13 1983


Uimhir 13 de 1983


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUID-EACHTAÍ. [5 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

PART 1

Réamhráiteach

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983” an tAcht seo.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a bheidh ceaptha ag an Aire faoi alt 1(3) chun an tAcht seo a theacht i ngníomh;

ciallaíonn “an ráta iomchuí” i ndáil le hús, cúig faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile a shonrófar le hordú ón Aire faoi fho-alt (7);

tá le “an t-íosmhéid údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “datá an chláir chomhardaithe”, i ndáil le clár comhardaithe, an dáta ar ina leith a rinneadh an clár comhardaithe a ullmhú;

ciallaíonn “scairchaipiteal glaoite” i ndáil le cuideachta, an oiread sin dá scairchaipiteal is ionann agus méid comhiomlán na nglaonna a rinneadh ar a scaireanna, cibé acu atá na glaonna sin íoctha nó nach bhfuil, mar aon le haon scairchaipiteal a íocadh gan bheith glaoite agus aon scairchaipiteal a bheidh le híoc ar dháta sonraithe sa todhchaí faoi na hairteagail, faoi théarmaí leithroinnte na scaireanna iomchuí nó faoi aon chomhshocraíochtaí eile chun na scaireanna sin a íoc, agus forléireofar “scairchaipiteal neamhghlaoite” dá réir sin;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” na hAchtanna a ndéanfar, de bhua fho-alt (5), iad a fhorléiriú mar aon Acht amháin;

ciallaíonn “scair-scéim fostaithe” aon scéim atá i bhfeidhm de thuras na huaire ar dá réir a spreagann nó a éascaíonn cuideachta sealbhú scaireanna nó bintiúr sa chuideachta nó ina cuideachta shealbhaíochta ag fostaithe nó iarfhostaithe, nó chun sochair d'fhostaithe nó d'iarfhostaithe den chuideachta nó d'aon fhochuideachta don chuideachta lena n-áirítear aon duine atá nó a bhí ina stiúrthóir agus fostaíocht nó oifig thuarastail aige sa chuideachta nó in aon fhochuideachta don chuideachta;

tá le “urrús cothromais” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (13);

ciallaíonn “an tréimhse eatramhach ghinearálta” an tréimhse 18 mí dar tosach an lá ceaptha;

tá le “comhaontú fruilcheannaigh” an bhrí chéanna atá le “comhaontú fost-cheannaigh” san Acht Fost-Cheannaigh, 1946 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “sócmhainn nach sócmhainn airgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead (lena n-áirítear airgeadra coigríche);

tá le “seanchuideachta phoiblí theoranta” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (1);

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “cuideachta phoiblí” cuideachta nach cuideachta phríobháideach;

ciallaíonn “cuideachta phoiblí theoranta” cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna nó cuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, agus ar cuideachta í—

(a) a ndearbhaíonn a meabhrán gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta; agus

(b) ar comhlíonadh i ndáil léi, an lá ceaptha nó dá éis, forálacha Achtanna na gCuideachtaí maidir le clárú nó athchlárú cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta;

tá le “an tréimhse athchlárúcháin” a bhrí a shanntar dó le halt 13 (1);

ciallaíonn “an tréimhse eatramhach do scairchaipiteal” an tréimhse 3 bliana dar tosach an lá ceaptha.

(2) I ndáil le leithroinnt scaireanna i gcuideachta, is tuigthe, chun críocha Achtanna na gCuideachtaí, na scaireanna bheith leithroinnte nuair a bheidh an ceart neamhchoinníollach faighte ag duine go n-áireofaí é i gclár chomhaltaí na cuideachta i leith na scaireanna sin.

(3) Chun críocha Achtanna na gCuideachtaí—

(a) is tuigthe scair i gcuideachta a bheith íoctha (ó thaobh a luach ainmniúil nó aon phréimhe uirthi) in airgead nó leithroinnte ar airgead más éard í an chomaoin i leith na leithroinnte nó na híocaíochta, airgead a fuair an chuideachta nó seic a fuair an chuideachta de mheon macánta agus ar seic é nach bhfuil aon chúis ag na stiúrthóirí amhras a bheith orthu nach n-íocfar é, nó scaoileadh ar dhliteanas na cuideachta i leith suime leachtaithe nó gealltanas airgead a íoc leis an gcuideachta ar dháta sa todhchaí; agus

(b) i ndáil le haon scaireanna i gcuideachta a leithroinnt nó a íoc, folaíonn tagairtí in Achtanna na gCuideachtaí, ach amháin in alt 23, do chomaoin seachas airgead agus do scaireanna agus do phréimheanna ar scaireanna a íoc ar shlí seachas in airgead, tagairtí d'airgead a íoc, nó do ghealltanas airgead a íoc, le haon duine seachas an chuideachta;

agus chun a chinneadh an bhfuil scair leithroinnte nó le leithroinnt ar airgead nó íoctha nó le híoc in airgead, folaíonn “airgead” airgeadra coigríche.

(4) Chun críocha an Achta seo—

(a) folóidh aon tagairt do chlár comhardaithe nó do chuntas sochair agus dochair tagairt d'aon nótaí orthu nó d'aon doiciméad i gceangal leo ina dtugtar faisnéis a cheanglaítear le hAchtanna na gCuideachtaí agus a cheadaítear leis sin a thabhairt amhlaidh;

(b) folaíonn aon tagairt d'aistriú nó d'fháil sócmhainne nach sócmhainn airgid tagairt do bhunú nó do mhúchadh eastáit nó leasa in aon mhaoin nó cirt thar aon mhaoin mar aon le tagairt d'urscaoileadh dliteanais aon duine, seachas dliteanas i leith suime leachtaithe; agus

(c) is é is glansócmhainní cuideachta ann, comhiomlán a sócmhainní lúide comhiomlán a dliteanais;

agus i mír (c) folaíonn “dliteanais” aon soláthar (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) ach amháin sa mhéid go gcuirtear an soláthar sin i gcuntas chun luach aon sócmhainne de chuid na cuideachta a ríomh.

(5) Déanfar Acht na gCuideachtaí, 1963 , Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 , Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , agus an tAcht seo, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

(6) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír san fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus

(c) aon tagairt d'aon achtachán eile déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(7) Féadfaidh an tAire le hordú a shonrú gur ráta seachas cúig faoin gcéad sa bhliain an ráta iomchuí úis chun críocha an Achta seo.

Leasuithe, aisghairm agus cosaintí.

3. —(1) Déantar leis seo forálacha an Phríomh-Achta a shonraítear sa Chéad Sceideal a leasú a mhéid a shonraítear sa Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo forálacha an Phríomh-Achta agus Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , a shonraítear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa dara colún den Sceideal sin.

(3) Ní dhéanfaidh míreanna 24 and 25 den Chéad Sceideal (a leasaíonn Table A agus Tábla A faoi seach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) ná aon aisghairm a shonraítear sa Tríú Sceideal ar aon ní atá sa Table sin A agus sa Tábla sin A difear d'aon chuideachta a cláraíodh roimh an lá ceaptha.

(4) Sa Phríomh-Acht, aon tagairt do chuideachta a cláraíodh faoi aon achtachán sonraithe leanfaidh sí d'éifeacht a bheith léi mar thagairt do chuideachta a cláraíodh faoin achtachán sin, d'ainneoin go ndearnadh í a athchlárú ina dhiaidh sin faoin Acht seo.

CUID II

Ainm cuideachta poiblí teoranta, clárú agus athchlárú cuideachtaí

Ainm cuideachta poiblí teoranta.

4. —(1) Ní foláir d'ainm cuideachta poiblí teoranta críochnú leis na focail “public limited company” nó “cuideachta phoiblí theoranta” a fhéadfar a ghiorrú go “p.l.c.” nó “c.p.t.” faoi seach, agus ní chuirfear an focal “limited” ná a ghiorrú “ltd.” ná “teoranta” ná a ghiorrú “teo.” roimh na focail nó na giorruithe sin.

(2) Faoi réir fho-alt (1), i rún de réir alt 12 chun cuideachta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta, féadfar ainm na cuideachta a athrú tríd an méid seo a leanas a scriosadh—

(a) an focal “company” nó na focail “and company”; nó

(b) an focal “cuideachta” nó na focail “agus cuideachta”,

lena n-áirítear aon ghiorrú orthu agus ní bheidh aon táille iníoctha i leith aon athrú ar ainm a luaitear san fho-alt seo.

(3) Is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a bheidh meabhrán cuideachta poiblí teoranta atá faoi theorainn scaireanna nó, más cuideachta faoi theorainn ráthaíochta í a bhfuil scairchaipiteal aici, is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin a bheidh sé, nó, i gceachtar cás, chomh gar don fhoirm sin agus is féidir sna himthosca; agus, i gcás cuideachta poiblí teoranta, is iad na foirmeacha sin a úsáidfear in ionad na bhfoirmeacha meabhráin atá leagtha amach faoi seach i dTáblaí B agus D sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Clárú cuideachtaí.

5. —(1) I gcás ina seachadfar aon mheabhrán lena chlárú faoi alt 17 den Phríomh-Acht, ní chláróidh an cláraitheoir an meabhrán mura deimhin leis gur comhlíonadh ceanglais uile Achtanna na gCuideachtaí maidir le clárú agus le nithe roimh an gclárú agus ag baint leis.

(2) I gcás ina ndéarfar i meabhrán a sheachadfar amhlaidh gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chomhlachas atá le clárú, ní foláir méid nach lú ná an t-íosmhéid údaraithe a bheith i méid an scairchaipitil a ndéarfar sa mheabhrán gurb é an méid é lena bhfuil beartaithe ag an gcuideachta clárú.

(3) I gcás ina gcláróidh cláraitheoir meabhrán de chuid comhlachais a deir gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chomhlachas, beidh ráiteas gur cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta sa deimhniú corpraithe a thabharfar i leith an chomhlachais sin faoi alt 18 den Phríomh-Acht.

(4) Beidh deimhniú corpraithe a thabharfar faoin alt sin i leith aon chomhlachas ina fhianaise dhochloíte—

(a) gur comhlíonadh na ceanglais a luaitear i bhfo-alt (1) agus gur cuideachta a údaraítear lena clárú agus atá cláraithe go cuí faoin bPríomh-Acht an comhlachas; agus

(b) i gcás ráiteas a bheith sa deimhniú gur cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta, gur cuideachta den sórt sin an chuideachta.

(5) Seachadfar ar an gcláraitheoir dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ó aturnae i mbun foirmiú cuideachta, nó ó dhuine atá ainmnithe mar stiúrthóir nó mar rúnaí ar an gcuideachta sa ráiteas a sheachadfar faoi alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , ar dearbhú reachtúil é a deir gur comhlíonadh na ceanglais a luaitear i bhfo-alt (1), agus féadfaidh an cláraitheoir glacadh leis an dearbhú sin mar leorfhianaise gur comhlíonadh iad.

Srian le cuideachta phoiblí theoranta gnó a thosú.

6. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta a cláraíodh mar chuideachta phoiblí theoranta ar í a chorprú i gcéaduair gnó ná ní fheidhmeoidh sí aon chumhachtaí iasachtaíochta mura mbeidh deimhniú faoin alt seo eisithe chuici ag cláraitheoir na gcuideachtaí nó mura mbeidh an chuideachta athchláraithe mar fhoirm eile cuideachta.

(2) Eiseoidh an cláraitheoir deimhniú faoin alt seo chuig cuideachta phoiblí theoranta más rud é, ar iarratas chuige san fhoirm fhorordaithe ón gcuideachta, gur deimhin leis nach lú luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta ná an t-íosmhéid údaraithe, agus go ndéanfar dearbhú reachtúil a chomhlíonann fo-alt (3) a sheachadadh air.

(3) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh an dearbhú reachtúil agus beidh sé sínithe ag stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta agus luafar ann—

(a) nach lú luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta ná an t-íosmhéid údaraithe;

(b) an méid a íocadh tráth an iarratais ar scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta;

(c) méid, nó méid measta, réamhchaiteachas na cuideachta agus na daoine a mbeidh aon chaiteachas de na caiteachais sin íoctha nó le híoc acu; agus

(d) aon mhéid nó sochar a íocadh nó a tugadh, nó a bheartaítear a íoc nó a thabhairt, d'aon tionscnóir de chuid na cuideachta agus an chomaoin in aghaidh na híocaíochta nó an tsochair.

(4) Chun críocha fho-alt (2), ní ceadaithe scair a bheidh leithroinnte de bhun scair-scéim fostaithe a chur i gcuntas nuair a bheidh luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta á chinneadh mura mbeidh an ceathrú cuid ar a laghad de luach ainmniúil na scaire, agus iomlán aon phréimhe ar an scair, íoctha.

(5) Féadfaidh cláraitheoir glacadh le dearbhú reachtúil a sheachadfar air faoi fho-alt (2) mar fhianaise leordhóthanach ar na nithe a bheidh luaite ann.

(6) Aon deimhniú faoin alt seo i leith aon chuideachta phoiblí theoranta is fianaise dhochloíte é go bhfuil an chuideachta i dteideal gnó a dhéanamh agus aon chumhachtaí iasachtaíochta a fheidhmiú.

(7) Má dhéanann cuideachta phoiblí theoranta gnó nó má fheidhmíonn sí cumhachtaí iasachtaíochta de shárú ar an alt seo, beidh an chuideachta agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear ar iad a chiontú go hachomair, pionós nach mó ná £500 a chur orthu.

(8) Ní dochar forálacha an ailt seo do bhailíocht aon idirbhirt a dhéanfaidh cuideachta phoiblí theoranta; ach má dhéanann cuideachta phoiblí theoranta idirbheart de shárú ar na forálacha sin agus go mainneoidh sí a hoibleagáidí ina leith a chomhlíonadh laistigh de 21 lá ón tráth a n-iarrfar uirthi sin a dhéanamh, dlífidh stiúrthóirí na cuideachta, i gcomhpháirt agus go leithleach, an páirtí eile san idirbheart a shlánú i leith aon chaillteanas nó damáiste a bhainfidh dó de dheasca mhainneachtain na cuideachta na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Toirmeasc ar fhoirmiú cuideachta poiblí atá faoi theorainn ráthaíochta agus a bhfuil scairchaipiteal aici.

7. —Ar an lá ceaptha nó dá éis, ní dhéanfar aon chuideachta a fhoirmiú mar chuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta agus scairchaipiteal aici, ná ní dhéanfar cuideachta phoiblí den sórt sin di.

Cumhacht ag an gcláraitheoir cuideachta phoiblí theoranta a bhaint den chlár.

8. —(1) Más rud é, maidir le cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, nach mbeidh deimhniú faoi alt 6 eisithe chuici laistigh de bhliain ón dáta a cláraíodh í, féadfaidh an cláraitheoir litir a chur leis an bpost cláraithe chuig an gcuideachta á rá go bhfoilseofar fógra san Iris Oifigiúil d'fhonn ainm na cuideachta poiblí teoranta sin a bhaint den chlár mura mbeidh deimhniú den sórt sin eisithe chuig an gcuideachta laistigh de mhí ó dháta na litreach sin.

(2) Mura mbeidh deimhniú dá dtagraítear in alt 6 eisithe laistigh de mhí ó dháta na litreach dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfaidh an cláraitheoir an fógra sin a fhoilsiú agus dul ar aghaidh le hainm na cuideachta poiblí teoranta a bhaint den chlár de réir alt 311 (5) den Phríomh-Acht.

(3) Beidh feidhm ag alt 311 (6), (7) agus (8) den Phríomh-Acht maidir le cuideachta phoiblí theoranta a mbeidh a hainm bainte den chlár de réir fho-alt (2) amhail mar atá feidhm ag na fo-ailt sin chun críocha an ailt sin 311.

Cuideachta phríobháideach a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta.

9. —(1) Faoi réir alt 11, féadfar cuideachta phríobháideach a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta—

(a) má ritear rún speisialta, a chomhlíonann fo-alt (2), go ndéanfaí í a athchlárú amhlaidh; agus

(b) má sheachadtar iarratas chuige sin, san fhoirm fhorordaithe agus é sínithe ag stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta, ar an gcláraitheoir mar aon leis na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (3); agus

(c) má bhíonn na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5) (a) agus (b) (más infheidhme) agus alt 10 (1) (a) go (d) comhlíonta i ndáil leis an gcuideachta.

(2) Ní foláir don rún speisialta—

(a) meabhrán na cuideachta a athrú ionas go luafar ann gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta,

(b) cibé athruithe eile is gá a dhéanamh sa mheabhrán chun é a chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir le ceanglais an Achta seo maidir le meabhrán cuideachta poiblí teoranta; agus

(c) cibé athruithe a dhéanamh in airteagail na cuideachta a bheidh ag teastáil sna himthosca.

(3) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) cóip chlóite den mheabhrán agus de na hairteagail mar a athraíodh iad de bhun an rúin;

(b) cóip de ráiteas scríofa ó iniúchóirí na cuideachta á rá gurb é a dtuairim go dtaispeánann an clár comhardaithe iomchuí nár lú, ar dháta an chláir chomhardaithe, méid ghlansócmhainní na cuideachta ná comhiomlán a scairchaipitil ghlaoite agus a cúlchistí neamhindáilte;

(c) cóip den chlár comhardaithe iomchuí, mar aon le cóip de thuarascáil gan agús ó iniúchóirí na cuideachta i ndáil leis an gclár comhardaithe sin;

(d) cóip d'aon tuarascáil a ullmhaíodh faoi fho-alt (5) (b); agus

(e) dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ó stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta á rá—

(i) gur ritheadh an rún speisialta a luaitear i bhfo-alt (1) (a) agus gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (c); agus

(ii) nár tharla, idir dáta an chláir chomhardaithe agus an t-iarratas ón gcuideachta ar athchlárú, aon athrú ar staid airgeadais na cuideachta a d'fhág gur lú méid ghlansócmhainní na cuideachta ná comhiomlán a scairchaipitil ghlaoite agus a cúlchistí neamhindáilte.

(4) Féadfaidh an cláraitheoir glacadh le dearbhú reachtúil faoi fho-alt (3) (e) mar fhianaise leordhóthanach gur ritheadh an rún speisialta agus gur comhlíonadh na coinníollacha sin.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta, idir dáta an chláir chomhardaithe agus dáta rite an rúin speisialta, scaireanna a leithroinnt mar scaireanna láníoctha nó páirt-íoctha ó thaobh a luacha ainmniúil nó aon phréimhe orthu, ar shlí seachas in airgead, ní dhéanfaidh an chuideachta iarratas ar athchlárú faoin alt seo mura rud é, roimh an iarratas a dhéanamh—

(a) go ndearnadh an chomaoin i leith na leithroinnte sin a luacháil de réir fhorálacha alt 30 arna chur chun feidhme leis an bhfo-alt seo agus le halt 31; agus

(b) gur tugadh tuarascáil maidir lena luach don chuideachta de réir na bhforálacha sin sna sé mhí díreach roimh an leithroinnt ar na scaireanna;

agus beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (8) agus (12) go (14) d'alt 30 chun críocha an fho-ailt seo amhail mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin agus ionann is dá mba thagairtí don fho-alt seo na tagairtí d'fho-alt (1) d'alt 30.

(6) Más deimhin leis an gcláraitheoir, ar iarratas chuige faoi fho-alt (1), go bhféadfar cuideachta a athchlárú faoin alt seo mar chuideachta phoiblí theoranta—

(a) coinneoidh sé an t-iarratas agus na doiciméid eile a seachadadh air faoin bhfo-alt sin; agus

(a) eiseoidh sé deimhniú corpraithe chuig an gcuideachta á rá gur cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta.

(7) Ní eiseoidh an cláraitheoir deimhniú corpraithe faoi fho-alt (6) má fheictear dó go ndearna an chúirt ordú ag daingniú laghdú ar chaipiteal na cuideachta arb é is éifeacht dó luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta a thabhairt faoi bhun an íosmhéid údaraithe.

(8) Ar dheimhniú corpraithe a eisiúint chuig cuideachta faoi fho-alt (6)—

(a) déanfar, de bhua eisiúint an deimhnithe sin, cuideachta phoiblí theoranta den chuideachta; agus

(b) beidh éifeacht dá réir sin le haon athruithe sa mheabhrán agus sna hairteagail a bheidh leagtha amach sa rún.

(9) Beidh deimhniú corpraithe a eiseofar chuig cuideachta faoi fho-alt (6) ina fhianaise dhochloíte—

(a) gur comhlíonadh ceanglais an Achta seo maidir le hathchlárú agus le nithe roimh an athchlárú agus ag baint leis; agus

(b) gur cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta.

(10) Ní dhéanfaidh athchlárú ar chuideachta phríobháideach mar chuideachta phoiblí theoranta de bhun an Achta seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

(11) Chun críocha an mhínithe ar thuarascáil gan agús i bhfo-alt (13), áireofar agús mar agús nach mbaineann le hábhar i ndáil le haon chlár comhardaithe má deir, agus ar an gcoinníoll amháin go ndeir, an duine atá ag tabhairt na tuarascála, i scríbhinn, nach bhfuil an ní is cúis leis an agús ag baint le hábhar chun a chinneadh, faoi theoir an chláir chomhardaithe sin, arbh amhlaidh, ar dháta an chláir chomhardaithe, nár lú méid ghlansócmhainní na cuideachta ná comhiomlán a scairchaipitil ghlaoite agus a cúlchistí neamhindáilte.

(12) Chun na gcríocha a bhaineann le tuarascáil a thabhairt i ndáil le clár comhardaithe cuideachta, ar tuarascáil í faoi réim an mhínithe ar thuarascáil gan agús i bhfo-alt (13), measfar éifeacht a bheith le halt 149 den Phríomh-Acht agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndáil leis an gclár comhardaithe sin fara cibé modhnuithe is gá de bhíthin gur i leith tréimhse seachas i leith bliana airgeadais a ullmhaítear an clár comhardaithe sin.

(13) San alt seo—

tá le “cúlchistí neamhindáilte” an bhrí chéanna atá leis in alt 46 (2);

ciallaíonn “clár comhardaithe iomchuí”, i ndáil le cuideachta, clár comhardaithe arna ullmhú amhail mar a bhí ar dháta nach faide siar ná seacht mí roimh dháta iarratais na cuideachta ar athchlárú faoin alt seo; agus

ciallaíonn “tuarascáil gan agús”, i ndáil le clár comhardaithe cuideachta, tuarascáil á rá, gan aon agús ábhartha—

(a) go gcomhlíonann an clár comhardaithe, dar leis an duine atá ag tabhairt na tuarascála, ceanglais ailt 149 agus 156 den Phríomh-Acht; agus

(b) gan dochar do mhír (a), go dtugann an clár comhardaithe, ach amháin sa chás ina bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint, agus go bhfuil tairbhe bainte aici, as aon fhoráil d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, léargas fíorcheart, dar leis an duine sin, ar staid chúrsaí na cuideachta amhail mar a bhí ar dháta an chláir chomhardaithe.

Ceanglais maidir le scairchaipiteal cuideachta príobháidí a dhéanfaidh iarratas ar athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar cuideachta phríobháideach a athchlárú faoi alt 9 mar chuideachta phoiblí theoranta, mura rud é, tráth rite an rúin speisialta dá dtagraítear san alt sin—

(a) nach lú ná an t-íosmhéid údaraithe luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta;

(b) go mbeidh an ceathrú cuid ar a laghad de luach ainmniúil gach scaire dá scaireanna leithroinnte, agus iomlán aon phréimhe ar gach scair díobh sin, íoctha;

(c) i gcás aon scair sa chuideachta nó aon phréimh is iníoctha uirthi a bheith íoctha go hiomlán nó go páirteach trí ghealltanas a thug duine ar bith go ndéanfadh seisean nó duine eile obair nó seirbhísí don chuideachta nó do dhuine eile, go mbeidh an gealltanas curtha i gcrích nó urscaoilte ar shlí eile; agus

(d) i gcás scaireanna a bheith leithroinnte mar scaireanna láníoctha nó páirt-íoctha ó thaobh a luach ainmniúil nó aon phréimhe is iníoctha orthu ar shlí seachas in airgead agus ina gcuimsíonn nó ina bhfolaíonn an chomaoin i leith na leithroinnte gealltanas (seachas gealltanas lena mbaineann mír (c)) don chuideachta—

(i) go bhfuil an gealltanas sin curtha i gcrích nó urscaoilte ar shlí eile; nó

(ii) go bhfuil conradh ann idir an chuideachta agus aon duine faoina gcaithfear an gealltanas sin a chur i gcrích laistigh de chúig bliana ón tráth sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3) aon scair a leithroinn an chuideachta—

(a) ar scair í a leithroinneadh roimh dheireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta; nó

(b) ar scair í a leithroinneadh de bhun scair-scéim fostaithe agus a dtarlódh dá dhroim sin, murach an fo-alt seo, go mbeadh sé toirmiscthe faoi fho-alt (1) (b), ach ní ar dhóigh ar bith eile, an chuideachta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta,

féadfar neamhshuim a dhéanamh di chun a chinneadh an bhfuil fo-alt (1) (b) go (d) comhlíonta i ndáil leis an gcuideachta, agus, chun críocha fho-alt (1) (a), áireofar scair a ndéanfar neamhshuim di amhlaidh ionann is dá mba nár chuid de scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta í.

