|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 40 de 1947. | ||
[EN] |
AN tACHT LEABHARLANNA POIBLÍ, 1947. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO BHUNÚ COMHLUCHTA DÁ nGAIRMFEAR AN CHOMHAIRLE LEABHARLANNA CHUN LEABHARLANN AIRMHEÁNACH NA hÉIREANN DO MHIC LEINN, BRONNTAS Ó IONTAOBHAS CARNEGIE, A GHLACADH, CHUN LEABHARLANN AIRMHEÁNACH D'OIBRIÚ AGUS CHUN CABHRÚ LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA CHUN A SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE D'FHEABHSÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [17ú Nollaig, 1947.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | Iontaobhas Carnegie. |
ciallaíonn an abairt “Iontaobhas Carnegie” na Carnegie United Kingdom Trustees a corpraíodh le Cairt Ríoga; |
[EN] | an Chomhairle. |
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” an Chomhairle Leabharlanna a bunaítear le halt 2 den Acht seo; |
[EN] | údarás áitiúil. |
ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” (ach amháin in alt 8) comhlucht is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh; |
[EN] | comhalta. |
ciallaíonn an focal “comhalta”, nuair a húsáidtear é gan é a cháiliú, comhalta den Chomhairle; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. | |
(2) Aon tagairtí san Acht seo d'achtachán arna leasú is tagairtí iad don achtachán sin arna leasú amhlaidh. | ||
Bunú agus Feidhmeanna na Comhairle. | ||
[EN] |
An Chomhairle Leabharlanna. |
2. —(1) Beidh comhlucht ann dá ngairmfear an Chomhairle Leabharlanna. |
[EN] | (2) Is iad feidhmeanna na Comhairle glacadh leis na leabhair, an gléasra agus na sócmhainní eile sin de chuid Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn a thairgfeas Iontaobhas Carnegie mar bhronntas di, leabharlann airmheánach a bhunú, a chothabháil agus d'oibriú agus cabhrú le húdaráis áitiúla chun a seirbhísí leabharlainne d'fheabhsú. | |
[EN] | (3) Beidh an Chomhairle ina comhlucht corpraithe agus síorchomharbas aici agus séala, agus beidh an dlí intsaothruithe aici agus uirthi ina hainm chorpraithe agus féadfaidh sí talamh a shealbhú. | |
[EN] |
Ráiteas ginearálta ar chríocha na leabharlainne airmheánaí. |
3. —Déanfar na críocha seo a leanas d'áireamh ar chríocha na leabharlainne airmheánaí a bhunós an Chomhairle:— |
[EN] | (a) forlíonadh a dhéanamh ar sheirbhísí rialta leabharlainne údarás áitiúla, foras oideachais agus cumann léinn, agus ar sheirbhísí leabharlanna poiblí agus leabharlanna speisialta i gcoitinne, trí leabhair a sholáthar a bheas ag teastáil le haghaidh staidéir agus taighde; | |
[EN] | (b) leabhair den tsórt sin a sholáthar go díreach do léitheoirí; | |
[EN] | (c) fónamh mar mheán chun leabhair as leabharlanna poiblí agus leabharlanna speisialta a sholáthar do léitheoirí le haghaidh staidéir agus taighde; | |
[EN] | (d) cabhrú le grúpaí comheagraithe mac léinn trí leabhair a sholáthar go díreach agus trí chomhluchta freagarthacha. | |
[EN] |
Seirbhísí leabharlanna poiblí d'fheabhsú. |
4. —(1) Féadfaidh an Chomhairle dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus comhairle a thabhairt dóibh i dtaobh seirbhísí leabharlanna poiblí d'fheabhsú, cabhrú leo chun na seirbhísí sin d'fheabhsú agus molta a thabhairt don Aire i dtaobh na seirbhísí sin. |
[EN] | (2) Is cead, má thoilíonn an tAire chuige, go mbeadh cabhair airgid ar an gcabhair dá ndéantar socrú i bhfo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, socruithe a dhéanamh le comhluchta leabharlainne eile chun leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí leabharlainne trí chomharaíocht. | |
[EN] | Comhaltas agus Nós Imeachta. | |
[EN] |
Comhaltas na Comhairle. |
5. —(1) Beidh an Chomhairle comhdhéanta de Chathaoirleach agus dhá chomhalta dhéag eile. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, an Cathaoirleach a cheapadh. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh an tAire na comhaltaí eile mar leanas:— | |
[EN] | (a) duine ar ainmniú ó Chomlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath, | |
[EN] | (b) duine ar ainmniú ó Chomhlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Corcaigh, | |
[EN] | (c) duine ar ainmniú ó Chomhlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Gaillimh, | |
