51 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 51 de 1998


AN tACHT OIDEACHAIS, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Caiteachais.

4.

Fógraí a sheirbheáil.

5.

Rialacháin agus orduithe a leagan.

6.

Cuspóirí an Achta.

7.

Feidhmeanna an Aire.

CUID II

Scoileanna

8.

Pátrún scoile.

9.

Feidhmeanna scoile.

10.

Scoileanna a aithint.

11.

Aitheantas a tharraingt siar.

12.

Maoiniú bliantúil.

CUID III

An Chigireacht

13.

An Chigireacht.

CUID IV

Boird Bhainistíochta

14.

Bunú agus comhaltas bord bainistíochta.

15.

Feidhmeanna boird.

16.

Díscaoileadh ag pátrún.

17.

Díscaoileadh ag pátrún ar iarraidh ón Aire.

18.

Cuntais agus taifid a choimeád.

19.

Tuarascáil maidir le hoibriú an bhoird.

20.

Tuarascáil agus faisnéis.

21.

An plean scoile.

CUID V

An Príomhoide agus na Múinteoirí

22.

Feidhmeanna an Phríomhoide agus na múinteoirí.

23.

An Príomhoide.

24.

Forálacha a bhaineann leis an bhfoireann.

CUID VI

Ilghnéitheach

25.

Scoilbhliain, seachtain scoile, lá scoile.

26.

Cumann tuismitheoirí.

27.

Faisnéis do mhic léinn agus comhairle mac léinn.

28.

Nósanna imeachta maidir le gearáin agus nósanna imeachta eile.

29.

Achomhairc chuig an Ard-Rúnaí.

30.

Curaclam.

31.

Múineadh trí Ghaeilge.

32.

Míbhuntáiste oideachasúil.

33.

Rialacháin.

34.

Bliain airgeadais.

35.

Leasú ar an Intermediate Education (Ireland) Act, 1878.

36.

Leasú ar an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

37.

Lárionaid tacaíochta oideachais.

CUID VII

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

38.

An lá bunaithe.

39.

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a bhunú.

40.

Comhdhéanamh agus ceapadh.

41.

Cuspóirí agus feidhmeanna.

42.

Dul i gcomhairle le comhlachtaí ainmnithe.

43.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

44.

Foireann.

45.

Deontais.

46.

Cuntais agus faisnéis.

47.

Coistí.

48.

Tuarascáil Bhliantúil.

CUID VIII

Scrúduithe

49.

Léiriú.

50.

Scrúduithe.

51.

Rialacháin.

52.

Cionta.

53.

Rochtain ar fhaisnéis áirithe a dhiúltú.

CUID IX

Comhlachtaí Corpraithe.

54.

Comhlachtaí a bhunú chun seirbhísí a bhaineann le hoideachas a sholáthar.

55.

Comhaltas agus foireann.

56.

Feidhmeanna.

57.

Riarachán.

58.

Deontais.

59.

Ordú bunaithe a chúlghairm.

SCEIDEAL 1

An Chomhairle

SCEIDEAL 2

Scrúduithe


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1998

Achtanna na Leanaí, 1908 go 1989

An tAcht um Chúram Leanaí, 1991

1991, Uimh. 17

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

Na hAchtanna um Chaomhnóireacht Leanaí, 1964 go 1997

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1996

Intermediate Education (Ireland) Act, 1878

1878, 41 & 42 Vic. c. 66

Na hAchtanna Oideachais Idirmheánaigh (Éirinn), 1878 go 1924

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21

An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997

1997, Uimh. 27

Na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 51 de 1998


AN tACHT OIDEACHAIS, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL MAIDIR LE hOIDEACHAS GACH DUINE SA STÁT, LENA nÁIRÍTEAR AON DUINE AR A bhFUIL MÍCHUMAS NÓ AG A bhFUIL RIACHTANAIS SPEISIALTA EILE OIDEACHAIS, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I gCOITINNE MAIDIR LE BUNOIDEACHAS, IAR-BHUNOIDEACHAS, OIDEACHAS AOSACH AGUS LEANÚNACH, AGUS GAIRMOIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT; DÁ ÁIRITHIÚ GO bhFUIL AN CÓRAS OIDEACHAIS CUNTASACH DO MHIC LÉINN, DÁ dTUISMITHEOIRÍ AGUS DON STÁT AS AN OIDEACHAS A SHOLÁTHRAÍTEAR, GO nURRAMAÍONN SÉ AN ÉAGSÚLACHT LUACHANNA, CREIDEAMH, TEANGACHA AGUS TRAIDISIÚN I SOCHAÍ NA hÉIREANN AGUS GO STIÚRTAR É LE MEON COMHPHÁIRTÍOCHTA IDIR SCOILEANNA, PÁTRÚIN, MIC LÉINN, TUISMITHEOIRÍ, MÚINTEOIRÍ AGUS FOIREANN EILE SCOILE, AN POBAL DÁ bhFÓNANN AN SCOIL AGUS AN STÁT; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SCOILEANNA AGUS A mBAINISTÍOCHT A AITHINT AGUS A MHAOINIÚ TRÍ BHOIRD BHAINISTÍOCHTA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CIGIREACHT SCOILEANNA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE RÓL AGUS FREAGRACHTAÍ PRÍOMHOIDÍ AGUS MÚINTEOIRÍ; DO BHUNÚ NA COMHAIRLE NÁISIÚNTA CURACLAIM AGUS MEASÚNACHTA AGUS DO DHÉANAMH SOLÁTHAIR DI, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Oideachais, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche, feidhme, forála nó aicme scoile áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil, nó le haghaidh feidhmeanna nó forálacha éagsúla, den Acht seo nó le haghaidh aicmí éagsúla scoileanna.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i leith aon chríche, feidhme, forála nó aicme scoile, nach mbeidh ordú faoi fho-alt (2) déanta ag an Aire faoina treoir, dhá bhliain tar éis dháta a rite.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis dheireadh na chéad bhliana agus dheireadh an dara bliain tar éis dháta rite an Achta seo, tuarascáil a ullmhú maidir le cur i ngníomh an Achta, agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Féadfar na hAchtanna Oideachais, 1878 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Oideachais Idirmheánaigh (Éirinn), 1878 go 1924, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “airteagail bhainistíochta” aon ionstraimí, a bhaineann le hoibriú agus bainistíocht scoileanna, a bheidh i ngníomh ar thosach feidhme an Achta seo agus a bheidh comhaontaithe ó am go ham ag pátrúin scoileanna, ag cumainn náisiúnta tuismitheoirí agus ag ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí;

ciallaíonn “bord” bord bainistíochta a bhunófar faoi alt 14 ;

ciallaíonn “lárionad oideachais” áit, seachas scoil nó áit a chuireann oideachas ollscoile nó oideachas tríú leibhéal eile ar fáil, ina gcuirtear oideachas aosach nó leanúnach nó gairmoideachas nó gairmoiliúint ar fáil agus atá ainmnithe chun na críche sin faoi alt 10 (4);

ciallaíonn “spiorad sainiúil” an spiorad sainiúil dá dtagraítear in alt 15 (2)(b);

ciallaíonn “Comhairle” an comhlacht a bhunófar faoi alt 39 ;

déanfar “curaclam” a fhorléiriú de réir alt 30 ;

ciallaíonn “míchumas”—

(a) feidhmeanna coirp nó meabhrach duine a bheith caillte go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear cuid de chorp duine a bheith caillte, nó

(b) orgánaigh atá nó is dóigh a bheidh ina dtrúig galair nó tinnis ainsealaigh a bheith sa chorp, nó

(c) mífheidhmiú, anchuma nó máchailiú cuid de chorp duine, nó

(d) riocht nó mífheidhmiú a bhfuil de thoradh air go bhfoghlaimíonn duine ar shlí éagsúil le duine nach bhfuil an riocht nó an mífheidhmiú air nó uirthi, nó

(e) riocht, tinneas nó galar a fhearann ar phróisis smaointe duine, ar aireachtáil na réaltachta ag duine, ar mhothúcháin nó ar bhreithiúnas duine, nó a bhfuil iompraíocht shuaite de thoradh air;

tá le “míbhuntáiste oideachasúil” an bhrí a shanntar le halt 32(9);

tá le “scrúdú” an bhrí a shanntar dó le halt 49;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , gur limistéar Gaeltachta é;

ciallaíonn “Cigire” comhalta den Chigireacht;

ciallaíonn “Cigireacht” an Chigireacht a cheapfar faoi alt 13 ;

ciallaíonn “Aire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta;

ciallaíonn “cumann náisiúnta tuismitheoirí” cumann nó comhlacht eile daoine arna bhunú ag tuismitheoirí ag a bhfuil cuspóirí lena n-áirítear a bheith ionadaitheach do thuairimí agus do leasanna tuismitheoirí maidir le hoideachas agus cabhrú le tuismitheoirí a gcearta agus a ról a fheidhmiú i bpróiseas oideachais a gcuid leanaí, agus ar cumann nó comhlacht é—

(a) atá bunaithe agus eagraithe ar bhonn náisiúnta agus a bhfuil comhaltaí de i gcuid shubstaintiúil den Stát, agus

(b) atá aitheanta de thuras na huaire ag an Aire chun críocha an Achta seo, lena n-áirítear an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunbhrainse agus an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) Teoranta, ar comhlachtaí iad atá aitheanta amhlaidh de thuras na huaire;

ciallaíonn “an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta” an comhlacht a bhunófar de réir alt 39 ;

folaíonn “tuismitheoir” tuismitheoir altrama, caomhnóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi na hAchtanna um Chaomhnóireacht Leanaí, 1964 go 1997, nó duine eile a bheidh ag gníomhú in loco parentis agus a bhfuil leanbh faoina chúram nó faoina cúram faoi réir aon chumhachta reachtúla nó ordaithe cúirte agus, i gcás linbh a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1998, nó, i gcás gur uchtaíodh an leanbh lasmuigh den Stát, ciallaíonn sé an t-uchtaitheoir nó na huchtaitheoirí nó an t-uchtaitheoir marthanach;

ciallaíonn “cumann tuismitheoirí” cumann a bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leis;

tá le “pátrún” an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “Príomhoide” duine a cheapfar faoi alt 23 ;

ciallaíonn “scoil aitheanta” scoil atá aitheanta ag an Aire de réir alt 10 ;

ciallaíonn “eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile” na comhlachtaí sin a bhunófar chun bheith ionadaitheach do leasanna daoine atá ag gabháil do bhainistíocht scoileanna agus atá aitheanta ag an Aire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ceardchumann aitheanta” ceardchumann arna cheadúnú faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990, agus atá aitheanta chun críocha comhchomhairle;

ciallaíonn “scoil” bunachas—

(a) ina gcuirtear bunoideachas ar fáil dá chuid mac léinn agus inar féidir freisin go bhfuil oideachas luath-óige á chur ar fáil, nó

(b) ina gcuirtear iar-bhunoideachas ar fáil dá chuid mac léinn agus inar féidir freisin go bhfuil cúrsaí á gcur ar fáil in oideachas aosach, oideachas leanúnach nó gairmoideachas nó i ngairmoiliúint,

ach ní fholaíonn sé scoil nó foras a bheidh bunaithe de réir Achtanna na Leanaí, 1908 go 1989, ná scoil nó foras a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag bord sláinte de réir na nAchtanna Sláinte, 1947 go 1996, nó an Achta um Chúram Leanaí, 1991;

tá le “plean scoile” an bhrí a shanntar dó le halt 21(1);

ciallaíonn “seachtain scoile” an tréimhse ama i rith seachtaine nuair a bhíonn scoil ar oscailt chun mic léinn a ghlacadh;

ciallaíonn “scoilbhliain” cibé tréimhse dhá mhí dhéag, dar tosach lá idir an chéad lá d'Iúil agus an chéad lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain, a fhorordóidh an tAire ó am go ham, i gcoitinne nó i leith aon scoile nó aicme scoile;

ciallaíonn “riachtanais speisialta oideachais” riachtanais oideachais mac léinn atá faoi mhíchumas agus riachtanais oideachais mac léinn a bhfuil cumas eisceachtúil iontu;

ciallaíonn “mac léinn”, i ndáil le scoil, duine atá rollaithe sa scoil agus, i ndáil le lárionad oideachais, ciallaíonn sé duine atá cláraithe mar mhac léinn sa lárionad sin;

ciallaíonn “seirbhísí taca” na seirbhísí a chuireann an tAire ar fáil do mhic léinn nó dá dtuismitheoirí, do scoileanna nó do lárionaid oideachais de réir alt 7 agus folóidh sé aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) mic léinn a mheasúnú;

(b) seirbhísí síceolaíochta;

(c) seirbhísí treorach agus comhairliúcháin;

(d) cúnamh agus trealamh teicniúil, lena n-áirítear modhanna rochtana chuig scoileanna, oiriúnuithe ar fhoirgnimh chun rochtain a éascú agus iompar, do mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu agus dá dteaghlaigh;

(e) soláthar le haghaidh mac léinn atá ag foghlaim trí mheán theanga chomharthaíochta na hÉireann nó teanga comharthaíochta eile, lena n-áirítear seirbhísí ateangaireachta;

(f) seirbhísí teiripe urlabhra;

(g) soláthar le haghaidh oideachais luath-óige, bunoideachais, iar-bhunoideachais, oideachais aosaigh nó oideachais leanúnaigh do mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu, ar shlí seachas i scoileanna nó i lárionaid oideachais;

(h) seirbhísí leasa múinteoirí;

(i) seirbhísí iompair;

(j) seirbhísí leabharlainne agus meán;

(k) seirbhísí cothabhála scoile;

(l) scrúduithe dá bhforáiltear i gCuid VIII;

(m) seirbhísí taca curaclaim agus seirbhísí comhairleacha foirne, agus

(n) cibé seirbhísí eile a shonraítear leis an Acht seo nó is cuí leis an Aire;

folaíonn “múinteoir” Príomhoide;

ciallaíonn “coiste gairmoideachais” coiste arna bhunú le halt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

(2) (a) San Acht seo aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal, is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna, folaíonn sí, i leith cumhachtaí agus dualgas, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas.