(3) Ní dhéanfar neamhshuim de scair de bhua fho-alt (2) (a) más mó comhiomlán luach ainmniúil na scaire sin agus na scaireanna eile a mbeartaítear neamhshuim a dhéanamh díobh amhlaidh ná aon deichiú de luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta (gan aon scair a ndearnadh neamhshuim di de bhua fho-alt (2) (b) a áireamh).

Cuideachta neamhtheoranta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta.

11. —(1) Féadfar cuideachta neamhtheoranta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta agus, chun críocha an athchláraithe sin, beidh éifeacht le hailt 9 agus 53 (6) agus (7) faoi réir na modhnuithe atá san alt seo.

(2) An rún speisialta a cheanglaítear le halt 9 (1), ní foláir dó, i dteannta na nithe a luaitear in alt 9 (2)—

(a) a rá go bhfuil dliteanas na gcomhaltaí le bheith faoi theorainn scaireanna agus cad é an méid atá le bheith i scairchaipiteal na cuideachta; agus

(b) cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán na cuideachta is gá chun é a chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir le ceanglais Achtanna na gCuideachtaí maidir le meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna.

(3) Déarfar sa deimhniú corpraithe a eiseofar faoi alt 9 (6), i dteannta an ráiteas a bheith ann a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt sin, gur corpraíodh an chuideachta mar chuideachta faoi theorainn scaireanna, agus—

(a) déanfar, de bhua eisiúint an deimhnithe sin, cuideachta phoiblí theoranta, faoi theorainn amhlaidh, den chuideachta; agus

(b) is fianaise dhochloíte an deimhniú ar an bhfíoras gur cuideachta phoiblí theoranta den sórt sin í.

(4) Beidh éifeacht le halt 53 (6) agus (7) ionann is dá bhfolódh tagairt d'athchlárú cuideachta de bhun an ailt sin tagairt d'athchlárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta phoiblí theoranta de réir fho-alt (1), ach ní bheidh, seachas mar atá ráite, feidhm ag an alt sin 53 i ndáil le hathchlárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta phoiblí theoranta.

Seanchuideachtaí poiblí teoranta.

12. —(1) San Acht seo ciallaíonn “seanchuideachta phoiblí theoranta” cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna nó cuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ina leith, is é sin le rá—

(a) go raibh an chuideachta ar marthain ar an lá ceaptha nó gur corpraíodh í tar éis an lae sin de bhun iarratais a rinneadh roimh an lá sin; agus

(b) nach ndearnadh ón lá ceaptha ná ó lá corpraithe na cuideachta, de réir mar a bheidh, an chuideachta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta nó nach ndearnadh foirm eile cuideachta di.

(2) Na tagairtí sa Phríomh-Acht do chuideachta seachas cuideachta phríobháideach agus, tar éis deireadh na tréimhse eatramhaí ginear álta, na tagairtí san Acht seo seachas an Chuid seo do chuideachta phoiblí theoranta, folóidh siad, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do sheanchuideachta phoiblí theoranta.

(3) Féadfar (roimh dheireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta nó dá éis) seanchuideachta phoiblí theoranta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta—

(a) má ritheann na stiúrthóirí rún, a chomhlíonann fo-alt (4), go ndéanfaí í a athchlárú amhlaidh; agus

(b) má sheachadtar iarratas chuige sin san fhoirm fhorordaithe, agus é sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí sa chuideachta, ar an gcláraitheoir, mar aon leis na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (5); agus

(c) má bhíonn, tráth an rúin, na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (9) comhlíonta.

(4) Ní foláir don rún dá dtagraítear i bhfo-alt (3) meabhrán na cuideachta a athrú ionas go luafar ann gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta agus ní foláir dó cibé athruithe eile a dhéanamh air is gá chun é a chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir le ceanglais an Achta seo maidir le meabhrán cuideachta phoiblí theoranta.

(5) Is iad seo a leanas na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—

(a) cóip chlóite den mheabhrán mar a athraíodh é de bhun an rúin; agus

(b) dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ó stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta á rá gur ritheadh an rún a luaitear i bhfo-alt (3) (a) agus gur comhlíonadh, tráth an rúin, na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (9).

(6) Féadfaidh an cláraitheoir glacadh le dearbhú reachtúil faoi fho-alt (5) (b) mar fhianaise leordhóthanach gur ritheadh an rún sin agus gur comhlíonadh amhlaidh na coinníollacha sin.

(7) Ar athchlárú a iarraidh faoin alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (6) go (9) d'alt 9 amhail mar atá feidhm acu ar athchlárú a iarraidh faoin alt sin agus amhail is dá mba thagairt d'fho-alt (3) den alt seo an tagairt d'fho-alt (1) den alt sin.

(8) Má iarrann seanchuideachta phoiblí theoranta athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta de réir fho-alt (3) agus má sheachadann sí ar an gcláraitheoir, tráth déanta an iarratais sin, dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ó stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta á rá nach gcomhlíonann an chuideachta, tráth an dearbhaithe, na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (9), athchláróidh an cláraitheoir an chuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta ach cuirfidh sé in iúl di mura mbeidh, laistigh den tréimhse eatramhach do scairchaipiteal, na coinníollacha réamhráite comhlíonta aici, nach foláir di athchlárú mar fhoirm eile cuideachta nó foirceannadh go toilteanach faoi alt 251 den Phríomh-Acht. Má mhainnítear athchlárú nó foirceannadh a dhéanamh amhlaidh is foras é sin chun an chuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt faoi alt 213 (i) den Phríomh-Acht.

(9) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-ailt 3 (c) and (8) ná nach lú, tráth an rúin, luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta ná an t-íosmhéid údaraithe agus, i gcás scaireanna uile na cuideachta nó iad sin uile dá scaireanna a chuimsítear i riar den chaipiteal sin a chomhlíonann an coinníoll sin—

(a) go mbeidh an ceathrú cuid ar a laghad de luach ainmniúil gach scaire, agus iomlán aon phréimhe ar an scair, íoctha;

(b) i gcás aon scair de na scaireanna i gceist nó aon phréimh is iníoctha orthu a bheith láníoctha nó páirt-íoctha trí ghealltanas a thug duine ar bith go ndéanfadh seisean nó duine eile obair nó seirbhísí don chuideachta nó do dhuine eile, go mbeidh an gealltanas curtha i gcrích nó urscaoilte ar shlí eile; agus

(c) i gcás aon scair de na scaireanna i gceist a bheith leithroinnte mar scaireanna láníoctha nó páirt-íoctha ó thaobh a luacha ainmniúil nó aon phréimhe is iníoctha orthu ar shlí seachas in airgead agus ina gcuimsíonn nó ina bhfolaíonn an chomaoin i leith na leithroinnte gealltanas (seachas gealltanas lena mbaineann mír (b)) don chuideachta—

(i) go bhfuil an gealltanas sin curtha i gcrích nó urscaoilte ar shlí eile; nó

(ii) go bhfuil conradh ann idir an chuideachta agus aon duine faoina gcaithfear an gealltanas sin a chur i gcrích laistigh de chúig bliana ó thráth an rúin.

(10) Ní dhéanfaidh athchlárú ar sheanchuideachta phoiblí theoranta mar chuideachta phoiblí theoranta de bhun an Achta seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

Seanchuideachta phoiblí theoranta do mhainniú athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta.

13. —(1) Más rud é, aon tráth tar éis deireadh na tréimhse cúig mhí dhéag ón lá ceaptha (dá ngairtear “an tréimhse athchlárúcháin” san Acht seo), nach ndéanfaidh cuideachta is seanchuideachta phoiblí theoranta athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta faoi alt 12, beidh an chuideachta agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion mura ndearna an chuideachta an tráth sin—

(a) athchlárú a iarraidh faoi alt 12 agus nár diúltaíodh don iarratas ná nár tarraingíodh siar é, nó

(b) athchlárú a iarraidh mar fhoirm eile chuideachta.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur air, mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan dul thar £500 san iomlán.

Cuideachta phoiblí theoranta a athchlárú mar chuideachta phríobháideach.

14. —(1) Féadfar cuideachta phoiblí theoranta a athchlárú mar chuideachta phríobháideach—

(a) má ritear rún speisialta a chomhlíonann fo-alt (2) go ndéanfaí í a athchlárú amhlaidh agus nach mbeidh sé curtha ar ceal ag an gcúirt faoi alt 15 (6);

(b) má sheachadtar iarratas chuige sin san fhoirm fhorordaithe, agus é sínithe ag stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta, ar an gcláraitheoir mar aon le cóip chlóite de mheabhrán agus d'airteagail na cuideachta mar a athraíodh iad leis an rún; agus

(c) má bhíonn an tréimhse caite ina bhféadfar iarratas a dhéanamh chun an rún a chealú faoi alt 15 (2) gan aon iarratas den sórt sin a bheith déanta; nó

(d) má bhíonn, i gcás iarratas den sórt sin a bheith déanta, an t-iarratas tarraingthe siar nó má bhíonn ordú déanta faoi alt 15 (6) ag daingniú an rúin agus cóip den ordú sin seachadta ar an gcláraitheoir.

(2) Ní foláir don rún—

(a) meabhrán na cuideachta a athrú ionas nach luafar ann a thuilleadh gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta agus ní foláir dó cibé athruithe eile a dhéanamh i meabhrán na cuideachta a bheidh ag teastáil sna himthosca; agus

(b) cibé athruithe a dhéanamh in airteagail na cuideachta a bheidh ag teastáil sna himthosca, agus i gcaoi is go mbeidh ar áireamh iontu na forálacha a cheanglaítear, faoi alt 33 den Phríomh-Acht, a bheith in airteagail chuideachta d'fhonn cuideachta phríobháideach a dhéanamh di.

(3) Más deimhin leis an gcláraitheoir go bhféadfar cuideachta phoiblí theoranta a athchlárú faoi fho-alt (1)—

(a) coinneoidh sé an t-iarratas agus na doiciméid eile a seachadadh air faoin bhfo-alt sin; agus

(b) eiseoidh sé chuig an gcuideachta deimhniú corpraithe is iomchuí do chuideachta phríobháideach.

(4) Ar dheimhniú corpraithe a eisiúint faoi fho-alt (3)—

(a) déanfar, de bhua eisiúint an deimhnithe sin, cuideachta phríobháideach den chuideachta; agus

(b) beidh éifeacht dá réir sin leis na hathruithe sa mheabhrán agus sna hairteagail atá leagtha amach sa rún.

(5) Beidh deimhniú corpraithe a eiseofar chuig cuideachta faoi fho-alt (3) ina fhianaise dhochloíte—

(a) gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo maidir le hathchlárú agus le nithe roimh an athchlárú agus ag baint leis; agus

(b) gur cuideachta phríobháideach an chuideachta.

(6) Ní dhéanfaidh athchlárú ar chuideachta phoiblí theoranta mar chuideachta phríobháideach de bhun an Achta seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 14.

15. —(1) Baineann an t-alt seo le rún speisialta ó chuideachta phoiblí theoranta go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 14 mar chuideachta phríobháideach.

(2) I gcás rún speisialta lena mbaineann an t-alt seo a bheith rite, féadfar iarratas a dhéanamh chun na cúirte leis an rún sin a chealú.

(3) Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2)—

(a) sealbhóirí ag a bhfuil cuid nach lú san iomlán ná cúig faoin gcéad ó thaobh luacha ainmniúil de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó d'aon aicme den scairchaipiteal sin;

(b) mura bhfuil an chuideachta faoi theorainn scaireanna, cúig faoin gcéad ar a laghad de chomhaltaí na cuideachta; nó

(c) 50 comhalta ar a laghad de chomhaltaí na cuideachta;

ach ní dhéanfaidh aon duine a thoiligh leis an rún nó a vótáil ina fhabhar aon iarratas den sórt sin.

(4) Ní foláir aon iarratas den sórt sin a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis dáta rite an rúin agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine atá i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn.

(5) Má dhéantar iarratas faoi fho-alt (2)—

(a) tabharfaidh an chuideachta fógra láithreach don chláraitheoir á chur sin in iúl; agus

(b) ar an iarratas sin a éisteacht, má dhéantar ordú faoi fho-alt (6) ag cealú nó ag daingniú an rúin, seachadfaidh an chuideachta cóip oifige den ordú ar an gcláraitheoir laistigh de 15 lá ó dháta an ordaithe nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a ordóidh an chúirt tráth ar bith le hordú.

(6) Ar iarratas faoi fho-alt (2) a éisteacht, déanfaidh an chúirt ordú ag cealú nó ag daingniú an rúin, agus—

(a) féadfaidh sí an t-ordú sin a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, agus féadfaidh sí, más cuí léi, na himeachtaí a chur ar atráth ionas go bhféadfar socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte le leasanna comhaltaí easaontacha a cheannach; agus

(b) féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is fóirsteanach léi chun aon socrú den sórt sin a éascú nó a chur i gcrích.

(7) Féadfaidh ordú faoin alt seo, más cuí leis an gcúirt é, socrú a dhéanamh maidir leis an gcuideachta do cheannach scaireanna aon chomhaltaí sa chuideachta agus chun laghdú a dhéanamh dá réir sin ar chaipiteal na cuideachta agus féadfaidh an t-ordú sin cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán agus airteagail na cuideachta a cheanglófar de dhroim na forála sin.

(8) Má cheanglaíonn ordú faoin alt seo ar an gcuideachta gan aon athrú, nó gan aon athrú sonraithe, a dhéanamh ar a meabhrán nó a hairteagail, ansin, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh de chumhacht ag an gcuideachta, gan cead ón gcúirt, aon athrú den sórt sin a dhéanamh de shárú ar an gceanglas sin.

(9) Aon athrú ar mheabhrán nó airteagail na cuideachta a dhéanfar de bhua ordaithe faoin alt seo, seachas athrú a dhéanfar le rún ón gcuideachta, beidh an éifeacht chéanna leis is a bheadh dá mba athrú é a dhéanfaí go cuí le rún ón gcuideachta, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha Achtanna na gCuideachtaí maidir leis an meabhrán nó na hairteagail mar a athraíodh amhlaidh iad.

(10) Aon chuideachta a mhainneoidh fo-alt (5) a chomhlíonadh, agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, beidh siad ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó nó £250 a chur orthu mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan dul thar £500 san iomlán.

Seanchuideachta phoiblí theoranta do mhainniú athchlárú mar fhoirm eile cuideachta.

16 —(1) Más rud é sa tréimhse athchlárúcháin go mbeidh iarrtha ag seanchuideachta phoiblí theoranta go ndéanfaí í a athchlárú mar fhoirm cuideachta seachas mar chuideachta phoiblí theoranta agus go mbeidh curtha in iúl ag an gcláraitheoir don chuideachta gur mhainn igh sí ceanglais an athchlárúcháin sin a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion, mura rud é, laistigh de thréimhse 12 mhí ó dheireadh na tréimhse athchlárúcháin—

(a) gur comhlíonadh na ceanglais sin agus go ndearnadh an t-athchlárúchán; nó

(b) gur athchláraíodh an chuideachta i bhfoirm seachas san fhoirm a iarradh; nó

(c) gur foirceannadh an chuideachta go toilteanach faoi alt 251 den Phríomh-Acht.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur air mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan dul thar £500 san iomlán.

Teorainn leis an laghdú a fhéadfaidh cuideachta phoiblí theoranta a dhéanamh ar a scairchaipiteal leithroinnte.

17. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ní fhéadfaidh cuideachta phoiblí theoranta a scairchaipiteal leithroinnte a laghdú faoi bhun an íosmhéid údaraithe agus forléireofar alt 72 (1) den Phríomh-Acht dá réir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le seanchuideachta phoiblí theoranta a athchláraíodh mar chuideachta phoiblí theoranta go dtí go mbeidh an tréimhse eatramhach do scairchaipiteal caite.

(3) Má dhéanann an chúirt ordú ag dearbhú laghdú ar chaipiteal cuideachta poiblí teoranta arb é is éifeacht dó luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta a thabhairt faoi bhun an íosmhéid údaraithe, ní chláróidh an cláraitheoir an t-ordú faoi alt 75(1) den Phríomh-Acht mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt nó mura ndéanfar an chuideachta a athchlárú ar dtús mar fhoirm eile cuideachta.

(4) Cúirt a mbeidh aon ordú den sórt á dhéanamh aici i leith cuideachta poiblí teoranta, féadfaidh sí a údarú an chuideachta a athchlárú mar fhoirm eile cuideachta gan rún speisialta a bheith rite aici agus, má dhéanann an chúirt an méid sin a údarú amhlaidh do chuideachta phoiblí theoranta, sonróidh an chúirt san ordú na hathruithe ar mheabhrán agus airteagail na cuideachta a bheidh le déanamh i ndáil leis an athchlárú sin.

(5) I bhfeidhmiú alt 14 i leith cuideachta poiblí teoranta a iarrfaidh go ndéanfaí í a athchlárú mar chuideachta phríobháideach de bhun údarás arna thabhairt faoi fho-alt (4), beidh éifeacht leis an alt sin fara na modhnuithe seo a leanas—

(a) na tagairtí do rún speisialta na cuideachta beidh éifeacht leo mar thagairtí d'ordú na cúirte faoin bhfo-alt sin (4);

(b) ní bheidh feidhm ag alt 14(1) (a), (c) agus (d) ná (2); agus

(c) léifear alt 14(3) amhail is dá ndéanfaí na focail “Más deimhin leis an gcláraitheoir go bhféadfar cuideachta phoiblí theoranta a athchlárú faoi fho-alt (1)” a scriosadh agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad— “Nuair a gheofar iarratas ar athchlárú faoin alt seo a rinneadh de bhun ordú na cúirte faoi alt 17, déanfaidh an cláraitheoir mar a leanas”.

Cuideachtaí comhstoic a chlárú.

18. —(1) Cuideachta chomhstoic (de réir bhrí alt 329 den Phríomh-Acht) a iarrfaidh go ndéanfaí í a chlárú de bhun Chuid IX den Acht sin mar chuideachta faoi theorainn scaireanna, féadfaidh sí, faoi réir chomhalladh na gcoinníollacha a shonraítear in alt 9(5) (a) agus (b) (más infheidhme) agus alt 10(1) (a) go (d) mar a fheidhmítear iad leis an alt seo, agus faoi réir chomhlíonadh cheanglais fho-alt (4), a iarraidh go ndéanfaí í a chlárú amhlaidh mar chuideachta phoiblí theoranta.

(2) Beidh feidhm ag na hailt sin 9(5) agus 10 maidir le cuideachta chomhstoic a iarrfaidh go ndéanfaí í a chlárú faoin gCuid sin IX amhail mar atá feidhm acu maidir le cuideachta phríobháideach a iarrfaidh go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 9, ach á ghlacadh go mba thagairt don rún dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a) aon tagairt don rún speisialta dá dtagraítear in alt 9.

(3) Sna forálacha seo a leanas den alt seo iarratas iomchuí a thugtar ar iarratas a dhéanfaidh cuideachta de bhun na Coda sin IX chun clárú mar chuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar iarratas iomchuí agus seachadfar ar an gcláraitheoir é i dteannta na ndoiciméad seo a leanas (agus i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in alt 330 den Phríomh-Acht), is é sin—

(a) cóip den rún á rá gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta;

(b) cóip de ráiteas scríofa ó dhuine, a bheadh cáilithe faoi alt 162 den Phríomh-Acht lena cheapadh mar iniúchóir ar an gcuideachta dá mba chuideachta í a cláraíodh faoin Acht sin, á rá gurb é a thuairim go dtaispeánann clár comhardaithe iomchuí nár lú, ar dháta an chláir chomhardaithe, méid ghlansócmhainní na cuideachta ná comhiomlán scairchaipiteal glaoite na cuideachta agus a cúlchistí neamhindáilte;

(c) cóip den chlár comhardaithe iomchuí mar aon le cóip de thuarascáil gan agús ón duine sin i ndáil leis an gclár comhardaithe sin;

(d) cóip d'aon tuarascáil a ullmhaíodh faoi alt 9 (5) (b) mar a fheidhmítear é leis an alt seo; agus

(e) dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ó stiúrthóir nó rúnaí sa chuideachta á rá—

(i) gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear in alt 9 (5) (a) agus (b) (más infheidhme) agus alt 10 (1) (a) go (d); agus

(ii) nár tharla, idir dáta an chláir chomhardaithe dá dtagraítear i mír (b) agus dáta an iarratais iomchuí, aon athrú ar staid airgeadais na cuideachta a d'fhág gur lú méid ghlansócmhainní na cuideachta ná comhiomlán a scairchaipitil ghlaoite agus a cúlchistí neamhindáilte.

(5) Féadfaidh an cláraitheoir glacadh le dearbhú faoi fho-alt (4) (e) mar fhianaise leordhóthanach gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír sin.

(6) Más rud é maidir le hiarratas iomchuí gur deimhin leis an gcláraitheoir go bhféadfar an chuideachta a chlárú mar chuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna, luafar sa deimhniú corpraithe a bheidh á thabhairt aige faoi alt 336 den Phríomh-Acht gur cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta; agus is fianaise dhochloíte aon ráiteas den sórt sin gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo agus gur cuideachta phoiblí atá faoi theorainn amhlaidh an chuideachta.

(7) Ní dhéanfaidh clárú cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “clár comhardaithe iomchuí”, i ndáil le cuideachta, clár comhardaithe arna ullmhú amhail mar a bhí ar dháta nach faide siar ná seacht mí roimh dháta an iarratais iomchuí;

tá le “cúlchistí neamhindáilte” an bhrí chéanna atá leis in alt 46(2); agus

tá le “tuarascáil gan agús” an bhrí chéanna atá leis in alt 9(13);

agus tá feidhm ag alt 9(11) maidir le tuarascáil gan agús a thabhairt de bhun an ailt seo ar tuarascáil í de chineál a luaitear san fho-alt sin, amhail mar atá feidhm aige maidir le tuarascáil den sórt sin a thabhairt de bhun an ailt sin 9.

CUID III

Caipiteal cuideachta

Scairchaipiteal údaraithe agus eisiúint scairchaipitil

Míniú ar “íosmhéid údaraithe”.

19. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an t-íosmhéid údaraithe” £30,000 nó cibé suim is mó ná sin a shonróidh an tAire le hordú faoi fho-alt (2).

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a shonrú gur méid seachas £30,000 an t-íosmhéid údaraithe chun críocha an Achta seo agus féadfaidh ordú den sórt sin—

(a) a cheangal ar aon chuideachta phoiblí theoranta ag a bhfuil scairchaipiteal leithroinnte, ar lú a luach ainmniúil ná an méid a bheidh sonraithe san ordú mar an íosmhéid údaraithe, an luach sin a mhéadú go dtí luach nach lú ná an méid sin nó iarratas a dhéanamh go ndéanfaí í a athchlárú mar fhoirm eile cuideachta;

(b) foráil a dhéanamh, i ndáil le haon cheanglas den sórt sin, faoi chomhair aon ní de na nithe dá ndéantar foráil le haon achtachán in Achtanna na gCuideachtaí a bhaineann le clárú, athchlárú nó athrú ainm cuideachta, leis an íocaí ocht ar aon scair a chuimsítear i gcaipiteal cuideachta agus le scaireanna i gcuideachta nó bintiúir de chuid cuideachta a thairiscint don phobal, lena n-áirítear foráil maidir leis na hiarmhairtí (cibé acu sa dlí coiriúil nó ar dhóigh eile dóibh) a leanann as mainneachtain aon cheanglas den ordú a chomhlíonadh; agus

(c) cibé foráil fhorlíontach agus eatramhach a bheith ann is cuí leis an Aire, foráil éagsúil a dhéanamh do chásanna éagsúla agus, go sonrach, socrú a dhéanamh chun go dtiocfaidh aon fhoráil den ordú i ngníomh ar laethanta éagsúla chun críocha éagsúla.

Údarás ón gcuideachta a bheith riachtanach chun go bhféadfaidh stiúrthóirí urrúis áirithe a leithroinnt.

20. —(1) Ní fheidhmeoidh stiúrthóirí cuideachta aon chumhacht de chuid na cuideachta chun urrúis iomchuí a leithroinnt mura mbeidh na stiúrthóirí údaraithe de réir an ailt seo—

(a) ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta; nó

(b) ag airteagail na cuideachta,

chun feidhmiú amhlaidh.

(2) Féadfar údarás chun críocha an ailt seo a thabhairt chun an chumhacht sin a fheidhmiú go sonrach nó chun an chumhacht sin a fheidhmiú go ginearálta, agus féadfaidh sé a bheith saor ó choinníollacha nó faoi réir choinníollacha.

(3) Luafar in aon údarás den sórt sin an méid uasta d'urrúis iomchuí a fhéadfar a leithroinnt faoin údarás agus an dáta a rachaidh an t-údarás in éag, ar dáta é nach faide amach ná cúig bliana ó cibé dáta díobh seo a leanas is iomchuí—

(a) i gcás údarás a bhí in airteagail na cuideachta ar dháta corpraithe na cuideachta i gcéaduair, dáta an chorpraithe sin; agus

(b) in aon chás eile, an dáta a ritheadh an rún ar dá bhua a thugtar an t-údarás sin;

ach féadfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, aon údarás den sórt sin (lena n-áirítear údarás in airteagail na cuideachta) a chúlghairm nó a athrú roimhe sin.

