28 1947


Uimhir 28 de 1947.


AN tACHT SLÁINTE, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA I dTAOBH SLÁINTE AN PHOBAIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN RIALACHÁIN A DHÉANAMH A bhFÉADFAR DÁ mBUAIDH MUIRIR ÁIRITHE A GHEARRADH. [13ú Lúnasa, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Sláinte, 1947 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —(1) San Acht seo—

duine éatach.

ciallaíonn an abairt “duine éatach” duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn;

fógraíocht.

folaíonn an focal “fógraíocht” gach aon tsórt molta ar aon ní don phobal, agus folaíonn sé go sonrach—

(a) lua ainme an ní sin nó aon bhranda, tuairisce nó sloinníochta trádála faoina ndíoltar an ní sin, más féidir le réasún an lua sin d'áireamh ina mholadh ar an ní sin don phobal,

(b) lua aon cháilíocht a bhaineas leis an ní sin, ar lipéad nó coimeádán nó cuairsceann a húsáidtear don ní sin nó i nduillín, cearcalán, paimfléad nó leabhrán a heisítear don phobal nó a heisítear ar é d'iarraidh nó a bheirtear do cheannaitheoir an ní sin,

agus déanfar focail ghaolmhara a léiriú dá réir sin;

aerárthach

tá leis an bhfocal “aerárthach” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ;

príomh-dhochtúir oifigiúil.

ciallaíonn an abairt “príomh-dhochtúir oifigiúil” dochtúir oifigiúil contae do chontae nó dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg;

leanbh.

ciallaíonn an focal “leanbh” duine faoi bhun sé bliana déag d'aois;

uiscí cósta.

ciallaíonn an abairt “uiscí cósta” uiscí laistigh de thrí mhíle farraige ó aon phointe ar an gcósta arna thomhas ó mharc iarthrá gnáthrabhartaí;

dífhoiriciú.

ciallaíonn an focal “dífhoiriciú” aon duine nó aon ní a ghlanadh ó sheadra agus a chosaint orthu;

dochtúir oifigiúil ceantair.

ciallaíonn an abairt “dochtúir oifigiúil ceantair” dochtúir oifigiúil sláinte faoi alt 73 den Acht seo;

áit chónaithe.

folaíonn an abairt “áit chónaithe”—

(a) cuid de thigh, agus

(b) áit chónaithe shealadach;

achtachán.

folaíonn an focal “achtachán” aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi Acht;

údarás sláinte.

ciallaíonn an abairt “údarás sláinte” comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge;

foras sláinte.

ciallaíonn an abairt “foras sláinte” foras a cothabháltar ag údarás sláinte de bhun ailt 10 den Acht seo;

fógra i dtaobh áitribh aicídithe.

ciallaíonn an abairt “fógra i dtaobh áitribh aicídithe” fógra i scríbhinn á rá go raibh, laistigh den trí mhí díreach roimh dháta an fhógra a thabhairt, duine ina chónaí in áitreabh sonraithe nó ag áitiú ann faid a bhí galar aicídeach sonraithe air;

aicídeach, aicídiú.

folaíonn an focal “aicídeach” tógálach agus folaíonn an foca “aicídiú” tógáil;

galar aicídeach.

ciallaíonn an abairt “galar aicídeach” go príomha aon ghalar a háireofar i rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 29 pé acu go huilíoch é nó trí mhíniú ar chéim áirithe den ghalar sin, ach in aon alt i gCuid IV den Acht seo a ndéanfar, faoi fho-alt (2) den alt sin 29, galar nó céim de ghalar d'eisiamh óna fheidhm, ní fholaíonn an abairt an galar sin ná an galar sin sa chéim sin, pé acu é;

foras.

ciallaíonn an abairt “foras” ospidéal, sanatorium, teaghlach máithreachais, teaghlach eadarshláinte, urchosclann, saotharlann, clinic, slánlann, stáisiún céad-fhóirthine, íclann nó aon fhoras den tsórt sin;

seirbhísí forais.

folaíonn an abairt “seirbhísí forais”—

(a) cothabháil i bhforas,

(b) eadargnú, comhairle agus cóireáil i bhforas,

(c) fearais agus íceanna agus ullmhóidí eile,

(d) úsáid ghoiris speisialta i bhforas;

bainisteoir.

ciallaíonn an abairt “an bainisteoir”—

(a) maidir le húdarás sláinte is bardas contae-bhuirge—an bainisteoir chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na buirge, agus

(b) maidir le húdarás sláinte is comhairle chontae—an bainisteoir chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

dochtúir oifigiúil sláinte.

ciallaíonn an abairt “dochtúir oifigiúil sláinte” príomh-dhochtúir oifigiúil, dochtúir oifigiúil contae cúnta do chontae, dochtúir oifigiúil cathrach cúnta do chontae-bhuirg nó dochtúir oifigiúil ceantair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Sláinte;

tuiste.

ciallaíonn an focal “tuiste”, maidir le leanbh, an duine ar a bhfuil cúram dlíthiúil an linbh, agus más rud é, toisc an duine sin a bheith as láthair nó ar aon chúis eile, ná fuil an leanbh ina chónaí eis an duine sin nó faoina chúram iarbhír, folaíonn sé an duine a bhfuil an leanbh ina chónaí leis nó faoina chúram iarbhír;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin a dhéanfas an Aire faoin Acht seo;

cóir iompair phoiblí.

folaíonn an abairt “cóir iompair phoiblí” cóir iompair a bhíos ar fáil chun a fostuithe go príobháideach;

údarás sláintíochta.

tá leis an abairt “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá léi sna hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931;

bainisteoir scoile.

ciallaíonn an abairt “bainisteoir scoile,” maidir le scoil nó coláiste, an duine atá ag bainistí na scoile nó an choláiste de thuras na huaire;

áit chónaithe shealadach.

ciallaíonn an abairt “áit chonaithe shealadach”—

(a) aon tealta, nó

(b) aon fhéan nó cóir iompair eile (ar rotha nó gan bheith ar rotha), nó

(c) aon tsiúntán, creascán nó déanmhas dá shamhail, nó

(d) aon árthach;

seadra, seadach.

ciallaíonn an focal “seadra” aon mhíngeacha, is traghdáin, dreancaidí, míola nó fíneoga tochais, agus folaíonn sé uibheacha, larvae agus pupae na míngeacha sin, agus déanfar an focal “seadach” a léiriú dá réir sin;

árthach.

folaíonn an focal “árthach” aon long, bád, báirse nó lictéir.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo, folóidh líomatáiste feidhme údaráis áitiúil aon uiscí cósta atá tadhlach leis an líomatáiste feidhme sin.

(b) I gcás ina mbeidh aon uiscí cósta tadhlach le líomatáistí feidhme dhá údarás sláinte nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha míre (a) den fho-alt seo, iomlán na n-uiscí cósta sin nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí atá tadhlach le líomatáiste feidhme aon cheann áirithe de na húdaráis sláinte sin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (a).

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú aon fhorála, folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do shárú na forála sin trí gan a comhlíonadh nó trí dhiúltú dá comhlíonadh.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethanta a socrófar chuige sin, go ginearálta nó maidir le haon chríoch ó foráil áirithe, le hordú nó orduithe a dhéanfas an tAire faoin It seo, agus féadfar laethanta difriúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha difriúla agus forála difriúla.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le héinní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe.

(2) Féadfar rialacháin faoin Acht seo a chumadh i slí go mbeidh feidhm acu maidir le hiomlán an Stáit nó i slí ná beidh feidhm acu ach maidir le cuid nó coda den Stát.

(3) I gcás ina gceanglófar le rialacháin faoin Acht seo taifid a choimeád maidir le sláinte daoine áirithe, déanfar pé socrú iontu is gá nó is cuí leis an Aire chun a áirithiú go gcoimeádfar ina rún na coda de na taifid sin ina mbeidh ainmneacha na ndaoine áirithe sin agus ná foilseofar iad ach amháin le toiliú na ndaoine áirithe sin.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire, faoin Acht seo, aon rialachán a mbeidh ann foráil maidir le híocaíocht a bheas le déanamh leis an Aire nó ag an Aire mura dtoilí an tAire Airgeadais leis an bhforáil sin.

(5) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní. a bheas déanta roimhe sin faoin rialachán sin.

Rialacháin láithreacha do leanúint i bhfeidhm.

6. —Gach rialachán a rinneadh faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an athghairm sin, is tuigthe, ar an athghairm sin a dhéanamh agus dá éis sin, é a bheith ina rialachán arna dhéanamh faoin alt iomchuí den Acht seo agus beidh éifeacht aige agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

7. —Gach cumhacht a bheirtear leis an Acht seo don Aire chun aon ordú a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun aon ordú a déanfar faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus chun ordú eile a dhéanamh in ionad aon orduithe a cúlghairmfear amhlaidh.

Airgead is iníoctha leis an Aire a chruinniú agus a dhiúscairt.

8. —(1) An t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo, cruinneofar agus glacfar é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste é nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon airgead is iníoctha leis an Aire faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo.

Costais an Aire.

9. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Forais.

Forais sláinte a sholáthar agus a chothabháil.

10. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire agus do réir na n-ordachán (más ann) a bhéarfas sé ó am go ham, aon fhoras a sholáthar agus a chothabháil is dóigh leo is gá agus aon fhoras a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo d'athchóiriú, a mhéadú nó d'athrú ar shlí eile.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl féachaint arbh inmhianuithe sin a dhéanamh, a ordú, le hordú, d'údarás sláinte:—

(a) foras de shaghas agus de mhéid a sonrófar a sholáthar agus a chothabháil in áit a sonrófar, nó

(b) aon fhoras a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo d'athchóiriú, a mhéadú nó d'athrú ar shlí eile a sonrófar;

agus déanfaidh an t-údarás sláinte sin do réir an orduithe sin.

(3) Déanfaidh údarás sláinte, aon uair a ordós an tAire amhlaidh le hordú:—

(a) siltean, aerú, soláthar uisce, solas, teas nó aon tseirbhís eile, nua nó feabhsaithe nó breise, a sholáthar do réir an orduithe le haghaidh aon fhorais a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo,

(b) na daingneáin, na feistis, an troscán, na fearais mháinliachta agus liachta, agus na háiseanna eile uile a hordófar leis an ordú a sholáthar agus a chothabháil in aon fhoras a bheas á chothabháil amhlaidh.

(4) Aon fhoras a bheas, i dtosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag údarás sláinte faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoin alt seo ag an údarás sin.

Foras sláinte d'fhorscor.

11. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, foras sláinte a bheas á chothabháil acu nó aon roinn d'fhoras sláinte den tsórt sin d'fhorscor amhail ó dháta sonraithe.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl féachaint arbh inmhianuithe sin a dhéanamh, a ordú, le hordú, d'údarás sláinte foras sláinte a bheas á chothabháil acu nó aon roinn d'fhoras den tsórt sin d'fhorscor amhail ó dháta sonraithe.

(3) I gcás ina ndéanfar foras sláinte nó roinn d'fhoras sláinte d'fhorscor faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, pé forála a dhéanamh a chífear dó is gá agus is cuí i dtaobh nithe a bheas ag gabháil leis an bhforscor nó ag leanúint as.

(4) I gcás ina ndéanfar foras sláinte nó roinn d'fhoras sláinte d'fhorscor le hordú faoi fho-alt (2) den alt seo:—

(a) féadfaidh an tAire, le hordú, pé forála a dhéanamh a chífear dó is gá agus is cuí i dtaobh nithe a bheas ag gabháil leis an bhforscor nó ag leanúint as,

(b) féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú, le hordú, don údarás foras de shaghas nó de mhéid a sonrófar a sholáthar agus a chothabháil in áit a sonrófar in ionad an fhorais nó na roinne forscortha.

(5) Comhlíonfaidh údarás sláinte gach ordú a déanfar ina dtaobh faoin alt seo.

Comhaontú maidir húsáid forais.

12. —(1) In ionad nó i dteannta iad fhéin do sholáthar forais de shórt áirithe, féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le duine ag á mbeidh bainistí forais den tsórt chéanna chun na daoine seo leanas d'úsáid an fhorais:—

(a) áitreabhach áirithe i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte, nó

(b) áitreabhaigh uile an líomatáiste sin, nó

(c) pé áitreabhaigh acu sin a bhaineas le haicme áirithe.

(2) Aon chomhaontú a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus dob fhéidir a dhéanamh faoin alt seo ar theacht i bhfeidhm don alt seo, is tuigthe, ar theacht i bhfeidhm don alt seo agus dá éis sin, é bheith ina chomhaontú a rinneadh faoin alt seo agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Comhúsáid foras áirithe ag údarás sláinte agus ag údarás cúnaimh phoiblí.

13. —(1) Féadfaidh údarás sláinte agus údarás cúnaimh phoiblí, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích:—

(a) chun an t-údarás cúnaimh phoiblí sin d'úsáid aon fhorais sláinte nó aon choda d'fhoras sláinte, nó

(b) chun an t-údarás sláinte sin d'úsáid aon fhorais nó íclainne ceantair a soláthraíodh faoi Acht 1939 nó d'úsáid coda d'aon fhoras nó d'aon íclainn cheantair den tsórt sin.

(2) I gcás ina dtarlóidh, de bhun comhaontuithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, go n-úsáidfidh údarás cúnaimh phoiblí foras sláinte nó cuid d'fhoras sláinte chun críocha íclainne, is tuigthe an íclann sin a bheith arna soláthar go cuí faoi alt 42 d'Acht 1939.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ;

ciallaíonn an abairt “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí faoi Acht 1939.

Foras ceantoir d'aistriú.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foras ceantair a bheas á chothabháil ag údarás cúnaimh phoiblí faoi alt 31 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , d'aistriú chun údaráis sláinte a mbeidh an t-iomlán nó cuid shubstainteach de líomatáiste feidhme an údaráis chúnaimh phoiblí ina líomatáiste feidhme.

(2) Beidh in aon ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú d'údarás sláinte an foras ceantair lena mbaineann an t-ordú a ghabháil chucu agus a chothabháil do réir an orduithe.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, beidh in aon ordú faoin alt seo, ag aistriú forais cheantair ó údarás cúnaimh phoiblí chun údaráis sláinte, pé forála, maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas, is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun na gcríocha a luaitear sa bhfo-alt sin (2), is é sin le rá:—

(a) cearta maoine agus dliteanais a choigeartú,

(b) sealbhóirí ar oifigí faoin údarás cúnaimh phoiblí, a mbaineann a ndualgais le seoladh an fhorais, d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoin údarás slóinte.

(4) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir ar oifig faoi údarás cúnaimh phoiblí d'aistriú chun oifige den tsórt chéanna faoi údarás sláinte, is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) Nuair a haistreofar foras ceantair chun údaráis sláinte le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag an ordú sin do réir a théarmaí agus is tuigthe an foras a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an údarás sláinte.

Foras a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta d'aistriú.

15. —(1) I gcás ina mbeidh, ar an dáta ceaptha, foras á chothabháil ag údarás sláintíochta uirbeach (nach bardas contaebhuirge) chun críche cumhacht agus dualgas a forchuireadh orthu le hachtachán nó faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, an foras sin d'aistriú chun údaráis sláinte a mbeidh líomatáiste feidhme an údaráis sláintíochta ina líomatáiste feidhme.

(2) Beidh in aon ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú d'údarás sláinte an foras lena mbaineann an t-ordú a ghabháil chucu agus a chothabháil do réir an orduithe.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, beidh in aon ordú faoin alt seo, ag aistriú forais ó údarás sláintíochta chun údaráis sláinte, pé forála, maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas, is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun na gcríocha a luaitear sa bhfo-alt sin (2), is é sin le rá:—

(a) cearta maoine agus dliteanais a choigeartú;

(b) sealbhóirí ar oifigí faoin údarás sláintíochta, a mbaineann a ndualgais le seoladh an fhorais, d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoin údarás sláinte.

(4) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir ar oifig faoi údarás sláintíochta d'aistriú chun oifige faoi údarás sláinte, is tuigthe chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) Nuair a haistreofar foras chun údaráis sláinte le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag an ordú sin do réir a théarmaí agus is tuigthe an foras a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an údarás sláinte.

(6) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar le hordú faoi alt 3 den Acht seo chun na forála den Acht seo a theacht i ngníomh a athghairmeas an t-achtachán ar leis nó faoi a bronnadh nó a forchuireadh cumhacht agus dualgas cothabhála an fhorais ar an údarás sláintíochta.

Ospidéal Naomh Maighréid Chortóna d'aistriú chun Bardais Bhaile Atha Cliath.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialú agus bainistí an Ospidéil d'aistriú, le hordú, chun an Bhardais.

(2) Beidh in aon Ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú don Bhardas an tOspidéal a ghabháil chucu agus a chothabháil agus féadfaidh sé, go sonrach, socrú a dhéanamh le haghaidh aon ní acu seo a leanas:—

(a) Bord Rialtóirí an Ospidéil a scor,

(b) maoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear chosesin-action), d'aistriú,

(c) fiacha agus dliteanais d'aistriú,

(d) oifigigh agus seirbhísigh d'aistriú.

(3) Má haistrítear an tOspidéal le hordú faoin alt seo, is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an mBardas.

(4) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn an abairt “an tOspidéal” Ospidéal Naomh Maighréid Chortóna dá ngairmtí an Westmoreland Lock Hospital.

Muirir i leith seirbhísí forais.

17. —(1) I gcás ina bhfaighfidh duine seirbhísí forais ó údarás sláinte nó de bhun comhaontuithe arna dhéanamh ag údarás sláinte faoi alt 12 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás sláinte, as a gcomhairle féin, ach faoi réir forál ailt 24 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 (Uimh. 42 de 1929) , agus faoi réir aon rialachán iomchuí faoi alt 28 nó alt 31 den Acht seo, suim réasúnach d'éileamh i leith na seirbhísí sin.

(2) I gcás ina gcoinneofar duine i bhforas faoi alt 38 den Acht seo, ní gearrfar aon mhuirear faoin alt seo i leith aon tseirbhísí forais a gheobhaidh an duine sin le linn na coinneála sin.

(3) Nuair a beifear á chinneadh cad is suim réasúnach le héileamh faoin alt seo i leith seirbhísí a fuair duine ar bith, bhéarfar aird ar chúrsaí airgeadais an duine sin.

(4) Féadfar suim a héileofar faoi fho-alt (1) den alt seo i leith seirbhísí forais a fuair duine ar bith ó údarás sláinte d'aisghabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla:—

(a) ón duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó dhuine ar bith eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, i gcás an duine eile sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Bainistí foras sláinte.

18. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, rialacha a dhéanamh chun foras sláinte a bheas á chothabháil acu a sheoladh agus a bhainistí, chun othair a bheas sa bhforas nó a bheas á fhreastal a rialáil agus chun othair a ghlacadh (lena n-áirítear iad a ghlacadh ar théarmaí speisialta maidir le híocaíocht agus cóiríocht) sa bhforas.

(2) Gach riail a rinneadh faoi fho-alt (4) d'alt 5 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sí, ar an alt seo a theacht i bhfeidhm agus dá éis sin, de bheith i bhfeidhm agus is tuigthe í a bheith arna déanamh faoin alt seo agus í a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.

Leasú ar fho-alt (2) d'alt 6 den Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945.

19. —Déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) d'alt 6 den Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945 (Uimh. 4 de 1945) , do na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, a léiriú mar thargairtí don Chuid seo den Acht seo.

Cumhacht chun talamh a sholáthar d'fhoras.

20. —(1) Aon uair is deimhin le húdarás sláinte go dtugtar nó go dtabharfar seirbhís thairbheach do dhaoine a dteastaíonn seirbhísí forais uathu trí sheirbhísí den tsórt sin a sholáthar i bhforas i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin, féadfaidh an t-údarás sláinte sin, ar chomhlucht rialúcháin an fhorais sin dá iarraidh sin agus le toiliú an Aire, aon talamh a sholáthar don fhoras sin a gcruthóidh an comhlucht rialúcháin sin chun sástachta an údaráis sláinte sin, é a bheith ag teastáil chun feidhmeanna an fhorais sin a chomhlíonadh héifeachtúil nó chun é a mhéadú nó a leathnú.

(2) Má chinneann údarás sláinte ar aon talamh a sholáthar faoin alt seo d'fhoras, féadfaidh an t-údarás sláinte sin an talamh sin a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeanta faoi Chuid VIII den Acht seo agus (i gceachtar cás) féadfaid an talamh sin a thíolacadh chun an fhorais sin nó chun tairbhe dhó.

(3) Má iarrann comhlucht rialúcháin forais ar údarás sláinte aon talamh a sholáthar don fhoras sin faoin alt seo, ceanglóidh an t-údarás sláinte sin, mar choinníoll ar a soláthróid an talamh sin amhlaidh, ar an gcomhlucht rialúcháin sin a ghabháil lena n-ais iomlán an chostais d'íoc a bhainfeas leis an talamh sin a sholáthar amhlaidh.

CUID III.

Seirbhis Mhathar agus Linbh.

Sláinte ban a chaomhnadh ó thaobh máithreachta.

21. —Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, socruithe chun sláinte ban a chaomhnadh ó thaobh máithreachta agus chun teagasc a thabhairt dóibh ina thaobh sin.

Aire a thabhairt do shláinte leanaí nach daltaí scoile.

22. —Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, na nithe seo a leanas, maidir le leanaí ina líomatáiste feidhme nach daltaí d'aon scoil—

(a) iad a chaomhnadh agus a fheabhsú ó thaobh sláinte agus coirp;

(b) socrú chun scrúdú dochtúra a dhéanamh orthu i scoileanna nó in áiteanna eile;

(c) socrú chun teagasc a thabhairt dóibh ar chúrsaí sláinte;

(d) socrú chun a dtinnis agus a n-éislinní a chóireáil;

(e) cásanna easláine meabhrach a fhionnachtain.

Aire a thabhairt o shláinte daltaí scoile.

23. —(1) Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, na nithe seo a leanas, maidir le daltaí gach scoile ina líomatáiste feidhme lena mbaineann an t-alt seo—

(a) iad a chaomhnadh agus a fheabhsú ó thaobh sláinte agus coirp;

(b) socrú chun scrúdú dochtúra a dhéanamh orthu sa scoil nó in áit eile;

(c) socrú chun teagasc a thabhairt dóibh ar chúrsaí sláinte;

(d) socrú chun a dtinnis agus a n-éislinní a chóireáil;

(e) cásanna easláine meabhrach a fhionnachtain.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach scoil náisiúnta agus le gach scoil lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Aon uair nach deimhin leis an Aire gur leor an socrú in aon scoil áirithe, seachas scoil náisiúnta, le haghaidh na nithe a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, le hordú, feidhm a thabhairt don alt seo maidir leis an scoil sin.

(4) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo an scoil lena mbainfidh sé a shaoradh ó dhliteanas maidir le haisíoc costas faoina ndeachaigh údarás sláinte.

(5) (a) Baineann an fo-alt seo—

(i) le scoil a mbeidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo déanta ina taobh, agus

(ii) le scoil náisiúnta is scoil dheimhnithe.

(b) Faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, aisíocfar le húdarás sláinte aon chostais faoina ndeachaigh an t-údarás sláinte sin chun cóireáil, íceanna, ullmhóidí nó fearais a sholáthar, faoi fho-alt (1) den alt seo, do dhalta aon scoile lena mbaineann an fo-alt seo trí na bainisteoirí uirthi dá n-aisíoc i gcás inar scoil dheimhnithe an scoil (pé acu scoil náisiúnta í nó nach ea) nó, in aon chás eile, tríd an mbainisteoir scoile dá n-aisíoc, agus féadfaidh an t-údarás sláinte na costais sin d'aisghabháil ó na bainisteoirí sin nó ón mbainisteoir scoile sin (do réir mar bheas) mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla,

(6) Ní bhainfidh fo-alt (5) den alt seo—

(a) le daltaí aon scoile a mbeidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo déanta ina taobh á saoradh, de bhun fo-ailt (4) den alt seo, ó dhliteanas maidir le haisíoc costas faoina ndeachaigh údarás sláinte, ná

(b) le haon dalta i scoil dheimhnithe is dalta nár cuireadh chun na scoile sin de bhun orduithe arna dhéanamh ag cúirt faoi Achta na Leanaí, ná

(c) le haon dalta i scoil a ndlífidh an t-údarás sláinte é a chothabháil.

(7) Aon tsuim is iníoctha de bhuaidh fo-ailt (5) den alt seo i leith daltaí i scoil dheimhnithe, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífeas, faoi Achta na Leanaí, na daltaí sin a chothabháil, í d'aisíoc leis na bainisteoirí ar an scoil sin agus féadfaidh na bainisteoirí sin í d'aisghabháil ón údarás áitiúil sin mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Achta na Leanaí” Achta na Leanaí, 1908 go 1941;

tá leis na habairtí “scoil dheimhnithe” agus “na bainisteoirí” na bríonna faoi seach atá leo in Achta na Leanaí.

Fógra i dtaobh scrúdú dochtúra ar leanaí.

24. —Sar a gcuirfid scrúdú dochtúra á dhéanamh faoi alt 22 nó alt 23 den Acht seo ar na leanaí d'aicme áirithe in aon líomatáiste nó ar dhaltaí aon scoile, bhéarfaidh údarás sláinte, sa tslí ordaithe, an fógra ordaithe i dtaobh ama agus áite an scrúduithe sin.

E a bheith d'oblagáid leanaí a chur isteach faoi scrúdú dochtúra.

25. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an alt seo ach amháin in aon chontae nó contae-bhuirg a mbeidh ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú an t-alt seo a bheith i bhfeidhm agus éifeacht a bheith aige i gcontaethe nó contae-bhuirgí i gcoitinne nó i gcontae nó contae-bhuirg áirithe.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, bhéarfaidh sé go bhfoilseofar, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear sa chontae nó sa chontae-bhuirg lena mbaineann an t-ordú, fógra i dtaobh éifeachta an orduithe sin agus i dtaobh an dáta ar a dtiocfaidh sé i ngníomh.

(4) Aon uair a socrófar socrúdú dochtúra faoin Acht seo do leanbh, pé acu sa bhaile é nó in aon áit eile, agus a cuirfear in iúl do thuiste an linbh sin an t-am agus an áit don scrúdú sin, cuirfidh an tuiste an leanbh isteach faoin scrúdú sin mura mbeifear tar éis saoirse ón scrúdú a dheonadh faoi fho-alt (5) den alt seo agus beidh sé i dteideal, ar é dá iarraidh sin, bheith i láthair ag an scrúdú sin.

(5) Déanfaidh an dochtúir oifigiúil a bheas i mbun na socruithe do scrúdú dochtúra a soláthrófar faoin Acht seo saoirse ón scrúdú a dheonadh sa bhfoirm ordaithe i leith aon linbh a dtabharfar ina thaobh don oifigeach sin deimhniú sa bhfoirm ordaithe faoi shíniú dochtúra leighis chláraithe á rá gur scrúdaigh sé an leanbh laistigh den tréimhse ordaithe roimh an scrúdú.

(6) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear, i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air nó, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

(7) Gach duine a dhéanfas, maidir le hiarratas ag lorg saoirse faoi fho-alt (5) den alt seo, aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(8) Féadfaidh an t-údarás sláinte a sholáthraigh an scrúdú dochtúra inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Saoráidí a thabhairt chun scrúdú dochtúra a dhéanamh ar leanaí i scoileanna.

26. —(1) Féadfaidh údarás sláinte a bheas ar intinn socrú a dhéanamh chun scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra tréimhsiúla a dhéanamh ar leanaí in aon scoil, faoin Acht seo, fógra i scríbhinn a thabhairt do bhainisteoir scoile na scoile á rá go bhfuil sin ar intinn acu agus ag lua an lae nó na laethanta (nach luaithe ná seacht lá i ndiaidh dáta an fhógra a thabhairt) agus an ama a déanfar an scrúdú nó na scrúduithe agus á cheangal ar an mbainisteoir scoile gach saoráid réasúnach a chur ar fáil don scrúdú nó do na scrúduithe.

(2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a dhíriú chun “an bainisteoir scoile” agus féadfar é a thabhairt trína sheachadadh do bhainisteoir scoile na scoile lena mbaineann nó trína chur leis an bpost go dtí an seoladh mar a mbíonn gnáthchónaí air.

(3) Déanfar cóip de gach fógra faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le scrúdú dochtúra a bheas le déanamh i scoil náisiúnta a sheachadadh do phríomhoide na scoile sin nó a chur leis an bpost go dtí an t-oide sin ag an scoil.

(4) Cuirfidh bainisteoir scoile aon scoile lena mbainfidh fógra a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi ndear go dtabharfar gach saoráid réasúnach (lena n-áirítear saoráidí chun ainmneacha agus seolta na ndaltaí a bheas ag freastal ar an scoil d'fháil) chun scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra a dhéanamh do réir an fhógra agus ar an lá nó na laethanta agus ag an am a luafar ann agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) Gan dochar do na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo raghaidh údarás sláinte i gcomhairle leis an mbainisteoir scoile ar scoil sar a gcinnfid an lá nó na laethanta agus an t-am a déanfar scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra ar leanaí sa scoil agus déanfaid, a mhéid is feidir sin, do réir mar is mian leis an mbainisteoir scoile.

(6) Féadfaidh an t-údarás sláinte a thug an fógra iomchuí faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Deontas i leith seirbhíse máthar agus linbh.

27. —Déanfar suim nach mó ná leath na gcostas a ndeimhneoidh an tAire údarás sláinte a bheith tar éis dul fúthu go cuí do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, ag forghníomhú na Coda seo den Acht seo d'íoc leis an údarás sláinte as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Rialacháin maidir le feidhmiú a gcumhacht faoi Chuid III ag údaráis sláinte.

28. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a bhainfeas le gach údarás sláinte, le gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó le húdarás sláinte áirithe maidir leis an modh ina mbeidh, agus an méid a bheas, a gcumhachta faoin gCuid seo den Acht seo le feidhmiú acu.

CUID IV.

Galar Aicideach agus Foiriciu.

Caibidil I.

Galar Aicídeach.

Galair aicídeacha.

29. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialachán, na galair is galair aicídeacha a shonrú.

(2) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo galar aicídeach d'eisiamh ó fheidhm aon ailt áirithe den Chuid seo den Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire galar a mhíniú i rialacháin faoin alt seo in aon tslí is oiriúnach leis, lena n-áirítear, go sonrach, trí thagairt d'aon chéim den ghalar nó trí thagairt d'aon aicme daoine ar a mbÍonn an galar.

Dualgas ginearálta maidir le forchúraim a ghlacadh chun gan daoine eile d'aicídiú le galar aicídeach.

30. —(1) Duine ar feasach dó gur dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach é, déanfaidh sé, i dteannta na forchúraim a ghlacadh dá bhforáltar go sonrach leis an gCuid seo den Acht seo nó fúithi, gach forchúram réasúnach eile a ghlacadh chun ná haicídeoidh sé daoine eile leis an ngalar sin trína láithreachas nó a iompar nó trí aon earra a raibh teagmháil aige léi.

(2) Duine ar a mbeidh cúram duine eile agus ar feasach dó gur dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach an duine eile sin, déanfaidh sé, i dteannta na forchúraim a ghlacadh dá bhforáltar go sonrach leis an gCuid seo den Acht seo nó fúithi, gach forchúram réasúnach eile a ghlacadh chun ná haicídeoidh an duine eile sin daoine eile leis an ngalar trína láithreachas nó a iompar nó trí aon earra a raibh teagmháil aige léi.

(3) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Rialacháin chun leathadh galair aicídigh a chosc.

31. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a mbeidh socrú iontu chun leathadh (lena n-áirítear leathadh lasmuigh den Stát) galair aicídigh nó galar aicídeach i gcoitinne a chosc agus chun daoine ar a mbeidh an galar nó na galair sin a chóireáil agus féadfaidh na rialacháin socrú a dhéanamh go sonrach le haghaidh éinní dá luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh chun oifigigh don Aire agus údaráis sláinte agus a n-oifigigh d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán sin, agus féadfaid freisin—

(a) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, socrú a dhéanamh chun oifigigh d'údaráis sláintíochta dá bhforfheidhmiú agus dá bhforghníomhú,

(b) le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun oifigigh Custam agus Máil dá bhforfheidhmiú agus dá bhforghníomhú,

(c) le toiliú an Aire Dhlí agus Cirt, socrú a dhéanamh chun oifigigh shonraithe don Aire sin dá bhforfheidhmiú, agus dá bhforghníomhú, agus

(d) le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála, socrú a dhéanamh chun oifigigh shonraithe don Aire sin dá bhforfheidhmiú agus dá bhforghníomhú in aon aerphort Neamhchustam.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgais a chur ar oifigigh a mbíonn baint acu le clárú breitheanna agus básanna.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun muirir a ghearradh chun críocha na rialachán nó i leith seirbhísí a déanfar fúthu agus féadfaid socrú a dhéanamh chun na muirir sin d'aisghabháil.

(5) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a shocrú cad iad na sonraí a bheas i bhfógraí a bhéarfar faoi na rialacháin agus cad é an tslí ina bhféadfar na fógraí sin a thabhairt.

(6) Ní dhéanfaidh an tAire, faoin alt seo, rialacháin maidir le feithiclí móra seirbhíse poiblí (mar mínítear iad in alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 )), le feithiclí chun paisnéirí d'iompar d'iarnród, le hárthaí ná le haerárthaí ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(7) I gcás ina gceanglóidh rialacháin faoin alt seo ar dhaoine éatacha gabháil faoi mheáin shonraithe, nó ar thuistí leanaí na leanaí sin a chur faoi mheáin shonraithe, maidir le caomhnadh nó díonadh na ndaoine éatacha nó na leanaí sin ar ghalar aicídeach áirithe, beidh socrú sna rialacháin sin—

(a) chun fógra a thabhairt i dtaobh an ama agus na háite a mbeidh de cheangal ar dhuine gabháil, nó a mbeidh de cheangal ar thuiste linbh an leanbh sin a chur, faoi aon mheáin shonraithe den tsórt sin, agus

(b) chun eolas a thabhairt don duine sin nó don tuiste sin i dtaobh an chirt chun saoirse faoi alt 32 den Acht seo.

(8) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo nó a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo nó a bhéarfas eolas bréagach nó míthreorach agus é go hairbheartach ag déanamh do réir iarratais faoi rialachán arna dhéanamh faoin alt seo ag iarraidh eolais, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneála sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(9) I gcás foráil sa Chuid seo den Acht seo nó aon achtachán eile dá cheangal forchúraim speisialta a ghlacadh chun leathadh galar aicídeach nó aon ghalair aicídigh áirithe a chosc, ní léireofar an fhoráil sin mar ní a shrianas an chumhacht a bheirtear leis an alt seo chun rialacháin a dhéanamh.

Saoirse ón gceanglas chun gabháil faoi mheáin maidir le caomhnadh nó díonadh ar ghalar aicídeach.

32. —(1) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh de cheangal ar dhuine éatach de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 31 den Acht seo gabháil faoi aon mheán sonraithe maidir lena chaomhnadh nó a dhíonadh ar ghalar aicídeach áirithe, agus

(ii) ina gcuirfidh an duine éatach sin, laistigh den tréimhse ordaithe agus sa tslí ordaithe, ráiteas chun an údaráis áitiúil iomchuí á rá go bhfuil agóid aige i gcoinne gabháil faoin meán sonraithe sin,

ansin, mura mbeidh ordú (a bhaineas leis an ngalar aicídeach sin agus atá infheidhme maidir leis an duine éatach sin) faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm, saorfaidh an t-údarás sláinte an duine éatach sin ón gceanglas sin.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú—

(i) go bhfuil sé riachtanach, chun leathadh galair aicídigh áirithe a chosc, go ngabhfadh gach duine éatach faoi mheán sonraithe maidir lena gcaomhnadh nó a ndíonadh ar an ngalar aicídeach sin, nó

(ii) go bhfuil sé riachtanach, chun na críche sin, go ngabhfadh daoine éatacha d'aicme áirithe (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an Aire) faoin meán sonraithe sin.

(2) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh de cheangal ar thuiste linbh, de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 31 den Acht seo, an leanbh a chur faoi aon mheán sonraithe maidir lena chaomhnadh nó a dhíonadh ar ghalar aicídeach áirithe, agus

(ii) ina gcuirfidh an tuiste sin, laistigh den tréimhse ordaithe agus sa tslí ordaithe, ráiteas chun an údaráis áitiúil iomchuí á rá go bhfuil agóid aige i gcoinne an leanbh a chur faoin meán sonraithe sin,

ansin, mura mbeidh ordú (a bhainfeas leis an ngalar aicídeach sin agus a bheas infheidhme maidir leis an leanbh) faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm, saorfaidh an t-údarás sláinte an tuiste sin ón gceanglas sin.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú—

(i) go bhfuil sé riachtanach, chun leathadh galair aicidigh áirithe a chosc, go gcuirfí gach leanbh faoi mheán sonraithe maidir lena gcaomhnadh nó a ndíonadh ar an ngalar aicídeach sin, nó

(ii) go bhfuil sé riachtanach, chun na críche sin, go gcuirfí leanaí d'aicme áirithe (a Míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an Aire) faoin meán sonraithe sin.

