26 1956


Uimhir 26 de 1956.


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE FÁIL AGUS CAILLIÚINT NÁISIÚNTACHT AGUS SAORÁNACHT ÉIREANN. [17 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935) ;

ciallaíonn “eachtrannach” duine nach saoránach Éireannach;

folaíonn “oifig chonsalachta” ard-chonsalacht, consalacht nó leas-chonsalacht, pé acu faoi chúram oifigigh chonsalachta ghairmiúil nó oifigigh chonsalachta oinigh di;

ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” ambasadóir urghnáthach agus lánchumhachtach, toscaire urghnáthach agus aire lánchumhachtach, chargé d'affaires, comhairleoir nó rúnaí ambasáide nó leagáideachta, nó attaché;

ciallaíonn “aerárthach coigríche” aerárthach nach aerárthach Éireannach;

ciallaíonn “long choigríche” long nach long Éireannach;

ciallaíonn “lán-aois” bliain is fiche d'aois agus os a chionn sin;

ciallaíonn “Éire” na críocha náisiúnta mar mínítear iad in Airteagal 2 den Bhunreacht;

ciallaíonn “saoránach Éireannach” saoránach d'Éirinn;

ciallaíonn “aerárthach Éireannach” aerárthach atá cláraithe sa Stát;

ciallaíonn “long Éireannach” long atá cláraithe sa Stát nó, mura bhfuil sí cláraithe sa Stát ná faoi dhlí aon tíre eile, a bhaineas go hiomlán le duine atá cáilithe chun long atá cláraithe sa Stát a bheith ar únaeracht aige nó le daoine a bhfuil gach duine acu cáilithe amhlaidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “saoránach Éireannach eadóirsithe” duine a fuair saoránacht Éireann trí eadóirsiú, pé acu faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile é;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire;

nuair a húsáidtear “seirbhís phoiblí” maidir le fostaíocht dhuine, tagrann sé d'fhostaíocht i seirbhís an Rialtais, pé acu sa Stát-Sheirbhís é nó nach ea, nó i seirbhís aon chorparáide poiblí, nó aon údaráis phoiblí, a cothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as cistí poiblí nó a bhfuil Aire Stáit freagrach ina leith.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt sin maidir le méid nó bailiú táillí gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

4. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire nó an tAire Gnóthaí Eachtracha ag cur an Achta seo in éifeacht.

Athghairm, agus cosaint do shaoránacht atá ar marthain.

5. —(1) Athghairmtear leis seo Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935) , agus Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann (Leasú), 1937 (Uimh. 39 de 1937) .

(2) Gach duine ba shaoránach d'Éirinn díreach roimh an Acht seo a rith, fanfaidh sé ina shaoránach Éireannach, d'ainneoin na hAchta a luaitear anseo roimhe seo d'athghairm.

CUID II.

Saoránacht.

Saoránacht Éireann ó bhreith nó ó ghinealach.

6. —(1) Is saoránach Éireannach óna bhreith gach duine bheirtear in Éirinn.

(2) Is saoránach Éireannach gach duine má ba shaoránach Éireannach a athair nó a mháthair an tráth a rugadh an duine sin nó má déantar saoránach Éireannach dá athair nó dá mháthair faoi fho-alt (1) nó más rud é go mba shaoránach Éireannach faoin bhfo-alt sin a athair nó a mháthair dá mba beo dhó nó dhi ar dháta an Achta seo a rith.

(3) I gcás duine a rugadh roimh dháta an Achta seo a rith, beidh feidhm ag fo-alt (2) ó dháta a rite. I gcás gach duine eile beidh feidhm aige óna bhreith.

(4) Duine a rugadh roimh dháta an Achta seo a rith agus gur saoránach Éireannach faoi fho-alt (2) a athair nó a mháthair, nó go mba saoránach Éireannach faoin bhfo-alt sin a athair nó a mháthair dá mba beo dhó nó dhi ar dháta a rite, is saoránach Éireannach é ó dháta a rite.

(5) Ní bhronnfaidh fo-alt (1) saoránacht Éireann ar leanbh le heachtrannach a bhí, tráth breithe an linbh, i dteideal díolúine taidhleoireachta sa Stát.

Foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i gcásanna áirithe.

7. —(1) Go dtí go ndéantar athchomhlánú ar na críocha náisiúnta, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 6 i gcás duine, nach saoránach Éireannach ar shlí eile, a rugadh i dTuaisceart Éireann an 6ú Nollaig, 1922, nó dá éis sin, mura rud é go ndéanfaidh an duine sin sa tslí fhorordaithe, más duine lán-aoise é, dearbhú gur saoránach Éireannach é nó, mura duine lán-aoise é, go ndearbhóidh a thuismitheoir nó a chaomhnóir gur saoránach Éireannach é. In aon chás den tsórt sin measfar an fo-alt seo do bhaint leis óna bhreith.

(2) Ní bhronnfaidh fo-alt (2) ná (4) d'alt 6 saoránacht Éireann ar dhuine a rugadh lasmuigh d'Éirinn más lasmuigh d'Éirinn freisin a rugadh an t-athair nó an mháthair trína bhfaigheann sé saoránacht, mura rud é—

(a) go ndearnadh breith an duine sin a chlárú faoi alt 27, nó

(b) gur sa tseirbhís phoiblí a bhí cónaí lasmuigh d'Éirinn ar a athair nó a mháthair, pé acu é, tráth a bhreithe.

Saoránacht d'fháil ar phósadh.

8. —(1) Bean atá ina heachtrannach ar dháta a pósta le duine is saoránach Éireannach (ar shlí seachas trí eadóirsiú), ní déanfar saoránach Éireannach di de bhuaidh a pósta amháin, ach féadfaidh sí bheith ina saoránach Éireannach má thaisceann sí dearbhú sa tslí fhorordaithe leis an Aire, nó le haon mhisiún taidhleoireachta nó oifig chonsalachta Éireannach, roimh an bpósadh nó tráth ar bith dá éis, ag glacadh le saoránacht Éireann mar shaoránacht iarphósta di féin.

(2) Aon bhean a thaiscfeas dearbhú faoi fho-alt (1), beidh sí ina saoránach Éireannach ó dháta a pósta, más roimh an bpósadh a taiscfear an dearbhú, nó ó dháta a thaiscthe más tar éis a pósta a taiscfear é.

(3) Aon bhean a phós, roimh dháta an Achta seo a rith, duine ba shaoránach Éireannach (ar shlí seachas trí eadóirsiú) agus a ndearnadh saoránach Éireannach eadóirsithe di, measfar dearbhú faoi fho-alt (1) a bheith taiscthe aici ar dháta an Achta seo a rith agus dá bhuaidh sin, agus ní trí eadóirsiú, is saoránach Éireannach í feasta.

Saoránacht leanaí a rugadh tar éis bás an athar.

9. —Aon leanbh a rugadh tar éis bás a athar agus a raibh a athair ina shaoránach Éireannach ar dháta a bháis, gheobhaidh sé saoránacht Éireann faoin Acht seo ar na coinníollacha céanna ar a bhfaigheadh dá mbeadh a athair beo tráth a bhreithe.

Saoránacht leanaí faighte.

10. —Gach naíon tréigthe ar sa Stát a gheobhfar é den chéad uair measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, gur in Éirinn a rugadh é.

Saoránacht uchtleanaí.

11. —(1) Ar ordú uchtála a dhéanamh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) , i gcás inar saoránach Éireannach an t-uchtóir nó, más lánú phósta a dhéanfas an uchtáil, i gcás inar saoránach Éireannach an fear céile nó a bhean chéile, beidh an t-uchtleanbh, mura saoránach Éireannach é cheana, ina shaoránach Éireannach.

(2) Athghairmtear leis seo alt 25 den Acht Uchtála, 1952 .

Saoránacht a dheonadh mar chomhartha onóra.

12. —(1) Féadfaidh an tUachtarán saoránacht Éireann a dheonadh mar chomhartha onóra do dhuine, nó do leanbh nó ua le duine, is dóigh leis an Rialtas a thug onóir shuntasach nó seirbhís oirearc don náisiún.

