26 1953


Uimhir 26 de 1953.


AN tACHT SLÁINTE, 1953.

[An tiontó oifigiúil].


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA SHLÁINTE, 1947, AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE. [29ú Deireadh Fómhair, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Sláinte, 1947 agus 1953, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go sonrach leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a ceapfear chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethe éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla.

An Príomh-Acht agus forléiriú an Phríomh-Achta agus an Achta seo.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, déanfar aon tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, d'fhorléiriú mar thagairt don Acht seo freisin.

Cosaint ghinearálta.

4. —(1) Ní déanfar aon ní san Acht seo ná in aon ionstraim faoin Acht seo d'fhorléiriú mar ní a chuireas d'oblagáid ar aon duine leas a bhaint as aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin Acht seo ná é féin ná aon duine faoina chúram a chur faoi scrúdú ná cóireáil liachta.

(2) Ní bheidh d'oblagáid ar aon duine a bhainfeas leas as aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin Acht seo é féin ná aon duine faoina chúram a chur faoi scrúdú ná cóireáil liachta atá in aghaidh teagaisc a chreidimh.

Athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID III.

Forais.

Brí an fhocail “foras” a leathnú.

6. —Déantar leis seo an míniú ar an bhfocal “foras” atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht a leasú trí “teaghlach contae, teaghlach do dhaoine faoi mhíchumas coirp nó meabhrach” a chur isteach roimh “teaghlach máithreachais”.

Forais agus íclanna ceantair.

7. —(1) Gach foras ceantair nó íclann cheantair a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag comharile chontae nó bardas contae-bhuirge i gcáil údaráis chúnaimh phoiblí, measfar, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, é a bheith curtha ar fáil ag an gcomhairle nó ag an mbardas sin faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

(2) I gcás alt 10 den Phríomh-Acht do bhaint le bord cúnaimh nó le bord cúnaimh phoiblí de bhuaidh orduithe faoi alt 45 nó alt 46 den Acht seo a thiocfas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo, measfar i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, gach foras ceantair nó íclann cheantair a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag an mbord sin a bheith curtha ar fáil ag an mbord sin faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

(3) I gcás foras ceantair nó íclann cheantair a bheith i gcúrsa a thógála ag údarás cúnaimh phoiblí díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, críochnófar an foras nó an íclann sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo, agus, ar é a bheith críochnaithe, beidh feidhm ina leith ag fo-alt (1) nó ag fo-alt (2) den alt seo (pé acu is iomchuí).

Stiúradh agus bainistí forais sláinte.

8. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a bhainfeas le gach foras sláinte, le gach foras sláinte de chineál áirithe nó le foras sláinte áirithe, i dtaobh stiúradh agus bainistí na bhforas nó an fhorais sin.

(2) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh i dtaobh stiúradh agus bainistí forais sláinte atá á chothabháil aige, i dtaobh rialú na ndaoine a glacfar sa bhforas nó a bheas ag freastal air agus chun glacadh daoine sa bhforas a rialú (lena n-áirítear daoine a ghlacadh ar théarmaí speisialta maidir le híocaíocht agus cóiríocht).

(3) Na rialacháin a rinneadh faoi alt 34 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) ( Uimh. 27 de 1939 ), agus a bhí bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur rialacháin a rinneadh faoin alt seo iad.

(4) Na rialacha a rinneadh nó a meastar a rinneadh faoi alt 18 den Phríomh-Acht agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur rialacha a rinneadh faoin alt seo iad.

Treorú maidir le seirbhísí forais.

9. —Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfas sé i leith forais sláinte shonraithe, a threorú—

(a) go dtabharfar seirbhísí forais sa bhforas do dhaoine d'aicme a sonrófar do réir staid a sláinte, nó

(b) nach dtabharfar seirbhísí forais sa bhforas do dhaoine d'aicme a sonrófar do réir staid a sláinte,

agus déanfaidh an t-údarás sláinte a bheas ag cothabháil an fhorais do réir an treoruithe sin.

Forais seachtracha.

10. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích chun seirbhísí forais a thabhairt d'aon duine nó do dhaoine d'aon aicme, is duine nó daoine atá i dteideal seirbhísí forais d'fháil ón údarás sin seachas faoi alt 26 den Acht seo, i bhforas nach bhfuil á bhainistí ag an údarás sin ná ag údarás sláinte eile.

(2) Íocfaidh an t-údarás sláinte as seirbhísí forais a bhéarfar de bhun comhshocraíochta faoi fho-alt (1) den alt seo agus beidh na híocaíochtaí do réir pé scála a cheadós nó a threorós an tAire.

(3) Féadfaidh dhá údarás sláinte comhshocraíocht ar bith a dhéanamh agus a chur i gcrích chun go dtabharfaidh údarás amháin acu seirbhísí forais thar ceann agus ar chostas an údaráis eile.

(4) Aon chomhshocraíocht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus d fhéadfaí a dhéanamh faoin alt seo i dtosach feidhme an ailt seo, measfar gur comhshocraíocht a rinneadh faoin alt seo í.

Oifigigh d'aístriú ar fhoras sláinte a scor.

11. —(1) Má scoirtear foras sláinte faoi fho-alt (1) nó le hordú faoi fho-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht agus—

(a) go dtairgfear do dhuine a bhí i seilbh oifige faoi údarás sláinte sa bhforas scortha oifig den tsórt céanna i bhforas sláinte eile faoi bhainistí an údaráis sláinte sin nó faoi bhainistí comhbhoird a gceapann an t-údarás sláinte sin cuid dá chomhaltaí, nó

(b) go dtairgfear do dhuine a bhí i seilbh oifige faoi chomhbhord sa bhforas scortha oifig den tsórt céanna i bhforas sláinte eile faoi bhainistí an chomhbhoird sin nó faoi bhainistí cheann de na húdaráis sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird sin,

measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntais, nár cuireadh deireadh leis an oifig a bhí ag an duine sin sa bhforas scortha.

(2) Má bhíonn oifigeach míshásta le tairiscint faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh sé achomharc i scríbhinn a dhéanamh chun an Aire agus féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó pé treorú a thabhairt is dóigh leis is cóir (agus déanfaidh an t-údarás sláinte nó an comhbhord do réir an treoruithe sin).

Seirbhísí creidimh.

12. —(1) Déanfaidh údarás sláinte comhshocraíochtaí leis na hudaráis chuí chun seirbhísí creidimh a thabhairt go cuí i ngach ospidéal, sanatorium, teaghlach contae, teaghlach do dhaoine faoi mhíchumas coirp nó meabhrach, teaghlach máithreachais, teaghlach eadarshláinte agus urchosclann atá á chothabháil aige.

(2) Ní foláir méid aon íocaíochta a dhéanfas údarás sláinte le duine de bhun an ailt seo a bheith ceadaithe ag an Aire.

Diolúíne ó fhiosrúchán áítlúil.

13. —Ní bheidh gá le fiosrúchán áitiúil i gcás orduithe faoi fho-alt (2) d'alt 10 nó faoi fho-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht más le híclann, clinic, slánlann, stáisiún céad-chabhrach nó aon fhoras den tsórt sin a bhaineas an t-ordú,

CUID III.

Seirbhisi Slainte.

Seirbhísí liachta ginearálta.

14. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta, íceanna, cóireáil súl-liachta, déadliachta agus cluasliachta, agus fearais liachta, máinliachta agus déadliachta ar fáil in aisce do réir rialachán do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus dá gcleithiúnaithe.

(2) Na daoine dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo is daoine iad nach féidir leo an chóireáil liachta nó máinliachta, an chóireáil súl-liachta, déadliachta nó cluasliachta nó na híceanna, nó na fearais liachta, máinliachta nó déadliachta, is gá dóibh féin nó dá gcleithiúnaithe, a sholáthar as a saothar féin ná ar aon mhodh dleathach eile.

Seirbhísí forais agus sainliachta.

15. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí forais agus sainliachta ar fáil do réir rialachán do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Is iad na daoine dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo na daoine seo a leanas agus a gcleithiúnaithe:

(a) daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) ,

(b) daoine aosaithe ar 1ú ná sé chéad punt a n-acmhainn bhliantúil,

(c) daoine aosaithe arb é tuairim an údaráis sláinte gur as an bhfeirmeoireacht, go hiomlán nó go formhór, a gheibheann siad a n-acmhainn bhliantúil, ach gan luacháil inrátuithe thar caoga punt a bheith ar an bhfeirm nó ar na feirmeacha (lena n-áirítear na foirgintí uirthi nó orthu),

(d) daoine nach sonraítear sna míreanna roimhe seo arb é tuairim an údaráis sláinte nach bhféadfaidís gan cruatan míchuí seirbhísí forais agus sainliachta a sholáthar dóibh féin nó dá gcleithiúnaithe.

(3) Cuirfear seirbhísí forais faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo agus do pé daoine eile dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a chinnfeas an t-údarás sláinte.

(4) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo, i gcásanna nach mbaineann fo-alt (3) den alt seo leo, gearrfar pé táillí, nach mó ná sé scillinge in aghaidh gach lae a baintear leas as na seirbhísí forais, a chinnfeas an t-údarás sláinte, ach amháin sna cásanna sin (is cásanna daoine a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, nó cleithiúnaithe ar na daoine sin) a sonrófar le rialacháin a dhéanfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, sna cásanna sin, gearrfar na táillí a cheadós nó a threorós an tAire i leith costas na seirbhísí.

(5) Cuirfear seirbhísí sainliachta faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce.

(6) I mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, folaíonn an tagairt d'acmhainn bhliantúil, ní hamháin acmhainn bhliantúil an duine atás i gceist, ach ina teannta sin—

(a) acmhainn bhliantúil chéile an duine sin (má tá ann) má chónaíonn an céile leis an duine sin, agus

(b) acmhainn bhliantúil aon mhic nó iníne neamhphósta

(i) leis an duine sin, nó

(ii) le céile an duine sin (má tá ann), nó

(iii) le haon chéile a bhí ag an duine sin agus d'éag,

má chónaíonn an mac nó an iníon go rialta leis an duine sin.

(7) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí forais agus sainliachta ar fáil in aisce, do réir rialachán, do dhaltaí scoile náisiúnta i leith éalaingí a fionnfar ag scrúduithe sláinte do na scoileanna.

(8) Chun críocha an ailt seo ríomhfar acmhainn bhliantúil do réir Rialach 1 de na Rialacha sa tSeachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

(9) Más í breith a tugtar de bhun míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo nach lú ná sé chéad punt acmhainn bhliantúil an duine aosaithe, féadfar achomarc i gcoinne na breithe sin a dhéanamh chun duine a cheapfas an tAire, agus féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i dtaobh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin bhfo-alt seo.

(10) Chun críocha an ailt seo ní fholóidh seirbhísí sainliachta seirbhísí súl-liachta ná seirbhísí cluasliachta agus ní seirbhísí forais seirbhísí a tugtar in áit seachas ospidéal, teaghlach eadarshláinte nó teaghlach do dhaoine faoi mhíchumas coirp nó meabhrach.

Aireachas liachta do mháithreacha.

16. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta, asaoideachta, ospidéil agus sainliachta ar fáil in aisce, do réir rialachán, chun freastal ar shláinte ban (is mná a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo) i leith máithreachta.

(2) Is iad na mná dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) mná atá in aon cheann de na haicmí a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo, nó atá ina gcleithiúnaithe ar dhaoine atá sna haicmí sin,

(b) mná a rinne, nó a ndearnadh thar a gceann, pé ranníoca is gá do réir rialachán i leith costas na seirbhísí faoin alt seo.

(3) Na rialacháin dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo—

(a) forálfaidh siad go mbeidh ranníoca iníoctha do réir na suime iomchuí in aghaidh gach bliana (nach bliain roimh phósadh) a bhfuil ranníoc iníoctha ina leith, agus

(b) féadfaidh siad a cheangal go mbeidh méideanna éagsúla de ranníoca le déanamh in iomthosca éagsúla, ach ní ceanglófar ranníoca (seachas ranníoca reatha) d'íoc roimh ré, agus

(c) forálfaidh siad, faoi réir na bhforál de bhun míre (d) den fho-alt seo, gur punt an tsuim iomchuí dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, agus

(d) forálfaidh siad gurb í an tsuim iomchuí dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, do gach tréimshe chúig mblian as a chéile (agus is í an chéad tréimhse díobh sin an tréimhse chúig mblian a thosnós an lá i ndiaidh deireadh trí mblian ó thosach feidhme an ailt seo nó pé lá dá éis sin a gcinnfidh an tAire gurb é an lá is luaithe is féidir é chun an chéad tréimhse díobh sin a thosnú),—

(i) i gcás daoine seachas daoine a raibh ranníoc déanta acu i leith na bliana díreach roimhe an tréimhse sin—

(I) pé suim a gcinnfidh an tAire i leith na tréimhse sin gurb í an tsuim í a bhéarfas go bhfaighfear as ranníoca timpeall leath an mhéid a mheasfas an tAire a chosnós sé na seirbhísí do mhná a dhéanfas ranníoca, nó a ndéanfar ranníoca thar a gceann, do réir an ráta a cinnfear faoin gclásal seo den fho-mhír seo, a sholáthar ar feadh na tréimhse sin, nó

(II) dhá phunt,

pé acu sin is lú, agus

(ii) i gcás daoine a raibh ranníoc déanta acu i leith na bliana díreach roimh an tréimhse sin, an tsuim is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin nó an tsuim a chinnfeas an tAire mar adúradh, pé acu sin is lú.