Áit chónaithe a dhíol nó a ligcan tar éis é bheith aicídithe.

33. —Mas rud é—

(a) go ndíolfaidh nó go ligfidh duine áit chónaithe ar feasach dó duine a bheith ina chónaí ann aon tráth i rith na dtrí mhí roimhe sin faid a bhí galar aicídeach air, agus

(b) ná dearna sé sar ar dhíol nó sar ar lig sé an áit chónaithe fógra i dtaobh áitribh aicídithe a thabhairt sa tslí ordaithe do dhochtúir oifigiúil ceantair an cheantair ina bhfuil an áit chónaithe,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Duine doscor de bheith ag áitiú áite cónaithe tar éis an áit sin a bheith aicídithe.

34. —Más rud é—

(a) go scoirfidh áititheoir áite cónaithe (agus nach é únaer na háite cónaithe é) de bheith ag áitiú na háite cónaithe, agus

(b) gur feasach don áititheoir duine a bheith ina chónaí san áit chónaithe aon tráth i rith na dtrí mhí roimhe sin faid a bhí galar aicídeach air, agus

(c) ná dearna an t-áititheoir, roimh é a scor nó díreach i ndiaidh é a scor de bheith ag áitiú na háite cónaithe, fógra i dtaobh áitribh aicídithe a thabhairt sa tslí ordaithe d'únaer na háite cónaithe,

beidh an t-áititheoir ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Ceist i dtaobh áit chónaithe a bheith aicídithe.

35. —I gcás—

(a) ina mbeidh duine—

(i) páirteach i ndíol nó i ligean áite cónaithe nó in áit chónaithe a thaispeáint d'fhonn é a dhíol nó a ligean, nó

(ii) tar éis scor i rith na dtrí mhí roimhe sin de bheith ag áitiú áite cónaithe, agus

(b) ina gcuirfidh duine eile ag a mbeidh suim sa díol nó sa ligean sin ceist air a fhiafraí an raibh duine ina chónaí san áit chónaithe aon tráth i rith na dtrí mhí roimhe sin faid a bhí galar aicídeach air, agus

(c) ina dtabharfaidh sé ar an gceist freagra is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha,

beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Iostas a thabhairt in áitreabh tar éis é a bheith aicídithe.

36. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh iostas á thabhairt ag duine in aon áitreabh do dhaoine seachas baill dá theaghlach féin, agus

(b) ina dtabharfaidh sé iostas do dhuine i seomra nó ionad eile san áitreabh sin is feasach dó a bheith á áitiú aon tráth i rith na dtrí mhí roimhe sin ag duine eile faid a bhí galar aicídeach ar an duine eile sin, agus

(c) ná dearna sé sar a dtug sé iostas don duine sin amhlaidh fógra i dtaobh áitribh aicídithe a thabhairt sa tslí ordaithe do dhochtúir oifigiúil ceantair an cheantair ina bhfuil an t-áitreabh,

beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “áitreabh” áit chónaithe shealadach.

An ní a déanfar ar fhógra i dtaobh áitribh aicídithe a thabhairt don dochtúir oifigiúil ceantair

37. —(1) Tráth ar bith nach déanaí ná seacht lá tar éis dochtúir oifigiúil ceantair d'fháil fógra i dtaobh áitribh aicídithe ó aon duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt seo), féadfaidh an dochtúir oifigiúil a cheangal aon dí-aicídiú nó dífhoiriciú a dhéanamh ar an áitreabh lena mbaineann an fógra sin agus, sar a mbeidh na seacht lá sin caite, cuirfidh sé in iúl don únaer ná fuil aon cheangal den tsórt sin á chur nó cuirfidh in iúl dó cad é an saghas ceangail den tsórt sin atá á chur agus réim an cheangail sin.

(2) Má cheanglann dochtúir oifigiúil ceantair, faoi fho-alt (1) den alt seo, aon dí-aicídiú nó dífhoiriciú a dhéanamh ar áitreabh, déanfaidh sé, ar an únaer dá iarraidh sin, socrú chun oifigeach don údarás sláinte iomchuí do dhéanamh an dí-aicídithe nó an dífhoiricithe sin a luaithe is caothúil.

(3) Ní déanfar áitreabh a mbeidh fógra i dtaobh áitribh aicídithe tugtha ina leith do dhochtúir oifigiúil ceantair a dhíol ná a ligean ná d'úsáid chun iostas a thabhairt d'aon duine—

(a) mura rud é go mbeidh seacht lá caite ón dáta ar a bhfuair an dochtúir oifigiúil an fógra agus ná beidh an doch túir oifigiúil tar éis a chur in iúl don únaer go bhfuil sé á cheangal aon dí-aicídiú nó dífhoiriciú a dhéanamh ar an áitreabh nó

(b) mura mbeifear tar éis aon dí-aicídiú nó dífhoiriciú a chríochnú a cheangail an dochtúir oifigiúil, faoi fho-alt (1) den alt seo, a dhéanamh.

(4) Duine ar bith a shárós fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion-faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Duine ar dócha gur fáig aicídithe é a choinneáil agus a eithlisiú

38. —(1) Más é tuairim príomh-dhochtúra oifigiúil, tar éis dó féin scrúdú a dhéanamh ar dhuine sa líomatáiste a mbeidh an dochtúir oifigiúil sin ag gníomhú dhó nó tar éis dó eolas d'fháil ó dhochtúir leighis cláraithe a scrúdaigh an duine sin, gur dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach an duine sin agus gur gá é a leithlisiú d'fhonn ná leathfadh aicídiú, agus nach féidir an duine sin a leithlisiú go héifeachtúil sa bhaile, féadfaidh an dochtúir oifigiúil sin a ordú i scríbhinn an duine sin a choinneáil agus a leithlisiú in ospidéal nó áit eile a sonrófar go dtí go dtabharfaidh an dochtúir oifigiúil sin deimhniú (ná gearrfar aon mhuirear ina leith) á rá nach dócha gur fáig aicídithe a thuilleadh an duine sin.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo maidir le duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt seo), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) cuirfidh an dochtúir oifigiúil a rinne an t-ordú (dá ngairmtear an t-oifigeach coimiteála sa bhfo-alt seo) cóip den ordú, láithreach, chun an Aire agus chun an údaráis sláinte dá mbeidh sé ag gníomhú,

(b) féadfaidh an t-oifigeach coimiteála, agus fairis sin aon duine eile, a mbeifear tar éis dualgas gníomhuithe faoin alt seo a shannadh dhó ag an Aire nó le toiliú an Aire agus a mbeidh údarás i scríbhinn aige ón oifigeach coimiteála chun gníomhú sa chás áirithe sin, an t-othar a choinneáil,

(c) déanfaidh an duine a bheas ag coinneáil an othair, ar é dá choinneáil nó roimhe sin—

(i) murab é féin an t-oifigeach coimiteála, an t-údarás i scríbhinn a fuair sé ón oifigeach coimiteála a thaispeáint, chun a iniúchta ag an duine iomchuí, agus

(ii) cóip den ordú agus ráiteas i scríbhinn ag insint an chirt achomhairc faoi mhir (h) den fho-alt seo a thabhairt don duine iomchuí,

(d) má bhíonn an t-othar, tráth a choinneála, lasmuigh den líomatáiste dá mbeidh an t-oifigeach coimiteála ag gníomhú, féadfaidh an t-oifigeach coimiteála, le toiliú príomh-dhochtúra oifigiúil an líomatáiste ina mbeidh an t-othar á choinneáil, an t-ordú a leasú chun go bhféadfar an t-othar a leithlisiú in ospidéal nó ionad eile comhgarach don áit ina mbeidh sé á choinneáil agus beidh éifeacht dá réir sin ag an ordú arna leasú amhlaidh,

(e) i gcás ina leasóidh oifigeach coimiteála an t-ordú, cuirfidh sé, láithreach, cóip den ordú arna leasú chun an Aire agus chun an údaráis sláinte dá mbeidh sé ag gníomhú agus chun údaráis sláinte an líomatáiste ina mbeidh an t-othar á choinneáil agus chun an duine iomchuí,

(f) tar éis an t-othar a choinneáil, bhéarfar é chun an ospidéil nó an ionaid eile a bheas sonraithe san ordú agus, faoi réir forál an fho-ailt seo, coinneofar agus leithliseofar ansin é go dtí go ndeimhneoidh na t-oifigeach coimiteála nach dócha gur fáig aicídithe a thuilleadh é.

(g) bhéarfaidh an duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin gach saoráid réasúnach don oifigeach coimiteála chun an t-ospidéal nó an t-ionad eile sin d'fhiosrú agus an t-othar a scrúdú ann,

(h) féadfaidh an t-othar (nó tuiste an othair, más leanbh an t-othar) achomharc i scríbhinn a chur chun an Aire tráth ar bith á iarraidh air a ordú an t-othar a scaoileadh,

(i) bhéarfaidh an duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin gach saoráid réasúnach chun críocha aon achomhairc faoi mhír (h) den fho-alt seo, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, saoráidí chun aon tuarascála agus taifid d'iniúchadh a bhainfeas leis an othar agus a bheas ar fáil san ospidéal nó san ionad eile sin agus chun cóipeanna d'aon tuarascála nó taifid den tsórt sin a sholáthar,

(j) ar é d'fháil achomhairc faoi mhír (h) den fho-alt seo, bhéarfaidh an tAire fógra i scríbhinn i dtaobh an dáta ar a bhfuair sé an t-achomharc sin don duine a rinne an t-achomharc agus don duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin,

(k) mura mbeidh an tAire tar éis cinneadh a dhéanamh ar achomarc faoi mhír (h) den fho-alt seo agus an cinneadh sin a chur in iúl don duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin laistigh de lá agus fiche glan ón dáta ar a bhfuair an tAire an t-achomharc sin, scaoilfidh an duine sin an t-othar agus cuirfidh in iúl don oifigeach coimiteála an scaoileadh sin a beith déanta agus déanfaidh, más gá, socrú chun an t-othar d'iompar chun na háite ina mbíonn gnáthchonaí air,

(l) má ordaíonn an tAire tráth ar bith an t-othar a scaoileadh déanfaidh an duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin é a scaoileadh do réir an ordacháin, agus déanfaidh an duine sin, más gá, socrú chun é d'iompar chun na háite ina mbíonn gnáthchónaí air,

(m) má déantar achomharc faoi mhír (h) den fho-alt seo, bhéarfaidh an tAire go scrúdóidh duine dá dhochtúiri oifigiúla an t-othar agus go dtabharfaidh tuarascáil ar thoradh an scrúduithe sin,

(i) a luaithe is féidir tar éis an tAire d'fháil an achomhairc, agus

(ii) an fhaid a bheidh sé ar coinneáil ina dhiaidh sin, i gceann tréimhsí nach sia ná sé seachtaine,

(n) bhéarfaidh an duine a bheas i bhfeighil an ospidéil nó an ionaid eile sin gach saoráid réasúnach le haghaidh scrúduithe faoi mhír (m) den fho-alt seo,

(o) féadfar, más gá, neart d'úsáid chun aon fhoráil dá bhfuil sa bhfo-alt seo a chur i gcrích.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “an duine iomchuí” maidir le hothar—

(a) má dhealraíonn an t-othar bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois agus gur féidir a thuiste a fhionnachtain agus teacht ar a thuiste laistigh d'am a bheas réasúnach ag féachaint do thosca uile an cháis—a thuiste,

(b) má dhealraíonn an t-othar bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois agus nach féidir a thuiste a fhionnachtain ná teacht ar a thuiste laistigh d'am a bheas réasúnach ag féachaint do thosca uile an cháis—an duine ar a mbeidh cúram an othair de thuras na huaire,

(c) mura féidir ar chúis ar bith leis an othar, agus gur duine éatach é, gníomhú dhó féin—an duine ar a mbeidh cúram an othair de thuras na huaire,

(d) in aon chás eile—an t-othar féin.

(4) Duine a mbainfidh ordú faoin alt seo leis agus—

(a) a chomhraicfeas in aghaidh a choinneála faoin alt seo nó a chomraicfeas in aghaidh a thabhartha fahn alt seo chun an ospidéil nó an ionaid eile a bheas sonraithe san ordú, nó

(b) a mhí-iomprós é féin go toiliúil faid a bheas sé á choinne áil san ospidéal nó san ionad eile sin,

(c) a éalós nó a dhéanfas iarracht ar éaló as coinneáil faoin alt seo, nó

(d) ná géillfidh go sítheach ordúil d'fheidhmiú aon chumhachta a bheirtear leis an alt seo,

beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo.

(5) Duine ar bith—

(a) a chuirfeas cosc, nó a dhéanfas iarracht ar chosc a chur, le coinneáil aon duine faoin alt seo nó le haon duine a thabhairt faoin alt seo chun ospidéil nó ionaid eile chun é a choinneáil agus a leithlisiú, nó

(b) a chabhrós le héaló nó le hiarracht éalóidh dhuine ar bith as coinneáil agus leithlisiú faoin alt seo, nó

(c) a dhéanfas bac nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta a bheirtear leis an alt seo,

beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo.

(6) Duine ar bith a bheas ciontach i gcoin faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(7) An costas faoina raghfar ag cothabháil agus ag cóireáil duine lena mbainfidh ordú faoin alt seo san ospidéal nó san ionad eile a bheas luaite san ordú (lena n-áirítear costas éinní a déanfar faoi mhír (f), (k) nó (l) d'fho-alt (2) den alt seo) déanfaidh an t-údarás sláinte dá mbeidh an dochtúir oifigiúil a rinne an t-ordú ag gníomhú é d'íoc.

Údarás sláinte d'adhlacadh coirp dhuine a éagfas de ghalar aicídeach.

39. —I gcás duine ar a mbeidh galar aicídeach d'éag i bhforas agus an duine sin a bheith arna ghlacadh agus arna chothabháil sa bhforas sin ag údarás sláinte, nó de thoradh iarratais uathu nó ar a gcostas, féadfaidh an t-údarás sin—

(a) socrú a dhéanamh, agus an costas d'íoc, chun corp an duine sin d'aistriú chun reilige éigin i gcomhgar d'áit, i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin, a raibh an duine sin ina chonaí nó ar iostas ann díreach sar ar glacadh sa bhforas sin é agus chun an corp sin d'adhlacadh sa reilig sin; nó

(b) suim nach mó ná an méid a ceadófaí don údarás sin a chaitheamh faoi mhír (a) den alt seo a thabhairt i leith costais aistrithe an choirp sin chun reilige éigin eile.

Cóiríocht do dhaoine a mbeidh orthu a mbaile d'fhágaint.

40. —(1) Féadfaidh údarás sláinte cóiríocht a sholáthar do dhaoine a mbeidh orthu a mbaile d'fhágaint de dheascaibh éinní a déanfar faoin Acht seo nó faoi na rialacháin a déanfar faoi chun leathadh galair aicídigh a chosc.

(2) Féadfaidh údarás sláinte teas, solas, troscán, trealamh agus aon riachtanais agus taitneamhachta eile a sholáthar le haghaidh aon chóiríochta a sholáthróid faoin alt seo agus féadfaid bia a sholáthar, ar íocaiócht nó gan íocaíocht, d'aon duine a bheas ag úsáid na cóiríochta sin.

Daoine ar a mbeidh galar aicídeach nó a bheas ag téarnó ó ghalar aicídeach d'aithinmhiú.

41. —(1) Féadfaidh údarás sláinte socrú a dhéanamh chun daoine ar a mbeidh galar aicídeach nó a bheas ag téarnó ó ghalar aicídeach a thréineáil agus a theagasc le haghaidh fostaíochta a bheadh oiriúnach dá staid sláinte agus chuige sin féadfaid pé áitribh, ceardlanna, feirmeacha, garraithe, abhair, trealamh agus saoráidí dá samhail sin a mbeidh gá leo a sholáthar agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordachán a thabhairt d'údarás sláinte i dtaobh an mhodha ina mbeidh, agus a mhéid a bheas, a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo le feidhmiú acu agus déanfaidh an t-údarás sláinte sin do réir an ordacháin sin.

Altraí le haghaidh galar aicídeach.

42. —(1) Féadfaidh údarás sláinte altraí a sholáthar chun freastal ar dhaoine ar a mbeidh galar aicídeach.

(2) I gcás ina mbeidh freastal á dhéanamh ar dhuine ag altra a soláthraíodh faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás sláinte iomchuí:—

(a) as a gcomhairle féin ach faoi réir aon rialachán iomchuí faoi alt 31 den Acht seo, muirear a ghearradh i leith an fhreastail, nó

(b) gan aon mhuirear a ghearradh ina leith.

(3) Féadfar muirear faoi fho-alt (2) den alt seo i leith freastail a rinne altra ar dhuine ar bith d'aisghabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla—

(a) ón duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó dhuine ar bith eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, i gcás an duine eile sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Toimhdean in aicsean síbhialta maidir le fáth aicídithe.

43. —I gcás—

(a) ina dtiocfaidh sé i gcúrsa foráil den Chuid seo den Acht seo nó d'aon rialacháin fúithi dá cheangal ar dhuine forchúram a ghlacadh chun ná haicídeofaí daoine eile le galar aicídeach áirithe, agus

(b) ina bhfaillioidh an duine sin an forchúram a ghlacadh, agus

(c) ina mbeidh an duine eile curtha, i ngan fhios dó féin, i gcontúirt a aicídithe leis an ngalar, agus ina mbeidh sé, tar éis a churtha sa chontúirt sin, aicídithe leis an ngalar,

ansin, in aon aicsean i gcoinne an duine chéadluaite ag an duine eile sin mar gheall ar dhamáistí a fulaingeadh de dheasca é d'aicídiú leis an ngalar, toimhdeoidh an Chúirt gur tháinig an t-aicídiú sin go díreach den fhaillí a tugadh sa bhforchúram a ghlacadh mura gcruthaítear chun sástachta na Cúirte (agus is ar an gcosantóir a bheas an cruthú sin a dhéanamh chun sástachta na Cúirte) nach dócha, toisc an t-am a tharla an t-aicídiú sin nó ar chúis ar bith eile, gurbh í an fhaillí sin faoi ndear an t-aicídiú sin.

Duine ar a mbeidh galar aicídeach a chothabháil, etc.

44. —(1) Bainfidh an t-alt seo le duine—

(a) a mbeidh galar aicídeach air, agus

(b) a bheas á chóireáil dó sin chun sástachta príomhdhochtúra oifigiúil an údaráis sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas gnáthchónaí ar an duine sin, agus

(c) a bhes coiscthe dá dheasca sin ó shocrú réasúnach agus cuí a dhéanamh chun é féin nó a chleithiúnaithe a chothabháil.