Caiteachais.

3. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fógraí a sheirbheáil.

4. —I gcás ina n-údaraítear nó ina gceanglaítear leis an Acht seo nó faoi, nó le rialacháin nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, fógra, ordachán nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, déanfar, mura sonraítear a mhalairt san Acht seo, é a dhíriú chuig an duine agus a sheirbheáil ar an duine nó a thabhairt don duine ar cheann amháin de na slite seo a leanas—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm, trína sheachadadh ar an duine, nó

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, nó

(c) trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin.

Rialacháin agus orduithe a leagan.

5. —Déanfar gach rialachán agus gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

Cuspóirí an Achta.

6. —Gach duine a mbeidh baint aige nó aici leis an Acht seo a chur i ngníomh, beidh aird aige nó aici ar na cuspóirí seo a leanas ar dá mbun a d'achtaigh an tOireachtas an tAcht seo:

(a) éifeacht phraiticiúil a thabhairt do chearta bunreachtúla leanaí, lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, mar a bhaineann siad le hoideachas;

(b) a fhoráil, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil, go gcuirfear ar fáil do dhaoine a chónaíonn sa Stát leibhéal agus cáilíocht oideachais is cuí chun freastal ar riachtanais agus cumais na ndaoine sin;

(c) comhionannas rochtana ar an oideachas agus comhionannas rannpháirtíochta san oideachas a chur chun cinn agus chun na bealaí ina bhféadfaidh mic léinn tairbhe a bhaint as an oideachas a chur chun cinn;

(d) deiseanna a chur chun cinn d'aosaigh, go háirithe d'aosaigh nár bhain leas nó tairbhe as an oideachas i scoileanna agus iad ina leanaí, chun leas a bhaint as deiseanna oideachais trí oideachas aosach agus oideachas leanúnach;

(e) an ceart atá ag tuismitheoirí a leanaí a chur ar scoil is rogha leis na tuismitheoirí a chur chun cinn, ag féachaint do chearta pátrún agus d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní;

(f) an cleachtas is fearr i modhanna múinteoireachta, ag féachaint do riachtanais éagsúla mac léinn agus d'fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí múinteoirí, a chur chun cinn;

(g) idirchaidreamh agus comhchomhairle éifeachtach a chur chun cinn idir scoileanna agus lárionaid oideachais, pátrúin, múinteoirí, tuismitheoirí, na pobail dá bhfónann scoileanna, údaráis áitiúla, boird sláinte, daoine nó grúpaí daoine a bhfuil spéis ar leith acu in oideachas mac léinn ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó a bhfuil taithí acu ar oideachas den sórt sin, agus an tAire;

(h) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta oideachais;

(i) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus go háirithe go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal;

(j) cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta;

(k) riachtanais teanga agus chultúrtha mac léinn a chur chun cinn ag féachaint do roghanna a dtuismitheoirí;

(l) cuntasacht an chórais oideachais a mhéadú, agus

(m) follasacht a mhéadú i dtaca le cinntí a dhéanamh sa chóras oideachais, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta araon.

Feidhmeanna an Aire.

7. —(1) Is feidhm de chuid an Aire faoin Acht seo gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) a chinntiú, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go gcuirfear ar fáil do gach duine a chónaíonn sa Stát, lena n-áirítear duine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais aige nó aici, seirbhísí taca agus leibhéal agus cáilíocht oideachais is cuí chun freastal ar riachtanais agus cumais an duine sin,

(b) an beartas náisiúnta oideachais a chinneadh, agus

(c) pleanáil agus comheagrú a dhéanamh—

(i) ar sholáthar an oideachais i scoileanna aitheanta agus i lárionaid oideachais, agus

(ii) ar sheirbhísí taca.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), is feidhm de chuid an Aire gach ceann díobh seo a leanas:

(a) maoiniú a chur ar fáil do gach scoil aitheanta agus do gach lárionad oideachais agus seirbhísí taca a chur ar fáil do scoileanna aitheanta, do lárionaid oideachais, do mhic léinn, lena n-áirítear mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, agus dá dtuismitheoirí, de réir mar is cuí leis an Aire agus de réir an Achta seo;

(b) faireachán agus measúnacht a dhéanamh ar cháilíocht, barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais oideachais a chuireann scoileanna aitheanta agus lárionaid oideachais ar fáil sa Stát, ag féachaint do na cuspóirí dá bhforáiltear in alt 6 , agus faisnéis a bhaineann leis an bhfaireachán agus leis an measúnacht sin a fhoilsiú i cibé modh is cuí leis an Aire;

(c) talamh nó foirgnimh a léasú le haon duine nó comhlacht daoine chun scoil a bhunú gan dochar do bhunú scoileanna ag pátrúin ar thalamh nó i bhfoirgnimh nach bhfuil léasaithe leo ag an Aire, scoileanna den sórt sin a mhéadú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu nuair a bheidh siad bunaithe agus na scoileanna sin a aithint de réir alt 10 ;

(d) seirbhísí taca trí Ghaeilge a sholáthar do scoileanna aitheanta a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus d'aon scoil aitheanta eile a iarrann soláthar den sórt sin;

(e) cibé feidhmeanna eile dá bhforáiltear go sonrach leis an Acht seo nó le haon achtachán eile a chomhlíonadh, agus

(f) na gníomhartha agus na nithe sin go léir is gá a dhéanamh ar mhaithe leis na cuspóirí ar dá mbun a achtaítear an tAcht seo.

(3) Beidh ag an Aire na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Le linn don Aire a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall—

(a) beidh aird aige nó aici ar na nithe seo a leanas—

(i) na hacmhainní atá ar fáil,

(ii) an soláthar le haghaidh oideachais agus oiliúna a dhéanann gníomhaireachtaí eile as cistí a sholáthraíonn an tOireachtas,

(iii) an gá atá ann éagsúlacht na seirbhísí oideachais a chuirtear ar fáil sa Stát a léiriú, agus

(iv) na cleachtais agus na traidisiúin a bhaineann le heagrú scoileanna nó grúpaí scoileanna atá ann ag tosach feidhme na Coda seo agus an ceart atá ag scoileanna a ngnóthaí féin a bhainistiú de réir an Achta seo agus de réir aon chairteacha, gníomhas, airteagal bainistíochta nó aon ionstraimí eile den sórt sin a bhaineann lena mbunú nó lena n-oibriú,

agus

(b) déanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le cumainn tuismitheoirí i scoileanna, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile a bhfuil spéis ar leith acu i nithe a bhaineann le hoideachas nó a bhfuil eolas acu maidir leis na nithe sin, lena n-áirítear daoine nó grúpaí daoine a bhfuil spéis ar leith acu in oideachas mac léinn ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais, nó a bhfuil taithí acu ar oideachas den sórt sin, de réir mar is cuí leis an Aire.

CUID II

Scoileanna

Pátrún scoile.

8. —(1) Measfar—

(a) gurb é nó gurb í an duine atá, ag tosach feidhme an ailt seo, aitheanta ag an Aire mar phátrún bunscoile, agus

(b) gurb iad na daoine atá, ag tosach feidhme an ailt seo, ceaptha mar iontaobhaithe nó mar bhord gobharnóirí iarbhunscoile agus, más rud é nach bhfuil aon iontaobhaithe nó aon bhord den sórt sin ann, gurb é nó gurb í úinéir na scoile sin,

an pátrún chun críocha an Achta seo agus déanfaidh an tAire ainm an duine nó na ndaoine sin, de réir mar is cuí, a thaifeadadh i gclár a choimeádfaidh an tAire chun na críche sin.

(2) In aon chás seachas cás dá bhforáiltear i bhfo-alt (1), is é nó is í pátrún scoile aitheanta ná an duine a d'iarr aitheantas don scoil nó ainmnitheach de chuid an duine sin agus déanfar ainm an duine sin a thaifeadadh sa chlár.

(3) Féadfaidh an tAire an clár a leasú i leith aon scoile ar iarratas ón duine a bheidh, de thuras na huaire, cláraithe mar phátrún nó ó chomharba an duine sin.

(4) I gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, is é an coiste sin pátrún na scoile chun críocha an Achta seo.

(5) Más rud é go mbeidh beirt nó níos mó ag feidhmiú feidhmeanna pátrúin, féadfar iad a chlárú mar chomhphátrúin.

(6) Comhallfaidh pátrún scoile na feidhmeanna, agus feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí, a thugtar don phátrún leis an Acht seo agus cibé feidhmeanna agus cumhachtaí eile a thugtar don phátrún le haon Acht den Oireachtas nó le haon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó le haon ghníomhas, cairt, airteagail bhainistíochta nó ionstraim eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile.

(7) San alt seo—

folaíonn “duine” comhlacht daoine;

folaíonn “scoil” scoil bheartaithe.

Feidhmeanna scoile.

9. —Cuirfidh scoil aitheanta oideachas ar fáil do mhic léinn ar oideachas é is cuí dá gcumais agus dá riachtanais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, úsáidfidh sí na hacmhainní a bheidh ar fáil di—

(a) chun a chinntiú go ndéanfar riachtanais oideachais gach mic léinn, lena n-áirítear iad sin atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, a shainaithint agus go ndéanfar soláthar faoina gcomhair,

(b) chun a chinntiú, maidir leis an oideachas a chuireann sí ar fáil, go ndéanann sé freastal ar cheanglais an bheartais oideachais mar a chinnfidh an tAire é ó am go ham, lena n-áirítear ceanglais i dtaca le soláthar curaclaim mar a fhorordóidh an tAire de réir alt 30 ,

(c) chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme,

(d) chun forbairt mhorálta, spioradálta, shóisialta agus phearsanta mac léinn a chur chun cinn agus chun oideachas sláinte a chur ar fáil dóibh, i gcomhairle lena dtuismitheoirí, ag féachaint do spiorad sainiúil na scoile,

(e) chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do mhic léinn agus d'fhoireann na scoile, idir fhireannaigh agus bhaineannaigh,

(f) chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn,

(g) chun a chinntiú go mbeidh rochtain sa mhodh forordaithe ag tuismitheoirí mic léinn nó, i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, ag an mac léinn, ar thaifid a choimeádann an scoil sin i ndáil le dul chun cinn an mhic léinn sin i dtaca lena oideachas nó lena hoideachas,

(h) i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail,

(i) chun a cuid gníomhaíochtaí a sheoladh de réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire ó am go ham faoi alt 33 ,

(j) chun a chinntiú go ndéanfar riachtanais an phearsanra atá ag gabháil d'fheidhmeanna bainistíochta agus riachtanais forbartha na foirne i gcoitinne sa scoil a shainaithint agus go ndéanfar soláthar faoina gcomhair,

(k) chun córais a bhunú agus a chothabháil lena bhféadfar éifeachtúlacht agus éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheasúnú, lena n-áirítear cáilíocht agus éifeachtacht na múinteoireachta sa scoil agus leibhéil ghnóthachtála agus caighdeáin acadúla mac léinn,

(l) chun teagmhálacha a bhunú nó a chothabháil le scoileanna eile agus ag leibhéil chuí eile ar fud an phobail dá bhfónann an scoil, agus

(m) faoi réir an Achta seo agus go háirithe alt 15 (2)(d), chun beartas i dtaca le ligean isteach a bhunú agus a chothabháil lena bhforálfar don inrochtaineacht is mó is féidir ar an scoil.

Scoileanna a aithint.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, ar iarraidh chuige sin a bheith déanta, scoil nó scoil bheartaithe a ainmniú chun bheith ina scoil atá aitheanta chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh an tAire scoil nó scoil bheartaithe a ainmniú chun bheith ina scoil atá aitheanta chun críocha an Achta seo i gcás inar deimhin leis an Aire, ar iarraidh chuige sin a bheith déanta ag pátrún scoile nó scoile beartaithe—

(a) mar gheall ar líon na mac léinn atá nó is dócha a bheidh ag freastal ar an scoil, gur scoil inmharthana atá nó is dócha a bheidh inti,

(b) i gcás scoile beartaithe, agus ag féachaint dá inmhianaithe atá sé go mbeadh aicmí éagsúla scoileanna ag oibriú sa limistéar ar dócha go mbeidh an scoil ag fónamh dó, nach féidir le réasún leis na scoileanna atá ann cheana féin riar ar riachtanais na mac léinn a bheidh ag freastal, nó is dócha a bheidh ag freastal, ar an scoil,

(c) go ngeallann an pátrún go gcuirfidh an scoil an curaclam arna chinneadh de réir alt 30 ar fáil,

(d) go gcomhaontaíonn an pátrún cigireacht agus meastóireacht rialta ag an gCigireacht a cheadú agus comhoibriú leis an gcéanna,

(e) go gcomhlíonann an scoil nó, i gcás scoile beartaithe, go gcomhlíonfaidh an scoil caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus tógála de réir mar a chinntear le dlí, agus aon chaighdeáin bhreise den sórt sin a chinnfidh an tAire ó am go ham, agus

(f) go gcomhaontaíonn an pátrún go n-oibreoidh an scoil de réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire ó am go ham faoi alt 33 agus de réir an Achta seo agus de réir aon téarmaí agus coinníollacha eile a bheidh ag gabháil, le réasún, le haitheantas ón Aire.