(2) Eiseofar deimhniú saoránachta Éireann don duine a ndeonfar saoránacht Éireann dó amhlaidh agus beidh sé ina shaoránach Éireannach ó dháta an deimhnithe.

(3) Foilseofar san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir fógra gur heisíodh an deimhniú saoránachta.

Saoránacht daoine a rugadh ar longa agus ar aorárthaigh.

13. —(1) Duine a rugadh ar long Éireannach nó ar aerárthach Éireannach, pé áit arb ann di, measfar gur in Éirinn a rugadh é.

(2) Leanbh a rugadh d'eachtrannaigh ar long choigríche nó ar aerárthach coigríche le linn an long nó an t-aerárthach a bheith in Éirinn nó ina farraigí teorann, measfar nach in Éirinn a rugadh é má fuair sé saoránacht thíre eile tráth a bhreithe.

CUID III.

Eadóirseacht.

Deimhnithe eadóirseachta.

14. —Féadfar saoránacht Éireann a bhronnadh ar eachtrannach trí dheimhniú eadóirseachta a dheonfas an tAire.

Coinníollacha maidir le deimhniú d'eisiúint.

15. —Nuair a gheobhas an tAire iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, féadfaidh sé, dá rogha féin amháin, an t-iarratas a dheonadh, más deimhin leis go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha seo a leanas (dá ngairmtear coinníollacha le haghaidh eadóirseachta san Acht seo):

(a) gur duine lán-aoise é;

(b) gur duine dea-charachtair é;

(c) go bhfuil sé (i gcás iarratais a déanfar tar éis bliana ó dháta an Achta seo a rith) tar éis fógra a thabhairt go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh bliain ar a laghad roimh dháta a iarratais;

(d) gur chónaigh sé go leanúnach sa Stát ar feadh bliana amháin díreach roimh dháta a iarratais agus go raibh ceithre bliana san iomlán caite aige ina chónaí sa Stát i gcaitheamh na n-ocht mbliana díreach roimh an tréimhse sin;

(e) go bhfuil sé de mheon mhacánta ar intinn fanúint ina chónaí sa Stát tar éis a eadóirsithe;

(f) go ndearna sé os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche i gcúirt oscailte nó i pé slí a cheadós an tAire, ar chúiseanna speisialta, dearbhú sa tslí fhorordaithe go mbeidh sé dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.

Cumhacht chun coinníollacha eadóirsithe a ligean thar ceal i gcásanna áirithe.

16. —Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, géilleadh d'iarratas ar dheimhniú eadóirseachta sna cásanna seo a leanas, bíodh nach gcomhlíontar ná coinníollacha le haghaidh eadóirsithe (nó aon cheann áirithe acu):

(a) más de bhunadh Éireannach an t-iarratasóir nó go bhfuil caidreamh aige le hEirinn;

(b) más tuismitheoir nó caomhnóir an t-iarratasóir agus go bhfuil sé ag gníomhú thar ceann mionaoisigh de bhunadh Éireannach nó mionaoisigh ag a bhfuil caidreamh le hEirinn;

(c) más saoránach Éireannach eadóirsithe an t-iarratasóir agus go bhfuil sé ag gníomhú thar ceann a linbh mhionaoise;

(d) más bean an t-iarratasóir agus go bhfuil sí pósta le saoránach Éireannach eadóirsithe;

(e) má tá an t-iarratasóir pósta le bean is saoránach Éireannach (ar shlí seachas trí eadóirsiú);

(f) má tá, nó má bhí, cónaí ar an iarratasóir lasmuigh den Stát sa tseirbhís phoiblí.

Foirm iarratais.

17. —(1) Aon iarratas a déanfar ar dheimhniú eadóirseachta—

(a) beidh sé sa bhfoirm fhorordaithe, agus

(b) beidh ina theannta pé fianaise (lena n-áirítear dearbhuithe reachtúla) a iarrfas an tAire mar dheimhniú ar an iarratas.

(2) Má dhéanann duine ar bith, le haghaidh nó i leith iarratais ar dheimhniú eadóirseachta, aon ráiteas nó eolas a thabhairt don Aire is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Eifeacht agus feidhm deimhnithe eadóirseachta.

