19 1949


Uimhir 19 de 1949.


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1949

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1946. [30ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923,” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1927, agus le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1946;

Acht 1927.

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943, agus le hAcht 1946;

Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid IV d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943.

Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1941 agus le hAcht 1943, agus le hAcht 1946;

Acht 1941.

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1943;

Acht 1943.

ciallaíonn an abairt “Acht 1943” an t Acht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, forléireofar í mar ní a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1946;

Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Arm-Phinsean, 1946 (Uimh. 3 de 1946) ;

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1946;

na Rialacháin Fórsaí Cosanta.

ciallaíonn an abairt “na Rialacháin Fórsaí Cosanta” rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1949;

an Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca” an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán iardain.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta agus dá réir sin tá san Acht seo le gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá dtug na hAchta brí áirithe chun críocha na nAcht an bhrí a tugadh amhlaidh.

Aisiriú pinsean agus liúntas a forghéilleadh nó a forceannadh faoi alt 11 d'Acht 1923.

2. —(1) I gcás aon phinsean nó liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta) faoi na hAchta d'fhorghéilleadh nó d'fhorceannadh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) faoi alt 11 d'Acht 1923, féadfaidh an tAire, faoi réir an ailt seo, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais an pinsean nó an liúntas sin d'aisiriú go hiomlán nó go páirteach.

(2) I gcás pinsean nó liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta) d'aisiriú go páirteach faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an phinsin nó an liúntais sin d'aisiriú.

(3) An chumhacht a bheirtear leis an alt seo chun pinsean d'aisiriú ní bheidh sí infheidhmithe, más pinsean sealadach an pinsean, ach amháin i gcás ina dtuairisceoidh Bord na nArm-Phinsean, tar éis an pinsinéir a scrúdú, go bhfuil an grád íosta iomchuí míchumais ann i leith na míthreora a raibh an pinsean iníoctha ina haghaidh nuair a forghéilleadh nó a forceannadh é.

(4) I gcás pinsean dob abhar deontais chríochnaithigh sar ar forghéilleadh nó a forceannadh é d'aisiriú faoin alt seo, beidh an pinsean sin, a mhéid a haisireofar é, ina phinsean críochnaitheach ar an gcuma chéanna.

(5) Déanfar aon phinsean nó liúntas, (lena n-áirítear liúntas speisialta), nó aon chuid d'aon phinsean nó liúntas, (lena n-áirítear liúntas speisialta), a haisireofar faoin alt seo d'íoc ó pé dáta (nach luaithe ná dáta an orduithe dá aisiriú) a chinnfeas an tAire.

Alt 12 d'Acht 1923 a leasú.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1923 trí fho-alt (1) (a cuireadh isteach tríd an gCéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1927) a scrios agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad—

“(1) Má dhéanann duine ar bith, d'fhonn pinsean, liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta), nó aisce faoin Acht seo d'fháil nó a choimeád ar marthain dó féin nó d'aon duine eile nó d'fhonn pinsean, liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta), nó aisce faoin Acht seo do réir ráta is airde ná mar is iomchuí sa chás d'fháil nó a choimeád ar marthain dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll (pé acu i scríbhinn nó ó bhéal a bheas an ráiteas nó an uiríoll sin) is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, faoi rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon tréimhse nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúntacht sin le chéile.”

(2) Déanfar tagairtí sna hAchta d'alt 12 d'Acht 1923 d'fhorléiriú mar thagairtí don alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Forléiriú fo-ailt (2) d'alt 10 d'Acht 1927.

4. —(1) Chun críocha fo-ailt (2) d'alt 10 d'Acht 1927, aon tsaighdiúir dar deonadh pinsean faoi fho-alt (1) den alt sin 10 agus a hurscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige ar dháta a urscaoilte—

(a) má rinneadh, le linn é a bheith ar saoire éiginnte, é d'urscaoileadh as na fórsaí agus go raibh, díreach roimh an dáta ar a ndeachaigh sé ar an saoire éiginnte sin, liúntas pósta mar shaighdiúir pósta á fháil aige, nó

(b) má bhí, ar dháta a urscaoilte agus d'ainneoin a bhean a bheith tar éis bháis an uair sin, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

Alt 12 d'Acht 1927 a leasú.

