12 1962


Uimhir 12 de 1962.


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CÚNAMH DLÍTHIÚIL), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN STÁT DO THABHAIRT CÚNAMH DLÍTHIÚIL IN AISCE DO DHAOINE BOCHTA I gCÁSANNA COIRIÚLA ÁIRITHE [20 Meitheamh, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “breitheamh den Chúirt Dúiche” Uachtarán na Cúirte Dúiche ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Dúiche).

2. —(1) Má fheictear don Chúirt Dúiche—

(a) nach leor acmhainn duine a chúiseofar i gcion os a comhair chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(b) mar gheall ar thromaíocht an chúisimh nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil aige chun a chosaint a ullmhú agus a stiúradh os a comhair,

déanfaidh an Chúirt, ar iarratas fao na choinne sin a dhéanamh chuici, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Dúiche) san Acht seo) a dheonú ina leith agus air sin beidh sé i dteideal an cúnamh sin a fháil agus aturnae agus (i gcás é a chúiseamh i ndúnmharú agus inar cuí leis an gCúirt é) abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte Dúiche maidir le hiarratas faoin alt seo agus ní bheidh sé inachomhairc.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triailar dhíotáil).

3. —(1) I gcás—

(a) ina gcuirfear duine chun a thrialach i gcion indíotáilte, agus

(b) ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil) san Acht seo) ina leith ag an gCúirt Dúiche ar é a chur chun a thrialach, nó ag breitheamh na cúirte a mbeidh sé le triail, nó á thriail, os a comhair,

beidh an duine sin i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil chun a chosaint ag an triail a ullmhú agus a stiúradh agus i dteideal aturnae agus abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil) i leith duine a chuirfear chun a thrialach i gcion indíotáilte más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don Chúirt Dúiche nó do bhreitheamh na cúirte a mbeidh an duine sin le triail, nó á thriail, os a comhair nach leor acmhainn an duine sin chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c) (i) gur ar chúiseamh i ndúnmharú a chuirfear chun a thrialach é, nó

(ii) go bhfeicfear don Chúirt Dúiche nó do bhreitheamh na cúirte a mbeidh an duine le triail, nó á thriail, os a comhair, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear an cineál cosanta (más ann) a bheidh curtha suas) gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine chun a chosaint a ullmhú agus a stiúradh ag an triail.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc).

4. —(1) I gcás—

(a) ina gciontófar duine i gcion, agus

(b) ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) san Acht seo) ina leith ag an gCúirt Dúiche nó ag breitheamh na cúirte ar triaileadh os a comhair é nó faoi fho-alt (3) den alt seo.

beidh an duine sin i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil chun achomharc a ullmhú agus a stiúradh in aghaidh an chiontaithe nó an phionóis a gearradh air (má gearradh) ar é a chiontú agus i dteideal aturnae agus (más achomharc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil é) abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) i leith duine a chiontófar i gcion más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don Chúirt Dúiche nó do bhreitheamh na cúirte ar triaileadh an duine sin os a comhair nach leor a acmhainn chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c) (i) gur ciontú i ndúnmharú é, nó

(ii) go bhfeicfear don Chúirt Dúiche nó do bhreitheamh na cúirte ar triaileadh an duine os a comhair, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine sin chun achomharc a ullmhú agus a stiúradh.

(3) I gcás ina ndiúltófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) do dhuine ar é a chiontú i gcion, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gcúirt a bhféadfar achomharc a dhéanamh chuici in aghaidh an chiontaithe—

(a) trí litir a sheoladh chuig cláraitheoir na cúirte sin ag tabhairt fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) trí iarratas chun na cúirte féin,

agus deonóidh an chúirt an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(i) go bhfeicfear don chúirt nach leor acmhainn an duine sin chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) (I) gur ciontú i ndúnmharú é, nó

(II) go bhfeicfear don chúirt, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an duine ciontaithe chun achomharc a ullmhú agus a stiúradh.

Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe).

5. —(1) I gcás—

(a) ina gcúiseofar duine i gcion os comhair na Cúirte Dúiche nó na Cúirte Cuarda nó ina ndéanfaidh sé achomharc chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ciontú i gcion ag an gCúirt Dúiche agus ina ndéanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche nó breitheamh na cúirte (cibé acu é) a n-éistfear an cúiseamh nó an t-achomharc (cibé acu é) os a comhair ceist dlí a éireoidh as na himeachtaí a tharchur chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Uachtaraí (cibé acu é) i bhfoirm cáis shonraithe nó ina sonróidh an breitheamh den Chúirt Dúiche cás maidir leis na himeachtaí chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(b) ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) san Acht seo) i leith an duine sin ag an gcúirt a n-éistfear an cúiseamh nó an t-achomharc (cibé acu é) os a comhair nó faoi fho-alt (3) den alt seo,

beidh an duine sin i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil chun a chás i ndáil leis an gcás sonraithe a ullmhú agus a stiúradh agus i dteideal aturnae agus abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion os comhair na Cúirte Dúiche nó na Cúirte Cuarda nó ina ndéanfaidh sé achomharc chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ciontú i gcion ag an gCúirt Dúiche agus ina ndéanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche nó breitheamh na cúirte a n-éistfear an cúiseamh nó an t-achomharc (cibé acu é) os a chomhair ceist dlí a éireoidh sna himeachtaí a tharchur chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Uachtaraí (cibé acu é) i bhfoirm cáis shonraithe nó ina sonróidh an breitheamh den Chúirt Dúiche cás i ndáil leis na himeachtaí chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) i leith an duine sin más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don chúirt a n-éistfear an cúiseamh nó an t-achomharc (cibé acu é) os a comhair nach leor acmhainn an duine sin chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c) go bhfeicfear don chúirt a n-éistfear an cúiseamh nó an t-achomharc os a comhair, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) a dheonú i leith an duine sin.