[EN] | (d) beirt ar ainmniú ó Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, | |
[EN] | (e) duine ar ainmniú ó Chomhairle Iontaobhaithe Leabharlainne Náisiúnta na hÉireann, | |
[EN] | (f) triúr ar ainmniú ó Chomhairle Ghinearálta Chomhairlí Contae na hÉireann, | |
[EN] | (g) beirt ar ainmniú ó Chomhlachas Údarás Bardasach na hÉireann, | |
[EN] | (h) duine ar ainmniú ó chomhlachas (dá ngairmtear “comhlachas formheasta” san alt seo) arna fhormheas ag an Aire, a n-áiritear ar a chuspóirí obair leabharlanna poiblí sa Stát a chur ar aghaidh. | |
[EN] | (4) Gach duine a ainmneos Comhairle Ghinearálta Chomhairlí Contae na hÉireann ní foláir é a bheith ina chomhalta de chomhairle chontae. | |
[EN] | (5) Gach duine a ainmneos Comhlachas Údarás Bardasach na hÉireann ní foláir é a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil agus ní foláir duine amháin acu ar a lagad a bheith ina chomhalta de bhardas contae-bhuirge. | |
[EN] | (6) An duine a ainmneos comhlachas formheasta ní foláir é a bheith ina chomhalta nó ina oifigeach d'údarás áitiúil. | |
[EN] |
Comhaltaí a cheapadh agus iad a scor de bheith ina gcomhaltaí. |
6. —(1) Déanfar an chéad-cheapadh comhaltaí a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith. |
[EN] | (2) Déanfar nua-cheapadh comhaltaí a mbeidh éifeacht aige an lú lá d'Eanáir gach cúigiú bliain tar éis na bliana a thiocfas an céad-cheapadh in éifeacht. | |
[EN] | (3) Raghaidh na comhaltaí láithreacha as oifig nuair a ceapfar a gcomharbaí. | |
[EN] | (4) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí litir a díreofar chun an Aire. | |
[EN] | (6) Féadfaidh ainmneoir comhalta a iarraidh ar an Aire an comhalta a chur as oifig agus déanfaidh an tAire do réir an iarratais. | |
[EN] | (7) Aon chomhalta nach foláir a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Chomhairle má scoireann sé de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil. | |
[EN] | (8) I gcás folúntas a theacht sa Chomhairle líonfaidh an tAire é ar ainmniú ó ainmneoir an duine arb é a scor de bheith ina chomhalta faoi ndear an folúntas. | |
[EN] |
Nós imeachta naComhairle. |
7. —(1) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas ina comhaltas. |
[EN] | (2) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle ná pé uimhir a shocrós an Chomhairle ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram den tsórt sin socair de thuras na huaire, cúigear. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh chun a himeachta a sheoladh. | |
[EN] | Riaradh na Comhairle. | |
[EN] |
Feidhm ag achtacháin a bhaineas le húdaráis áitiúla, etc. |
8. —(1) Is tuigthe an Chomhairle a bheith, do réir bhrí agus chun críocha gach achtacháin dá sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ina húdarás áitiúil, ina comhlucht áitiúil, ina comhairle chontae nó ina comhlucht poiblí, do réir comhthéacsa an achtacháin, agus déanfar gach tagairt iontu sin d'Aire a léiriú mar thagairt don Aire. |
[EN] | (2) (a) I gcás na comhaltaí a chur as oifig faoi alt 44 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo, ceapfaidh an tAire comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí nua san alt seo) ina n-ionad. | |
[EN] | (b) I gcás feidhme alt 48 agus 49 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir leis an gComhairle, beidh éifeacht ag na hailt sin amhail is dá mba thagairtí don cheapadh sin na tagairtí atá iontu do chomhaltaí a thoghadh i dtoghchán nua. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 6 den Acht seo, ceapfar comhaltaí nua i slí go mbeidh éifeacht ag an gceapadh mar leanas:— | |
[EN] | (a) má chríochnaíonn an tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí a chur as oifig, laistigh de bhliain roimh an lú lá d'Eanáir sa bhliain inar ghá, mura mbeadh na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh, comhaltaí nua a cheapadh, | |
[EN] | (i) an lú lá d'Eanáir adúradh, nó | |
[EN] | (ii) aon lá laistigh den tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, aon lá laistigh den tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh. | |
[EN] | (4) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní thabharfaidh cur na gcomhaltaí as oifig agus ceapadh comhaltaí nua aon athrú ar na blianta ina mbeidh aon cheapadh nua le teacht in éifeacht. | |