(3) Aon scoil a bheidh, ag tosach feidhme an ailt seo, ag fáil cistí a sholáthraíonn an tOireachtas—

(a) i leith na ngníomhaíochtaí oideachais do mhic léinn na scoile sin, nó

(b) i leith luach saothair múinteoirí sa scoil sin,

measfar gur scoil í atá aitheanta de réir an ailt seo.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham áit a ainmniú chun bheith ina lárionad oideachais.

Aitheantas a tharraingt siar.

11. —(1) Más rud é gur deimhin leis an Aire nach bhfuil scoil, lena n-áirítear scoil atá aitheanta de réir alt 10 (3), ag comhlíonadh na gceanglas le haghaidh scoil a aithint dá bhforáiltear in alt 10 (2), nó nach bhfuil feidhmeanna scoile á gcomhall go héifeachtach agus gur dóigh leis nó léi gur ceart aitheantas a tharraingt siar ón scoil sin, cuirfidh an tAire an tuairim sin agus na cúiseanna atá leis an tuairim sin in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don bhord, don phátrún, do na múinteoirí, do chomhairle na mac léinn, más ann, agus do thuismitheoirí na mac léinn sa scoil sin.

(2) Más rud é, ar thrí mhí a bheith caite ó dháta an fhógra arna eisiúint faoi fho-alt (1) agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a dhéanfaidh bord nó pátrún na scoile, na múinteoirí nó na tuismitheoirí nó comhairle na mac léinn, más ann, chuig an Aire, go mbeidh an tAire fós den tuairim sin, féadfaidh an tAire aitheantas a tharraingt siar ón scoil trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig bord agus pátrún na scoile, agus beidh éifeacht leis an bhfógra sin ar an agus ón lá deireanach den scoilbhliain tar éis na scoilbhliana inar díríodh an fógra chuig an mbord nó cibé dáta is déanaí ná sin a chinnfidh an tAire.

(3) Is é dualgas an Aire, i leith scoile ónar tarraingíodh aitheantas siar, socrú a dhéanamh chun saoráidí oideachais cuí ionadacha a chur ar fáil do na mic léinn sin a bhí rollaithe sa scoil ar an dáta ar tarraingíodh an t-aitheantas siar agus a bhfuil na saoráidí sin de dhíth orthu.

(4) Más rud é gur deimhin leis an Aire, maidir le scoil ónar tarraingíodh aitheantas siar, go sásaíonn sí na ceanglais le haghaidh scoil a aithint dá bhforáiltear in alt 10 , agus go gcomhallfar feidhmeanna na scoile go héifeachtach, féadfaidh an tAire aitheantas a thabhairt ar ais don scoil sin ar choinníoll, maidir leis an aitheantas sin a thabhairt ar ais, nach bhfágfaidh sé go mbeidh an scoil sin ná aon duine atá fostaithe sa scoil i dteideal aon íocaíocht a fháil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i ndáil leis an tréimhse i ndiaidh an t-aitheantas a tharraingt siar agus roimh an aitheantas a thabhairt ar ais.

Maoiniú bliantúil.

12. —(1) Déanfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, critéir a chinneadh agus a fhoilsiú i ngach scoilbhliain ar dá réir a dhéanfar aon aicme nó aicmí scoileanna aitheanta nó lárionad oideachais a mhaoiniú sa scoilbhliain ina dhiaidh sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus ceadófar leis na critéir sin airgead breise a íoc le scoileanna aitheanta ag féachaint do leibhéal mhíbhuntáiste oideachasúil na mac léinn sna scoileanna.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfaidh an tAire, i ngach scoilbhliain agus faoi cibé dáta nó dátaí a chinnfidh an tAire, deontas nó deontais a bheidh ag teacht leis na critéir a chinnfear de bhun an ailt seo a thabhairt do gach scoil aitheanta nó lárionad oideachais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas de réir an Achta seo, chun an scoil sin nó an lárionad oideachais sin a sheoladh.

(3) Ní thabharfar deontas nó deontais mura scoil aitheanta an scoil ar an dáta a bheidh an deontas nó na deontais sin le tabhairt.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, más rud é, ar thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh socruithe i bhfeidhm trína gcuireann an tAire deontais ar fáil do chomhlacht daoine a eisíocann na deontais sin le dhá scoil aitheanta nó níos mó, ansin ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun na socruithe sin a athrú ach amháin le comhaontú an chomhlachta sin nó a chomharba.

(5) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (4), déanfaidh an tAire cibé deontas nó deontais a bheidh ar cóimhéid leis an méid a thabharfaí, murach an fo-alt seo, do scoileanna faoi fho-alt (2) a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don chomhlacht dá dtagraítear san fho-alt sin nó dá chomharba, agus déanfaidh an comhlacht sin aon deontas nó deontais den sórt sin a chur chun feidhme ar mhaithe le mic léinn sna scoileanna sin.

CUID III

An Chigireacht

An Chigireacht.

13. —(1) Ceapfaidh an tAire Príomh-Chigire agus cibé Cigirí agus cibé líon Cigirí is cuí leis an Aire agus tabharfar an “Cigireacht” ar an bPríomh-Chigire agus na Cigirí le chéile agus sin mar a ghairfear díobh san Acht seo.

(2) I measc na ndaoine a cheapfaidh an tAire mar Chigirí faoi fho-alt (1) beidh daoine a bhfuil cáilíochtaí acu mar shíceolaithe nó a bhfuil saineolas eile acu, lena n-áirítear saineolas ar oideachas mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

(3) Is iad feidhmeanna Cigire:

(a) tacaíocht a thabhairt do scoileanna aitheanta, do lárionaid oideachais agus do mhúinteoirí agus iad a chomhairliú maidir le nithe a bhaineann le soláthar oideachais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(i) tabharfaidh Cigire cuairt ar scoileanna aitheanta agus ar lárionaid oideachais ar thionscnamh na Cigireachta agus, tar éis dul i gcomhairle leis an mbord, leis an bpátrún, le tuismitheoirí mac léinn agus le múinteoirí, de réir mar is cuí, déanfaidh sé nó sí aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas:

(I) meastóireacht ar eagrú agus oibriú na scoileanna agus na lárionad sin agus ar cháilíocht agus éifeachtacht an oideachais a chuirtear ar fáil sna scoileanna nó sna lárionaid sin, lena n-áirítear cáilíocht na múinteoireachta agus éifeachtacht múinteoirí aonair;

(II) meastóireacht ar na caighdeáin oideachais i scoileanna nó i lárionaid den sórt sin;

(III) measúnacht ar chur i ngníomh agus ar éifeachtacht aon chlár oideachais a bheidh ceaptha le haghaidh mac léinn aonair atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu;

(IV) measúnacht ar chur i ngníomh rialachán a bheidh déanta ag an Aire, agus

(V) tuarascáil a thabhairt don Aire, nó don bhord, don phátrún, do thuismitheoirí mac léinn agus do mhúinteoirí, de réir mar is cuí agus mar a fhorordófar, maidir leis na nithe sin nó maidir le haon ní eile a bhaineann le gníomhaíochtaí na scoileanna nó na lárionad sin agus le riachtanais na mac léinn atá ag freastal ar na scoileanna nó ar na lárionaid sin,

(ii) féadfaidh Cigire measúnachtaí a sheoladh ar riachtanais oideachais mac léinn i scoileanna aitheanta, agus na mic léinn sin, a dtuismitheoirí agus na scoileanna, de réir mar is cuí, a chomhairliú i ndáil le forbairt oideachasúil na mac léinn sin,

(iii) tabharfaidh Cigire comhairle do mhúinteoirí agus do bhoird i ndáil lena ndualgais a chomhlíonadh agus, go háirithe, cabhróidh sé nó sí le múinteoirí modhanna feabhsaithe a úsáid chun múineadh agus chun ranganna a sheoladh, agus

(iv) tabharfaidh Cigire comhairle do thuismitheoirí agus do chumainn tuismitheoirí;

(b) meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus ar éifeachtacht sholáthar an oideachais sa Stát, lena n-áirítear comparáid a dhéanamh le cleachtas agus caighdeáin idirnáisiúnta iomchuí, agus tuarascáil a thabhairt don Aire ar an gcéanna;

(c) taighde ar an oideachas a sheoladh agus tacaíocht a chur ar fáil i dtaca le foirmliú beartais ag an Aire;

(d) sármhaitheas a chur chun cinn i mbainistiú scoileanna, sa mhúinteoireacht i scoileanna agus in úsáid seirbhísí taca ag scoileanna agus sna nósanna imeachta le haghaidh comhchomhairle agus comhoibriú laistigh de scoileanna agus lárionaid oideachais agus eatarthu;

(e) faisnéis a scaipeadh i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) comhlíonadh na bhfeidhmeanna dá bhforáiltear san alt seo ag an gCigireacht, agus

(ii) tionscnaimh oideachais a bheidh curtha i ngníomh ag scoileanna agus ag lárionaid oideachais, agus ar éirigh leo,

agus díospóireacht fheasach maidir leis na nithe sin a chur chun cinn;

(f) meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht mhúineadh, fhorbairt, chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i scoileanna agus i lárionaid oideachais agus tuarascáil a thabhairt don Aire maidir leis na nithe sin;

(g) comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ní a bhaineann le beartas oideachais agus soláthar oideachais, lena n-áirítear an curaclam a mhúintear i scoileanna aitheanta, measúnacht agus modhanna múinteoireachta, agus

(h) cibé feidhmeanna a chinnfidh an Príomh-Chigire a chomhlíonadh i ndáil le hullmhú agus marcáil scrúduithe scoile a sheoltar sa Stát, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar shubstaint agus caighdeáin na scrúduithe sin agus tuarascáil a thabhairt don Aire maidir leis an méid sin.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), beidh na feidhmeanna seo a leanas ag Cigire a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) ina leith:

(a) measúnacht a dhéanamh, i gcomhairle le tuismitheoirí, ar riachtanais shíceolaíocha mac léinn i scoileanna aitheanta agus comhairle a thabhairt do na mic léinn sin, dá dtuismitheoirí agus do na scoileanna, de réir mar is cuí, i ndáil le forbairt oideachasúil agus shíceolaíoch na mac léinn sin;

(b) comhairle a thabhairt do scoileanna aitheanta maidir le beartais agus straitéisí chun oideachas a chur ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu;

(c) comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ní a bhaineann le riachtanais shíceolaíocha mac léinn i scoileanna aitheanta;

(d) i gcomhoibriú le tuismitheoirí agus leis an bPríomhoide agus le múinteoirí i scoileanna aitheanta, cabhair a thabhairt chun timpeallacht scoile a chruthú ina gcoiscfear nó ina srianfar na constaicí ar an bhfoghlaim a bheidh le sárú ag mic léinn, agus

(e) comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ní a bhaineann le riachtanais teangeolaíocha mac léinn bodhar i scoileanna aitheanta.

(5) Más rud é go mbeidh meastóireacht nó measúnacht déanta ag Cigire faoi fho-alt (3)(a)(i), féadfaidh sé nó sí moltaí a chur faoi bhráid an Aire i leith feabhsuithe is dóigh leis nó léi is cuí.

(6) Féadfaidh an tAire, má thoilíonn múinteoir agus an bord, an múinteoir sin a thabhairt ar iasacht don Chigireacht ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire, chun aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna a thugtar do Chigire a chomhall.

(7) Beidh ag Cigire na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus tabharfaidh bord agus foireann scoile nó lárionaid oideachais gach saoráid agus gach comhoibriú réasúnach dó nó di.

(8) Déanfaidh Cigire, lena n-áirítear an Príomh-Chigire, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall de réir cibé nósanna imeachta agus critéar le haghaidh cigireachtaí a chinnfidh an tAire ó am go ham tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le heagraíochtaí bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile is cuí leis an Aire, agus de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire ó am go ham.

(9) Féadfaidh múinteoir nó bord scoile a iarraidh ar an bPríomh-Chigire aon chigireacht a bheidh déanta ag Cigire agus a dhéanann difear don mhúinteoir nó don scoil a athbhreithniú agus déanfaidh an Príomh-Chigire an chigireacht a athbhreithniú de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an Príomh-Chigire.

(10) Aon duine atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, i seilbh oifige mar Phríomh-Chigire, mar Chigire nó mar Chigire Treoirseirbhíse/Síceolaí nó ar iasacht don Chigireacht, leanfaidh sé nó sí, ar thosach feidhme na Coda seo, den oifig sin a shealbhú nó de bheith ar iasacht amhlaidh, de réir mar is cuí, agus beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon duine den sórt sin.

(11) Beidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996, maidir le Cigirí.

(12) Déanfaidh an tAire Cigirí a cheapadh nó múinteoirí a thabhairt ar iasacht don Chigireacht, de réir an ailt seo, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

CUID IV

Boird Bhainistíochta

Bunú agus comhaltas bord bainistíochta.