18. —(1) Gach duine dá ndeonfar deimhniú eadóirseachta, beidh sé ó dháta a eisithe, agus an fhaid a bheas an deimhniú gan cúlghairm, ina shaoránach Éireannach.

(2) Is sa bhfoirm fhorordaithe a bheas deimhniú eadóirseachta agus eiseofar é ar an táille fhorordaithe d'íoc agus foilseofar fógra sa tslí fhorordaithe san Iris Oifigiúil i dtaobh a eisiúna.

Deimhnithe eadóirseachta a chúlghairm.

19. —(1) Féadfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta a chúlghairm más deimhin leis—

(a) gur trí chalaois, trí mhífhaisnéis, neamhurchóideach nó calaoiseach, nó trí fhíorais nó imthosca ábhartha a cheilt, a tugadh chun críche gur heisíodh an deimhniú, nó

(b) go ndearna an duine dar deonadh é aon ghníomh follas a chruthaigh gur loic sé ina dhualgas bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát, nó

(c) go raibh an duine dar deonadh é (ach amháin i gcás deimhnithe eadóirseachta a heisíodh chun duine de bhunadh Éireannach nó chun duine a bhfuil caidreamh aige le hEirinn) ina ghnáth-chónaí lasmuigh d'Éirinn (ar shlí seachas sa tseirbhís phoiblí) ar feadh tréimhse seacht mbliana as a chéile agus nach ndearna sé i gcaitheamh na tréimhse sin a ainm, maraon le dearbhú go raibh sé ar intinn saoránacht Éireann a choinneáil, a chlárú in aghaidh na bliana sa tslí fhorordaithe le misiún taidhleoireachta nó oifig chonsalachta Éireannach nó leis an Aire, nó

(d) go bhfuil an duine dar deonadh é, faoi dhlí thíre atá i gcogadh leis an Stát, ina shaoránach de chuid na tíre sin freisin, nó

(e) go bhfuil an duine dar deonadh é tar éis saoránacht eile d'fháil trí aon ghníomh saorálach seachas pósadh.

(2) Sara gcúlghairmfear deimhniú eadóirseachta bhéarfaidh an tAire don duine dar deonadh an deimhniú pé fógra a bheas forordaithe á rá go bhfuil ar intinn aige an deimhniú a chúlghairm, agus ag lua na bhforas atá leis an gcúlghairm agus go bhfuil de cheart ag an duine sin a iarraidh ar an Aire fiosrú a dhéanamh i dtaobh fátha na cúlghairme.

(3) Má hiarrtar sa tslí fhorordaithe fiosrú faoi fho-alt (2), cuirfidh an tAire an cás faoi bhráid Choiste Fiosrúcháin a cheapfas an tAire agus ar a mbeidh cathaoirleach ag a bhfuil taithí bhreithiúnach agus pé daoine eile is oiriúnach leis an Aire, agus cuirfidh an Coiste a gcinneadh in iúl don Aire.

(4) I gcás inar taifeadadh i ndeimhniú eadóirseachta a deonadh do dhuine faoi Acht 1935 ainm aon linbh leis an duine sin, measfar chun críocha an Achta seo gur deimhniú eadóirseachta faoi Acht 1935 an aifead sin.

(5) Aon deimhniú eadóirseachta a deonadh, nó a meastar faoi fho-alt (4) a deonadh, faoi Acht 1935, féadfar é a chúlghairm do réir forál an ailt seo agus, ar é a chúlghairm amhlaidh, scoirfidh an duine lena mbaineann de bheith ina shaoránach Éireannach.

(6) Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh deimhniú eadóirseachta a chúlghairm.

Duine de lánúin phósta d'fháil saoránachta.

20. —Má gheibheann duine saoránacht Éireann ní dhéanfaidh sin ann féin saoránacht Éireann a bhronnadh ar chéile an duine sin.

CUID IV.

Saoránacht a Chailliúint.

Saoránacht a thréigint.