(2) Bainfidh an t-alt seo freisin le duine—

(a) ar dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach é ach ná beidh éagumasach dá dheasca sin ar leanúint dá ghnáthshlí bheatha, agus

(b) a mbeidh d'fhiachaibh air, de bhun orduithe i scríbhinn ó phríomh dhochtúir oifigiúil, nó a dhéanfas, de bhun comhairle i scríbhinn ó phríomh-dhochtúir oifigiúil, forchúram a ghlacadh, maidir leis an ngalar aicídeach sin, a bheas ceangailte le haon fhoráil den Chuid seo den Acht seo nó le haon rialacháin fúithi, agus

(c) a bheas, de dhroim é do ghlacadh an fhorchúraim sin' éagumasach ar shocruithe réasúnacha agus cuí a dhéanamh chun é féin nó a chleithiúnaithe a chothabháil.

(3) An t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas gnáthchónaí ar dhuine lena mbainfidh an t-alt seo déanfaid, ar sin d'iarraidh orthu, socrú maidir leis an duine sin agus chleithiúnaithe a chothabháil trí ceachtar ní nó an dá ní ac seo leanas a dhéanamh:—

(a) íocaíocht a thabhairt don duine sin nó dá chleithiúnaithe nó ina leith,

(b) an costas d'íoc, go hiomlán nó go páirteach, a bhainfeas le duine eile d'fhostú chun gníomhú mar ionadaí dhó le linn dó bheith as láthair nó le linn dó bheith faoi chóireáil mar luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nó ag glacadh forchúraim mar luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo (do réir mar bheas).

(4) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine áirithe a bheith ina dhuine lena mbaineann an t-alt seo nó i dtaobh méid an tsocruithe a bheas le déanamh nó i dtaobh an údaráis sláinte a mbeidh an socrú faoi fho-alt (3) den alt seo le déanamh acu, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(5) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, rialacháin a dhéanamh ag ordú rátaí na n-íocaíocht nó rátaí uasta nó rátaí íosta na n-íocaíocht a bheas le déanamh faoin alt seo go ginearálta nó i leith aon acime daoine, agus aon údarás sláinte lena mbainfidh aon rialacháin den tsórt sin déanfaid dá réir nuair a bheas aon íocaíocht faoin alt seo á déanamh acu.

(6) Ní cheanglóidh éinní san alt seo ar údarás sláinte socrú a dhéanamh chun aon duine a chothabháil a bheas, d'fhonn go ndéanfaí socrú dhó faoi fho-alt (3) den alt seo, tar éis é féin a chur go toiliúil i gcontúirt a aicídithe, ná chun cleithiúnaithe an duine sin a chothabháil.

(7) Déanfar suim nach mó ná leath na gcostas a ndeimhneoidh an tAire údarás sláinte a bheith tar éis dul fúthu go cuí faoin alt seo d'íoc leis an údarás sláinte as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(8) Gach duine a dhéanfas, maidir le hiarratas ag iarraidh socruithe le haghaidh cothabhála faoin alt seo, ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Galair aicídeacha a chóireáil i bhforais áirithe.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur, ar fad nó faoi réir coinníoll sonraithe, le daoine ar a mbeidh galar aicídeach sonraithe a ghlacadh, agus le daoine den tsórt sin a chóireáil, in aon fhoras sa líomatáiste lena mbainfidh an t-ordú seachas foras amháin nó níos mó a sonrófar agus is dóigh leis an Aire a bheith in oiriúint go speisialta chun an chóireáil sin a thabhairt.

(2) Féadfaidh feidhm a bheith ag ordú faoin alt seo maidir leis an Stát ar fad nó le cuid den Stát.

(3) Má glactar nó má cóireáltar duine i bhforas contrártha d'ordú faoin alt seo, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(4) San alt seo, folaíonn an focal “foras” roinn d'fhoras.

Caibidil II.

Daoine agus earraí seadacha.

Forchúraim atá le glacadh ag daoine seadacha.

46. —(1) Aon duine ar feasach dó é féin a bheith seadach, déanfaidh sé, i dteannta na bhforchúram dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, gach forchúram réasúnach a ghlacadh chun ná foiriceoidh sé daoine eile le seadra.

(2) Aon duine ar a mbeidh cúram duine eile agus ar feasach dó, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, an duine eile sin a bheith seadach, déanfaidh sé, i dteannta aon fhorchúram dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, gach forchúram réasúnach eile a ghlacadh chun ná foiriceoidh an duine eile sin daoine eile le seadra.

(3) Is tuigthe go críochnaitheach cúis a bheith ag duine chun a chreidiúint é féin nó duine ar bith eile a bheith seadach má chuireann dochtúir oifigiúil sláinte nó cigire sláinte sin in iúl dó.

(4) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Forchúraim atá le glacach maidir le hearraí seadacha.

47. —(1) I dteannta aon fhorchúraim a ghlacadh dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, glacfaidh duine gach forchúram réasúnach eile chun cosc a chur le húsáid nó nochtadh aon earra, ar a urlámhas nó ar urlámhas duine faoina chúram, a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint í a bheith seadach i slí a chuirfeadh daoine eile, nó earraí le daoine eile, i gcontúirt a bhfoiricithe le seadra.

(2) I dteannta aon fhorchúraim a ghlacadh a hordófar i rialacháin faoi alt 49 den Acht seo, glacfaidh duine gach forchúram réasúnach eile chun cosc a chur le héinne ar fostú aige d'úsáid nó do nochtadh aon earra a mbeidh cúis réasúnach ag an duine sin chun a chreidiúint í a bheith seadach i slí a chuirfeadh daoine eile, nó earraí le daoine eile, i gcontúirt a bhfoiricithe le seadra.

(3) Is tuigthe go críochnaitheach cúis a bheith ag duine chun a chreidiúint earra a bheith seadach má chuireann dochtúir oifigiúil sláinte nó cigire sláinte sin in iúl dó.

(4) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Toirmeasc ar leanbh seadach d'fhreastal scoile.

48. —(1) I gcás ina bhfaighfidh dochtúir oifigiúil ceantair fios ar leanbh a mbeidh cónaí air ina cheantar a bheith seadach, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil sa tslí ordaithe ar thuiste an linbh á thoirmeasc an leanbh d'fhreastal aon scoile go dtí go dtabharfaidh an dochtúir oifigiúil ceantair sin deimhniú (ná gearrfar aon mhuirear ina leith) á dheimhniú go bhfuil an leanbh i dtreo chun scoil d'fhreastal.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar thuiste linbh agus ina gcuirfidh an tuiste sin an leanbh go dtí aon scoil nó ina gceadóidh don leanbh aon scoil d'fhreastal i rith na tréimhse idir dháta an fhógra a sheirbheáil agus dáta an deimhnithe dá dtagartar sa bhfo-alt sin a thabhairt, beidh an tuiste sin ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig punt a chur air.

Rialacháin chun cosc a chur le foiriciú a leathadh.

49. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú forchúram a bheas le glacadh ag dílseánaigh aon tsaghais bhunaíochta agus ag na daoine a bheas ag obair ann más é tuairim an Aire go bhfuil contúirt speisialta ann go leathnóidh foiriciú daoine agus earrai ón mbunaíocht sin.

(2) Ní bheidh i rialacháin a déanfar faoin alt seo aon fhoráil chun daoine a ghlanadh ná a dhífhoiriciú go héigeanta.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh chun oifigigh don Aire, agus údaráis sláinte agus a n-oifigigh, d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán sin agus féadfaid freisin, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, socrú a dhéanamh chun oifigigh d'údaráis sláintíochta dá bhforfheidhmiú agus dá bhforghníomhú.

(4) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo nó a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Údaráis sláinte do dhéanamh socruithe chun daoine, foirgintí etc., seadacha a dhífhoiriciú.

50. —(1) Déanfaidh údarás sláinte socruithe chun dífhoiriciú a dhéanamh—

(a) ar dhuine éatach seadach, ar é dá iarraidh sin;

(b) ar leanbh seadach, ar a thuiste dá iarraidh sin nó do thoiliú leis;

(c) ar fhoirgint nó déanmhas seadach ina líomatáiste feidhme, ar áititheoir na foirginte nó an déanmhais sin dá iarraidh sin, nó

(d) ar fheithicil, árthach, aerárthach nó earra sheadach ina líomatáiste feidhme, ar únaer na feithicle, an árthaigh, an aeráthaigh nó hearra sin dá iarraidh sin nó ar a ghníomhaire dá iarraidh sin.

(2) Ní déanfar dífhoiriciú ar bhaineannaigh faoin alt seo ach amháin ag dochtúir leighis cláraithe, nó ag bean a bheas údaraithe go cuí ag príomh-dhochtúir oifigiúil an údaráis sláinte.

(3) D'ainneoin forál ailt 51 den Acht seo ní gearrfar aon mhuirear i leith dífhoiricithe a déanfar ar dhuine nó ar a éadaí faoin alt seo.

Caibidil III.

Forála Fo-ghabhálacha.

Saoráidí chun cumhachta agus dualgais údarás sláinte faoi Chuid IV d'fheidhmiú.

51. —(1) Chun a gcumhachta agus a ndualgais faoin gCuid seo den Acht seo d'fheidhmúi féadfaidh údarás sláinte aitribh, goireas, abhair nó aon tsaoráidi eile a sholáthar agus a chothabháil nó socrú a dhéanamh le haon duine chun saoráidí den tsórt sin a sholáthar.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordachán a thabhairt d'údarás sláinte i dtaobh an mhodha ina mbeidh, agus a mhéid a bheas, a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo le feidhmiú acu agus déanfaidh an t-údarás sláinte sin do réir an ordacháin sin.

(3) I gcás ina n-úsáidfidh duine saoráid arna soláthar faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás sláinte iomchuí—

(a) as a gcomhairle féin, ach faoi réir forál ailt 50 den Acht seo agus faoi réir aon rialacháin iomchuí faoi alt 31 den Acht seo, muirear a ghearradh i leith úsáid na saoráide, nó

(b) gan aon mhuirear a ghearradh ina leith sin.

Inchúiseamh i gcionta faoi Chuid IV.

52. —(1) Aon chion a déanfar faoin gCuid seo den Acht seo, feádfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a déanfar é inchúiseamh a dhéanamh ina leith.

(2) D'ainneoin aon achtacháin ag teorannú an ama ar laistigh de a féadfar imeachta den tsórt sin a bhunú, féadfar aon imeachta i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo a bhunú laistigh den am arna theorannú amhlaidh nó laistigh de thrí mhí ón dáta ar a bhfaighfidh an t-údarás sláinte, a fhéadfas inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona, eolas ar fhianaise is leor leis an Aire chun inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona.

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt ag deimhniú an dáta ar a bhfuair údarás sláinte eolas ar an bhfianaise a luaitear sa bhfo-alt sin, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise chríochnaitheach maidir leis an dáta sin.

CUID V.

Bia agus Deoch.

Míniú do Chuid V.

53. —Sa Chuid seo den Acht seo, folaíonn an focal “bia” gach earra a úsáideas an duine mar bhia nó deoch, seachas druganna nó uisce, agus

(a) aon earra ar gnáth í a bheith, nó í d'úsáid, i gcomhshuíomh nó in ullmhú bídh don duine,

(b) blastanais, leasuithe agus tarsainn,

(c) abhair dathúcháin lena n-úsáid i mbia, agus

(d) cumaisc nó meascáin de dhá bhia nó níos mó.

Rialacháin chun contúirt ó bhia agus deoch a chosc.

54. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin a dhéanamh—

(a) chun cosc a chur le contúirt do shláinte an phobail a theacht as bia a bheas beartaithe chun a dhíolta mar bhia don duine a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, a storáil, d'iomdháil nó a thaispeáint chun a dhíolta,

(b) chun cosc a chur le truailliú bídh a bheas beartaithe chun a dhíolta mar bhia don duine,

(c) chun toirmeasc agus cosc a chur leis na nithe seo a leanas a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a ndíolta:—

(i) earraí bídh a bheas beartaithe mar bhia don duine,

(ii) ainmhithe beo a bheas beartaithe mar bhia don duine,

(iii) abhair nó earraí a húsáidtear nó a bheas beartaithe chun a n-úsáidte ag ullmhú nó ag monarú bídh den tsórt sin,

agus a bheas galraithe, truaillithe nó neamhoiriúnach ar shlí eile mar bhia don duine.

(2) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneála sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Daoine agus áitribh a cheadúnú agus a chlárú.

55. —(1) Féadfaidh rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo socrú a dhéanamh chun ceadúnú agus clárú a dhéanamh ar dhaoine a bheas ag gabháil do mhonarú, ullmhú, allmhuiriú, stóráil, iomdháil nó díol bídh don duine nó ar áitribh ina ndéantar bia don duine a mhonarú, d'ullmhú, a stóráil, d'iomdháil nó a thaispeáint chun a dhíolta agus chun tuairisciú a dhéanamh ar áitribh a ceadúnófar nó a clárófar amhlaidh agus chun toirmeasc a chur le bia a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, a stóráil, a thaispeáint chun a dhíolta nó a dhíol ar shlí seachas ag daoine ceadúnaithe nó cláraithe nó ar áitribh cheadúnaithe nó cláraithe (do réir mar bheas).

Caighdeáin do bhia agus deoch.

56. —(1) I gcás inar dóigh leis an Aire tábhacht speisialta ó thaobh sláinte an phobail a bheith ag baint le comhshuíomh aon bhídh (pé acu ar a aghaidh nó mar tháthchuid de bhia eile a tomhaltar é) féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus leis an Aire Talmhaíochta agus tar éis an fógra a thabhairt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, rialacháin a dhéanamh ag ordú caighdéain do chomhshuíomh an bhídh sin.

(2) Mí ar a laghad sar a ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo, bhéarfaidh sé go bhfoilseofar fógra, i nuachtán laethúil nó i dhá nuachtán laethúla nó níos mó, go bhfuil ar intinn aige rialacháin a dhéanamh ag sonrú an bhídh a ndéanfar leis na rialacháin sin caighdeán d'ordú dá chomhshuíomh.

(3) Féadfaidh na forála seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo—

(a) forála maidir le nádúir, cáilíocht nó méid aon tsubstainte a bheas sa bhia lena mbainfidh na rialacháin,

(b) forála ag sonrú aon tsubstainte nach cead a bheith sa bhia sin,

(c) forála ag teorannú an méid d'aon tsubstaint a bheas sa bhia sin,

(d) forála maidir leis na modhanna a húsáidfear agus leis an am a glacfar chun an bia sin a mhonarú, d'ullmhú nó d'iomdháil,

(e) forála maidir le lipéadú nó tuairisciú an bhídh sin.

(4) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine bia, a mbeidh caighdeán ordaithe dá chomhshuíomh le rialacháin faoin alt seo, a dhíol mar bhia don duine, nó d'ullmhú, a mhonarú, a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta mar bhia don duine, agus

(b) ná beidh an bia do réir an chaighdeáin sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

(5) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine aon bhia ina mbeidh táthchuid a mbeidh caighdeán ordaithe dá comhshuíomh le rialacháin faoin alt seo a dhíol mar bhia don duine nó d'ullmhú, a mhonarú, a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta mar bhia don duine, agus

(b) ná beidh an táthchuid do réir an chaighdeáin sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

(6) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine aon bhia a dhíol mar bhia don duine, nó a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta mar bhia don duine is bia a mbeidh caighdeán ordaithe dá chomhshuíomh le rialacháin faoin alt seo agus go mbeidh sna rialacháin sin forála maidir le lipéadú nó tuairisciú an bhídh sin, agus

(b) ná beidh an bia sin, nó an phacáid nó an coimeádán ina mbeidh an bia sin á dhíol nó á thairiscint nó á choimeád chun a dhíolta, lipéadaithe nó tuairiscithe do réir rialachán,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

(7) Aon uair—

(a) a déanfar bia, a mbeidh caighdeán ordaithe dá chomhshuíomh le rialacháin faoin alt seo, d'fhógairt faoi bhranda nó tuairisc trádála áirithe, agus

(b) a chuirfeas an tAire samplaí den bhia a bheas á dhíol faoin mbranda nó faoin tuairisc trádála sin á dtástáil, agus

(c) a gheofar, de thoradh na tástála sin, go bhfuil aon tsampla den tsórt sin gan bheith do réir an chaighdeáin sin,

féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur le hallmhuiriú agus le díol an bhídh uile den bhranda nó den tuairisc trádala sin.

(8) Duine ar bith a dhéanfas bia de bhranda nó de thuairisc trádála lena mbainfidh toirmeasc faoi fho-alt (7) den alt seo d'allmhuiriú nó a dhíol mar bhia don duine, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(9) Duine ar bith a bheas ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil a chur air—

(a) nach mó ná fiche punt i gcás an chéad chiona, agus

(b) nach mó ná céad punt i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin,

nó, más rogha leis an gCúirt agus go gcruthófar chun sástachta na Cúirte gurb é gníomh pearsanta nó mainneachtain inmhilleáin an duine sin faoi ndear an cion, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(10) D'ainneoin éinní san alt seo, ní déanfar ach amháin le toiliú an Aire Thalmhaíochta, rialacháin faoin alt seo a chumadh i slí go mbeidh feidhm acu maidir le haon bhia a gcumhachtaítear don Aire sin le haon achtachán, reachtúil nó eile, caighdeáin d'ordú dá chomhshuíomh.

Samplaí bidh agus dí a scrúdú.

57. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “dílseánach,” maidir le haon bhia, duine a mhonaraíos, a ullmhaíos nó a allmhuiríos an bia sin.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin, a mbeidh gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas iontu, a dhéanamh maidir le haon bhia:

(a) forála á cheangal ar gach dílseánach ar an mbia samplaí den bhia a chur faoi bhráid an Aire chun a scrúduithe maidir le nádúir, substaint, cáilíocht nó staid,

(b) forála á údarú don Aire deimhniú ar thoradh an scrúduithe d'eisiúint chun aon dílseánaigh a chuirfeas aon tsamplaí den tsórt sin faoina bhráid chun a scrúduithe,

(c) forála á cheangal ainm an dílseánaigh agus cóip den deimhniú iomchuí a heiseofar chuige faoi rialachán arna dhéanamh de bhun míre (b) den fho-alt seo a chlóbhualadh ar an taobh amuigh de gach pacáid nó coimeádán ina ndéanfar an bia a dhíol mar bhia don duine nó ar lipéad a bheas greamaithe sa tslí ordaithe den phacáid nó den choimeádán sin,

(d) forála á thoirmeasc an bia a dhíol mar bhia don duine, nó a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta mar bhia don duine, i bpacáid nó coimeádán ná beidh ainm an dílseánaigh agus cóip den deimhniú iomchuí a heisíodh chuige faoi rialachán arna dhéanamh de bhun míre (b) den fho-alt seo clóbhuailte ar an taobh amuigh dhe nó ar lipéad a bheas greamaithe dhe, mar fhorálfas na rialacháin,

(e) forála á thoirmeasc aon earra den bhia a dhíol mar bhia don duine, nó a thairiscint nó a choimeád chun a díolta mar bhia don duine, is earra ná fuil a nádúir, a substaint, a cáilíocht nó a staid chomh maith le nádúir, substaint, cáilíocht nó staid (do réir mar bheas) na samplaí den bhia a chuir dílseánach na hearra sin isteach chun a scrúduithe mar bheid sin luaite sa deimhniú iomchuí a heisíodh chuige faoi rialachán arna dhéananh de bhun míre (b) den fho-alt seo.

