|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 12 de 1985 | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1985 | |||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 12 de 1985 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1985 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT CHUN AN CEART VÓTÁLA A THABHAIRT DO DHAOINE ÁIRITHE, DE BHUN AIRTEAGAL 16.1.2° DEN BHUNREACHT, I dTOGHCHÁIN DO DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHT-ANNA TOGHCHÁIN, 1923 GO 1983, ACHTANNA TOGH-CHÁN AN UACHTARÁIN, 1937 GO 1973, AGUS ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1984. [7 Iúil, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
[EN] |
Léiriú |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963 ; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Toghcháin (Leasú), 1966 ; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 . | |||||||||||
[EN] | (2) In ailt 3 (2), 4, 5 agus 7 den Acht seo, is ionann tagairt d'aon achtachán agus tagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile a achtaítear tar éis thosach feidhme an Achta seo. | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 5 d'Acht 1963. |
2. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1963 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | ||||||||||
[EN] | “(1A) (a) I dteannta na ndaoine sin atá i dteideal a gcláraithe faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Dála i ndáilcheantar más duine é a bhfuil ocht mbliana déag slán aige agus, ar an dáta cáilitheach— | |||||||||||
[EN] | (i) a chomhlíon ceanglas fho-alt (1) (b) den alt seo, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) a bhí— | |||||||||||
[EN] | (I) ina shaoránach Briotanach, nó | |||||||||||
[EN] | (II) ina náisiúnach de Bhallstát lenar bhain an fo-alt seo ar an dáta sin. | |||||||||||
[EN] | (b) Baineann an fo-alt seo le Ballstát arb é, de thuras na huaire, is ábhar dearbhaithe faoi fho-alt (1B) den alt seo. | |||||||||||
[EN] | (1B) Más é tuairim an Aire— | |||||||||||
[EN] | (a) go ndéantar le dlí Ballstáit a bhaineann le toghadh chomhaltaí Pharlaimint Náisiúnta an Bhallstáit sin, nó le toghadh teachtaí nó ionadaithe eile sa Pharlaimint sin nó chuici, a chumasú do shaoránaigh d'Éirinn, toisc iad a bheith ina saoránaigh den sórt sin agus ina gcónaí sa Bhallstát sin, vótáil i dtoghchán den sórt sin, agus | |||||||||||
[EN] | (b) gurb ionann, nó gurb ionann go substaintiúil, forálacha an dlí sin a chumasaíonn do shaoránaigh d'Éirinn a bhfuil cónaí orthu amhlaidh vótáil amhlaidh agus na forálacha sin a chumasaíonn do náisiúnaigh an Bhallstáit sin vótáil amhlaidh, | |||||||||||
[EN] | féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur Ballstát lena mbaineann fo-alt (1A) den alt seo an Ballstát sin. | |||||||||||
[EN] | (1C) Féadfaidh an tAire le hordú critéir nó nithe eile a shonrú a dtabharfar aird orthu chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil duine, chun críche an ailt seo, ina náisiúnach de Bhallstát agus féadfar a fhoráil leis an ordú sin go mbainfidh forálacha an ordaithe le gach Ballstát nó le cibé Ballstát nó Ballstáit a bheidh sonraithe san ordú. | |||||||||||
[EN] | (1D) I gcás— | |||||||||||
[EN] | (a) ordú faoi fho-alt (1C) den alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, agus | |||||||||||
[EN] | (b) Ballstát lena mbaineann an t-ordú a bheith, de thuras na huaire, ina Bhallstát lena mbaineann fo-alt (1A) den alt seo, | |||||||||||
[EN] | forléireofar clásal (II) d'fho-alt (1A) (a) (iii) den alt seo, agus beidh éifeacht leis, faoi réir fhorálacha an ordaithe. | |||||||||||
[EN] | (1E) (a) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú. | |||||||||||
[EN] | (b) Má bheartaítear ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a dhéanamh, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu sin. | |||||||||||
[EN] | (1F) (a) Faoi réir fho-alt (1D), san alt seo— | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘saoránach Briotanach’ duine is saoránach Briotanach faoin Acht de chuid na Parlaiminte Briotanaí dá ngairtear an British Nationality Act 1981; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘na Comhphobail Eorpacha’ Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát nó an Ríocht Aontaithe; | |||||||||||
[EN] | tá le ‘náisiúnach de Bhallstát’ an bhrí a shanntar dó leis na conarthaí ach amháin nach bhforléireofar é mar ní a thagraíonn don Ríocht Aontaithe ná mar ní a fholaíonn saoránach Briotanach; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘na conarthaí’ na conarthaí, an coinbhinsiún agus an cinneadh atá luaite in alt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , arna bhforlíonadh nó arna leasú sa tslí atá luaite san alt sin. | |||||||||||
[EN] | (b) An tagairt i mír (a) den fho-alt seo don Acht de chuid na Parlaiminte Briotanaí atá luaite sa mhír sin, is tagairt í don Acht sin arna achtú ag an bParlaimint sin an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1981.”. | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 44, 51, 64, 70 agus 92 d'Acht 1963. |
3. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 92, arna leasú le halt 21 (2) d'Acht 1977, d'Acht 1963 trí “clárú toghthóirí uachtaráin,” a chur isteach i ndiaidh “toghthóirí Dála,” agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an alt seo, leaghta amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar Acht 1963 agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí tagairt do chlár toghthóirí uachtaráin in ionad gach ceann de na tagairtí do chlár toghthóirí Dála i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 44, i bhfo-alt (1), (2) (arna leasú le halt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1973 ) agus (4) d'alt 51, i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 64 agus i bhfo-ailt (1), (2) (arna leasú amhlaidh) agus (4) d'alt 70. | |||||||||||