(4) Féadfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, aon údarás den sórt sin (bíodh sé athnuaite cheana faoin bhfo-alt seo nó ná bíodh) a athnuachan go ceann tréimhse breise nach faide ná cúig bliana; ach ní foláir don rún a lua (nó a athlua) cad é méid na n-urrús iomchuí a fhéadfar a leithroinnt faoin údarás nó, de réir mar a bheidh, cad é an méid a bheidh fágtha le leithroinnt faoi, agus ní foláir don rún an dáta a rachaidh an t-údarás athnuaite in éag a shonrú.

(5) Féadfaidh na stiúrthóirí urrúis iomchuí a leithroinnt, d'ainneoin aon údarás chun críocha an ailt seo a bheith dulta in éag, más de bhun tairiscint nó comhaontú a rinne an chuideachta roimh éag don údarás a leithroinntear na hurrúis iomchuí agus gur cheadaigh an t-údarás di tairiscint nó comhaontú a dhéanamh a cheanglódh, nó a b'fhéidir a cheanglódh, urrúis iomchuí a leithroinnt tar éis don údarás dul in éag.

(6) Féadfaidh aon rún ó chuideachta chun údarás den sórt sin a thabhairt, a athrú, a chúlghairm, nó a athnuachan a bheith, d'ainneoin go n-athraíonn sé airteagail na cuideachta, ina ghnáth-rún ach beidh feidhm ag alt 143 den Phríomh-Acht maidir leis.

(7) Aon stiúrthóir a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an t-alt seo a shárú nó a cheadóidh nó a údaróidh é a shárú amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do bhailíocht aon leithroinnte ar urrúis iomchuí.

(9) Níl feidhm ag an alt seo maidir le haon leithroinnt ar urrúis iomchuí ag cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, más de bhun tairiscint nó comhaontú a rinneadh roimh an dáta a dtarlóidh an teagmhas is túisce de na teagmhais seo a leanas a dhéantar é, is é sin le rá, tionól chéad chruinniú ghinearálta na cuideachta tar éis a hathchláraithe nó a cláraithe mar chuideachta phoiblí theoranta agus deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta; ach aon rún chun údarás a thabhairt, a athrú nó a chúlghairm chun críocha an ailt seo beidh éifeacht leis chun na gcríoch sin má ritear é tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith.

(10) San alt seo ciallaíonn “urrúis iomchuí”, i ndáil le cuideachta—

(a) scaireanna sa chuideachta seachas scaireanna a dtaispeántar sa mheabhrán gur scaireanna iad a thóg sínitheoirí an mheabhráin sin nó scaireanna arna leithroinnt de bhun scair-scéim fostaithe; agus

(b) aon cheart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna, nó chun aon urrús a chomhshó ina scaireanna, sa chuideachta seachas scaireanna arna leithroinnt amhlaidh;

agus aon tagairt do leithroinnt urrús iomchuí folóidh sí tagairt do dheonú cirt den sórt sin ach ní fholóidh sí aon tagairt do leithroinnt scaireanna de bhun cirt den sórt sin.

Ní dhéanfar scaireanna ná bintiúir de chuid cuideachta príobháidí a thairiscint don phobal.

21. —(1) Beidh cuideachta phríobháideach, agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ciontach i gcion má dhéanann an chuideachta—

(a) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a thairiscint don phobal (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile); nó

(b) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile) d'fhonn gach ceann nó aon cheann de na scaireanna nó na bintiúir sin a thairiscint lena ndíol leis an bpobal.

(2) Beidh feidhm ag ailt 51(2) agus 61 den Phríomh-Acht chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do bhailíocht aon scaireanna ná bintiúir a leithroinnt nó a dhíol ná do bhailíocht aon chomhaontú chun scaireanna nó bintiúir a leithroinnt nó a dhíol.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Doiciméad, agus tairiscint ann, á rá an ndéanfar scaireanna a leithroinnt i gcás nach mbeidh an eisiúint suibscríofa go hiomlán.

22. —(1) Gan dochar d'alt 53 den Phríomh-Acht ní dhéanfar leithroinnt ar bith ar aon scairchaipiteal de chuid cuideachta poiblí teoranta a thairgfear lena shuibscríobh—

(a) mura mbeidh an caipiteal sin suibscríofa go hiomlán; nó

(b) mura ndéarfar sa tairiscint go bhféadfar, fiú mura mbeidh an caipiteal suibscríofa go hiomlán, an méid den chaipiteal sin a bheidh suibscríofa a leithroinnt in aon chás áirithe nó sa chás go mbeidh na coinníollacha a bheidh sonraithe sa tairiscint comhlíonta;

agus, i gcás coinníollacha a bheith sonraithe amhlaidh, ní dhéanfar leithroinnt ar bith ar an gcaipiteal de bhua mhír (b) mura mbeidh na coinníollacha sin comhlíonta.

(2) Beidh feidhm ag alt 53(4) agus ag alt 55 den Phríomh-Acht i gcás é a bheith toirmiscthe scaireanna a leithroinnt le fo-alt (1) amhail mar atá feidhm acu i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin 53; agus beidh feidhm ag fo-alt (5) den alt sin 53 maidir leis an alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir leis an alt sin.

(3) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás scaireanna a thairgtear mar scaireanna is iníoctha go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas in airgead, amhail mar atá feidhm acu i gcás scaireanna a thairgtear lena suibscríobh agus—

(a) i bhfo-alt (1), forléireofar an focal “suibscríofa” dá réir sin; agus

(b) san alt sin 53(4),amhail mar atá feidhm aige de bhua fho-alt (2) maidir leis an gcéad chás, folóidh na tagairtí d'airgead a fuarthas ó iarratasóirí ar scaireanna a aisíoc tagairtí do chomaoin ar bith eile a fuarthas amhlaidh a thabhairt ar ais (lena n-áirítear, i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs é, an t-iarratasóir a scaoileadh ó aon ghealltanas) nó, mura féidir le réasún an chomaoin a thabhairt ar ais, folóidh sé tagairtí d'airgead a íoc is ionann agus luach na comaoine ag an am a bhfuarthas é amhlaidh, agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí d'ús.

Cearta réamhcheannaigh

Cearta réamhcheannaigh.

23. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo agus d'ailt 24 agus 25, aon chuideachta a bheartaíonn aon urrúis chothromais a leithroinnt—

(a) ní leithroinnfidh sí aon cheann de na hurrúis sin ar aon téarmaí chuig aon duine mura mbeidh tairiscint déanta aici chuig gach duine a shealbhaíonn scaireanna iomchuí nó scaireanna fostaí iomchuí chun comhréir de na hurrúis sin a leithroinnt chuige ar na téarmaí céanna nó ar théarmaí níos fabharaí, i gcás ar comhréir í atá, a mhéid is féidir, comhionann leis an gcomhréir, ó thaobh luacha ainmniúil, a shealbhaíonn sé de mhéid comhiomlán na scaireanna iomchuí agus de na scaireanna fostaí iomchuí; agus

(b) ní leithroinnfidh sí aon cheann de na hurrúis sin chuig aon duine mura mbeidh an tréimhse caite ina bhféadfar aon tairiscint den sórt sin a ghlacadh nó mura mbeidh fógra faighte ag an gcuideachta á chur in iúl cé acu ar glacadh nó ar diúltaíodh glacadh le gach tairiscint a rinneadh amhlaidh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (3) maidir le haon fhoráil de mheabhrán nó d'airteagail chuideachta a chuireann de cheangal ar an gcuideachta, le linn di bheith ag beartú urrúis chothromais a leithroinnt arb éard iad scaireanna iomchuí d'aon chineál áirithe, gan na hurrúis sin a leithroinnt ar aon téarmaí mura mbeidh an coinníoll comhlíonta aici i dtaobh tairiscint den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh chuig gach duine a shealbhaíonn scaireanna iomchuí nó scaireanna fostaí iomchuí den chineál sin.

(3) Más rud é, de réir fhoráil lena mbaineann an fo-alt seo—

(a) go ndéanfaidh cuideachta tairiscint aon urrúis a leithroinnt ar shealbhóir den sórt sin; agus

(b) go ndéanfaidh an sealbhóir sin nó aon duine a mbeidh seisean tar éis a cheart chun leithroinnte na n-urrús sin a thréigean ina fhabhar, an tairiscint a ghlacadh,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le leithroinnt na n-urrús sin agus féadfaidh an chuideachta iad a leithroinnt dá réir sin; ach ní dochar d'fheidhmiú fho-alt (1) in aon chás eile an fo-alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le leithroinnt áirithe ar urrúis chothromais i gcás go bhfuil na hurrúis íoctha, nó go bhfuil siad le híoc, go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas in airgead.

(5) Urrúis a thairg cuideachta a leithroinnt ar shealbhóir scaireanna iomchuí nó scaireanna fostaí iomchuí féadfar iad a leithroinnt air nó ar aon duine a mbeidh sé tar éis a cheart chun na leithroinnte a thréigean ina fhabhar gan sárú a dhéanamh ar fho-alt (1) (b).

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil leis an leithroinnt ar aon urrúis a ndéanfaí, ar leith ó thréigean nó sannadh an chirt chun a leithroinnte, iad a shealbhú faoi scair-scéim fostaithe.

(7) Aon tairiscint a gceanglaítear, le fo-alt (1) nó le haon fhoráil lena mbaineann fo-alt (3), í a dhéanamh chuig aon duine déanfar í trína seirbheáil air ar an modh a n-údaraítear fógraí a thabhairt le rialacháin 133, 134 agus 135 de Thábla A; ach i gcás gur sealbhóir barántas scaire é féadfar, ina ionad sin, an tairiscint a dhéanamh trína chur faoi deara an tairiscint, nó fógra á rá cá bhféadfar cóip den tairiscint a fháil nó a iniúchadh, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(8) In aon tairiscint den sórt a luaitear i bhfo-alt (7) ní foláir tréimhse nach lú ná 21 lá a lua mar thréimhse ina bhféadfar glacadh leis an tairiscint sin; agus ní tharraingeofar siar an tairiscint roimh dheireadh na tréimhse sin.

(9) Ní chuirfidh fo-ailt (7) agus (8) aon fhoráil lena mbaineann fo-alt (3) ó bhail de bhíthin go gceanglaíonn nó go n-údaraíonn an fhoráil sin tairiscint fúithi a dhéanamh de shárú ar cheann amháin de na fo-ailt sin nó orthu araon, ach, sa mhéid go gceanglaíonn nó go n-údaraíonn an fhoráil tairiscint den sórt sin a dhéanamh amhlaidh, beidh sí gan éifeacht.

(10) Féadfar fo-alt (1), (7) nó (8), ina fheidhmiú i ndáil le leithroinntí ag cuideachta phríobháideach ar urrúis chothromais nó i ndáil le leithroinntí de thuairisc áirithe, a eisiamh le foráil i meabhrán nó in airteagail na cuideachta sin; agus ceanglas nó údarás atá i meabhrán nó in airteagail chuideachta príobháidí, beidh, má tá sé ar neamhréir le haon fho-alt de na fo-ailt sin, éifeacht leis mar fhoráil a eisiann an fo-alt sin, ach ní áireofar foráil lena mbaineann fo-alt (3) mar fhoráil atá ar neamhréir le fo-alt (1).

(11) Má sháraítear fo-ailt (1), (7) nó (8) nó foráil lena mbaineann fo-alt (3) beidh an chuideachta, agus gach oifigeach don chuideachta a d'údaraigh nó a cheadaigh an sárú sin go feasach, faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, cúiteamh a dhéanamh le haon duine chuig ar chóir tairiscint a dhéanamh faoin bhfo-alt nó faoin bhforáil a sáraíodh, as aon chaillteanas, damáiste, costais nó caiteachais a bhain don duine sin nó a thabhaigh sé de dheasca an tsáraithe; ach ní thionscnófar aon imeachtaí chun aon chaillteanas, damáiste, costais ná caiteachais den sórt sin a ghnóthú tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta a seachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí an tuairisceán ar na leithroinntí i gceist nó, i gcás ina ndéantar urrúis chothromais seachas scaireanna a dheonú, ó dháta an deonaithe.

(12) I ndáil le haon tairiscint chun aon urrúis a leithroinnt a cheanglaítear a dhéanamh le fo-alt (1) nó le haon fhoráil lena mbaineann fo-alt (3), déanfar tagairtí san alt seo (cibé dóigh a sainítear iad) do shealbhóir scaireanna de thuairisc ar bith a léamh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a shealbhaigh scaireanna den tuairisc sin lá ar bith sa tréimhse ocht lá is fiche dar críoch an lá díreach roimh dháta na tairisceana.

(13) San alt seo agus in ailt 24 agus 25—

ciallaíonn “urrús cothromais”, i ndáil le cuideachta, scair iomchuí sa chuideachta (seachas scair a dtaispeántar sa mheabhrán gur scair í a thóg sínitheoir leis an meabhrán sin nó scair bhónais) nó ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna iomchuí sa chuideachta, nó chun aon urrúis a chomhshó ina scaireanna iomchuí sa chuideachta, agus folóidh tagairtí do leithroinnt ar urrúis chothromais nó ar urrúis chothromais arb éard iad scaireanna iomchuí de chineál áirithe tagairtí do dheonú cirt chun suibscríobh le haghaidh scaireanna iomchuí sa chuideachta, nó de réir a bheidh, le haghaidh scaireanna iomchuí de chineál áirithe, nó chun aon urrúis a chomhshó ina scaireanna iomchuí sa chuideachta, nó de réir mar a bheidh, ina scaireanna iomchuí de chineál áirithe, ach ní fholóidh siad tagairtí do leithroinnt ar aon scaireanna iomchuí de bhun an chirt sin;

ciallaíonn “scaireanna fostaí iomchuí”, i ndáil le cuideachta, scaireanna de chuid na cuideachta ar scaireanna iomchuí sa chuideachta a bheadh iontu murach iad a bheith á sealbhú ag duine a fuair iad de bhun scair-scéim fostaithe; agus

ciallaíonn “scaireanna iomchuí” i ndáil le cuideachta, scaireanna sa chuideachta seachas—

(a) scaireanna lena ngabhann, maidir le díbhinní agus caipiteal, ceart gan a bheith rannpháirteach ach amháin go feadh méid sonraithe i ndáileadh; agus

(b) scaireanna atá á sealbhú ag duine a fuair iad de bhun scairscéim fostaithe, nó, i gcás scaireanna nach mbeidh leithroinnte, scaireanna atá le leithroinnt de bhun scéime den sórt sin;

agus forléireofar aon tagairt do chineál scaireanna mar thagairt do scaireanna lena ngabhann na cearta céanna i ndáil le vótáil agus i ndáil le rannpháirtíocht, maidir le díbhinní agus maidir le caipiteal, i ndáileadh.

Forálacha breise i ndáil le cearta réamhcheannaigh.

24. —(1) Má bhíonn stiúrthóirí cuideachta údaraithe go ginearálta chun críocha alt 20, féadfar cumhacht a thabhairt dóibh le hairteagail na cuideachta nó le rún speisialta ón gcuideachta chun leithroinnt a dhéanamh ar urrúis chothromais de bhun an údaráis sin amhail is dá mba rud é—

(a) nach raibh feidhm ag alt 23 (1) maidir leis an leithroinnt; nó

(b) go raibh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an leithroinnt, fara cibé modhnuithe ar a gcinnfidh na stiúrthóirí;

agus má dhéanann na stiúrthóirí leithroinnt faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin 23.

(2) Má bhíonn stiúrthóirí cuideachta údaraithe chun críocha alt 20 (cibé acu go ginearálta nó ar shlí eile), féadfaidh an chuideachta a bheartú le rún speisialta—

(a) nach mbeidh feidhm ag alt 23 (1) maidir le leithroinnt shonraithe ar urrúis chothromais a bheidh le déanamh de bhun an údaráis sin; nó

(b) go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an leithroinnt fara cibé modhnuithe a bheidh sonraithe sa rún;

agus má ritear an rún sin beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin 23.

(3) Scoirfidh cumhacht a thugtar de bhua fho-alt (1) nó rún speisialta faoi fho-alt (2) d'éifeacht a bheith leo an tráth a gcúlghairfear an t-údarás lena mbaineann siad nó an tráth a rachadh an t-údarás in éag, dá mbeadh sé gan athnuachan, ach má athnuaitear an t-údarás sin, féadfar, le rún speisialta ón gcuideachta, an chumhacht nó, de réir mar a bheidh, an rún a athnuachan freisin go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse dá n-athnuaitear an t-údarás.

(4) D'ainneoin aon chumhacht nó rún den sórt sin a bheith dulta in éag, féadfaidh na stiúrthóirí urrúis chothromais a leithroinnt de bhun tairiscint nó comhaontú a bheidh déanta roimhe sin ag an gcuideachta, má chuir an chumhacht nó an rún ar chumas na cuideachta tairiscint nó comhaontú a dhéanamh a cheanglódh, nó a b'fhéidir a cheanglódh, urrúis chothromais a leithroinnt tar éis don chumhacht nó don rún sin dul in éag.

(5) Ní thairgfear rún speisialta faoi fho-alt (2), ná rún speisialta chun rún den sórt sin a athnuachan, mura mbeidh sé molta ag na stiúrthóirí agus mura mbeidh ráiteas i scríbhinn curtha amach ag na stiúrthóirí, mar aon leis an bhfógra faoin gcruinniú ag a bhfuil an rún le tairgeadh, chuig na comhaltaí atá i dteideal an fógra sin a fháil, á leagan síos—

(a) cad iad na cúiseanna atá acu leis an moladh a dhéanamh;

(b) cad é an méid atá le híoc leis an gcuideachta i leith na n-urrús cothromais atá le leithroinnt; agus

(c) cad é an bonn cirt atá ag na stiúrthóirí leis an méid sin.

(6) Aon duine a thabharfaidh go feasach nó go meargánta údarás nó cead chun aon ábhar atá míthreorach, bréagach nó meabhlach i bponc ábhartha a chur isteach i ráiteas atá le cur amach faoi fho-alt (5), beidh sé ciontach i gcion.

Forálacha eatramhacha i ndáil le cearta réamhcheannaigh.

25. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 23 agus 24—

(a) maidir le haon leithroinnt ar urrúis chothromais ag cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, roimh an dáta a dtarlóidh an teagmhas is túisce de na teagmhais seo a leanas, is é sin le rá, tionól chéad chruinniú ginearálta na cuideachta tar éis a hathchláraithe nó a cláraithe mar chuideachta phoiblí theoranta agus deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta; nó

(b) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2), maidir le leithroinnt ar urrúis chothromais atá faoi réir an cheanglais a luaitear san fho-alt sin.

(2) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina mbeidh, nó, murach forálacha an Achta seo, ina mbeadh, aon chuideachta atá athchláraithe nó cláraithe mar chuideachta phoiblí theoranta faoi réir, tráth an athchláraithe nó, de réir mar a bheidh, an chláraithe, ag ceanglas a forchuireadh (cibé acu le meabhrán nó le hairteagail na cuideachta nó ar shlí eile) roimh an tráth iomchuí agus nach foláir don chuideachta, de bhua an cheanglais sin agus le linn di bheith ag leithroinnt urrús cothromais, tairiscint a dhéanamh chun na hurrúis sin, nó cuid acu, a leithroinnt ar mhodh atá (seachas de bhua gabháil a bheith aige le sárú ar alt 23 (7) nó (8)) ar neamhréir le halt 23.

(3) Aon cheanglas—

(a) a fhorchuirtear ar chuideachta phríobháideach roimh an tráth iomchuí ar shlí seachas le meabhrán nó le hairteagail na cuideachta;

agus

(b) i gcás é bheith i meabhrán nó in airteagail na cuideachta, a mbeadh éifeacht leis de bhua alt 23 (10) d'eisiamh aon fhoráil den alt sin,

beidh éifeacht leis, a fhad a fhanfaidh an chuideachta ina cuideachta phríobháideach, amhail is dá mbeadh sé i meabhrán nó in airteagail na cuideachta.

(4) Más rud é, ag an tráth iomchuí, go mbeidh cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, faoi réir ag ceanglas den sórt a luaitear in alt 23 (2) agus a forchuireadh ar mhodh seachas le meabhrán nó le hairteagail na cuideachta, áireofar an ceanglas chun críocha an ailt sin amhail is dá mbeadh sé i meabhrán nó in airteagail na cuideachta.

(5) San alt seo ciallaíonn “an tráth iomchuí”—

(a) ach amháin i gcás atá faoi réim mhír (b) deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta;

agus

(b) i gcás cuideachta a athchláraíodh nó a cláraíodh mar chuideachta phoiblí theoranta de bhun iarratais arna dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse sin, tráth déanta an iarratais.

Íocaíocht ar scairchaipiteal

Scairchaipiteal a shuibscríobh.

26. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, féadfar scaireanna a leithroinnfidh cuideachta agus aon phréimh is iníoctha orthu a íoc in airgead nó i luach airgid (lena n-áirítear cáilmheas agus saineolas).

(2) Ní ghlacfaidh cuideachta phoiblí theoranta, tráth ar bith, mar íocaíocht ar a scaireanna nó ar aon phréimh orthu, le gealltanas a thabharfaidh duine ar bith go ndéanfadh seisean nó duine eile obair nó seirbhísí don chuideachta nó do dhuine ar bith eile.

(3) Má ghlacann cuideachta phoiblí theoranta le gealltanas den sórt sin mar íocaíocht ar a cuid scaireanna nó ar aon phréimh is iníoctha orthu, beidh sealbhóir na scaireanna, an tráth a áirítear na scaireanna sin nó an phréimh orthu a bheith íoctha, go hiomlán nó go páirteach, leis an ngealltanas—

(a) faoi dhliteanas méid a íoc leis an gcuideachta i leith na scaireanna sin is ionann agus a luach ainmniúil, mar aon le hiomlán aon phréimhe, nó, má cheanglaítear sin sa chás, cibé comhréir den mhéid sin a áirítear a bheith íoctha leis an ngealltanas; agus

(b) faoi dhliteanas ús a íoc de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoi mhír (a).

(4) Má thagann duine chun bheith ina shealbhóir ar aon scaireanna ar tharla maidir leo—

(a) go ndearnadh sárú ar an alt seo; agus

(b) de bhua an tsáraithe sin, go bhfuil duine eile faoi dhliteanas aon mhéid faoin alt seo a íoc,

beidh an duine sin freisin faoi dhliteanas an méid sin a íoc (i gcomhpháirt agus go leithleach mar aon le haon duine eile atá faoi dhliteanas amhlaidh) mura rud é gur ceannaitheoir ar luach-chomaoin é agus nach raibh, tráth an cheannaithe, fógra iarbhír faoin sárú faighte aige nó go raibh teideal chun na scaireanna faighte aige (go díreach nó go neamhdhíreach) ó dhuine dá ndearnadh sealbhóir orthu tar éis an tsáraithe agus nach raibh faoi dhliteanas amhlaidh.

(5) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar chuideachta scaireanna bónais sa chuideachta a leithroinnt ar a comhaltaí ná aon mhéideanna a bheidh de thuras na huaire gan íoc ar aon cheann dá scaireanna (cibé acu ar chuntas luach ainmniúil na scaireanna nó i modh préimhe) a íoc as suimeanna a bheidh ar fáil chun na críche.

(6) Folaíonn tagairtí san alt seo do shealbhóir, i ndáil le haon scaireanna i gcuideachta, tagairtí d'aon duine ag a bhfuil ceart neamhchoinníollach a bheith ar áireamh i gclár chomhaltaí na cuideachta i leith na scaireanna sin nó ag a bhfuil ceart neamhchoinníollach go ndéanfaí ionstraim aistrithe ar na scaireanna a fhorghníomhú ina fhabhar.

Toirmeasc ar scaireanna a leithroinnt faoi lascaine.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (4), ní dhéanfar scaireanna i gcuideachta a leithroinnt faoi lascaine.

(2) Má leithroinntear scaireanna de shárú ar fho-alt (1), dlífidh an leithroinní méid a íoc leis an gcuideachta is ionann agus méid na lascaine agus dlífidh sé ús a íoc air sin de réir an ráta iomchuí.

(3) Beidh feidhm ag alt 26 (4) chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

(4) An aisghairm ar alt 63 den Phríomh-Acht a dhéantar le halt 3(2) ní difear é d'iarratas ar ordú ag ceadú scaireanna a eisiúint faoi lascaine a bheidh déanta chun na cúirte faoin alt sin agus nach mbeidh tarraingthe siar ná curtha de láimh roimh an lá ceaptha, ná ní difear é d'ordú a dhéanfar an lá sin nó aon lá dá éis de bhun aon iarratais den sórt sin, agus—

(a) féadfar dul ar aghaidh le haon iarratas den sórt sin agus féadfar aon ordú den sórt sin, mura mbeidh sé déanta roimh an lá ceaptha, a dhéanamh amhail is dá mba nár aisghaireadh an t-alt sin; agus

(b) féadfar, dá réir sin, scaireanna a leithroinnt faoi lascaine de réir aon ordú den sórt sin (cibé acu a dhéanfar an t-ordú sin roimh an lá ceaptha, ar an lá ceaptha nó aon lá dá éis).

