32 1961


Uimhir 32 de 1961.


ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL) (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DO BHOIRD A BUNAÍODH FAOI ALT 8 D'ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936 , SCÉIMEANNA AOISLIONTAIS A DHÉANAMH. [9 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1936, Uimh. 43 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1936” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 ;

ciallaíonn “bord” bord a bunaíodh faoi alt 8 d'Acht 1936;

ciallaíonn “foireann” an rúnaí agus na hoifigigh eile, na seirbhísigh agus na gníomhairí dá dtagraítear in alt 19 d'Acht 1936.

Aoisliúntas.

2. —(1) (a) Féadfaidh bord scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i modh pinsin nó aisce nó i modh pinsin agus aisce a dheonú dá chathaoirleach (má bhíonn sé fostaithe i bhfeidhmeannas lánaimsire mar chathaoirleach) agus do cibé aicmí de bhuanfhoireann an Bhoird a bheidh fostaithe i bhfeidhmeannas lánaimsire a gcinnfidh an Bord le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais gur cheart iad a bheith inphinsin.

(b) I gcás aon duine a bheith ina chathaoirleach ar níos mó ná bord amháin agus gur comhionann an tseirbhís a bheidh tugtha aige do na boird ar a mbeidh sé ina chathaoirleach agus an tseirbhís a bheadh tugtha aige do bhord dá mbeadh sé fostaithe i bhfeidhmeannas lánaimsire mar chathaoirleach ar an mbord sin, féadfar, chun críocha scéime arna hullmhú faoin alt seo ag an mbord is mó a íocann luach saothair leis i leith a sheirbhísí mar chathaoirleach, a mheas go bhfuil sé fostaithe ag an mbord sin i bhfeidhmeannas lánaimsire mar chathaoirleach agus, i gcás ina ndéanfar aon liúntas faoin scéim sin a íoc leis an duine sin nó ina leith de dhroim sin a mheas amhlaidh, aisíocfaidh aon bhord eile ar a mbeidh sé ina chathaoirleach leis an mbord a d'íoc an liúntas cibé cuid de chostas an liúntais a chinnfear trí chomhaontú idir an bord deiridh sin agus an bord eile nó, cheal comhaontaithe, a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin tráth scoir agus coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh liúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh bord aon tráth scéim a chur faoi bhráid an Aire is scéim do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfar i scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo go mbeidh éifeacht aici amhail ón lá (a bhféadfaidh sé gur lá é roimh an lá a chuirfear an scéim faoin bhráid an Aire amhlaidh) a shonrófar chuige sin sa scéim.

(5) Déanfaidh an bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(6) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 29 d'Acht 1936 le haon ranníocaí a íocfar le bord faoi scéim faoin alt seo amhail is dá mba faoi Chuid II d'Acht 1936 a fuair an bord na ranníocaí sin agus bainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt sin 29 le suimeanna is iníoctha ag bord i leith liúntais faoi scéim faoin alt seo amhail is dá gceanglódh an Chuid sin II ar an mbord na suimeanna sin a íoc.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961, a ghairm d'Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1952, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1952, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.