5. —(1) Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1927, maidir lena fheidhm i gcás duine a hurscaoilfear as na fórsaí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, amhail is dá gcuirtí tagairt don Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na tagairte atá ann don Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

(2) (a) Chun críocha fo-ailt (2) d'alt 12 d'Acht 1927, aon tsaighdiúir dar deonadh pinsean faoi fho-alt (1) den alt sin agus a hurscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige ar an dáta a fuair sé an chréacht ar ina leith a deonadh an pinsean má bhí, ar an dáta sin agus d'ainneoin a bhean a bheith tar éis bháis an uair sin, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis.

(b) Is tuigthe mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

Ailt 14 agus 15 d'Acht 1927 agus an Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin a leasú.

6. —(1) I gcás—

(a) saighdiúir d'urscaoileadh as na fórsaí, le linn é a bheith ar saoire éiginnte, agus

(b) an saighdiúir sin a bheith, díreach roimh an dáta a chuaigh sé ar an saoire éiginnte sin, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, agus

(c) an saighdiúir sin d'fháil bháis agus, díreach sar a bhfuair sé bás, pinsean a bheith á fháil aige a deonadh dó faoi alt 10 d'Acht 1927,

is tuigthe, chun críocha míre (d) d'fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927, pinsean pósta faoi Acht 1927, a bheith á fháil ag an saighdiúir sin díreach sar a bhfuair sé bás agus, chun críocha fo-ailt (6) den alt sin 14, is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige díreach sar ar hurscaoileadh é.

(2) Chun críocha fo-ailt (6) d'alt 14 d'Acht 1927—

(a) duine a mbaineann fo-alt (2) den alt sin 14 leis, de bhuaidh míre (a) den fho-alt sin, agus a fuair bás an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é), is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige tráth a bháis má bhí, an tráth sin, agus d'ainneoin a bhean d'éag roimhe, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis;

(b) duine a mbaineann fo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927, leis, de bhuaidh míre (b) den fho-alt sin, agus a hurscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúr pósta a bheith á fháil aige díreach sar ar hurscaoileadh é má bhí, díreach sar ar hurscaoileadh é agus d'ainneoin a bhean a bheith tar éis bháis an uair sin, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis.

(3) Chun críocha fo-ailt (4) d'alt 15 d'Acht, 1927—

(a) duine a mbaineann fo-alt (2) den alt sin 15 leis, de bhuaidh míre (a) den fho-alt sin, agus a maraíodh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige tráth a bháis má bhí, an tráth sin agus d'ainneoin a bhean d'éag roimhe, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis;

(b) duine a mbaineann fo-alt (2) den alt sin 15 leis, de bhuaidh míre (b) nó (c) den fho-alt sin, agus a fuair créacht is inchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é), is tuigthe liúntas pósta mar shaighdiúir pósta a bheith á fháil aige an tráth a fuair sé an chréacht sin má bhí, an tráth sin agus d'ainneoin a bhean a bheith tar éis bháis an uair sin, liúntas leanaí iníoctha faoi rialacháin Fórsaí Cosanta i leith aon linbh leis.

(4) Beidh éifeacht ag ailt 14 agus 15 d'Acht 1927, maidir lena bhfeidhm i gcás oifigigh nó saighdiúra éagtha, amhail is dá ndéantaí—

(a) i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, na míreanna seo a leanas a chur in ionad míre 3—

“3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus i gcás clann iníon gan pósadh agus faoi bhun 21 bliain.

(a) le beo a máthar, £16 sa bhliain do gach leanbh,

(b) tar éis bháis a máthar, £30 sa bhliain do gach leanbh”;

(b) i gCuid II den Seachtú Sceideal sin, na míreanna seo a leanas a chur in ionad míre 2—

“2. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon gan pósadh agus faoi bhun 18 mbliana.

(a) le beo a máthar, 4s. sa tseachtain do gach leanbh,

(b) tar éis bháis a máthar, 8s. sa tseachtain do gach leanbh.”