(4) Forálfaidh rialacháin go bhféadfaidh aon bhean atá i dteideal seirbhísí liachta d'fháil faoin alt seo iad d'fháil óna rogha lia-chleachtóir cláraithe ach comhaontú a bheith déanta aige leis an údarás sláinte chun na seirbhísí sin a thabhairt agus é a bheith toilteanach glacadh léi mar othar.

(5) Má bhaineann bean leas as seirbhísí faoin alt seo le haghaidh luí seoil in áit seachas ospidéal nó teaghlach máithreachais, cuirfidh an t-údarás sláinte riachtanais asaoideolaíochta ar fáil in aisce a mhéid a sonrófar le rialacháin.

Seirbhísí leasa naíonán.

17. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta, ospidéil, sainliachta agus altranais ar fáil in aisce, do réir rialachán, do leanaí suas go dtí sé seachtaine d'aois a bhfuil a máithreacha i dteideal leas a bhaint as na seirbhísí faoi alt 16 den Acht seo.

(2) Forálfaidh rialacháin go mbeidh seirbhísí liachta faoin alt seo ar fáil ag leanbh ó pé lia-chleachtóir cláraithe is rogha le tuismitheoir an linbh, ach comhaontú a bheith déanta aige leis an údarás sláinte chun na seirbhísí sin a thabhairt agus é a bheith toilteanach glacadh leis an leanbh mar othar.

Seirbhísí leasa leanaí.

18. —Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus altranais do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois ar fáil in aisce, do réir rialachán, ag clinicí, slánlanna nó forais dá samhail sin.

Seirbhís scrúduithe agus cóireála sláinte do scoileanna.

19. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhís scrúduithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce, do réir rialachán, do na daltaí a dhéanas freastal ar scoileanna lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le gach scoil is—

(a) scoil náisiúnta, nó

(b) scoil lena mbaineann ordú faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Mura mbíonn údarás sláinte sásta go bhfuil leorsheirbhís scrúduithe shláinte ar fáil do na daltaí a dhéanas freastal ar scoil ina líomatáiste feidhme a thugas bunoideachas agus nach scoil náisiúnta, féadfaidh an t-údarás sláinte, le hordú, a threorú go mbainfidh an t-alt seo leis an scoil.

(4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos d'údarás sláinte aon tseirbhís ghinearálta teaghais a chur ar fáil ná aon tseirbhísí den tsórt a luaitear in alt 15 nó alt 20 den Acht seo.

Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta do leanaí.

20. —Cuirfidh údarás sláinte cóireáil déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta ar fáil, do réir rialachán—

(a) do dhaltaí scoile náisiúnta i leith éalaingí a fionnfar ag scrúduithe sláinte do scoileanna, agus

(b) do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois, atá ag freastal ar chlinicí, slánlanna nó forais dá samhail sin, i leith éalaingí a fionnfar ag na clinicí nó na slánlanna nó na forais sin,

agus cuirfear an chóireáil agus na fearais ar fáil in aisce, ach más amhlaidh a bheas aon fhearas déadliachta, súl-liachta nó cluasliachta á athsholáthar agus nach deimhin leis an údarás sláinte gur gá é d'athsholáthar ar chúis seachas de dheasca faillí, féadfar pé táille a cheadós nó a threorós an tAire d'éileamh i leith an fhearais.

Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta don ghrúpa meánioncaim.

21. —Cuirfidh údarás sláinte cóireáil déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, sul-liachta agus cluaisliachta ar fáil, do réir rialachán, in aisce nó ar tháillí a cheadós nó a threorós an tAire, do réir mar a sonrófar sna rialacháin, do na daoine (lena n-áirítear cleithiúnaithe) a sonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo (gan na daoine a sonraítear in ailt 14 agus 20 den Acht seo d'áireamh).

Rialacháin i leith seirbhísí.

22. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, a bhainfeas le gach údarás sláinte, le gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó le húdarás sláinte áirithe, i dtaobh an mhodha ar a bhfuil, agus a mhéid atá, na seirbhísí a sonraítear in ailt 14 go 21 den Acht seo le cur ar fáil acu, agus i dtaobh riaradh na seirbhísí sin i gcoitinne.

(2) Is tagairtí do rialacháin faoin alt seo na tagairtí do rialacháin atá in ailt 14 go 21 den Acht seo.

Deontais airgid i leith máithreachais.

23. —(1) Íocfaidh údarás sláinte le bean—

(a) atá i dteideal na seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil faoi alt 14 den Acht seo, agus

(b) nach bhfuil beartaithe go mbeadh sí á cothabháil i bhforas tar éis luí seoil (chun críocha seachas cóireáil liachta nó máinliachta) ag an údarás sláinte, agus

(c) a chomhlíonas na coiníollacha ordaithe,

deontas airgid de cheithre puint i leith gach luí seoil.

(2) San alt seo ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtaine toircheasa dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith.

(3) Nuair a bheas an Breitheamh á chinneadh cé acu dhéanfas nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) , go n-íocfar na costais a ghabhas le breith linbh, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais airgid faoin alt seo.

Bainne do mháithreacha agus do leanaí.

24. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, faoi réir na gcoinníollacha ordaithe, socruithe a dhéanamh chun bainne a sholáthar do mhná atá ag iompar clainne agus máithreacha atá ag tál ar chlann i gcás iad a bheith i dteideal na seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil faoi alt 14 den Acht seo agus do leanaí lena mbaineann an t-alt seo.

(2) San alt seo ciallaíonn “leanaí lena mbaineann an t-alt seo” leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois nach féidir lena dtuismitheoirí dóthain bainne a sholáthar dóibh as a n-acmhainn féin.

(3) Forléireofar na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo do bhainne mar thagairtí a fholaíos tagairtí do pé bianna, a déantar go hiomlán nó go formhór as bainne, a cheadós an tAire ó am go h-am.

Seirbhísí forais do réir rogha an othair, etc.

25. —(1) Duine a mbeidh teideal aige, ag féachaint do rialacháin faoi alt 22 den Acht seo, chun leas a bhaint as seirbhísí forais faoi alt 15 nó alt 16 den Acht seo, nó tuismitheoir linbh a mbeidh teideal aige, a féachaint do rialacháin faoi alt 22 den Acht seo, a cheadú don leanbh leas a bhaint as na seirbhísí faoi alt 15 nó alt 17 den Acht seo, féadfaidh sé, más mian leis in ionad glacadh le seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil, a shocrú go gcuirfear a gcomhionann de sheirbhísí ar fáil dó féin nó don leanbh (do réir mar bheas)—

(a) in aon ospidéal a cheadós an tAire chun críocha an ailt seo, nó

(b) in aon teaghlach altranais nó máithreachais a cheadós an tAire chun críocha an ailt seo,

agus má shocraíonn duine amhlaidh déanfaidh an t-údarás sláinte, do réir pé rialachán a dhéanfas an tAire, íocaíocht mar foráltar san alt seo i leith na seirbhísí a cuirfear ar fáil.

(2) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in áit seachas aireagal príobháideach nó leathphríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a déanfaí leis an bhforas de bhun na comhshocraíochta sin, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí.

(3) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in áit seachas aireagal príobháideach nó leathphríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) nach mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil i bhforas (seachas in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach) lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí.

(4) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) a mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a déanfaí leis an bhforas do réir na comhshocraíochta sin as seirbhísí seachas seirbhísí in aireagail phríobháideacha nó leathphríobháideacha, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí,

(b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí.

(5) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) nach mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil (seachas in aireagal príobháideach nó leathphríobháideach) i bhforas lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí,

(b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí.

(6) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo i dteaghlach altranais nó i dteaghlach máithreachais, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an teaghlach i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanfas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil (seachas in aireagal príobháideach nó leathphríobháideach) in ospidéal lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí, agus, mura gcinneann an t-údarás sláinte a mhalairt, ní mó ná sé seachtaine i gcás teaghlaigh altranais, nó coicíos i gcás teaghlaigh mháithreachais, an tréimhse a ndéanfar íocaíocht ina leith,

(b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí.

(7) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil faoi alt 15, alt 16 nó alt 17 den Acht seo in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach i bhforas sláinte, ar sin dá iarraidh ag an othar nó thar ceann an othair, gearrfar ina leith, i dteannta aon táille faoi fho-alt (4) d'alt 15 den Acht seo, suim is ionann agus an difríocht idir—

(a) an táille a cheadós nó a threorós an tAire faoi alt 26 den Acht seo i leith na seirbhísí sin in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach (pé acu é) sa bhforas sin, agus

(b) an táille a cheadós nó a threorós an tAire faoi alt 26 den Acht seo i leith na seirbhísí sin sa bhforas sin seachas in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach.

Seirbhísí forais do dhaoine nach bhfuil i dteideal seirbhísí faoi alt 15.

26. —(1) Féadfaidh údarás sláinte seirbhísí forais a chur ar fáil do na daoine nach mbeidh i dteideal seirbhísí faoi alt 15 den Acht seo agus gearrfaidh siad i leith aon tseirbhísí forais a cuirfear ar fáil amhlaidh pé táillí a cheadós nó a threorós an tAire.

(2) Ach amháin i gcásanna lena ngabhann práinn agus riachtanas, ní cuirfear seirbhísí forais (seachas seirbhísí forais i gcóiríocht speisialta a ainmneaos an t-údarás sláinte le toiliú an Aire) ar fáil faoin alt seo do dhuine mura mbeidh cóiríocht ar fáil nach bhfuil ag teastáil, an tráth a ligfear an duine sin isteach, do dhuine atá i dteideal seirbhísí faoi alt 15 den Acht seo.

(3) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh i dtaobh seirbhísí forais a sholáthar faoin alt seo, agus go sonrach, féadfaidh forála a bheith sna rialacha sin i dtaobh íocaíochtaí a dhéanamh agus méid na n-íocaíochtaí a déanfar le hoifigigh don údarás sláinte i leith aon tseirbhíse nó cóireála a thabharfaid do dhaoine a bhainfeas leas as na seirbhísí forais.

(4) Ní éileoidh ná ní thógfaidh oifigeach d'údarás sláinte a chuirfeas seirbhísí forais ar fáil aon íocaíocht ó aon duine a bhainfeas leas as na seirbhísí sin (ná ó aon duine eile thar ceann an duine sin) i leith na seirbhísí a thabhairt don duine sin, murab íocaíocht í a héilítear nó a tógtar thar ceann an údaráis sláinte, ach amháin i gcás tógaint na híocaíochta ag an oifigeach a bheith údaraithe go sainráiteach le rialacha faoin alt seo nó le téarmaí a cheapacháin.

(5) Measfar gur rialacha faoin alt seo rialacháin a rinneadh faoi alt 37 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'oibriú ailt 14 ná alt 16 go 21 den Acht seo ná ailt 31 den Phríomh-Acht ná d'oibriú aon rialachán faoin alt sin.

Dearbhú i dtaobh acmhainne.

27. —Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil duine i dteideal aon tseirbhíse dá gcuirfidh údarás sláinte ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaidh an t-údarás sláinte a cheangal ar an duine sin dearbhú a dhéanamh, i pé foirm is cuí leis an údarás sláinte, i dtaobh a acmhainne agus féadfaidh an t-údarás sláinte pé bearta is cuí leis a dhéanamh chun an dearbhú d'fhíoradh.

Athrú ar imthosca a chur in iúl.

28. —(1) Má dhéanann údarás sláinte duine d'áireamh, chun críocha an ailt seo, mar dhuine atá, mar gheall ar imthosca sonraithe, i dteideal seirbhíse a bheas á cur ar fáil ag an údarás sláinte faoin gCuid seo den Acht seo, cuirfidh sé in iúl don údarás sláinte aon athrú ar na himthosca sin d'fhágfadh nach mbeadh sé feasta i dteideal na seirbhíse sin.

(2) Má sháraíonn duine fo-alt (1) den alt seo go feasach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Réiteach amhrais i dtaobh cén t-údarás sláinte atá freagrach i seirbhís a thabhairt.

29. —Is é an tAire a chinnfeas, in aon chás amhrais nó díospóide maidir le duine áirithe nó le daoine d'aicme áirithe, cén t-údarás sláinte a bheas freagrach in aon tseirbhís faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a chur ar fáil don duine sin nó do dhaoine den aicme sin (más iomchuí).

