1 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN, 1999

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Páirteachas comhaltaí den Rialtas agus Airí Stáit sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

4.

Páirteachas comhaltaí den Rialtas agus Airí Stáit i gComhairle na Breataine-na hÉireann.

5.

Rialacháin chun deacrachtaí a dhíchur.

6.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7.

Caiteachais Airí den Rialtas.

CUID II

Uiscebhealaí Éireann

8.

Mínithe (Cuid II).

9.

Stádas an Chomhlachta.

10.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

11.

Feidhmeanna etc., a aistriú chuig an gComhlacht.

12.

An Comhlacht d'fháil talún go héigeantach agus do dhiúscairt talún.

13.

Aisghairm.

CUID III

An Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia

14.

“an Comhlacht”.

15.

Stádas an Chomhlachta.

16.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

17.

Leasú ar an Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998.

AN TÁBLA

CUID IV

An Comhlacht Trádála agus Gnó

18.

“an Comhlacht”.

19.

Stádas an Chomhlachta.

20.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

CUID V

Comhlacht na gClár Speisialta AE

21.

“an Comhlacht”.

22.

Stádas an Chomhlachta.

23.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

CUID VI

An Foras Teanga

24.

Téacs i mBéarla.

25.

Mínithe (Cuid VI).

26.

Stádas an Fhorais.

27.

Feidhmeanna an Fhorais.

28.

Feidhmeanna a aistriú chuig an bhForas.

29.

Bord na Gaeilge a dhíscaoileadh.

30.

An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978, a aisghairm.

AN TÁBLA

CUID VII

Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann

31.

Mínithe (Cuid V).

32.

Stádas an Chomhlachta.

33.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

34.

Feidhmeanna etc., a aistriú chuig an gComhlacht.

35.

Coimisiún Iascaigh an Fheabhail a dhíscaoileadh.

36.

Feidhmeanna Choimisinéirí Soilse na hÉireann a aistriú.

37.

Coimisinéirí Soilse na hÉireann a dhíscaoileadh.

38.

Aisghairm agus cúlghairm.

AN TÁBLA

CUID VIII

Forálacha Eile

39.

“an tAire cuí”.

40.

Foireann a aistriú chuig Comhlachtaí.

41.

Forálacha de dhroim feidhmeanna, sócmhainní agus dliteanais a aistriú chuig Comhlacht.

42.

Deontais do Chomhlachtaí.

43.

Srian le Comhlachtaí d'fháil airgid ar iasacht.

44.

Táillí.

45.

Bronntanais do Chomhlachtaí.

46.

Srian le hailt 43 go 45.

47.

Ordacháin chun críche Airteagal 7 den Chomhaontú.

48.

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar shéalaí Comhlachtaí.

49.

Tuarascálacha ó Chomhlachtaí a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

50.

Feidhm an Achta Ombudsman, 1980.

51.

Feidhm an Achta um Chosaint Sonraí, 1988.

52.

Comhlachtaí a dhíolmhú ó rátaí agus ó chánacha.

53.

Feidhm alt 13 de Reacht na dTréimhsí, 1957, agus alt 70 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980, maidir le Comhlachtaí.

54.

Cruthúnas ar rialacháin agus ar fhodhlíthe arna ndéanamh ag Comhlacht.

55.

Feidhmeanna le haghaidh comhlachtaí poiblí.

56.

Feidhm Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993.

AN SCEIDEAL

Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag Bunú Comhlachtaí Forfheidhmithe


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978

1978, Uimh. 14

Acht na gCanálacha, 1986

1986, Uimh. 3

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988

1988, Uimh. 25

An tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925

1925, Uimh. 24

Dublin Port (1786)

26 Geo. 3, c. 19 (Ir.)

An tAcht Iascaigh, 1980

1980, Uimh. 1

An tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998

1998, Uimh. 29

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961

1961, Uimh. 44

Na hAchtanna um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 agus 1991

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980

1980, Uimh. 10

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991

Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998

1998, Uimh. 7

An tAcht Ombudsman, 1980

1980, Uimh. 26

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991

Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990

1990, Uimh. 20

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993

Valuation (Ireland) Act, 1854

17 & 18 Vict. c. 8

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN, 1999

[An tiontú oifigiúil


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN gCOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH/THEAS, LEIS NA COMHLACHTAÍ FORFHEIDHMITHE AGUS LE COMHAIRLE NA BREATAINE-NA hÉIREANN, ARNA mBUNÚ FAOIN gCOMHAONTÚ IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN ARNA DHÉANAMH I mBÉAL FEIRSTE AN 10ú LÁ D'AIBREÁN, 1998, AGUS AR MHAITHE LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN A CHUR AR AGHAIDH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CRÍOCHA AN CHOMHAONTAITHE IDIRNÁISIÚNTA AG BUNÚ NA gCOMHLACHTAÍ FORFHEIDHMITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [22 Márta, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Taoiseach faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla a agus le haghaidh forálacha éagsúla agus chun achtacháin éagsúla a aisghairm le halt 38(1).

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag bunú Comhlachtaí Forfheidhmithe arna dhéanamh i mBaile Átha Cliath an 8ú lá de Mhárta, 1999, a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “Comhlacht” comhlacht forfheidhmithe agus forléireofar “na Comhlachtaí” dá réir sin;

ciallaíonn “Comhaontú na Breataine-na hÉireann” an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10ú lá d'Aibreán, 1998;

folaíonn “feidhm” cumhacht agus dualgas agus folaíonn tagairt d'fheidhm a chomhlíonadh, i leith cumhachta, tagairt don chumhacht a fheidhmiú agus, i leith dualgais, tagairt don dualgas a chomhall;

ciallaíonn “comhlacht forfheidhmithe” comhlacht forfheidhmithe arna bhunú leis an gComhaontú,

ciallaíonn “an Comhaontú Ilpháirtí” an Comhaontú ar thángthas air sna Caibidlí Ilpháirtí i mBéal Feirste an 10ú lá d'Aibreán, 1998, agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhaontú na Breataine-na hÉireann;

ciallaíonn “Aire Thuaisceart Éireann” aon Aire i dTuaisceart Éireann nó roinn i dTuaisceart Éireann arb é nó í an tAire sin a ceann;

ciallaíonn “an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas” an comhlacht arna bhunú leis an gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag bunú Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas arna dhéanamh i mBaile Átha Cliath an 8ú lá de Mhárta, 1999.

(2) Forléireofar an tAcht seo ag féachaint go cuí don Chomhaontú Ilpháirtí, do Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus don Chomhaontú (a mhéid a dhéantar socrú leis an Acht seo ar socrú é a dhéantar de bhun an Chomhaontaithe, is forlíonadh air nó a ghabhann leis).

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis, le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

Páirteachas comhaltaí den Rialtas agus Airí Stáit sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

3. —Ag cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, féadfaidh duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Rialtais, is é sin le rá, an Taoiseach, Airí eile den Rialtas agus Airí Stáit.

Páirteachas comhaltaí den Rialtas agus Airí Stáit i gComhairle na Breataine-na hÉireann.

4. —Ag cruinnithe de Chomhairle na Breataine-na hÉireann arna bunú leis an gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag bunú Comhairle de chuid na Breataine-na hÉireann arna dhéanamh i mBaile Átha Cliath an 8ú lá de Mhárta, 1999, féadfaidh duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Rialtais, is é sin le rá, an Taoiseach, Airí eile den Rialtas agus Airí Stáit.

Rialacháin chun deacrachtaí a dhíchur.