21. —(1) Más duine lán-aoise, nó bean phósta faoi bhun lánaoise, saoránach Éireannach agus gur saoránach de thír eile an duine sin nó an bhean sin nó go bhfuil sé nó sí ar tí bheith ina shaoránach nó ina saoránach de thír eile, agus mar gheall air sin gur mian leis nó léi saoránacht a thréigint, féadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh, má tá gnáth-chónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, trí dhearbhú eachtrannachta a thaisceadh leis an Aire sa tslí fhorordaithe, agus, ar an dearbhú a thaisceadh nó, mura saoránach den tír sin é nó í an tráth sin, ar shaoránach den tír sin a dhéanamh de nó di, scoirfidh sé nó sí de bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach.

(2) Ní cead do shaoránach Éireannach, ach amháin le toiliú an Aire, saoránacht Éireann a thréigint faoin alt seo le linn aimsir chogaidh mar mnítear sin in Airteagal 28.3.3° de Bhunreacht.

Gan bás céile ná cailliúint saoránachta ag céile do dhéanamh difir don chéile eile ná dá leanaí.

22. —(1) Má gheibheann saoránach Éireannach bás, ní dhéanfaidh sin difir do shaoránacht na mná céile nó an fhir chéile, ná do shaoránacht na leanaí, a mhairfeas dá éis nó dá héis.

(2) Má chailleann duine saoránacht Éireann, ní dhéanfaidh sin ann féin difir do shaoránacht mná céile nó fir chéile nó leanaí an duine sin.

Gan duine do chailliúint saoránachta ar phósadh.

23. —Duine a phósfas eachtrannach, ní scoirfidh sé nó sí, de bhuaidh an phósta agus dá bhuaidh sin amháin, de bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach, pé acu a gheobhas sé nó sí náisiúntacht an eachtrannaigh nó nach bhfaighidh.

Cailliúint saoránachta trí oibriú dlí choigríche faoi alt 21 d'Acht 1935.

24. —Ní measfar duine ar bith do chailliúint saoránacht Éireann riamh faoi alt 21 d'Acht 1935 trí oibriú dlí tíre eile a bhronnas saoránacht na tíre sin ar an duine sin gan aon ghníomh saorálach ag an duine sin féin, agus dá bhíthin sin amháin.

Gan oblagáidí duine a dhul ar ceal ar scor dá shaoránacht.

25. —Má scoireann duine de bheith ina shaoránach Éireannach, ní oibreoidh an scor sin ann féin chun an duine sin a shaoradh ó aon oblagáid, dualgas nó dliteanas a ghlac sé air féin nó a cuireadh air nó a ndeachaigh sé faoi roimh an scor.

CUID V.

Ginearálta.

Cearta saoránachta frithpháirteacha.

26. —(1) Más deimhin leis an Rialtas go bhfuil ag saoránaigh Eireannacha i dtír eile faoi dhlí na tíre sin (pé acu de bhuaidh coinbhinsiúin idir an tír sin agus an Stát nó ar shlí eile é) cuid de chearta agus pribhléidí saoránaigh den tír sin, nó iad go léir, féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairmtear ordú cearta saoránachta san alt seo) a dhearbhú go mbeidh sa Stát ag saoránaigh den tír sin na cearta agus na pribhléidí céanna saoránachta atá sa tír sin ag saoránaigh Eireannacha, ach sin faoi réir pé coinníollacha (más ann) is oiriúnach leis an Rialtas d'fhorchur.

(2) Beidh éifeacht do réir a théarmaí ag gach ordú cearta saoránachta.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Ní bhronnfaidh an Rialtas ar shaoránach tíre eile, le hordú cearta saoránachta, aon cheart ná pribhléid a forcoimeádtar le dlí d'aon aicme nó grúpa daoine, pé slí ina mínítear sin, nach mbeidh an saoránach sin, an tráth iomchuí ar dhuine acu.

(5) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(6) Gach ordú a rinneadh roimh an Acht seo a rith faoi alt 23 d'Acht 1935 ag bronnadh cearta saoránachta ar shaoránaigh de thír eile, leanfaidh sé de lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith aige go dtí go gcúlghairmtear nó go leasaítear é le hordú faoin alt seo.

Clárú breitheanna lasmuigh den Stát.

27. —(1) Coimeádfar leabhar taifeadta breitheanna coigríche i ngach misiún taidhleoireachta agus oifig chonsalachta Éireannach agus coimeádfar clár breitheanna coigríche sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Atha Cliath.