(3) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneála sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(4) D'ainneoin éinní san alt seo, ní déanfar, ach amháin le toiliú an Aire Thalmhaíochta, rialacháin faoin alt seo a chumadh i slí go mbeidh feidhm acu maidir le haon bhia a gcumhachtaítear don Aire sin le haon achtachán, reachtúil nó eile, caighdeáin d'ordú dá chomhshuíomh.

Samplaí, etc., a thabhairt agus a thógaint.

58. —(1) Féadfaidh rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo—

(a) socrú a dhéanamh chun samplaí a thabhairt agus a thógaint (gan íocaíocht) de bhia nó d'abhair nó d'earraí a húsáidtear nó atá beartaithe chun a n-úsáidte in ullmhú nó i monarú bídh nó d'earraí is seach-tháirgthe as monarú bídh,

(b) socrú a dhéanamh chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar na samplaí sin,

(c) na haicmí daoine d'ordú a bheas freagarthach sna tástála, na scrúduithe agus na taifigh sin a dhéanamh ar na samplaí sin,

(d) na meáin agus an modh d'ordú trína mbeidh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach sin le déanamh,

(e) an deimhniú nó an fhianaise eile d'ordú a bheas le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh agus na haicmí daoine d'ordú a mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt acu nó dhóibh,

(f) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (e) den fho-alt seo, agus a bhéarfar maidir leis an tástáil nó an scrúdú nó an taifeach ar shampla, ina fhianaise chun gach críche, maidir leis an sampla sin, ar thoradh na tástála sin.

(2) Aon uair a fhorálfas rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile áirithe ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála nó scrúduithe nó taifigh ar shampla, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin mar fhianaise, maidir leis na samplaí sin, ar thoradh na tástála sin agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis freisin mar fhianaise go ndearnadh an tástáil sin faoi réim agus do réir na rialachán.

Rialacháin faoi Chuid V d'fhorfheidhmiú, etc.

59. —Féadfaidh rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó éinní acu seo a leanas—

(a) chun na rialacháin d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú ag—

(i) oifigigh don Aire,

(ii) údaráis sláinte,

(iii) oifigigh d'údaráis áitiúla, le toiliú an Aire iomchuí chun críocha Coda II den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , maidir le hoifig áirithe, i gcás nach é an tAire an tAire iomchuí chun na gcríocha sin maidir le hoifig áirithe,

(iv) oifigigh Custam agus Máil, le toiliú an Aire Airgeadais,

(v) oifigigh don Aire Talmhaíochta, le toiliú an Aire sin,

(b) chun a chumhachtú do dhaoine sonraithe nó do dhaoine d'aicme shonraithe (is oifigigh údaraithe chun críocha Coda IX den Acht seo nó is comhaltaí den Gharda Síochána a bheas ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear le Cuid IX den Acht seo) na nithe seo a leanas d'urghabháil agus d'aistriú agus a choinneáil, a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí oiriúnach eile—

(i) earraí bídh a bheas beartaithe mar bhia don duine,

(ii) ainmhithe beo a bheas beartaithe mar bhia don duine, nó

(iii) abhair nó earraí a húsáidtear nó a bheas beartaithe chun a n-úsáidte ag ullmhú nó ag monarú bídh den tsórt sin,

agus a bheas galraithe, truaillithe nó neamhoiriúnach ar shlí eile mar bhia don duine nó ná beidh do réir na rialachán,

(c) chun daoine a bhíos ag gabháil do mhonarú, ullmhú, allmhuiriú, stóráil, iomdháil nó díol bídh do choimeád taifead agus do thaispeáint na dtaifead sin chun a n-iniúchta ag oifigigh a mbeidh baint acu le forfheidhmiú nó forghníomhú na rialachán.

Muirir faoi rialacháin faoi Chuid V.

60. —Féadfaidh rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo a údarú muirir a ghearradh chun críocha na rialachán, nó i leith scrúduithe, deimhniúcháin nó seirbhísí eile a déanfar fúthu.

Bac a chur le forghníomhú rialacháin faoi Chuid V.

61. —Duine ar bith a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneála sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Srian le daoine a bheas ag deighleáil i gceirteacha, etc., do dhíol, etc., bidh.

62. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith, a mbíonn deighleáil i gceirteacha, cnámha, páipéar iarmhair, éadaí réchaite nó earraí eile dá samhail sin ar siúl aige mar ghnó, aon bhia a dhíol ná a mhalairtiú ná a thairiscint ná a choimeád chun a dhíolta nó a mhalairtithe in, nó as, aon áitreabh nó áit nó feithicil a úsáideas sé maidir leis an ngnó sin aige.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air nó, i gcás an dara ciona nó ciona ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná fiche punt.

Inchú simh i leith cionta faci Chuid V.

63. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hinchúiseamh i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo:—

(a) is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, aon bhia a bheith arna dhíol nó arna mhalairtiú nó a bheith beartaithe chun a dhíolta nó a mhalairtithe (pé acu is iomchuí) mar bhia don duine,

(b) aon abhar nó earra a gheofar in áitreabh a húsáidtear chun bia d'ullmhú nó a mhonarú a bheas le díol mar bhia don duine agus is féidir a bheith beartaithe chun a úsáidte san ullmhú nó sa mhonarú sin, is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt é a bheith beartaithe chuige sin,

(c) i gcás—

(i) inar chuir duine taifeach á dhéanamh ar aon bhia faoin Sale of Food and Drugs Act, 1875, agus

(ii) ina ndearna an taifeoir, tar éis dó taifeach a dhéanamh ar an mbia sin, a dheimhniú a thabhairt ar thoradh an taifigh, agus

(iii) ina ndealróidh sé ón deimhniú go bhfuil sárú déanta ar rialachán faoin gCuid seo den Acht seo,

féadfaidh an duine sin inchúiseamh a dhéanamh i leith an tsáruithe agus beidh feidhm ag na forála de na hAchta um Bia agus Druganna a Dhíol, 1875 go 1936, a bhaineas le hinchúisimh amhail is dá mba inchúiseamh faoi na hAchta sin an t-inchúiseamh sin,

(d) má chruthaíonn an cosantóir, in aon inchúiseamh i leith ciona a bhaineas le nádúir, substaint, cáilíocht nó staid aon bhídh—

(i) gur cheannaigh sé an bia sin mar bhia de nádúir, de shubstaint, de cháilíocht nó de staid ná sáródh an rialachán sin agus fara baránta i scríbhinn sa chéill sin, agus

(ii) ná raibh aon chúis aige, an tráth a dhíol sé an bia sin, chun a chreidiúint nár den nádúir, den cháilíocht nó den staid sin dó, agus

(iii) gur dhíol sé an bia sin sa staid chéanna inar cheannaigh sé é,

urscaoilfear an cosantóir sin ón inchúiseamh, ach dlífidh sé na costais a ndeachaigh an t-inchúisitheoir fúthu d'íoc mura dtug sé fógra cuí don inchúisitheoir go raibh beartaithe aige seasamh ar an gcosaint sin.

(2) Aon ráiteas ó mhonaróir, allmhuireoir, nó díoltóir bídh, maidir le nádúir, substaint, cáilíocht nó staid an bhídh sin, i bhforchuntas, nó ar lipéad a bheas greamaithe den bhia, nó ar an bpacáid nó an coimeádán ina ndíolfar an bia, is tuigthe chun críocha fo-mhíre (i) de mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo gur baránta é.

(3) Má chítear don údarás nó don oifigeach a bheas ag forfheidhmiú aon fhorála den Chuid seo den Acht seo nó de na rialacháin fúithi cion a bheith déanta a bhféadfaí imeachta a bhunú ina leith i gcoinne duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a shuíomh faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo trína chruthú gurbh é gníomh nó faillí dhuine éigin eile faoi ndear an cion a mbeifear ag gearán ina thaobh, féadfaidh an t-údarás nó an t-oifigeach sin imeachta a bhunú i gcoinne an duine eile sin gan imeachta a bhunú i gcoinne an duine chéadluaite.

Bia a coimeádtar i mbunaíochta áirithe.

64. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an aicme nó na haicmí bunaíocht lena mbaineann an t-alt seo a shonrú.

(2) Chun críche na Coda seo den Acht seo agus aon rialachán fúithi—

(a) aon bhia a coimeádfar mar bhia don duine i mbunaíocht d'aicme lena mbainfidh an t-alt seo is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, é a bheith á choimeád ann, chun a dhíolta mar bhia don duine,

(b) aon bhia den tsórt sin a ndéanfaidh duine ar bith é a thomhailt in aon bhunaíocht den tsórt sin is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, é a bheith arna dhíol mar bhia don duine,

(c) aon abhar nó earra a gheofar in aon bhunaíocht den tsórt sin a húsáidtear chun bia d'ullmhú nó a mhonarú mar bhia don duine agus is féidir a bheith beartaithe chun a úsáidte san ullmhú nó sa mhonarú sin, is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, é a bheith beartaithe chuige sin,

(d) in aon inchúiseamh i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo maidir le haon bhia den tsórt sin, is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, an bia a bheith á choimeád mar bhia don duine sa bhunaíocht sin.

(3) San alt seo ciallaíonn an focal “bunaíocht”

(a) aon scoil nó coláiste,

(b) aon ospidéal, sanatorium urchosclann, teaghlach banaltrais, teaghlach eadarshláinte nó bunaíocht dá samhail sin,

(c) aon óstlann, pronnlann, club, teach aíochta, teach iostais, campa saoire, brú nó bunaíocht dá samhail sin.

CUID VI.

Forala Maidir le hUllmhoidi Leighis agus Maisiochta agus le hEarrai Airithe Eile.

Fógairt nó díol ullmhóidí leighis agus maisíochta a rialú.

65. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “substaint” ullmhóid;

ciallaíonn an abairt “sloinníocht dílseánaigh” sloinníocht ar shubstaint a mhonaraíos, a roghnaíos nó a iomdháileas duine áirithe agus a húsáidtear chun an tsubstaint sin d'idirdhealú ó shubstaintí a mhonaraíos, a roghnaíos nó a iomdháileas daoine eile;

ciallaíonn an abairt “ullmhóid leighis”—

(a) substaint a díoltar faoi shloinníocht dílseánaigh agus is féidir d'úsáid chun aon éalaing, éiglíocht, gortú nó éislinn a bhíos ar dhaoine a chosc nó a chóireáil, nó

(b) aon tsubstaint urchoscach, nó eadargnaíoch nó freapach eile is féidir d'úsáid chun aon éalaing, éiglíocht, gortú nó éislinn a bhíos ar dhaoine a chosc nó a chóireáil;

ciallaíonn an abairt “ullmhóid mhaisíochta” substaint a díoltar faoi shloinníocht dílseánaigh lena húsáid chun críocha maisíochta nó cosmaidíochta ar chorp an duine nó ar aon chuid de.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do rialú fógraíochta nó díola ullmhóidí leighis nó ullmhóidí maisíochta i gcoitinne nó aon chinéil shonraithe de na hullmhóidí sin nó aon ullmhóide leighis nó ullmhóide maisíochta áirithe.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh, go sonrach, le haghaidh gach ní nó éinní acu seo a leanas:—

(a) chun toirmeasc a chur leis an ullmhóid nó na hullmhóidí lena mbaineann na rialacháin a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, d'iomdháil, a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a díolta nó a ndíolta agus sin go hiomlán nó faoi réir coinníoll sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh chun an ullmhóid nó na hullmhóidí sin a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, d'iomdháil nó a dhíol);

(b) chun toirmeasc a chur le fógraíocht ar an ullmhóid nó na hullmhóidí lena mbaineann na rialacháin agus sin go hiomlán nó faoi réir coinníoll sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh chun fógraíocht a dhéanamh ar an ullmhóid nó na hullmhóidí sin) agus chun toirmeasc a chur le haon ullmhóid den tsórt sin, ar a ndéanfar fógraíocht contrártha do na rialacháin sin, a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a díolta;

(c) chun a cheangal comhshuíomh na n-ullmhóidí a chlóbhualadh ar an taobh amuigh de phacaidí nó de choimeádáin ina ndíolfar na hullmhóidí sin agus chun toirmeasc a chur le haon ullmhóid a dhíol i bpacáid nó i gcoimeádán ná beidh comhshuíomh na hullmhóide clóbhuailte ar an taobh amuigh dhe;

(d) chun na haicmí daoine dá ndeonfar ceadúnais faoi na rialacháin a chinneadh;

(e) chun coinníollacha d'ordú a bhainfeas le deonadh, coinneáil nó athnuachaint ceadúnas faoi na rialacháin;

(f) chun a cheangal ar iarratasóirí nó sealbhóirí ceadúnas faoi na rialacháin eolas sonraithe a thabhairt maidir le comhdhéanamh, monarú, allmhuiriú, stóráil, iomdháil, díol nó fógraíocht na n-ullmhóidí lena mbaineann a n-iarratais nó a gceadúnais;

(g) chun ceadúnais faoi na rialacháin a dhiúltú nó a chúlghairm;

(h) chun samplaí d'ullmhóidí leighis nó d'ullmhóidí mais íochta a thabhairt agus a thógaint (gan íocaíocht);

(i) chun muirir (pé acu seasta, inathruithe, nó seasta go páirteach agus inathruithe go páirteach dhóibh) a ghearradh i leith deonadh, coinneáil nó athnuachaint ceadúnas faoi na rialacháin.

(4) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig céad punt a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Srian le hearraí áirithe d'allmhuiriú, a mhonarú nó a dhíol.

66. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil gur earra shrianta chun críocha an ailt seo—

(a) aon ionstraim, fearas nó goireas de chineál arb é a thuairim go dtiocfadh den phobal i gcoitinne d'úsáid ionstraimí, fearas nó goireas den chineál sin go mbeidís i gcontúirt a mór-ghortuithe ó thaobh sláinte nó coirp, nó

(b) substaint arb é a thuairim gur dócha, dá mbeadh sí ar fáil ag an bpobal i gcoitinne, go n-úsáidfí í chun críocha lena ngabhfadh contúirt mhór-ghortuithe ó thaobh sláinte nó coirp.

(2) Sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn an abairt “earra shrianta” earra a ndearbhófar le hordú faoin alt seo gur earra shrianta í chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh an tAire cead a dheonadh do dhochtúir leighis cláraithe chun earra shrianta d'allmhuiriú, a mhonarú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile agus féadfaidh pé coinníollacha (más ann) is cuí leis a chur ag gabháil leis an gcead.

(4) Ní dleathach, ach amháin a mhéid a húdarófar le cead faoi fho-alt (3) den alt seo, do dhuine earra shrianta d'allmhuiriú, a mhonarú, a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile, ná a thairiscint ná a choimeád chun a díolta nó chun a diúscartha ar shlí eile.

(5) Ní dleathach do dhuine fógraíocht a dhéanamh ar earra shrianta.

(6) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) nó (5) den alt seo nó ná déanfaidh, ar chead a dheonadh dhó faoi fho-alt (3) den alt seo agus ar é d'úsáid an cheada sin, coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus, i ngach cás, dlífear an earra shrianta ar ina leith a rinneadh an cion d'fhorghéilleadh.

(7) Aon earra a forghéillfear faoi fho-alt (6) den alt seo déanfar i a dhiúscairt i pé slí a ordós an tAire.

(8) Más rud é, le linn iniúchadh a dhéanamh faoi alt 94 den Acht seo ar aon áitreabh, go bhfaighfear aon earra shrianta a mbeidh cúis réasúnach ag an duine a bheas ag déanamh an iniúchta chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin alt seo maidir léi, féadfaidh an duine sin an earra d'urghabháil, d'aistriú agus a choinneáil.

(9) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Rialacháin maidir le flocas.

67. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ag ordú caighdeán glaineachta maidir le flocas i gcoitinne nó maidir le saghas áirithe flocais,

(b) á thoirmeasc flocas ná beidh do réir na gcaighdeán ordaithe a dhíol nó a choimeád chun a dhíolta, nó d'úsáid nó a choimeád chun a úsáidte chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh agus earraí dá samhail sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) socrú a dhéanamh chun oifigigh don Aire, údaráis sláinte agus a n-oifigigh agus, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil oifigigh d'údaráis sláintíochta d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán,

(b) socrú a dhéanamh chun a chumhachtú do dhaoine sonraithe (is oifigigh údaraithe chun críche Coda IX den Acht seo) flocas ná beidh do réir na gcaighdeán ordaithe d'urghabháil agus a thabhairt leo, agus é a choinneáil agus a dhíothú nó é a dhiúscairt ar shlí oiriúnach eile,

(c) socrú a dhéanamh chun samplaí d'fhlocas a thabhairt agus a thógaint (gan íocaíocht) agus chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar na samplaí sin,

(d) na haicmí daoine d'ordú a bheas freagarthach i dtástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar shamplaí d'fhlocas agus na meáin agus an modh d'ordú trína mbeidh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach sin le déanamh,

(e) an deimhniú nó an fhianaise eile d'ordú a bheas le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh agus na haicmí daoine d'ordú a mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt acu nó dhóibh,

(f) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (e) den fho-alt seo, agus a bhéarfar maidir leis an tástáil nó an scrúdú nó an taifeach ar shampla, ina fhianaise chun gach críche, maidir leis an sampla sin, ar thoradh na tástála sin,

(g) socrú a dhéanamh chun áitribh a chlárú a gcoimeádtar flocas iontu lena dhíol nó lena úsáid chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh agus earraí dá samhail sin a dhéanamh.

(3) Aon uair a fhorálfas rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile áirithe ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála nó scrúduithe nó taifigh ar shampla, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin mar fhianaise, maidir leis na samplaí sin, ar thoradh na tástála sin, agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis freisin mar fhianaise go ndearnadh an tástáil sin faoi réim agus do réir na rialachán.