5. —Más rud é, in aon slí, go dtarlóidh aon deacracht maidir le haon fhoráil den Acht seo nó den Chomhaontú a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an Taoiseach, le rialacháin, aon ní a dhéanamh a fheictear dó nó di a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a dhíchur, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh nó chun a hoibriú a áirithiú nó a éascú agus féadfar, le haon rialacháin den sórt sin, aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid is riachtanach nó is fóirsteanach chun aon fhoráil den sórt sin a thabhairt in éifeacht chun na gcríoch réamhráite, ach ní dhéanfar rialacháin ar bith faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Acht seo tar éis 3 bliana, dar tosach an lá a thiocfaidh an fhoráil i ngníomh, a bheith caite.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Aon uair a bheartófar ordú (seachas ordú faoi alt 1 (2)) nó rialachán a dhéanamh faoin Acht seo, leagfar dréacht den ordú nó den rialachán faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú nó an rialachán, de réir mar a bheidh, go dtí go mbeidh rún lena gceadófar an dréacht rite ag an dá Theach sin.

Caiteachais Airí den Rialtas.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Uiscebhealaí Éireann

Mínithe (Cuid II).

8. —Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1990” Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990 ;

déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 9 ;

ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas nuair atá sí ag comhlíonadh feidhmeanna i ndáil leis an gComhlacht, feidhmeanna de chuid an Chomhlachta nó na n-uiscebhealaí;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán;

ciallaíonn “na huiscebhealaí” na huiscebhealaí intíre a ndéanann an Comhlacht, de bhun an Chomhaontaithe, feidhmeanna a chomhlíonadh de thuras na huaire i ndáil leo agus forléireofar “uiscebhealach” dá réir sin.

Stádas an Chomhlachta.

9. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh uiscebhealaí intíre a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar Uiscebhealaí Éireann.

(2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

10. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú agus tá éifeacht le hailt 11 agus 41 chun críche na míre sin 1.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 1 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

(4) Ní dhéanfaidh an Comhlacht uiscebhealach, nó cuid d'uiscebhealach, a dhúnadh go buan gan ceadú na Comhairle.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh maidir le feidhmeanna an Chomhlachta i ndáil le haon uiscebhealach intíre a shonrófar san ordú nó cibé feidhmeanna dá chuid a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh ó cibé dáta a shonrófar amhlaidh.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Feidhmeanna etc., a aistriú chuig an gComhlacht.

11. —(1) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), déantar feidhmeanna an Aire i ndáil leis na huiscebhealaí a aistriú leis seo chuig an gComhlacht.

(2) Déanfar tagairtí don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nó don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí don chéanna, in aon reacht, nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht, a bhaineann le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis na feidhmeanna sin, mar thagairtí don Chomhlacht.

(3) Déantar feidhmeanna, sócmhainní, cearta agus dliteanais Bhord Fáilte Éireann mar chomhalta de Shannon-Erne Waterway Promotions Limited a aistriú leis seo chuig an gComhlacht agus déanfar tagairtí i Meabhrán Comhlachais nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta sin do Bhord Fáilte Éireann a fhorléiriú mar thagairtí don Chomhlacht.

(4) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le feidhmeanna an Aire faoi alt 2 d'Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 , a mhéid a bhaineann sé leis na huiscebhealaí.

(5) Ní dhéanfaidh an Comhlacht cumhachtaí an Chomhlachta—

(a) faoi ailt 6(f) agus 7(1) d'Acht na gCanálacha, 1986 , agus

(b) faoi alt 2(h) agus faoi fho-ailt (1) agus (3) d'alt 3 d'Acht 1990,

a fheidhmiú gan toiliú an Aire.

An Comhlacht d'fháil talún go héigeantach agus do dhiúscairt talún.

12. —(1) Féadfaidh an Comhlacht, le toiliú na Comhairle, aon talamh (lena n-áirítear uiscebhealach intíre nó cuid d'uiscebhealach intíre) nó aon cheart, éasúint, teideal nó leas in aon talamh, thar aon talamh nó i leith aon talún (lena n-áirítear uiscebhealach intíre nó cuid d'uiscebhealach intíre), a fháil go héigeantach.

(2) Ní dhéanfaidh an Comhlacht uiscebhealach intíre nó cuid d'uiscebhealach intíre a fháil nó a dhiúscairt gan toiliú na Comhairle.

(3) Beidh feidhm ag an Sceideal a ghabhann le hAcht 1990 maidir leis an gComhlacht d'fháil talún (lena n-áirítear uiscebhealach intíre nó cuid d'uiscebhealach intíre) go héigeantach amhail is dá ndéanfaí—

(a) tagairtí d'Uiscebhealaí Éireann a chur in ionad na dtagairtí don Aire,

(b) an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír 2:

“2. (1) Féadfaidh áititheoir talún, nó aon úinéir talún, a mbeidh fógra faoi mhír 1(1)(b) foilsithe ina leith agóid i scríbhinn a chur faoi bhráid Uiscebhealaí Éireann, laistigh de dhá mhí tar éis dháta an fhoilsithe sin, i gcoinne na fála éigeantaí beartaithe dá dtagraítear san fhógra.

(2) Féadfaidh an duine a mbeidh agóid faoi fhomhír (1) curtha faoi bhráid Uiscebhealaí Éireann aige nó aici an agóid sin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chur chuig Uiscebhealaí Éireann nó chuig an Aire.

(3) (a) Más rud é, i ndáil le fáil éigeantach bheartaithe talún faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 , go gcuirfear agóid faoi bhráid Uiscebhealaí Éireann de réir fhomhír (1) agus nach dtarraingeofar siar í, breithneoidh an tAire an agóid agus ní dhéanfar an talamh a fháil go héigeantach gan toiliú an Aire.

(b) I gcás ina mbeidh ceart slí poiblí ann thar thalamh a bheartaítear a fháil go héigeantach faoin Acht seo, ní dhéanfar an talamh a fháil go héigeantach gan toiliú an Aire.

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas ó Uiscebhealaí Éireann ar thoiliú an Aire le talamh a fháil go héigeantach faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999

(a) cóip d'aon agóid lena mbaineann faoi fhomhír (1),

(b) cóip den nuachtán ina bhfuil an fógra a shonraítear i mír 1(1)(b),

(c) cóip den fhógra a shonraítear i mír 1(1)(c), agus

(d) cóip den léarscáil nó den phlean den talamh a taisceadh de bhun mhír 1(1)(a),

agus tabharfaidh Uiscebhealaí Éireann don Aire cibé faisnéis eile a éileoidh an tAire i ndáil leis an bhfáil.

(5) Ar iarratas a bheith déanta faoi fhomhír (4) i ndáil le talamh—

(a) i gcás arb é tuairim an Aire nár comhlíonadh forálacha mhír 1 i ndáil leis an talamh nó i ndáil le cuid den talamh, diúltóidh sé nó sí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt leis an talamh a fháil go héigeantach nó, de réir mar a bheidh, diúltóidh sé nó sí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt leis an gcuid den talamh a fháil go héigeantach agus tabharfaidh sé nó sí a thoiliú nó a toiliú leis an gcuid eile den talamh a fháil go héigeantach,

(b) in aon chás eile, tabharfaidh an tAire a thoiliú nó a toiliú leis an talamh a fháil go héigeantach.”,

agus

(c) an clásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (c) de mhír 3(1):

“(c) go dtabharfaidh an tAire a thoiliú nó a toiliú le hUiscebhealaí Éireann d'fháil na talún sin go héigeantach,”,

agus fara aon oiriúnuithe eile is gá.

Aisghairm.

13. —Aisghairtear leis seo iad seo a leanas:

(a) alt 6(d) (a mhéid a bhaineann sé le talamh nó ceart thar thalamh a fháil go héigeantach) d'Acht na gCanálacha, 1986 , agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(b) alt 2(f) d'Acht 1990 (a mhéid a bhaineann sé le talamh nó le haon cheart, éasúint, teideal nó leas d'aon chineál i dtalamh, thar thalamh nó i leith talún, a fháil go héigeantach), agus

(c) mír (a) (a mhéid a bhaineann sí leis na huiscebhealaí) agus mír (d) (a mhéid a bhaineann sí le feidhmeanna an Aire i ndáil le huiscebhealaí) d'alt 5(1) d'Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 .