[EN] |
Fo-dhlithe. |
9. —Is tuigthe an Chomhairle a bheith ina húdarás leabharlainne do réir bhrí agus chun críocha na bhforál den Public Libraries Act, 1901, arna leathnú agus arna oiriúnú le halt 8 den Public Libraries (Ireland) Act, 1902, a chumasaíos d'údarás leabharlainne fo-dhlithe a dhéanamh, agus a bhaineas ar shlí eile le fo-dhlithe den tsórt sin. |
[EN] |
Foireann láithreach Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn. |
10. —(1) Ar an mbronntas ó Iontaobhas Carnegie a ghlacadh, tiocfaidh gach duine is comhalta an uair sin d'fhoirinn Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn chun bheith ina chomhalta d'fhoirinn na Comhairle agus is tuigthe é a bheith arna cheapadh go cuí chun foireann na Comhairle de bhun Coda II den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) . |
[EN] | (2) I gcás comhalta inphinsin d'fhoirinn Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn a thiocfas, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo chun bheith ina oifigeach don Chomhairle, déanfar, chun críocha Coda IV cen Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , mar bheirtear feidhm di leis an Acht seo, seirbhís an duine sin mar chomhalta den fhoirinn sin d'áireamh ina seirbhís mar oifigeach don Chomhairle. | |
[EN] | (3) (a) Chun críocha an ailt seo, is comhlucht ranníocach faoi alt 47 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, Iontaobhas Carnegie. | |
[EN] | (b) Má bhíonn ranníocaíocht iníoctha ag Iontaobhas Carnegie de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo i leith an duine a bhí, an 4ú lá d'Iúil, 1947, i seilbh oifige leabharlannaí do Leabharlainn Airmheánach na hÉireann do Mhic Léinn, is ranníocaíocht do réir dhá chéad agus cúig puint fhichead sa bhliain a bheas ann. | |
[EN] |
Aitribh. |
11. —(1) Chun áitribh a sholáthar lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire,— |
[EN] | (a) aon talamh a cheannach nó a thógaint ar léas, | |
[EN] | (b) áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothábháil. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh a dhíol nó a ligean ar léas a bheas ina seilbh agus ná beidh ag teastáil níos sia chun feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Arachas. |
12. —Féadfaidh an Chomhairle árachú a dhéanamh i gcoinne aon fhiontair dhamáiste dá maoin nó caillteanais dá cistí. |
[EN] |
Bronntais. |
13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntais airgid, tailimh agus maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an duine a bhéarfas an bronntas. |
[EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir ag gabháil leis ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle. | |
[EN] |
Séala. |
14. —(1) Déanfaidh an Chomhairle séala a sholáthar agus a choimeád. |
[EN] | (2) Déanfar séala na Comhairle, nuair a greamófar de dhoiciméid é, a dhílse-dheimhniú le síniú an chathaoirligh nó chomhalta éigin eile ag a mbeidh údarás chuige sin ón gComhairle. | |
[EN] | (3) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala na Comhairle, agus gach doiciméid a airbheartós a bheith séalaithe le séala na Comhairle agus a bheith dílsedheimhnithe do réir an ailt seo is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, í a bheith séalaithe amhlaidh go cuí agus go dleathach agus glacfar i bhfianaise í gan a thuilleadh cruthúnais agus go sonrach, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas ar an doiciméid sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin, agus gan cruthúnas ar oifig ná ar údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é. | |
[EN] |
Tuarascáil bhliantúil agus cuntais iniúchta. |
15. —(1) Déanfaidh an Chomhairle na nithe seo a leanas gach bliain airgeadais— |
[EN] | (a) ullmhóidh sí tuarascáil ar a cuid oibre ar feadh na bliana airgeadais roimhe sin; | |
[EN] | (b) bhéarfaidh sí cóip den tuarascáil don Aire; | |
[EN] | (c) bhéarfaidh sí cóip den tuarascáil, agus de thuarascáil an iniúchóra rialtais áitiúil ar a cuntais don bhliain airgeadais sin roimhe sin, do gach ainmneoir comhalta agus do gach údarás áitiúil a mbeidh ceangal orthu, faoi alt 17 den Acht seo, ranníoc a dhéanamh i leith costas na Comhairle don bhlian airgeadais sin roimhe sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire cóip de thuarascáil na Comhairle agus de thuarascáil an iniúchóra rialtais áitiúil a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | Forála Airgeadais. | |