Táille má gheibheann duine seirbhís gan teideal a bheith aige chuici.

30. —Más rud é—

(a) go mbainfidh duine leas as seirbhís a cuirfear ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, agus

(b) go bhfionnfar nach raibh sé i dteideal na seirbhíse,

féadfaidh an t-údarás sláinte pé táille a cheadós nó a threorós an tAire a ghearradh i leith na seirbhíse.

Gnóthú táillí.

31. —Aon táille a ghearrfas údarás sláinte de bhun na Coda seo den Acht seo nó na rialachán fúithi, féadfar, mura n-íoctar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla—

(a) ón duine a ngearrfar an táille ina leith nó, má tá seisean tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó aon duine eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, má tá an duine eile sin tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Saoráidí a thabhairt le haghaidh scrúdú sláinte ar leanaí i scoileanna.

32. —(1) Aon údarás sláinte a bheartós socrú a dhéanamh le haghaidh scrúdú sláinte ar leanaí i scoil, faoin Acht seo, féadfaidh sé fógra scríofa faoin mbeartú sin a thabhairt do scoil-bhainisteoir na scoile, ina luafaidh an lá nó na laethe (nach luaithe ná seacht lá tar éis an fógra a thabhairt) a déanfar an scrúdú, agus an t-am a déanfar é, agus ina n-iarrfaidh ar an scoil-bhainisteoir gach saoráid réasúnach a chur ar fáil don scrúdú.

(2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheoladh chuig “an scoil-bhainisteoir” agus é a thabhairt trína sheachadadh do scoil-bhainisteoir na scoile lena mbaineann nó trína chur leis an bpost chuig an seoladh mar a mbíonn cónaí air de ghnáth.

(3) Déanfar cóip de gach fógra faoi fho-alt (1) den alt seo i leith scrúduithe shláinte atá le déanamh i scoil nach é a príomh-mhúinteoir is scoil-bhainisteoir uirthi a sheachadadh do phríomh-mhúinteoir na scoile sin, nó a chur leis an bpost chuig an múinteoir sin ag an scoil.

(4) Cuirfidh scoil-bhainisteoir scoile lena mbainfidh fógra a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi deara gach saoráid réasúnach a thabhairt chun scrúdú sláinte a dhéanamh do réir an fhógra agus ar an lá nó na laethe agus ag an am a luaifear sa bhfógra, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) Gan dochar do na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, raghaidh údarás sláinte i gcomhairle le scoil-bhainisteoir scoile sara gcinnfidh an t-údarás sláinte an lá nó na laethe agus an t-am a déanfar scrúdú sláinte ar leanaí sa scoil agus, chomh fada agus is féidir sin, déanfaidh sé do réir mar is mian leis an scoil-bhainisteoir.

(6) Féadfaidh an t-údarás sláinte a thabharfas an fógra iomchuí faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

Ráitis bhréagacha, etc.

33. —Má dhéanann duine ar bith, chun go bhfaighidh sé aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, pé acu dó féin nó do dhuine éigin eile é, nó chun aon chríche eile a bhaineas leis an gCuid seo den Acht seo—

(a) aon ráiteas bréagach nó aon uiríoll bréagach a thabhairt go feasach nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó

(b) aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a sholáthar, nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach sin a thabhairt ar aird nó a sholáthar,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

CUID IV.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht.

34. —Leasaítear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(10) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a cheangal, go sonrach, go ndéanfar gearradh na bolgaí ar dhaoine a bhíos ag gabháil d'obair in aerphoirt nó calafoirt nó umpu, agus—

(a) ní bheidh feidhm maidir leis na rialacháin sin ag an oblagáid chun an socrú dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (7) den alt seo a chur iontu, agus

(b) ní bheidh feidhm ag alt 32 den Acht seo maidir leis an ngearradh bolgaí sin.”

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

35. —Ní bheidh aon éifeacht ag ordú a déanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi fho-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht mura mbíonn sé, i dteannta a bheith faoi shíníú an phríomhdhochtúra oifigiúil, sínithe freisin ag lia-chleachtóir cláraithe eile.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

36. —(1) Leasaítear leis seo alt 44 den Phríomh-Acht trí na focail “nó galar a mbeidh amhras ar phríomh-dhochtúir oifigiúil an údaráis sláinte a gcónaíonn an duine sin de ghnáth ina líomatáiste feidhme gur galar aicídeach é” a chur isteach i ndiaidh “galar aicídeach air” i mír (a) d'fho-alt (1).

(2) Forléireofar alt 44 den Phríomh-Acht mar ní a údaraíos íocaíocht a dhéanamh i leith cúnaimh tís má bhíonn bean phósta faoi chóireáil, in aghaidh galair aicídigh, chun sástachta phríomhdhochtúra oifigiúil an údaráis sláinte a gcónaíonn sí de ghnáth ina líomatáiste feidhme, agus mura féidir lena fear céile soláthar cuí réasúnach a dhéanamh chun aire a thabhairt don chlann.

(3) Beidh feidhm ag ailt 28 agus 33 den Acht seo maidir leis an seirbhís a cuirtear ar fáil faoi alt 44 den Phríomh-Acht amhail mar atá feidhm acu maidir leis na seirbhísí a cuirfear ar fáil faoi Chuid III den Acht seo.

Leasú ar alt 48 den Phríomh-Acht.

37. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 48 den Phríomh-Acht—

(a) trí na focail “dochtúir oifigiúil sláinte” a chur in ionad na bhfocal “dochtúir oifigiúil ceantair” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, agus

(b) trí na focail “sa líomatáiste nó sa cheantar dá ngníomhaíonn sé” a chur in ionad na bhfocal “ina cheantar”.

Rialacháin faoi Chuid V den Phríomh-Acht.

38. —(1) Féadfaidh rialacháin faoi Chuid V den Phríomh-Acht foráil a dhéanamh i dtaobh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) ceadúnú nó clárú—

(i) daoine ag a mbíonn bia don duine á mhonarú, á ullmhú, á allmhuiriú, á stóráil, á imdháil nó á dhíol,

(ii) áitribh, feithiclí nó stallaí ina mbíonn, nó ag a mbíonn, bia don duine á mhonarú, á ullmhú, á stóráil, á imdháil nó á thaispeáint chun a dhíolta,

(b) tuairisc na n-áitreabh, na bhfeithiclí nó na stallaí a ceadúnófar nó a clárófar amhlaidh,

(c) toirmeasc ar bhia a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, a stóráil, d'imdháil, a thaispeáint chun a dhíolta nó a dhíol ach amháin ag daoine ceadúnaithe nó cláraithe, nó in, nó ag, áitribh, feithiclí nó stallaí ceadúnaithe nó cláraithe (do réir mar bheas),

(d) ceadúnas nó clárú a chealú nó d'fhionraí,

(e) nithe a ghabhas leis na nithe sin roimhe seo.

(2) Má bhíonn, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, foráil i rialacháin faoi Chuid V den Phríomh-Acht go gcoimeádfaidh údaráis sláinte cláir—

(a) measfar aon chlár a choimeádfas údarás sláinte, de bhun na rialachán, a bheith i gcoimeád cuí má tá sé i gcoimeád oifigigh don údarás sláinte d'údaraigh an t-údarás sláinte chuige sin agus beidh sé inghlactha mar fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é a thabhairt ar aird as an gcoimeád cuí,

(b) féadfar fianaise prima facie ar aon taifead in aon chlár a choimeádas údarás sláinte de bhun na rialachán a thabhairt in aon chúirt nó in aon imeachta dlíthiúla trí chóip den taifead sin a thabhairt ar aird, a airbheartós a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don údarás sláinte a húdaraíodh chuige sin, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír ná gur húdaraíodh amhlaidh é,

(c) déanfar deimhniú a airbheartós a bheith faoi láimh oifigigh d'údarás sláinte a húdaraíodh chuige sin, á dheimhniú nach raibh duine, áitreabh, feithicil nó stalla sonraithe cláraithe i rith tréimhse sonraithe i gclár sonraithe a bhí á choimeád ag an údarás sláinte de bhun na rialachán, a ghlacadh in aon chúirt nó in aon imeachta dlíthiúla mar fhianaise prima facie ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír ná gur húdaraíodh amhlaidh é.

(3) Féadfaidh rialacháin faoi Chuid V den Phríomh-Acht a fhoráil go ndéanfaidh Breithimh den Chúirt Dúiche nó Feadhmannaigh Síochána feidhmeanna a chomhlíonadh chun críocha na rialachán atá ina bhfeidhmeanna a bhaineas le haon ní acu seo a leanas:

(a) déanamh orduithe maidir le bia atá galraithe, truaillithe nó neamhoiriúnach ar shlí eile mar bhia don duine, a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile,

(b) athbreithniú orduithe a thoirmisceas earraí bídh nó ainmhithe nó ábhair a beartaítear d'úsáid i monarú bídh d'allmhuiriú nó a thógaint ó áit a n-allmhuirithe,

(c) neamhniú nó daingniú orduithe a bhaineas le ceadúnas nó clárú a chealú nó d'fhionraí, nó a bhaineas le húsáid áitreabh, stallaí nó feithiclí chun aon chríche sonraithe a thoirmeasc,

(d) treorú a thabhairt d'údaráis sláinte daoine, áitribh, feithiclí nó stallaí a cheadúnú nó a chlárú in imthosca sonraithe.

(4) Má cheanglann aon údarás, a chuireas rialacháin i bhfeidhm faoi Chuid V den Phríomh-Acht, aon deisiúchán, athrú déanmhais nó méadú a dhéanamh ar áitreabh chun go gcomhlíonfar na rialacháin sin—

(a) féadfar an deisiúchán, an t-athrú déanmhais nó an méadú a dhéanamh d'ainneoin aon chúnaint, comhaontuithe nó coinníll in aon léas nó conradh eile tionóntachta faoina bhfuil an t-áitreabh á theachtadh,

(b) sara ndéanfar an deisiúchán, an t-athrú déanmhais nó an méadú, ní foláir don duine ar ceanglaíodh air sin a dhéanamh—

(i) murab é áititheoir rátaithe an áitribh é, an scéal a chur in iúl don áiththeoir rátaithe, agus

(ii) má tá an t-áitreabh á theachtadh aige faoi léas nó conradh eile tionóntachta, an scéal a chur in iúl don neas-tiarna talún nó dá ghníomhaire.

(5) In ailt 56 agus 57 den Phríomh-Acht forléireofar an focal “bia” mar thagairt d'aon chineál bídh chomh maith le tagairt d'aon bhia faoi leith.

(6) Measfar an t-alt seo agus an athghairm a déantar le halt 5 den Acht seo ar alt 55 den Phríomh-Acht a theacht i ngníomh an lá a tháinig Cuid V den Phríomh-Acht i ngníomh.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht.

39. —Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú ar an bhfocal “substaint” i bhfo-alt (1) a scrios agus an míniú seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn an focal ‘substaint’ substaint aiceanta nó shaorga, pé acu i bhfoirm sholadach nó lachtach nó i bhfoirm gháis nó ghaile dhi, lena n-áirítear ullmhóid nó earra mhonaraithe nó earra a cuireadh faoi aon chóireáil nó próis shaorga;”

(b) tríd an mír seo a leanas a chur i ndeireadh fo-ailt (3)—

“(j) chun na rialacháin d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú—

(i) ag oifigigh don Aire,

(ii) ag údaráis sláinte agus a n-oifigigh,

(iii) ag oifigigh Chustam agus Máil, le toiliú an Aire Airgeadais,

(iv) ag oifigigh don Aire Tionscal agus Tráchtála, le toiliú an Aire sin.”

(c) trí na focail “nó an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh an cion” a chur isteach i bhfo-alt (5) roimh an bhfocal “inchúiseamh”.

Leasú ar alt 66 den Phríomh-Acht.

40. —Leasaítear leis seo alt 66 den Phríomh-Acht trí na focail “nó an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh an cion” a chur isteach i bhfo-alt (9) roimh an bhfocal “inchúiseamh”.

Leasú ar alt 98 den Phríomh-Acht.

41. —Leasaítear leis seo alt 98 den Phríomh-Acht—

(a) trí na focail “chun comhairle a thabhairt don Aire, ar é dá iarraidh sin orthu, i dtaobh nithe a bhaineas nó a ghabhas le sláinte an phobail” a scrios as fo-alt (1) agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad, “chun comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh pé nithe ginearálta, a bhaineas nó a ghabhas le sláinte an phobail, a chuirfeas an tAire ina gcomhairle, agus i dtaobh pé nithe ginearálta eile (seachas coinníollacha fostaíochta oifigeach agus seirbhíseach agus méid nó íoc deontas nó liúntas) is cuí leo maidir le hoibriú na seirbhísí sláinte”;

(b) trí na focail “na Comhairle Sláinte Náisiúnta agus” a scrios as fo-alt (4);

(c) trí na fo-ailt bhreise seo a leanas a chur leis an alt sin:—

“(7) Déanfaidh an tAire a leath ar a laghad de na daoine a ceapfar le bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Shláinte Náisiúnta a cheapadh ar ainmniú comhluchtaí atá, dar leis an Aire, ionadaitheach do ghairm na míochaine agus dá fo-gharma (lena n-áirítear brainsí faoi leith díobh) agus daoine a bhfuil baint acu le bainistí ospidéal saorálacha.