Íocaíocht ar scaireanna leithroinnte.

28. —(1) Faoi réir fho-alt (4), ní leithroinnfidh cuideachta phoiblí theoranta scair seachas scair a mbeidh an ceathrú cuid ar a laghad de luach ainmniúil na scaire agus iomlán aon phréimhe uirthi íoctha.

(2) Má leithroinneann cuideachta phoiblí theoranta scair de shárú ar fho-alt (1), áireofar an scair amhail is dá mbeadh an ceathrú cuid dá luach ainmniúil, mar aon le hiomlán aon phréimhe, faighte, ach dlífidh an leithroinní go n-íocfaidh sé leis an gcuideachta an méid íosta a ba chóir a bheith faighte i leith na scaire faoin bhfo-alt sin lúide luach aon chomaoine as ar baineadh feidhm iarbhír ag íoc (go feadh méid ar bith) na scaire agus aon phréimhe uirthi, mar aon le hús de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le scair bhónais a leithroinnt de shárú ar fho-alt (1) mura rud é gurbh eol, nó gur chóir gurbh eol, don leithroinní go ndearnadh an scair a leithroinnt amhlaidh.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (3) maidir le scaireanna a leithroinnfear de bhun scair-scéim fostaithe.

(5) Beidh feidhm ag alt 26(4) chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

Comaoin nach comaoin airgid a íoc.

29. —(1) Ní leithroinnfidh cuideachta phoiblí theoranta scaireanna mar scaireanna láníoctha nó páirt-íoctha (ó thaobh a luacha ainmniúil nó aon phréimhe is iníoctha orthu) ar shlí seachas in airgead más rud é gurb é atá sa chomaoin i leith na leithroinnte, nó go n-áirítear inti, gealltanas atá le comhlíonadh nó a fhéadfar a chomhlíonadh tráth is faide amach ná cúig bliana tar éis dáta na leithroinnte.

(2) Má leithroinneann cuideachta phoiblí theoranta scaireanna de shárú ar fho-alt (1), dlífidh leithroinní na scaireanna méid a íoc leis an gcuideachta is ionann agus a luach ainmniúil mar aon le hiomlán aon phréimhe, nó, má cheanglaítear sin sa chás, cibé comhréir den mhéid sin a áirítear a bheith íoctha leis an ngealltanas agus dlífidh sé ús a íoc de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(3) Mura sárú ar fho-alt (1) conradh chun scaireanna a leithroinnt, is neamhní d'aon athrú ar an gconradh arb é is éifeacht dó go sáródh an conradh an fo-alt sin dá mba iad téarmaí an chonartha, amhail mar a athraíodh iad, a théarmaí bunaidh.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le haon athrú a dhéanfaidh cuideachta phoiblí theoranta ar na téarmaí i gconradh faoina ndeachthas sular cláraíodh nó sular athchláraíodh an chuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta.

(5) Má leithroinneann cuideachta phoiblí theoranta scaireanna ar chomaoin arb é atá inti, nó ar a n-áirítear (de réir fho-alt (1)), gealltanas atá le comhlíonadh laistigh de chúig bliana ón leithroinnt ach nach gcomhlíontar an gealltanas sin laistigh den tréimhse atá lamháilte sa chonradh chun na scaireanna a leithroinnt, dlífidh leithroinní na scaireanna i gceist méid a íoc leis an gcuideachta ag deireadh na tréimhse sin, is ionann agus luach ainmniúil na scaireanna, mar aon le hiomlán aon phréimhe, nó, má cheanglaítear sin sa chás, cibé comhréir den mhéid sin a áirítear a bheith íoctha leis an ngealltanas, mar aon le hús de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(6) Beidh feidhm ag alt 26(4) i ndáil le sárú ar an alt seo agus i ndáil le mainneachtain téarma conartha a chomhlíonadh mar a luaitear i bhfo-alt (5) amhail mar atá feidhm aige i ndáil le sárú ar an alt sin.

(7) Folaíonn aon tagairt san alt seo do chonradh chun scaireanna a leithroinnt tagairt do chonradh foghabhálach a bhaineann le híocaíocht i leith na scaireanna sin.

Tuarascálacha saineolaithe ar chomaoin nach comaoin airgid roimh leithroinnt scaireanna.

30. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní leithroinnfidh cuideachta phoiblí theoranta scaireanna mar scaireanna láníoctha nó páirt-íoctha (ó thaobh a luacha ainmniúil nó aon phréimhe is iníoctha orthu) ar shlí seachas in airgead mura rud é—

(a) go mbeidh luacháil déanta de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo ar an gcomaoin i leith na leithroinnte;

(b) go mbeidh, sna sé mhí díreach roimh an leithroinnt ar na scaireanna, tuarascáil maidir lena luach tugtha don chuid eachta ag duine a bheidh ceaptha ag an gcuideachta de réir na bhforálacha sin; agus

(c) go mbeidh cóip den tuarascáil curtha chuig leithroinní beartaithe na scaireanna.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le leithroinnt a dhéanfaidh cuideachta ar scaireanna i ndáil le—

(a) comhshocraíocht chun scaireanna sa chuideachta sin a leithroinnt ar théarmaí a fhágfaidh go mbeidh an chomaoin go léir, nó cuid den chomaoin, i leith na scaireanna a leithroinneadh le cur ar fáil trí aistriú chun na cuideachta sin, nó trí chealú a dhéanamh, ar na scaireanna go léir nó ar chuid de na scaireanna, nó ar na scaireanna go léir nó ar chuid de na scaireanna de chineál áirithe, i gcuideachta eile (i dteannta nó d'éagmais scaireanna, nó scaireanna d'aon chineál áirithe, sa chuideachta eile sin a eisiúint chuig an gcuideachta sin); nó

(b) cumasc beartaithe idir an chuideachta sin agus cuideachta eile.

(3) Ní eisiann fo-alt (2) (a) feidhmiú fho-alt (1) maidir leis an leithroinnt ar scaireanna ag cuideachta i ndáil le haon chomhshocraíocht den sórt a luaitear san fho-alt sin mura ceadaithe do na sealbhóirí go léir ar na scaireanna sa chuideachta eile i gceist nó, i gcás nach mbeidh feidhm ag an gcomhshocraíocht ach amháin i gcás scaireanna de chineál áirithe, do na sealbhóirí go léir ar scaireanna sa chuideachta eile sin den chineál sin, bheith páirteach sa chomhshocraíocht. Nuair a bheifear á chinneadh an mar sin atá, ní thabharfar aird ar scaireanna a shealbhaíonn an chuideachta, nó a shealbhaíonn ainmnitheach don chuideachta, a bhfuil beartaithe aici na scaireanna a leithroinnt i ndáil leis an gcomhshocraíocht, ná ar scaireanna a shealbhaíonn cuideachta, nó ainmnitheach do chuideachta arb í cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta don chuideachta sin í nó cuideachta ar fochuideachta dá cuideachta shealbhaíochta í.

(4) Chun críocha fho-alt (2) (b), tá cumasc beartaithe idir dhá chuideachta nuair a bheartaíonn cuideachta amháin díobh na sócmhainní agus na dliteanais go léir sa chuideachta eile a fháil mar mhalairt ar scaireanna nó urrúis eile sa cheann sin a eisiúint chuig scairshealbhóirí sa cheann eile, i dteannta nó d'éagmais íocaíochta airgid leis na scairshealbhóirí sin.

(5) An luacháil agus an tuarascáil a cheanglaítear le fo-alt (1) is duine neamhspleách a dhéanfaidh iad, is é sin le rá, duine atá cáilithe tráth na tuarascála lena cheapadh, nó le bheith fós, ina iniúchóir ar an gcuideachta, ach amháin i gcás inar dealraitheach dó gur réasúnach go ndéanfadh duine eile luacháil ar an gcomaoin, nó luacháil ar chuid den chomaoin, nó go nglacfadh sé le luacháil a rinne an duine eile sin—

(a) a ndealraítear dó an t-eolas agus an taithí is gá a bheith aige chun an chomaoin nó an chuid sin den chomaoin a luacháil; agus

(b) nach oifigeach ná seirbhíseach don chuideachta é ná d'aon chomhlacht corpraithe eile is fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chuideachta sin nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin ná nach comhpháirtí ná fostaí de chuid oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin é,

go bhféadfaidh an duine neamhspleách sin socrú a dhéanamh faoi chomhair na luachála sin, nó glacadh leis an luacháil sin, mar aon le tuarascáil a chuirfidh ar a chumas a thuarascáil féin a thabhairt faoin bhfo-alt sin agus nóta a sholáthar de réir fho-alt (8).

(6) Sa tuarascáil ón duine neamhspleách faoi fho-alt (1) luafar—

(a) luach ainmniúil na scaireanna a bhfuiltear le híoc go hiomlán nó go páirteach astu leis an gcomaoin i gceist;

(b) méid aon phréimhe is iníoctha ar na scaireanna sin;

(c) tuairisc ar an gcomaoin agus, maidir leis an gcuid sin den chomaoin ar a ndearna sé luacháil é féin, tuairisc ar an gcuid sin den chomaoin, an modh a d'úsáid sé lena luacháil agus dáta na luachála; agus

(d) a mhéid a n-áireofar luach ainmniúil na scaireanna agus aon phréimhe a bheith íoctha—

(i) leis an gcomaoin;

(ii) in airgead.

(7) Más duine seachas an duine neamhspleách a dhéanfaidh luacháil ar aon chomaoin faoin alt seo, luafar an méid sin sa tuarascáil faoi fho-alt (1) ón duine neamhspleách sin agus, sa tuarascáil sin freisin—

(a) luafar ainm an chéad duine sin agus cad é an t-eolas agus an taithí atá aige chun an luacháil a dhéanamh; agus

(b) tabharfar tuairisc ar an gcuid sin den chomaoin ar a ndearna an duine eile sin luacháil, an modh a d'úsáid sé lena luacháil agus luafar dáta na luachála.

(8) Sa tuarascáil, nó ag gabháil leis an tuarascáil, ón duine neamhspleách a thabharfar faoi fho-alt (1), beidh nóta uaidh—

(a) á rá, i gcás luacháil a rinne duine eile, gur dhealraigh sé don duine neamhspleách é bheith réasúnach a shocrú go ndéanfaí an luacháil amhlaidh, nó go nglacfaí le luacháil a rinneadh amhlaidh;

(b) á rá, cibé duine a rinne an luacháil, go raibh an modh luachála réasúnach sna cúinsí go léir;

(c) á rá go ndealraíonn sé don duine neamhspleách nach bhfuil aon athrú ábhartha ar luach na comaoine i gceist ó dháta na luachála; agus

(d) á rá, ar bhonn na luachála, nach lú luach na comaoine, mar aon le haon airgead lena mbeidh luach ainmniúil na scaireanna nó aon phréimh is iníoctha orthu le híoc, ná cibé cuid de chomhiomlán an luacha ainmniúil agus iomlán aon phréimhe den sórt sin a áirítear a bheith íoctha leis an gcomaoin agus le haon airgead den sórt sin.

(9) Tá feidhm ag fo-alt (10) i gcás ina ndéanann cuideachta phoiblí theoranta aon scair a leithroinnt de shárú ar fho-alt (1) agus—

(a) nach mbeidh tuarascáil faoin alt seo faighte ag an leithroinní; nó

(b) go mbeidh sárú éigin eile déanta ar an alt seo agus gurbh eol don leithroinní, nó gur chóir gurbh eol dó, gur sárú a bhí ann.

(10) I gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, dlífidh an leithroinní méid a íoc leis an gcuideachta is ionann agus luach ainmniúil na scaireanna, mar aon le hiomlán aon phréimhe nó, má cheanglaítear sin sa chás, cibé comhréir den mhéid sin a áirítear a bheith íoctha leis an gcomaoin, agus dlífidh sé ús a íoc de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(11) Beidh feidhm ag alt 26(4) chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

(12) I gcás ina nglactar leis an gcomaoin go páirteach mar íocaíocht ar luach ainmniúil na scaireanna agus aon phréimhe agus go páirteach i leith comaoine éigin eile ón gcuideachta, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo ionann is dá bhfolódh tagairtí don chomaoin a ghlac an chuideachta tagairtí don chomhréir den chomaoin sin is inchurtha go cuí i leith íocaíocht an luacha sin agus aon phréimhe; agus

(a) déanfaidh an duine neamhspleách, nó socróidh sé go ndéanfar, cibé luachálacha eile a chuirfidh ar a chumas an chomhréir sin a chinneadh; agus

(b) luafar ina thuarascáil faoi fho-alt (1) cad iad na luachálacha atá déanta de bhua an fho-ailt seo agus ina theannta sin luafar an chúis a bhí le haon luacháil den sórt sin agus modh agus dáta na luachála agus aon nithe eile is iomchuí don chinneadh sin.

(13) Dearbhaítear leis seo, d'fhonn amhras a sheachaint, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1) ag féachaint don fheidhm a bhaintear as méid atá de thuras na huaire chun creidmheasa d'aon chuntais chúlchiste de chuid na cuideachta nó chun creidmheasa dá cuntas sochair agus dochair chun íoc (go feadh méid ar bith) as aon scaireanna a leithroinneadh ar chomhaltaí na cuideachta nó aon phréimheanna ar aon scaireanna a leithroinneadh amhlaidh; agus i ndáil le haon leithroinnt den sórt sin ní fholaíonn tagairtí san alt seo don chomaoin i leith na leithroinnte aon mhéid den sórt sin as ar baineadh feidhm amhlaidh.

(14) San alt seo—

(a) ciallaíonn “comhshocraíocht” aon chomhaontú, scéim nó comhshocraíocht (lena n-áirítear comhshocraíocht arna ceadú de réir alt 201 nó 260 den Phríomh-Acht);

(b) folaíonn aon tagairt do chuideachta, ach amháin mar a ndéantar, nó mar a ndéanfar, í a fhorléiriú mar thagairt do chuideachta phoiblí theoranta, tagairt d'aon chomhlacht corpraithe agus d'aon chomhlacht ar eisíodh litreacha paitinne chuige faoin Chartered Companies Act, 1837; agus

(c) ní fholóidh aon tagairt d'oifigeach nó do sheirbhíseach tagairt d'iniúchóir.

Tuarascálacha saineolaithe: forlíontach.

31. —(1) Aon duine a mbeidh luacháil á déanamh aige nó tuarascáil á tabhairt aige faoi alt 30 maidir le haon chomaoin atá beartaithe ag an gcuideachta a ghlacadh nó a thabhairt beidh sé i dteideal cibé eolas agus míniú is dóigh leis is gá a fháil ó oifigigh na cuideachta lena chumasú dó an luacháil a dhéanamh nó an tuarascáil a thabhairt agus nóta a sholáthar faoin alt sin.

(2) Cuideachta dá dtabharfar tuarascáil den sórt sin i dtaobh luach aon chomaoine a mbeartaíonn sí scaireanna a leithroinnt ina leith, nó a leithroinnt go páirteach ina leith, seachadfaidh sí cóip den tuarascáil ar chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú an tráth céanna a gcomhdóidh sí an tuairisceán ar leithrannta na scaireanna sin faoi alt 58 den Phríomh-Acht, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin maidir le mainneachtain an fo-alt seo a chomhlíonadh mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain an t-alt sin a chomhlíonadh.

(3) Aon duine a dhéanfaidh ráiteas go feasach nó go meargánta—

(a) ar ráiteas é atá míthreorach, bréagach nó meabhlach i bponc ábhartha, agus

(b) ar ráiteas é lena mbaineann an fo-alt seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(4) Tá feidhm ag fo-alt (3) maidir le haon ráiteas a dhéanfar (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) le haon duine a bhfuil luacháil á déanamh aige nó tuarascáil á tabhairt aige faoi alt 30, ar ráiteas é a thugann aon eolas nó míniú, nó a airbheartaíonn aon eolas nó míniú a thabhairt, atá á éileamh ag an duine sin nó a bhfuil sé i dteideal é a éileamh, faoi fho-alt (1).

Tuarascálacha saineolaithe ar shócmhainní nach sócmhainní airgid a fhaightear ó shínitheoirí, etc.

32. —(1) Aon chuideachta phoiblí theoranta, seachas cuideachta atá athchláraithe faoi alt 12, ní dhéanfaidh sí, mura mbeidh na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3) comhlíonta, comhaontú le duine iomchuí faoina n-aistreoidh an duine sin le linn na tréimhse tosaigh ceann amháin nó níos nó de shócmhainní nach sócmhainní airgid chuig an gcuideachta nó chuig duine eile ar chomaoin a bheidh le tabhairt ag an gcuideachta agus arb ionann luach di tráth an chomhaontaithe agus an deichiú cuid ar a laghad de luach ainmniúil scairchaipiteal na cuideachta a bheidh eisithe an tráth sin.

(2) San alt seo—

(a) i ndáil le cuideachta a foirmíodh mar chuideachta phoiblí theoranta, ciallaíonn “duine iomchuí” aon sínitheoir le meabhrán na cuideachta agus ciallaíonn “tréimhse tosaigh” an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a n-eiseofar deimhniú faoi alt 6 chuig an gcuideachta á rá go bhfuil sí i dteideal gnó a dhéanamh;

(b) i ndáil le cuideachta a athchláraíodh, nó a cláraíodh de réir alt 18, mar chuideachta phoiblí theoranta, ciallaíonn “duine iomchuí” aon duine a bhí ina chomhalta den chuideachta ar dháta an athchláraithe nó an chláraithe agus ciallaíonn “tréimhse tosaigh” an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go mbeidh an chomaoin atá le glacadh ag an gcuideachta (is é sin le rá, an tsócmhainn atá le haistriú chuig an gcuideachta nó an buntáiste don chuideachta as í a aistriú chuig duine eile), agus aon chomaoin seachas airgead atá le tabhairt ag an gcuideachta, luacháilte faoi na forálacha seo a leanas den alt seo (gan dochar d'aon cheanglas luacháil a dhéanamh ar aon chomaoin faoi alt 30);

(b) go mbeidh tuarascáil, maidir leis an gcomaoin a bheidh le glacadh agus le tabhairt amhlaidh, tugtha don chuideachta de réir na bhforálacha sin sa tréimhse sé mhí díreach roimh dháta an chomhaontaithe;

(c) go mbeidh glactha le téarmaí an chomhaontaithe trí ghnáthrún ón gcuideachta; agus

(d) go mbeidh, tráth nach déanaí ná an dáta ar a dtabharfar an fógra faoin gcruinniú ag a bhfuil an rún á thairgeadh, cóipeanna den rún agus den tuarascáil curtha amach chuig comhaltaí na cuideachta atá i dteideal an fógra sin a fháil, agus, i gcás nach comhalta den sórt sin an duine iomchuí an tráth sin, chuig an duine sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis na comhaontuithe seo a leanas chun sócmhainn a aistriú ar chomaoin a bheidh le tabhairt ag an gcuideachta, is é sin le rá—

(a) i gcás ar cuid de ghnáth-ghnó na cuideachta é sócmhainní de thuairisc áirithe a fháil nó socrú a dhéanamh chun daoine eile iad a fháil, comhaontú arna dhéanamh ag an gcuideachta i ngnáth-chúrsa a gnó chun sócmhainn den tuairisc sin a aistriú chuici nó chuig duine den sórt sin, de réir mar a bheidh; nó

(b) comhaontú arna dhéanamh ag an gcuideachta faoi mhaoirsiú na cúirte nó oifigigh arna údarú ag an gcúirt chun na críche, chun sócmhainn a aistriú chuig an gcuideachta nó chuig duine eile.

(5) Beidh feidhm ag alt 30 (5) agus (7) maidir le luacháil agus tuarascáil ar aon chomaoin faoin alt seo amhail mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le luacháil agus tuarascáil ar aon chomaoin faoi fho-alt (1) den alt sin.

(6) Maidir leis an tuarascáil ón duine neamhspleách faoin alt seo—

(a) luafar inti an chomaoin atá le fáil ag an gcuideachta, ag tabhairt tuairisce ar an tsócmhainn atá i gceist agus ag sonrú an méid atá le fáil in airgead, agus luafar an chomaoin atá le tabhairt ag an gcuideachta, ag sonrú an méid atá le tabhairt in airgead;

(b) luafar inti an modh luachála agus dáta na luachála;

(c) beidh nóta inti nó ag gabháil léi maidir leis na nithe a luaitear in alt 30 (8) (a) go (c); agus

(d) beidh nóta inti nó ag gabháil léi á rá, ar bhonn na luachála, nach lú luach na comaoine atá le fáil ag an gcuideachta ná luach na comaoine atá le tabhairt aici.

(7) Má dhéanann cuideachta phoiblí theoranta comhaontú le haon duine iomchuí de shárú ar fho-alt (1) agus más rud é nach mbeidh tuarascáil faoin alt seo faighte aige nó go mbeidh sárú éigin eile déanta ar an alt seo nó ar alt 30 (5) nó (7) arbh eol dó, nó ar chóir gurbh eol dó, gur sárú é, ansin, faoi réir fho-alt (8)—

(a) beidh an chuideachta i dteideal aon chomaoin a thug an chuideachta faoin gcomhaontú, nó méid is ionann agus a luach tráth an chomhaontaithe, a ghnóthú ón duine iomchuí; agus

(b) beidh an comhaontú, a mhéid is nach mbeidh sé curtha i gcrích, ar neamhní.

(8) Má dhéanann cuideachta comhaontú de shárú ar fho-alt (1) agus más comhaontú é, nó má áirítear comhaontú ann, chun scaireanna sa chuideachta sin a leithroinnt, ansin, cibé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an comhaontú alt 30 freisin—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) maidir leis an gcomhaontú sa mhéid is gur comhaontú é chun scaireanna a leithroinnt; agus

(b) beidh feidhm ag alt 26 (4) agus ag alt 30 (10) i ndáil leis na scaireanna amhail is dá mbeidís leithroinnte de shárú ar alt 30.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 32.

33. —(1) Aon duine a bheidh ag déanamh luachála nó ag tabhairt tuarascála faoi alt 32 beidh sé i dteideal cibé eolas agus míniú is dóigh leis is gá a fháil ó oifigigh na cuideachta chun a chumasú dó an luacháil a dhéanamh nó an tuarascáil a thabhairt agus an nóta a sholáthar a cheanglaítear leis an alt sin; agus beidh feidhm ag alt 31 (3) i ndáil le haon luacháil agus tuarascáil den sórt sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le luacháil agus le tuarascáil faoi alt 30 (1) ach tagairt don fho-alt seo a chur in ionad na tagartha in alt 31 (4) d'alt 31 (1).

(2) Cuideachta a mbeidh rún faoi alt 32 rite aici maidir le haistriú sócmhainne, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis an rún sin a rith, cóip den rún mar aon leis an tuarascáil a cheanglaítear leis an alt sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí agus, má mhainníonn an chuideachta é sin a dhéanamh dlífear fíneáil nach mó ná £250 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ar iad a chiontú go hachomair, mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan dul thar £500 san iomlán.

(3) Aon tagairt in alt 32 nó san alt seo do chomaoin a thabharfar ar aistriú sócmhainne folaíonn sí tagairt do chomaoin a thabharfar go páirteach ar aistriú na sócmhainne sin ach—

(a) glacfar leis gurb éard é luach aon chomaoine a thabharfar go páirteach amhlaidh an chomhréir den chomaoin sin is inchurtha go cuí i leith a haistrithe;

(b) déanfaidh an duine neamhspleách, nó socróidh sé go ndéanfar, cibé luachálacha ar aon ní eile a chuirfidh ar a chumas an chomhréir sin a chinneadh; agus

(c) luafar ina thuarascáil faoin alt sin cén luacháil atá déanta de bhua na míre seo agus ina theannta sin luafar an chúis a bhí le haon luacháil den sórt sin agus modh agus dáta na luachála agus aon nithe eile is iomchuí don chinneadh sin.

Faoiseamh.

34. —(1) Má bhíonn aon duine faoi dhliteanas ag cuideachta faoi alt 26, 29, 30 nó 32 i ndáil le híocaíocht i leith aon scaireanna sa chuideachta nó faoi dhliteanas de bhua aon ghealltanas a tugadh don chuideachta mar íocaíocht, nó i ndáil le híocaíocht, ar aon scaireanna den sórt sin, féadfaidh an duine atá faoi dhliteanas amhlaidh iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoin bhfo-alt seo go ndéanfaí é a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas sin.

(2) Más rud é, maidir leis an dliteanas a luaitear i bhfo-alt (1), gur faoi aon alt de na hailt sin a eascróidh an dliteanas sin i ndáil le híocaíocht i leith aon scaireanna, féadfaidh an chúirt, ar iarratas faoin bhfo-alt sin, an t-iarratasóir a dhíolmhú ón dliteanas sin—

(a) ar an gcoinníoll amháin agus sa mhéid gur dóigh leis an gcúirt é a bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint don mhéid seo a leanas, eadhon—

(i) an ndearna nó an ndlíonn an t-iarratasóir aon mhéid a íoc i leith aon dliteanas eile a eascraíonn i ndáil leis na scaireanna sin faoi aon alt de na hailt sin, nó i leith aon dliteanas a eascraíonn de bhua aon ghealltanas a tugadh mar íocaíocht nó i ndáil le híocaíocht ar na scaireanna sin;

(ii) an ndearna aon duine, nó an dóigh d'aon duine, seachas an t-iarratasóir (cibé acu de bhun ordú ón gcúirt nó ar shlí eile) aon mhéid den sórt sin a íoc; agus

(iii) an ndearna an t-iarratasóir nó aon duine eile, nó an dóigh don iarratasóir nó d'aon duine eile, aon ghealltanas den sórt sin a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach nó an ndearna sé aon ní eile, nó an dóigh dó aon ní eile a dhéanamh, mar íocaíocht nó mar pháirt-íocaíocht i leith na scaireanna sin;

(b) ar an gcoinníoll amháin agus sa mhéid gur dóigh leis an gcúirt é bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh maidir le haon ús a dhlíonn sé a íoc leis an gcuideachta faoi aon alt de na hailt sin.