14. —(1) Is é dualgas pátrúin, chun a chinntiú go ndéanfar scoil aitheanta a bhainistiú le meon comhpháirtíochta, bord bainistíochta a cheapadh más indéanta é, ar bord é a mbeidh comhaontú ann, maidir lena chomhdhéanamh, idir pátrúin scoileanna, cumainn náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus an tAire.

(2) Déanfaidh bord a bhunófar de réir fho-alt (1) na feidhmeanna a shanntar do scoil leis an Acht seo a chomhlíonadh i leith na scoile sin agus, seachas i gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, beidh gach bord ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe.

(3) Go dtí go mbunófar bord mar a fhoráiltear le fo-alt (1), is iad na daoine a bhfuil freagrachtaí orthu faoi na struchtúir agus na córais atá i bhfeidhm i scoil chun an scoil sin a bhainistiú ag tosach feidhme na Coda seo, lena n-áirítear boird ghobharnóirí, a chomhlíonfaidh feidhmeanna boird faoin Acht seo de réir mar is cuí.

(4) Is é nó is í pátrún na scoile a cheapfaidh comhaltaí boird, ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt le hairteagail bhainistíochta.

(5) Le linn do phátrún ceapacháin a dhéanamh chuig bord a bhunófar de réir fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí de réir ordachán a bheidh tugtha ag an Aire i ndáil le cothromaíocht chuí inscne agus rachaidh an tAire i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí sula dtabharfaidh sé nó sí aon ordacháin den sórt sin.

(6) Déanfaidh an tAire, le comhaontú an phátrúin, cumann náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus ceardchumann aitheanta agus comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, nithe a fhorordú a bhaineann le ceapadh boird.

(7) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo, ní beidh aon ábhar caingne ann in aghaidh comhalta boird i leith aon ní a dhéanfaidh an comhalta sin de mheon macánta agus de bhun an Achta seo nó aon rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

(8) I gcás go gcinnfidh pátrún nach bhfuil sé indéanta bord a cheapadh de réir fho-alt (1), cuirfidh an pátrún an méid sin agus na cúiseanna a bhí leis in iúl, tráth an chinnidh sin, do thuismitheoirí mac léinn, do mhúinteoirí agus d'fhoireann eile na scoile agus don Aire agus, dá éis sin, mura gceapfar bord amhlaidh, déanfaidh an pátrún, ó am go ham nó de réir mar a iarrfaidh an tAire, na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl do na tuismitheoirí, do na múinteoirí agus don fhoireann eile, agus don Aire.

Feidhmeanna boird.

15. —(1) Is é dualgas boird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin agus ar mhaithe leis na mic léinn agus a dtuismitheoirí agus oideachas cuí a sholáthar nó a chur faoi deara é a sholáthar do gach mac léinn ar an scoil a bhfuil freagracht ar an mbord sin ina leith.

(2) Comhlíonfaidh bord na feidhmeanna a thugtar dó agus do scoil leis an Acht seo agus, le linn do bhord a fheidhmeanna a chomhall—

(a) déanfaidh sé amhlaidh de réir na mbeartas a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(b) déanfaidh sé spiorad sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíocha agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna, a chosaint agus beidh sé cuntasach don phátrún as iad a chosaint amhlaidh, agus gníomhóidh sé i gcónaí de réir aon Achta den Oireachtas nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna, agus de réir aon ghníomhais, cairte, airteagal bainistíochta nó aon ionstraime eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile,

(c) rachaidh sé i gcomhairle leis an bpátrún agus coinneoidh sé ar an eolas é nó í maidir le cinntí agus tograí de chuid an bhoird,

(d) foilseoidh sé, i cibé modh is dóigh leis an mbord, le comhaontú an phátrúin, a bheith cuí, beartas na scoile i dtaca le ligean isteach agus rannpháirtíocht sa scoil, lena n-áirítear beartas na scoile i ndáil le mic léinn a dhíbirt agus a chur ar fionraí, agus i ndáil le ligean isteach agus rannpháirtíocht mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, agus cinnteoidh sé, i dtaca leis an mbeartas sin, go n-urramófar prionsabail an chomhionannais agus an ceart atá ag tuismitheoirí a leanaí a chur ar scoil is rogha leis na tuismitheoirí agus go gcomhlíonfar cibé ordacháin a dhéanfaidh an tAire ó am go ham, ag féachaint do spiorad sainiúil na scoile agus do chearta bunreachtúla gach duine lena mbaineann,

(e) beidh aird aige ar phrionsabail agus ar riachtanais sochaí daonlathaí agus beidh urraim aige don éagsúlacht luachanna, creideamh, traidisiún, teangacha agus modhanna maireachtála atá sa tsochaí agus cothóidh sé urraim don éagsúlacht sin,

(f) beidh aird aige ar úsáid éifeachtúil acmhainní (agus, go háirithe, ar úsáid éifeachtúil deontas a chuirtear ar fáil faoi alt 12 ), ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus ar chuntasacht do mhic léinn, dá dtuismitheoirí, don phátrún, don fhoireann agus don phobal dá bhfónann an scoil, agus

(g) úsáidfidh sé na hacmhainní a chuirfear ar fáil don scoil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun soláthar réasúnach a dhéanamh do mhic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu agus chun cóir réasúnach a chur orthu, lena n-áirítear, i gcás inar gá é, foirgnimh a athrú agus trealamh cuí a sholáthar.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint, ní thabharfaidh, ná ní mheasfar go dtabharfaidh, aon ní san Acht seo aon cheart don bhord ar thalamh agus foirgnimh na scoile a bhfuil an bord sin freagrach ina leith, ná aon leas sa chéanna.

Díscaoileadh ag pátrún.

16. —(1) Faoi réir an ailt seo agus thoiliú an Aire, féadfaidh an pátrún—

(a) ar chúiseanna maithe bailí, a shonrófar i scríbhinn do chomhalta de bhord bainistíochta, an comhalta sin a chur as an oifig sin, nó

(b) más deimhin leis nó léi nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, an bord sin a dhíscaoileadh.

(2) Más rud é go mbeartaíonn pátrún comhalta boird a chur as an oifig sin nó bord a dhíscaoileadh, cuirfidh an pátrún in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don chomhalta sin nó don bhord sin go bhfuil ar intinn aige nó aici é sin a dhéanamh agus na cúiseanna atá leis.

(3) Más rud é, ag deireadh tréimhse míosa amháin tar éis dháta an fhógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (2), go mbeidh an pátrún, tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici ag an gcomhalta nó ag an mbord, nó thar ceann ceachtar acu, a bhreithniú, fós den tuairim gur ceart an comhalta a chur as oifig nó gur ceart an bord a dhíscaoileadh, ansin féadfaidh an pátrún, faoi réir cheadú an Aire agus trí fhógra i scríbhinn ina sonrófar tuairim an phátrúin agus na cúiseanna atá léi, an comhalta a chur as oifig nó an bord a dhíscaoileadh, de réir mar is cuí.

(4) Déanfar cóip de gach fógra a eiseofar faoin alt seo agus aon uiríll a dhéanfar chuig an bpátrún a sheachadadh ar an Aire a luaithe is féidir tar éis é a dhéanamh.

(5) Aon uair a dhíscaoilfidh an pátrún bord, féadfaidh an pátrún, faoi réir cheadú an Aire, aon duine nó aon chomhlacht daoine is cuí leis an bpátrún a cheapadh chun feidhmeanna an bhoird a chomhlíonadh.

(6) I gcás ina gcuirfidh pátrún comhalta de bhord as oifig, déanfar an folúntas a bheidh ann dá dhroim sin a líonadh de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 14 (6).

(7) Déanfaidh an pátrún socrú, de réir alt 14 , chun bord a bheidh díscaoilte faoi fho-alt (1) a athbhunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an díscaoilte nó cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an bpátrún, le toiliú an Aire, agus nuair a bheidh an bord nua bunaithe, déanfar feidhmeanna an bhoird dhíscaoilte a athdhílsiú don bhord nua agus scoirfidh na feidhmeanna sin de bheith ina bhfeidhmeanna de chuid an duine nó an chomhlachta daoine, más ann, a ceapadh faoi fho-alt (5).

Díscaoileadh ag pátrún ar iarraidh ón Aire.

17. —(1) Más rud é—

(a) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, nó

(b) go bhfailleoidh bord go toiliúil aon ordú, ordachán nó rialachán ón Aire arna thabhairt nó arna dhéanamh faoin Acht seo a chomhlíonadh, nó

(c) go mainneoidh bord aon bhreithiúnas nó ordú ó aon chúirt dlínse inniúla a chomhlíonadh,

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an bpátrún an bord a dhíscaoileadh ar chúiseanna a shonrófar san fhógra sin agus díscaoilfidh an pátrún an bord dá réir sin a luaithe is féidir tar éis dháta an fhógra sin.

(2) Sula seirbheálfaidh an tAire fógra mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), cuirfidh sé nó sí in iúl don bhord agus don phátrún go bhfuil ar intinn aige nó aici é sin a dhéanamh agus breithneoidh sé nó sí aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici ag an mbord nó ag an bpátrún, nó thar ceann ceachtar acu, laistigh de mhí amháin ón méid sin a chur in iúl don bhord agus don phátrún.

(3) Aon uair a dhíscaoilfidh an pátrún bord faoin alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (7) d'alt 16.

Cuntais agus taifid a choimeád.

18. —(1) Ach amháin i gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, coimeádfaidh bord na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó ar chaiteachas an airgid sin a thabhóidh sé agus cinnteoidh sé go ndéanfar, i ngach bliain, na cuntais sin go léir a iniúchadh nó a dheimhniú go cuí de réir an chleachtais cuntasaíochta is fearr.

(2) Déanfaidh an scoil lena mbaineann cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an Aire agus ag tuismitheoirí mac léinn sa scoil, a mhéid a bhaineann na cuntais sin le hairgead a sholáthrófar de réir alt 12 .

Tuarascáil maidir le hoibriú an bhoird.

19. —(1) Más rud é go mbeidh an tAire nó an pátrún den tuairim nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, cuirfidh an tAire nó an pátrún, de réir mar a bheidh, an tuairim sin agus na cúiseanna atá léi in iúl don bhord.

(2) Féadfaidh an tAire nó an pátrún, de réir mar a bheidh, tar éis aon uiríll a bheidh déanta ag an mbord a bhreithniú, aon duine nó daoine is cuí leis an Aire nó leis an bpátrún a údarú chun tuarascáil a thabhairt don Aire nó don phátrún, nó don Aire agus don phátrún araon, maidir le haon ní a éireoidh as oibriú an bhoird sin nó a bhaineann leis an oibriú sin.

(3) Aon duine a cheapfar chun tuarascáil a ullmhú faoin alt seo, beidh sé nó sí i dteideal dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh atá ar áitiú ag an scoil lena mbaineann agus tabharfaidh an bord, na múinteoirí agus foireann eile na scoile gach saoráid agus gach comhoibriú dó nó di, lena n-áirítear rochtain ar gach taifead, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Déanfaidh Príomhoide nó bord cibé faisnéis a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna an bhoird agus a theastóidh ón bpátrún nó ón Aire, de réir mar a bheidh, ó am go ham, a chur ar fáil don phátrún agus don Aire.

(5) Más rud é go mbeartaíonn an tAire nó pátrún feidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo, ansin—

(a) cuirfidh an tAire in iúl don phátrún, nó

(b) cuirfidh an pátrún in iúl don Aire,

de réir mar is cuí, cén gníomh atá beartaithe.

Tuarascáil agus faisnéis.

20. —Bunóidh bord nósanna imeachta chun nithe a bhaineann le hoibriú agus le feidhmiú scoile a chur in iúl do thuismitheoirí mac léinn sa scoil agus féadfar a áireamh sna nósanna imeachta sin tuarascáil maidir le hoibriú agus le feidhmiú na scoile in aon scoilbhliain, ag tagairt go háirithe do ghnóthú cuspóirí mar atá leagtha amach sa phlean scoile dá bhforáiltear faoi alt 21 , a fhoilsiú agus a scaipeadh ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar chomhaltaí eile foirne agus ar chomhairle mac léinn i gcás ceann a bheith bunaithe.

An plean scoile.

21. —(1) Déanfaidh bord, a luaithe is féidir tar éis a cheaptha, socruithe chun plean (dá ngairtear an “plean scoile” san alt seo) a ullmhú agus cinnteoidh sé go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.

(2) Sonrófar sa phlean scoile cuspóirí na scoile maidir le comhionannas rochtana ar an scoil agus le comhionannas rannpháirtíochta sa scoil agus na bearta a bheartaíonn an scoil a ghlacadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear comhionannas rochtana ar an scoil agus comhionannas rannpháirtíochta sa scoil ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu.

(3) Ullmhófar an plean scoile de réir cibé ordachán, lena n-áirítear ordacháin a bhaineann le comhchomhairle le tuismitheoirí, pátrún, foireann agus mic léinn na scoile, a thabharfaidh an tAire ó am go ham i ndáil le pleananna scoile.

(4) Déanfaidh bord socruithe chun cóipeanna den phlean scoile a scaipeadh ar phátrún, tuismitheoirí, múinteoirí agus foireann eile na scoile.

CUID V

An Príomhoide agus na Múinteoirí

Feidhmeanna an Phríomhoide agus na múinteoirí.