(8) Na comhaltaí den Chomhairle Shláinte Náisiúnta a bheas i seilbh oifige ar an 31ú lá de Mhárta, 1954, raghaidh siad as oifig ag deireadh an lae sin agus beidh feidhm ag an bhforáil chéanna maidir leis an 31ú lá de Mhárta sa bhliain 1956 agus i ngach dara bliain dá éis sin.

(9) Ceapfaidh an Chomhairle Shláinte Náisiúnta duine dá gcomhaltaí chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gComhairle.

(10) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle Shláinte Náisiúnta trian de na comhaltaí nó, mura féidir uimhir na gcomhaltaí a roinnt ar a trí, trian den chéad uimhir eile os a cionn sin atá inroinnte ar a trí.

(11) Féadfaidh an Chomhairle Shláinte Náisiúnta, trí bhuan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta féin a rialú.

(12) Tiocfaidh an Chomhairle Shláinte Náisiúnta le chéile uair amháin ar a laghad i ngach ráithe den bhliain.

(13) Tiocfaidh an Chomhairle Shláinte Náisiúnta le chéile—

(i) pé trátha a iarrfas an tAire orthu teacht le chéile,

(ii) faoi réir fo-ailt (14) den alt seo, pé trátha a chinnfeas an Chomhairle, agus

(iii) faoi réir fo-ailt (14) den alt seo, ar fhoréileamh chun cruinniú den Chomhairle a ghairm, arna shíniú ag uimhir de chomhaltaí nach lú ná córam na Comhairle, a thíolacadh do rúnaí na Comhairle.

(14) Má bítear tar éis trí chruinniú nó níos mó den Chomhairle Shláinte Náisiúnta a thionól in aon ráithe, ní tionólfar aon chruinniú eile sa ráithe sin ach amháin ar iarratas, nó le toiliú, an Aire.

(15) Is cruinniú príobháideach gach cruinniú den Chomhairle Shláinte Náisiúnta.

(16) Féadfaidh an Chomhairle Shláinte Náisiúnta tuarascáil bhliantúil a thíolacadh don Aire gach bliain agus foilseoidh an tAire an tuarascáil maraon le pé tuairimí (más ann) is oiriúnach leis.

(17) Iarrfaidh an tAire comhairle ar an gComhairle Shláinte Náisiúnta faoi aon rialacháin a bheartós sé a dhéanamh faoi na h Achta Sláinte, 1947 agus 1953, nó faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, ach amháin más deimhin leis go bhfuil práinn le déanamh na rialachán agus, sa chás sin, iarrfaidh sé comhairle ar an gComhairle faoi na rialacháin a luaithe is féidir tar éis a ndéanta.

(18) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar rúnaí don Chomhairle Shláinte Náisiúnta.”

Leasú ar alt 103 den Phríomh-Acht.

42. —Leasaítear leis seo alt 103 den Phríomh-Acht—

(a) trí “an Aire” a chur in ionad “an Aire Rialtais Áitiúil” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(4) Ní raghaidh an tsuim a bheas ar iasacht aon am áirithe ag údarás sláinte faoin alt seo thar pé suim a bheas socraithe i leith an ama sin don údarás sláinte sin le hordú arna dhéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil.”

Leasú ar alt 104 den Phríomh-Acht.

43. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 104 den Phríomh-Acht trí “nó cóir eile iompair” a chur isteach roimh “a soláthrófar”.

Inchúiseamh i leith cionta áirithe.

44. —Féadfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh an cion inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi Chuid V, Cuid VIII nó Cuid IX den Phríomh-Acht.

CUID V.

Ilghneitheach.

Údaráis sláinte do ghníomhú i gcomhar.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá údarás sláinte nó níos mó do ghníomhú i gcomhar ag comhlíonadh aon cheann dá bhfeidhmeanna, maidir le hiomlán a líomatáiste feidhme nó maidir le cuid de.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh an mhodha a nglanfar na costais faoina raghfar ag gníomhú i gcomhar amhlaidh.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh chun comhbhord a bhunú chun críocha an orduithe.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le comhbhord a bunófar le hordú faoin alt seo:

(a) beidh an bord ina chomhlucht corpraithe le síorchomharbas faoin ainm a bhéarfar dó leis an ordú,

(b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus féadfar agra a dhéanamh air faoina ainm corpraithe,

(c) beidh cumhacht ag an mbord talamh a shealbhú agus a dhiúscairt,

(d) soláthróidh an bord agus beidh aige gnáth-shéala agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú an chathaoirligh nó comhalta éigin eile ag a bhfuil údarás gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don bhord ag a bhfuil údarás gníomhú chuige sin,

(e) bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar shéala an bhoird, agus déanfar gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ordú nó ina ionstraim eile a rinne an bord agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartós a bheith arna dhílse-dheimhniú do réir na míre sin roimhe seo) a ghlacadh i bhfianaise agus measfar gurb é an t-ordú nó an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthaítear a mhalairt,

(f) beidh an bord ina chomh-chomhlucht do réir bhrí agus chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942,

(g) beidh an bord ina chomhúdarás do réir bhrí agus chun críocha an Achta Sheirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 ( Uimh. 47 de 1947 ),

(h) féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm a thabhairt maidir leis an mbord d'aon fhorála den Phríomh-Acht nó den Acht seo nó d'aon rialacháin fúthu agus féadfaidh feidhm a thabhairt amhlaidh do na forála sin le haon mhodhnuithe nó tóranna sonraithe.

(5) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh chun Bord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath, an Bord Cúnaimh Phoiblí do Cheantar Cúnaimh Phoiblí Chorcaighe Theas nó an Bord Cúnaimh Phoiblí do Cheantar Cúnaimh Phoiblí Phortláirge do ghníomhú i gcomhar, agus chuige sin féadfaidh feidhm a thabhairt maidir leis an mbord sin d'aon fhorála den Phríomh-Acht nó den Acht seo nó d'aon rialacháin fúthu agus féadfaidh feidhm a thabhairt amhlaidh do na forála sin le haon mhodhnuithe nó tóranna sonraithe.

(6) Ní déanfar ordú faoin alt seo ag tabhairt feidhme maidir le bord d'fhorála ailt 103 den Phríomh-Acht ach amháin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil.

(7) I gcás feidhm maidir le bord a bheith ag forála ailt 103 den Phríomh-Acht, de bhuaidh orduithe faoin alt seo, ní raghaidh an tsuim a bheas aon tráth áirithe ar iasacht ag an mbord faoin bPríomh-Acht thar an gceathrú cuid de mhéid iomlán na luachál sna liostaí luachála a bheas i bhfeidhm an tráth sin faoi na hAchta Luachála i líomatáistí feidhme na n-údarás sláinte a dhlíos ranníoc a dhéanamh i leith caiteachas an bhoird.

(8) I gcás ordú a rinneadh faoi alt 101 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, agus a rinne foráil le haghaidh coiste chun gníomhú thar ceann dhá údarás sláinte nó níos mó, a bheith i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo—

(a) leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm agus measfar gur faoi fho-alt (1) den alt seo a rinneadh é,

(b) measfar an coiste a bheith ina chomhbhord a bunaíodh le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo faoi pé ainm a sonrófar le hordú eile ón Aire.

(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a rinneadh nó a measfar a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm agus beidh san ordú cúlghairme pé forála is riachtanach nó is fóirstineach leis an Aire de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe, más le comhbhord a bhaineas an t-ordú atá le cúlghairm, féadfar foráil a dhéanamh ann—

(a) chun an comhbhord a dhíscaoileadh agus a mhaoin, a chearta agus a dhliteanais d'aistriú chun údaráis sláinte nó chun dhá údarás sláinte nó níos mó nó chun comhbhord eile nó chun dhá chomhbord eile nó níos mó,

(b) chun conartha leanúnacha a rinne an comhbhord díscaoilte a choimeád ar marthain,

(c) chun leanúint d'imeachta dlíthiúla atá ar feitheamh,

(d) chun sealbhóir aon oifige faoin gcomhbhord díscaoilte d'aistriú chun a shamhail d'oifig faoi cheann de na húdaráis sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chomhbhord eile a bhfuil a líomatáiste feidhme comhthórannach le líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte nó a bhfuil líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte ann nó atá ina chuid de líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte.

(10) Má déantar, faoi ordú faoi fho-alt (9) den alt seo, sealbhóir oifige faoi chomhbhord d'aistriú chun oifige eile, measfar, chun críche aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, nár cuireadh deireadh leis an oifig chéadluaite.

Boird Chúnaimh Bhaile an Ridire agus Rátha Dúin.

46. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú do Bhord Cúnaimh Bhaile an Ridire nó do Bhord Cúnaimh Rátha Dúin aon fheidhmeanna de chuid chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a chomhlíonadh, agus chuige sin féadfaidh feidhm maidir leis an mbord sin a thabhairt d'aon fhorála den Phríomh-Acht nó den Acht seo nó d'aon rialacháin fúthu agus féadfaidh feidhm a thabhairt amhlaidh do na forála sin le haon mhodhnuithe nó tóranna sonraithe.

(2) Ní déanfar ordú faoin alt seo ag tabhairt feidhme maidir le bord d'fhorála ailt 103 den Phríomh-Acht ach amháin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) I gcás feidhm maidir le bord a bheith ag forála ailt 103 den Phríomh-Acht, de bhuaidh orduithe faoin alt seo, ní raghaidh an tsuim a bheas aon tráth áirithe ar iasacht ag an mbord faoin bPríomh-Acht thar an gceathrú cuid de mhéid iomlán na luachál sna liostaí luachála a bheas i bhfeidhm an tráth sin faoi na hAchta Luachála i líomatáiste feidhme an bhoird.

Comhshocríochtaí idir údaráis sláinte agus údaráis eile.

47. —(1) Féadfaidh údarás sláinte agus údarás sláintíochta uirbeach, le toiliú an Aire agus an Aire Rialtais Áitiúil, comhshochraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích chun go soláthróidh an t-údarás sláintíochta uirbeach aon tseirbhís a cuirtear ar chumas an údaráis sláinte leis an bPríomh-Acht nó leis an Acht seo a sholáthar.

(2) Má dhéanann údarás sláinte agus údarás sláintíochta uirbeach comhshocraíocht faoin alt seo, féadfaidh an tAire, trí ordú, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, feidhm a thabhairt maidir leis an údarás sláintíochta uirbeach d'aon fhorála den Phríomh-Acht nó den Acht seo nó d'aon rialacháin fúthu a mheasfas sé a bheith riachtanach agus féadfaidh feidhm a thabhairt amhlaidh do na forála sin le haon mhodhnuithe nó tóranna sonraithe.

(3) Féadfaidh údarás sláinte agus údarás sláinte eile comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích chun údarás amháin díobh do chomhlíonadh aon fheidhmeanna de chuid an údaráis eile.

(4) Féadfaidh forála a bheith in aon chomhshocraíocht faoin alt seo i dtaobh caiteachais d'aisíoc a raghaidh údarás fúthu ag cur na comhshocraíochta i gcrích.

Coistí comhairlitheacha sláinte.

48. —(1) Déanfaidh comhairle chontae (seachas Baile Átha Cliath, Corcaigh, nó Portláirge), le rún, coiste comhairlitheach sláinte a cheapadh chun comhairle a thabhairt don bhainisteoir contae ar chúrsaí ginearálta (seachas coinníollacha fostaíochta oifigeach agus seirbhíseach, méid nó íoc deontas nó liúntas, nó aon tseirbhís a chur ar fáil do dhuine áirithe) a bhaineas le comhlíonadh feidhmeanna na comhairle maidir le hoibriú an Phríomh-Achta nó an Achta seo.

(2) Déanfaidh comhairle chontae ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo a lúaithe is caothúil—

(a) tar éis tosach feidhme an ailt seo, agus

(b) tar éis gach toghcháin do chomhaltaí na comhairle.

(3) Deichniúr comhaltaí a bheas ar choiste comhairlitheach sláinte, agus orthu sin beidh—

(a) ceathrar comhaltaí ar a laghad de chomhairle na contae,

(b) an dochtúir oifigiúil contae don chontae,

(c) an máinlia contae don chontae nó, mura bhfuil aon oifigeach den tsórt sin ann, dochtúir oifigiúil sinsir i bhforas sláinte atá á chothabháil ag comhairle na contae,

(d) beirt lia-cleachtóirí cláraithe eile a chónaíos sa chontae, a mbeidh gach duine acu ainmnithe ag comhlucht is dóigh le comhairle na contae a bheith ionadaitheach do lia-chleachtóirí cláraithe atá ag cleachtadh sa chontae.