CUID III

An Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia

“an Comhlacht”.

14. —Sa Chuid seo, déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 15 .

Stádas an Chomhlachta.

15. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh sábháilteachta bia a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar an Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia.

(2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

16. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 2 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

Leasú ar an Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998 .

17. —Leasaítear leis seo an tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998 , de réir mar a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an gCuid seo.

AN TÁBLA

Leasuithe ar an Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998

Is iad seo a leanas na leasuithe ar an Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998 :

1. Cuirfear na hailt seo a leanas in ionad ailt 11 agus 12:

“11. (1) Is í príomhfheidhm an Údaráis gach beart réasúnach a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh—

(a) bia a tháirgtear sa Stát (cibé acu a dhéantar é a dháileadh nó a mhargú sa Stát nó nach ndéantar), agus

(b) bia a dháiltear nó a mhargaítear sa Stát,

de réir na gcaighdeán is airde ó thaobh sábháilteachta bia agus sláinteachais a bheidh ar fáil go réasúnach.

(2) Déanfaidh sé, go háirithe, gach beart réasúnach chun a chinntiú go gcomhlíonann bia den sórt sin—

(a) aon reachtaíocht iomchuí bia i leith caighdeán sábháilteachta bia agus sláinteachais, nó

(b) d'éagmais aon reachtaíochta den sórt sin, forálacha caighdeán nó cód dea-chleachtais a aithnítear i gcoitinne agus arb é is aidhm dóibh a chinntiú go mbainfear amach ardchaighdeáin sláinteachais bia agus sábháilteachta bia.

(3) Ar iarratas ón mBord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia, comhoibreoidh an tÚdarás leis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna.

12. (1) Chun go mbainfear amach an méid is mó cosanta a bheidh ar fáil go réasúnach ar mhaithe le sláinte an phobail agus cosaint tomhaltóirí agus, chun críocha alt 11(2), déanfaidh an tÚdarás, ar gach céim de tháirgeadh bia, ó tháirgeadh príomhúil go dtí an úsáid deiridh ag an tomhaltóir, bunú agus cothabháil ardchaighdeán sláinteachais bia agus sábháilteachta bia a chothú.

(2) Gabhfaidh an tÚdarás de láimh, nó socróidh sé go ngabhfar de láimh, chun críocha fho-alt (1), cibé gníomhaíochtaí is cuí leis chun caighdeáin den sórt sin a chothú agus cuirfidh sé i gcrích, nó socróidh sé go gcuirfear i gcrích, cibé iniúchtaí bia is gá chun a chinneadh an bhfuil reachtaíocht bia á comhlíonadh.

(3) Gan dochar d'fhorálacha reachtaíochta bia, déanfar na gníomhaíochtaí agus na hiniúchtaí bia atá le gabháil de láimh ag an Údarás nó thar a cheann agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a dhíriú ar an méid seo a leanas a thabhairt i gcrích i measc táirgeoirí, monaróirí, dáileoirí, miondíoltóirí agus lónadóirí, is é sin le rá, go nglacfaidh siad i gcoitinne leis an bprionsabal, i leith aon bhia a chuirfear ar an margadh, gur orthu féin go leithleach, nó de réir mar is cuí, i dteannta a chéile, atá an phríomhfhreagracht as sábháilteacht an bhia agus as oiriúnacht an bhia lena chaitheamh ag an duine, agus, dá dhroim sin, déanfaidh gach aon duine de na daoine a luaitear gach beart réasúnach chun sábháilteacht agus caighdeán sláinteachais an bhia sin a áirithiú, a mhéid a bhaineann leis an duine sin.

(4) Féachfaidh an tÚdarás, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, le dul i gcomhairle le hionadaithe tomhaltóirí, táirgeoirí, miondíoltóirí, dáileoirí, lónadóirí agus monaróirí agus, más cuí, le gníomhaireachtaí oifigiúla i dtaobh na ngníomhaíochtaí nó na mbeart eile a bheidh le gabháil de láimh.”.

2. In alt 15—

(a) cuirfear “agus féadfaidh sé, ar a thionscnamh féin, comhairle den sórt sin a thabhairt—” in ionad “nó féadfaidh sé, ar a thionscnamh féin, comhairle den sórt sin a thabhairt i dtaobh an mhéid seo a leanas—”, agus

(b) scriostar míreanna (a), (b) agus (h).

3. In alt 16, scriostar fo-alt (3).

4. In alt 18—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,” isteach i ndiaidh “Féadfaidh an tÚdarás”, agus

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “nó ag an mBord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia” isteach i ndiaidh “Stát”.

5. In alt 41(4) (b), cuirfear “ábhar” in ionad “comhthéacs”.

6. Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 46:

“46. Chun críocha alt 11(2), cuirfidh an tÚdarás an méid seo a leanas i gcrích nó socróidh sé go gcuirfear an méid seo a leanas i gcrích thar a cheann faoi alt 48:

(a) comhlíonadh reachtaíochta bia a chinneadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh—

(i) áitreabh agus trealamh, lena n-áirítear áitreabh nó trealamh a úsáidtear i ndáil le monarú, próiseáil, diúscairt, iompar agus stóráil bia, a iniúchadh, a cheadú, a cheadúnú nó a chlárú,

(ii) bia, lena n-áirítear comhábhair bhia, a iniúchadh, a shampláil agus a anailísiú, agus

(iii) lipéadú bia a iniúchadh agus a anailísiú,

agus

(b) oideachas sábháilteachta bia agus sláinteachais bia a sholáthar do tháirgeoirí, do mhonaróirí, do dháileoirí, do mhiondíoltóirí agus do lónadóirí.”.

7. In alt 48(9), cuirfear “a fheidhmeanna” in ionad “iniúchtaí”.

8. In alt 65 den téacs Béarla—

(a) i mír (h), cuirfear isteach “the insertion” roimh “after”, agus

(b) i mír (i), cuirfear “the insertion of” in ionad “to insert”.

CUID IV

An Comhlacht Trádála agus Gnó

“an Comhlacht”.

18. —Sa Chuid seo, déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 19 .

Stádas an Chomhlachta.

19. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh forbartha trádála agus gnó a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar an Comhlacht Forbartha Trádála agus Gnó.

(2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

20. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 3 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

CUID V

Comhlacht na gClár Speisialta AE

“an Comhlacht”.

21. —Sa Chuid seo, déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 22 .

Stádas an Chomhlachta.

22. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh clár speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar a dtugtar Comhlacht na gClár Speisialta AE.

(2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

23. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 4 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 4 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

CUID VI

An Foras Teanga

Téacs i mBéarla.

24. —Tá an téacs i mBéarla den alt seo agus d'ailt 25 go 30 leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an gCuid seo.

Mínithe (Cuid VI).

25. —Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

déanfar “an Foras” a fhorléiriú de réir alt 26 ;

ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Aireachta Thuaidh/ Theas nuair atá sí ag comhlíonadh feidhmeanna i ndáil leis an bhForas nó feidhmeanna de chuid an Fhorais.

Stádas an Fhorais.

26. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Foras” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh teanga a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar i mBéarla “The North/South Language Body” nó i nGaeilge “An Foras Teanga” nó in Ultais “Tha Boord o Leid”.

(2) Tabharfar aitheantas don Fhoras mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Foras a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Fhorais.

27. —(1) Is iad feidhmeanna an Fhorais, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 5 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú agus tá éifeacht le hailt 28 agus 41 chun críche na míre sin 1.

(2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an bhForas ag na socruithe a shonraítear i gCuid 5 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an bhForas.

Feidhmeanna a aistriú chuig an bhForas.

28. —(1) Déantar leis seo feidhmeanna Bhord na Gaeilge a aistriú chuig an bhForas.