(3) Más rud é, maidir le cás sonraithe, go ndiúltóidh an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) de dhuine, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gcúirt ina mbeidh an cás sonraithe le héisteacht—

(a) trí litir a sheoladh chuig cláraitheoir na cúirte sin ag tabhairt fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) trí iarratas chun na cúirte féin,

agus deonóidh an chúirt an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(i) go bhfeicfear don chúirt nach leor acmhainn an duine sin chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) go bhfeicfear don chúirt, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) a dheonú i leith an duine sin.

Deimhniú um chúnamh dlíth úil (An Chúirt Uachtarach).

6. —(1) I gcás—

(a) ina gcúiseofar duine i gcion,

(b) ina dtabharfar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh cinneadh ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil maidir leis an gcion nó leis an bpionós a gearradh (má gearradh) ina leith nó in aghaidh cinneadh ag an Ard-Chúirt ar chás a shonraigh breitheamh den Chúirt Dúiche maidir leis na himeachtaí sa Chúirt Dúiche i ndáil leis an gcion nó maidir le ceist dlí a d'éirigh sna himeachtaí sin, agus

(c) ina ndeonóidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil nó an Ard-Chúirt (cibé acu é) nó ina ndeonófar faoi fho-alt (3) den alt seo deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) san Acht seo) i leith an duine a cúisíodh sa chion lena mbaineann an t-achomharc,

beidh an duine sin i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil chun a chás i ndáil leis an achomharc a ullmhú agus a stiúradh agus i dteideal aturnae agus abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin,

(b) go bhfeicfear don Chúirt Achomhairc Choiriúil nó don Ard-Chúirt (cibé acu é) nach leor acmhainn an duine a cúisíodh sa chion chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c) i gcás achomhairc in aghaidh cinneadh ag an Ard-Chúirt ar chás a shonraigh breitheamh den Chúirt Dúiche, go bhfeicfear don Ard-Chúirt, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine sin nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) a dheonú i leith an duine sin.

(3) I gcás ina ndiúltófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) do dhuine, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gCúirt Uachtarach—

(a) trí litir a sheoladh chuig cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí ag tabhairt fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) trí iarratas chun na Cúirte Uachtaraí féin,

agus deonóidh an Chúirt an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)—

(i) go bhfeicfear don Chúirt nach leor acmhainn an duine sin chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) i gcás achomhairc in aghaidh cinneadh ag an Ard-Chúirt ar chás a shonraigh breitheamh den Chúirt Dúiche, go bhfeicfear don Chúirt Uachtarach, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) a dheonú i leith an duine sin.

Caiteachas a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

7. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Dúiche) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil) i leith duine, déanfar, faoi réir na rialachán faoi alt 10 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh na cosanta lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach) i leith duine, déanfar, faoi réir na rialachán faoi alt 10 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh chás an duine sin maidir leis an achomharc nó leis an gcás sonraithe (cibé acu é) lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Alt 34 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , agus alt 5 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , a shrianadh.

1924, Uimh. 10 .

1928, Uimh. 15 .

8. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil faoi alt 34 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , ná faoi alt 5 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , chun costais a dhámhachtain don duine sin i leith imeachtaí cúirte lena mbaineann an deimhniú.

(2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil faoin alt sin 34 ná faoin alt sin 5 chun costais a dhámhachtain don duine sin i leith imeachtaí cúirte lena mbaineann an deimhniú.

Ráiteas maidir le hacmhainn.

9. —(1) Sula ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil do dhuine, féadfaidh an chúirt nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheidh ag deonú an deimhnithe a cheangal ar an duine sin ráiteas scríofa a thabhairt i cibé foirm a bheidh ordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo maidir le hábhair is iomchuí chun a chinneadh cé acu is leor nó nach leor a acmhainn chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil.

(2) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo ciallaíonn “deimhniú um chúnamh dlíthiúil” deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Dúiche), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Uachtarach).

Rialacháin.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus féadfar, go sonrach, na nithe seo a leanas a ordú sna rialacháin sin—

(a) foirm na ndeimhnithe um chúnamh dlíthiúil,

(b) na rátaí nó na scálaí íocaíochta d'aon táillí, costais nó caiteachais eile is iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas de bhun na ndeimhnithe sin,

(c) an tslí ina sannfar aturnaetha agus abhcóidí de bhun na ndeimhnithe sin.

(2) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo maidir leis na hábhair a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo gan toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Pionós mar gheall ar ráitis atá bréagach nó míthreorach.

11. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach, chun cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil faoin Acht seo, cibé acu dó féin nó do dhuine éigin eile é, ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach ó bhéal nó i scríbhinn nó aon fhíoras ábhartha a cheilt, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine, más oiriúnach leis an gcúirt é in imthosca an cháis, a ordú don duine an t-iomlán nó cuid (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a íoc leis an Aire d'aon suim a íocadh faoi alt 7 den Acht seo maidir leis an gcúnamh dlíthiúil in aisce a ndearnadh an cion ina leith, agus aon suim a íocfar leis an Aire de bhun an ailt seo íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í de réir treoracha an Aire Airgeadais.

Tosach feidhme.

12. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Caiteachas.

13. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , a ghairm den Acht seo.