(4) Tiocfaidh coiste comhairlitheach sláinte le chéile—

(a) nuair a iarrfas comhairle na contae le rún nó an bainisteoir contae orthu teacht le chéile,

(b) faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, pé trátha eile a chinnfeas an coiste, agus

(c) faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, ar fhoréileamh chun cruinniú den choiste a ghairm, arna shíniú ag ceathrar comhaltaí ar a laghad den choiste, a thíolacadh don bhainisteoir contae.

(5) Má bítear tar éis cruinniú den choiste comhairlitheach sláinte a thionól in aon mhí ní tionólfar aon chruinniú eile dhe an mhí sin ach amháin ar iarratas, trí rún, ó chomhairle na contae nó ar iarratas nó le toiliú an bhainisteora chontae.

(6) Is cruinniú príobháideach gach cruinniú de choiste comhairlitheach sláinte.

(7) Bainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo le Comhairle Chathrach Luimnigh amhail is dá mba chomhairle chontae í, leis na modhnuithe seo a leanas:—

(a) forléireofar mar thagairt do Bhainisteoir Cathrach Luimnigh aon tagairt don bhainisteoir contae,

(b) forléireofar mar thagairt do Dhochtúir Oifigiúil Cathrach Luimnigh an tagairt atá i mír (b) d'fho-alt (3) don dochtúir oifigiúil contae.

(8) Déanfaidh an tAire, le rialacháin, socrú chun coiste comhairlitheach sláinte a bhunú do gach ceann de na líomatáistí seo a leanas:—

(a) contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae Bhaile Átha Cliath,

(b) contae-bhuirg Chorcaighe agus contae Chorcaighe, agus

(c) contae-bhuirg Phortláirge agus contae Phortláirge,

agus déanfaidh aon rialacháin den tsórt sin foráil chun feidhm a thabhairt maidir leis an gcoiste d'fhorála fo-alt (4), (5) agus (6) den alt seo, le haon mhodhnuithe is oiriúnach leis an Aire.

Comhaontú chun seirbhís a chur ar fáil.

49. —Nuair a bheas comhaontú á dhéanamh ag údarás sláinte le haon duine chun an duine sin do chur aon tseirbhíse ar fáil a húdaraítear don údarás sláinte a chur ar fáil, déanfaidh sé do réir aon cheanglas a shonrós an tAire.

Daoine míchumasaithe d'athinmhiú agus a chothabháil.

50. —(1) Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, seirbhís a chur ar fáil—

(a) chun daoine míchumasaithe d'oiliúint i gcóir fostaíochta atá oiriúnach do staid a sláinte, agus

(b) chun comhshocraíochtaí a dhéanamh le fostóirí d'fhonn daoine míchumasaithe a chur i bhfostaíocht oiriúnach,

agus chun críocha na hoiliúna réamhráite féadfaidh áitribh, ceardlanna, feirmeacha, gairdíní, ábhair, trealamh agus saoráidí dá samhail a chur ar fáil agus a chothabháil do réir mar is gá.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an modh a shonrú ina gcuirfidh údarás sláinte ar fáil, agus a mhéid a chuirfeas sé ar fáil, an tseirbhis dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Nuair a bheas údarás sláinte ag cur na seirbhíse dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo ar fáil, sa mhéid go mbainfidh an tseirbhís sin le comhshocraíochtaí a dhéanamh le fostóirí d'fhonn daoine míchumasaithe a chur i bhfostaíocht oiriúnach, raghaidh an t-údarás sláinte i gcomhairle le pé ceardchumainn (más ann) a mheasfas sé a bheith ionadaitheach do dhaoine atá ar fostú sna fostaíochtaí iomchuí.

(4) Féadfaidh údarás sláinte trealamh, ábhar nó nithe dá samhail a chur ar fáil do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(5) Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán a dhéanfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, socrú chun liúntais chothabhála d'íoc leis na daoine a sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(6) Is iad na daoine dá dtagartar i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt seo ná daoine míchumasaithe os cionn sé bliana déag d'aois nach féidir leo a gcothabháil féin a sholáthar agus nach féidir lena ngaolta, do réir bhrí an fho-ailt seo, cothabháil a sholáthar dóibh.

(7) Is gaol do dhuine, chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, céile, mac, iníon nó tuismitheoir an duine sin, nó aon deartháir nó deirfiúr don duine sin a chónaíos go rialta leis an duine sin.

Ceantair íclainne.

51. —(1) Is ceantar íclainne chun críocha an Phríomh-Achta agus an Achta seo gach ceantar íclainne faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, a bhí ann go díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, roinnt líomatáiste feidhme aon údaráis sláinte ina cheantair íclainne d'athrú.

(3) Má déantar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a shocrú go ndéanfar, laistigh de líomatáiste feidhme an údaráis sláinte, aistriú mar is riachtanach nó is fóirstineach leis ar oifigigh a ndearna an t-ordú céadluaite athrú ar a gceantair.

(4) Sara ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé sonraí na n-aistrithe a beartaítear go dtí gach oifigeach a mbeartaítear é d'aistriú agus breithneoidh aon uiríolla a dhéanfas aon oifigeach den tsórt sin laistigh de pé tréimhse réasúnach a chinnfeas an tAire.

(5) Measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, nár cuireadh deireadh le hoifig aon oifigigh a haistreofar le hordú faoi fho-alt (3) den alt seo.

Dochtúirí oifigiúla ceantair.

52. —(1) Beidh dochtúir oifigiúil ceantair nó beirt dochtúirí oifigiúla ceantair nó níos mó ann do cheantar íclainne.

(2) Ach amháin mar foráltar le fo-alt (3) den alt seo, is oifig faoin údarás sláinte dá cheantar oifig dhoctúra oifigiúil cheantair.

(3) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil cheantair do cheantar íclainne atá suite i gceantar cúnaimh phoiblí boird chúnaimh nó boird chúnaimh phoiblí ina hoifig faoin mbord sin.

(4) Measfar, chun críocha alt 10 agus 20 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , oifig dhochtúra oifigiúil cheantair lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo a bheith ina hoifig faoi údarás sláinte a bhfuil ceantair iomlán, nó aon chuid de cheantar, an dochtúra oifigiúil cheantair sin ina líomatáiste feidhme.

(5) I gcás iomlán ceantair íclainne nó aon chuid de a bheith i gceantar uirbeach, measfar, chun críocha alt 10 agus 20 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , oifig dhochtúra oifigiúil cheantair don cheantar sin a bheith, maidir le sannadh dualgas a bhaineas le feidhmeanna an údaráis sláintíochta uirbigh don cheantar uirbeach sin, ina hoifig faoin údarás sláintíochta uirbeach don cheantar uirbeach.

(6) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifig dhochtúra oifigiúil cheantair íclainne, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin agus déanfar an duine, nó duine de na daoine, a roghnós agus a mholfas na Coimisinéirí amhlaidh a cheapadh ina dhochtúir oifigiúil ceantair don cheantar sin, agus beidh feidhm ag forála fo-alt (1) go (5) den alt seo maidir leis amhail is dá gceaptaí amhlaidh é roimh thosach feidhme an ailt seo.

(7) Forléireofar mar thagairt don oifig a bunaítear leis an alt seo nó do shealbhóir na hoifige sin (do réir mar bheas) aon tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig dhochtúra oifigiúil cheantair íclainne nó dhochtúra oifigiúil cheantair nó do shealbhóir na hoifige sin.

(8) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine ag a raibh i leith aon cheantair, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, oifig dhochtúra oifigiúil faoi alt 41 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, agus oifig dhochtúra oifigiúil shláinte faoi alt 73 den Phríomh-Acht, i gcáil bhuan:

(a) i dtosach feidhme an ailt seo tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil ceantair don cheantar sin,

(b) measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, nár cuireadh deireadh leis na hoifigí céadluaite.

Sealbhóirí oifigí áirithe faoi údaráis chúnaimh phoiblí.

53. —(1) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, i gcás duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina shealbhóir i gcáil bhuan ar oifig faoi údarás cúnaimh phoiblí nár bhain a dualgais ach le cúnamh liachta do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, nó le cúnamh ginearálta, do réir bhrí an Achta sin, a tugtar trí dhaoine a ligint isteach i bhforas, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina shealbhóir ar an oifig chéanna faoin údarás sláinte a bhfuil a líomatáiste feidhme comhthórannach le líomatáiste feidhme an údaráis chúnaimh phoiblí sin nó a bhfuil líomatáiste feidhme an údaráis chúnaimh phoiblí sin ina chuid dá líomatáiste feidhme.

(2) Chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas measfar nár cuireadh deireadh leis an oifig sin adúradh faoi údarás cúnaimh phoiblí.

(3) Má tharlann aon cheist i dtaobh gan baint a bheith ag dualgais oifige áirithe faoi údarás cúnaimh phoiblí ach le cúnamh liachta do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, nó le cúnamh ginearálta do réir bhrí an Achta sin, a tugtar trí dhaoine a ligint isteach i bhforas, is é an tAire a chinnfeas an cheist.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina shealbhóir—

(a) ar oifig faoi bhord cúnaimh nó bord cúnaimh phoiblí,

(b) ar oifig dhochtúra oifigiúil faoi alt 41 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, nó

(c) ar oifig dhochtúra oifigiúil shláinte faoi alt 73 den Phríomh-Acht.

(5) Déanfaidh sealbhóir aon oifige faoi údarás cúnaimh phoiblí nach mbaineann fo-alt (1) den alt seo léi pé dualgais a chomhlíonadh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte don líomatáiste nó don cheantar dá ngníomhaíonn sé.

Dídean agus cothabháil i dteaghlach contae.

54. —(1) San alt seo ciallaíonn “cúnamh forais” dídean agus cothabháil i dteaghlach contae nó i bhforas dá shamhail.

(2) Aon duine nach féidir leis dídean agus cothabháil a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, beidh sé, chun críocha an ailt seo, i dteideal cúnaimh forais.

(3) Beidh de dhualgas ar údarás sláinte, faoi réim agus do réir forál an ailt seo agus na rialachán faoi, pé cúnamh forais is dóigh leo is gá nó is cuí i ngach cás ar leith a thabhairt do gach duine ina líomatáiste feidhme atá i dteideal cúnaimh forais.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh cúnamh forais a thabhairt agus féadfaidh na rialacháin sin a fhoráil go sonrach go gceanglófar ar dhaoine ranníoc a dhéanamh i gcásanna sonraithe i leith an chostais a bhainfeas le cúnamh forais a thabhairt dóibh.

(5) Gach duine a bheas á chothabháil ag údarás sláinte i dteaghlach contae nó i bhforas dá shamhail agus a iomprós é féin go mí-ordúil sa teaghlach nó sa bhforas sin, nó a bheas ina chúis anshocrachta míréasúnaí do dhaoine eile atá á gcothabháil sa teaghlach nó sa bhforas sin nó do dhaoine atá ar fostú ann, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná lá agus fiche a chur air.

(6) Má threoraíonn an tAire le hordú nach ndéanfaidh údarás sláinte, ná nach ndéanfar thar a cheann, aicme shonraithe daoine a dhídean ná a chothabháil faoin alt seo i bhforas sonraithe, ní dhéanfaidh an t-údarás (ach amháin i gcásanna lena ngabhann práinn agus riachtanas) daoine ar bith den aicme sin a dhídean ná a chothabháil sa bhforas sin ná a shocrú go ndéanfar amhlaidh.

(7) (a) I gcás duine a bheas á chothabháil ag údarás sláinte i dteaghlach contae nó i bhforas dá shamhail do dhéanamh oibre don údarás sin, measfar, maidir le déanamh na hoibre, é a bheith, chun críocha na nAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1953, ina oibrí i bhfostaíocht an údaráis, ach ní oibreoidh déanamh na hoibre ag an duine sin, ach amháin mar adúradh, chun coibhneas máistir agus seirbhísigh ná conradh seirbhíse a chruthnú ná a thabhairt le tuiscint idir an t-údarás agus an duine sin.

(b) In aon imeachta faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1953, a tionscnófar de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, measfar an t-iarratasóir a bheith tar éis oibriú ar luach saothair agus déanfaidh an Chúirt méid an luach saothair a mheas do réir an méid is fiú an obair.

Leanaí a chur amach ar iostas, etc.

55. —(1) Féadfaidh údarás sláinte socrú a dhéanamh, do réir rialachán, chun cúnamh a thabhairt do leanbh lena mbaineann an fo-alt seo in aon tslí acu seo a leanas (laistigh nó lasmuigh dá líomatáiste feidhme), is é sin le rá, tríd an leanbh a chur amach ar iostas, nó trína chur chun scoile a bheas ceadaithe ag an Aire nó, má tá an leanbh ceithre bliana déag d'aois ar a laghad, trí fhostaíocht d'fháil dó nó trína chur le haon cheird, gairm, nó gnó oiriúnach.