22. —(1) Beidh freagracht, de réir an Achta seo, ar Phríomhoide scoile aitheanta agus ar na múinteoirí i scoil aitheanta, faoi stiúradh an Phríomhoide, as an teagasc a chuirfear ar fáil do mhic léinn sa scoil agus cuideoidh siad, i gcoitinne, le hoideachas agus forbairt phearsanta na mac léinn sa scoil sin.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), déanfaidh an Príomhoide agus na múinteoirí—

(a) an fhoghlaim a spreagadh agus a chothú i mic léinn,

(b) meastóireacht rialta ar mhic léinn agus tuairisc faoi thorthaí na meastóireachta a thabhairt go tréimhsiúil do na mic léinn agus dá dtuismitheoirí,

(c) i dteannta a chéile, comhoibriú idir an scoil agus an pobal dá bhfónann sí a chur chun cinn, agus

(d) faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe chomhchoitinn is infheidhme agus faoi réir a gconartha fostaíochta, na dualgais sin a chomhlíonadh—

(i) i gcás múinteoirí, a shannfaidh an Príomhoide dóibh nó a shannfar dóibh ar threoir ón bPríomhoide, agus

(ii) i gcás an Phríomhoide, a shannfaidh an bord dó nó di.

An Príomhoide.

23. —(1) Déanfaidh bord, de réir nósanna imeachta a bheidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire, an pátrún, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus aon cheardchumann aitheanta nó comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, duine a cheapadh chun na scoile i gcáil lánaimseartha le bheith ina Phríomhoide nó ina Príomhoide ar an scoil sin faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) I dteannta na bhfeidhmeanna de chuid Príomhoide dá bhforáiltear in alt 22

(a) beidh an Príomhoide freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear múinteoirí agus foireann eile na scoile a threorú agus a stiúradh, agus beidh sé nó sí cuntasach don bhord as an mbainistíocht sin,

(b) tabharfaidh an Príomhoide ceannaireacht do mhúinteoirí agus d'fhoireann eile agus do mhic léinn na scoile,

(c) beidh an Príomhoide freagrach, mar aon leis an mbord, le tuismitheoirí mac léinn agus leis na múinteoirí, as timpeallacht scoile a chruthú a thacaíonn leis an bhfoghlaim i measc na mac léinn agus a chuireann forbairt ghairmiúil na múinteoirí chun cinn,

(d) déanfaidh an Príomhoide, faoi stiúradh an bhoird agus i gcomhairle leis na múinteoirí, leis na tuismitheoirí agus, a mhéid is cuí dá n-aois agus dá dtaithí, leis na mic léinn, cuspóirí a leagan amach don scoil agus faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí sin, agus

(e) déanfaidh an Príomhoide tuismitheoirí mac léinn sa scoil a spreagadh le páirt a ghlacadh in oideachas na mac léinn sin agus i ngnóthú chuspóirí na scoile.

(3) Beidh ag Príomhoide, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhall, na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chuige sin, agus déanfaidh an Príomhoide a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall de réir cibé beartais a chinnfidh an bord ó am go ham agus de réir rialachán arna ndéanamh de réir alt 33 .

(4) Beidh an Príomhoide i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'aon choiste agus de gach coiste arna cheapadh ag bord.

(5) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, gur duine nó comhlacht daoine seachas bord na scoile fostóir an Phríomhoide in iar-bhunscoil, ansin beidh feidhm ag fo-alt (1) amhail is dá ndéanfaí an duine nó an comhlacht arb é nó í, ag an tosach feidhme sin agus ó am go ham dá éis sin, an fostóir sin a chur in ionad an bhoird mar a thagraítear dó san fho-alt sin.

(6) Le linn don Phríomhoide a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú, rachaidh sé nó sí, nuair is indéanta é, i gcomhairle le múinteoirí agus foireann eile na scoile.

Forálacha a bhaineann leis an bhfoireann.

24. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh bord cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh mar mhúinteoirí agus mar fhoireann eile scoile a mheasfaidh an bord ó am go ham is gá chun a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh líon agus cáilíochtaí múinteoirí agus foirne eile scoile, a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi réir cheadú an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Ceapfaidh bord múinteoirí agus foireann eile, a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus féadfaidh sé na múinteoirí agus an fhoireann sin a chur ar fionraí nó a dhífhostú, de réir nósanna imeachta a bheidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire, an pátrún, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus aon cheardchumann aitheanta agus comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí nó d'fhoireann eile, de réir mar is cuí.

(4) Maidir leis na nósanna imeachta a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á gcur i bhfeidhm i ndáil le múinteoirí nó foireann eile a cheapadh, a chur ar fionraí agus a dhífhostú, leanfar de bheith á gcur i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin go dtí go gcomhaontófar nósanna imeachta dá bhforáiltear i bhfo-alt (3).

(5) Is é nó is í an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta múinteoirí agus foirne eile scoile a gceapfaidh bord iad agus a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) Más rud é go mbeidh an t-iomlán nó cuid de luach saothair agus d'aoisliúntas múinteoirí agus foirne eile scoile á íoc nó le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, is é nó is í an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh an luach saothair nó an t-aoisliúntas sin ó am go ham.

(7) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, gur duine nó comhlacht daoine seachas bord na scoile fostóir na múinteoirí nó na foirne eile in iar-bhunscoil, ansin beidh feidhm ag fo-ailt (1), (3) agus (5) amhail is dá ndéanfaí an duine nó an comhlacht arb é nó í, ag an tosach feidhme sin agus ó am go ham dá éis sin, an fostóir sin a chur in ionad an bhoird mar a thagraítear dó san fho-alt sin.

(8) Ach amháin i gcás comhaontaithe dá bhforáiltear i bhfo-alt (3), ní bheidh d'éifeacht le haon ní san Acht seo na téarmaí agus na coinníollacha faoina raibh múinteoirí agus foireann eile scoile fostaithe roimh thosach feidhme an Achta seo a athrú tar éis an tosach feidhme sin.

(9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le múinteoirí nó foireann eile scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais.

CUID VI

Ilghnéitheach

Scoilbhliain, seachtain scoile, lá scoile.

25. —Féadfaidh an tAire, ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, na nithe seo a leanas a fhorordú—

(a) an líon íosta laethanta i scoilbhliain a mbeidh scoil ar oscailt lena linn chun mic léinn a ghlacadh agus teagasc a chur ar fáil dóibh,

(b) an líon íosta uaireanta an chloig teagaisc i lá scoile nó i seachtain scoile, agus

(c) nithe ar bith a bhaineann le fad na scoilbhliana, na seachtaine scoile nó an lae scoile agus le heagrú agus struchtúr na bliana, na seachtaine nó an lae sin.

Cumann tuismitheoirí.

26. —(1) Féadfaidh tuismitheoirí mac léinn scoile aitheanta cumann tuismitheoirí don scoil sin a bhunú agus a chothabháil as measc a lín agus beidh an ceart ag tuismitheoirí uile mhic léinn na scoile sin a bheith ina gcomhaltaí den chumann sin.

(2) Déanfaidh cumann tuismitheoirí leasanna na mac léinn i scoil a chur chun cinn i gcomhar le bord, le Príomhoide, le múinteoirí agus le mic léinn na scoile agus, chun na críche sin, féadfaidh sé—

(a) comhairle a thabhairt don Phríomhoide nó don bhord maidir le haon ní a bhaineann leis an scoil agus beidh aird ag an bPríomhoide nó ag an mbord, de réir mar a bheidh, ar aon chomhairle den sórt sin, agus

(b) clár gníomhaíochtaí a ghlacadh lena ndéanfar páirteachas tuismitheoirí, i gcomhairle leis an bPríomhoide, in oibriú na scoile, a chur chun cinn.

(3) Déanfaidh an bord teagmháil a chur chun cinn idir an scoil, tuismitheoirí mac léinn sa scoil sin agus an pobal agus, i gcás tuismitheoirí ar mian leo cumann tuismitheoirí a bhunú, déanfaidh sé éascaíocht dóibh agus tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach dóibh agus do chumann tuismitheoirí nuair a bheidh sé bunaithe.

(4) (a) Déanfaidh cumann tuismitheoirí, tar éis dul i gcomhairle lena chomhaltaí, rialacha lena rialófar a chruinnithe agus a ghnó agus seoladh a ghnóthaí.

(b) Más rud é go mbeidh cumann tuismitheoirí cleamhnaithe le cumann náisiúnta tuismitheoirí, beidh na rialacha dá dtagraítear i mír (a) i gcomhréir le treoirlínte a bheidh eisithe ag an gcumann náisiúnta tuismitheoirí sin le comhthoiliú an Aire.

Faisnéis do mhic léinn agus comhairle mac léinn.

27. —(1) Déanfaidh bord nósanna imeachta a bhunú agus a chothabháil chun faisnéis a thabhairt do mhic léinn i scoil maidir le gníomhaíochtaí na scoile.

(2) Maidir leis na nósanna imeachta a bhunófar agus a chothabhálfar faoi fho-alt (1), éascóidh siad páirteachas na mac léinn in oibriú na scoile, ag féáchaint d'aois agus do thaithí na mac léinn, in éineacht lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí.

(3) Féadfaidh mic léinn iar-bhunscoile comhairle mac léinn a bhunú agus, gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), spreagfaidh bord iar-bhunscoile na mic léinn chun comhairle mac léinn a bhunú agus déanfaidh sé éascaíocht, agus tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach—

(a) do mhic léinn ar mian leo comhairle mac léinn a bhunú, agus

(b) do chomhairlí mac léinn nuair a bheidh siad bunaithe.

(4) Déanfaidh comhairle mac léinn leasanna na scoile agus páirteachas mac léinn i ngnóthaí na scoile a chur chun cinn, i gcomhar leis an mbord, leis na tuismitheoirí agus leis na múinteoirí.

(5) Is é an bord a tharraingeoidh suas na rialacha le haghaidh comhairle mac léinn a bhunú, i gcomhréir le cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire ó am go ham, agus féadfaidh na rialacha sin socrú a bheith iontu le haghaidh comhaltaí a thoghadh agus comhairle mac léinn a dhíscaoileadh.

(6) Féadfaidh comhairle mac léinn, tar éis dul i gcomhairle leis an mbord, rialacha a dhéanamh lena rialófar a cruinnithe agus a gnó agus seoladh a gnóthaí.

Nósanna imeachta maidir le gearáin agus nósanna imeachta eile.

28. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin scoileanna aitheanta, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, nósanna imeachta a fhorordú ar dá réir—

(a) a fhéadfaidh tuismitheoir mic léinn nó, i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, an mac léinn, achomharc a dhéanamh chun an bhoird in aghaidh cinnidh múinteora nó comhalta eile foirne scoile,

(b) a éistfear gearáin ó mhic léinn nó óna dtuismitheoirí, ar gearáin iad a bhaineann le scoil na mac léinn (seachas gearáin a bhféadfar déileáil leo faoi mhír (a) nó faoi alt 29 ), agus

(c) a dhéanfar gníomh leigheasta iomchuí, i gcás inar gá sin, de dhroim achomhairc nó mar fhreagra ar ghearán.

(2) Beidh aird ag an Aire, le linn nósanna imeachta a fhorordú chun críocha an ailt seo, ar a inmhianaithe atá sé achomhairc a chinneadh agus gearáin a réiteach sa scoil lena mbaineann.

Achomhairc chuig an Ard-Rúnaí.

29. —(1) Más rud é, maidir le bord nó le duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird—

(a) go n-eisiafaidh sé nó sí mac léinn go buan ó scoil, nó

(b) go ndéanfaidh sé nó sí mac léinn a fhionraí ó fhreastal ar scoil ar feadh tréimhse a fhorordófar chun críche na míre seo, nó

(c) go ndiúltóidh sé nó sí mac léinn a rollú i scoil, nó

(d) go ndéanfaidh sé nó sí cinneadh d'aicme a gcinnfidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus le comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, go bhféadfar achomharc a dhéanamh ina haghaidh de réir an ailt seo,

féadfaidh tuismitheoir an mhic léinn nó, i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, an mac léinn, laistigh de thréimhse réasúnach ón dáta ar cuireadh an cinneadh in iúl don tuismitheoir nó don mhac léinn agus tar éis aon nósanna imeachta achomhairc a bheidh curtha ar fáil ag an scoil nó ag an bpátrún de réir alt 28 a bheith tugtha chun críche, achomharc in aghaidh an chinnidh sin a dhéanamh chun Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus déanfaidh coiste a cheapfar faoi fho-alt (2) an t-achomharc sin a éisteacht.

(2) Déanfaidh an tAire, d'fhonn achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh, coiste amháin nó níos mó a cheapadh (dá ngairtear “coiste achomhairc” san alt seo) agus beidh Cigire agus cibé daoine eile is cuí leis an Aire ar gach coiste acu sin.

(3) Más rud é go gceapfar coiste faoi fho-alt (2), déanfaidh an tAire duine amháin dá líon a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcoiste sin agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

(4) Gníomhóidh coiste achomhairc, le linn achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh, de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus cinnteofar leis na nósanna imeachta sin—

(a) go gcabhrófar leis na páirtithe san achomharc teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe is ábhar don achomharc i gcás ina mbeidh an coiste achomhairc den tuairim gurb indéanta teacht ar chomhaontú den sórt sin sna himthosca,

(b) go seolfar éisteachtaí leis an bhfoirmiúlacht is lú a bheidh ar comhréir le héisteacht chóir a thabhairt do gach páirtí, agus

(c) go ndéileálfar le hachomhairc laistigh de thréimhse 30 lá ón dáta ar a bhfaighidh an tArd-Rúnaí an t-achomharc, ach amháin más rud é, ar iarratas i scríbhinn ón gcoiste achomhairc ina luafar na cúiseanna atá le moill i dtaca leis an achomharc a chinneadh, go dtoileoidh an tArd-Rúnaí i scríbhinn an tréimhse a fhadú de thréimhse nach faide ná 14 lá.