(4) Aon uair a cúiseofar duine i dtaobh flocas a bheith ina sheilbh aige contrártha do rialacháin faoin alt seo, is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, aon fhlocas a gheofar ina sheilbh a bheith beartaithe chun a dhíolta nó a úsáidte chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh nó earraí dá samhail sin a mhonarú.

(5) Má chruthaíonn an cosantóir in aon inchúiseamh i leith. ciona faoin alt seo—

(a) gur cheannaigh sé an flocas mar fhlocas de chaighdeán glaineachta ná sáródh aon rialachán faoin alt seo agus fara baránta i scríbhinn sa chéill sin, agus

(b) ná raibh aon chúis aige, an tráth a rinne sé an cion a mbeidh sé á chúiseamh ann, chun a chreidiúint nár den chaighdeán glaineachta ordaithe don fhlocas, agus

(c) go raibh an flocas, an tráth sin, sa staid chéanna ina raibh sé nuair a cheannaigh sé é,

urscaoilfear an cosantóir sin ón inchúiseamh, ach dlífidh sé na costais a ndeachaigh an t-inchúisitheoir fúthu d'íoc mura dtug sé fógra cuí don inchúisitheoir go raibh beartaithe aige seasamh ar an gcosaint sin.

(6) Aon ráiteas ó mhonaróir, allmhuireoir nó díoltóir flocais, maidir le caighdeán glaineachta an fhlocais, i bhforchuntas, nó ar lipéad a bheas greamaithe den fhlocas nó ar an gcoimeádán ina ndíolfar an flocas, is tuigthe chun críocha míre (a) d'fho-alt (5) den alt seo gur baránta é.

(7) Má chítear don údarás nó don oifigeach a bheas ag forfheidhmiú rialachán faoin alt seo cion a bheith déanta a bhféadfaí imeachta a bhunú ina leith faoin alt seo i gcoinne duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a shuíomh faoi fho-alt (5) den alt seo trína chruthú gurbh é gníomh nó faillí dhuine éigin eile faoi ndear an cion a mbeifear ag gearán ina thaobh, féadfaidh an t-údarás nó an t-oifigeach sin imeachta a bhunú i gcoinne an duine eile sin gan imeachta a bhunú i gcoinne an duine chéadluaite.

(8) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo nó a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(9) San alt seo folaíonn an focal “flocas”—

(a) ceirt-fhlocas a táirgtear go hiomlán nó go páirteach trí abhar fite nó cniotálta nó feiltithe nó earraí eile dá samhail sin, nua nó sean, a stracadh, agus

(b) rón, ascartach, fannchlúmh, clúmh, agus earraí eile dá samhail sin, nua nó sean, a húsáidtear chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh nó earraí dá samhail sin a dhéanamh.

CUID VII.

Oifigigh D'Udarais Slainte.

Mínithe do Chuid VII.

68. —Sa Chuid seo den Acht seo—ciallaíonn an abairt “Acht, 1926,” Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926; ciallaíonn an abairt “Acht, 1941” an t Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) .

Dochtúirí oifigiúla contae.

69. —(1) I ngach contae beidh dochtúir oifigiúil contae chun comhairle a thabhairt don údarás sláinte go ginearálta maidir le sláinte na ndaoine agus chun pé dualgais eile a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte nó feidhmeanna aon údaráis sláintíochta sa chontae.

(2) Beidh oifig an dochtúra oifigiúil chontae do chontae ina hoifig faoi chomhairle na contae agus is í an chomhairle sin a íocfas tuarastal agus costais na hoifige, ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10, agus in alt 20 d'Acht, 1941, maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta sa chontae.

(3) Beidh an dochtúir oifigiúil contae do chontae ina phríomhdhochtúir oifigiúil don chontae chun críocha an Achta seo.

(4) Is é a gairmfear den dochtúir oifigiúil do chontae ná Dochtúir Oifigiúil Contae_________________(agus ainm na contae a chur leis).

(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae faoi alt 21 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925)

(a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil contae faoin alt seo don chontae ina ndearna sé a dhualgais mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae den tsórt sin,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig dhochtúra oifigiúil shláinte chontae nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt don oifig a bunaítear leis an alt seo nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é).

(7) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil shláinte chontae, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh comhairle na contae é ina dhochtúir oifigiúil contae amhail is dá mba ar iarratas ó chomhairle na contae tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht 1926 a rinneadh an roghnú agus an moladh sin.

Dochtúirí oifigiúla contae cúnta.

70. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, dochtúir oifigiúil contae cúnta amháin nó níos mó a cheapadh chun cúnamh a thabhairt don dochtúir oifigiúil contae lena dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil chontae chúnta do chontae ina hoifig faoi chomhairle na contae agus is í an chomhairle sin a íocfas tuarastal agus costais na hoifige, ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht, 1941, maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta sa chontae.

(3) Más gá, chun críocha aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo), an dochtúir oifigiúil contae do chontae do dhéanamh aon orduithe, do thabhairt aon aontuithe nó ceaduithe nó do dhéanamh aon ghnímh eile agus go mbeifear tar éis an dualgas sin a shannadh do dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae, beidh an t-ordú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar é a bheith déanta nó tugtha ag an dochtúir oifigiúil contae cúnta, chomh bailí chun gach críche is dá mba é an dochtúir oifigiúil contae a rinne nó a thug é.

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, i gcontae faoin teideal dochtúir oifigiúil contae cúnta nó dochtúir oifigiúil sláinte contae cúnta—

(a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé ina dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae sin faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige i gcontae faoin teideal dochtúir oifigiúil contae cúnta nó dochtúir oifigiúil sláinte contae cúnta críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh comhairle na contae sin é ina dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae sin amhail is dá mba ar iarratas ón gcomhairle sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin.

Dochtúirí oifigiúla cathrach.

71. —(1) I ngach contae-bhuirg beidh dochtúir oifigiúil cathrach chun comhairle a thabhairt don údarás sláinte go ginearálta maidir le sláinte na ndaoine agus chun pé dualgais eile a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna bhardais na contae-bhuirge.

(2) Beidh oifig an dochtúra oifigiúil chathrach do chontaebhuirg ina hoifig faoi bhardas na contae-buirge.

(3) Beidh an dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg ina phríomh-dhochtúir oifigiúil don chontae-bhuirg chun críocha an Achta seo.

(4) Is é a gairmfear den dochtúir oifigiúil cathrach do chontaebhuirg ná Dochtúir Oifigiúil Cathrach_______________(agus ainm na contae-buirge a chur leis).

(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, mar phríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg faoi alt 11 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Public Health (Ireland) Act, 1878—

(a) i dtosach feidhme an ailt seo tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg sin faoin alt seo,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig phríomh-dhochtúra oifigiúil shláinte do chontae-bhuirg nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt d'oifig dhochtúra oifigiúil chathrach, a bunaítear leis an alt seo, nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é).

(7) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige phríomh-dhochtúra oifigiúil shláinte do chontae-bhuirg, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh bardas na contae-bhuirge sin é ina dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg sin amhail is dá mba ar iarratas ón mbardas sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin.

Dochtúirí oifigiúla cathrach cúnta.

72. —(1) Féadfaidh bardas chontae-buirge, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, dochtúir oifigiúil cathrach cúnta amháin nó níos mó a cheapadh chun cúnamh a thabhairt don dochtúir oifigiúil cathrach lena dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil chathrach chúnta do chontae bhuirg ina hoifig faoi bhardas na contae-buirge.

(3) Más gá, chun críocha aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo), an dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg do dhéanamh aon orduithe, do thabhairt aon aontuithe nó ceaduithe nó do dhéanamh aon ghnímh eile agus go mbeifear tar éis an dualgas sin a shannadh do dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontae-bhuirg, beidh an t-ordú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar é a bheith déanta nó tugtha ag an dochtúir oifigiúil cathrach cúnta, chomh bailí chun gach críche is dá mba é an dochtúir oifigiúil cathrach a rinne nó a thug é.

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, i gcontae-bhuirg faoin teideal dochtúir oifigiúil sláinte cúnta—

(a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontae-bhuirg sin faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil shláinte chúnta i gcontae-bhuirg, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh bardas na contaebuirge sin é ina dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontaebhuirg sin amhail is dá mba ar iarratas ón mbardas sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin.

Dochtúirí oifigiúla sláinte ceantair.

73. —(1) Beidh dochtúir oifigiúil ceantair íclainne faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , ina dhochtúir oifigiúil sláinte don cheantar atá comhdhéanta den cheantar íclainne sin nó den chuid de a bhfuil sé ina feighil.

(2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil cheantair ina hoifig faoin údarás sláinte dá cheantar, ach—

(a) más amhlaidh atá ceantar dochtúra oifigiúil cheantair comhdhéanta go bhfuil cuid de i gcontae agus cuid de i gcontae-bhuirg, beidh an dochtúir oifigiúil ceantair sin, maidir leis an gcuid atá sa chontae, ina oifigeach do chomhairle na contae agus, maidir leis an gcuid atá sa chontae-bhuirg ina oifigeach do bhardas na contae-bhuirge,

(b) más i gceantar uirbeach atá ceantar dochtúra oifigiúil cheantair nó atá cuid dá cheantar, is tuigthe, chun críocha alt 10 agus 20 d'Acht 1941, oifig an oifigigh sin a bheith, maidir le sannadh dualgas a bhaineas le feidhmeanna an údaráis sláintíochta uirbigh don cheantar uirbeach sin, ina hoifig faoin údarás sláintíochta uirbeach don cheantar uirbeach.

(3) Déanfar luach saothair dochtúra oifigiúil cheantair d'íoc—

(a) i gcás gan ach an t-aon údarás sláinte amháin a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sin, agus

(b) i gcás dhá údarás sláinte a bheith ann dá cheantar, ag na húdaráis sin i pé cionúireachta a ordós an tAire.

(4) Déanfar costais dochtúra oifigiúil cheantair d'íoc—

(a) i gcás gan ach an t-aon údarás sláinte amháin a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sin, agus

(b) i gcás dhá údarás sláinte a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sláinte don chuid sin dá cheantar ar ina leith a chuathas faoi na costais.

(5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil do cheantar íclainne, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí a roghnú agus a mholadh amhlaidh, ceapfar é ina dhochtúir oifigiúil don cheantar íclainne sin agus beidh feidhm ag forála fo-alt (1), (2), (3), (4) agus (5) den alt seo maidir leis an dochtúir oifigiúil sin amhail is dá mba roimh thosach feidhme an ailt seo a ceapadh amhlaidh é.

(6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig dhochtúra oifigiúil shláinte do cheantar íclainne nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt don oifig a bunaítear leis an alt seo nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é).

Baictéarlaithe.

74: —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, baictéarlaí a cheapadh chun pé dualgais a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte sin agus feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin.

(2) Beidh oifig bhaictéarlaí ina hoifig faoin údarás sláinte agus is é an t-údarás sin a íocfas luach saothair agus costais na hoifige ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amháil is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláiníochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte.

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige i gcáil sheasmhach, mar bhaictéarlaí faoi údarás sláintíochta—

(a) i dtosach feidhme an ailt seo tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina bhaictéarlaí don údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas an t-údarás sláintíochta suite faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

Cigirí sláinte.

75. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, cigire sláinte amháin nó níos mó a cheapadh chun pé dualgais a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte sin agus feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomataiste feidhme an údaráis sláinte sin.

(2) Beidh oifig chigire shláinte ina hoifig faoin údarás sláinte agus is é an t-údarás sin a íocfas luach saothair agus costais na hoifige ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin.

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, faoin teideal cigire sláintíochta faoi údarás sláintíochta—

(a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina chigire sláinte don údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas ceantar an údaráis sláintíochta suite faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(4) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige chigire shláintíochta faoi údarás sláintíochta, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, déanfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme atá ceantar an údaráis sláintíochta é a cheapadh ina chigire sláinte don údarás sláinte sin amhail is dá mba ar iarratas ón údarás sláinte sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht 1926 a rinneadh an roghnú agus an moladh sin.

Forála maidir le sealbhóirí oifigí áirithe faoi údaráis sláintíochta.

76. —(1) I gcás ina dtug achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo (dá ngairmtear “an t-achtachán athghairmthe” san alt seo) cumhachta agus dualgais d'údarás sláintíochta agus ina dtugtar cumhachta agus dualgais chomhréire leis an Acht seo d'údarás sláinte, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) gach duine a bheas, díreach roimh athghairm an achtacháin athghairmthe, ina shealbhóir i gcáil sheasmhach ar oifig faoi údarás sláintíochta ná baineann a dualgais ach amháin leis na cumhachta agus na dualgais a tugadh don údarás sláintíochta sin leis an achtachán athghairmthe sin, tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina shealbhóir ar an oifig chéanna faoin údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme atá ceantar an údaráis sláintíochta sin,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig sin faoi údarás sláintíochta,

(c) má éiríonn aon cheist i dtaobh gan dualgais oifige áirithe do bhaint ach amháin le cumhachta agus dualgais a tugadh don údarás sláintíochta sin leis an achtachán athghairmthe, cuirfear an cheist sin faoi bhráid an Aire agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, faoin teideal fo-oifigeach sláintíochta faoi údarás sláintíochta:—

(a) tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina shealbhóir ar oifig faoin teideal céanna faoin údarás sláinte a bhfuil líomatáiste feidhme an údaráis sláintíochta ina líomatáiste feidhme,

(b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig sin faoin údarás sláintíochta,

(c) déanfaidh an duine a bheas i seilbh oifige mar fho-oifigeach sláintíochta faoi údarás sláinte (i dteannta dualgais a chomlíonadh maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte) pé dualgais a chomhlíonadh a sannfar dó maidir le feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin agus chuige sin beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin.

CUID VIII

Udarais Slainte do Thogaint agus do Dhiuscairt Tailimh.

Mínithe chun críocha Coda VIII.

77. —Sa Chuid seo den Acht seo—

folaíonn an focal “talamh” uisce agus aon eastát nó leas i dtalamh nó uisce agus aon éasúint nó ceart i dtalamh nó uisce nó chun tailimh nó uisce nó thar talamh nó uisce, ciallaíonn an abairt “ordú tógainte éigeanta” ordú faoin gCuid seo den Acht seo chun talamh a thógaint go héigeanta.

Cumhachta údaráis sláinte chun talamh a thógaint.

78. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas faoin Acht seo, talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeanta faoin gCuid seo den Acht seo agus na hAchta a corpraítear léi.

(2) Ní léireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú ailt 130 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) .

Achta na gClásal Ta lún a chorprú.

79. —Chun údarás sláinte do thógaint tailimh faoin gCuid seo den Acht seo, beidh Achta na gClásal Talún, mar a leasaíodh iad leis an Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, arna gcorprú, agus corpraítear iad tríd seo, leis an gCuid seo den Acht seo, ach sin fara na modhnuithe seo a leanas agus faoina réir, is é sin le rá:—

(a) ní bheidh na forála i dtaobh talamh iomarcach a dhíol agus fáil a bheith ar an Acht speisialta, ná alt 133 (a bhaineas le cáin tailimh agus le ráta na mbocht) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna gcorprú amhlaidh;

(b) chun Achta na gClásal Talún, arna gcorprú amhlaidh, a léiriú, is tuigthe gurb é an tAcht seo maille leis an ordú tógainte éigeanta (más ann) is iomchuí an tAcht speisialta agus is tuigthe gurb iad an t-údarás sláinte tionscnóirí an ghnóthais;

(c) chun an Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, arna chorprú amhlaidh, a léiriú—

ciallóidh an abairt “údarás áitiúil” údarás sláinte;

ciallóidh an abairt “Acht daingniúcháin” an Chuid seo den Acht seo maraon leis an ordú tógainte éigeanta arna dhéanamh agus arna dhaingniú faoin gCuid seo den Acht seo;

ciallóidh an abairt “údarás daingniúcháin” an tAire; agus

léireofar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, nó do Chuid I de, mar thagairtí don Acht seo;

(d) nuair a bheas cúiteamh á mheisiúnú ag an eadránaí ní chuirfidh sé i gcuntas aon fhoirgint a tógadh ná aon fheabhsú nó athrú a rinneadh ná aon leas i dtalamh a cruthnaíodh tar éis an dáta ar ar foilsíodh, de bhun na Coda seo den Acht seo, fógra i dtaobh an t-ordú tógainte éigeanta a dhéanamh, más é tuairim an eadránaí nár ghá do réir réasúin an fhoirgint a thógaint nó an feabhsú nó an t-athrú a dhéanamh nó an leas a chruthnú agus gur d'fhonn an cúiteamh d'fháil nó a mhéadú a rinneadh sin.

Cumhacht údaráis sláinte chun talamh d'iniúchadh.

80. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh oifigeach nó gníomhaire d'údarás sláinte a bheas údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun a fháil amach cé acu atá an talamh oiriúnach chun an t-údarás dá thógaint nó ná fuil.

(2) Duine a rachas isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach agus, go sonrach, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a thomhas, tochailt a dhéanamh, agus doimhneas agus nádúir na fo-ithreach a scrúdú.

(3) Sar a raghaidh duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás sláinte ar ar a n-údarás a beartófar dul isteach ar an talamh toilú an áititheora (i gcás tailimh áitithe) nó an únaera (i gcás tailimh neamháitithe) d'fháil nó déanfaid fógra cheithre lá déag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn don únaer nó don áititheoir (pé acu é) go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar an talamh.

(4) Duine a mbeidh údarás sláinte tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt seo á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná cheithre lá déag tar éis an fógra sin a bheith tugtha, iarratas a dhéanamh, ar é do thabhairt fógra don údarás sláinte sin, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina mbeidh an talamh, ag iarraidh orduithe chun an dul isteach a thoirmeasc, agus, ar an iarratas d'éisteacht dó, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis é, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a rachas isteach ar an talamh.

(5) Má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche toirmeasc a chur faoin alt seo le dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin alt seo a bheas le comhlíonadh ag daoine a rachas isteach ar thalamh comhlíonfaidh gach duine a rachas isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a sonrófar amhlaidh.

(6) Duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh éinní a déanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a chuirfeas, laistigh de mhí tar éis an ní sin a dhéanamh, chun an údaráis sláinte ar ar a n-údarás a chuathas isteach faoin alt seo ar an talamh, éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach d'fháil ón údarás sa damáiste agus, mura n-íoctar an cúiteamh sin leis nuair a bheas comhaontú nó cinneadh déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéide, é d'aisghabháil ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach gnáthchonartha.