(2) (a) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin le maoiniú na n-eagraíochtaí deonacha Gaeilge a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, a aistriú chuig an bhForas.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, le comhaontú roimh ré na Comhairle, an Tábla a ghabhann leis seo a leasú trí thagairt d'aon eagraíocht Ghaeilge eile a chur leis an Tábla sin, trí thagairt d'eagraíocht den sórt sin a scriosadh as an Tábla sin nó trí iontráil maidir le heagraíocht den sórt sin sa Tábla sin a leasú.

(3) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Oideachais agus Eolaíochta—

(a) i ndáil le foilsitheoireacht ag an nGúm agus foilseacháin de chuid an Ghúim, agus

(b) i ndáil le forbairt téarmaíochta agus stóir focal ag an gCoiste Téarmaíochta,

i nGaeilge, a aistriú chuig an bhForas.

(4) Déanfar tagairtí, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí—

(a) don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi,

(b) don Aire Oideachais agus Eolaíochta nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi, nó

(c) do Bhord na Gaeilge,

in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht agus a bhaineann le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis na feidhmeanna sin, mar thagairtí don Fhoras.

AN TÁBLA

1.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

2.

Gael Linn

3.

Conradh na Gaeilge

4.

An tOireachtas

5.

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

6.

Cumann na bhFiann

7.

Comhluadar

8.

Iontaobhas Ultach

Bord na Gaeilge a dhíscaoileadh.

29. —Díscaoiltear leis seo Bord na Gaeilge.

An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978 , a aisghairm.

30. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Bord na Gaeilge, 1978 .

AN TÁBLA

English language text.

24. The text in the English language of this section and sections 25 to 30 are set out in the Table to this Part.

Definitions (Part VI).

25. In this Part, unless the context otherwise requires—

“the Body” shall be construed in accordance with section 26;

“the Council” means the North/South Ministerial Council when performing functions in relation to the Body or functions of the Body.

Status of Body.

26. (1) The implementation body for language established by the Agreement and known in the English language as The North/South Language Body or in the Irish language as An Foras Teanga or in Ullans as Tha Boord o Leid is referred to in this Part as “the Body”.

(2) The Body shall be recognised as, and as having all the attributes of, a body corporate, including perpetual succession, the power to acquire, hold and dispose of land or other property and the power to sue.

(3) The Body may be sued in its corporate name.

Functions of Body.

27. (1) The functions of the Body shall, in accordance with paragraph 1 of Article 2 of the Agreement, be those specified in Part 5 of Annex 1 to the Agreement and sections 28 and 41 have effect for the purpose of the said paragraph 1.

(2) The arrangements specified in Parts 5 and 7 of Annex 2 to the Agreement shall, in accordance with paragraph 2 of Article 2 of the Agreement, apply to the Body.

(3) Paragraph 1 of Article 3 of the Agreement shall apply to the Body.

Transfer of functions to Body.

28. (1) The functions of Bord na Gaeilge are hereby transferred to the Body.

(2) (a) The functions of the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands, in so far as those functions relate to the funding of the voluntary Irish language organisations specified in the Table to this section, are hereby transferred to the Body.

(b) The Minister may, with the prior agreement of the Council, by order amend the Table to this section by adding a reference to any other Irish language organisation to, deleting a reference to such an organisation from, or amending an entry in respect of such an organisation in, the said Table.

(3) The functions of the Minister for Education and Science in relation to—

(a) publishing by and publications of An Gúm, and

(b) the development of terminology and vocabulary by An Coiste Téarmaíochta,

in the Irish language, are hereby transferred to the Body.

(4) References to, or which are to be construed as references to—

(a) the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands or the Department of State of which he or she has charge,

(b) the Minister for Education and Science or the Department of State of which he or she has charge, or

(c) Bord na Gaeilge,

in any statute or instrument made under any statute and relating to any functions transferred by this section shall, in so far as they relate to those functions, be construed as references to the Body.

TABLE

1.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

2.

Gael Linn

3.

Conradh na Gaeilge

4.

An tOireachtas

5.

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

6.

Cumann na bhFiann

7.

Comhluadar

8.

Iontaobhas Ultach

Dissolution of Bord na Gaeilge.

29. Bord na Gaeilge is hereby dissolved.

Repeal of Bord na Gaeilge Act, 1978.

30. The Bord na Gaeilge Act, 1978, is hereby repealed.

CUID VII

Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann

Mínithe (Cuid V).

31. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1952” Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ;

déanfar “an Comhlacht” a fhorléiriú de réir alt 32 ;

tá le “Limistéar Chairlinn” an bhrí chéanna atá leis i mír 5 de Chuid 6 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú;

tá le “Limistéar an Fheabhail” an bhrí a shanntar do “Líomatáiste an Fheabhail” le halt 3 d'Acht 1952;

ciallaíonn “Limistéar Lú” an chuid sin de Limistéar Chairlinn atá sa Stát.

Stádas an Chomhlachta.

32. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Comhlacht” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh cúrsaí dobharshaothraithe agus mara a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann.

(2) Tabharfar aitheantas don Chomhlacht mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Comhlacht a agairt faoina ainm corpraithe.

Feidhmeanna an Chomhlachta.

33. —(1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú (ach faoi réir Airteagal 4 de), ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 6 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú agus tá éifeacht le hailt 34, 36 agus 41 chun críche na míre sin 1.

(2) De réir mhír 2 den Airteagal sin 2 (ach faoi réir an Airteagail sin 4), beidh feidhm maidir leis an gComhlacht ag na socruithe a shonraítear i gCuid 6 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

Feidhmeanna etc., a aistriú chuig an gComhlacht.

34. —(1) Beidh na feidhmeanna a bheidh dílsithe do Choimisiún Iascaigh an Fheabhail díreach roimh thosach feidhme alt 35 , amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an gComhlacht agus dá réir sin déanfar tagairtí, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí, do Choimisiún Iascaigh an Fheabhail in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht a fhorléiriú mar thagairtí don Chomhlacht.

(2) Beidh feidhm ag Acht 1952 maidir le Limistéar Chairlinn mar atá feidhm aige maidir le Limistéar an Fheabhail fairis an modhnú go ndéanfar tagairtí san Acht sin (seachas in alt 6)—

(a) do Líomatáiste an Fheabhail a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Limistéar Chairlinn, agus

(b) do Líomatáiste Mhagh Bhile a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Limistéar Lú,

agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(3) Leasaítear leis seo Acht 1952—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 2(1):

“tá le ‘Limistéar Chairlinn’ agus ‘Limistéar Lú’ na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 31 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 ;

ciallaíonn ‘an Chomhairle’ an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas de réir bhrí an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 , nuair atá sí ag comhlíonadh feidhmeanna i ndáil le Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann nó feidhmeanna i ndáil le feidhmeanna an Choimisiúin;”,

(b) trí na mínithe ar “an Chomhairle Chomhairlitheach” agus ar “an Aireacht” in alt 2(1) a scriosadh,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“6. (1) Déanfar cóip de gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo agus a bhfuil feidhm aige maidir le Líomatáiste an Fheabhail a thaisceadh—

(a) leis an gcláraitheoir contae do chontae Dhún na nGall,

(b) leis an gCléireach Cúirte Dúiche de gach Dúiche Chúirte Dúiche atá, nó a bhfuil cuid di, i Líomatáiste Mhagh Bhile, agus

(c) i ngach stáisiún Garda Síochána i Líomatáiste Mhagh Bhile.