(5) Ar achomharc a dhéanfar faoin alt seo a chinneadh, déanfaidh an coiste achomhairc fógra i scríbhinn maidir lena chinneadh ar an achomharc agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a chur chuig an Ard-Rúnaí.

(6) Más rud é—

(a) go seasfaidh coiste achomhairc le casaoid go hiomlán nó go páirteach, agus

(b) gur dealraitheach don choiste achomhairc gur ceart aon ní ab ábhar don chasaoid (a mhéid a seasadh léi) a leigheas,

cuirfidh an coiste achomhairc moltaí faoi bhráid an Ard-Rúnaí maidir leis an ngníomh a bheidh le déanamh.

(7) A luaithe is indéanta tar éis don Ard-Rúnaí an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a fháil—

(a) déanfaidh an tArd-Rúnaí cinneadh an choiste achomhairc agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine a rinne an t-achomharc agus don bhord, agus

(b) i gcás lena mbaineann fo-alt (6), féadfaidh an tArd-Rúnaí, san fhógra sin, cibé ordacháin a thabhairt don bhord is dealraitheach don Ard-Rúnaí (ag féachaint d'aon mholtaí a bheidh déanta ag an gcoiste achomhairc) a bheith fóirsteanach chun an ní ab ábhar don achomharc a leigheas agus gníomhóidh an bord de réir na n-ordachán sin.

(8) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle le pátrúin scoileanna, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, oibriú an ailt seo agus alt 28 a athbhreithniú ó am go ham agus beidh an chéad athbhreithniú den sórt sin ann tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(9) I gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, is chun an choiste gairmoideachais a bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh chinneadh ó bhord na scoile sin, ar an gcéad ásc, agus ina dhiaidh sin chun an Ard-Rúnaí de réir fho-alt (1).

(10) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le coistí gairmoideachais, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, na nithe seo a leanas a fhorordú—

(a) na nósanna imeachta le haghaidh achomharc faoin alt seo chun coistí gairmoideachais, agus

(b) cé na hachomhairc lena bhfiosrófar an raibh an nós imeachta a ghlac bord, le linn dó teacht ar chinneadh nó le linn dó achomharc a sheoladh, cóir agus réasúnach agus cé na hachomhairc a sheolfar trí athéisteacht iomlán.

(11) Féadfaidh an tArd-Rúnaí, de réir ailt 4(1)(i) agus 9 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, an fhreagracht i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a bhfuil an tArd-Rúnaí freagrach iontu faoin alt seo a shannadh d'oifigeach eile de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.

(12) Chun críocha fho-alt (1)(c), ciallaíonn “mac léinn” duine a iarrann rollú i scoil agus féadfaidh an duine sin, nó tuismitheoirí an duine sin, achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú é nó í a rollú ar an modh céanna ar a bhféadfaidh mac léinn, nó tuismitheoirí mic léinn, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh faoin alt seo.

Curaclam.

30. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin scoileanna, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, de réir mar is cuí leis an Aire, an curaclam do scoileanna aitheanta a fhorordú, eadhon—

(a) na hábhair a bheidh le tairiscint i scoileanna aitheanta,

(b) siollabas gach ábhair,

(c) an méid ama teagaisc a thabharfar do gach ábhar, agus

(d) an soláthar treorach agus comhairliúcháin a bheidh le tairiscint i scoileanna.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)

(a) beidh aird ag an Aire ar a inmhianaithe atá sé cabhrú le scoileanna a gcumhachtaí a fheidhmiú de réir mar a fhoráiltear faoi fho-alt (4),

(b) beidh aird ag an Aire ar spiorad sainiúil scoile nó aicme scoile le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú,

(c) féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt do scoileanna, i gcás inar cuí leis nó léi é, a chinntiú go bhfuil na hábhair agus na siollabais a leantar sna scoileanna sin cuí agus oiriúnach do riachtanais oideachais agus ghairme na mac léinn sna scoileanna sin,

(d) cinnteoidh an tAire, maidir leis an méid ama teagaisc a thabharfar d'ábhair ar an gcuraclam de réir mar a chinnfidh an tAire i ngach lá scoile, gur méid é a fhágfaidh gur féidir cibé am réasúnach teagaisc a chinnfidh an bord le toiliú an phátrúin a thabhairt d'ábhair a bhaineann le spiorad sainiúil na scoile nó a éiríonn as an spiorad sin, agus

(e) ní cheanglóidh an tAire ar aon mhac léinn freastal ar theagasc in ábhar ar bith atá contrártha do choinsias thuismitheoir an mhic léinn nó, i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, do choinsias an mhic léinn.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) dul i gcomhairle leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Aire maidir le haon ní a bhaineann leis an gcuraclam do scoileanna aitheanta, agus

(b) cibé comhlachtaí daoine is cuí leis an Aire a bhunú chun taighde a sheoladh agus comhairle a thabhairt dó nó di maidir le nithe a bhaineann lena dhualgais nó lena dualgais faoin alt seo.

(4) Féadfaidh scoil, faoi réir an cheanglais go ndéanfar an curaclam arna chinneadh ag an Aire a mhúineadh sa scoil sin, cúrsaí teagaisc a chur ar fáil i cibé ábhair eile is cuí leis an mbord.

Múineadh trí Ghaeilge.

31. —(1) Bunóidh an tAire comhlacht daoine—

(a)  (i) chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna d'fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomheagrú,

(ii) chun comhairle a thabhairt don Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus a chur chun cinn i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i scoileanna atá suite i limistéar Gaeltachta,

(iii) chun seirbhísí taca a chur ar fáil do na scoileanna sin trí mheán na Gaeilge, agus

(iv) chun taighde a sheoladh ar aon ní nó ar gach ní lena mbaineann an mhír seo,

agus

(b) chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna d'fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge a phleanáil agus a chomheagrú agus chun taighde a sheoladh, agus comhairle a thabhairt don Aire, maidir le straitéisí a bhfuil de chuspóir leo feabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh na Gaeilge i scoileanna aitheanta agus i lárionaid oideachais.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna i leith na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a tharmligean chuig an gcomhlacht a bhunófar de réir an fho-ailt sin agus déanfaidh an comhlacht sin na feidhmeanna sin a chomhall faoi stiúradh agus faoi rialú an Aire.

(3) Maidir leis an gcomhlacht a bhunófar de réir fho-alt (1)

(a) déanfaidh sé, le toiliú an Aire, coiste a bhunú chun cabhrú leis na feidhmeanna a thugtar dó faoi fho-alt (1)(b) a chomhlíonadh, agus

(b) féadfaidh sé tráth ar bith, le toiliú an Aire, coiste a cheapfar faoin bhfo-alt seo a dhíscaoileadh nó comhaltas den sórt sin a bhaint de chomhalta coiste.

(4) Déanfaidh an comhlacht a bhunófar de réir fho-alt (1), ó am go ham, de réir mar is cuí leis, comhairle a thabhairt don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le nithe a bhaineann—

(a) le múineadh na Gaeilge,

(b) le hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, lena n-áirítear nithe a bhaineann leis an gcuraclam do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil agus le nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear sna scoileanna sin, agus

(c) le riachtanais oideachais daoine a chónaíonn i limistéar Gaeltachta,

agus beidh aird ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar aon chomhairle den sórt sin le linn di a feidhmeanna a fheidhmiú.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(6) I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais deontas nó deontais a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don chomhlacht a cheapfar de réir fho-alt (1) chun críocha caiteachais ag an gcomhlacht sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(7) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin a mheasfaidh an tAire is gá a chur ar fáil do chomhlacht a bhunófar faoin alt seo.

Míbhuntáiste oideachasúil.

32. —(1) Déanfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile is cuí leis an Aire, coiste a bhunú, dá ngairtear an “coiste um míbhuntáiste oideachasúil” anseo ina dhiaidh seo, chun comhairle a thabhairt dó nó di maidir le beartais agus straitéisí a bheidh le glacadh chun míbhuntáiste oideachasúil a shainaithint agus a cheartú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ceapfaidh an tAire daoine chun bheith ina gcomhaltaí de choiste um míbhuntáiste oideachasúil ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná trí bliana, is cuí leis nó léi agus féadfaidh sé nó sí na ceapacháin sin a athnuachan de réir mar is cuí leis nó léi.

(3) Déanfar suas lena leath de chomhaltas an choiste um míbhuntáiste oideachasúil a cheapadh as measc ainmnitheach ó cibé comhlachtaí saorálacha agus comhlachtaí eile a bhfuil cuspóirí acu is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí maidir le hobair an choiste.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(5) Féadfaidh an coiste um míbhuntáiste oideachasúil, a luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe agus, dá éis sin, ó am go ham de réir mar is cuí leis, ráiteas a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ina luafar—

(a) beartais bheartaithe agus straitéisí beartaithe chun míbhuntáiste oideachasúil a shainaithint agus a cheartú, i ndáil le cibé tréimhse is cuí leis, agus

(b) na réimsí gníomhaíochta dá dtugann an coiste tosaíocht.

(6) Le linn don choiste um míbhuntáiste oideachasúil ráiteas dá bhforáiltear i bhfo-alt (5) a ullmhú, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) na hacmhainní, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais, atá ar fáil, agus

(b) leas an phobail i dtaca lena chinntiú go ndéanfar na hacmhainní atá ar fáil a chur chun feidhme ar mhodh éifeachtach éifeachtúil.

(7) I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais deontas nó deontais a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don choiste um míbhuntáiste oideachasúil chun críocha caiteachais ag an gcoiste sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(8) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin a mheasfaidh an tAire is gá a chur ar fáil don choiste um míbhuntáiste oideachasúil.

(9) San alt seo, ciallaíonn “míbhuntáiste oideachasúil” na baic ar an oideachas de dhroim míbhuntáiste shóisialta nó eacnamaíoch a choisceann mic léinn ar thairbhe chuí a bhaint as an oideachas i scoileanna.

Rialacháin.

33. —Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon cheann nó le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) aitheantas a thabhairt do scoileanna agus aitheantas a tharraingt siar ó scoileanna;

(b) an tAire do thabhairt deontas do scoileanna agus do lárionaid oideachais;

(c) ceapadh agus cáilíochtaí daoine atá le fostú mar mhúinteoirí i scoileanna nó i lárionaid oideachais;

(d) cigireacht a dhéanamh ar scoileanna;

(e) tógáil, cothabháil agus trealmhú scoileanna;

(f) fad na scoilbhliana, na seachtaine scoile agus an lae scoile;

(g) mic léinn a ligean isteach i scoileanna;

(h) rochtain ar scoileanna ag oifigigh freastail scoile agus ag daoine eile;

(i) rochtain ar scoileanna agus ar lárionaid oideachais ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, lena n-áirítear nithe a bhaineann le cóiríocht réasúnach agus cúnamh agus trealamh teicniúil do mhic léinn den sórt sin;

(j) nósanna imeachta chun idirchaidreamh agus comhoibriú éifeachtach a chur chun cinn ag scoileanna agus lárionaid oideachais—

(i) le scoileanna eile agus lárionaid eile oideachais,

(ii) le húdaráis áitiúla (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ),

(iii) le boird sláinte (de réir bhrí an Achta Sláinte, 1970 ), agus

(iv) le comhlachtaí saorálacha agus comhlachtaí eile a bhfuil spéis ar leith acu san oideachas, go háirithe, in oideachas mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu;

(k) achomhairc, agus

(l) curaclam scoileanna.

Bliain airgeadais.

34. —San Acht seo, ciallaíonn “bliain airgeadais” cibé tréimhse 12 mhí a fhorordóidh an tAire.

Leasú ar an Intermediate Education (Ireland) Act, 1878.

35. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Intermediate Education (Ireland) Act, 1878, i bhfo-alt (4), trí “;provided that no examination shall be held in any subject of religious instruction, nor any payment made in respect thereof” a scriosadh.

(2) Gan dochar d'fheidhm an Intermediate Education (Ireland) Act, 1878, i leith mac léinn fireannach agus mac léinn baineannach araon, leasaítear leis seo alt 6 den Acht sin trí fho-alt (4) a aisghairm.

Leasú ar an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

36. —Leasaítear leis seo an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

(a) in alt 105(1), trí “dá oifigigh” a scriosadh, agus

(b) in ailt 106 agus 107, trí “duine” a chur in ionad “oifigeach” agus in ionad “oifigigh”, cibé áit a bhfuil siad.

Lárionaid tacaíochta oideachais.

37. —(1) San alt seo ciallaíonn “lárionad tacaíochta oideachais” áit ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do scoileanna, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí, do bhoird agus do dhaoine iomchuí eile ar seirbhísí iad a thacaíonn leo le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhall ó thaobh oideachas a chur ar fáil agus ar áit í atá aitheanta chun na críche sin ag an Aire de réir fho-alt (2).

(2) Féadfaidh an tAire áit a aithint mar lárionad tacaíochta oideachais agus, i gcás ina n-aithneoidh an tAire áit amhlaidh, cuirfidh sé nó nó sí faoi deara ainm agus seoladh an lárionaid sin a thaifeadadh i gclár a choinneoidh an tAire agus a bheidh ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal le linn gnáthuaireanta oibre.