(3) Más rud é, maidir leis an dliteanas a luaitear i bhfo-alt (1), gur de bhua gealltanais a tugadh don chuideachta mar íocaíocht, nó i ndáil le híocaíocht, ar aon scaireanna sa chuideachta a eascraíonn sé, féadfaidh an chúirt ar iarratas faoin bhfo-alt sin, an t-iarratasóir a dhíolmhú ón dliteanas sin ar an gcoinníoll amháin agus sa mhéid gur dóigh leis an gcúirt é bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint don mhéid seo a leanas, eadhon—

(a) an ndearna nó an ndlíonn an t-iarratasóir aon mhéid a íoc i leith aon dliteanas a eascraíonn i ndáil leis na scaireanna sin faoi alt 26, 29, 30 nó 32; agus

(b) an ndearna aon duine, nó an dóigh d'aon duine, seachas an t-iarratasóir (cibé acu de bhun ordú ón gcúirt nó ar shlí eile) aon mhéid den sórt sin a íoc.

(4) Le linn don chúirt a bheith á chinneadh de bhun iarratais faoi fho-alt (1) ar chóir di an t-iarratasóir a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó aon dliteanas, tabharfaidh sí aird ar na prionsabail dhosháraithe seo a leanas, eadhon—

(a) gur chóir go bhfaigheadh cuideachta a leithroinn scaireanna, airgead nó luach airgid arb ionann dó ar a laghad ó thaobh luacha agus comhiomlán luach ainmniúil na scaireanna sin agus iomlán aon phréimhe nó, i gcás ina n-éilítear sin sa chás, cibé méid den chomhiomlán sin a áirítear a bheith íoctha; agus

(b) faoi réir mhír (a), i gcás go mbeadh ag an gcuideachta sin, dá mbeadh an chúirt gan an díolúine sin a dheonú, níos mó ná aon leigheas amháin in aghaidh duine áirithe, gur don chuideachta a bheadh sé a chinneadh cé acu leigheas a mbeadh sé fós i dteideal dul ina árach.

(5) Má thionscnaíonn duine aon imeachtaí i gcoinne duine eile (“an ranníocóir”) faoi chomhair ranníoca maidir le haon dliteanas i leith cuideachta is dliteanas a eascraíonn faoi aon alt d'ailt 26 go 30 agus 32 agus gur dealraitheach don chúirt go ndlíonn an ranníocóir an ranníoc sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, ar an gcoinníoll gur dóigh, agus sa mhéid gur dóigh, leis an gcúirt é bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint do chiontacht an ranníocóra agus an duine atá ag tionscnamh na n-imeachtaí, faoi seach, maidir leis an dliteanas i leith na cuideachta—

(a) an ranníocóir a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas chun an ranníoc sin a dhéanamh; nó

(b) a ordú don ranníocóir ranníoc níos mó a dhéanamh ná a dhlífeadh sé a dhéanamh murach an fo-alt seo.

(6) I gcás duine a bheith faoi dhliteanas ag cuideachta de bhua alt 32 (7) (a), féadfaidh an chúirt, ar iarratas faoin bhfo-alt seo, an duine sin a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas sin ar an gcoinníoll gur dóigh, agus sa mhéid gur dóigh, leis an gcúirt é bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint d'aon tairbhe a fhaibhreoidh chuig an gcuideachta de bhua aon ní a rinne an duine sin chun an comhaontú a luaitear san fho-alt sin a chur i gcrích.

Forálacha speisialta maidir le scaireanna a eisiúint chuig sínitheoirí.

35. —Is in airgead a íocfar aon scaireanna a ghlacfaidh sínitheoir le meabhrán cuideachta poiblí teoranta de bhun gealltanais dá chuid sa mheabhrán, agus aon phréimh ar na scaireanna.

Sárú ar ailt 26 go 35.

36. —(1) Má sháraíonn cuideachta aon fhoráil d'fhorálacha ailt 26 go 30, 32 agus 35, beidh an chuideachta agus aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

(2) Faoi réir alt 34, aon ghealltanas a thabharfaidh aon duine mar íocaíocht, nó i ndáil le híocaíocht, ar scaireanna i gcuideachta chun obair a dhéanamh nó seirbhísí a thabhairt nó aon ní eile a dhéanamh, beidh sé, i gcás é bheith inchurtha i bhfeidhm ag an gcuideachta ar leith ón Acht seo, inchurtha i bhfeidhm amhlaidh d'ainneoin sárú a bheith ann i ndáil leis sin ar alt 26, 29 nó 30 agus má thugtar an gealltanas sin de shárú ar alt 32 i leith na leithroinnte ar aon scaireanna beidh sé inchurtha i bhfeidhm amhlaidh d'ainneoin an tsáraithe sin.

Feidhmiú ailt 26 go 36 i gcásanna speisialta.

37. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag ailt 26, 28 go 31 agus 34 go 36 maidir leis na cuideachtaí seo a leanas amhail mar atá feidhm acu maidir le cuideachta phoiblí theoranta—

(a) cuideachta a rith agus nár chúlghair rún speisialta go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 9 nó alt 11;

(b) cuideachta a rith agus nár chúlghair a stiúrthóirí rún go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 12; agus

(c) cuideachta chomhstoic (de réir bhrí alt 329 den Phríomh-Acht) a rith agus nár chúlghair rún á rá gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 26 agus ag ailt 28 go 31 maidir le leithroinnt scaireanna ag cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, i gcás ina ndearnadh an conradh chun iad a leithroinnt—

(a) ach amháin i gcás atá faoi réim mhír (b), roimh dheireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta;

(b) i gcás cuideachta a athchláraíodh nó a cláraíodh mar chuideachta phoiblí theoranta de bhun rúin de thuairisc ar bith a luaitear i bhfo-alt (1) a bheidh rite roimh dheireadh na tréimhse sin, roimh dháta rite an rúin sin.

Cearta cineáil

Athrú ar chearta a ghabhann le cineálacha speisialta scaireanna.

38. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hathrú a dhéanamh ar na cearta a ghabhann le haon chineál scaireanna i gcuideachta a bhfuil a scairchaipiteal roinnte ina scaireanna de chineálacha éagsúla.

(2) I gcás gur ar shlí eile seachas leis an meabhrán a chuirtear na cearta ag gabháil le cineál scaireanna sa chuideachta, agus i gcás nach bhfuil aon fhoráil in airteagail na cuideachta maidir leis na cearta a athrú, féadfar na cearta sin a athrú ar choinníoll, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) go dtabharfaidh na sealbhóirí ar thrí cheathrú ó thaobh luacha ainmniúil de na scaireanna eisithe den chineál sin a dtoiliú i scríbhinn leis an athrú; nó

(b) go gceadófar an t-athrú le rún speisialta a rithfear ag cruinniú ginearálta ar leithligh de shealbhóirí an chineáil sin;

agus go ndéanfar aon cheanglas (cibé slí a fhoirchuirfear é) i ndáil leis na cearta sin a athrú a chomhlíonadh sa mhéid nach n-áirítear é i míreanna (a) agus (b).

(3) Más rud é—

(a) gur leis an meabhrán nó ar shlí eile a chuirtear na cearta ag gabháil le cineál scaireanna sa chuideachta;

(b) go bhfuil foráil sa meabhrán nó sna hairteagail chun na cearta sin a athrú; agus

(c) go bhfuil an t-athrú ar na cearta sin bainteach le húdarás a thabhairt, a athrú, a chúlghairm nó a athnuachan chun críocha alt 20 nó bainteach le laghdú ar scairchaipiteal na cuideachta faoi alt 72 den Phríomh-Acht,

ní athrófar na cearta sin mura rud é—

(i) go mbeidh an coinníoll a luaitear i bhfo-alt (2) (a) nó (b) comhlíonta; agus

(ii) go ndéanfar aon cheanglas sa mheabhrán nó sna hairteagail i ndáil le cearta den chineál sin a athrú a chomhlíonadh a mhéid nach n-áirítear é sa choinníoll i bhfomhír (i).

(4) Más leis an meabhrán nó ar shlí eile a chuirtear na cearta ag gabháil le cineál scaireanna sa chuideachta agus—

(a) i gcás gur leis an meabhrán a chuirtear ag gabháil iad amhlaidh, go bhfuil foráil sna hairteagail maidir lena n-athrú a bhí ar áireamh sna hairteagail an tráth a rinneadh an chuideachta a chorprú i gcéaduair; nó

(b) i gcás gur ar shlí eile a chuirtear ag gabháil iad amhlaidh, go bhfuil an fhoráil sin sna hairteagail (cibé tráth a rinneadh iad a áireamh amhlaidh ar dtús);

agus, i gceachtar cás, nach bhfuil an t-athrú bainteach amhail mar a luaitear i bhfo-alt (3) (c), ní fhéadfar na cearta sin a athrú ach amháin de réir na forála sin sna hairteagail.

(5) I gcás gur leis an meabhrán a chuirtear na cearta ag gabháil le cineál scaireanna sa chuideachta agus nach bhfuil foráil sa mheabhrán ná sna hairteagail maidir leis na cearta a athrú, féadfar na cearta sin a athrú má aontaíonn comhaltaí uile na cuideachta leis an athrú.

(6) Na forálacha d'ailt 133 agus 134 den Phríomh-Acht agus na forálacha de na hairteagail a bhaineann le cruinnithe ginearálta beidh, a mhéid is infheidhme iad, feidhm acu i ndáil le haon chruinniú de scairshealbhóirí a cheanglaítear leis an alt seo nó ar shlí eile a bheith ann i ndáil leis na cearta a ghabhann le cineál scaireanna a athrú, agus beidh feidhm acu amhlaidh fara na modhnuithe is gá agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas, eadhon—

(a) ag aon chruinniú den sórt sin seachas cruinniú atrátha is é an córam is gá ná beirt a shealbhaíonn nó a ionadaíonn mar sheachvótálaithe trian ar a laghad ó thaobh luacha ainmniúil de na scaireanna eisithe den chineál i gceist agus ag cruinniú atrátha duine amháin a shealbhaíonn scaireanna den chineál i gceist nó a sheachvótálaí;

(b) féadfaidh aon sealbhóir ar scaireanna den chineál i gceist a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí vótáil a éileamh.

(7) Má dhéantar aon athrú ar fhoráil in airteagail chuideachta chun na cearta a ghabhann le cineál scaireanna a athrú nó má chuirtear aon fhoráil den sórt sin isteach in airteagail na cuideachta, áireofar an méid sin mar athrú ar na cearta sin.

(8) Beidh feidhm ag alt 78 den Phríomh-Acht i ndáil le fo-alt (2) amhail mar atá feidhm aige i ndáil le foráil i meabhrán nó in airteagail chuideachta lena samhail d'éifeacht.

(9) San alt seo agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, in aon fhoráil chun athrú a dhéanamh ar na cearta a ghabhann le cineál scaireanna i meabhrán nó in airteagail na cuideachta, folóidh tagairtí d'athrú na gceart sin tagairtí dá n-aisghairm.

(10) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-ailt (2) go (5) mar ní a bhainfidh ó chumhachtaí na cúirte faoi alt 15 ná faoi aon alt de na hailt seo a leanas den Phríomh-Acht, is é sin le rá, ailt 10, 201, 203 agus 205.

(11) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon athrú a dhéanfaidh cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, roimh an dáta a tharlóidh an teagmhas is túisce de na teagmhais seo a leanas, is é sin le rá, athchlárú nó clárú na cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta agus deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta.

Sonraí faoi chearta speisialta a chlárú.

39. —(1) I gcás ina leithroinnfidh cuideachta scaireanna lena ngabhann cearta nach mbeidh luaite ina meabhrán ná ina hairteagail ná in aon rún nó comhaontú lena mbaineann alt 143 den Phríomh-Acht, déanfaidh an chuideachta, mura rud é go bhfuil na scaireanna ar aon réim, ar gach cuma, le scaireanna a leithroinneadh roimhe sin, ráiteas san fhoirm fhorordaithe agus sonraí ann faoi na cearta sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí laistigh de mhí amháin ó dháta leithroinnte na scaireanna.

(2) Ní áireofar, chun críocha fho-alt (1), scaireanna a leithroinnfear agus na cearta sin ag gabháil leo mar scaireanna atá éagsúil le scaireanna a leithroinneadh roimhe sin de bhíthin amháin nach ngabhann leis na chéad scaireanna sin na cearta céanna chun díbhinní a ghabhann leis na scaireanna deiridh sin i gcaitheamh an dá mhí dhéag díreach tar éis leithroinnt na chéad scaireanna sin.

(3) Má dhéantar na cearta a ghabhann le haon scaireanna de chuid cuideachta a athrú ar shlí seachas trí leasú ar mheabhrán nó airteagail na cuideachta nó trí rún nó comhaontú lena mbaineann an t-alt sin 143, déanfaidh an chuideachta, laistigh de mhí amháin ón dáta ar a ndéanfar an t-athrú, ráiteas san fhoirm fhorordaithe, agus sonraí ann faoin athrú, a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta (ar shlí seachas trí cibé leasú, rún nó comhaontú dá luaitear i bhfo-alt (3)) ainm nó ainmníocht eile, nó ainm nua nó ainmníocht nua eile a shannadh d'aon chineál dá scaireanna, déanfaidh sí, laistigh de mhí amháin ón sannadh sin, fógra san fhoirm fhorordaithe, ag tabhairt sonraí ina dtaobh, a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(5) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur orthu, mar aon le fíneáil i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £15 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan dul thar £500 san iomlán.

Cothabháil caipitil

Oibleagáid cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh má tharlaíonn caillteanas tromaí caipitil.

40. —(1) Faoi réir fho-alt (4), i gcás inar ionann glansócmhainní cuideachta agus leath nó riar is lú ná leath de mhéid scairchaipiteal glaoite na cuideachta, beidh ar stiúrthóirí na cuideachta, tráth nach déanaí ná 28 lá ón lá is túisce a mbeidh a fhios sin ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, cruinniú ginearálta urghnách den chuideachta a chomóradh go cuí i gcomhair dáta nach déanaí ná 56 lá ón lá sin chun a bhreithniú ar chóir aon bhearta a dhéanamh chun déileáil leis an gcor, agus más cóir, cad iad na bearta iad.

(2) Má mhainnítear cruinniú ginearálta urghnách de chuideachta a chomóradh mar a cheanglaítear le fo-alt (1), beidh gach stiúrthóir de chuid na cuideachta—

(a) a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an mhainneachtain sin a údarú nó a cheadú; nó

(b) a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil, tar éis bheith caite don tréimhse inar chóir an cruinniú sin a chomóradh, buanú na mainneachtana sin a údarú nó a cheadú,

ciontach i gcion.

(3) Ní tuigthe go n-údaraíonn aon ní san alt seo breithniú a dhéanamh, ag cruinniú a chomórfar de bhun fho-alt (1), ar aon ábhar nach bhféadfaí a bhreithniú ag an gcruinniú sin ar leith ón alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás ar lá roimh an lá ceaptha an lá a luaitear i bhfo-alt (1).

Srian le cuideachta d'fháil a scaireanna féin.

41. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, aon chuideachta atá faoi theorainn scaireanna nó atá faoi theorainn ráthaíochta agus a bhfuil scairchaipiteal aici, ní cead di a scaireanna féin a fháil (cibé acu trína gceannach, trí shuibscríobh nó ar shlí eile).

(2) Féadfaidh aon chuideachta atá faoi theorainn scaireanna aon scair dá cuid scaireanna láníoctha féin a fháil ar shlí seachas ar chomaoin luachmhar.

(3) Má airbheartaíonn cuideachta gníomhú de shárú ar an alt seo beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus beidh an fháil airbheartaithe ar neamhní.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil leis an méid seo a leanas—

(a) fuascailt ar scaireanna tosaíochta de bhun na n-airteagal;

(b) fáil aon scaireanna i laghdú caipitil arna dhéanamh go cuí;

(c) ceannach aon scaireanna de bhun ordú ón gcúirt faoi alt 15 nó faoi alt 10 nó alt 205 den Phríomh-Acht; nó

(d) forghéilleadh aon scaireanna, nó glacadh aon scaireanna arna dtabhairt suas ina ionad sin, de bhun na n-airteagal mar gheall ar mhainneachtain aon suim is iníoctha i leith na scaireanna sin a íoc.

Ainmnitheach cuideachta d'fháil scaireanna i gcuideachta.

42. —(1) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), má eisítear scaireanna chuig ainmnitheach cuideachta dá dtagraítear in alt 41 (1) nó má fhaigheann ainmnitheach cuideachta den sórt sin iad ó thríú páirtí mar scaireanna páirt-íoctha, ansin, chun gach críche, áireofar gur scaireanna iad a shealbhaíonn an t-ainmnitheach ar a chuntas féin agus measfar nach bhfuil aon leas tairbhiúil ag an gcuideachta iontu.

(2) Faoi réir fho-alt (6), má iarrtar ar dhuine aon mhéid áirithe a íoc chun íoc as aon scaireanna in aon chuideachta den sórt sin a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile mar ainmnitheach na cuideachta nó chun íoc as aon phréimh ar na scaireanna sin, agus má mhainníonn sé an méid sin a íoc laistigh de 21 lá ón dáta a n-iarrfar air é sin a dhéanamh, ansin—

(a) más mar shínitheoir leis an meabhrán a eisíodh na scaireanna chuige de bhua gealltanais dá chuid sa mheabhrán, beidh na sínitheoirí eile leis an meabhrán; nó

(b) má eisíodh na scaireanna chuige nó má fuair sé iad ar shlí eile, beidh stiúrthóirí na cuideachta tráth na heisiúna nó na fála,

faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach leis an duine sin chun an méid sin a íoc.

(3) Más rud é in imeachtaí chun aon mhéid den sórt sin a ghnóthú ó aon sínitheoir nó stiúrthóir den sórt sin faoin alt seo gur dealraitheach don chúirt go bhfuil nó go mb'fhéidir go mbeadh sé faoi dhliteanas an méid sin a íoc, ach gur ghníomhaigh sé go macánta agus go réasúnach, agus, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur chóir le ceart é a shaoradh ó dhliteanas, féadfaidh an chúirt faoiseamh óna dhliteanas a thabhairt dó, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

(4) Má bhíonn cúis ag aon sínitheoir nó stiúrthóir den sórt sin chun a cheapadh go ndéanfar, nó go mb'fhéidir go ndéanfaí, éileamh chun aon mhéid den sórt sin a ghnóthú uaidh, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gcúirt agus, i gcás an iarratais, beidh an chumhacht chéanna ag an gcúirt chun faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici in imeachtaí chun an méid sin a ghnóthú.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le scaireanna a gheofar ar shlí seachas trína suibscríobh ag ainmnitheach cuideachta poiblí teoranta i gcás atá faoi réim alt 43 (1) (d).

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le—

(a) scaireanna a gheobhaidh ainmnitheach cuideachta i gcás nach bhfuil aon leas tairbhiúil ag an gcuideachta sna scaireanna sin (gan aird a thabhairt ar aon cheart a d'fhéadfadh a bheith ag an gcuideachta féin mar iontaobhaí, cibé acu mar ionadaí pearsanta nó ar shlí eile, chun a cuid caiteachas a ghnóthú nó chun luach saothair a fháil as maoin an iontaobhais); nó

(b) scaireanna a eiseofar de dhroim iarratas a rinneadh roimh an lá ceaptha nó a aistreofar de bhun comhaontú lena bhfáil a rinneadh roimh an lá sin.

Déileáil le scaireanna a shealbhaíonn cuideachta phoiblí theoranta nó a shealbhaítear thar a ceann.

43. —(1) Faoi réir fho-ailt (12) agus (15), tá feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta phoiblí theoranta—

(a) i gcás ina ndéanfar scaireanna sa chuideachta a fhorghéilleadh, nó a thabhairt suas don chuideachta ina ionad sin, de bhun na n-airteagal mar gheall ar mhainneachtain aon suim is iníoctha i leith na scaireanna sin a íoc;

(b) i gcás ina bhfaighidh an chuideachta scaireanna sa chuideachta ar mhodh eile seachas aon mhodh de na modhanna a luaitear in alt 41 (4) agus go bhfuil leas tairbhiúil ag an gcuideachta sna scaireanna sin;

(c) i gcás ina bhfaighidh ainmnitheach na cuideachta scaireanna sa chuideachta ó thríú duine gan cúnamh airgid a bheith tugtha go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta agus go bhfuil leas tairbhiúil ag an gcuideachta sna scaireanna sin; nó

(d) i gcás ina bhfaighidh aon duine scaireanna sa chuideachta le cúnamh airgid arna thabhairt dó go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta faoi chomhair nó i leith na fála agus go bhfuil leas tairbhiúil ag an gcuideachta sna scaireanna sin.

(2) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha fho-alt (1) (b) agus (c) an bhfuil leas tairbhiúil ag cuideachta in aon scaireanna, ní thabharfar, in aon chás inar iontaobhaí an chuideachta (cibé acu mar ionadaí pearsanta nó ar shlí eile), aird ar aon cheart de chuid na cuideachta (mar iontaobhaí) a cuid caiteachas a ghnóthú nó luach saothair a fháil as maoin an iontaobhais.

(3) Mura mbeidh na scaireanna, nó aon leas de chuid na cuideachta iontu, curtha de láimh cheana féin, ní foláir don chuideachta, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse iomchuí ón dáta a forghéilleadh nó a tugadh suas iad, nó i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (b), (c) nó (d), ó dháta a bhfála—

(a) iad a chealú agus méid an scairchaipitil a laghdú de mhéid luach ainmniúil na scaireanna; agus

(b) i gcás inarb é is éifeacht leis an gcealú scaireanna go dtabharfaidh sé luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta faoi bhun an íosmhéid údaraithe, athchlárú mar fhoirm eile cuideachta a iarraidh agus éifeacht an chealaithe a lua,

agus féadfaidh na stiúrthóirí cibé bearta a bheidh ag teastáil a dhéanamh chun a chur ar chumas na cuideachta a hoibleagáidí faoin bhfo-alt seo a chur i gcrích gan ailt 72 agus 73 den Phríomh-Acht a chomhlíonadh, lena n-áirítear rún a rith de réir fho-alt (5).

(4) Ní dhéanfaidh an chuideachta nó, i gcás atá faoi réim fho-alt (1) (c) nó (d), ní dhéanfaidh ainmnitheach na cuideachta ná, de réir mar a bheidh, an scairshealbhóir eile, aon chearta vótáil a fheidhmiú i leith na scaireanna agus beidh aon fheidhmiú airbheartaithe ar na cearta sin ar neamhní.

(5) Féadfaidh an rún a údaraítear le fo-alt (3) meabhrán na cuideachta a athrú ionas nach luafar ann a thuilleadh gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta agus féadfaidh an rún cibé athruithe eile atá ag teastáil sna himthosca a dhéanamh sa mheabhrán agus sna hairteagail.

(6) Ní foláir an t-iarratas ar athchlárú a cheanglaítear le fo-alt (3) (b) a bheith san fhoirm fhorordaithe agus a bheith sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí sa chuideachta agus ní foláir é a sheachadadh ar an gcláraitheoir mar aon le cóip chlóite de mheabhrán agus d'airteagail na cuideachta mar a athraíodh iad leis an rún.

(7) Cuideachta phoiblí theoranta a gceanglaítear uirthi athchlárú a iarraidh mar fhoirm eile cuideachta faoin alt seo agus a mhainneoidh déanamh amhlaidh roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, beidh feidhm ag alt 21 maidir léi amhail is dá mba chuideachta phríobháideach í den sórt a luaitear san alt sin, ach, ar leith ón méid atá ráite ansin roimhe seo, leanfar den chuideachta a áireamh chun críocha Achtanna na gCuideachtaí mar chuideachta phoiblí theoranta go dtí go ndéanfar í a athchlárú mar fhoirm eile cuideachta.

(8) Má mhainníonn cuideachta, nuair a cheanglófar uirthi déanamh amhlaidh le fo-alt (3), aon scaireanna a chealú de réir mhír (a) den fho-alt sin nó iarratas a dhéanamh ar athchlárú de réir mhír (b) den fho-alt sin, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fineáil nach mó ná £250 a chur orthu mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, ach gan dul thar £500 san iomlán.

(9) Má bhíonn an cláraitheoir sásta go bhféadfar cuideachta a athchlárú de réir an ailt seo—

(a) coinneoidh sé an t-iarratas agus na doiciméid eile a seachadadh air faoi fho-alt (6); agus

(b) eiseoidh sé deimhniú corpraithe iomchuí chuig an gcuideachta.

