31 1977


Uimhir 31 de 1977


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A SHIMPLIÚ A BHAINEANN LE MARGAÍ A DHÉANTAR AR AN STOCMHARGADH A CHOMHLÁNÚ GO TRÉIMHSIÚIL, CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [12 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh;

ciallaíonn “ainmnitheach stocmhargaidh” duine arna ainmniú, le rialacháin ón Aire, mar ainmnitheach do stocmhargadh aitheanta chun críocha an Achta seo.

(2) Beidh an bhrí chéanna san Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, atá le focal nó abairt dá sanntar brí le hAcht 1963.

Modhnú ar an oibleagáid scairdheimhnithe etc. a ullmhú.

2. —Cuideachta a ndéanfar scaireanna nó bintiúir dá cuid a leithroinnt nó a ndéanfar stoc bintiúir dá cuid a leithroinnt ar ainmnitheach stocmhargaidh, nó a ndéanfar aistriú a thaisceadh léi chun aon scaireanna, bintiúir nó stoc bintiúir de chuid na cuideachta a aistriú chuig ainmnitheach stocmhargaidh, ní bheidh de cheangal uirthi, de dhroim na leithroinnte nó taisceadh an aistrithe, na deimhnithe ar na scaireanna nó ar na bintiúir nó na deimhnithe ar an stoc bintiúir, de réir mar a bheidh, a chomhlánú agus a bheith réidh aici lena seachadadh de bhun alt 86 (1) d'Acht 1963.

Séalaí oifigiúla chun scairdheimhnithe etc. a shéalú.

3. —(1) Féadfaidh cuideachta seachas cuideachta phríobháideach séala oifigiúil a bheith aici ar macasamhail é de ghnáthshéala na cuideachta agus an focal breise “Urrúis” nó an focal breise “Securities” ar a aghaidh, lena úsáid chun urrúis a d'eisigh an chuideachta a shéalú agus chun doiciméid ag bunú nó ag fianú urrúis a eisíodh amhlaidh a shéalú.

(2) Féadfaidh cuideachta a corpraíodh roimh thosach feidhme an Achta seo agus a bhfuil séala oifigiúil mar atá luaite i bhfo-alt (1) den alt seo aici an séala sin a úsáid chun urrúis agus doiciméid den sórt a luaitear san fho-alt sin a shéalú d'ainneoin aon ní in aon ionstraim ag bunú nó ag rialáil na cuideachta nó in aon ionstraim a rinneadh roimh an tosach feidhme sin agus a bhaineann le haon urrúis a eisíonn an chuideachta, agus ní bheidh feidhm ag aon fhoráil de chuid ionstraime den sórt sin a cheanglaíonn aon urrúis nó doiciméid den sórt sin a bheith sínithe maidir leis na hurrúis nó leis na doiciméid má bhíonn siad séalaithe leis an séala sin.

Ríomhairí etc. a úsáid le haghaidh taifid áirithe de chuid cuideachta.

4. —(1) Dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn an chumhacht a thugtar do chuideachta le halt 378 (1) d'Acht 1963 clár nó taifead eile a choimeád trí na nithe a bheidh i gceist a thaifeadadh, ar dhóigh seachas trí iontrálacha a chur i leabhair cheangailte, cumhacht an clár nó an taifead eile, seachas leabhair miontuairiscí a choimeádtar de bhun alt 145 d'Acht 1963, trí na nithe a bheidh i gceist a thaifeadadh ar dhóigh seachas i bhfoirm inléite fad is féidir an taifeadadh a atáirgeadh i bhfoirm inléite.

(2) Déanfar aon fhoráil in ionstraim a rinne cuideachta roimh thosach feidhme an Achta seo a cheanglaíonn clár de bhintiúraigh na cuideachta a choimeád i bhfoirm inléite a fhorléiriú mar fhoráil a cheanglaíonn an clár a choimeád i bhfoirm inléite nó i bhfoirm neamhinléite, ar choinníoll, áfach, gur féidir clár a choimeádfar i bhfoirm neamhinléite a atáirgeadh i bhfoirm inléite.

(3) Má bhíonn aon chlár nó taifead eile de chuid cuideachta den sórt a luaitear in alt 378 (1) d'Acht 1963 á choimeád ag an gcuideachta trí na nithe a bheidh i gceist a thaifeadadh ar dhóigh seachas i bhfoirm inléite, déileálfar le haon dualgas a bheidh ar an gcuideachta de bhua an Achta sin cead a thabhairt an clár nó an taifead nó aon chuid den chéanna a iniúchadh nó cóip den chéanna a sholáthar mar dhualgas cead a thabhairt atáirgeadh ar an taifead nó ar an gcuid iomchuí de, i bhfoirm inléite, a iniúchadh nó a sholáthar.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé foráil, i dteannta fho-alt (3) den alt seo, is iomchuí leis a dhéanamh i ndáil le cláir nó taifid eile den sórt a luaitear san fho-alt sin agus a choimeádtar mar a luaitear san fho-alt sin, agus féadfaidh na rialacháin modhnú a dhéanamh ar na forálacha d'Acht 1963 a bhaineann le cháir nó taifid eile den sórt a luaitear san fho-alt sin.