(3) Beidh coiste bainistíochta ag lárionad tacaíochta oideachais chun gnó agus foireann an lárionaid sin a bhainistiú.

(4) Beidh coiste a bhunófar de réir fho-alt (3) ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus ní bheidh aon ábhar caingne ann in aghaidh comhalta de bhord i leith aon ní a dhéanfaidh an comhalta sin de mheon macánta agus de bhun a gcuid feidhmeanna mar chomhaltaí den sórt sin.

(5) Féadfaidh an tAire aitheantas a tharraingt siar ó lárionad tacaíochta oideachais.

(6) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, rialacháin a dhéanamh maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) nósanna imeachta chun coistí bainistíochta a cheapadh;

(b) ceapadh foirne agus luach saothair foirne;

(c) deontais a thabhairt do lárionaid tacaíochta oideachais;

(d) faisnéis a chur ar fáil don Aire maidir le haon ní a bhaineann le hoibriú lárionad tacaíochta oideachais;

(e) rochtain, ag daoine a cheapfaidh an tAire, ar lárionad tacaíochta oideachais agus ar thaifid airgeadais agus taifid eile an lárionaid tacaíochta oideachais sin, agus

(f) cibé nithe eile a bhaineann le hoibriú lárionad den sórt sin is cuí leis an Aire.

CUID VII

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

An lá bunaithe.

38. —Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na Coda seo.

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a bhunú.

39. —(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar the National Council for Curriculum and Assessment, nó, sa Ghaeilge, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal 1 maidir leis an gComhairle.

Comhdhéanamh agus ceapadh.

40. —(1) Déanfar comhdhéanamh na Comhairle a chinneadh le hordú, arna dhéanamh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Aire.

(2) Le linn dó nó di comhdhéanamh na Comhairle a chinneadh, cinnteoidh an tAire, a mhéid is indéanta, maidir le comhaltas na Comhairle—

(a) go bhfuil sé ionadaitheach do chomhlachtaí agus daoine atá bainteach leis an gcóras oideachais ag leibhéil na luathóige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, agus go háirithe do chumainn náisiúnta tuismitheoirí, d'eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus do cheardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, agus

(b) go bhfuil daoine eile san áireamh ann—

(i) a bhfuil taithí nó scileanna acu, lena n-áirítear taithí agus scileanna i dtaca le cúrsaí gnó agus tionscail, atá, i dtuairim an Aire, iomchuí maidir le hobair na Comhairle agus a chomhlánódh taithí agus scileanna na ndaoine a cheapfar de réir mhír (a),

(ii) a bhfuil spéis ar leith acu in oideachas mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, nó a bhfuil taithí acu ar oideachas den sórt sin, nó

(iii) atá ionadaitheach d'eagraíochtaí Gaeilge,

de réir mar is cuí leis an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) Déanfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle a cheapadh de réir rialachán arna dtarraingt suas ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Aire.

Cuspóirí agus feidhmeanna.

41. —(1) Is é is cuspóir don Chomhairle comhairle a thabhairt don Aire maidir le nithe a bhaineann—

(a) leis an gcuraclam don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna, agus

(b) leis na nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus le scrúduithe in ábhair atá mar chuid den churaclam.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), is feidhm de chuid na Comhairle:

(a) an curaclam do scoileanna nó aon chuid den churaclam sin, agus na siollabais a mhúintear, a athbhreithniú ó am go ham agus comhairle a thabhairt don Aire;

(b) comhairle a thabhairt don Aire maidir le modhanna cuí chun éifeachtacht an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna a mheasúnú, ag féachaint go háirithe do mheicníochtaí trína bhféadfar mic léinn a bhfuil fadhbanna acu i dtaca lena bpoitéinseal a bhaint amach a shainaithint a luaithe is indéanta agus trína bhféadfar cabhrú leo;

(c) comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí a chabhróidh le mic léinn aistriú gan stró ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil;

(d) comhairle a thabhairt don Aire ó am go ham maidir leis na caighdeáin eolais agus scileanna is ceart do mhic léinn ag aoisleibhéil éagsúla a bhaint amach agus maidir leis na meicníochtaí chun gnóthú na gcaighdeán sin a mheasúnú, ag féachaint do chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta agus do dhea-chleachtas i ndáil leis an measúnacht sin;

(e) riachtanais oiliúna inseirbhíse múinteoirí a athbhreithniú ó am go ham, lena n-áirítear riachtanais de dhroim curaclaim, ábhair nó siollabais nua a thabhairt isteach i scoileanna, agus comhairle a thabhairt don Aire i ndáil leis na riachtanais sin;

(f) comhairle a thabhairt don Aire maidir leis na riachtanais, ó thaobh curaclaim agus siollabas, atá ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu;

(g) comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí a bhfuil de chuspóir leo feabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh agus úsáid na Gaeilge i scoileanna;

(h) airgead agus sócmhainní uile na Comhairle a chothabháil, a bhainistiú, a riaradh agus a infheistiú;

(i) taighde agus forbairt san oideachas a chur chun cinn agus an taighde agus an fhorbairt sin a sheoladh nó a choimisiúnú i gcás inar cuí sin ag féachaint dá cuspóirí agus dá feidhmeanna;

(j) comhionannas rochtana ar an oideachas i gcoitinne agus ar theagasc in aon ábhair ar leith, ag mic léinn fhireannacha agus mic léinn bhaineannacha, a chur chun cinn;

(k) bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh na deontóirí, ar choinníoll nach bhfuil aon ní contrártha don Acht seo in aon iontaobhas nó coinníoll, agus

(l) gach aon ghníomh agus rud a dhéanamh is gá chun cuspóirí na Comhairle a chur ar aghaidh, lena n-áirítear cibé feidhmeanna a ordóidh an tAire ó am go ham i ndáil le hathbhreithniú agus leasú an churaclaim i scoileanna agus le measúnú thorthaí an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna.

(3) Le linn don Chomhairle a feidhmeanna a chomhall—

(a) beidh aird aici ar impleachtaí na comhairle uaithi do na hacmhainní, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais, atá ar fáil agus déanfaidh sí, a mhéid is indéanta, na hacmhainní is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann dá cuid tograí a chainníochtú,

(b) beidh aird aici ar a inmhianaithe atá sé comhionannas a bhaint amach i dtaca le rochtain ar an oideachas, le rannpháirtíocht ann agus le tairbhe a bhaint as,

(c) gníomhóidh sí de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire don Chomhairle ó am go ham, lena n-áirítear ordacháin maidir leis an tosaíocht a bheidh le tabhairt d'fheidhmiú a feidhmeanna éagsúla aici, agus

(d) beidh aird aici ar a phraiticiúla atá sé aon chomhairle a bheartaíonn sí a thabhairt don Aire a chur i ngníomh.

Dul i gcomhairle le comhlachtaí ainmnithe.

42. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, chun críocha an ailt seo, daoine nó eagraíochtaí a ainmniú a bhfuil spéis ar leith acu i bhfeidhmiú a cuid feidhmeanna ag an gComhairle agus gairfear “comhlachtaí ainmnithe” anseo ina dhiaidh seo de na daoine nó de na heagraíochtaí a ainmneofar amhlaidh.

(2) Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le comhlachtaí ainmnithe ó am go ham de réir mar is cuí léi, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na comhlachtaí sin nuair a iarrfaidh an tAire uirthi déanamh amhlaidh.

(3) Féadfaidh comhlacht ainmnithe tráth ar bith, de réir mar is cuí leis, uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle maidir le haon ní a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle agus breithneoidh an Chomhairle na huiríll sin agus cuirfidh sí toradh an bhreithnithe sin in iúl don chomhlacht ainmnithe.

(4) Déanfaidh an Chomhairle cóip de gach foilseachán a eiseoidh sí a thabhairt do gach comhlacht ainmnithe a luaithe is féidir tar éis é a eisiúint.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

43. —(1) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, príomhoifigeach feidhmiúcháin a cheapadh ar an gComhairle i gcáil lánaimseartha agus déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin riarachán na Comhairle a sheoladh agus a bhainistiú agus é a rialú i gcoitinne, maille le foireann na Comhairle a bhainistiú agus a rialú.

(2) Maidir leis an duine atá, díreach roimh an lá ar a gceaptar an príomhoifigeach feidhmiúcháin faoi fho-alt (1), i seilbh oifige mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcomhlacht daoine ar a dtugtar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar comhlacht neamhchorpraithe neamhreachtúil daoine é arna cheapadh ag an Aire, déanfar é nó í a cheapadh mar chéad phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gComhairle, má thoilíonn sé nó sí amhlaidh.

(3) Déanfaidh an tAire an príomhoifigeach feidhmiúcháin a fhostú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha, a bhféadfaidh iasacht ó oifig nó ó fhostaíocht eile a bheith san áireamh iontu, agus gheobhaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

Foireann.

44. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an Aire a cheapadh chun cabhrú leis an gComhairle a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfar na daoine a cheapfar de réir fho-alt (1) a fhostú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha, a bhféadfaidh iasacht ó oifig nó ó fhostaíocht eile a bheith san áireamh iontu, agus gheobhaidh na daoine sin cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht riaracháin agus rúnaíochta a mheasfaidh sé nó sí is gá a chur ar fáil don Chomhairle.

(4) Beidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996, maidir le buanfhostaithe lánaimseartha den Chomhairle.

Deontais.

45. —I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deontas nó deontais a thabhairt don Chomhairle, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an gComhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Cuntais agus faisnéis.

46. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó ar an gcaiteachas go léir a thabhóidh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí, san fhoirm sin a dúradh, cibé cuntais agus taifid speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Chomhairle cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh ar dháta nach déanaí ná an tríochadú lá d'Aibreán sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann na cuntais, nó ar cibé dáta eile a chinnfidh an tAire ó am go ham, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Chomhairle cóip de na cuntais agus de cibé cuntais eile, más ann, a d'ordaigh an tAire a choimeád, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolacfaidh an Chomhairle dó nó di faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Cuirfidh an Chomhairle ar fáil don Aire cibé faisnéis a cheanglóidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.

Coistí.

47. —Féadfaidh an Chomhairle—

(a) coistí a bhunú, a bheidh comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de dhaoine ar comhaltaí den Chomhairle iad, chun cabhrú léi a feidhmeanna a chomhlíonadh,

(b) aon fheidhm dá cuid a fhéadfaidh coiste a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr nó níos caoithiúla a tharmligean chuig coiste arna cheapadh faoin alt seo, agus

(c) tráth ar bith, coiste arna cheapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh nó comhaltas den sórt sin a bhaint de chomhalta coiste.

Tuarascáil Bhliantúil.

48. —A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, déanfaidh an Chomhairle tuarascáil maidir le feidhmiú na Comhairle sa bhliain sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm a chinnfidh an tAire.

CUID VIII

Scrúduithe

Léiriú.

49. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “iarrthóir” duine atá cláraithe, de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham, chun é féin nó í féin a chur i láthair le haghaidh scrúdú;

ciallaíonn “scrúdaitheoir” duine atá fostaithe ag an Aire—

(a) chun páipéir scrúdaithe nó ábhair scrúdaithe eile a ullmhú,

(b) chun na páipéir sin nó na hábhair eile sin a mharcáil, nó

(c) chun aon fheidhmeanna eile i leith seoladh scrúduithe a chomhall;

ciallaíonn “scrúdú” scrúdú a bhaineann le hiar-bhunoideachas, le hoideachas aosach, le gairmoideachas agus le gairmoiliúint ar scrúdú é a sheolfar ó am go ham de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire nó a chinnfidh comhlacht daoine arna bhunú ag an Aire agus a mbaineann an Chuid seo leis de réir alt 50 ;

folaíonn “páipéar scrúdaithe” aon pháipéar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile agus aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é)—

(a) ina leagtar ceisteanna amach lena bhfreagairt ag iarrthóirí mar chuid de scrúdú, nó a bhaineann leis na ceisteanna sin, nó

(b) ina leagtar amach tionscadail nó cleachtaí praiticiúla a cheanglaítear ar iarrthóirí a dhéanamh mar chuid de scrúdú, nó a bhaineann leis na tionscadail nó leis na cleachtaí sin.

Scrúduithe.

50. —(1) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na scrúduithe atá leagtha amach i Sceideal 2.

(2) Féadfaidh an tAire, i dteannta na scrúduithe atá leagtha amach i Sceideal 2, cibé scrúduithe eile is cuí leis nó léi, agus a mbeidh feidhm ag an gCuid seo maidir leo, a fhorordú ó am go ham.

Rialacháin.

51. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, de réir mar is cuí leis nó léi ó am go ham, le haghaidh seoladh éifeachtach scrúduithe agus go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin a dúradh, féadfaidh sé nó sí rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) ullmhú páipéir scrúdaithe agus ábhar scrúdaithe eile,

(b) nósanna imeachta ag áiteanna ina seoltar scrúduithe, lena n-áirítear maoirsiú scrúduithe,

(c) obair a thíolactar le haghaidh scrúdú a mharcáil,

(d) torthaí scrúduithe a eisiúint,

(e) táillí le haghaidh scrúduithe a mhuirearú agus a bhailiú,

(f) na téarmaí faoina bhféadfaidh iarrthóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh torthaí scrúdaithe agus an nós imeachta le haghaidh na n-achomharc sin,

(g) na pionóis a bheidh le forchur ar dhuine a ghníomhóidh de shárú ar rialacháin arna ndéanamh ag an Aire nó ar dhuine a dhéanfaidh é féin nó í féin á mhí-iompar ar shlí eile i leith scrúdú, agus

(h) ainmniú áiteanna ina bhféadfar scrúduithe a sheoladh.