[EN] |
Deontais don Chomhairle chun cabhair airgid a thabhairt d'údaráis áitiúla. |
16. —Féadfar, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, deontais d'íoc leis an gComhairle de pé méid a cheadós an tAire, chun a chumasú don Chomhairle cabhair airgid a sholáthar d'údaráis áitiúla lena seirbhísí leabharlainne d'fheabhsú. |
[EN] |
Costais na Comhairle. |
17. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le costais na Comhairle, gan aon chabhair airgid d'údaráis áitiúla d'áireamh:— |
[EN] | (a) sa bhliain airgeadais atá ann le linn an Achta seo a rith agus i ngach bliain airgeadais dá éis sin, féadfar as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, deontais d'íoc leis an gComhairle de pé méid a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, i leith na gcostas sin don bhliain airgeadais sin, ach gan iomlán na ndeontas sin a dhul thar dhá mhíle agus cúig chéad punt nó leath na gcostas sin, pé acu sin is lú, | |
[EN] | (b) déanfar an méid de na costais sin ná déantar socrú ina gcóir faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ar shlí eile d'aisíoc leis an gComhairle ó na comhairlí contae agus na bardais chontae-bhuirge uile agus faoi seach do réir luachál inrátuithe a líomatáistí feidhmiúcháin faoi seach, | |
[EN] | (c) déanfar aon mhéid a bheas le haisíoc amhlaidh a mhuirearú mar mhuirear a ndeachaigh an t-údarás áitiúil faoi mar údarás leabharlainne faoi na Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1911, arna leasú le halt 65 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) . | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, pé suimeanna a theastós uaithi le haghaidh caiteachais reatha d'fháil ar iasacht go sealadach trí shocrú le bancaeirí. | |
[EN] |
Costais an Aire. |
18. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholathrós an tOireachtas. |
[EN] |
Alt 89 den Acht Rialtais, Áitiúil, 1941, d'athghairm. |
19. —Athghairmtear leis seo alt 89 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ). |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
20. —(1) Féadfar an tAcht Leabharlanna Poiblí, 1947 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Leabharlanna Poiblí, 1855 go 1947, a ghairm de na Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1911, d'ailt 65 agus 66 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus den Acht seo le chéile. | |
AN SCEIDEAL. Feidhm Achtachan. | ||
1. Oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh, a luach saothair, agus a gcur as oifig. | ||
Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) . | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , Cuid II. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) , Cuid III. | ||
2. Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , Cuid IV. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , Alt 78. | ||
3. Costais taistil agus chothuithe. | ||
An Public Health and Local Government Conferences Act, 1885. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925, Alt 59. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , Alt 80. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , Alt 67. | ||
4. Cuntais agus Iniúchadh. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925, Ailt 61 agus 62. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , Cuid VII. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , Ailt 68 agus 94. | ||
5. Fiosrúcháin Áitiúla, Tuairisceáin agus Cigireacht. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , ailt 83 go dtí 86. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , ailt 88, 89, 91 agus 93. | ||
6. Comhaltai a chur as oifig. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , ailt 44, 48, 49, 50, 52, 53 agus 55. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , alt 64. | ||
7. Arachas. | ||
Acht na nUdarás Áitiúla (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) . | ||
8. Coistí a cheapadh. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925, alt 58. |