Leasuithe iarmhartacha ar Acht 1963.

5. —(1) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad alt 87 (1) d'Acht 1963:

“(1) Beidh deimhniú faoi ghnáthshéala na cuideachta nó faoin séala a choimeádann an chuideachta (nach cuideachta phríobháideach) de bhua alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 , a shonróidh aon scaireanna a shealbhaíonn aon chomhalta ina fhianaise prima facie ar theideal an chomhalta chun na scaireanna.”.

(2) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad rialachán 8 de Chuid I de Table A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963:

“8. Every person whose name is entered as a member in the register shall be entitled without payment to receive within 2 months after allotment or lodgement of a transfer (or within such other period as the conditions of issue shall provide) one certificate for all his shares or several certificates each for one or more of his shares upon payment of 12½ new pence for every certificate after the first or such less sum as the directors shall from time to time determine, so, however, that in respect of a share or shares held jointly by several persons the company shall not be bound to issue more than one certificate, and delivery of a certificate for a share to one of several joint holders shall be sufficient delivery to all such holders. Every certificate shall be under the seal or under the official seal kept by the company by virtue of section 3 of the Companies (Amendment) Act, 1977, and shall specify the shares to which it relates and the amount paid up thereon.”.

(3) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad rialachán 8 de Chuid I de Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963:

“8. Gach duine a mbeidh a ainm sa chlár mar chomhalta, beidh teideal aige chun go bhfaighidh sé, gan aon íocaíocht, laistigh de 2 mhí tar éis leithroinnt nó tar éis aistriú a thaisceadh (nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorálfaidh coinníollacha na heisiúna), deimhniú amháin ar a scaireanna go léir nó deimhnithe éagsúla agus gach ceann acu ina dheimhniú ar scair amháin nó níos mó dá chuid, má íocann sé 12½ pingin nua ar gach deimhniú i ndiaidh an chéad cheann nó cibé suim is lú ná sin a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham, sa dóigh, áfach, nach mbeidh de cheangal ar an gcuideachta, i gcás scair nó scaireanna a shealbhóidh daoine éagsúla i gcomhpháirt, níos mó ná deimhniú amháin a eisiúint, agus go mbeidh seachadadh ar dheimhniú i leith scaire do dhuine amháin de shealbhóirí comhpháirteacha éagsúla ina sheachadadh leormhaith do gach sealbhóir acu sin. Beidh gach deimhniú faoin séala nó faoin séala oifigiúil a choimeádfaidh an chuideachta de bhua alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1977, agus sonróidh sé na scaireanna lena mbaineann sé agus an méid a íocadh orthu.”.

(4) Déantar leis seo na focail “(with the exception of regulations 24, 51, 54, 84 and 86)” a scriosadh as rialachán 1 de Chuid II de Table A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963 agus na focail “(with the exception of regulations 8, 24, 51, 54, 84 and 86)” a chur ina n-ionad.

(5) Cuirtear an rialachán nua seo a leanas le rialacháin Chuid II de Table A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963:

“10. Every person whose name is entered as a member in the register shall be entitled without payment to receive within 2 months after allotment or lodgment of a transfer (or within such other period as the conditions of issue shall provide) one certificate for all his shares or several certificates each for one or more of his shares upon payment of 12½ new pence for every certificate after the first or such less sum as the directors shall from time to time determine, so, however, that in respect of a share or shares held jointly by several persons the company shall not be bound to issue more than one certificate, and delivery of a certificate for a share to one of several joint holders shall be sufficient delivery to all such holders. Every certificate shall be under the seal and shall specify the shares to which it relates and the amount paid up thereon.”

(6) Déantar leis seo an nóta i ndeireadh Chuid II de Table A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“Note—Regulations 3, 4, 5 and 10 of this Part are alternative to regulations 24, 51, 54 and 8 respectively of Part I. Regulations 7 and 8 of this Part are alternative to regulations 84 and 86 of Part I.”

(7) Déantar leis seo na focail “(taobh amuigh de rialacháin 24, 51, 54, 84 agus 86)” a scriosadh as rialachán 1 de Chuid II de Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963 agus na focail “taobh amuigh de rialacháin 8, 24, 51, 54, 84 agus 86)” a chur ina n-ionad.