(5) Is tuigthe fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

Forála i dtaobh liúntais agus aiscí a dheonadh faoi alt 15 (2) d'Acht 1927 do chleithiúnaithe (seachas baintreach nó leanaí) oifigeach agus saighdiúirí éagtha.

7. —(1) Ní deonfar aon liúntas ná aisce faoi fho-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927 do na cleithiúnaithe (a luaitear i gCoda III agus IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927) ar oifigeach nó saighdiúir éagtha murab ar an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, a maraíodh an t-oifigeach nó an saighdiúir sin nó murab ar an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, a fuair an t-oifigeach nó an saighdiúir sin an chréacht dá dtáinig a bhás.

(2) Chun críocha míreanna 2 go 6 de Chuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, déanfar gaol (a luaitear i mír 1 den Chuid sin IV) do shaighdiúir éagtha a maraíodh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, nó a dtáinig a bhás de chréacht a fuair sé an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, d'áireamh mar chleithiúnaí ar an saighdiúir sin i gcás (agus sa chás sin amháin) ina ndearna an saighdiúir sin, do réir rialachán Fórsaí Cosanta chuige sin, leithroinnt shaorálach as a pháighe chun an ghaoil sin agus ina raibh an leithroinnt sin iníoctha leis an ngaol sin ar an dáta a maraíodh an saighdiúir sin nó a fuair sé an chréacht dá dtáinig a bhás.

(3) Gach iarratas ar liúntas nó aisce a dheonadh faoi fho-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927 do na cleithiúnaithe (a luaitear i gCoda III agus IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927) ar oifigeach nó saighdiúir éagtha a maraíodh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, nó a dtáinig a bhás de chréacht a fuair sé an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, déanfar é—

(a) i gcás an t-oifigeach nó an saighdiúir sin d'fháil bháis roimh dháta an Achta seo a rith, laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta sin,

(b) i gcás an t-oifigeach nó an saighdiúir sin d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta a bháis.

Alt 4 d'Acht 1943 a leasú.

8. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1943 a leasú, le héifeacht amhail ar an 27ú lá d'Aibreán, 1943, agus uaidh sin amach, trí na focail agus na figiúirí “agus a fuair sí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis” a chur in ionad na bhfocal “i rith na tréimhse práinne”.

Alt 7 d'Acht 1943 a leasú.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1943 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (7)—

“(7) (a) Beidh liúntas speisialta inathscrúduithe go tréimhsiúil (uair sa bhliain ar a mhinice) agus más léir, de thoradh aon athscrúduithe den tsórt sin, an duine dar deonadh an liúntas sin a bheith tar éis scor, toisc a acmhainne bliantúla, de bheith i dteideal an liúntais sin, nó i dteideal an liúntais sin do réir an ráta is iníoctha an uair sin, déanfar (do réir mar is oiriúnach sa chás) an liúntas d'fhorceannadh, nó a laghdú anuas go dtí an ráta iomchuí amhail ó dháta an athscrúduithe;

(b) I gcás liúntas speisialta a dheonadh do dhuine atá éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca buan-éiglíochta coirp nó aigne, féadfaidh an tAire, faoina rogha, athscrúdú a dhéanamh aon tráth ar staid sláinte an duine sin, agus, más deimhin leis an Aire, de thoradh aon athscrúduithe den tsórt sin, nach gcomhlíonann an duine sin a thuilleadh an coinníoll reachtúil i dtaobh buan-éiglíochta déanfar an liúntas speisialta d'fhorceannadh amhail ó dháta an athscrúduithe;

(c) Chun críocha an fho-ailt seo is tuigthe gurb é an lá i ndiaidh an lae a scoirfeas an deontas reatha liúntais speisialta dáta an athscrúduithe.”