(10) Ar dheimhniú corpraithe a eisiúint faoi fho-alt (9)—

(a) déanfar, de bhua eisiúint an deimhnithe sin, cuideachta den fhoirm a bheidh luaite sa deimhniú den chuideachta; agus

(b) beidh éifeacht dá réir sin leis na hathruithe sa mheabhrán agus sna hairteagail a bheidh leagtha amach sa rún.

(11) Beidh deimhniú corpraithe a eiseofar chuig cuideachta faoi fho-alt (9) ina fhianaise dhochloíte—

(a) gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo maidir le hathchlárú agus le nithe roimh an athchlárú agus ag baint leis; agus

(b) gur cuideachta den fhoirm a luaitear sa deimhniú an chuideachta.

(12) Más rud é, tar éis scaireanna i gcuideachta—

(a) a bheith forghéillte de bhun airteagail na cuideachta nó a bheith tugtha suas don chuideachta in ionad an fhorghéillte nó a bheith faighte ar shlí eile ag an gcuideachta;

(b) a bheith faighte ag ainmnitheach na cuideachta sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) (c); nó

(c) a bheith faighte ag aon duine sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) (d),

go ndéanfar an chuideachta a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir leis an gcuideachta amhail is dá mba chuideachta phoiblí theoranta í tráth an fhorghéillte, an tabhartha suas nó na fála agus amhail is dá mbeadh tagairt don tréimhse iomchuí ó dháta athchlárúcháin na cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta curtha in ionad aon tagairt don tréimhse iomchuí ó dháta an fhorghéillte, an tabhartha suas nó na fála.

(13) Má fhaigheann cuideachta phoiblí theoranta nó ainmnitheach cuideachta poiblí teoranta scaireanna sa chuideachta nó leas sna scaireanna sin agus má thaispeántar na scaireanna sin nó an leas sin i gclár comhardaithe de chuid na cuideachta mar shócmhainn, déanfar méid is ionann agus luach na scaireanna nó, de réir mar a bheidh, an luach a fhaigheann an chuideachta as a leas sna scaireanna sin, a aistriú as brabúis atá ar fáil le haghaidh díbhinne chuig cúlchiste agus ní bheidh sé ar fáil lena dháileadh.

(14) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, i ndáil le haon scaireanna—

(a) i gcás scaireanna a fhorghéillfear nó a thabharfar suas don chuideachta in ionad an fhorghéillte nó a gheofar amhail mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b) nó (c), trí bliana;

(b) i gcás scaireanna a gheofar amhail mar a luaitear i bhfo-alt (1) (d), bliain amháin.

(15) D'ainneoin aon ní in alt 12(2), ní fholaíonn tagairt san alt seo do chuideachta phoiblí theoranta tagairt do sheanchuideachta phoiblí theoranta.

Muirir arna nglacadh ag cuideachtaí poiblí teoranta ar a scaireanna féin.

44. —(1) Is neamhní do lian nó muirear eile de chuid cuideachta poiblí teoranta ar a scaireanna féin (arna ghlacadh go sainráite nó ar shlí eile), seachas muirear a cheadaítear le fo-alt (2).

(2) Is muirir cheadaithe na muirir seo a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás gach tuairisc cuideachta, muirear ar a scaireanna féin (nach bhfuil láníoctha) in aghaidh aon mhéid is iníoctha maidir leis na scaireanna;

(b) i gcás cuideachta poiblí teoranta ar cuid dá gnáth-ghnó airgead a thabhairt ar iasacht, nó arb é atá sa ghnáth-ghnó sin, creidmheas a sholáthar nó earraí a earbadh nó a fhruiliú faoi chomhaontú fruilcheannaigh, nó iad araon, muirear ag an gcuideachta ar a scaireanna féin (bíodh siad láníoctha nó ná bíodh) a eascraíonn i ndáil le hidirbheart a rinne an chuideachta i ngnáthchúrsa a gnó;

(c) i gcás cuideachta (seachas cuideachta a bhfuil feidhm ag mír (d) i ndáil léi) atá athchláraithe nó atá cláraithe faoi alt 18 mar chuideachta phoiblí theoranta, muirear ar a scaireanna féin is muirear a bhí ar marthain díreach roimh a hiarratas ar athchlárú nó, de réir mar a bheidh, ar chlárú;

(d) i gcás aon chuideachta a fhanann nó a d'fhan ina seanchuideachta phoiblí theoranta tar éis deireadh na tréimhse athchlárúcháin agus nár iarr, roimh dheireadh na tréimhse sin, go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 12 mar chuideachta phoiblí theoranta, aon mhuirear ar a scaireanna féin is muirear a bhí ar marthain díreach roimh dheireadh na tréimhse sin.

CUID IV

Srianta le dáileadh brabús agus sócmhainní

Brabúis atá ar fáil lena ndáileadh.

45. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta dáileadh (mar a mhínítear le halt 51) ach amháin as brabúis atá ar fáil chun na críche sin.

(2) Chun críocha na Coda seo, ach faoi réir alt 47 (1), is éard iad brabúis chuideachta atá ar fáil lena ndáileadh, a brabúis réadaithe carntha, sa mhéid nár úsáideadh iad roimhe sin trí dháileadh nó trí chaipitliú, lúide a caillteanais réadaithe carntha, sa mhéid nár díscríobhadh iad roimhe sin in aon laghdú nó atheagrú a rinneadh go cuí ar chaipiteal.

(3) Ní bhainfidh cuideachta feidhm as brabús neamhréadaithe chun íoc as bintiúir nó aon mhéideanna atá gan íoc ar aon scair dá scaireanna eisithe.

(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) áireofar gur caillteanas réadaithe aon soláthar (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) seachas soláthar maidir le haon laghdú ar luach sócmhainne doichte atá le tabhairt faoi deara ar athluacháil a dhéanamh ar na sócmhainní dochta go léir, nó ar na sócmhainní dochta go léir seachas cáilmheas, de chuid na cuideachta.

(5) Faoi réir alt 49(8), déanfar aon bhreithniú ag stiúrthóirí cuideachta ar an luach atá, aon tráth áirithe, ag aon sócmhainn dhocht de chuid na cuideachta a áireamh mar athluacháil ar an tsócmhainn sin chun a chinneadh an ndearnadh, an tráth sin, aon athluacháil den sórt sin ar shócmhainní dochta na cuideachta mar a cheanglaítear chun críocha na heisceachta ó fho-alt (4); ach i gcás ina ndéanfar aon sócmhainní den sórt sin nár athluacháladh iarbhír a áireamh mar shócmhainní a athluacháladh chun na gcríoch sin, de bhua an fho-ailt seo, ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin ach amháin sa chás gur deimhin leis na stiúrthóirí nach lú a luach comhiomlán ag an tráth atá i gceist ná an méid comhiomlán atá á lua leo de thuras na huaire i gcuntais na cuideachta.

(6) Más rud é, ar shócmhainn dhocht a athluacháil, go dtaispeánfar go ndearnadh brabús neamhréadaithe agus go ndéanfar, tráth na hathluachála nó dá éis, suim a dhíscríobh nó a choinneáil in aghaidh dímheas na sócmhainne sin thar thréimhse, ansin, chun críocha fho-ailt (2) agus (3), áireofar gur brabús réadaithe a rinneadh thar an tréimhse sin, méid is ionann agus an méid ar mó an tsuim sin ná an tsuim a dhéanfaí a dhíscríobh nó a choinneáil in aghaidh dímheas na sóchmainne sin thar an tréimhse sin dá mba rud é nach ndearnadh an brabús sin.

(7) Mura bhfuil aon taifead ar fáil den chostas bunaidh a bhain le sócmhainn chuideachta (cibé acu a fuarthas í roimh an lá ceaptha, ar an lá sin nó dá éis) nó mura féidir aon taifead den sórt sin a fháil gan costas nó moill neamhréasúnach, ansin, chun a chinneadh an ndearna an chuideachta brabús nó caillteanas i leith na sócmhainne sin, is tuigthe gurb éard é costas na sócmhainne an luach a tugadh di sa taifead is luaithe dá luach atá ar fáil agus ar taifead é a rinneadh an tráth a fuair an chuideachta í nó tráth dá éis.

(8) Mura féidir le stiúrthóirí cuideachta a chinneadh, tar éis dóibh gach fiosrú réasúnach a dhéanamh, cibé acu is brabús réadaithe nó neamhréadaithe brabús áirithe a rinneadh roimh an lá ceaptha, féadfaidh siad an brabús a áireamh mar bhrabús réadaithe agus mura féidir leo a chinneadh, tar éis na fiosruithe sin a dhéanamh, cibé acu is caillteanas réadaithe nó neamhréadaithe caillteanas áirithe a rinneadh amhlaidh, féadfaidh siad an caillteanas a áireamh mar chaillteanas neamhréadaithe.

(9) San alt seo, folaíonn “sócmhainn dhocht” aon sócmhainn eile nach sócmhainn reatha.

Srian le dáileadh sócmhainní.

46. —(1) Faoi réir alt 47, ní fhéadfaidh cuideachta phoiblí theoranta dáileadh a dhéanamh tráth ar bith ach amháin mar a leanas—

(a) más rud é nach lú, an tráth sin, méid a glansócmhainní ná comhiomlán scairchaipiteal glaoite na cuideachta agus a cúlchistí neamhindáilte; agus

(b) más rud é nach ndéanfaidh, agus sa mhéid nach ndéanfaidh, an dáileadh méid na sócmhainní sin a laghdú go dtí méid is lú ná an comhiomlán sin.

(2) Chun críocha an ailt seo is éard iad cúlchistí neamhindáilte cuideachta poiblí teoranta—

(a) an cuntas scair-phréimhe;

(b) an cúlchiste fuascailte caipitil;

(c) an méid ar mó brabúis neamhréadaithe carntha na cuideachta, sa mhéid nár usáideadh iad roimhe sin trí aon chaipitliú, ná a caillteanais neamhréadaithe carntha, sa mhéid nár díscríobhadh iad roimhe sin in aon laghdú nó atheagrú a rinneadh go cuí ar chaipiteal; agus

(d) aon chúlchiste eile a dtoirmisctear ar an gcuideachta é a dháileadh le haon achtachán, seachas achtachán sa Chuid seo, nó lena meabhrán nó lena hairteagail.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (8) d'alt 45 chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

(4) Ní dhéanfaidh cuideachta phoiblí theoranta aon scairchaipiteal neamhghlaoite a áireamh mar shócmhainn in aon chuntas is iomchuí chun críocha an ailt seo.

Dáiltí eile ag cuideachtaí infheistíochta.

47. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh cuideachta infheistíochta dáileadh a dhéanamh freisin tráth ar bith as a brabúis ioncaim réadaithe carntha, sa mhéid nár úsáideadh iad roimhe sin trí dháileadh nó trí chaipitliú, lúide a caillteanais ioncaim carntha (cibé acu reádaithe nó neamhréadaithe), sa mhéid nár díscríobhadh iad roimhe sin in aon laghdú nó atheagrú a rinneadh go cuí ar chaipiteal—

(a) más rud é gurb ionann, an tráth sin, méid a sócmhainní agus oiread go leith ar a laghad de chomhiomlán a dliteanas; agus

(b) más rud é nach ndéanfaidh, agus sa mhéid nach ndéanfaidh, an dáileadh an méid sin a laghdú go dtí méid is lú ná oiread go leith den chomhiomlán sin.

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn “dliteanais” aon soláthar (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) ach amháin sa mhéid go gcuirtear an soláthar sin i gcuntas chun críocha an fho-ailt sin chun luach aon sócmhainne de chuid na cuideachta i gceist a ríomh, agus beidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 46 chun na gcríoch sin amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta phoiblí theoranta atá tar éis fógra i scríbhinn (nach bhfuil cúlghairthe) a thabhairt don chláraitheoir á rá go bhfuil ar intinn aici gnó a dhéanamh mar chuideachta infheistíochta (an “fógra atá ag teastáil”) agus a rinne, ó dháta an fhógra sin, na ceanglais atá leagtha amach i bhfo-alt (4) a chomhlíonadh.

(4) Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—

(a) gurb é atá i ngnó na cuideachta a cistí a infheistiú go príomha in urrúis, d'fhonn fiontar infheistíochta a leathadh agus tairbhe na dtorthaí ón mbainistí ar a cistí a thabhairt do chomhaltaí na cuideachta;

(b) nach bhfreagraíonn aon sealúchas de shealúchais na cuideachta i gcuideachtaí seachas cuideachtaí is cuideachtaí infheistíochta de thuras na huaire do riar is mó ná 15 faoin gcéad de réir luacha d'infheistíocht na cuideachta infheistiúcháin;

(c) go bhfuil dáileadh ar bhrabúis chaipitiúla na cuideachta toirmiscthe lena meabhrán comhlachais nó a hairteagail chomhlachais;

(d) nach ndearna an chuideachta, ach amháin i gcomhlíonadh na Coda seo, riar is mó ná 15 faoin gcéad den ioncam a fhaigheann sí ó urrúis a choinneáil i leith aon bhliana airgeadais.

(5) Ní fhéadfaidh cuideachta infheistíochta dáileadh a dhéanamh de bhua fho-alt (1) mura mbeidh a scaireanna liostaithe ar stocmhargadh aitheanta agus, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an chéad lá den bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais ina mbeidh an dáileadh atá beartaithe le déanamh nó, i gcás é bheith beartaithe an dáileadh a dhéanamh le linn chéad bhliain airgeadais na cuideachta, an chéad lá den bhliain airgeadais sin, agus dar críoch dáta an dáilte (cibé acu is roimh an lá ceaptha nó nach ea d'aon chuid de na blianta airgeadais sin), nach ndearna sí—

(a) dáileadh ar aon bhrabúis dá brabúis chaipitiúla; ná

(b) feidhm a bhaint as aon bhrabúis neamhréadaithe ná as aon bhrabúis chaipitiúla (réadaithe nó neamhréadaithe) chun íoc as bintiúir nó aon mhéideanna a bhí gan íoc ar aon scair dá scaireanna eisithe.

(6) Ní fhéadfaidh cuideachta infheistíochta dáileadh a dhéanamh de bhua fho-alt (1) mura mbeidh an fógra atá ag teastáil tugtha ag an gcuideachta—

(a) roimh thosach na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (5); nó

(b) i gcás inar roimh an lá ceaptha a thosaigh an tréimhse sin, a luaithe is féidir le réasún tar éis an lae cheaptha; nó

(c) i gcás inarbh ar an lá ceaptha nó aon lá dá éis a corpraíodh an chuideachta, a luaithe is féidir le réasún tar éis dáta a corpraithe.

(7) Féadfaidh cuideachta fógra uaithi chun an chláraitheora faoi fho-alt (3) a chúlghairm tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don chláraitheoir nach mian léi a thuilleadh a bheith ina cuideachta infheistíochta de réir bhrí an ailt seo agus, ar an bhfógra sin a thabhairt, scoirfidh an chuideachta de bheith ina cuideachta infheistíochta den sórt sin.

(8) Nuair a bheidh brabúis agus caillteanais chaipitiúla agus ioncaim á gcinneadh chun críocha an ailt seo, déanfar sócmhainn nach sócmhainn dhocht ná sócmhainn reatha a áireamh mar shócmhainn dhocht.

(9) Cuirfidh cuideachta infheistíochta an abairt “cuideachta infheistíochta” ar a litreacha agus a foirmeacha ordaithe.

(10) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (9) a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur orthu.

(11) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(12) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (4)—

(a) ciallaíonn “sealúchas” na scaireanna nó na hurrúis (cibé acu de chineál amháin nó de bhreis is cineál amháin) atá á sealbhú in aon chuideachta áirithe;

(b) áireofar gur sealúchais in aon chuideachta amháin sealúchais i gcuideachtaí is comhaltaí de ghrúpa (cibé acu a áirítear an chuideachta infheistiúcháin sa ghrúpa nó nach n-áirítear) agus nach bhfuil eisiata ón mír sin (b);

(c) más comhalta de ghrúpa an chuideachta infheistiúcháin áireofar aon airgead a dhlífidh comhalta eile den ghrúpa a íoc léi mar urrús de chuid an chomhalta eile sin atá á shealbhú ag an gcuideachta infheistiúcháin agus, dá réir sin, áireofar é mar shealúchas, nó mar chuid de shealúchas, na cuideachta infheistiúcháin sa chuideachta a dhlíonn an t-airgead a íoc,

agus chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “grúpa” cuideachta agus na cuideachtaí go léir is fochuideachtaí don chuideachta sin de réir bhrí alt 155 den Phríomh-Acht.

Brabúis réadaithe cuideachtaí árachais.

48. —(1) I gcás cuideachta árachais a bhíonn ag gabháil do ghnó árachais saoil, nó do ghnó árachais tionscail, nó dóibh araon, déanfar aon mhéid a aistríodh go cuí go dtí cuntas sochair agus dochair na cuideachta ó bharrachas sa chiste nó sna cistí atá á chothabháil nó á gcothabháil aici i leith an ghnó sin agus aon easnamh sa chiste nó sna cistí sin a áireamh, faoi seach, chun críocha na Coda seo mar bhrabús réadaithe agus mar chaillteanas réadaithe agus, faoi réir a bhfuil ansin roimhe seo, fágfar as an gcuntas, chun na gcríoch sin, aon bhrabús nó caillteanas a eascraíonn as an gciste nó as na cistí atá á chothabháil nó á gcothabháil aici i leith an ghnó sin.

(2) I bhfo-alt (1)—

(a) an tagairt do bharrachas in aon chiste nó cistí de chuid cuideachta árachais is tagairt í d'anbharr na sócmhainní atá ag freagairt don chiste sin nó do na cistí sin ar dhliteanais na cuideachta is inchurtha i leith a gnó árachais saoil nó a gnó árachais tionscail, mar a thaispeántar sin trí imscrúdú achtúireach; agus

(b) an tagairt d'easnamh in aon chiste nó in aon chistí den sórt sin is tagairt í d'anbharr na ndliteanas sin ar na sócmhainní sin mar a thaispeántar sin amhlaidh.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “imscrúdú achtúireach” imscrúdú lena mbaineann alt 5 den Assurance Companies Act, 1909;

tá le “gnó árachais saoil” agus le “gnó árachais tionscail” na bríonna céanna atá leo in alt 3 den Acht Árachais, 1936 .

Na cuntais iomchuí.

49. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is faoi threoir na n-ítimí iomchuí mar a bheidh luaite sna cuntais iomchuí a chinnfear an cheist cibé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh cuideachta dáileadh a dhéanamh gan alt 45, 46 nó 47 (an t-alt iomchuí) a shárú agus cad is méid d'aon dáileadh a fhéadfar a dhéanamh amhlaidh, agus áireofar an t-alt iomchuí a bheith sáraithe i gcás dáileadh mura ndéanfar ceanglais an ailt seo i dtaobh na gcuntas sin a chomhlíonadh i gcás an dáilte sin.

(2) Is éard iad na cuntais iomchuí d'aon chuideachta i gcás aon dáileadh áirithe—

(a) ach amháin i gcás atá faoi réim mhír (b) nó (c), na cuntais bhliantúla dheireanacha, is é sin le rá, na cuntais a ullmhaíodh de réir cheanglais an Phríomh-Achta agus a cuireadh faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta i leith na bliana airgeadais is deireanaí roimhe sin ar cuireadh cuntais a ullmhaíodh amhlaidh faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta ina leith;

(b) i gcás go bhfaighfí amach go sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí mura ndéanfaí ach tagairt do na cuntais bhliantúla dheireanacha, cibé cuntais (cuntais idirlinne) is gá le go bhféadfar breith réasúnach a thabhairt maidir le méideanna aon ítim de na hítimí iomchuí;

(c) má tá sé beartaithe an dáileadh sin a dhearbhú le linn chéad bhliain airgeadais na cuideachta nó sula gcuirfear aon chuntais faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta i leith na bliana airgeadais sin, cibé cuntais (cuntais tosaigh) is gá mar atá ráite anseo roimhe seo.

(3) Tá feidhm ag na ceanglais seo a leanas i gcás nach bhfuil de chuntais iomchuí ann i gcás dáileadh ach na cuntais bhliantúla dheireanacha de chuid cuideachta, is é sin le rá—

(a) ní foláir na cuntais sin a bheith ullmhaithe go cuí nó a bheith ullmhaithe amhlaidh ach amháin i gcás nithe nach bhfuil ábhartha chun a chinneadh, faoi threoir na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, an sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí;

(b) ní foláir tuarascáil a bheith tugtha ag iniúchóirí na cuideachta faoi alt 163 den Phríomh-Acht i leith na gcuntas sin;

(c) más rud é, de bhua aon ní dá dtagraítear sa tuarascáil sin, nach tuarascáil gan agús an tuarascáil, ní foláir do na hiniúchóirí é bheith ráite i scríbhinn acu freisin (an tráth a tugadh an tuarascáil nó tráth dá éis) an bhfuil, dar leo, an ní sin ábhartha chun a chinneadh, faoi threoir na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, an sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí; agus

(d) ní foláir cóip d'aon ráiteas den sórt sin a bheith curtha faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta.

(4) Is leor ráiteas faoi fho-alt (3) (c) chun na gcríocha a bhaineann le dáileadh áirithe ní hamháin má bhaineann sé le dáileadh atá beartaithe ach freisin má bhaineann sé le dáiltí d'aon tuairisc ar a n-áirítear an dáileadh áirithe sin, d'ainneoin nach raibh sé sin beartaithe tráth an ráitis.

(5) Tá feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le cuntais idirlinne a d'ullmhaigh cuideachta phoiblí theoranta do dháileadh atá beartaithe, is é sin le rá—

(a) ní foláir na cuntais sin a bheith ullmhaithe go cuí nó a bheith ullmhaithe amhlaidh ach amháin i gcás nithe nach bhfuil ábhartha chun a chinneadh, faoi threoir na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, an sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí;

(b) ní foláir cóip de na cuntais sin a bheith seachadta ar chláraitheoir na gcuideachtaí;

(c) i gcás gur i dteanga eile seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh na cuntais sin, ní foláir tiontú go Béarla nó go Gaeilge ar na cuntais, agus é deimhnithe ar an modh forordaithe gur tiontú ceart é, a bheith seachadta freisin ar an gcláraitheoir.

(6) Tá feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le cuntais tosaigh a d'ullmhaigh cuideachta phoiblí theoranta do dháileadh beartaithe, is é sin le rá—

(a) ní foláir na cuntais sin a bheith ullmhaithe go cuí nó a bheith ullmhaithe amhlaidh ach amháin i gcás nithe nach bhfuil ábhartha chun a chinneadh, faoi threoir na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, an sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí;

(b) ní foláir tuarascáil a bheith tugtha ag iniúchóirí na cuideachta á rá an ndearnadh na cuntais a ullmhú go cuí dar leo;

(c) más rud é, de bhua aon ní dá dtagraítear sa tuarascáil sin, nach tuarascáil gan agús an tuarascáil, ní foláir do na hiniúchóirí é bheith ráite i scríbhinn acu freisin an bhfuil, dar leo, an ní sin ábhartha chun a chinneadh, faoi threoir na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, an sáródh an dáileadh sin an t-alt iomchuí; agus

(d) ní foláir cóip de na cuntais sin, cóip den tuarascáil a bheidh tugtha faoi mhír (b) agus cóip d'aon ráiteas den sórt sin, a bheith seachadta ar chláraitheoir na gcuideachtaí; agus

(e) i gcás gur i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh na cuntais, an tuarascáil nó an ráiteas sin, ní foláir tiontú go Béarla nó go Gaeilge ar na cuntais, ar an tuarascáil nó ar an ráiteas, de réir mar a bheidh, agus é deimhnithe ar an modh forordaithe gur tiontú ceart é, a bheith seachadta freisin ar an gcláraitheoir.

(7) D'fhonn a chinneadh faoi threoir chuntais áirithe, an bhféadfaidh cuideachta dáileadh beartaithe a dhéanamh, beidh éifeacht leis an alt seo, in aon chás ina mbeidh dáileadh amháin nó níos mó déanta cheana féin de bhun cinntí a rinneadh faoi threoir na gcuntas céanna sin, amhail is dá ndéanfaí an dáileadh beartaithe a mhéadú de mhéid na ndáiltí a bheidh déanta amhlaidh.