(8) Cuirtear an rialachán nua seo a leanas le rialacháin Chuid II de Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963:

“10. Gach duine a mbeidh a ainm sa chlár mar chomhalta, beidh teideal aige chun go bhfaighidh sé, gan aon íocaíocht, laistigh de 2 mhí tar éis leithroinnt nó tar éis aistriú a thaisceadh (nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorálfaidh coinníollacha na heisiúna), deimhniú amháin ar a scaireanna go léir nó deimhnithe éagsúla agus gach ceann acu ina dheimhniú ar scair amháin nó níos mó dá chuid, má íocann sé 12½ pingin nua ar gach deimhniú i ndiaidh an chéad cheann nó cibé suim is lú ná sin a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham, sa dóigh, áfach, nach mbeidh de cheangal ar an gcuideachta, i gcás scair nó scaireanna a shealbhóidh daoine éagsúla i gcomhpháirt, níos mó ná deimhniú amháin a eisiúint, agus go mbeidh seachadadh ar dheimhniú i leith scaire do dhuine amháin de shealbhóirí comhpháirteacha éagsúla ina sheachadadh leormhaith do gach sealbhóir acu sin. Beidh gach deimhniú faoin séala agus sonróidh sé na scaireanna lena mbaineann sé agus an méid a íocadh orthu.”

(9) Déantar leis seo an nóta i ndeireadh Chuid II de Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1963 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“Nóta.—Is rialacháin mar mhalairt ar rialacháin 24, 51, 54 agus 8 faoi seach de Chuid I rialacháin 3, 4, 5 agus 10 den Chuid seo. Is rialacháin mar mhalairt ar rialacháin 84 agus 86 de Chuid I rialacháin 7 agus 8 den Chuid seo.”

Feidhm ailt 2 go 4 maidir le cuideachtaí neamhchláraithe.

6. —(1) Beidh éifeacht le halt 377 d'Acht 1963 (a bhaineann le cuideachtaí neamhchláraithe) ionann is dá mbeadh ailt 2 go 4 den Acht seo i measc na n-alt a luaitear sa Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) I ndáil le hailt 2 go 4 den Acht seo, déanfar an chumhacht oiriúnuithe agus modhnuithe a dhéanamh a thugtar le halt 377 (1) d'Acht 1963 a fhorléiriú mar chumhacht chun ábhar a chur isteach, ábhar a fhágáil ar lár agus leasuithe a dhéanamh.

Iontaobhaithe agus ionadaithe pearsanta d'fháil agus do dhiúscairt urrús.

7. —Ní bheidh iontaobhaí ná ionadaí pearsanta inchúisithe mar gheall ar shárú iontaobhais nó, de réir mar a bheidh, mar gheall ar mhainneachtain ag riaradh an eastáit de bhíthin amháin—

(a) go raibh, chun urrúis a fháil a bhí de chumhacht aige a fháil i ndáil leis an iontaobhas nó leis an eastát, íoctha aige as na hurrúis faoi chomhshocraíochtaí a d'fhoráil go n-aistreofaí chuige iad ó ainmnitheach stocmhargaidh ach nach n-aistreofaí amhlaidh iad go dtí go mbeadh an praghas íoctha; nó

(b) go raibh, chun urrúis a dhiúscairt a bhí de chumhacht aige a dhiúscairt i ndáil leis an iontaobhas nó leis an eastát, na hurrúis aistrithe aige chuig ainmnitheach stocmhargaidh faoi chomhshocraíochtaí a d'fhoráil nach n-íocfaí an praghas leis go dtí go mbeadh an t-aistriú déanta.

Foirmeacha chun urrúis a aistriú.

8. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 5 den Acht um Aistriú Stoic, 1963 :

“(4) Féadfaidh aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) foráil a bheith iontu le haghaidh foirmeacha nach gá cuid de na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo a shonrú iontu;

(b) a fhoráil go mbeidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le cibé foirmeacha a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le cibé foirmeacha eile a bheidh sonraithe sna rialacháin, faoi réir cibé leasuithe a bheidh sonraithe amhlaidh (a bhféadfaidh leasú ar an tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo d'ionstraim faoi láimh a bheith ar áireamh orthu);

(c) foráil a bheith iontu nach mbeidh éifeacht le forálacha uile na rialachán, nó le haon fhoráil áirithe díobh, ach amháin sna cásanna a bheidh sonraithe sna rialacháin.”.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

9. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal. comhlua agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, a ghairm den Acht seo agus d'Acht 1963 le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33 .

An tAcht um Aistriú Stoic, 1963

1963, Uimh. 34 .