(7) Déanfar, cheal comhaontuithe, méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás sláinte faoin alt seo a chinneadh mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin iardain) amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

(8) Gach duine a dhéanfas, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás sláinte a chosc agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Ordú tógaintc éigeanta a dhéanamh.

81. —(1) Más mian le húdarás sláinte aon talamh áirithe a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaid ordú a dhéanamh á ordú an talamh sin a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht seo.

(2) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas ordú tógainte éigeanta agus déanfar na tailte lena mbainfidh sé a thuairisciú ann trí thagairt do léarscáil a bheas do réir na gcoinníoll ordaithe.

Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhéanamh.

82. —(1) Nuair a dhéanfas údarás sláinte ordú tógainte éigeanta—

(a) foilseoid uair amháin ar a laghad i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina líomatáiste feidhme fógrán sa bhfoirm ordaithe á rá go bhfuil ordú tógainte éigeanta déanta acu maidir le talamh sonraithe agus gur féidir an t-ordú maraon leis an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonraithe, agus

(b) bhéarfaid do gach duine is únaer nó únaer toimhdean, léasaí nó léasaí toimhdean, nó áititheoir, ar an talamh lena mbaineann an t-ordú fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar luaitear i mír (a) den fho-alt seo agus ina ndéarfar freisin go bhféadfaidh. duine ar bith, ar cúis mhíshásaimh leis an t-ordú, agóid i gcoinne an orduithe a chur chun an Aire i slí shonraithe agus laistigh d'am sonraithe.

(2) Údarás sláinte a mbeidh ordú tógainte éigeanta déanta acu agus a mbeidh na forála sin roimhe seo den alt seo comhlíonta acu maidir leis, féadfaid ordú ag daingniú an orduithe thógainte éigeanta sin d'iarraidh ar an Aire.

Ordú tógainte éigeanta a dhaingniú.

83. —I gcás ina ndéanfar iarratas faoin gCuid seo den Acht seo á iarraidh ar an Aire ordú a dhéanamh ag daingniú orduithe thógainte éigeanta agus inar deimhin leis an Aire gur comhlíonadh na forála den Chuid seo den Acht seo a bhaineas le nithe roimh an iarratas sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) mura gcuirtear go cuí chun an Aire aon agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an orduithe thógainte éigeanta nó má tarraingtear siar gach agóid den tsórt sin a bheas déanta amhlaidh, féadfaidh an tAire, mar is cuí leis, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingniú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnuithe is cuí leis;

(b) in aon chás lena mbainfidh mír (a) den alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a thabhairt go ndéanfar fiosrúchán faoin Acht seo i dtaobh an orduithe thógainte éigeanta sar a ndeighleálfaidh sé leis an iarratas;

(c) má cuirtear go cuí chun an Aire agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an orduithe thógainte éigeanta agus ná tarraingeofar siar í, bhéarfaidh an tAire go ndéanfar fiosrúchán faoin Acht seo i dtaobh an orduithe thógainte éigeanta;

(d) má déantar fiosrúchán de bhun na míre deiridh sin roimhe seo, ansin, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an duine a rinne an fiosrúchán agus ar an agóid nó na hagóidí uile ba chúis leis an bhfiosrúchán a dhéanamh féadfaidh an tAire, mar is cuí leis, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingníú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnuithe is cuí leis.

Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhaingniú.

84. —A luaithe is féidir tar éis don Aire ordú a dhéanamh ag daingniú orduithe thógainte éigeanta (fara modhnú nó gan mhodhnú), déanfaidh an t-údarás sláinte a rinne an t-ordú tógainte éigeanta—

(a) fógrán sa bhfoirm ordaithe d'fhoilsiú i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina líomatáiste feidhme á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú tógainte éigeanta agus gur féidir cóip de arna dhaingniú amhlaidh maraon leis an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonraithe, agus

(b) fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar luaitear i mír (a) den alt seo a thabhairt do gach duine a láithrigh ag an bhfiosrúchán a rinneadh (má rinneadh) i dtaobh an orduithe thógainte éigeanta chun tacaíocht a dhéanamh le hagóid uaidh i gcoinne an orduithe.

An Ard-Chúirt do neamhniú orduithe thógainte éigeanta.

85. —(1) Duine a mbainfidh ordú tógainte éigeanta leis féin nó lena mhaoin, féadfaidh sé, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra, á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú, d'fhoilsiú den chéad uair trí fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú a neamhniú go hiomlán nó go páirteach, agus más deimhin leis an Ard-Chúirt gur shárú ar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo den Acht seo an t-ordú nó aon chuid áirithe dhe a dhéanamh nó go raibh an céanna ar shlí eile gan bheith údaraithe leis na cumhachta sin nó gur tharla dochar substainteach don duine a bheas ag déanamh an iarratais nó do dhuine ar bith eile trí aon fhaillí i bhforála na Coda seo den Acht seo a chomhlíonadh maidir leis an ordú, féadfaidh an Ard-Chúirt, mar is cuí léi, an t-ordú iomlán nó cuid de a neamhniú.

(2) Má bhíonn iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt seo ar feitheamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi, oibriú an orduithe thógainte éigeanta lena mbainfidh an t-iarratas d'fhionraí go dtí go mbeidh an bhreith chríochnaitheach tugtha ar an iarratas.

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt seo, ní bheidh ordú tógainte éigeanta inchurtha ar neamhní ná ar ceal ná inchonspóide ar shlí eile (roimh an Aire dá dhaingniú ná dá éis) ag Cúirt ar bith.

Tosach feidhme orduithe thógainte éigeanta.

86. —(1) Gach ordú tógainte éigeanta ná neamhnóidh an Ard-Chúirt go hiomlán faoin gCuid deo sen Acht seo, tiocfaidh sé i ngníomh (faoi réir aon neamhnithe den tsórt sin is neamhniú páirteach agus gan dochar dó sin)—

(a) i gcás iarratas a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo chun na hArd-Chúirte á iarraidh an t-ordú a neamhniú (go hiomlán nó go páirteach)—ar an mbreith chríochnaitheach a thabhairt ar an iarratas sin, nó

(b) i gcás gan aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh amhlaidh —i gceann trí seachtaine ón lá a céad-fhoilseofar, trí fhógrán, fógra á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú.

(2) A luaithe is féidir tar éis ordú tógainte éigeanta a theacht i ngníomh, bhéarfaidh an t-údarás sláinte a rinne an t-ordú cóip den ordú do gach duine dar tugadh, de bhun na Coda seo den Acht seo, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú.

Blianacht nó íocaíocht eile do Choimisiún Talún na hÉireann nó do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

87. —Aon uair a tharlós, i gcás talamh a thógfas údarás sláinte, go mbeidh an talamh sin, i dteannta tailimh eile, faoi bhlianacht nó íocaíocht bhliantúil eile is iníochta le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éireann, féadfaidh an Coimisiún sin nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile a chionroinnt i pé slí is cuí leo idir an talamh a bheas tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin nó féadfaid iomlán na blianachta nó na híocaíochta bliantúla eile a mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheas fúithi chun iarmhéid an tailimh sin a dhí-mhuirearú.

Talamh barrachais a leithreasú chun críocha eile.

88. —Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire agus faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is cuí leis d'fhorchur, aon talamh a leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcumhachta agus dá ndualgais is talamh a bheas dílsithe iontu chun críche ar bith agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é.

Talamh barrachais a dhiúscairt.

89. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, aon talamh a bheas tógtha acu a dhíol, a mhalairtiú, a ligean, nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) An toradh a gheofar i gcás ina ndíolfaidh údarás sláinte aon talamh faoin alt seo, déanfar, a mhéid is airgead caipitil an toradh sin, é d'úsáid, le toiliú an Aire, chun críche (lena n-áirítear aisíoc airgid a fuarthas ar iasacht) chun a bhféadfaidh an t-údarás, le ceart, airgead caipitil d'úsáid.

(3) Má mhalairtíonn údarás sláinte talamh faoin alt seo, déanfar (faoi réir na bhforál den Chuid seo den Acht seo a bhaineas le leithreasú agus úsáid tailimh ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é) an talamh a tógfar sa mhalairtiú sin d'úsáid chun na gcríocha chun a raibh an talamh a bhéarfar sa mhalairtiú sin inúsáidte ag an údarás.

(4) Beidh feidhm ag alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ) (a bhaineas le talamh a dhiúscairt ná beidh ag teastáil ó údarás áitiúil) maidir le diúscairt (nach forléasadh go ceann téarma nach sia ná bliain) a déanfar ar thalamh faoin alt seo agus chuige sin léireofar tagairtí don Aire Rialtais Áitiúil san alt sin 83 mar thagairtí don Aire.

Fógraí a thabhairt faoi Chuid VIII.

90. —(1) Aon fhógra scríofa nó aon doiciméid eile a bheas le tabhairt de bhun na Coda seo den Acht seo féadfar é a thabhairt in aon tslí acu seo a leanas:—

(a) i gcás ina mbeidh sé le tabhairt don Aire, trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun an Aire Shláinte, Baile Atha Cliath;

(b) i gcás ina mbeidh sé le tabhairt d'aon duine eile—

(i) trína thabhairt ó láimh don duine sin, nó

(ii) trína fhágaint i ngnáth-áit chónaithe an duine sin nó san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige, nó

(iii) trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe réamhíoctha a díreofar chun an duine sin, más pearsa é, ag a ghnáth-áit chónaithe nó ag an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige nó, más cuideachta é a bheas cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ag oifig chláraithe na cuideachtan sin nó, más aon chomhlucht corpraithe eile nó aon chomlachas neamhchorpraithe é, ag a phríomhoifig nó a phríomh-áit ghnótha.

(2) Más gá de bhun na Coda seo den Acht seo fógra scríofa nó doiciméid eile a thabhairt d'únaer nó d'áititheoir tailimh agus nach eol ainm an únaera nó an áititheora sin, féadfar an doiciméid sin a dhíriú chun “únaer” nó “áititheoir” (pé acu é) an tailimh agus féadfar é a thabhairt don únaer nó don áititheoir sin trína fhágaint nó trína ghreamú in ionad feiceálach ar an talamh.

CUID IX.

Forfheidhmiu an Achta.

Oifigigh údaraithe.

91. —Beidh gach duine acu seo a leanas ina oifigeach údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo:—

(a) oifigeach don Aire arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo,

(b) oifigeach don Aire Talmhaíochta arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire, le toiliú an Aire Thalmhaíochta, chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo,

(c) bainisteoir údaráis sláinte,

(d) príomh-dhochtúir oifigiúil,

(e) oifigeach d'údarás sláinte arna cheapadh i scríbhinn ag bainisteoir an údaráis sin chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo,

(f) oifigeach d'údarás sláintíochta arna cheapadh i scríbhinn ag bainisteoir an údaráis sin chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo.

Teorannú maidir le feidhmiú cumhacht ag oifigigh údaraithe.

92. —Na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo den Acht seo d'oifigeach údaraithe nach oifigeach don Aire ná don Aire Talmhaíochta, ní bheid infheidhmithe ach amháin laistigh den líomatáiste dá mbeidh an t-oifigeach údaraithe ag gníomhú.

É a bheith ina cheangal ainm agus seoladh a thabhairt.

93. —(1) Má bhionn cúis réasúnach ag oifigeach údaraithe chun a chreidiúint go bhfuil sárú déanta ag duine ar aon fhoráil san Acht seo nó sna rialacháin nó na horduithe faoin Acht seo agus go gcuirfidh sé sin in iúl don duine sin, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, a cheangal ar an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus, más dóigh leis an oifigeach údaraithe gur gá sin, fianaise chomhdhearfach ar a ainm agus a sheoladh a thabhairt ar aird.

(2) Ní chuirfidh oifigeach údaraithe (seachas bainisteoir nó príomh-dhochtúir oifigiúil) aon cheanglas faoin alt seo ar dhuine mura rud é—

(a) go mbeidh sé in éide a soláthraíodh chun é dá húsáid le linn dó bheith ag déanamh a dhualgas, nó

(b) go dtaispeánfaidh sé, chun a iniúchta ag an duine ar a gcuirfidh sé an ceanglas, ar an duine sin dá iarraidh sin air, an t-údarás scríofa iomchuí a thug an tAire nó an t-údarás sláinte, pé acu é, dhó.

(3) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine a ainm nó a sheoladh a thabhairt nuair a chuirfeas oifigeach údaraithe sin de cheanglas air faoin alt seo nó má dhéanann sé, agus é go hairbheartach ag déanamh do réir an cheanglais, ainm nó seoladh a thabhairt nó fianaise chomhdhearfach a thabhairt ar aird a mbeidh cúis réasúnach ag an oifigeach údaraithe chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach, ansin, mura mbeidh cúis réasúnach ag an oifigeach údaraithe chun a chreidiúint gur dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach an duine sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) féadfaidh an duine údaraithe an duine sin a choinneáil agus é a thabhairt go dtí an stáisiún Gharda Síochána is comhgaraí,

(b) déanfar an duine sin, ar é a thabhairt go dtí an stáisiún Gharda Síochána is comhgaraí, a choinneáil ansin, ar feadh tréimhse nach sia ná cheithre huaire fichead, go dtí gur deimhin leis an oifigeach údaraithe cad é a ainm agus a sheoladh ceart,

(c) féadfar, más gá, neart d'úsáid chun aon fhoráil den fho-alt seo a chur i gcrích.

(4) Duine ar bith—

(a) a fhailleos nó a dhiúltós a ainm nó a sheoladh a thabhairt nuair a cuirfear sin de cheanglas air faoin alt seo, nó

(b) a thabharfas, agus é go hairbheartach ag déanamh do réir ceanglais faoin alt seo, ainm, seoladh nó fianaise chomhdhearfach a bheas bréagach nó míthreorach, nó

(c) a chomhraicfeas i gcoinne a choinneála faoin alt seo nó a thabhartha faoin alt seo go dtí stáisiún Gharda Síochána,

beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Dul isteach in áitreabh.

94. —(1) Faoi réir fo-ailt (a) den alt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe (ina aonar nó in éineacht le pe cúntóirí is cuí leis) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh agus é d'iniúchadh féachaint—

(a) an bhfuil aon tsárú á dhéanamh nó an ndearnadh aon tsárú, san áitreabh nó maidir leis, ar aon fhoráil den Acht seo nó de na rialacháin nó na horduithe faoi, nó

(b) cad é méid agus saghas aon tsáruithe den tsórt sin, nó

(c) an bhfuil cúrsaí ar bith san áitreabh nó maidir leis an áitreabh a bhéarfadh go mba ghá aon beart a dhéanamh faoin Acht seo no faoi na rialacháin faoin Acht seo.

(2) Ní raghaidh oifigeach údaraithe (seachas bainisteoir nó príomh-dhochtúir oifigiúil) isteach in aon áitreabh faoin alt seo mura dtaispeánfaidh sé chun a iniúchta ag a nduine a bheas ag áitiú nó i bhfeighil an áitribh, ar an duine sin dá iarraidh sin air, scríbhinn a cheaptha mar oifigeach údaraithe.

(3) Mura féidir le hoifigeach údaraithe dul isteach in áitreabh a gcumhachtaítear dó leis an alt seo dul isteach ann, toisc go ndiúltófar é a ligean isteach nó toisc ná beidh ar a chumas, tar éis dó fiosrú réasúnach a dhéanamh, duine d'fháil a n-éileodh sé air é a ligean isteach, féadfaidh sé briseadh isteach san áitreabh am ar bith idir 9 a.m. agus 6 p.m. aon lá.

(4) Ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe is oifigeach d'údarás sláinte (seachas bainisteoir nó príomh-dhochtúir oifigiúil) nó oifigeach d'údarás sláintíochta na cumhachta a bheirtear dó le fo-alt (3) den Alt seo d'fheidhmiú gan údarás i scríbhinn ó bhainisteoir an údaráis sin chun déanamh amhlaidh sa chás áirithe.

(5) Duine ar bith a chuirfeas bac nó toirmeasc go toiliúil le oifigeach údaraithe a bheas ag feidhmiú cumhachta a bheirtear dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(6) San alt seo, folaíonn an focal “áitreabh” áiteanna cónaithe sealadacha agus aerárthaí.

Cabhair ó chomhalta den Gharda Síochána.

95. —Féadfaidh oifigeach údaraithe a cheangal ar chomhalta den Gharda Síochána cabhrú leis ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear dó leis an Acht seo i gcás inar gá aon duine a choinneáil, aon duine a thabhairt go dtí áit ar bith, briseadh isteach in aon áitreabh nó aon ghníomh eile a dhéanamh ar gá agus ar dleathach neart d'úsáid chuige, agus aon chomhalta den Gharda Síochána a gcuirfear ceanglas den tsort sin air déanfaidh sé dá réir.

Forfheidhmiú ag an nGarda Síochána.

96. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Dhlí agus Cirt, socrú a dhéanamh, le hordú, chun an Garda Síochána d'fhorfheidhmiú aon fhorála sonraithe den Acht seo nó de na rialacháin nó na horduithe faoin Acht seo sa Stát ar fad nó i gcuid shonraithe dhe agus sin go ginearálta nó a mhéid a bhainfeas an fhoráil sin le habhar sonraithe.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo socrú a dhéanamh go sonrach i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) chun comhaltaí den Gharda Síochána do dhéanamh inchúisimh, in ionad údaráis áitiúil, i gcionta,

(b) chun aon chumhacht dá sonraítear in alt 93 nó alt 94 den Acht seo a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána,

(c) chun údarás sláinte do thabhairt íocaíocht don Aire Dlí agus Cirt i leith forfheidhmiú a dhéanamh ina líomatáiste feidhme ar na forála lena mbaineann an t-ordú,

(d) chun rialú a dhéanamh maidir le méid aon íocaíocht den tsórt sin, nó leis na trátha a thiocfaid chun bheith dlite agus an modh ina ndéanfar iad.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, chun foráil lena mbainfidh ordú faoin alt seo d'fhorfheidhmiú i líomatáiste feidhme údaráis sláinte, a cheangal ar an údarás cabhrú leis trí sheirbhísí dhochtúra oifigiúil nó oifigigh eile a chur ar fáil, trí otharchóiste a sholáthar nó in aon tslí eile a bheas ar chumas an údaráis, agus déanfaidh an t-údarás do réir an cheanglais sin.

(4) Ní dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána, de bhuaidh orduithe faoin alt seo, cumhacht a sonraítear in alt 93 nó alt 94 den Acht seo d'fheidhmiú mura rud é—

(a) go mbeidh sé in éide, nó

(b) go dtaispeánfaidh sé chun a iniúchta ag an duine a mbeidh sé ag feidhmiú na cumhachta maidir leis nó ag an duine a bheas ag áitiú nó i bhfeighil an áitribh a mbeidh sé ag feidhmiú na cumhachta maidir leis, ar an duine sin dá iarraidh sin air, a chárta aitheantais oifigiúil.