(2) Déantar leis seo an míniú (atá i bhfo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1946) ar an abairt “duine cáilithe” a leasú mar leanas—

(i) cuirfear an dá mhír seo a leanas in ionad míreanna (a) agus (b), le héifeacht amhail ar an 27ú lá d'Fheabhra, 1946, agus uaidh sin amach—

“(a) deimhniú seirbhíse míleata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) , nó deimhniú seirbhíse faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) , i leith seirbhíse i rith aon choda den tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dar chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, nó

(b) pinsean créachta nó míthreora faoi na hAchta i leith créachta a fuair sé nó míthreoir a bhain dó i rith na tréimhse sin, nó”;

(ii) déanfar an tagairt i mír (aa) d'iarratas a rinneadh roimh an lú lá d'Eanáir, 1947, d'fhorléiriú mar thagairt d'iarratas arna dhéanamh lá nach déanaí ná sé mhí ó dháta an Achta seo a rith;

(iii) cuirfear an mhír seo a leanas, i ndiaidh míre (b), le héifeacht amhail ar an 27ú lá d'Fheabhra, 1946, agus uaidh sin amach,—

“(c) bonn i leith seirbhíse i rith aon choda den tseachtain dar thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916;”.

(3) Déantar leis seo fo-alt (8) d'alt 7 d'Acht 1943 a leasú trí na focail agus na figiúirí “fo-alt (1) d'alt 6 agus” a chur isteach roimh an bhfocal agus an uimhir “ailt 9”.

Baint na nAcht leis an gCúltaca.

10. —(1) Ach amháin mar foráltar le fo-alt (2) den alt seo déanfar an abairt “na fórsaí”, mar a bhfuil sí sna hAchta, d'fhorléiriú mar abairt nach bhfolaíonn an Cúltaca.

(2) Sna hAchta (ach amháin ailt 10 agus 14 d'Acht 1927)—

(a) forléireofar an abairt “na fórsaí” mar abairt a fholaíos an Cúltaca Oifigeach—an Chéad Líne agus an Cúltaca Fear—an Chéad Líne, agus

(b) forléireofar an focal “saighdiúir” mar fhocal a fholaíos fear den Chúltaca Fear—an Chéad Líne.

Scéim Chúitimh do chomhaltaí den Chúltaca— an Dara Líne a créachtnaíodh, a maraíodh nó a fuair bás de chréachta.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim (dá ngairmtear an scéim chúitimh san alt seo) a dhéanamh chun go n-íocfar, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le comhaltaí, nó le cleithiúnaithe comhaltaí, den Chúltaca—an Dara Líne a créachtnaíodh, a maraíodh nó a fuair bás de chréachta i gcúrsa pé dualgas a sonrófar sa Scéim, pé cúiteamh (i bhfoirm suimeanna tréimhsiúla nó cnapshuimeanna) a sonrófar sa Scéim.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ó am go ham ag cúlghairm nó ag leasú na scéime cúitimh.

(3) Beidh feidhm ag ailt 6, 9, 10, 11 agus 12 (arna leasú le halt 3 den Acht seo) d'Acht 1923 agus ag alt 21 d'Acht 1927—

(a) maidir le cúiteamh faoin scéim chúitimh,

(b) maidir le daoine a bhfuil, nó adeir go bhfuil, teideal acu chun an chúitimh sin,

(c) maidir le daoine dá ndeontar an cúiteamh sin, agus

(d) maidir le daoine a iarrfas an cúiteamh sin, amhail is dá mbeadh an cúiteamh sin luaite sna hailt sin.

(4) (a) I gcás aon chúiteamh, i bhfoirm suime tréimhsiúla, faoin scéim chúitimh, d'fhorghéilleadh nó d'fhorceannadh faoi alt 11 d'Acht 1923 (mar bheirtear feidhm dó le fo-alt (3) den alt seo), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an cúiteamh sin d'aisiriú go hiomlán nó go páirteach.

(b) I gcás aon chúiteamh, i bhfoirm suime tréimhsiúla, faoin scéim chúitimh, d'aisiriú go páirteach faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an chúitimh sin d'aisiriú.

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “comhalta den Chúltaca —an Dara Líne” aon duine is—

(a) oifigeach den Chúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil),

(b) fear den Chúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil),

(c) oifigeach den Chúltaca Oifigeach (An Slua Muirí),

(d) fear den Chúltaca Fear (An Slua Muirí).

