh ó fhorála áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

20. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 22 agus 39 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , maidir le tiomáint feithicle inneall-ghluaiste, is leis an Stát nó a bheas faoi urláimh an Aire ar shlí eile, ag aon oifigeach nó saighdiúir ar diúité.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 164 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , maidir le feithicil a bheas á tiomáint nó faoi n-a chúram ag oifigeach nó saighdiúir—

(a) a bheas ar diúité, agus

(b) a bhainfeas nó a bheas i gceangal le haon chuid de na Fórsaí Cosanta a bheas, de thuras na huaire, ag gabháil d'uirinnlíocht nó do chleachta.

Eidí coigríche.

21. —(1) Ní thiocfaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach sa Stát ná ní thiocfaidh i dtír sa Stát, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

(2) Ní raghaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach in aon áit phoiblí sa Stát, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

(3) (a) Ní dhéanfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iompróir sa bhfo-alt seo) aon duine eile (dá ngairmtear an paisnéir sa bhfo-alt seo) a iompar isteach sa Stát i dtraen, i bhfeithicil bhóthair ná in aer-árthach má bhíonn an paisnéir faoi éide choigríche, mura rud é go ndéanfaidh an paisnéir toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit chun an paisnéir a theacht isteach sa Stát faoin éide sin a thaspáint arna éileamh chun a iniúchta ag an iompróir nó thar a cheann.

(b) Déanfaidh an duine a bheas i gcúram aon traenach, feithicle bóthair nó aer-árthaigh gach ní is ga chun a áirithiú ná déanfar, maidir leis an traen, an fheithicil bhóthair nó an t-aer-árthach sin, aon tsárú ar mhír (a) den fho-alt seo.

(4) (a) Beidh de dhualgas ar mháistir aon loinge a thiocfas isteach sa Stát duine ar bith faoi éide choigríche a chosc ar theacht i dtír ón loing sin mura ndéana an duine sin toiliú i scríbhinn ó Aire chun an duine sin a theacht isteach sa Stát faoin éide sin a thaspáint arna éileamh chun a iniúchta ag an máistir sin.

(b)  I gcás ina ndéanfaidh máistir aon loinge duine ar bith faoi éide choigríche a chosc faoin bhfo-alt seo ar theacht i dtír, coinneoidh an máistir sin an duine sin ar bord na loinge sin go dtí go dtárlóidh pé ní acu seo leanas is túisce a thárlós, sé sin le rá—

(i) an duine sin do bhaint na héide sin de,

(ii) an duine sin d'fháil toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit chun teacht isteach sa Stát faoin éide sin,

(iii) an long sin d'fhágaint an Stáit.

(c) Féadfaidh comhalta den Ghárda Síochána cabhrú le máistir aon loinge chun duine ar bith a chosc faoin bhfo-alt seo ar theacht i dtír ón loing sin nó chun aon duine a choinneáil faoin bhfo-alt seo ar an loing sin.

(5) Gach duine a shárós (trí ghníomh nó neamh-ghníomh) aon fhoráil dá bhfuil i bhfo-ailt (1), (2), (3) nó (4) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide ag ceann aon mhisiúin taidhleoireachta a bheas creidiúnaithe go cuibhe chun an Stáit nó ag aon chomhalta d'fhoirinn taidhleoireachta an mhisiúin sin a mbeidh a cheapadh sa cháil sin curtha in iúl go hoifigiúil don Aire Gnóthaí Eachtracha nó a mbeidh teideal aige ar shlí eile chun saoirsí taidhleoireachta.

(7) Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide coigríche i gcúrsa dráma stáitse nó macshamhlaithe nó taibhithe eile dhrámaíochta.

(8) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “éide choigríche” éide aon fhórsa armtha (seachas na Fórsaí Cosanta), pé acu ar tír, ar muir nó san aer a oibríos sé, agus folaíonn sí aon chuid shuaithnidh d'aon éide den tsórt sin;

folaíonn an abairt “áit phoiblí” aon tsráid, bóthar, páirc, nó áit eile dá samhail sin agus fós aon áit nó foirgint a bhfuil cead isteach ann ag an bpobal ar tháille iontrála a íoc.

(9) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1946.

Athghairm.

22. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearr-theideal agus comhluadh.

23. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1946, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 30 de 1923 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.

Alt 193.

Uimh. 4 de 1925 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1925.

Alt 10.

Uimh. 41 de 1937 .

An tAcht Fórsaí Cosanta, 1937 .

Alt 10.

Uimh. 11 de 1940 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940.

Alt 20.

Uimh. 6 de 1941 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1941.

Alt 6.