Cead, etc., a chruthú.

97. —In aon inchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo, ní gá aon chead, ceadúnas ná saoirse faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin faoin Acht seo a shéanadh le fianaise agus is ar an duine a bheas ad iarraidh tairbhiú dhe a luífidh sé aon chead, ceadúnas nó saoirse den tsórt sin a chruthú.

CUID X.

Forala Ilghneitheacha.

Comhairlí Comhairlitheacha.

98. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhairle a bhunú dá ngairmfear “An Chomhairle Shláinte Náisiúnta” chun comhairle a thabhairt don Aire, ar é dá iarraidh sin orthu, i dtaobh nithe a bhaineas nó a ghabhas le sláinte an phobail.

(2) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar ainm gach duine a ceapfar ina chomhalta den Chomhairle Shláinte Náisiúnta d'fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil.

(3) Féadfaidh an tAire, má bhíonn comhairle nó cabhair speisialta ag teastáil uaidh am ar bith maidir le ní áirithe a bhainfeas lena chumhachta agus a fheidhmeanna, comhairle chomhairlitheach speisialta a bhunú, le hordú, chun an chomhairle nó an chabhair sin a thabhairt sa tslí a bheas sonraithe san ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, sealbhaíocht oifige comhaltaí, agus nós imeachta, na Comhairle Sláinte Náisiúnta agus aon chomhairle comhairlithí a bunófar faoin alt seo a chinneadh.

(5) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, íocaíochta a dhéanamh le comhaltaí na Comhairle Sláinte Náisiúnta nó aon chomhairle comhairlithí a bunófar faoin alt seo nó le comhaltaí aon choiste de chomhairle den tsórt sin in aghaidh:—

(a) costas taistil,

(b) liúntas cothuithe.

(6) Is iad a bheas ar an gComhairle Shláinte Náisiúnta agus ar gach comhairle chomhairlitheach a bunófar faoin alt seo daoine ag a mbeidh cleachtadh nó eolas speisialta ar na nithe a mbeidh siad le comhairle agus cabhair a thabhairt ina dtaobh.

Eolas agus comhairle i dtaobh sláinte a chraobhscaoileadh.

99. —(1) Féadfaidh an tAire nó údarás sláinte eolas agus comhairle i dtaobh nithe a bhaineas le sláinte a chraobhscaoileadh trí fhógráin, fógraí, paimfléidí nó léachtaí, nó tríd an radio, trí thaispeántais chineama nó ar aon chuma eile.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordachán a thabhairt do gach údarás sláinte, do gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó d'údarás sláinte áirithe maidir leis na habhair a mbeidh orthu a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú ina leith, leis an modh ina ndéanfar agus a mhéid a déanfar sin, agus aon údarás sláinte lena mbainfidh aon ordachán den tsórt sin déanfaid dá réir.

Tástála ar cháilíocht agus nádúir substaintí.

100. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socruithe a dhéanamh, chun críocha a chumhacht agus a dhualgas, chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar cháilíocht nó nádúir substaintí.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialachán, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le tástála, scrúduithe nó taifigh a ndéanfar socrú dhóibh faoi fho-alt (1) den alt seo, is é sin le rá:—

(a) na haicmí daoine d'ordú a bheas freagarthach sna tástála, na scrúduithe agus na taifigh sin a dhéanamh;

(b) na meáin agus an modh d'ordú trína mbeidh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach le déanamh;

(c) an deimhniú nó an fhianaise eile d'ordú a bheas le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh agus na haicmí daoine d'ordú a mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt acu nó dhóibh;

(d) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (c) den fho-alt seo, agus a bhéarfar maidir leis an tástáil nó an scrúdú nó an taifeach ar shampla de shubstaint, ina fhianaise chun gach críche, maidir leis an sampla sin, ar thoradh na tástála sin.

(3) Aon uair a fhorálfas rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile áirithe ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála nó scrúduithe nó taifigh ar shampla de shubstaint, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin mar fhianaise, maidir leis na samplaí sin, ar thoradh na tástála sin agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis freisin mar fhianaise go ndearnadh an tástáil sin faoi réim agus do réir na rialachán.

Údaráis sláinte do ghníomhú i gcomhar.

101. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá údarás sláinte nó níos mó do ghníomhú i gcomhar ag comhlíonadh aon fheidhme dá dtugtar dóibh leis an Acht seo nó faoi, agus féadfaidh, go sonrach, forála a bheith san ordú ag sonrú an mhodha ar a ndéanfar an gníomhú comhair agus na slí ina gcionroinnfear costais an ghníomhuithe chomhair.

(2) I gcás ina raibh foras á chothabháil i gcomhar, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag dhá údarás sláinte nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun go leanfar den chothabháil chomhair sin faoi Chuid II den Acht seo.

(3) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm maidir le dhá údarás sláinte nó níos mó, léireofar aon tagairt i gCuid II den Acht seo d'údarás sláinte mar thagairt a fholaíos tagairt do na húdaráis sin i gcomhar.

Altranas baile.

102. —Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh chun altra nó altraí a chur ar fáil chun comhairle agus cabhair maidir le cúrsaí sláinte a thabhairt do dhuine ar bith a mbeidh sin ag teastáil uaidh agus chun cabhair a thabhairt do dhaoine breoite.

Údarás sláinte d'fháil iasachta.

103. —(1) Féadfaidh údarás sláinte le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, airgead d'fháil ar iasacht chun íoctha aon chostas faoina raghaid sa tslí chéanna inar féidir le húdarás sláintíochta iasacht d'fháil chun íoctha costas faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, agus na forála de na hAchta sin a bhaineas le húdarás sláintíochta d'fháil iasachta beidh feidhm acu, fara pé modhnuithe is gá, maidir le húdarás sláinte d'fháil iasachta faoin alt seo.

(2) Ní tuigthe, chun críocha Airteagail 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, airgead a gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht faoin alt seo a bheith ina chuid d'fhiach na comhairle.

(3) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil é do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus gur húdaraíodh é le hAcht ón Oireachtas.

Otharchóistí a sholáthar.

104. —(1) Féadfaidh údarás sláinte socruithe a dhéanamh chun otharchóistí nó córacha iompair eile a sholáthar chun othair a thabhairt ó áiteanna ina líomatáiste feidhme go dtí áiteanna laistigh nó lasmuigh den líomatáiste sin nó ó áiteanna lasmuigh dá líomatáiste feidhme go dtí áiteanna laistigh den líomatáiste sin.

(2) Má úsáideann duine otharchóiste a soláthrófar faoin alt seo, féadfaidh údarás sláinte, as a gcomhairle féin ach faoi réir aon rialachán iomchuí faoi alt 31 den Acht seo:—

(a) muirear a ghearradh i leith na húsáide sin do réir rialachán arna ndéanamh acu, nó

(b) gan aon mhuirear a ghearradh ina leith.

(3) Féadfar muirear a gearrfar faoi fho-alt (2) den alt seo i leith úsáide otharchóiste ag duine ar bith d'aisghabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla:—

(a) ón duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó dhuine ar bith eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Poiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, i gcás an duine eile sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Aitimh a sholáthar d'oifigigh agus seirbhísigh.

105. —Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áitimh a sholáthar agus a chothabháil chun úsáide oifigeach a bheas ceaptha agus seirbhíseach a bheas ar fostú acu.

Leasú ar an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919.

106. —Déanfar an míniú atá ar an bhfocal “occupier” in alt 8 den Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, a leasú trí na focail “or in any other case the person for the time being liable to pay rates on such land” a chur isteach ina dheireadh.

Údaráis Sláintíochta Poirt a scor.

107. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, údarás sláintíochta poirt a scor.

(2) Aon ordú a déanfar faoin alt seo ag scor údaráis sláintíochta phoirt beidh ann pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire de dhroim an t-údarás sláintíochta poirt sin a scor agus féadfaidh sé, go sonrach, socrú a dhéanamh:—

(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an údaráis sláintíochta phoirt d'aistriú chun údaráis sláinte,

(b) chun conartha leanúnacha a bheas déanta ag an údarás sláintíochta poirt a chaomhnadh,

(c) chun imeachta dlí a bheas ar feitheamh a choimeád ar marthain,

(d) chun na sealbhóirí ar oifigí faoin údarás sláintíochta poirt d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoi údarás sláinte, nó chun deireadh a chur leis na hoifigí sin.

(3) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir oifige faoi údarás sláintíochta poirt d'aistriú chun oifige faoi údarás sláinte, is tuighte, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(4) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás sláintíochta poirt” údarás sláintíochta poirt a bunaíodh faoi Alt 9 den Public Health (Ireland) Act, 1896.

Cúiteamh i ndamáiste do dhaoine nó do mhaoin.

108. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, má bhaineann damáiste do dhuine ar bith de dhroim díobhála a dhéanfas údarás sláinte nó a n-oifigigh nó a seirbhísigh dá mhaoin le linn dóibh bheith ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas faoi aon fhoráil dá bhfuil san Acht seo lasmuigh de Chuid VIII, i gcás gan faillí uaidh féin a bheith ann, beidh an duine sin i dteideal cúiteamh sa damáiste sin d'aisghabháil ón údarás sláinte sin.

(2) Ní bheidh duine i dteideal cúiteamh d'aisghabháil ó údarás sláinte i leith díobhála dá mhaoin a tharlós de dhroim éinní a déanfar chun an mhaoin sin a ghlanadh, a dhí-aicídiú, a dhífhoiriciú nó a dhíothú i gcás ina mbeifear tar éis an mhaoin sin a chur go feasach agus go neamhriachtanach i gcaoi a haicídithe nó a foiricithe.

(3) Aon duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh díobhála dá phearsain a tharlós trí mhainneachtain údaráis sláinte nó aon duine dá n-oifigigh nó dá seirbhísigh ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa damáiste sin d'aisghabháil ón údarás sláinte sin.

(4) Beidh ionadaí pearsanta aon duine a dtiocfaidh a bhás de mhainneachtain údaráis sláinte nó aon duine dá n-oifigigh nó dá seirbhísigh ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo i dteideal damáistí d'aisghabháil ón údarás sláinte i leith an bháis sin in aicsean arna bhunú faoi na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908.

Achtacháin d'oiriúnú.

109. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht seo nó dá ndéanann an tAcht seo difir, pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh, le hordú, a chífear dó is gá chun go bhféadfaidh an reacht, an t-ordú nó an rialachán sin éifeacht a bheith aige do réir an Achta seo.

(2) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shúifeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt. 4.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme.

21 & 22 Vic., c. 64.

Vaccination (Ireland) Act, 1858.

An tAcht iomlán.

26 & 27 Vic., c. 52.

Vaccination (Ireland) Act, 1863.

An tAcht iomlán.

31 & 32 Vic., c. 87.

Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1868.

An tAcht iomlán.

41 & 42 Vic., c. 52.

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Alt 11, mír (3) d'alt 19, alt 95, mír (3) d'alt 97, mír (6) d'alt 100, ailt 132 go 156 agus ailt 158 agus 258.

 

42 & 43 Vic., c. 70.

Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1879.

An tAcht iomlán.

46 & 47 Vic., c. 59.

Epidemic and other Disease Prevention Act, 1883.

An tAcht iomlán.

47 & 48 Vic., c. 69.

Cholera, Etc., Protection (Ireland) Act, 1884.

An tAcht iomlán.

52 & 53 Vic., c. 72.

Infectious Disease (Notification) Act, 1889.

An tAcht iomlán.

53 & 54 Vic., c. 34.

Infectious Disease (Prevention) Act, 1890.

An tAcht iomlán.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

53 & 54 Vic., c. 59.

Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Ailt 28 agus 32.

59 & 60 Vic., c. 19.

Public Health Act, 1896.

An tAcht iomlán.

59 & 60 Vic., c. 54.

Public Health (Ireland) Act, 1896.

Ailt 9 go 14 agus 18.

60 & 61 Vic., c. 31.

Cleansing of Persons Act, 1897.

An tAcht iomlán.

61 & 62 Vic., c. 37.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Alt 32.

4 Edw. VII, c. 16.

Public Health Act, 1904.

An tAcht iomlán.

7 Edw. VII, c. 32.

Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.

An tAcht iomlán.

7 Edw. VII, c. 53.

Public Health Acts Amendment Act, 1907.

Alt 50, Cuid IV.

8 Edw. VII, c. 56.

Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908.

Cuid I agus Cuid II; Ailt 14 go 16 agus 21.

1 & 2 Geo. V, c. 52.

Rag Flock Act, 1911.

An tAcht iomlán.

2 & 3 Geo. V, c. 25.

Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1913.

An tAcht iomlán.

5 & 6 Geo. V, c. 64.

Notification of Births (Extension) Act, 1915.

Alt 2; mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 3.

7 & 8 Geo. V, c. 40.

Public Health (Prevention and Treatment of Disease) (Ireland) Act, 1917.

An tAcht iomlán.

8 & 9 Geo. V, c. 29.

Maternity and Child Welfare Act, 1918.

Alt 4.

9 & 10 Geo. V, c. 16,

Public Health (Medical Treatment of Children) (Ireland) Act, 1919.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1925 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925.

Ailt 18, 19, agus 21 go 23.

Uimh. 3 de 1927 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1927.

Alt 3; an Dara Sceideal.

Uimh. 23 de 1941 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 .

Alt 87.

AN DARA SCEIDEAL.

Na Nithe a bhFeadae Socru a dheanamh ina dtaobh i Rialachain chun Leathadh Galair Aicidigh a Chosc.

Alt 31.

1. Ceangal a chur ar dhochtúirí leighis cláraithe agus ar dhaoine eile fógra a thabhairt do dhochtúir oifigiúil sláinte i dtaobh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh áirithe, nó cásanna ar dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach iad, a thiocfas ar a n-úidh, agus an modh agus an t-am d'ordú ina mbeidh na fógraí sin le tabhairt.

2. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha gabháil faoi scrúduithe, nó ar thuistí leanaí na leanaí sin a chur isteach faoi scrúduithe, ag dochtúirí leighis cláraithe féachaint an dócha gur fáigeanna aicídithe le galar aicídeach na daoine éatacha nó na leanaí sin agus ceangal a chur ar na daoine éatacha nó na tuistí sin gach saoráid réasúnach a thabhairt do na dochtúirí sin le haghaidh na scrúduithe sin, lena n-áirítear cead chun samplaí fola nó samplaí eile a thógaint i gcóir scrúduithe nó tástála.

3. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha gabháil faoi mheáin shonraithe, nó ar thuistí leanaí na leanaí sin a chur faoi mheáin shonraithe, maidir le caomhnadh nó díonadh na ndaoine éatacha nó na leanaí sin ar ghalar aicídeach áirithe.

4. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha fanúint sa bhaile nó ar thuistí leanaí na leanaí a choimeád sa bhaile agus ceangal a chur ar na daoine éatacha nó na tuistí sin forchúraim a ghlacadh sa bhaile, trí leithlisiú nó eile, chun ná leathfadh aicidiú.

5. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha fanúint as áiteanna sonraithe nó ar thuistí leanaí na leanaí a choimeád as áiteanna sonraithe.

6. Toirmeasc a chur ar thuistí leanaí ar a mbeidh galar aicídeach na leanaí a chur ar scoil nó a cheadú dhóibh scoil d'fhreastal.

7. Srian a chur le leanaí, ar dócha gur fáig aicídithe le galair aicídeacha iad, d'fhreastal scoile, agus dualgas tuistí chun a áirithiú go ndéanfar do réir na srianta.

8. Bainisteoirí scoile ar scoileanna nó coláistí ina raibh galair aicídeacha do thabhairt liosta d'ainmneacha agus seolta daltaí nó mac léinn.

9. Srianta a chur le daoine ar a mbeidh galar aicídeach d'úsáid córacha iompair poiblí.

10. Cumhachta agus dualgais únaerí agus daoine i bhfeighil córacha iompair poiblí maidir le daoine a hiomprófar iontu agus ar dócha gur fáigeanna aicídithe le galar aicídeach iad.

11. Foirgintí agus déanmhais, feithiclí, árthaí agus aerárthaí d'iniúchadh.

12. Glanadh, dí-aicídiú nó dífhoiriciú éigeantach daoine, foirgintí, déanmhas, feithiclí, árthaí, aerárthaí nó earraí agus díothú éigeantach lucha francacha.

13. Earraí aicídithe nó earraí salacha a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí shábhálta.

14. Forchúraim i gcoinne bídh agus dí aicídithe.

15. Forchúraim chun ná leathfaidh aicídiú ó ainmhithe.

16. Adhlacadh corp daoine d'éag de ghalar aicídeach agus coimeád agus iompar na gcorp sin roimh iad d'adhlacadh.

17. Srianta a chur le tóraimh.

18. Ceangal a chur ar údaráis sláinte seirbhísí leighis nó cóiríocht agus cóireá il fhorais a sholáthar ar a gcostas féin nó ar chostas lucht a bhfála do réir mar fhorálfas na rialacháin.

19. Ceangal a chur ar údaráis sláinte táillí d'íoc le dochtúirí leighis cláraithe as fógraí a thabhairt i dtaobh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh.

20. Forchúraim chun cosc a chur le leathadh galair aicídigh ó árthaí nó aerárthai a thiocfas isteach sa Stát nó a imeos as nó ó phaisnéirí nó foirne na n-árthrthach nó na n-aerárthach sin, lena n-áirítear:—

(a) dualgais a bheas le comhlíonadh ag máistrí, píolótaí agus daoine eile ar bhord árthaigh nó aerárthaigh,

(b) árthaí nó aerárthaí nó daoine ar bord árthaigh nó aerárthaigh a choinneáil,

(c) árthaí nó aerárthaí a mbeidh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh ar bord acu do thaispeáint comharthaí nó do chur scéala le radio-thelegrafaíocht nó ar shlí eile,

(d) na ceisteanna a bheas le freagairt ag máistrí, píolótaí agus daoine eile ar bord árthaí nó áerárthaí a bheas tar éis port nó tír a ghabháil maidir le cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh ar bord le linn an turais nó ar theacht dóibh.

31. Eolas agus comhairle maidir le galar aicídeach a thabhairt don phobal trí fhógráin, fógraí, paimfléidí, léachtaí, tríd an radio, trí thaispeántais chineama nó ar aon chuma eile.

22. Míniú a thabhairt chun críocha na rialachán iomchuí ar ghalar aicídeach áirithe in aon tslí oiriúnach, lena n-áirítear, go sonrach, trí thagairt d'aon chéim den ghalar.