Aiscí do ghaolta daoine éagtha áirithe.

12. —(1) I gcás—

(a) an tAire dá chur in iúl don Aire Airgeadais go bhfuil beartaithe aige pinsean nó liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta) a dheonadh faoi na hAchta do dhuine, agus

(b) an duine sin d'fháil bháis sar a dtoilí an tAire Airgeadais leis an deontas beartaithe,

féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aisce d'íoc i leith an duine sin nach mó ná an méid a bheadh faibhrithe chun bheith dlite, an tráth a fuair an duine sin bás, de bhun an phinsin nó an liúntais bheartaithe dá dtoilíodh an tAire Airgeadais lena dheonadh ar an dáta a chuir an tAire in iúl dó go raibh beartaithe é a dheonadh.

(2) I gcás—

(a) an tAire dá chur in iúl don Aire Airgeadais go bhfuil beartaithe aige aisce a dheonadh faoi na hAchta do dhuine, agus

(b) an duine sin d'fháil bháis sar a dtoilí an tAire Airgeadais leis an deontas beartaithe,

féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aisce d'íoc i leith an duine sin nach mó ná an méid dob iníoctha de bhun na haisce beartaithe, dá dtoilíodh an tAire Airgeadais lena deonadh ar an dáta a chuir an tAire in iúl dó go raibh beartaithe aige í a dheonadh.

(3) I gcás ina bhféadfar aisce i leith aon duine d'íoc faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, íocfar an aisce sin (má deontar í)—

(a) mura bhfága an duine sin ach gaol amháin, leis an ngaol sin,

(b) má fhágann an duine sin beirt ghaolta nó níos mó, leis an duine sin nó leis na daoine sin, agus na daoine nó an duine eile d'eisiamh, de na gaolta sin a cheapfas an tAire, agus má feidhmítear an chumhacht sin i bhfábhar níos mó ná duine acu, i pé ranna a cheapfas an tAire.

(4) Chun críocha an ailt seo, is gaol do dhuine éagtha gach duine acu seo a leanas agus ní gaol dó aon duine eile—

(a) a bhaintreach,

(b) a mhac,

(c) a iníon,

(d) a mháthair,

(e) a athair,

(f) a dheartháir,

(g) a dheirfiúr.

(5) Is tuigthe na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo a theacht i ngíomh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

Asbhaintí, i leith éilithe poibli, as pinsin, liúntais, aiscí agus cúiteamh.

13. —(1) Féadfar, as aon phinsean, liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta), nó aisce is iníoctha faoi na hAchta nó as aon chúiteamh is iníoctha faoi aon scéim arna déanamh faoi alt 11 den Acht seo, aon airgead a bhaint a bheas dlite d'údarás Stáit ón duine lena bhfuil an pinsean, an liúntas nó an aisce nó an cúiteamh sin iníoctha.

(2) I gcás ina bhféadfar asbhaint a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo as pinsean, liúntas (lena n-áirítear liúntas speisialta), aisce nó cúiteamh, féadfar íoc an phinsin, an liúntais, na haisce nó an chúitimh a choimeád siar go dtí go bhfionnfar méid na hasbhainte.

(3) Chun críocha an ailt seo is údarás Stáit gach n-aon acu seo a leanas—

(a) Aire Stáit,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) Coimisiún Talún na hÉireann.

Airgead d'aisíoc a híocadh faoi na hAchta de dhroim ráiteas bréagacha.

14. —(1) I gcás—

(a) aon airgead d'íoc faoi na hAchta nó faoi scéim arna déanamh faoi alt 11 den Acht seo le duine (dá ngairmtear an t-íocaí sa bhfo-alt seo) nach raibh teideal aige chuige, agus

(b) an t-airgead sin d'íoc de dhroim ráitis bhréagaigh ón íocaí nó ó aon duine eile,

dlífidh an t-íocaí nó, má bhíonn sé tar éis bháis, dlífidh a ionadaí pearsanta, an t-airgead sin d'aisíoc leis an Aire ar é d'éileamh air.