| ||||||||||||
[EN] |
Toghthóir uachtaráin, etc. |
4. —(1) Chun críocha— | ||||||||||
[EN] | (a) Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, | |||||||||||
[EN] | (b) Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, agus | |||||||||||
[EN] | (c) alt 92 (1), arna leasú le halt 21 (2) d'Acht 1977 agus le halt 3 (1) den Acht seo, d'Acht 1963, | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “toghthóir uachtaráin” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán duine chun oifig Uachtarán na hÉireann. | |||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, ciallaíonn “toghthóir”, nuair a úsáidtear ina aonar é, duine a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo. | |||||||||||
[EN] |
Toghchóras agus clárú i dtoghcháin uachtaráin. |
5. —(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir uachtaráin i ndáilcheantar má tá ocht mbliana déag slán aige agus má bhí sé, ar an dáta cáilitheach— | ||||||||||
[EN] | (a) ina shaoránach d'Éirinn, agus | |||||||||||
[EN] | (b) ina ghnáthchónaí sa dáilcheantar sin. | |||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1963 (seachas fo-alt (1), fo-ailt (1A), (1B), (1C), (1D), (1E) agus 1F) (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht seo) agus fo-alt (2) d'alt 5), arna leasú le halt 1 d'Acht 1966 agus le halt 4 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 , maidir le clárú toghthóirí uachtaráin de bhun an ailt seo agus is é an clár dá dtagraítear in alt 6 (1) d'Acht 1963, a mhéid a bhaineann sé le daoine atá i dteideal vótáil i dtoghcháin uachtaráin, clár na dtoghthóirí uachtaráin. | |||||||||||
[EN] | (3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo déanfar gach ceann de na tagairtí i bhfo-ailt (4), (5), (5A) (a cuireadh isteach le halt 1 d'Acht 1966) agus (6) d'alt 5 d'Acht 1963 do chríocha an ailt sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chríocha an ailt seo. | |||||||||||
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “an dáta cáilitheach” an dáta a shonróidh an tAire Comhshaoil faoi alt 5 (6) d'Acht 1963. | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 3 agus 29 d'Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 . |
6. —Leasaítear leis seo Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 — | ||||||||||
[EN] | (a) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” sa mhíniú ar “rolla de thoghthóirí” in alt 3; agus | |||||||||||
[EN] | (b) trí “toghthóir uachtaráin” a chur in ionad “duine” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfo-ailt (2) agus (3) (a cuireadh isteach, iad araon, le halt 50 d'Acht 1963) d'alt 29, | |||||||||||
[EN] | agus tá an míniú sin agus na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú leis an alt seo, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||
| ||||||||||||
[EN] |
Forléiriú (Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984). |
7. —(1) Déanfar gach ceann de na tagairtí in Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, don chlár de thoghthóirí a fhorléiriú mar thagairt do chlár de na daoine atá i dteideal vótáil i dtoghchán uachtaráin. | ||||||||||
[EN] | (2) San alt seo tá le “toghchán uachtaráin” an bhrí a shanntar do “toghachán uachtaráin” le halt 3 d'Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 . | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 7, 20 agus 34 d'Acht an Reifrinn, 1942 , agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis. |
8. —Leasaítear leis seo Acht an Reifrinn, 1942 — | ||||||||||
[EN] | (a) trí “de thoghthóirí uachtaráin a bheidh cláraithe sa chlár de thoghthóirí uachtaráin” a chur in ionad “de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí” i bhfo-alt (2) d'alt 7; | |||||||||||
[EN] | (b) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” i bhfo-alt (3) d'alt 7; | |||||||||||
[EN] | (c) trí “toghthóir uachtaráin” a chur in ionad “duine” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 69 d'Acht 1963), agus i bhfo-alt (3) (arna chur isteach amhlaidh) d'alt 20; | |||||||||||
[EN] | (d) trí “de thoghthóirí uachtaráin sa chlár de thoghthóirí uachtaráin” a chur in ionad “de thoghthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí” i mír (b) d'alt 34 (2); agus | |||||||||||
[EN] | (e) trí “uachtaráin” a chur in ionad “Dála” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfomhír (b) de Riail 32 (1) den Chéad Sceideal, | |||||||||||
[EN] | agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3) den alt sin 7, an t-alt sin 20, mír (b) agus fomhír (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||
| ||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983, agus d'ailt 1, 2 agus 3 (1), agus d'alt 4, a mhéid a bhaineann sé le hAcht 1963, den Acht seo le chéile. | |||||||||||
[EN] | (3) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1973, agus d'ailt 3 agus 4, a mhéid a bhaineann siad le toghcháin uachtaráin, agus d'ailt 1, 5 agus 6 den Acht seo le chéile. | |||||||||||
[EN] | (4) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, agus d'ailt 3 agus 4, a mhéid a bhaineann siad le reifreann, agus d'ailt 1, 7 agus 8 den Acht seo le chéile. | |||||||||||
[EN] | (5) Forléireofar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985, mar aon Acht amháin. | |||||||||||
[EN] | (6) Forléireofar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, mar aon Acht amháin. |