(8) Má bhíonn feidhm ag fo-alt (3) (a), (5) (a) nó (6) (a) maidir leis na cuntais iomchuí, ní bheidh feidhm ag alt 45 (5) chun a chinneadh an ndearnadh aon athluacháil ar shócmhainní dochta na cuideachta ba dhifear do mhéid na n-ítimí iomchuí de réir mar a bheidh siad luaite sna cuntais sin, mura mbeidh ráite i nóta a ghabhann leis na cuntais sin—

(a) gur bhreithnigh na stiúrthóirí an luach a bhí, aon tráth áirithe, ag aon sócmhainní dochta de chuid na cuideachta gan na sócmhainní sin a athluacháil iarbhír;

(b) gur deimhin leo nach lú nó nár lú luach comhiomlán na sócmhainní sin ag an tráth áirithe i gceist ná an méid comhiomlán atá, nó a bhí, á lua leo de thuras na huaire i gcuntais na cuideachta; agus

(c) go bhfuil na hítimí iomchuí dá ndearnadh difear luaite dá réir sin sna cuntais iomchuí ar an mbonn go ndearnadh, an tráth áirithe sin, athluacháil ar shócmhainní dochta na cuideachta a raibh, de bhua alt 45 (5), na sócmhainní i gceist ar áireamh iontu.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “ullmhaithe go cuí”, i ndáil le haon chuntais de chuid cuideachta, gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas i ndáil leis na cuntais sin, is é sin le rá—

(a) i gcás cuntais bhliantúla, go ndearnadh iad a ullmhú go cuí de réir fhorálacha an Phríomh-Achta;

(b) i gcás cuntais idirlinne nó cuntais tosaigh, go gcomhlíonann siad ceanglais alt 149 den Phríomh-Acht agus go bhfuil aon chlár comhardaithe a áirítear sna cuntais sin sínithe de réir alt 156 den Phríomh-Acht; agus

(c) i gceachtar cás, agus gan dochar dá bhfuil anseo roimhe seo, gurb amhlaidh, ach amháin i gcás ina bhfuil an chuideachta i dteideal leas a bhaint as, agus go bhfuil leas bainte aici as, aon fhoráil d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(i) go dtugann cibé riar de na cuntais is clár comhardaithe, léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail ar dháta an chláir chomhardaithe; agus

(ii) go dtugann cibé riar de na cuntais sin is cuntas sochair agus dochair, léargas fíorcheart ar bhrabús nó ar chaillteanas na cuideachta don tréimhse dár ullmhaíodh na cuntais;

ciallaíonn “ítim iomchuí” aon ítim acu seo a leanas, is é sin le rá, brabúis, caillteanais, sócmhainní, dliteanais, soláthairtí (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht), scairchaipiteal agus cúlchistí;

folaíonn “cúlchistí” cúlchistí neamhindáilte de réir bhrí alt 46 (2);

ciallaíonn “tuarascáil gan agús” i ndáil le haon chuntais de chuid cuideachta, tuarascáil, gan agús, á rá go bhfuil na cuntais ullmhaithe go cuí dar leis an duine atá ag tabhairt na tuarascála;

agus chun críocha an ailt seo, tá cuntais curtha faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta má bhíonn alt 148 den Phríomh-Acht comhlíonta i ndáil leis na cuntais sin.

(10) Chun críche mhír (b) den mhíniú ar “ullmhaithe go cuí” i bhfo-alt (9), measfar éifeacht a bheith le halt 149 den Phríomh-Acht, agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, i ndáil le cuntais idirlinne agus cuntais tosaigh fara cibé modhnuithe is gá mar gheall air go n-ullmhaítear na cuntais i leith tréimhse seachas i leith bliana airgeadais.

Iarmhairtí a leanfaidh as dáileadh neamhdhleathach a dhéanamh.

50. —(1) Más rud é, i gcás dáileadh nó cuid de dháileadh a dhéanfaidh cuideachta chuig comhalta dá cuid, go ndéanfar an dáileadh de shárú ar fhorálacha na Coda seo agus gurb eol don chomhalta, nó go bhfuil údar réasúnach aige chun a chreidiúint, tráth an dáilte, go bhfuil sin á dhéanamh amhlaidh, dlífidh sé an dáileadh nó an chuid sin den dáileadh, de réir mar a bheidh, a aisíoc leis an gcuideachta nó (i gcás dáileadh a dhéanfar ar shlí seachas in airgead) dlífidh sé suim is ionann agus luach an dáilte nó na coda ag an tráth sin a íoc leis an gcuideachta.

(2) Ní dochar forálacha an ailt seo d'aon oibleagáid a fhorchuirtear ar leith ón alt seo ar chomhalta de chuideachta chun dáileadh a rinneadh chuige go neamhdhleathach a aisíoc.

Forálacha foghabhálacha.

51. —(1) Más rud é, díreach roimh an lá ceaptha, go n-údarófar do chuideachta le haon fhoráil dá hairteagail feidhm a bhaint as a brabúis neamhréadaithe chun íoc go hiomlán nó go páirteach as scaireanna neamheisithe atá le leithroinnt ar chomhaltaí na cuideachta mar scaireanna bónais láníoctha nó páirt-íoctha, leanfar, faoi réir aon athrú iardain ar na hairteagail, ag forléiriú na forála sin mar fhoráil a údaraíonn feidhm a bhaint amhlaidh as na brabúis sin tar éis an lae cheaptha.

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “dáileadh” dáileadh de gach tuairisc ar shócmhainní cuideachta chuig comhaltaí na cuideachta, in airgead nó ar shlí eile, ach amháin dáiltí a dhéantar mar a leanas—

(a) scaireanna a eisiúint mar scaireanna bónais láníoctha nó páirt-íoctha;

(b) scaireanna tosaíochta a fhuascailt amach as na fáltais ó eisiúint nua scaireanna a dhéanfar chun críocha na fuascailte sin agus aon phréimh ar a bhfuascailt a íoc amach as cuntas scair-phréimhe na cuideachta;

(c) scairchaipiteal a laghdú trí mhúchadh nó laghdú a dhéanamh ar dhliteanas aon chomhalta i leith aon scaireanna dá cuid maidir le scairchaipiteal nár íocadh nó trí scairchaipiteal íoctha a eisíoc; agus

(d) sócmhainní a dháileadh chuig comhaltaí na cuideachta tráth a foirceanta.

(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “caipitliú” i ndáil le haon bhrabúis de chuid cuideachta, aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas, cibé acu a dhéanfar iad roimh an lá ceaptha, ar an lá ceaptha nó aon lá dá éis, is é sin le rá, feidhm a bhaint as na brabúis chun íoc go hiomlán nó go páirteach as scaireanna neamheisithe sa chuideachta atá le leithroinnt ar chomhaltaí na cuideachta mar scaireanna bónais láníoctha nó páirt-íoctha nó na brabúis a aistriú go dtí an cúlchiste fuascailte caipitil.

(4) Aon tagairt sa Chuid seo do bhrabúis agus do chaillteanais d'aon tuairisc is tagairtí iad, faoi seach, do bhrabúis agus do chaillteanais den tuairisc sin a dhéanfar tráth ar bith, roimh an lá ceaptha, ar an lá ceaptha nó aon lá dá éis agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, is tagairtí, faoi seach, iad do bhrabúis ioncaim agus caipitil agus do chaillteanais ioncaim agus caipitil.

(5) Ní dochar forálacha na Coda seo d'aon achtachán ná riail dlí ná d'aon fhoráil i meabhrán cuideachta nó airteagail chuideachta lena srianaítear na suimeanna as a bhféadfar, nó na cásanna ina bhféadfar, dáileadh a dhéanamh.

(6) Ní bheidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le haon dáileadh a dhéanfaidh cuideachta, seachas cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair, roimh an dáta a dtarlóidh an teagmhas is túisce de na teagmhais seo a leanas, is é sin le rá, athchlárú nó clárú na cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta agus deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta.

CUID V

Athrú ar stádas cuideachtaí áirithe

Cuideachta theoranta a athchlárú mar chuideachta neamhtheoranta.

52. —(1) Cuideachta atá cláraithe ar an lá ceaptha mar chuideachta theoranta nó a chlárófar amhlaidh dá éis sin (seachas de bhun alt 53), féadfar í a athchlárú faoin bPríomh-Acht mar chuideachta neamhtheo ranta de bhun iarratais chuige sin a chomhlíonann ceanglais fho-alt (2) agus ar iarratas é a bheidh déanta san fhoirm fhorordaithe agus a bheidh sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí na cuideachta agus a sheachadfar ar an gcláraitheoir mar aon leis na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (3).

(2) Is iad na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nach foláir don iarratas—

(a) cibé athruithe a leagan amach i meabhrán na cuideachta—

(i) má tá scairchaipiteal le bheith aici, a bheidh ag teastáil lena chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir leis na ceanglais a fhorchuirtear leis an bPríomh-Acht maidir leis an meabhrán do chuideachta atá le foirmiú faoin Acht sin mar chuideachta neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici; nó

(ii) mura bhfuil scairchaipiteal le bheith aici, a bheidh ag teastáil sna himthosca; agus

(b) má tá airteagail cláraithe, cibé athruithe iontu agus cibé breisithe leo, a leagan amach—

(i) má tá scairchaipiteal le bheith aici, a bheidh ag teastáil lena chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir leis na ceanglais a fhorchuirtear leis an bPríomh-Acht maidir leis na hairteagail do chuideachta atá le foirmiú faoin Acht sin mar chuideachta neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici; nó

(ii) mura bhfuil scairchaipiteal le bheith aici, a bheidh ag teastáil sna himthosca; agus

(c) mura bhfuil airteagail cláraithe—

(i) airteagail chlóite ar a mbeidh an stampa céanna a bheadh orthu dá mba i ngníomhas a bheidís, a bheith i gceangal leis an iarratas agus a iarraidh go ndéanfaí na hairteagail sin a chlárú, ar airteagail iad a dhéanann, má tá scairchaipiteal le bheith ag an gcuideachta, na ceanglais sin a chomhlíonadh; nó

(ii) i gcás nach bhfuil scairchaipiteal le bheith aici, airteagail is iomchuí do na himthosca a bheith i gceangal leis an iarratas.

(3) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) an fhoirm thoilithe fhorordaíthe ag toiliú leis an gcuideachta a chlárú mar chuideachta neamhtheoranta agus í sínithe ag comhaltaí uile na cuideachta nó sínithe thar a gceann;

(b) dearbhú reachtúil arna thabhairt ag stiúrthóirí na cuideachta á rá gurb iad na daoine a bhfuil an fhoirm thoilithe sínithe acu nó sínithe thar a gceann comhaltas iomlán na cuideachta agus, i gcás nach mbeidh an fhoirm sin sínithe ag aon duine de na comhaltaí féin, á rá go bhfuil gach beart réasúnach déanta ag na stiúrthóirí chun a dheimhniú dóibh go raibh cumhacht faoin dlí chuige sin ag gach duine a shínigh í thar ceann comhalta;

(c) cóip chlóite den mheabhrán ina mbeidh na hathruithe a bheidh leagtha amach san iarratas; agus

(d) má tá airteagail cláraithe, cóip chlóite de na hairteagail sin ina mbeidh na hathruithe orthu agus na breisithe leo a bheidh leagtha amach san iarratas.

(4) Coinneoidh an cláraitheoir an t-iarratas agus na doiciméid eile a seachadadh air faoi fho-alt (1) agus, i gcás airteagail a bheith i gceangal leis an iarratas, déanfaidh sé iad a chlárú agus eiseoidh sé chuig an gcuideachta deimhniú corpraithe is iomchuí don stádas atá le glacadh ag an gcuideachta de bhua an ailt seo, agus ar an deimhniú a eisiúint—

(a) déanfar, de bhua na heisiúna, stádas na cuideachta a athrú ó theoranta go neamhtheoranta; agus

(b) na hathruithe sa mheabhrán a bheidh leagtha amach san iarratas agus (i gcás airteagail a bheith cláraithe roimhe sin) aon athruithe ar na hairteagail, agus aon bhreisithe leis na hairteagail, a bheidh leagtha amach amhlaidh, tiocfaidh siad in éifeacht, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, ionann is dá mbeidís déanta go cuí le rún ón gcuideachta agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Phríomh-Achta maidir leis an meabhrán agus leis na hairteagail amhail mar a athraíodh iad nó a cuireadh breisiú leo de bhua an ailt seo.

(5) Beidh deimhniú corpraithe a eiseofar de bhua an ailt seo ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo maidir le hathchlárú agus le nithe roimh an athchlárú agus ag baint leis agus gur údaraíodh an chuideachta a athchlárú faoin bPríomh-Acht de bhun an ailt seo agus go ndearnadh í a athchlárú go cuí amhlaidh.

(6) Má athchláraítear cuideachta de bhun an ailt seo, duine a bhí, an tráth ar seachadadh an t-iarratas chun í a athchlárú ar an gcláraitheoir, ina iarchomhalta den chuideachta agus nach raibh ina dhiaidh sin ina chomhalta di, ní dhlífidh sé, má dhéantar an chuideachta sin a fhoirceannadh, níos mó a ranníoc i leith sócmhainní na cuideachta ná mar a dhlífeadh sé a ranníoc leo i gcás nach mbeadh an chuideachta athchláraithe amhlaidh.

(7) Ní dhéanfaidh athchlárú ar chuideachta theoranta mar chuideachta neamhtheoranta de bhun an Achta seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

(8) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon síniú le foirm thoilithe ag ionadaí pearsanta dlíthiúil do chomhalta éagtha de chuid cuideachta, measfar gur síniú ag an gcomhalta éagtha é;

(b) measfar iontaobhaí i bhféimheacht do dhuine is comhalta de chuideachta a bheith, d'eisiamh an duine sin, ina chomhalta den chuideachta.

Cuideachta neamhtheoranta a athchlárú mar chuideachta theoranta.

53. —(1) Cuideachta atá cláraithe ar an lá ceaptha mar chuideachta neamhtheoranta nó a chlárófar amhlaidh dá éis sin (seachas de bhua alt 52) féadfar í a athchlárú faoin bPríomh-Acht mar chuideachta theoranta má ritear rún speisialta go ndéanfaí í a athchlárú amhlaidh (agus ceanglais fho-alt (2) a chomhlíonadh) agus má dhéantar iarratas chuige sin, agus é san fhoirm fhorordaithe agus sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí na cuideachta, a sheachadadh ar an gcláraitheoir, mar aon leis na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (3), tráth nach luaithe ná an lá ar a bhfaighidh sé cóip den rún a cuireadh chuige de bhun alt 143 den Phríomh-Acht.

(2) Is iad na ceanglais sin nach foláir don rún a rá cibé acu atá an chuideachta le bheith faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta, agus—

(a) má tá sí le bheith faoi theorainn scaireanna, nach foláir dó a rá cad a bheidh sa scairchaipiteal agus a shocrú go ndéanfar cibé athruithe is gá sa mheabhrán lena chur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir le ceanglais Achtanna na gCuideachtaí maidir le meabhrán cuideachta atá faoi theorainn amhlaidh, agus go ndéanfar cibé athruithe a bheidh ag teastáil sna himthosca ar na hairteagail;

(b) má tá sí le bheith faoi theorainn ráthaíochta, nach foláir dó a shocrú go ndéanfar cibé athruithe is gá sa mheabhrán agus sna hairteagail lena gcur, ó thaobh substainte agus foirme, i gcomhréir le ceanglais an Phríomh-Achta maidir le meabhrán agus airteagail chuideachta atá faoi theorainn amhlaidh.

(3) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cóip chlóite den mheabhrán de réir mar a athraíodh é de bhun an rúin agus cóip chlóite de na hairteagail de réir mar a athraíodh iad amhlaidh.

(4) Coinneoidh an cláraitheoir an t-iarratas agus na doiciméid eile a seachadadh air faoi fho-alt (1) agus eiseoidh sé chuig an gcuideachta deimhniú corpraithe is iomchuí don stádas atá le glacadh ag an gcuideachta de bhua an ailt seo; agus ar an deimhniú a eisiúint—

(a) déanfar, de bhua na heisiúna, stádas na cuideachta a athrú ó neamhtheoranta go teoranta; agus

(b) tiocfaidh na hathruithe sa mheabhrán a bheidh sonraithe sa rún agus na hathruithe sna hairteagail, agus na breisithe leis na hairteagail, a bheidh sonraithe amhlaidh in éifeacht, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht.

(5) Beidh deimhniú corpraithe a eiseofar de bhua an ailt seo ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo maidir le hathchlárú agus le nithe roimh an athchlárú agus ag baint leis, agus gur údaraíodh an chuideachta a athchlárú faoin bPríomh-Acht de bhun an ailt seo agus go ndearnadh í a athchlárú go cuí amhlaidh.

(6) Beidh éifeacht le halt 71 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí tagairt dá rún go ndéanfaí í a chlárú mar chuideachta theoranta de bhun an Achta sin nó go ndéanfaí í a athchlárú mar chuideachta theoranta de bhun an ailt seo in ionad na tagartha dá rún go ndéanfaí í a chlárú mar chuideachta theoranta de bhun an Achta sin.

(7) I gcás cuideachta a athchláraíodh de bhun an ailt seo a bheith á foirceannadh, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) d'ainneoin mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 207 den Phríomh-Acht, aon iarchomhalta den chuideachta ar comhalta di é tráth an athchláraithe, dlífidh sé, má thosaíonn an foirceannadh sa tréimhse trí bliana dar tosach an lá a athchlárófar an chuideachta, ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta i ndáil leis na fiacha agus na dliteanais faoina ndeachaigh an chuideachta roimh an tráth sin;

(b) i gcás nach comhaltaí láithreacha den chuideachta aon daoine a bhí ina gcomhaltaí den chuideachta an tráth sin, aon duine a bhí, an tráth sin, ina chomhalta láithreach nó ina iarchomhalta di, dlífidh sé, faoi réir mhír (a) den fho-alt sin (1) agus mhír (a) den fho-alt seo, ach d'ainneoin mhír (c) den fho-alt sin (1), ranníoc a dhéanamh mar atá ráite, d'ainneoin go ndearna na comhaltaí láithreacha na ranníocaí a bhí de cheangal orthu a dhéanamh de bhun an Phríomh-Achta a shásamh;

(c) d'ainneoin mhíreanna (d) agus (e) den fho-alt sin (1), ní bheidh aon teorainn leis an méid a dhlífidh duine a bhí, an tráth sin, ina chomhalta láithreach nó ina iarchomhalta den chuideachta, a ranníoc mar atá ráite.

(8) Ní dhéanfaidh athchlárú ar chuideachta neamhtheoranta mar chuideachta theoranta de bhun an Achta seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach agus, aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanstádas féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina stádas nua.

Alt 20 den Phríomh-Acht do scor.

54. —Ní dhéanfaidh aon chuideachta clárú ná athchlárú de bhun alt 20 (1) den Phríomh-Acht tar éis an lae cheaptha ach amháin ar iarratas chuige sin a rinneadh roimh an lá sin.

CUID VI

Ilghnéitheach

Cuideachta phoiblí theoranta d'fhoilsiú nithe áirithe san Iris Oifigiúil.

55. —(1) Foilseoidh cuideachta phoiblí theoranta fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh sheachadadh na ndoiciméad seo a leanas ar chláraitheoir na gcuideachtaí—

(a) dearbhú reachtúil faoi alt 6 (2);

(b) cóip de rún lena ndéantar údarás a thabhairt, a athrú, a chúlghairm nó a athnuachan chun críocha alt 20;

(c) cóip de rún speisialta faoi alt 24 (1), (2) nó (3);

(d) aon tuarascáil luachála ó shaineolaí ar chomaoin nach comaoin airgid faoi alt 31 (2);

(e) aon tuarascáil luachála ó shaineolaí ar shócmhainn nach sócmhainn airgid a gheofar ó shínitheoir faoi alt 33 (2);

(f) aon ráiteas nó fógra faoi alt 39 (1), (3) nó (4);

(g) aon tuairisceán ar leithrannta faoi alt 58 (1) den Phríomh-Acht;

(h) aon fhógra i dtaobh fuascailt ar scaireanna tosaíochta faoi alt 69 (1) den Phríomh-Acht;

(i) cóip de rún speisialta chun a scairchaipiteal a laghdú faoi alt 72 (2) den Phríomh-Acht;

(j) cóip d'aon rún nó comhaontú lena mbaineann alt 143 den Phríomh-Acht agus—

(i) a luann na cearta a ghabhann le haon scaireanna sa chuideachta, seachas scaireanna atá, ar gach cuma, ar aon réim (chun críocha alt 39 (1)) le scaireanna a leithroinneadh roimhe sin;

(ii) a athraíonn cearta a ghabhann le haon scaireanna sa chuideachta; nó

(iii) a shannann ainm nó ainmníocht eile nó ainm nua nó ainmníocht nua eile d'aon chineál scaireanna sa chuideachta.

(2) Déanfar an fógra a luaitear i bhfo-alt (1) a fhoilsiú laistigh de shé sheachtain ón seachadadh iomchuí.

(3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur orthu.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Trádáil faoi ainm atá míthreorach.

56. —(1) Beidh duine nach cuideachta phoiblí theoranta nó (tar éis deireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta) is seanchuideachta phoiblí theoranta ciontach i gcion má bhíonn sé ag gabháil d'aon trádáil, gairm nó gnó faoi ainm ina n-áirítear, sa chuid dheiridh de, na focail “public limited company”, nó “cuideachta phoiblí theoranta” nó giorruithe ar na focail sin.

(2) Beidh cuideachta phoiblí theoranta seachas seanchuideachta phoiblí theoranta ciontach i gcion má úsáideann sí, in imthosca inar dóigh go mbeadh sé ábhartha d'aon duine í bheith ina cuideachta phoiblí theoranta, ainm a d'fhéadfadh le réasún a thabhairt le fios gur cuideachta seachas cuideachta phoiblí theoranta í.

(3) Más rud é, sa tréimhse athchlárúcháin, go n-iarrfaidh seanchuideachta phoiblí theoranta go ndéanfaí í a athchlárú faoi alt 12 mar chuideachta phoiblí theoranta, ansin—

(a) i gcaitheamh an dá mhí dhéag tar éis an athchláraithe, beidh feidhm ag aon fhoráil d'alt 114 (1) (b) nó (c) den Phríomh-Acht; agus

(b) i gcaitheamh na dtrí bliana tar éis an athchláraithe, beidh feidhm ag alt 114 (1) (a) den Phríomh-Acht nó ag aon fhoráil d'aon Acht eile nó d'ionstraim reachtúil lena gceanglaítear nó lena n-údaraítear ainm na cuideachta a thaispeáint ar aon doiciméad nó ní eile,

amhail is dá mba é a bhí in aon tagairt san fhoráil sin d'ainm na cuideachta tagairt d'ainm arb é ainm na cuideachta é nó arbh é ainm na cuideachta é roimh athchlárú.

4. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon chuideachta—

(a) lena mbaineann Cuid XI den Phríomh-Acht; agus

(b) a bhfuil forálacha ina bunreacht a thabharfadh teideal di bheith ina cuideachta phoiblí theoranta dá mba sa Stát a cláraíodh í.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) agus, i gcás gur cuideachta an duine sin, aon oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu mar aon le fíneáil, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, ach gan dul thar £1,000 san iomlán.

Pionóis.

57. —(1) Cuideachta, nó duine eile, a bheidh ciontach i gcion faoi alt 20 nó 36, dlífear, ar í nó é a chiontú ar díotáil, fineáil nach mó ná £2,500 a chur uirthi nó air.

(2) Cuideachta, nó duine eile, a bheidh ciontach i gcion faoi alt 24, 40 nó 41, dlífear, ar í nó é a chiontú ar díotáil—

(a) i gcás cuideachta, fíneáil nach mó ná £2,500 a chur uirthi;

(b) i gcás duine seachas cuideachta, fíneáil nach mó ná £2,500, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 31 dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoi alt 20, 24, 31, 36, 40 nó 41 a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin;

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis; agus

(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,

agus ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo dlífear pionós mar a leanas a chur ar an gcosantóir sin—

(i) i gcás ina mbeidh an cosantóir ciontach i gcion faoi alt 20 nó 36, fíneáil nach mó ná £500;

(ii) i gcás ina mbeidh an cosantóir ciontach i gcion faoi alt 24, 31, 40 nó 41—

(I) i gcás cuideachta, fíneáil nach mó ná £500;

(II) i gcás duine seachas cuideachta, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(5) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt sin 20, 24, 31, 36, 40 nó 41 ionann is dá mbeadh, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (4) den alt seo sonraithe ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt 2 (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin 13 a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

Cúlghairm na cumhachta faoi alt 24 den Phríomh-Acht chun “teoranta” a fhágáil as ainm cuideachtaí poiblí teoranta.

58. —(1) Ní dheonófar aon cheadúnas faoi alt 24 den Phríomh-Acht i leith cuideachta poiblí teoranta ná i leith comhlachas atáthar ar tí a fhoirmiú mar chuideachta phoiblí theoranta ná ní bheidh éifeacht leis i leith cuideachta den sórt sin.

(2) Scoirfidh aon cheadúnas den sórt sin a bheidh deonaithe cheana féin do chuideachta d'éifeacht a bheith leis más rud é, tar éis an lae cheaptha, go ndéanfar an chuideachta a chlárú nó a athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta.

Cumhacht, le hordú, foirmeacha a fhorordú agus orduithe a chúlghairm agus a leasú.

59. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foirmeacha a fhorordú a bheidh le húsáid i ndáil le haon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú (seachas ordú arna dhéanamh faoi alt 1 (3)) a rinneadh faoin Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

60. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais.

61. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Mionleasuithe agus Leasuithe Iarmhartacha ar Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Alt 3.

1. Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí “rún ón gcuideachta” a chur in ionad “rún speisialta” sa mhíniú ar “airteagail” i bhfo-alt (1).

(2) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Ní foláir na nithe seo a leanas a lua i meabhrán gach cuideachta—

(a) i gcás cuideachta poiblí teoranta, ainm na cuideachta, agus ‘public limited company’ nó ‘cuideachta phoiblí theoranta’ mar fhocail dheiridh an ainm;

(b) i gcás cuideachta (seachas cuideachta phoiblí theoranta) atá faoi theorainn scaireanna nó ráthaíochta, ainm na cuideachta, agus ‘limited’ nó ‘teoranta’ mar fhocal deiridh an ainm;

(c) cuspóirí na cuideachta.”.

3. Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) trí “sa dóigh, áfach, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal na cuideachta ar aon cheannach den sórt sin.” a scriosadh i bhfo-alt (6); agus

(b) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6)—

“(6A) Más cuí leis an gcúirt, féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil go bhféadfaidh an chuideachta scaireanna aon chomhaltaí den chuideachta a cheannach agus go ndéanfar laghdú dá réir sin ar chaipiteal na cuideachta agus féadfaidh sé cibé athruithe a dhéanamh i meabhrán agus airteagail na cuideachta de réir mar is gá de dhroim na forála sin.

(6B) Má cheanglaíonn ordú faoin alt seo ar an gcuideachta gan aon athrú, nó gan aon athrú sonraithe, a dhéanamh ar a meabhrán ná a hairteagail, ansin, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, ní bheidh de chumhacht ag an gcuideachta, gan cead ón gcúirt, aon athrú den sórt sin a dhéanamh de shárú ar an gceanglas sin.

(6C) Aon athrú i meabhrán cuideachta nó in airteagail chuideachta a dhéanfar de bhua ordú faoin alt seo, seachas athrú a dhéanfar le rún ón gcuideachta, beidh an éifeacht chéanna leis amhail is dá mba le rún ón gcuideachta a dhéanfaí go cuí é, agus beidh feidhm ag forálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, maidir leis an meabhrán nó na hairteagail mar a athraíodh iad amhlaidh dá réir sin.”.

4. Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Ní bheidh úsáid an ghiorraithe ‘Ltd.’ in ionad ‘Limited’ nó ‘Teo.’ in ionad ‘Teoranta’ nó ‘p.l.c.’ in ionad ‘public limited company’ nó ‘c.p.t.’ in ionad ‘cuideachta phoiblí theoranta’, ina chúis, ann féin, le gur gá clárú amhlaidh.”.

5. Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “(6),”— “(6A), (6B), (6C),”.

6. Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 35—

“35.—(1) Faoi réir fho-alt (2), má dhéanann cuideachta, is cuideachta phríobháideach, a hairteagail a athrú ar shlí nach mbeidh iontu feasta na forálacha a cheanglaítear, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, scoirfidh an chuideachta de bheith ina cuideachta phríobháideach.

(2) Ní thiocfaidh an t-athrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) in éifeacht murar athchláraíodh an chuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta de réir alt 9 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , nó mar chuideachta phoiblí neamhtheoranta de réir alt 52 den Acht sin.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas chun cuideachta phríobháideach a athchlárú mar chuideachta phoiblí neamhtheoranta seachadfar, i dteannta an iarratais ar athchlárú, ráiteas in ionad réamheolaire agus é san fhoirm, agus na sonraí ann, atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, a mbeidh leagtha amach ann na tuarascálacha a shonraítear sa Sceideal sin, agus beidh éifeacht leis na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(4) Ní gá ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh faoi fho-alt (3) más rud é go n-eiseofar agus go seachadfar ar chláraitheoir na gcuideachtaí, mar a cheanglaítear le halt 47, réamheolaire i ndáil leis an gcuideachta a bheidh, nó a measfar de bhua deimhniú díolúine faoi alt 45 a bheith, de réir an Tríú Sceideal.

(5) I gcás gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (3), má bhíonn na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin tar éis aon choigeartuithe a dhéanamh inti nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, ar coigeartuithe iad den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Dara Sceideal, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, agus é sínithe ag na daoine sin, a mbeidh na coigeartuithe sin leagtha amach ann agus na fáthanna a bhí leo luaite ann.

(6) Má mhainnítear fo-alt (2), (3) nó (5) a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion, agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.

(7) Má bhíonn in aon ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar ar an gcláraitheoir faoi fho-alt (3), aon ráiteas neamhfhírinneach, beidh aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £2,500, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air;

mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, gur ráiteas fírinneach an ráiteas neamhfhírinneach.

(8) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé, agus

(b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan, nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha.”.

7. Leasaítear leis seo alt 53 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “Seachas i gcás cuideachta poiblí teoranta ní bheidh an méid is iníoctha” a chur in ionad “Ní bheidh an méid is iníoctha”.

8. Leasaítear leis seo alt 54 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le cuideachta phríobháideach; nó

(b) maidir le cuideachta phoiblí theoranta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .”.

9. Leasaítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Aon leithroinnt a dhéanfaidh cuideachta ar iarratasóir de shárú ar alt 53 nó 54 beidh sí inchurtha ar neamhní ar thionscnamh an iarratasóra laistigh de mhí tar éis dáta na leithroinnte, agus ní bheidh tráth is déanaí ná sin, agus beidh sí inchurtha ar neamhní amhlaidh d'ainneoin an chuideachta a bheith i gcúrsa a foirceanta.”.

10. Leasaítear leis seo alt 60 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15)—

“(15A) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) go (11) maidir le cuideachta phoiblí theoranta a corpraíodh amhlaidh i gcéaduair ná le cuideachta a cláraíodh nó a athchláraíodh mar chuideachta phoiblí theoranta faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , mura ndearnadh rún speisialta mar a fhóráiltear faoi fho-alt (2) a rith roimh iarratas na cuideachta ar chlárú nó ar athchlárú.

(15B) Ní fhéadfaidh cuideachta phoiblí theoranta, de réir fho-alt (13), cúnamh airgid a thabhairt d'aon duine, ach amháin sa chás nach laghdófar leis sin glansócmhainní na cuideachta nó, a mhéid a laghdófar leis sin na sócmhainní sin, gur as brabúis atá ar fáil le haghaidh díbhinne a chuirtear an cúnamh airgid ar fáil.

(15C) San alt seo ciallaíonn “glansócmhainní” comhiomlán shócmhainní na cuideachta lúide comhiomlán a dliteanas; agus folaíonn “dliteanais” aon soláthar (de réir bhrí an Séú Sceideal) ach amháin a mhéid a chuirtear an soláthar sin i gcuntas ag ríomh luach aon sócmhainne don chuideachta.”.

11. Leasaítear leis seo alt 62 (2) den Phríomh-Acht trí “a bheidh le leithroinnt ar chomhaltaí” a chur in ionad “a bheidh le heisiúint chun comhaltaí”.

12. Leasaítear leis seo alt 64 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) i bhfo-alt (1)—

“(c) nach foláir soláthar a bheith déanta don phréimh, más ann, is iníoctha ar na scaireanna a fhuascailt, as brabúis na cuideachta a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne nó as cuntas scair-phréimhe na cuideachta sula bhfuasclaítear na scaireanna;”;

agus

(b) trí “a bheidh le leithroinnt ar chomhaltaí” a chur in ionad “a bheidh le heisiúint chun comhaltaí” i bhfo-alt (6):

13. Leasaítear leis seo alt 114 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an giorrú ‘Ltd’, a úsáid in ionad ‘Limited’ nó ‘Teo.’ a úsáid in ionad ‘Teoranta’ nó ‘p.l.c.’ a úsáid in ionad ‘public limited company’ nó ‘c.p.t.’ a úsáid in ionad ‘cuideachta phoiblí theoranta’.”.

14. Leasaítear leis seo alt 115 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c) i bhfo-alt (7)—

“                                      , ná

(d) le cuideachta phoiblí theoranta a cláraíodh amhlaidh ar í a chorprú i gcéaduair faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .”.

15. Leasaítear leis seo alt 143 den Phríomh-Acht tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i) i bhfo-alt (4) (arna leasú le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 )—

“(j) le rúin ó stiúrthóirí cuideachta a ritheadh de bhua ailt 12 (3) (a) agus 43 (3) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .”.

16. Leasaítear leis seo alt 200 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “alt 391”—

“nó faoi alt 42 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ”.

17. Leasaítear leis seo alt 213 den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g)—

“(h) más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse eatramhaí ginearálta, de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , gur seanchuideachta phoiblí theoranta de réir bhrí an Achta sin an chuideachta;

(i) más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse eatramhaí do scairchaipiteal, de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , nár chomhlíon an chuideachta na coinníollacha a shonraítear in alt 12(9) den Acht sin.”.

18. Leasaítear leis seo alt 215 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e)—

“agus

(f) go bhféadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí achainí foirceanta a thíolacadh ar na forais a luaitear in alt 213 (h) nó (i).”.

19. Leasaítear leis seo alt 330 (c) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii)—

“(iii) ainm na cuideachta mar aon leis an bhfocal ‘limited’ nó ‘teoranta’ mar fhocal deiridh ann, nó i gcás cuideachta poiblí teoranta, mar aon leis na focail ‘public limited company’ nó ‘cuideachta phoiblí theoranta’ mar fhocail dheiridh ann; agus”.

20. Leasaítear leis seo alt 335 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Faoi réir fho-alt (2), nuair a dhéanfaidh cuideachta clárú de bhun na Coda seo le dliteanas teoranta, beidh an focal ‘limited’ nó ‘teoranta’ nó, i gcás cuideachta poiblí teoranta, na focail ‘public limited company’ nó ‘cuideachta phoiblí theoranta’, ina chuid nó ina gcuid dá hainm.”.

21. Leasaítear leis seo alt 336 den Phríomh-Acht—

(a) trína athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin; agus

(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach—

“(2) Beidh aon deimhniú a thabharfar faoin alt seo maidir le cuideachta ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais na Coda seo maidir le clárú agus le nithe roimh an gclárú agus ag baint leis.”.

22. Leasaítear leis seo alt 340 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “méid na ráthaíochta” — “agus lena n-áirítear aon ráiteas faoi alt 330 (c)”.

23. Leasaítear leis seo alt 395 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) Table A, Tábla A agus an Tríú, an Seachtú agus an tOchtú Sceideal a athrú;

(b) Táblaí B, C, D agus E sa Chéad Sceideal agus an fhoirm i gCuid II den Chúigiú Sceideal a athrú nó a bhreisiú; agus

(c) na foirmeacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a athrú;

ach ní dhéanfaidh aon athrú ag an Aire ar Table A nó ar Thábla A difear d'aon chuideachta a cláraíodh roimh an athrú, ná aisghairm maidir leis an gcuideachta sin ar aon chuid de Table A nó de Thábla A.”.

24. Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú in Part I de Table A—

(a) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 3—

“3. If at any time the share capital is divided into different classes of shares, the rights attached to any class may, whether or not the company is being wound up, be varied or abrogated with the consent in writing of the holders of three-fourths of the issued shares of that class, or with the sanction of a special resolution passed at a separate general meeting of the holders of the shares of the class.”;

(b) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 5—

“5. Subject to the provisions of these regulations relating to new shares, the shares shall be at the disposal of the directors, and they may (subject to the provisions of the Companies Acts, 1963 to 1983) allot, grant options over or otherwise dispose of them to such persons, on such terms and conditions and at such times as they may consider to be in the best interests of the company and its shareholders, but so that no share shall be issued at a discount and so that, in the case of shares offered to the public for subscription by a public limited company, the amount payable on application on each share shall not be less than one-quarter of the nominal amount of the share and the whole of any premium thereon.”;

(c) i rialachán 79, trí “, subject to section 20 of the Companies (Amendment) Act, 1983” a chur isteach i ndiaidh “or any part thereof, and”;

(d) i rialachán 80, trí “the Companies Acts, 1963 to 1983” a chur in ionad “the Act”;

(e) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 118—

“118. No dividend or interim dividend shall be paid otherwise than in accordance with the provisions of Part IV of the Companies (Amendment) Act, 1983 which apply to the company.”;

(f) tríd an rialachán nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh rialachán 130—

“130A. The company in general meeting may on the recommendation of the directors resolve that it is desirable to capitalise any part of the amount for the time being standing to the credit of any of the company's reserve accounts or to the credit of the profit and loss account which is not available for distribution by applying such sum in paying up in full unissued shares to be allotted as fully paid bonus shares to those members of the company who would have been entitled to that sum if it were distributed by way of dividend (and in the same proportions), and the directors shall give effect to such resolution.”;

(g) i rialachán 131 trí “Whenever a resolution is passed in pursuance of regulation 130 or 130A” a chur in ionad “Whenever such a resolution as aforesaid shall have been passed”.

25. Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú i gCuid I de Thábla A—

(a) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 3—

“3. Más rud é tráth ar bith go roinnfear an scairchaipiteal ina scaireanna de chineálacha éagsúla, féadfar na cearta a ghabhfaidh le haon chineál, cibé acu a bheidh an chuideachta á foirceannadh nó nach mbeidh, a athrú nó a aisghairm le toiliú i scríbhinn ó shealbhóirí trí cheathrú de na scaireanna eisithe den chineál sin, nó le ceadú faoi rún speisialta a ritheadh ag cruinniú ginearálta ar leith de shealbhóirí na scaireanna den chineál sin.”;

(b) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 5—

“5. Faoi réir na bhforálacha de na rialacháin seo a bhaineann le scaireanna nua, beidh na scaireanna ar a n-urláimh ag na stiúrthóirí, agus féadfaidh siad (faoi réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983) iad a leithroinnt ar cibé daoine, nó roghanna orthu a dheonú dóibh, nó iad a dhiúscairt chucu i slí eile, ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus cibé tráthanna, is dóigh leo is fearr a bheadh le leas na cuideachta agus a scair shealbhóirí, ach sa dóigh nach n-eiseofar aon scair faoi lascaine agus sa dóigh, i gcás scaireanna a thairgfidh cuideachta phoiblí theoranta don phobal lena suibscríobh, nach mbeidh an tsuim is iníoctha tráth an iarratais ar gach scair faoi bhun an ceathrú cuid de mhéid ainmniúil na scaire agus iomlán aon phréimhe uirthi.”;

(c) i rialachán 79 trí “faoi réir alt 19 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ” a chur isteach i ndiaidh “a mhorgáistiú nó a mhuirearú, agus,”;

(d) i rialachán 80, trí “le hAchtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983” a chur in ionad “leis an Acht” agus trí “faoi réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983” a chur in ionad “faoi réir forálacha an Achta”;

(e) tríd an rialachán seo a leanas a chur in ionad rialachán 118—

“118. Ní íocfar díbhinn ná díbhinn eatramhach ar bith seachas de réir na bhforálacha de Chuid IV d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcuideachta.”;

(f) tríd an rialachán nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh rialachán 130—

“130A. Féadfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, ar mholadh na stiúrthóirí, a bheartú gur inmhianaithe aon chuid den mhéid a bheidh de thuras na huaire i gcreidiúint d'aon cheann de chúlchuntais na cuideachta nó i gcreidiúint don chuntas sochair agus dochair nach mbeidh ar fáil chun a dháilte a chaipitliú tríd an tsuim sin a chur chun feidhme do láníoc scaireanna neamheisithe a bheidh le leithroinnt mar scaireanna bónais láníoctha ar na comhaltaí sin den chuideachta a bheadh i dteideal na suime sin dá ndéanfaí í a dháileadh i modh díbhinne (agus sna cionúireachtaí céanna) agus tabharfaidh na stiúrthóirí éifeacht don rún sin.”;

(g) i rialachán 131, trí “Aon uair a rithfear rún de bhun rialachán 130 nó 130A” a chur in ionad “Aon uair a rithfear rún mar a dúradh”.

26. Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú i gceannteideal an Sceidil sin trí “CHUIDEACHTA PHOIBLÍ NEAMHTHEORANTA” a chur in ionad “CHUID-EACHTA PHOIBLÍ”.

27. Leasaítear leis seo an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí na fomhíreanna nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2) i mír 11—

“(2A) Más trí fhorghéilleadh nó trí thabhairt suas in ionad forghéillte, nó de bhun alt 41 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a gheobhaidh an chuideachta scaireanna i gcuideachta phoiblí theoranta, seachas seanchuideachta phoiblí theoranta de réir bhrí an Achta sin, nó más in imthosca ina bhfuil feidhm ag mír (c) nó (d) d'alt 43(1) den Acht sin a gheobhaidh duine eile iad nó má chuirtear iad faoi lian nó faoi mhuirear arna thógáil ag an gcuideachta (cibé acu go sainráite nó ar shlí eile) agus atá ceadaithe le halt 44(2) (a), (c) nó (d) den Acht sin—

(a) líon agus luach ainmniúil na scaireanna a fuair an chuideachta amhlaidh, a fuair duine eile sna himthosca sin agus a muirearaíodh amhlaidh faoi seach i gcaitheamh na bliana airgeadais;

(b) líon uasta agus luach ainmniúil scaireanna atá, tar éis don chuideachta iad a fháil amhlaidh, nó tar éis do dhuine eile iad a fháil sna himthosca sin, nó tar éis a muirearaithe amhlaidh (cibé acu ar sa bhliain airgeadais nó nach ea a rinneadh é) á sealbhú aon tráth áirithe ag an gcuideachta nó ag an duine eile sin i gcaitheamh na bliana sin;

(c) líon agus luach ainmniúil na scaireanna a fuair an chuideachta amhlaidh, a fuair duine eile sna himthosca sin nó a muirearaíodh amhlaidh (cibé acu ar sa bhliain sin nó nach ea a rinneadh é) agus atá curtha de láimh ag an gcuideachta nó ag an duine eile sin nó atá curtha ar ceal ag an gcuideachta i gcaitheamh na bliana sin;

(d) i gcás ina luaitear, de bhun aon mhír de na míreanna sin roimhe seo, líon agus luach ainmniúil na scaireanna d'aon tuairisc áirithe, an céatadán den scairchaipiteal glaoite a bhfuil scaireanna den tuairisc sin ag freagairt dó;

(e) i gcás inar muirearaíodh amhlaidh aon scair de na scaireanna, méid an mhuirir i ngach cás; agus

(f) i gcás ina ndearna an chuideachta nó an duine a fuair na scaireanna sna himthosca sin aon scaireanna díobh a chur de láimh ar airgead nó ar luach airgid, méid nó luach na comaoine i ngach cás.

(2B) Aon dáileadh ag cuideachta infheistíochta de réir bhrí Chuid IV d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a laghdaíonn méid a glansócmhainní go dtí méid is lú ná comhiomlán a scairchaipiteal glaoite agus a cúlchistí neamhindáilte. San fhomhír seo tá le “glansócmhainní” agus le “scairchaipiteal glaoite” na bríonna céanna atá leo in alt 2 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , agus tá le “cúlchistí neamhindáilte” an bhrí chéanna atá leis in alt 46 (2) den Acht sin.”.

28. Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4—

“5. Cibé acu atá, dar leo, ar dháta an chláir chomhardaithe de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , cor airgid ann ar ghá faoi alt 40(1) den Acht sin cruinniú ginearálta urghnách den chuideachta a chomóradh.”.

29. Leasaítear leis seo an Naoú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa chéad cholún i ndiaidh “Clár stiúrthóirí agus rúnaithe”: “Sonraí a bhaineann le stiúrthóirí a bheith le taispeáint ar gach litir ghnó ón gcuideachta”; agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa dara colún i ndiaidh “Alt 195”: “Alt 196”.

30. Leasaítear leis seo an Deichiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a scriosadh as an gcéad agus as an dara colún den Sceideal sin—

“130 Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil.”.

AN DARA SCEIDEAL

Foirmeacha Meabhrán Comhlachais Chuideachta Poiblí Teoranta

Alt 4.

CUID I

Cuideachta Phoiblí faoi theorainn scaireanna.

1. “Mianadóireacht an Tuaiscirt, cuideachta phoiblí theoranta” is ainm don chuideachta.

2. Cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta.

3. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú chun mianraí de gach cineál a thochailt agus chun gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

4. Tá teorainn le dliteanas na gcomhaltaí.

5. £30,000, agus é roinnte i 30,000 scair de £1 an ceann, scairchaipiteal na cuideachta.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoltaí scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo, agus comhaontaímid go dtógfaimid an líon scaireanna i gcaipiteal na cuideachta atá curtha síos os coinne ár n-ainmneacha faoi seach.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí

An líon Seaireanna atá á thógáil ag gach Sínitheoir

1. Séamas Ó Meachair as...............................................................................

i gContae............................................................................................

5

Aturnae

2. Seán Ó Briain as.........................................................................................

i gContae............................................................................................

375

Innealtóir

3. Micheál Ó Nualláin as.................................................................................

i gContae............................................................................................

225

Innealtóir

4. Pádraig Ó hAodha as..................................................................................

i gContae............................................................................................

55

Geolaí

5. Pól Mac Cárthaigh as..................................................................................

i gContae............................................................................................

10

Geolaí

6. Tomás Ó Cinnéide as..................................................................................

i gContae............................................................................................

30

Cuntasóir

7. Seosamh Ó Meára as.................................................................................

i gContae............................................................................................

15

Aturnae

Iomlán na scaireanna atá á dtógáil

715

Arna dhátú an .............. lá de .........................................., 19...........

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

CUID II

Cuideachta Phoiblí faoi Theorainn Ráthaíochta agus a bhfuil Scairchaipiteal aici

1. “Forbairt Turasóireachta Chontaetha an Deiscirt, cuideachta phoiblí theoranta” is ainm don chuideachta.

2. Cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta.

3. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú, chun turasóireacht i gcontaetha dheisceart na hÉireann a chur chun cinn trí shaoráidí a chur ar fáil do thurasóirí, agus gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

4. Tá teorainn le dliteanas na gcomhaltaí.

5. Geallann gach comhalta den chuideachta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn dó bheith ina chomhalta, nó laistigh de bhliain ina dhiaidh sin, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a rachfar fúthu sula scoirfidh sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, cibé suim is gá ach gan dul thar £25.

6. Is é a bheidh i scairchaipiteal na cuideachta £30,000 agus é roinnte i 30,000 scair de £1 an ceann.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoltaí scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo, agus comhaontaímid go dtógfaimid an líon scaireanna i gcaipiteal na cuideachta atá curtha síos os coinne ár n-ainmneacha faoi seach.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí

An líon Scaireanna atá á thógáil ag gach Sínitheoir

1. Seán Ó Beoláin as......................................................................................

i gContae............................................................................................

5

Aturnae

2. Mairtín Mac Cuilín as..................................................................................

i gContae............................................................................................

375

Dílseánach Óstáin

3. Seán Mac Eochaidh as................................................................................

i gContae............................................................................................

225

Innealtóir

4. Séamas Ó Mongáin as................................................................................

i gContae............................................................................................

55

Gníomhaire Taistil

5. Pól de Róiste as..........................................................................................

i gContae............................................................................................

10

Feirmeoir

6. Caoimhín Ó Súilleabháin as.........................................................................

i gContae............................................................................................

30

Ailtire

7. Treasa Ní Chonchúir as...............................................................................

i gContae............................................................................................

15

Bean tí

Iomlán na Scaireanna atá á dtógáil

715

Arna dhátú an .............. lá de .........................................., 19...........

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 3.

CUID I

Forálacha Acht na gCuideachtaí, 1963

Méid na haisghairme

Alt 2(1) (Foráil ghinearálta maidir le léiriú).......................

Mínithe ar “cruinniú reachtúil” agus “tuarascáil reachtúil”.

Alt 19 (Deimhniú corpraithe ina fhianaise dhochloíte).......................................................................

An t-alt go léir.

Alt 48 (Srian le hathrú ar théarmaí a luaitear sa réamheolaire nó sa ráiteas in ionad réamheolaire).......................................................................

An t-alt go léir.

Alt 63 (Cumhacht chun scaireanna a eisiúint faoi lascaine).....................................................................

An t-alt go léir.

Alt 130 (Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil)..........................................................

An t-alt go léir.

Alt 149 (Ábhair agus foirm na gcuntas; ríomh na mbrabús agus na gcaillteanas, agus mar a dhéileáiltear leo)............................................................................

Fo-alt (6).

Alt 213 (Imthosca ina bhféadfaidh an chúirt cuideachta a fhoirceannadh)............................................................

Mír (b).

Alt 215 (Forálacha maidir le hiarratais chun cuideachta a fhoirceannadh)............................................................

Mír (b).

Alt 216 (Cumhachtaí na cúirte ar achainí a éisteacht)........................................................................

Fo-alt (2).

An Chéad Sceideal, Table A, Part I................................

I rialachán 11 na focail “, and the company shall also have a first and paramount lien on all shares (other than fully paid shares) standing registered in the name of a single person for all moneys immediately payable by him or his estate to the company”.

An Chéad Sceideal, Tábla A, Cuid I

I rialachán 11 na focail “, agus beidh túslian ceannasach ag an gcuideachta freisin ar gach scair (seachas scaireanna láníoctha) a bheidh cláraithe in ainm duine aonair le haghaidh an airgid uile is iníoctha láithreach aige féin, nó ag a eastát, leis an gcuideachta”.

An Chéad Sceideal, Tábla D...........................................

Cuid II.

CUID II

Forálacha Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982

Méid na haisghairme.

Alt 3 (Sonraí a bheidh le seachadadh i dteannta meabhráin)..................................................................

Fo-Alt (6).


Na hAchtanna dá dtagraítear

Assurance Companies Act, 1909

1909, c. 49

Chartered Companies Act, 1837

1837, c. 73

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977

1977, Uimh. 31

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982

1982, Uimh. 10

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Fost-Cheannaigh, 1946

1946, Uimh. 16

An tAcht Árachais, 1936

1936, Uimh. 45