(2) Déanfar cóip de gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo agus a bhfuil feidhm aige maidir le Limistéar Chairlinn a thaisceadh—

(a) leis an gcláraitheoir contae do chontae Lú,

(b) leis an gCléireach Cúirte Dúiche de gach Dúiche Chúirte Dúiche atá, nó a bhfuil cuid di, i Limistéar Lú, agus

(c) i ngach stáisiún Garda Síochána i Limistéar Lú.”,

agus

(d) trí “sa Chomhairle” a chur in ionad “san Aire agus san Aireacht” gach áit a bhfuil sé, “chun na Comhairle” a chur in ionad “chun an Aire agus chun na hAireachta” gach áit a bhfuil sé, “na Comhairle” a chur in ionad “an Aire agus na hAireachta” gach áit a bhfuil sé, “ag an gComhairle” a chur in ionad “ag an Aire agus ag an Aireacht” gach áit a bhfuil sé, “an Chomhairle” a chur in ionad “an tAire agus an Aireacht” gach áit a bhfuil sé agus “don Chomhairle” a chur in ionad “don Aire agus don Aireacht” gach áit a bhfuil sé.

(4) Déanfar tagairtí in alt 10 d'Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 , do Limistéar Mhagh Bhile agus in alt 76 den Acht Iascaigh, 1980 , do Líomatáiste Mhagh Bhile agus do Limistéar Bhun an Phobail a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Limistéar Lú.

(5) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, do Limistéar an Fheabhail a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Limistéar Chairlinn.

Coimisiún Iascaigh an Fheabhail a dhíscaoileadh.

35. —Díscaoiltear leis seo Coimisiún Iascaigh an Fheabhail.

Feidhmeanna Choimisinéirí Soilse na hÉireann a aistriú.

36. —Beidh na feidhmeanna a bheidh dílsithe do Choimisinéirí Soilse na hÉireann díreach roimh thosach feidhme alt 37 , amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an gComhlacht agus, dá réir sin, déanfar tagairtí do Choimisinéirí Soilse na hÉireann, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí dóibh, in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht a fhorléiriú mar thagairtí don Chomhlacht.

Coimisinéirí Soilse na hÉireann a dhíscaoileadh.

37. —Díscaoiltear leis seo Coimisinéirí Soilse na hÉireann.

Aisghairm agus cúlghairm.

38. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an gCuid seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin.

(2) Déantar leis seo an tOrdú um Choimisinéirí Soillse na hÉireann (Oiriúnú), 1935 (R. & O.R., Uimh. 661 de 1935), a chúlghairm.

AN TÁBLA

Achtacháin a Aisghairm

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Teideal Fada nó Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

26 Geo. 3, c. 19.

Acht de chuid Pharlaimint na hÉireann dar teideal “an Act for promoting the Trade of Dublin by rendering its Port and Harbour more commodious”.

An tAcht go léir.

Uimh. 5 de 1952 .

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 .

Ailt 5 agus 15 go 22, Cuid IV, an Tríú Sceideal (seachas míreanna 2 agus 15) agus an Ceathrú Sceideal.

CUID VIII

Forálacha Eile

“an tAire cuí”.

39. —Sa Chuid seo, ciallaíonn “an tAire cuí”—

(a) i ndáil le hUiscebhealaí Éireann, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,

(b) i ndáil leis an mBord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia, an tAire Sláinte agus Leanaí,

(c) i ndáil leis an gComhlacht Forbartha Trádála agus Gnó, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,

(d) i ndáil le Comhlacht na gClár Speisialta AE, an tAire Airgeadais,

(e) i ndáil leis an bhForas Teanga, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, nó an tAire Oideachais agus Eolaíochta, de réir mar is cuí ag féachaint d'fheidhmeanna an Chomhlachta sin,

(f) i ndáil le Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann, Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

Foireann a aistriú chuig Comhlachtaí.

40. —(1) (a) I gcás ina ndéanfaidh an tAire cuí i ndáil le Comhlacht áirithe oifigeach dá chuid nó dá cuid a ainmniú chun críocha an ailt seo, déanfar an t-oifigeach a aistriú chuig foireann an Chomhlachta, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Chomhlachta cibé lá a shonróidh an tAire cuí.

(b) Féadfar ainmniú a dhéanamh faoi mhír (a) i ndáil le hoifigeach de chuid an Aire chuí a mbaineann a dhualgais nó a dualgais go hiomlán nó go formhór le feidhm a aistrítear chuig an gComhlacht lena mbaineann an t-ainmniú nó i ndáil le hoifigeach de chuid an Aire chuí a thoilíonn leis an ainmniú.

(c) Féadfar ainmniú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh aon tráth roimh an lá a aistreofar feidhmeanna an Aire chuí faoin Acht seo nó aon tráth nach faide ná 2 bhliain tar éis an lae sin.

(d) Sula ndéanfaidh an tAire cuí ainmniú faoin alt seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an duine lena mbaineann agus le haon cheardchumann aitheanta a bhfuil an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta de.

(2) I gcás ina n-ainmneoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán duine a bhí, díreach roimh dhíscaoileadh Bhord na Gaeilge, ina chomhalta nó ina comhalta dá fhoireann chun críocha an ailt seo, déanfar an comhalta a aistriú chuig foireann an Fhorais Teanga, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Fhorais Teanga, cibé lá a shonróidh an tAire sin den Rialtas.

(3) I gcás ina n-ainmneoidh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha duine a bhí, díreach roimh dhíscaoileadh Choimisiún Iascaigh an Fheabhail nó Choimisinéirí Soilse na hÉireann, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann ceachtar de na comhlachtaí sin chun críocha an ailt seo, déanfar an comhalta a aistriú chuig foireann Choimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Choimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann, cibé lá a shonróidh an tAire sin den Rialtas.

(4) (a) I gcás ina n-ainmneoidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta comhalta d'fhoireann Fhiontraíocht Éireann nó Fhorfás chun críocha an ailt seo, déanfar an comhalta a aistriú chuig foireann an Chomhlachta Forbartha Trádála agus Gnó, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Chomhlachta Forbartha Trádála agus Gnó, cibé lá a shonróidh an tAire sin den Rialtas.

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (1) maidir le hainmniú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le hainmniú faoin bhfo-alt sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(5) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “an t-aistreoir” Bord na Gaeilge, Coimisiún Iascaigh an Fheabhail, Coimisinéirí Soilse na hÉireann, Fiontraíocht Éireann nó Forfás, de réir mar is cuí.

(b) Beidh éifeacht leis an gconradh fostaíochta idir duine a ainmneofar faoi fho-alt (2), (3)(4) agus an t-aistreoir, amhail ar an agus ón lá a shonróidh an tAire cuí i ndáil leis an ainmniú amhail is dá mba go ndearnadh i dtosach é idir an duine agus an Comhlacht a dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta dá fhoireann de bhua an ainmnithe.

(c) Gan dochar do mhír (b)

(i) déanfar, de bhua na míre sin, cearta, cumhachtaí, dualgais agus dliteanais uile an aistreora faoi chonradh nó i dtaca le conradh a bhfuil feidhm ag an mír sin maidir leis, a aistriú chuig an gComhlacht réamhráite an lá dá dtagraítear sa mhír sin;

(ii) aon ní a bheidh déanta roimh an lá sin ag an aistreoir nó i ndáil leis an aistreoir i leith an chonartha sin nó i leith an duine, measfar, ón lá sin, é a bheith déanta ag an gComhlacht sin nó i ndáil leis.

(d) Ní dochar míreanna (b)(c) d'aon cheart atá ag duine a ainmneofar mar a dúradh a chonradh fostaíochta nó a conradh fostaíochta a fhoirceannadh má dhéantar athrú mór, chun a aimhleasa nó a haimhleasa, ar a choinníollacha oibre nó a coinníollacha oibre ach ní éireoidh aon cheart den sórt sin de bhíthin amháin an athraithe ar an bhfostóir a dhéantar le mír (b).

(6) I ndáil le foireann a aistreofar leis an alt seo, beidh seirbhís roimh ré sa státseirbhís, i mBord na Gaeilge, i gCoimisiún Iascaigh an Fheabhail, i gCoimisinéirí Soilse na hÉireann, i bhFiontraíocht Éireann nó i bhForfás ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991, na nAchtanna um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 go 1991, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991, agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993.