(2) Má beirtear lasmuigh d'Éirinn duine a gheibheas saoránacht trí athair nó máthair a rugadh lasmuigh d'Éirinn, féadfar an bhreith sin a chlárú do réir na rialachán um breitheanna coigríche, in aon leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó i gclár na mbreitheanna coigríche, do réir mar is rogha leis an duine a chlárós an bhreith.

(3) Cuirfear ar aghaidh ó am go ham, do réir na rialachán um breitheanna coigríche, go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha lena dtaifeadadh i gclár na mbreitheanna coigríche, sonraí ar na breitheanna go léir a taifeadadh i leabhar taifeadta breitheanna coigríche.

(4) Aon doiciméad a airbheartaíos a bheith ina chóip de thaifead i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó i gclár na mbreitheanna coigríche, agus a bheith fíordheimhnithe go cuí glacfar i bhfianaise é, gan cruthúnas ar an síniú nó an séala lenar fíordheimhníodh é ná ar údarás an duine a bhfuil a shíniú nó a shéala air agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, measfar gur cóip dhílis den taifead é agus glacfar leis mar chruthúnas ar dhéanamh an taifid agus ar a bhfuil ann.

(5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha rialacháin a dhéanamh (dá ngairmtear na rialacháin um breitheanna coigríche san Acht seo) maidir leis an bhfoirm agus an tslí ina gcoimeádfar leabhair taifeadta breitheanna coigríche agus clár na mbreitheanna coigríche, maidir le clárú breitheanna sa chlár sin, maidir le sonraí ar bhreitheanna as na leabhair taifeadta breitheanna coigríche a chur ar aghaidh lena dtaifeadadh i gclár na mbreitheanna coigríche, maidir le hiniúchadh na leabhar agus an chláir ag an bpobal, maidir le sleachta a thabhairt astu, agus (le toiliú an Aire Airgeadais) maidir leis na táillí (más ann) a bheas le héileamh as breitheanna a chlárú sna leabhair agus sa chlár, agus as iad d'iniúchadh agus sleachta a thabhairt astu.

Deimhnithe náisiúntachta.

28. —(1) Duine ar bith seachas saoránach Éireannach eadóirssithe, a éileos gur saoránach Éireannach é, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Aire nó, más lasmuigh d'Éirinn atá cónaí air, chun aon oifigigh thaidhleoireachta nó chonsalachta Éireannaigh ar dheimhniú náisiúntachta á rá gur saoránach Éireannach an t-iarratasóir, ar dháta an deimhnithe; agus más deimhin leis an Aire, nó leis an oifigeach—

(a) gur saoránach Éireannach an t-iarratasóir, agus

(b) go bhfuil sé riachtanach in imthosca uile an cháis an deimhniú d'eisiúint,

féadfaidh sé deimhniú náisiúntachta d'eisiúint chuige dá réir sin.

(2) Aon doiciméad a airbheartaíos a bheith ina dheimhniú náisiúntachta agus a bheith fíordeimhnithe go cuí le séala an Aire nó oifigigh thaidhleoireachta nó chonsalachta, beidh sé, go dtí go gcurthófar a mhalairt, ina fhianaise go raibh an duine a hainmnítear ann ina shaoránach Éireannach ar dháta an doiciméid.

Na cearta reachtúla a bronntar ar dhaoine a rugadh in Éirinn a thabhairt do gach saoránach

29. —Beidh teideal ag saoránach Éireannach, pé áit ina rugadh é, chun na gcearta agus na pribhléidí uile a bronntar do réir téarmaí aon achtacháin ar dhaoine a rugadh in Éirinn.

Táillí is iníoctha ar dhearbhú.

30. —Aon uair a ceanglaítear ar dhuine ar bith, nó a cumhachtaítear dó, leis an Acht seo, dearbhú a dhéanamh chun críocha an Achta seo, féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a cheangal ar an duine sin pé táille a forordófar d'íoc ar é do dhéanamh an dearbhuithe sin.

Táillí a bhailiú agus a chur chun feidhme.

31. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a thógaint i pe slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.