(2) Aon tsuim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach í a bheas dlite ón duine sin don Aire agus féadfaidh an tAire í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trí asbhaint as aon airgead is iníoctha faoi na hAchta nó faoi scéim arna déanamh faoi alt 11 den Acht seo, leis an duine sin nó ina leith.

Athghairm.

15. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus amhail ar na dátaí agus ó na dátaí faoi seach a sonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

16. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

AN CHEAD SCEIDEAL.

An scala pinsean creachta agus pinsean posta faoi alt 12 d'acht 1927 do dhaoine a hurscaoilfear as na forsai ar dhata an achta seo a rith no da eis sin.

Alt 5 (1).

CUID I.

Pinsin Chreachta—Oifigigh.

An grád míchumais

An Scála Pinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

100

60 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £120, pé acu is mó.

90

54 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £108, pé acu is mó.

80

48 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £96, pé acu is mó.

70

42 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £84, pé acu is mó.

60

36 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £72, pé acu is mó.

50

30 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £60, pé acu is mó.

40

24 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £48, pé acu is mó.

30

18 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £36, pé acu is mó.

20

12 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta an urscaoilte nó £24, pé acu is mó.

Nota:—Ní fholaíonn “Páigh Bhliantúil” liúntais, ná páigh bhreise i leith dualgais shealadaigh, dualgais ar promhadh ná dualgais ghníomhaigh.

An pinsean pósta is iníoctha le hoifigeach atá ag fáil pinsin faoi alt 12 d'Acht 1927 agus atá i dteideal pinsin phósta is do réir an rata, is iomchiú dá ghrád míchumais, atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal seo a bheas sé.

CUID II.

Pinsin Chreachta—Saighdiuiri.

An grád míchumais

An Ráta Pinsin sa tseachtain

(1)

(2)

faoin gcéad

£

s.

d.

100

2

10

0

90

2

5

0

80

2

0

0

70

1

15

0

60

1

10

0

50

1

5

0

40

1

0

0

30

0

15

0

20

0

10

0

An pinsean pósta is iníoctha le saighdiúir atá ag fáil pinsin faoi alt 12 d'Acht 1927 agus atá i dteideal pinsin phósta is do réir an ráta, is iomchuí dá ghrád míchumais, atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal seo a bheas sé.

CUID III.

Pinsin Phosta—Oifigigh agus Saighdiuiri.

An Pinsean Pósta sa tseachtain

An grád míchumais

I leith mná céile

I leith gach linbh leis an bpinsinéir a rugadh tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis dáta a urscaoilte agus is mac atá de thurus na huaire faoi bhun 18 mbliana d'aois nó is iníon atá de thuras na huaire, má ba oifigeach an pinsinéir, faoi bhun 21 bhliain d'aois agus neamhphósta nó, má ba shaighdiúir an pinsinéir, faoi bhun 18 mbliana agus neamhphósta.

(1)

(2)

(3)

faoin gcéad

s.

d.

s.

d.

100

7

6

4

0

90

6

9

3

7

80

6

0

3

2

70

5

3

2

10

60

4

6

2

5

50

3

9

2

0

40

3

0

1

7

30

2

3

1

2

20

1

6

0

10

Scoirfidh an tsuim a sonraítear sa dara colún den Sceideal seo de bheith iníoctha má gheibheann bean chéile an phinsinéara bás nó má déantar go dleathach an pósadh a neamhniú nó a dhíscaoileadh.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear,

Alt 15.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh. 26 de 1923 .

An tAcht Arm-Phinsean, 1923 .

Fo-alt (3) d'alt 10.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 24 de 1932 .

An tAcht Arm-Phinsean, 1932 .

Alt 21

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 15 de 1937 .

An tAcht Arm-Phinsean, 1937 .

Alt 48

An lú lá d'Eanáir, 1947.

Uimh. 14 de 1943 .

An tAcht Arm-Phinsean, 1943 .

Fo-alt (8) d'alt 5.

An 27ú lá d'Aibreán, 1943.

Alt 9

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 3 de 1946 .

An tAcht Arm-Phinsean, 1946 .

Fo-alt (3) d'alt 10.

An 27ú lá d'Aibreán, 1946.