Forálacha de dhroim feidhmeanna, sócmhainní agus dliteanais a aistriú chuig Comhlacht.

41. —(1) I gcás ina mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh, ar páirtí iontu Aire, Bord nó Coimisiún agus go bhfuil tagairt sna himeachtaí d'fheidhmeanna a aistrítear leis an alt iomchuí ón Aire sin, ón mBord sin nó ón gCoimisiún sin, déanfar ainm an Chomhlachta a n-aistrítear na feidhmeanna chuige, a mhéid a bhaineann na himeachtaí le haon fheidhm a aistrítear leis an alt iomchuí, a chur sna himeachtaí in ionad ainm an Aire sin nó an Bhoird sin nó an Choimisiúin sin nó a chur leis na himeachtaí, de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

(2) Maidir le haon ní a thosófar agus nach gcríochnófar roimh aistriú feidhme faoin alt iomchuí le húdarás nó faoi údarás an duine óna n-aistrítear an fheidhm, féadfaidh an Comhlacht a n-aistrítear an fheidhm chuige, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfeidhm sin, leanúint ar aghaidh leis nó é a chríochnú tráth an tosaithe sin nó dá éis.

(3) Gach ionstraim a dhéanfar faoi reacht agus gach doiciméad eile (lena n-áirítear aon deimhniú nó ceadúnas) a dheonófar nó a dhéanfar i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an alt iomchuí, beidh éifeacht léi nó leis, tráth an aistrithe sin agus dá éis, más rud é go raibh an ionstraim nó an doiciméad sin i bhfeidhm agus a mhéid a bhí an ionstraim nó an doiciméad sin i bhfeidhm díreach roimh an aistriú sin, amhail is dá mba rud é gur dheonaigh nó go ndearna an Comhlacht a n-aistrítear an fheidhm chuige í nó é, agus ní dhéanfaidh aistriú feidhme leis an alt iomchuí difear do bhailíocht aon doiciméid den sórt sin arna dheonú nó arna dhéanamh, nó aon ghnímh eile a bheidh déanta, ag an duine nó i ndáil leis an duine óna n-aistrítear an fheidhm roimh an aistriú sin, agus leanfaidh aon doiciméad nó gníomh den sórt sin, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an aistriú sin, i bhfeidhm go feadh an méid chéanna agus faoi réir na bhforálacha céanna amhail is dá mba rud é gur dheonaigh nó go ndearna an Comhlacht sin go cuí é nó gur deonaíodh nó go ndearnadh i ndáil leis an gComhlacht sin é.

(4) Déanfar tagairtí d'Aire, do Bhord nó do Choimisiún atá i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta agus a bhaineann le feidhm a aistrítear ón Aire sin, ón mBord sin nó ón gCoimisiún sin leis an alt iomchuí, a fhorléiriú, tráth an aistrithe agus dá éis, mar thagairtí don Chomhlacht a n-aistrítear an fheidhm chuige.

(5) An mhaoin, na cearta agus na dliteanais go léir a shealbhaítear, a theachtar nó a thabhaítear i ndáil le feidhm a aistrítear leis an alt iomchuí, déanfar, tráth an aistrithe, agus déantar leis seo, iad a aistriú chuig an gComhlacht a n-aistrítear an fheidhm chuige agus, dá réir sin, gan aon tíolacas, aistriú nó sannadh breise—

(a) beidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, dílsithe don Chomhlacht sin, tráth an aistrithe sin,

(b) beidh na cearta sin á dteachtadh ag an gComhlacht sin, amhail ar an agus ón aistriú sin,

(c) amhail ar an agus ón aistriú sin, is dliteanais de chuid an Chomhlachta sin a bheidh sna dliteanais sin.

(6) Aon airgead, stoic, scaireanna nó urrúis a aistrítear leis an alt iomchuí agus a bheidh, tráth an aistrithe sin, in ainm an duine óna n-aistrítear iad, déanfar, ar iarratas ón gComhlacht a n-aistrítear chuige amhlaidh iad, iad a aistriú isteach in ainm an Chomhlachta sin.

(7) Déantar an riaradh agus an gnó i dtaca le comhlíonadh aon fheidhme a aistrítear leis an alt iomchuí a aistriú leis seo chuig an gComhlacht a n-aistrítear an fheidhm chuige amhlaidh.

(8) Beidh deimhniú arna shíniú ag Aire á rá gur dílsíodh nó, de réir mar a bheidh, nár dílsíodh, aon mhaoin, ceart nó dliteanas do Chomhlacht faoin alt iomchuí, ina fhianaise leormhaith, mura suífear a mhalairt, ar an bhfíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh chun gach críche.

(9) Féadfaidh Aire, le rialacháin, cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a dhéanamh ar aon reacht (lena n-áirítear ailt 11, 28, 34 agus 36) nó ar ionstraim arna déanamh faoi aon reacht nó ar mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais aon chuideachta a mheasann sé nó sí is gá nó is fóirsteanach chun a chumasú lánéifeacht a bheith leis an alt seo agus leis na hailt sin.

(10) San alt seo—

ciallaíonn “Bord” Bord na Gaeilge nó Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “Coimisiún” Coimisiún Iascaigh an Fheabhail nó Coimisinéirí Soilse na hÉireann;

ciallaíonn “Aire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha nó an tAire Oideachais agus Eolaíochta, de réir mar is cuí ag féachaint don fheidhm, don tsócmhainn nó don dliteanas lena mbaineann (lena n-áirítear feidhm, sócmhainn nó dliteanas de chuid Boird nó Coimisiúin);

ciallaíonn “an t-alt iomchuí” alt 11 , 28, 3436.

Deontais do Chomhlachtaí.

42. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais deontais a thabhairt do Chomhlacht na gClár Speisialta AE as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ar deontais iad ina mbeidh cibé méideanna, agus a bheidh faoi réir cibé coinníollacha, a chinnfidh sé nó sí chun críocha caiteachais ag an gComhlacht sin le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh aon Aire cuí eile, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt do Chomhlacht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ar deontais iad ina mbeidh cibé méideanna, agus a bheidh faoi réir cibé coinníollacha, a chinnfidh an tAire cuí, leis an toiliú céanna, chun críocha caiteachais ag an gComhlacht sin le linn don Chomhlacht a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Srian le Comhlachtaí d'fháil airgid ar iasacht.

43. —Ní dhéanfar aon chumhacht chun airgead a fháil ar iasacht a thugtar do Chomhlacht le mír 2.2 de Chuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú, a fheidhmiú gan toiliú an Aire Airgeadais agus Aire de chuid Thuaisceart Éireann.

Táillí.

44. —Féadfaidh Comhlacht, le ceadú an Aire Airgeadais, táillí a mhuirearú agus muirir eile a fhorchur i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna, agus déanfaidh an Comhlacht, aon táille nó muirear eile a íocfar leis de bhua an ailt seo nó de bhua aon chumhachta eile a aistreofar chuige, a choimeád agus a úsáid chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Bronntanais do Chomhlachtaí.

45. —(1) Féadfaidh Comhlacht, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais nó coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh Comhlacht bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais nó na coinníollacha atá ag gabháil leis ar neamhréir lena fheidhmeanna.

Srian le hailt 43 go 45.

46. —D'ainneoin alt 1 (2), ní thiocfaidh alt, ar alt 43 , 4445 é, i ngníomh i ndáil le Comhlacht mura rud é go ndéanfar foráil a bhfuil éifeacht den tsamhail chéanna léi sa mheamram airgeadais a bhaineann leis an gComhlacht sin agus dá dtagraítear i mír 2.2 de Chuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú.

Ordacháin chun críche Airteagal 7 den Chomhaontú.