(2) Baineann fo-alt (1) den alt seo le haon leanbh atá i dteideal cúnaimh forais faoi alt 54 den Acht seo agus—

(a) is leanbh dlisteanach a bhfuil a athair agus a mháthair tar éis bháis nó atá tréigthe ag a athair agus a mháthair nó (i gcás duine acu a bheith marbh) ag an marthanóir, nó

(b) is leanbh neamhdhlisteanach a bhfuil a mháthair marbh nó atá tréigthe ag a mháthair.

(3) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, cúnamh a thabhairt d'aon duine atá i dteideal cúnaimh ghinearálta do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, trí aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, le toiliú an duine sin agus do réir rialachán, maidir le haon leanbh a ndlíonn an duine sin, faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, é a chothabháil, is é sin le rá, an leanbh a chur amach ar iostas, nó é a chur chun scoile atá ceadaithe ag an Aire, nó, má tá an leanbh ceithre bliana déag d'aois ar a laghad, é a chur le haon cheird, gairm, nó gnó oiriúnach.

(4) Má chuireann údarás sláinte leanbh le ceird, gairm nó gnó oiriúnach faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás pé táille nó suim is gá chuige sin d'íoc agus féadfaidh an leanbh a chothú nó ranníoc a dhéanamh chun é a chothú ar feadh aon tréimhse (lena n-áirítear, le toiliú an Aire, aon tréimhse tar éis dó sé bliana déag d'aois a shlánú) a chaithfeas sé ag foghlaim na ceirde, na gairme nó an ghnótha.

(5) Ar shé bliana déag d'aois a bheith slán ag leanbh a bheas curtha amach ar iostas nó a bheas curtha chun scoile de bhun an ailt seo, féadfaidh an t-údarás sláinte, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh chun oideachas an linbh a chríochnú agus chun é a chothabháil le linn dó bheith ag críochnú a oideachais.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(7) Aon leanbh a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, curtha amach ar iostas, curtha chun scoile nó curtha ar seirbhís nó curtha le ceird, gairm, nó gnó faoi alt 48 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, measfar (do réir mar is iomchuí) é a bheith curtha amach ar iostas, curtha chun scoile, curtha i bhfostaíocht, nó curtha le ceird, gairm, nó gnó ag an údarás sláinte iomchuí faoin alt seo.

(8) Measfar chun críocha an ailt seo gur scoil atá ceadaithe ag an Aire scoil a raibh deimhniú faoi alt 47 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, i bhfeidhm ina leith díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(9) I gcás leanbh d'uchtáil faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952)

(a) measfar ina dhiaidh sin chun críocha an ailt seo gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach, an leanbh agus nach é leanbh aon duine eile é,

(b) mura bhfuil ann ach uchtóir amháin, cuirfear tagairt don athair nó don mháthair, nuair is iomchuí sin, i bhfo-alt (2) den alt seo in ionad aon tagairte don athair agus don mháthair,

(c) i gcás an leanbh a bheith, díreach roimh an uchtáil, curtha amach ar iostas ag údarás sláinte leis an uchtóir nó na huchtóirí, féadfaidh an t-údarás sláinte, faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, ranníoc a dhéanamh chun an leanbh a chothabháil amhail is dá leanadh sé de bheith amuigh ar iostas.

Leanbh amuigh ar iostas, etc. d'aistriú.

56. —(1) I gcás údarás sláinte a bheith tar éis leanbh a chur amach ar iostas, fostaíocht d'fháil do leanbh, nó leanbh a chur le ceird, gairm, nó gnó, féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire, aon tráth sara mbeidh sé bliana déag d'aois slán ag an leanbh, agus déanfaidh an t-údarás, má iarrann an tAire air é, an leanbh a thógaint as coimeád an duine ag a raibh sé ar iostas, ar fostú, nó curtha le ceird, gairm, nó gnó amhlaidh.

(2) I gcás údarás sláinte a bheith tar éis leanbh a chur chun scoile atá ceadaithe ag an Aire—

(a) féadfaidh an t-údarás aon tráth, le toiliú an Aire, an leanbh a thógaint ón scoil, agus

(b) déanfaidh an t-údarás an leanbh a thógaint ón scoil má iarrann agus nuair a iarrfas an tAire nó bainisteoirí na scoile air é nó ar an scoil a scor de bheith ceadaithe ag an Aire.

(3) Má thógann údarás sláinte leanbh as coimeád duine ag a bhfuil an leanbh ar iostas, ar fostú, nó curtha le ceird, gairm nó gnó, beidh deireadh le haon chonradh idir an t-údarás agus an duine sin maidir leis an leanbh láithreach ar an leanbh a thógaint uaidh.

(4) I gcás ina gcumhachtaítear d'údarás sláinte nó ina gceanglaítear air leis an alt seo nó faoi leanbh a thógaint as coimeád duine, déanfaidh an duine sin coimeád an linbh a thabhairt suas don údarás ar sin d'éileamh air agus, má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an duine sin go toiliúil coimeád an linbh a thabhairt suas amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo déanfaidh an Chúirt ordú chun an leanbh a thógaint as a choimeád agus é a chur i gcoimeád an údaráis sláinte.

Údarás áitiúil chun críocha Coda I den Children Act, 1908.

57. —I dtosach feidhme an ailt seo scoirfidh údaráis chúnaimh phoiblí de bheith ina n-údaráis áitiúla chun críocha Coda I den Children Act, 1908, agus, ina ionad sin, beidh gach údarás sláinte, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, ina údarás áitiúil chun na gcríocha sin maidir lena líomatáiste feidhme.

Rialacháin i dtaobh ábhar líonta.

58. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ag ordú caighdeáin ghlaineachta le haghaidh ábhair líonta go ginearálta nó maidir le cineál áirithe d'ábhar líonta,

(b) á thoirmeasc ábhar líonta nach bhfuil do réir an chaighdeáin ordaithe a dhíol nó a choimeád chun a dhíolta, nó d'úsáid nó a choimeád chun a úsáidte, le feisteas leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagáin nó earraí dá samhail a dhéanamh,

(c) á thoirmeasc aon fheisteas leapan, cúisín, earra forchumhdaigh, bréagán nó earra dá samhail ina bhfuil ábhar líonta nach bhfuil do réir an chaighdeáin ordaithe a dhíol nó a choimeád chun a dhíolta.

(2) Féadfaidh Rialacháin faoin alt seo—

(a) a fhoráil go ndéanfaidh oifigigh don Aire, údaráis sláinte agus a n-oifigigh agus, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, oifigigh d'údaráis sláintíochta, na rialacháin a chur i bhfeidhm agus d'fhorghníomhú,

(b) a fhoráil go gcuirfear ar chumas daoine sonraithe (is oifigigh údaraithe chun críocha Coda IX den Phríomh-Acht) ábhar líonta nach bhfuil do réir an chaighdeáin ordaithe d'urghabháil agus d'aistriú agus é a choinneáil agus a dhíthiú nó é a chur dá dhiúscairt ar shlí oiriúnach eile,

(c) a fhoráil go dtabharfar agus go dtógfar samplaí (gan íocaíocht) agus go ndéanfar tástála, scrúduithe agus taifeach ar na samplaí sin,

(d) a ordú cad iad na haicmí daoine a bheas freagrach i dtástáil, scrúdú agus taifeach samplaí d'ábhair líonta agus cad iad na córacha lena ndéanfar agus cad é an modh ar a ndéanfar aon tástáil, scrúdú nó taifeach den tsórt sin,

(e) a ordú cad é an deimhniú nó an fhianaise eile a bhéarfar de thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh den tsórt sin agus cad iad na haicmí daoine a bhéarfar nó dá dtabharfar aon deimhniú nó fianaise den tsórt sin,

(f) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (e) den fho-mhír seo agus a bhéarfar i leith tástála, scrúduithe nó taifigh shampla ina fhianaise i leith an tsampla sin chun gach críche ar thoradh na tástála, an scrúduithe nó an taifigh,

(g) a fhoráil go gceadúnófar nó go gclárófar áitribh ina gcoimeádfar ábhar líonta chun a dhíolta nó chun a úsáidte le feisteas leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagáin, nó earraí dá samhail a dhéanamh agus go dtoirmiscfear ábhar líonta a choimeád chun a dhíolta nó chun a úsáidte mar adúradh in áitribh nach bhfuil ceadúnaithe nó cláraithe,

(h) foráil a dhéanamh i dtaobh coinníollacha a bhainfeas le ceadúnas nó clárú a dheonadh, a choinneáil nó d'athnuachaint,

(i) a fhoráil go ngearrfar táillí maidir le ceadúnas nó clárú a dheonadh, a choinneáil nó d'athnuachaint,

(j) a fhoráil go gcuirfear marc nó lipéad sonraithe ar fheisteas leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagáin nó earraí dá samhail ina bhfuil ábhar líonta,

(k) a fhoráil go ndéanfaidh daoine atá ag monarú, ag ullmhú, ag allmhuiriú, ag stóráil, ag imdháil nó ag díol ábhair líonta nó feistis leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagán nó earraí dá samhail ina bhfuil ábhar líonta, taifid a choimeád agus na taifid sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh ag oifigigh a bhfuil baint acu leis na rialacháin a chur i bhfeidhm nó d'fhorghníomhú.

(3) Má fhorálann rialacháin faoi fho-alt (1) den alt go mbeidh aon deimhniú áirithe nó aon fhianaise áirithe eile ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála, scrúduithe nó taifigh shampla, glacfaidh gach Cúirt Breithiúnais leis an deimhniú sin nó leis an fhianaise eile sin, i gcás an tsampla sin, mar fhianaise ar thoradh na tástála, an scrúduithe nó an taifigh sin agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais freisin leis mar fhianaise go ndearnadh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach sin faoi réim agus do réir na rialachán.

(4) Má cúisítear duine i dtaobh aon ábhar líonta nó aon fheisteas leapan, cúisín, earra forchumhdaigh, bréagán nó earra dá samhail a bheith á choimeád chun a dhíolta aige, contrártha do rialacháin faoin alt seo, agus go gcruthófar go raibh an t-ábhar nó an earra i seilbh an duine sin, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur chun a dhíolta a bhí an t-ábhar nó an earra á choimeád aige.

(5) Má cúisítear duine i dtaobh aon ábhar líonta a bheith á choimeád aige, contrártha do rialacháin faoin alt seo, chun feisteas leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagáin nó earraí dá samhail a dhéanamh agus go gcruthófar go raibh an t-ábhar i seilbh an duine sin, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur chun na húsáide sin a bhí an t-ábhar á choimeád aige.

(6) Má chruthaíonn an cosantóir in aon inchúiseamh i leith ciona faoin alt seo—

(a) gur cheannaigh sé—

(i) ábhar líonta mar ábhar a bhí de chaighdeán glaineachta nach mbeadh contrártha d'aon rialachán faoin alt seo, nó

(ii) earra mar earra nach raibh inti ach ábhar líonta den chaighdeán sin agus le baránta scríofa á dheimhniú sin, agus

(b) nach raibh aon chúis aige chun a chreidiúint, an tráth a rinne sé an cion a bhfuil sé á chúiseamh ann, nach raibh an t-ábhar líonta do réir an chaighdeáin ghlaineachta ordaithe, agus

(c) go raibh an t-ábhar líonta, an tráth sin, sa staid chéanna ina raibh an tráth a cheannaigh sé é,

urscaoilfear an cosantóir ón inchúiseamh ach dlífidh sé na costais faoina ndeachaigh an t-inchúisitheoir d'íoc, murar thug sé fógra cuí don inchúisitheoir go raibh beartaithe aige seasamh ar an gcosaint sin.

(7) Measfar chun críocha míre (a) d'fho-alt (6) den alt seo gur baránta aon ráiteas ó mhonaróir, allmhuireoir nó díoltóir aon ábhair líonta nó aon fheistis leapan, cúisín, earra forchumhdaigh, bréagáin nó earra dá samhail ina bhfuil ábhar líonta ar ráiteas é maidir le caighdeán glaineachta an ábhair líonta agus atá i bhforchuntas nó ar lipéad a ghabhas leis an ábhar líonta nó leis an earra nó atá ar an gcoimeádán ina ndíoltar an t-ábhar líonta.

(8) Má chítear don údarás nó don oifigeach a bheas ag cur rialachán i bhfeidhm a rinneadh faoin alt seo go ndearnadh cion a bhféadfaí imeachta a thionscnamh ina leith faoin alt seo i gcoinne duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a shuíomh faoi fho-alt (6) den alt seo trína chruthú gur gníomh nó mainneachtaint duine éigin eile faoi deara an cion atá á ghearán, féadfaidh an t-údarás nó an t-oifigeach sin imeachta a thionscnamh i gcoinne an duine eile sin gan imeachta a thionscnamh i gcoinne an duine chéadluaite.