(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, duine nó comhlacht daoine a cheapadh chun comhairle a thabhairt dó nó di maidir le haon ní a bhaineann leis na scrúduithe nó chun aon chuid de sheoladh na scrúduithe a mhaoirsiú nó a athbhreithniú, lena n-áirítear achomhairc ag iarrthóirí in aghaidh torthaí scrúduithe.

Cionta.

52. —(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh, go feasach agus gan údarás dleathach, páipéar scrúdaithe nó cuid de pháipéar den sórt sin a fhoilsiú d'aon duine eile roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann,

(b) a mbeidh ina sheilbh nó ina seilbh, gan údarás dleathach, páipéar scrúdaithe nó cuid de pháipéar den sórt sin roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann,

(c) a chomhallfaidh aon dualgais a bhaineann le hullmhú páipéar scrúdaithe agus a dhéanfaidh, go feasach agus gan údarás dleathach, faisnéis a bhaineann leis an ábhar a bheidh ullmhaithe aige nó aici i gcúrsa na ndualgas sin a chur ar fáil d'iarrthóir le haghaidh scrúdú nó d'aon duine eile, le hintinn buntáiste a thabhairt d'iarrthóir ar iarrthóirí eile,

(d) a dhéanfaidh, go feasach agus go toiliúil, marcanna níos airde a thabhairt d'iarrthóir ná na marcanna a raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal, le hintinn buntáiste a thabhairt don iarrthóir sin ar iarrthóirí eile,

(e) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, marcanna níos ísle a thabhairt d'iarrthóir ná na marcanna a raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal,

(f) a phearsanóidh iarrthóir ag scrúdú nó a cheadóidh do dhuine nó a chabhróidh le duine, go feasach, iarrthóir a phearsanú ag scrúdú,

(g) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, aon ábhar a bhaineann le scrúdú a scriosadh nó a dhamáistiú,

(h) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, bac a chur ar aon iarrthóir nó ar dhuine atá ag gabháil do sheoladh scrúdaithe nó a chuirfidh isteach ar shlí eile ar sheoladh ginearálta scrúdaithe,

(i) a athróidh, go feasach agus gan údarás dleathach, aon teastas nó aon taifead eile, lena n-áirítear taifead i bhfoirm mheaisín-inléite, ina bhfuil torthaí scrúdaithe, nó

(j) a eiseoidh nó a úsáidfidh, go feasach, aon teastas nó doiciméad eile a airbheartóidh gur doiciméad é arna eisiúint ag an duine nó ag an gcomhlacht ar faoina údarás nó faoina húdarás a seoladh an scrúdú agus go bhfuil torthaí scrúdaithe ann, agus fios aige nó aici go bhfuil na torthaí sin bréagach,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach, cabhrú nó neartú le duine eile nó comhairle a thabhairt d'aon duine nó tabhairt ar aon duine cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh, nó a dhéanfaidh go feasach comhcheilg le duine eile chun aon chion den sórt sin a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

(4) Ní bheidh aon ábhar caingne ann in aghaidh scrúdaitheora i leith aon ní a dhéanfaidh sé nó sí de mheon macánta agus de bhun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar scrúdaitheoir.

Rochtain ar fhaisnéis áirithe a dhiúltú.

53. —D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tAire—

(a) rochtain a dhiúltú ar aon fhaisnéis a d'fhágfadh go bhféadfaí faisnéis a thiomsú (nach bhfuil fáil ag an bpobal i gcoitinne uirthi ar shlí eile) i ndáil le feidhmiú comparáideach scoileanna i leith ghnóthachtáil acadúil na mac léinn atá rollaithe iontu, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(i) na torthaí foriomlána a fuair mic léinn i scoil áirithe i scrúdú in aon bhliain áirithe, nó

(ii) na torthaí comparáideacha foriomlána a fuair mic léinn i scoileanna éagsúla i scrúdú in aon bhliain áirithe,

agus

(b) rochtain a dhiúltú ar fhaisnéis a bhaineann le céannacht scrúdaitheoirí.

CUID IX

Comhlachtaí Corpraithe

Comhlachtaí a bhunú chun seirbhísí a bhaineann le hoideachas a sholáthar.

54. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Rialtais, le hordú (dá ngairtear “ordú bunaithe” san Acht seo), comhlacht a bhunú chun feidhmeanna i dtaca le seirbhísí taca a sholáthar, nó i ndáil leis an soláthar sin, a chomhlíonadh faoi réir fho-alt (2).

(2) Beidh comhlíonadh feidhmeanna ag comhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1) faoi réir chinneadh an Aire i dtaobh nithe a bhaineann le beartas.

(3) Maidir le comhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1), tabharfar cibé teideal air a shonrófar san ordú bunaithe.

(4) Beidh comhlacht a bhunófar amhlaidh ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala, agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú bunaithe nó ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a leasú.

(6) Beidh an duine a cheapfar mar phríomhoifigeach ar chomhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1) cuntasach don Aire i gcomhall na bhfeidhmeanna dá dtagraítear san fho-alt sin.

(7) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle, de réir mar is cuí leis an Aire, le daoine a ndéanfaidh an t-ordú beartaithe difear dóibh go díreach, nó le ceardchumainn nó comhlachais atá ionadaitheach do na daoine sin.

(8) D'ainneoin alt 5 , ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo mura mbeidh curtha faoi deara aige nó aici ar dtús dréacht den ordú beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.

Comhaltas agus foireann.

55. —(1) Beidh i ngach ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) líon comhaltaí an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, modh, téarmaí agus coinníollacha a gceaptha agus a seilbh oifige, agus

(b) líon, gráid, cáilíochtaí, modh ceaptha (lena n-áirítear iasacht), coinníollacha seirbhíse, seilbh oifige agus luach saothair agus aoisliúntas na ndaoine a bheidh fostaithe sa chomhlacht nó ag an gcomhlacht a bhunófar amhlaidh.

(2) Aon duine a bheidh ar iasacht nó a aistreofar chuig comhlacht a bhunófar faoi alt 54 , ní bhfaighidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an chomhlachta sin, luach saothair níos lú ná ní bheidh sé nó sí faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe ná an luach saothair a raibh an duine sin ina theideal agus na coinníollacha seirbhíse a raibh an duine sin faoina réir roimh an iasacht nó an aistriú sin.

Feidhmeanna.

56. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire ina míneofar feidhmeanna an chomhlachta a bhunófar leis an ordú agus an modh ina bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, an comhlacht a bhunófar amhlaidh na feidhmeanna a mhíneofar amhlaidh a chomhlíonadh.

Riarachán.

57. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire maidir le riaradh ginearálta an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, lena n-áirítear forálacha maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cruinnithe an chomhlachta a bhunófar amhlaidh agus an nós imeachta ag cruinnithe den sórt sin,

(b) úsáid agus fíordheimhniú a shéala,

(c) rialáil a chuid airgid agus coimeád agus iniúchadh a chuid cuntas, agus

(d) an comhlacht sin do thabhairt faisnéise i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna don Aire ó am go ham agus faisnéis den sórt sin a thabhairt don Aire aon tráth a iarrfaidh sé nó sí í.

Deontais.

58. —I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhlacht a cheapfar faoi alt 54 chun críocha caiteachais ag an gcomhlacht sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Ordú bunaithe a chúlghairm.

59. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú bunaithe a chúlghairm.

(2) Beidh in ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach de dhroim na cúlghairme, agus, go háirithe, féadfar foráil a dhéanamh ann le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) díscaoileadh an chomhlachta a bunaíodh leis an ordú bunaithe agus aistriú nó dáileadh mhaoin, chearta agus dhliteanais an chomhlachta sin chuig aon cheann nó aon duine acu seo a leanas—

(i) an tAire, nó

(ii) aon chomhlacht amháin eile nó níos mó a bunaíodh le hordú bunaithe,

(b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht díscaoilte a choimeád ar marthain,

(c) leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh,

(d) d'ainneoin aon sriain atá in aon Acht eile, sealbhóir aon oifige faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú—

(i) chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, nó

(ii) chuig aon chomhlacht eile a bunaíodh le hordú bunaithe.

SCEIDEAL 1

An Chomhairle

Alt 39.

1. (1) A luaithe is féidir tar éis a bunaithe, gheobhaidh an Chomhairle séala agus coimeádfaidh sí ina seilbh é.

(2) Déanfar séala na Comhairle a fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach na Comhairle nó síniú comhalta den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Chomhairle a bheidh údaraithe chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala na Comhairle (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

2. (1) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach na Comhairle.

(2) Féadfaidh an cathaoirleach, tráth ar bith, éirí as oifig mar chathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta ar a bhfaighfear an litir.

(3) Ní faide ná cúig bliana téarma oifige comhalta (lena n-áirítear an cathaoirleach).

4. (1) I gcás comhalta den Chomhairle d'fháil bháis, d'éirí as, teacht faoi dhícháilíocht, a chur as oifig nó ar aon chúis eile scor d'oifig a shealbhú, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Chomhairle ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(2) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle de réir na míre seo, beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an gcorrfholúntas a gceaptar é nó í lena líonadh, agus beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den Chomhairle.

5. (1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, comhalta den Chomhairle a chur as oifig má mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Chomhairle a cuid feidhmeanna go héifeachtach.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ar chúiseanna a shonrófar i scríbhinn do chomhaltaí na Comhairle, na comhaltaí sin go léir a chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta, tráth ar bith, éirí as oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta ar a bhfaighfear an litir.

(4) Déanfar comhalta den Chomhairle a bheidh as láthair ó gach cruinniú den Chomhairle ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile, mura rud é gur breoiteacht faoi deara é nó í a bheith as láthair nó gur cheadaigh an Chomhairle é, a dhícháiliú ag deireadh na tréimhse sin chun leanúint de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an duine sin.

(5) Aon chomhalta (lena n-áirítear an cathaoirleach) a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha.

6. (1) Déanfaidh an Chomhairle, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, beirt chomhalta a cheapadh as measc a comhaltaí (seachas an cathaoirleach) chun bheith ina leaschathaoirligh ar an gComhairle.

(2) Beidh leaschathaoirleach ar an gComhairle i seilbh oifige go dtí go rachaidh tréimhse oifige an chomhalta sin mar chomhalta den Chomhairle in éag, mura túisce a éireoidh an comhalta sin as.

7. (1) Más rud é, maidir le comhalta den Chomhairle (lena n-áirítear an cathaoirleach)—

(a) go nglacfaidh sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go mbreithneofar an comhalta ina fhéimheach nó ina féimheach nó go ndéanfaidh sé nó sí, faoi choimirce nó faoi nós imeachta cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó

(e) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi,

scoirfidh an comhalta sin air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle.

(2) Ní bheidh duine i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle más rud é, maidir leis an duine sin—

(a) go bhfuil sé nó sí de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, nó

(b) go bhfuil sé nó sí de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) gur féimheach neamhurscaoilte é nó í, nó

(d) go bhfuil, sna trí bliana díreach roimhe sin, faoi choimirce nó faoi nós imeachta cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht déanta aige nó aici le creidiúnaithe, nó

(e) go bhfuil, sna cúig bliana díreach roimhe sin, téarma príosúnachta curtha air nó uirthi ag cúirt dlínse inniúla.

8. Aon chomhalta den Chomhairle lena n-áirítear an cathaoirleach—

(a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Chomhairle aon chonradh a dhéanamh, nó

(b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh a bheartaíonn an Chomhairle a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don Chomhairle go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé nó sí páirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an gComhairle a bhaineann leis an gconradh, agus déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí na Comhairle.

9. Déanfar cibé liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus le comhaltaí na Comhairle as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

10. (1) Tionólfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe, agus sin ag cibé tráth, a mheasfaidh an cathaoirleach is gá.

(2) Comórfaidh cathaoirleach cruinniú den Chomhairle aon uair a iarrfaidh líon nach lú ná seisear comhalta air nó uirthi déanamh amhlaidh.

(3) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle trian de líon iomlán na gcomhaltaí, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, móide a haon.

11. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) beidh an cathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leaschathaoirleach a bheidh i láthair nó, más rud é go mbeidh an bheirt leaschathaoirleach i láthair, an leaschathaoirleach a roghnóidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, agus mura mbeidh agus fad nach mbeidh leaschathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifigí an leaschathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

12. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

13. Faoi réir mhír 10(3), féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a comhaltaí.

14. Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Chomhairle a nós imeachta agus a gnó a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile.

SCEIDEAL 2

Scrúduithe

Alt 50.

Scrúdú na hArdteistiméireachta

Scrúdú an Teastais Shóisearaigh

Scrúdú an Teastais Teicneolaíochta

Scrúdú an Teastais Ceirde

Scrúdú an Teastais sa Tráchtáil

Scrúdú an Cheardteastais Ghaeilge

Scrúdú an Teastais i dTeagasc na Gaeilge

Scrúdú an Teastais do Mhúinteoirí Clóscríbhneoireachta

Scrúdú Theastas na dTeagascóirí Tráchtála