47. —Údaraítear leis seo don Aire Gnóthaí Eachtracha ordachán a thabhairt do Chomhlacht faoi Airteagal 7 den Chomhaontú, agus gníomhóidh Comhlacht de réir aon ordacháin den sórt sin.

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar shéalaí Comhlachtaí.

48. —Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala gach Comhlachta agus déanfar doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim arna déanamh ag Comhlacht agus a bheith séalaithe le séala an Chomhlachta (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 4.2 de Chuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú) a ghlacadh i bhfianaise agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura rud é go suífear a mhalairt.

Tuarascálacha ó Chomhlachtaí a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

49. —(1) Faoi réir fhomhír (2), cuirfidh an tAire cuí faoi deara cóip de thuarascáil bhliantúil Comhlachta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) I gcás an Fhorais Teanga, forléireofar an tagairt i bhfo-alt (1) don Aire cuí mar thagairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Feidhm an Achta Ombudsman, 1980 .

50. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Ombudsman, 1980 ;

ciallaíonn “Ombudsman Thuaisceart Éireann” an duine a chomhlíonann feidhmeanna i dTuaisceart Éireann ar feidhmeanna iad a chomhfhreagraíonn d'fheidhmeanna an Ombudsman.

(2) Beidh feidhm ag Acht 1980 maidir leis na Comhlachtaí fara aon mhodhnuithe is gá agus amhail is dá mbeadh tagairt do gach ceann acu i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, ach ní bhainfidh an fheidhm sin ach le gníomhartha arna ndéanamh sa Stát ag Comhlacht nó thar a cheann.

(3) Le linn réamhscrúdú nó imscrúdú a dhéanamh faoi Acht 1980 ar ghníomh a rinne Comhlacht nó a rinneadh thar a cheann, rachaidh an tOmbudsman i gcomhairle le hOmbudsman Thuaisceart Éireann i ndáil le seoladh an scrúdaithe nó an imscrúdaithe agus, i gcás ina measann sé nó sí gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nó sí faisnéis (lena n-áirítear cóip de dhoiciméad) a bheidh tugtha dó nó di chun críocha an scrúdaithe nó an imscrúdaithe a chur ar fáil d'Ombudsman Thuaisceart Éireann; ach, is é nó is í an tOmbudsman amháin a dhéanfaidh aon chinneadh nó moladh a bheidh le déanamh tar éis scrúdaithe nó imscrúdaithe den sórt sin agus tabharfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir le haon chinneadh nó moladh den sórt sin d'Ombudsman Thuaisceart Éireann.

(4) I gcás ina ndéanfar gearán le hOmbudsman Thuaisceart Éireann i ndáil le gníomh arna dhéanamh sa Stát ag Comhlacht nó thar ceann Comhlachta, agus go ndéanfaidh Ombudsman Thuaisceart Éireann an ní a tharchur chuig an Ombudsman, beidh feidhm ag Acht 1980 amhail is dá mba rud é go ndearnadh gearán go cuí leis an Ombudsman i ndáil leis an ní faoin Acht sin.

(5) I gcás ina ndéanfar gearán leis an Ombudsman i ndáil le gníomh arna dhéanamh i dTuaisceart Éireann ag Comhlacht nó thar ceann Comhlachta, déanfaidh sé nó sí an ní a tharchur chuig Ombudsman Thuaisceart Éireann agus déanfaidh sé nó sí aon fhaisnéis (lena n-áirítear cóip de dhoiciméad) i ndáil leis an ní a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh a thabhairt dó nó di.

(6) Nuair a gheobhaidh an tOmbudsman iarratas ó Ombudsman Thuaisceart Éireann i ndáil le himscrúdú ag Ombudsman Thuaisceart Éireann ar ghníomh arna dhéanamh i dTuaisceart Éireann ag Comhlacht nó thar ceann Comhlachta, rachaidh an tOmbudsman i mbun idirchaidrimh leis nó léi agus glacfaidh comhairle leis nó léi i ndáil leis an ní.

Feidhm an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 .

51. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 ;

folaíonn “gníomh” mainneachtain gníomhú agus folaíonn tagairtí do ghníomh a dhéanamh tagairtí do mhainneachtain den sórt sin;

ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Cosanta Sonraí;

tá le “rialaitheoir sonraí” agus “próiseálaí sonraí” na bríonna a shanntar dóibh le hAcht 1988;

forléireofar “bunaithe” de réir Threoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin;

ciallaíonn “Coimisinéir Thuaisceart Éireann” an duine a chomhlíonann feidhmeanna i dTuaisceart Éireann a chomhfhreagraíonn d'fheidhmeanna an Choimisinéara.

(2) Beidh feidhm ag Acht 1988 maidir leis na Comhlachtaí fara aon mhodhnuithe is gá agus faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo.

(3) I gcás gur sa Stát amháin atá an rialaitheoir sonraí lena mbaineann bunaithe, beidh feidhm ag Acht 1988 maidir le haon ní a bhaineann leis an rialaitheoir sonraí sin.

(4) I gcás gur sa Stát amháin atá an próiseálaí sonraí lena mbaineann bunaithe, beidh feidhm ag Acht 1988 maidir le haon ní a bhaineann leis an bpróiseálaí sonraí sin.

(5) I gcás gur sa Stát agus i dTuaisceart Éireann atá an rialaitheoir sonraí lena mbaineann nó an próiseálaí sonraí lena mbaineann bunaithe, ní bheidh feidhm ag Acht 1988 maidir le haon ní lena mbaineann ach amháin i gcás gur sa Stát a tharlaíonn an phróiseáil lena mbaineann.

(6) A mhéid a bhaineann an tAcht le Comhlacht nó le próiseálaí sonraí Comhlachta, measfar an Comhlacht a bheith ina phearsa a bhfuil feidhm ag alt 16 d'Acht 1988 maidir léi.

(7) Más rud é—

(a) go ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir i ndáil le Comhlacht nó i ndáil le próiseálaí sonraí Comhlachta agus go bhfuil an ní ar cheann de na nithe nach bhfuil feidhm ag Acht 1988 maidir leis de bhua an ailt seo, agus

(b) go bhfuil an rialaitheoir sonraí lena mbaineann nó an próiseálaí sonraí lena mbaineann i dTuaisceart Éireann nó gur i dTuaisceart Éireann a tharlaíonn an phróiseáil,

déanfaidh an Coimisinéir an ní a tharchur chuig Coimisinéir Thuaisceart Éireann agus déanfaidh sé nó sí aon fhaisnéis i ndáil leis an ní a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh a thabhairt dó nó di.

Comhlachtaí a dhíolmhú ó rátaí agus ó chánacha.

52. —(1) Ní bheidh Comhlacht faoi dhliteanas rátaí ar bith a íoc faoi na hAchtanna Luachála agus measfar, chun críche alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, maidir le haon oidhreachtán nó tionóntán a bheidh in úsáid nó ar áitiú ag Comhlacht, gur de chineál poiblí é agus go bhfuil sé ar áitiú don tseirbhís phoiblí.

(2) Ní bheidh Comhlacht faoi dhliteanas cáin dhíreach ar bith, nó dleacht ar bith, a íoc i leith aon tailte ná ioncaim.

Feidhm alt 13 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , agus alt 70 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 , maidir le Comhlachtaí.

53. —Measfar maidir le Comhlacht—

(a) gur údarás Stáit é chun críocha alt 13 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , agus

(b) gur údarás Stáit iomchuí é chun críocha alt 70 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 .

Cruthúnas ar rialacháin agus ar fhodhlíthe arna ndéanamh ag Comhlacht.

54. —Beidh feidhm ag alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , maidir le rialacháin agus fodhlíthe a dhéanfaidh Comhlacht.

Feidhmeanna le haghaidh comhlachtaí poiblí.