(9) Aon duine a shárós rialachán faoin alt seo nó a choiscfeas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(10) Féadfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh cion faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona sin.

(11) San alt seo folaíonn an abairt “ábhar líonta”—

(a) ceirt-fhlocas a déantar go hiomlán nó go páirteach trí ábhar fite, cniotáilte, feiltithe nó sníofa, nó earraí eile dá samhail, nua nó sean, a stracadh ó chéile, agus

(b) rón, snáithreach, clúmh, cleití, bearrtháin adhmaid, min shábh, tuí agus ábhair eile dá samhail, nua nó sean, a húsáidtear i ndéanamh feistis leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagán nó earraí dá samhail, agus

(c) líneála, uigis agus clúdaigh (seachas clúdaigh imeachtracha) a húsáidtear i ndéanamh feistis leapan, cúisíní, earraí forchumhdaigh, bréagán nó earraí dá samhail.

Usáid, etc., substaintí raidghníomhacha agus goiris ruithniúcháin a rialú.

59. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “substaint” substaint aiceanta nó shaorga, pé acu i bhfoirm sholadach nó lachtach nó i bhfoirm gháis nó ghaile dhi, lena n-áirítear ullmhóid nó earra mhonaraithe nó earra a cuireadh faoi aon chóireáil nó próis shaorga;

ciallaíonn an abairt “substaint raidghníomhach” substaint arb é atá inti, nó a bhfuil inti, aon dúil cheimiceach raidghníomhach, aiceanta nó saorga;

ciallaíonn an abairt “substaint raidghníomhach liachta” substaint raidghníomhach is féidir d'úsáid mar ghníomhaire urchoscach eadargnaíoch nó freapach chun aon tinneas, éiglíocht, gortú nó éalaing ar dhaoine a chosc nó a chóireáil;

ciallaíonn an abairt “goireas ruithniúcháin liachta” goireas ruithniúcháin is féidir d'úsáid mar ghníomhaire urchoscach, eadargnaíoch nó freapach chun aon tinneas, éiglíocht, gortú nó éalaing ar dhaoine a chosc nó a chóireáil.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh substaintí raidghníomhacha liachta i gcoitinne, nó aon tsubstaint raidghníomhach liachta áirithe, a stóráil, d'úsáid, d'onnmhuiriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh goireas ruithniúcháin liachta i gcoitinne, nó aon chineál áirithe goiris den tsórt sin, a mhonarú, d'allmhuiriú, d'imdháil, a dhíol, a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta, d'úsáid, d'onnmhuiriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun contúirt dá sláinte a sheachaint i gcás daoine a bhíos ag úsáid substaintí raidghníomhacha nó goiris ruithniúcháin agus i gcás daoine eile a mbeadh an úsáid sin ina contúirt dá sláinte,

(b) chun a áirithiú go ndéanfar dramh-tháirgí raidghníomhacha a thig d'úsáid substaintí raidghníomhacha nó goiris ruithniúcháin a dhiúscairt go sábháilte.

(5) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh go háirithe i dtaobh gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) na rialacháin a chur i bhfeidhm agus d'fhorghníomhú—

(i) ag oifigigh don Aire,

(ii) ag údaráis sláinte agus a n-oifigigh,

(iii) le toiliú an Aire Airgeadais, ag oifigigh Chustam agus Máil,

(iv) le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála, ag oifigigh don Aire sin,

(v) le toiliú an Aire Thalmhaíochta, ag oifigigh don Aire sin,

(b) toirmeasc iomlán a chur ar shubstaintí raidghníomhacha liachta a stóráil, d'úsáid, d'onnmhuiriú nó a dhiúscairt ar shlí eile, nó sin a thoirmeasc ach amháin faoi réir coinníollacha sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh lena stóráil, a n-úsáid, a n-onnmhuiriú nó a ndiúscairt ar shlí eile),

(c) toirmeasc iomlán a chur ar ghoireas ruithniúcháin a mhonarú, d'allmhuiriú, d'imdháil, a dhíol, a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta, d'úsáid, d'onnmhuiriú nó a dhiúscairt ar shlí eile nó sin a thoirmeasc ach amháin faoi réir coinníollacha sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh lena mhonarú, a allmhuiriú, a imdháil, a dhíol, a thairiscint nó a choimeád chun a dhíolta, a úsáid, a onnmhuiriú nó a dhiúscairt ar shlí eile),

(d) na haicmí daoine dá ndeonfar ceadúnais faoi na rialacháin a chinneadh,

(e) coinníollacha d'ordú a rialós deonadh, coinneáil nó athnuachaint cheadúnas faoi na rialacháin,

(f) ceadúnais a dhiúltú nó a chúlghairm faoi na rialacháin,

(g) samplaí de shubstaintí raidghníomhacha a thabhairt agus a thógaint, le híocaíocht nó gan íocaíocht (mar fhorálfas na rialacháin),

(h) táillí a ghearradh (pé acu táillí iad a bheas seasta nó athraitheach, nó a mbeidh cuid díobh seasta agus cuid díobh athraitheach) maidir le ceadúnais a dheonadh, a choinneáil nó d'athnuachaint faoi na rialacháin.

(6) Ní thoirmiscfidh rialacháin faoin alt seo go hiomlán ar lia-chleachtóir cláraithe i gcleachtadh liachta ná ar dhéadlia cláraithe i gcleachtadh déadliachta aon tsubstaint raidghníomhach nó aon ghoireas ruithniúcháin d'úsáid, ná ní cheanglóid ar lia-chleachtóir cláraithe ná ar dhéadlia cláraithe ceadúnas a bheith aige chun substaintí raidghníomhacha nó goireas ruithniúcháin d'úsáid i gcleachtadh liachta nó i gcleachtadh déadliachta, pé acu é, ná chun cainníochtaí de shubstaintí raidghníomhacha is gá go réasúnach dá chleachtadh a stóráil.

(7) Aon duine a shárós rialachán faoi alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air agus aon tsubstaint nó goireas a ndearnadh an cion ina leith d'fhorghéilleadh.

(8) Féadfaidh an tAire nó an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh cion faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona.

Usáid mílnimheanna áirithe a thoirmeasc nó a rialú.

60. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag toirmeasc nó ag rialú úsáide substaintí ina bhfuil gorachtaí beo d'orgánachtaí a ghineas galar sa duine ag díthiú ainmhithe.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh go háirithe i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) na rialacháin a chur i bhfeidhm agus d'fhorghníomhú —

(i) ag oifigigh don Aire,

(ii) ag údaráis sláinte agus a n-oifigigh,

(b) toirmeasc a chur ar shubstaintí ina bhfuil gorachtaí beo d'orgánachtaí a ghineas galar sa duine d'úsáid ag díthiú ainmhithe ach amháin faoi réir coinníollacha sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh le haghaidh na húsáide sin),

(c) na haicmí daoine dá ndeonfar ceadúnais faoi na rialacháin a chinneadh,

(d) coinníollacha d'ordú a rialós deonadh, coinneáil agus athnuachaint cheadúnas faoi na rialacháin,

(e) ceadúnais a dhiúltú nó a chúlghairm faoi na rialacháin,

(f) táillí a ghearradh maidir le ceadúnais a dheonadh, a choinneáil nó d'athnuachaint faoi na rialacháin.

(3) Aon duine a shárós rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire nó an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh cion faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona.

Usáid mhúchtán a rialú.

61. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, a dhearbhú, le hordú, maidir le múchtán sonraithe—

(a) go mbeidh srian leis an múchtán d'úsáid i ngach cás, nó

(b) go mbeidh srian leis an múchtán d'úsáid chun críche sonraithe nó in imthosca sonraithe.

(2) Má dhearbhaíonn ordú faoin alt seo go mbeidh srian le múchtán d'úsáid i ngach cás, ní úsáidfidh duine ar bith an múchtán ach amháin le cead príomh-dhochtúra oifigiúil an líomatáiste ina mbeidh an múchtán le húsáid agus do réir aon treoracha a bhéarfas an príomh-dhochtúir oifigiúil d'fhonn sláinte an phobail a chaomhaint.

(3) Má dhearbhaíonn ordú faoin alt seo go mbeidh srian le múchtán d'úsáid chun críche áirithe nó in imthosca áirithe, ní úsáidfidh duine an múchtán chun na críche sin ná sna himthosca sin (pé acu é) ach amháin le cead an phríomh-dhochtúra oifigiúil don líomatáiste ina mbeidh an múchtán le húsáid agus do réir aon treoracha a bhéarfas an príomh-dhochtúir oifigiúil d'fhonn sláinte an phobail a chaomhaint.

(4) Aon duine a shárós fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(5) Féadfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a rinneadh cion faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona.

Saoráidí chun míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde míochaine a dhéanamh.

62. —(1) I gcás coláiste a dhámhas aon diplóma cáilitheach dá luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht na nDoctúirí Leighis, 1927 (Uimh. 25 de 1927) , nó coláiste d'ollscoil a dhámhas aon diplóma den tsórt sin, a bheith ag iarraidh saoráidí chun míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde míochaine a dhéanamh i bhforas sláinte:—

(a) féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a dhearbhú le hordú gur foras teagaisc an foras sin,

(b) arna dhearbhú gur foras teagaisc an foras—

(i) beidh de dhualgas ar an údarás sláinte atá ag cothabháil an fhorais pé saoráidí a chur ar fáil sa bhforas chun míochaine chliniciúil a theagasc, nó chun taighde míochaine a dhéanamh, a threorós an tAire ó am go ham,

(ii) maidir le haon cheapachán a dhéanamh chun foirinne an fhorais ar dóigh leis an Aire go ngabhann dualgais leis a bhaineas le míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde míochaine a dhéanamh faoi stiúradh coláiste nó coláistí den tsórt sin, beidh ar aon bhord a cheapfas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla do réir ailt 9 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , chun iarrthóirí d'agallamh, cathaoirleach a ainmneos an tAire agus uimhir de chomhaltaí eile a n-ainmneoidh an coláiste nó na coláistí sin a leath.

(2) San alt seo forléireofar “míochaine” mar fhocal a fholaíos máinliacht agus asaoideacht.

Cúrsaí teagaisc do dhochtúirí oifigiúla.

63. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “dochtúir oifigiúil” oifigeach d'údarás sláinte a bhfuil a oifig ina hoifig ar gá dá sealbhóir bheith ina lia-chleachtóir cláraithe.

(2) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, gach ní is gá a dhéanamh chun cúrsaí teagaisc a chur ar fáil ó am go ham do dhochtúirí oifigiúla (lena n-áirítear dochtúirí oifigiúla d'údaráis eile).

(3) Má chuireann údarás sláinte cúrsa teagaisc ar fáil faoin alt seo, féadfaidh sé dá rogha féin, cead a thabhairt do lia-chleachtóirí cláraithe nach dochtúirí oifigiúla freastal ar an gcúrsa sin.

(4) Bhéarfaidh an tAire fógra do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis i dtaobh cúrsaí teagaisc a ceadófar faoin alt seo.

(5) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireas d'oblagáid ar dhochtúir oifigiúil freastal ar chúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil faoin alt seo.

Scoileanna oiliúna d'altraí.

64. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “scoil altranais” scoil chun daoine d'oiliúint chun bheith ina n-altraí;

ciallaíonn an abairt “altra foghlama” duine atá faoi oiliúnt chun a bheith ina altra.

(2) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an tAire amhlaidh, scoil altranais a chur ar fáil agus a chothabháil i ndáil le foras sláinte atá á chothabháil aige, agus féadfaidh sé, faoi réir pé coinníollacha is cuí leis, daoine a ligint isteach sa scoil sin mar altraí foghlama.

(3) Aon údarás sláinte a chothabhálfas scoil altranais faoin alt seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire, luach saothair d'íoc le haltra foghlama sa scoil sin.

Cúnamh do chomhluchtaí áirithe.

65. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, cúnamh a thabhairt in aon tslí nó slite acu seo a leanas d'aon chomhlucht a thugas seirbhís nó a bheartós seirbhís a thabhairt atá cosúil nó fó-ghabhálach le seirbhís a fhéadfas an t-údarás sláinte a thabhairt:

(a) trí ranníoc a dhéanamh i leith na gcaiteachas faoina raghaidh an comhlucht,

(b) trí bhreosla, solas, bia, uisce nó earra eile a sholáthar don chomhlucht,

(c) trí úsáid áitribh atá á chothabháil ag an údarás sláinte a cheadú don chomhlucht agus, i gcás inar gá é, athrú agus deisiú a dhéanamh ar an áitreabh sin agus troscán agus feistis a sholáthar dó,

(d) trí áitreabh (maraon leis an troscán agus na feistis uile is gá) a sholáthar chun úsáide an chomhluchta.

(2) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, ranníoc a dhéanamh le ciste aon chumainn chun cruálacht ar leanaí a chosc.

Tithe cónaithe íclainne faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

66. —(1) Gach teach cónaithe a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil faoi alt 43 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, ag comhairle chontae nó bardas contaebhuirge mar údarás cúnaimh phoiblí, measfar, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, gurb amhlaidh a chuir an chomhairle nó an bardas sin ar fáil faoi alt 105 den Phríomh-Acht é.

(2) I gcás feidhm a bheith ag alt 105 den Phríomh-Acht maidir le bord cúnaimh nó bord cúnaimh phoiblí, de bhuaidh orduithe faoi alt 45 nó alt 46 den Acht seo a thiocfas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo, ansin, gach teach cónaithe a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil faoi alt 43 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, ag an mbord sin, measfar, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, gurb amhlaidh a chuir an bord sin ar fáil faoi alt 105 de Phríomh-Acht é.

(3) I gcás teach cónaithe a bheith i gcúrsa a thógála faoi alt 43 den Acht um Chúnamh Phoibli, 1939, ag údarás cúnaimh phoiblí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, críochnófar an teach cónaithe sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo, agus, ar é a bheith críochnaithe, beidh feidhm ina leith ag fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo (pé acu is iomchuí).

An caiteachas ar sheirbhís sláinte airmheánach a a chíonroinnt.

67. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís sláinte airmheánach” seirbhís a chuirfeas Aire Stáit ar fáil do réir dlí ar mhaithe le dhá údarás nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Má théann an tAire nó aon Aire Stáit eile faoi chaiteachas ag cur aon tseirbhíse sláinte airmheánaí ar fáil, féadfaidh an tAire, le hordú, iomlán an chaiteachais nó cuid de a chionroinnt ar na húdaráis iomchuí do réir mar is réasúnach leis.

(3) Íocfaidh údarás lena mbaineann an t-alt seo leis an Aire aon tsuim a cionroinnfear air le hordú faoin alt seo, agus air sin íocfar an tsuim sin isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir treoracha an Aire Airgeadais.

(4) Mura n-íocfaidh údarás sláinte suim a cionroinnfear air le hordú faoin alt seo, féadfaidh an tAire an tsuim a bhaint as aon tsuim is iníoctha leis an údarás sin faoin Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 .

(5) Is údarás lena mbaineann an t-alt seo gach údarás acu seo a leanas:—

(a) údarás sláinte,

(b) údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) .

Lón beatha agus uisce d'fhoirne long Éireannacha d'iniúchadh.

68. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, i gcás loinge Éireannaí, aon iniúchadh a dhéanamh faoi alt 206 den Merchant Shipping Act, 1894, nó alt 26 den Merchant Shipping Act, 1906, ar an modh céanna ar a bhféadfadh, agus leis na cumhachta céanna lena bhféadfadh, dá mbeadh sé arna cheapadh go cuí faoin alt sin 206.

(2) Féadfaidh an t-údarás sláinte inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona a bhfuil inchúiseamh le déanamh ina leith de dhroim iniúchta a rinne oifigeach údaraithe de bhun an ailt seo.

(3) San alt seo—

tá leis an abairt “long Éireannach” an bhrí atá léi san Acht Loingis Cheannaíochta, 1947 (Uimh. 46 de 1947) ;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach d'údarás sláinte a cheap an bainisteoir don údarás sláinte i scríbhinn ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo,

Feidhm an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, a shrianadh.

69. —Scoirfidh an tAcht um Chúnamh Phoiblí, 1939, d'éifeacht a bheith aige, maidir le soláthar—

(a) cúnaimh liachta mar mínítear sin san Acht sin, agus

(b) cúnaimh ghinearálta, mar mínítear sin san Acht sin, a tugtar trí dhaoine a ligint isteach i bhforas,

agus forléireofar an tAcht sin dá réir sin.

Leasú ar an Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945.

70. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945 (Uimh. 4 de 1945) .

(2) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in ndiaidh fo-ailt (2):

“(2a) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, nuair is dóigh leis an Aire bunú sanatorium faoin Acht seo a bheith críochnaithe, féadfaidh sé, más cuí leis é, a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh an sanatorium curtha ar bun, agus trealamh an sanatorium, d'aistriú chun comhbhoird a bunófar le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 , agus, i gcás aon aistrithe den tsórt sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt alt seo ach ‘ag an gcomhbhord’ a chur in ionad ‘ag an údarás contae nó na húdaráis chontae’”.

(3) Cuirfear an t-alt seo a leanas leis an Acht, i ndiaidh ailt 17:

Talamh barrachais a dhiuscairt.

“18. (1) I gcás an tAire a bheith tar éis talamh a thógaint faoin gCuid seo den Acht seo agus, maidir leis an talamh sin nó aon chuid de—

(a) nach mbeidh an tAire tar éis a eastát nó a leas ann d'aistriú faoi fho-alt (2) nó fo-alt (2a) d'alt 6 den Acht seo, agus

(b) gur dóigh leis an Aire nach gá a thuilleadh an talamh sin nó an chuid de chun sanatorium a bhunú,

féadfaidh an tAire an talamh sin nó an chuid sin de a dhiúscairt í pé slí is cuí leis.

(2) An t-airgead uile a gheobhas an tAire i leith talamh a dhiúscairt faoin alt seo, íocfaidh sé le Bord Iontaobhais na nOspidéal é agus beidh sé ina chuid de Chiste Iontaobhais na nOspidéal.

Leasú ar an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.

71. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 .

(2) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht (a shonraíos dualgas ginearálta údarás ospidéil meabhair-ghalar chun cóireáil, cothabháil, comhairle agus seirbhísí a sholáthar) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (c):

“(c) ina mbeidh an duine sin in aon cheann, nó i gcleithiúnas duine atá in aon cheann, de na haicmí a luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , nó ina mbeadh, dar leis an údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-ghalar sin, an duine sin (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é a chothabháil) neamhachmhainneach, gan chruatan míchuí, ar chostas iomlán na cóireála, na cothabhála, na comhairle nó na seirbhíse sin a sholáthar,”.

(3) Cuirfear an míniú seo a leanas in alt 3 den Acht in ionad an mhínithe ar “othar inmhuirir”:

“ciallaíonn an abairt ‘othar inmhuirir’ othar atá ag fáil cúnaimh ospidéil mheabhair-ghalar agus atá in aon cheann, nó i gcleithiúnas duine atá in aon cheann, de na haicmí a luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , nó atá (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é a chothabháil) neamhacmhainneach, gan chruatan míchuí, dar leis an údarás ospidéil mheabhair-ghalar, ar chostas iomlán an chúnaimh sin a sholáthar;”.

(4) In ionad fo-ailt (2) d'alt 170, fo-ailt (2) d'alt 187 agus fo-ailt (2) d'alt 193 den Acht, cuirfear an fo-alt seo a leanas i ngach cás:

“(2) Na caiteachais a híocfar faoin alt seo, beid iníoctha ag an údarás ospidéil mheabhair-ghalar agus áireofar iad mar chuid de chostas an chúnaimh ospidéil mheabhairghalar don duine a ndeachthas fúthu ina leith.”.

(5) I mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 175 den Acht, cuirfear “an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-ghalar” in ionad “an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh phoiblí”.

(6) In ionad fo-ailt (2) d'alt 175 den Acht cuirfear an fo-alt seo a leanas:

“(2) Na caiteachais a aisíocfas údarás ospidéil mheabhair ghalar faoin alt seo, áireofar iad mar chuid de chostas an chúnaimh ospidéil mheabhair-ghalar don duine a ndeachthas fúthu ina leith.”

(7) In alt 224 den Acht cuirfear “cúnaimh forais faoi alt 54 den Acht Sláinte, 1953 ,” in ionad “cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,” agus cuirfear “forais ina bhfuil cúnamh forais á sholáthar ag an údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a chónaigh sé de ghnáth” in ionad “forais cheantair iomchuí an cheantair chúnaimh phoiblí inar chónaigh sé”.

(8) Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach san Acht i ndiaidh ailt 231:

Muirir i gcásanna áirithe agus a ngnóthú.

“231A.—(1) Má fuair duine cúnamh ospidéil mheabhair-ghalar agus go bhfaighfear amach nárbh othar inmhuirir é, féadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar pé muirear a cheadós nó a threorós an tAire d'éileamh i leith an chúnaimh.

(2) Bhéarfar cúnamh ospidéil mheabhair-ghalar in aisce do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht Sláinte, 1953 , agus do pé daoine eile, is othair inmhuirir, a chinnfeas an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar.

(3) Má tugtar cúnamh ospidéil mheabhairghalar d'othair inmhuirir i gcásanna nach mbaineann fo-alt (2) den alt seo leo, éileofar pé muirir, nach mó ná sé scillinge in aghaidh gach lae a bhéarfar cúnamh ospidéil mheabhair-ghalar, a chinnfeas an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar, ach amháin sna cásanna sin (nach cásanna daoine in aon aicme dá luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , nó cleithiúnaithe ar dhaoine den tsórt sin) a sonrófar le rialacháin a dhéanfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus sna cásanna sin éileofar na muirir a cheadós nó a threorós an tAire i leith costais an chúnaimh ospidéil mheabhair-ghalar.

(4) Féadfar aon mhuirear faoin alt seo nach n-íocfar a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla—

(a) ón duine ar ina leith a héilítear an muirear nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó aon duine eile a dhlíos an duine sin a chothabháil nó, i gcás an duine eile sin sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.”

(9) I bhfo-alt (1) d'alt 274 den Acht cuirfear “an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhairghalar” in ionad “an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar chúnaimh phoiblí”.

(10) In ionad fo-ailt (2) d'alt 274 den Acht cuirfear an fo-alt seo a leanas:

“(2) Aon táille a híocfar faoin alt seo, áireofar í mar chuid de chostas an chúnaimh ospidéil mheabhair-ghalar don duine a scrúdaíodh.”

(11) Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach san Acht i ndiaidh ailt 279:

Achomhairc ó bhreatha áirithe.

“279A.—Más í breith a tugtar de bhun míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , mar bheirtear feidhm di leis an Acht seo, nach lú ná sé chéad punt acmhainn bhliantúil an duine aosaithe, féadfar achomarc i gcoinne na breithe sin a dhéanamh chun duine a cheapfas an tAire, agus féadfaidh rialacháin ón Aire foráil a dhéanamh i dtaobh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin alt seo.”

Leasú ar an Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 .

72. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 ;

tá leis na habairtí “caiteachas caighdeánach”, “seirbhís sláinte” agus “glan-chaiteachas i leith sláinte” na bríonna atá leo san Acht.

(2) I gcás an tórainn idir líomatáistí feidhme dhá údarás sláinte d'athrú (pé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis é) féadfaidh an tAire na suimeanna arb iad na caiteachais chaighdeánacha do na húdaráis iad a choigeartú—

(a) do réir pé méideanna is cuí leis i leith na bliana a tháinig an t-athrú i ngníomh, agus

(b) do réir pé méideanna is cuí leis i leith gach bliana ina dhiaidh sin,

agus, faoi réir aon choigeartuithe ina dhiaidh sin faoin alt seo nó faoi alt 3 den Acht, is iad na suimeanna a bheas coigeartaithe amhlaidh a bheas, i leith na mblianta lena mbainid, mar chaiteachas caighdeánach ag na húdaráis.

(3) Féadfaidh an tAire, i leith bliana áirithe agus do chomhlucht áirithe, suim a shocrú arb í an caiteachas uasta í a féadfar a chur san áireamh i leith seirbhíse sláinte nó coda de sheirbhís sláinte nuair a bheas an glan-chaiteachas i leith sláinte ag an gcomhlucht sin i leith na bliana sin á ríomh.

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, chun earráidí nó easnaimh a cheartú, deimhniú a leasú a thug sé faoin Acht maidir le glanchaiteachas i leith sláinte.

(5) Más rud é, maidir leis an Acht, go dtarlóidh, nó gur dóigh leis an Aire gur cosúil go dtarlóidh, aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh—

(a) ítim áirithe chaiteachais nó earnáil áirithe d'ítimí caiteachais a bheith nó gan bheith ina caiteachas caipitiúil, nó

(b) na bliana a bhfuil aon ítim chaiteachais nó aon fháltas le cur ina leith,

é an tAire a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 27 de 1939 .

An tAcht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

Ailt 21, 22, 31 go 38, 40 go 51, 79, 81 agus 82.

Uimh. 19 de 1945 .

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 .

Ailt 232, 233 agus 234.

Uimh. 28 de 1947 .

An tAcht Sláinte, 1947 .

Ailt 12, 13, 14, 17, 18, 21 go 28 agus 41;

Fo-ailt (4) agus (8) d'alt 44;

Ailt 55, 67, 73 agus 101.