55. —(1) Chun a chinntiú, maidir leis na socruithe le haghaidh an chomhoibrithe chomhaontaithe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9(i) de Shraith a Dó den Chomhaontú Ilpháirtí, a mhéid a bhaineann siad le comhlachtaí poiblí, go dtosóidh siad i gcomhthráth leis an aistriú cumhachtaí chuig Tionól Thuaisceart Éireann, beidh ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann cibé feidhmeanna is gá nó is fóirsteanach chun na críche sin.

(2) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht poiblí” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , bord sláinte nó aon chomhlacht eile arna bhunú le haon achtachán.

Feidhm Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993.

56. —Chun críocha Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993—

(a) measfar gur iniúchadh an scrúdú dá dtagraítear i mír 2.5 de Chuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú, agus

(b) measfar gur scrúduithe dá bhforáiltear le halt 9 den Acht sin na scrúduithe luach ar airgead dá dtagraítear i mír 2.7 den Chuid sin.

AN SCEIDEAL

Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag Bunú Comhlachtaí Forfheidhmithe

Alt 2.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann:

Ag féachaint d'Airteagal 2 den Chomhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10 Aibreán 1998 (“Comhaontú na Breataine-na hÉireann”), agus don Chomhaontú Ilpháirtí ar thángthas air i mBéal Feirste an 10 Aibreán 1998 (“an Comhaontú Ilpháirtí”), atá i gceangal le Comhaontú na Breataine-na hÉireann;

Ag meabhrú dóibh gur gheall na rannpháirtithe sna caibidlí ilpháirtí go n-oibreoidís, de mheon macánta, chun a chinntiú go n-éireodh le gach uile cheann de na socruithe atá le bunú faoin gComhaontú Ilpháirtí, agus gur glacadh leis “maidir leis na socruithe institiúideacha agus bunreachtúla go léir — Tionól i dTuaisceart Éireann, Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, comhlachtaí forfheidhmithe, Comhairle na Breataine-na hÉireann, agus Comhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann agus aon leasuithe ar Achtanna Parlaiminte na Breataine agus ar Bhunreacht na hÉireann — go bhfuil siad cónasctha agus idirspleách agus go háirithe go bhfuil gaol chomh dlúth sin idir feidhmiú an Tionóil agus feidhmiú na Comhairle Thuaidh/Theas go bhfuil rath ceann acu ag brath ar rath an chinn eile”;

Tar éis comhaontú mar a leanas:

AIRTEAGAL 1

Faoi Airteagal 2 de Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus ar mhaithe lena chur chun cinn, bunaítear leis seo na Comhlachtaí seo a leanas:

(a) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh uiscebhealaí intíre, ar a dtabharfar Uiscebhealaí Éireann;

(b) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh sábháilteachta bia, ar a dtabharfar an Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia;

(c) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh forbartha trádála agus gnó, ar a dtabharfar an Comhlacht Forbartha Trádála agus Gnó;

(d) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh chláir speisialta AE, ar a dtabharfar Comhlacht na gClár Speisialta AE;

(e) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh teanga ar a dtabharfar The North/South Language Body agus ar a dtabharfar i nGaeilge an Foras Teanga nó in Ultais Tha Boord o Leid;

(f) comhlacht forfheidhmithe le haghaidh cúrsaí dobharshaothraithe agus mara, ar a dtabharfar Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann.

AIRTEAGAL 2

1. Is iad feidhmeanna gach Comhlachta na feidhmeanna sin a shonraítear sa chuid iomchuí d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis seo a mhéid, i ndáil le Tuaisceart Éireann, a bhaineann siad le nithe atá faoi inniúlacht Airí Thuaisceart Éireann.

2. Feidhmeoidh gach Comhlacht a fheidhmeanna agus beidh a struchtúr de réir na socruithe a leagtar amach sna codanna iomchuí d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis seo.

AIRTEAGAL 3

1. Oibreoidh gach Comhlacht de réir fhorálacha an Chomhaontaithe Ilpháirtí, agus cuirfidh sé chun feidhme, go háirithe, aon chinntí de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas maidir le beartais agus gníomhartha a bhaineann le nithe atá faoi raon fheidhmeanna an Chomhlachta.

2. Maoineofar gach Comhlacht de réir fhorálacha an Chomhaontaithe Ilpháirtí ar an mbonn gur feidhm riachtanach phoiblí é.

AIRTEAGAL 4

I ndáil leis an gComhlacht le haghaidh cúrsaí dobharshaothraithe agus mara, beidh feidhm ag Airteagail 2 agus 3 faoi réir aon socruithe a chinnfidh an dá Rialtas chun áisíní loingseoireachta a sholáthar agus a chothabháil de bhun mhír 7.1 de Chuid 6 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis seo.

AIRTEAGAL 5

Féadfaidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis seo a mholadh don dá Rialtas. Féadfaidh an dá Rialtas na leasuithe sin a dhéanamh trí nótaí a mhalartú.

AIRTEAGAL 6

Beidh pearsantas dlíthiúil ag gach Comhlacht. Folóidh a inniúlacht dhlíthiúil an inniúlacht chun conarthaí a dhéanamh, chun maoin a fháil agus a dhiúscairt agus chun imeachtaí dlí a thionscnamh.

AIRTEAGAL 7

1. Gníomhóidh gach Comhlacht de réir aon ordacháin ó Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais na Breataine nó ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ar ordachán é is gá chun a chinntiú go ndéanfar aon oibleagáidí idirnáisiúnta de chuid Rialtas na Breataine nó de chuid Rialtas na hÉireann, seachas oibleagáidí idirnáisiúnta a éiríonn faoin gComhaontú seo nó faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, a chomhlíonadh laistigh dá ndlínsí faoi seach.

2. Ní eiseofar ordacháin den sórt sin ach amháin i gcás nach féidir leis an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas teacht ar chinneadh maidir le bearta is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí idirnáisiúnta thuasluaite.

AIRTEAGAL 8

Is forlíonadh an Comhaontú seo ar fhorálacha Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus léifear in éineacht leis an gComhaontú sin é.

AIRTEAGAL 9

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an dáta a thiocfaidh Comhaontú na Breataine-na hÉireann i bhfeidhm.

Dá fhianú sin tá na daoine sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag na Rialtais faoi seach, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Arna dhéanamh in dhá scríbhinn bhunaidh i mBaile Átha Cliath an 8ú lá de Mhárta 1999.

Thar ceann Rialtas na hÉireann

Thar ceann Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

IARSCRÍBHINN 1

CUID 1

Uiscebhealaí Intíre

Comhlacht a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas aige:

An córas uiscebhealaí intíre inseolta ar fud an oileáin a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú chun críocha áineasa go príomha:

láithreach i leith Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne agus i leith an athchóirithe agus na forbartha a d'fhéadfaí a dhéanamh ar Chanáil Uladh;

de réir a chéile dá éis sin, i leith mhórchóras na Sionainne-na hÉirne agus uiscebhealaí eile an oileáin (an Chanáil Ríoga, an Chanáil Mhór, an Bhearú agus Abhainn an Lagáin go príomha).

Rachadh an Comhlacht i mbun na bhfeidhmeanna, mar aon leis na feidhmeanna cuí tacaíochta, a fheidhmíonn Seirbhís Uiscebhealaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus Gníomhaireacht Aibhneacha na Roinne Talmhaíochta i dTuaisceart Éireann ina leith sin, agus dhéanfadh sé feidhmeanna Shannon-Erne Waterway Promotions Ltd. a ghabháil chuige féin freisin.

CUID 2

Sábháilteacht Bia

Comhlacht a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas aige:

—  sábháilteacht bia a chur chun cinn

—  taighde ar shábháilteacht bia

—  rabhaidh bhia a thabhairt

—  faireachas a dhéanamh ar ghalair bhia-iompartha

—  comhoibriú agus nasc-cheangail eolaíochta idir saotharlanna a chur chun cinn

—  saoráidí atá éifeachtach ó thaobh costas de a fhorbairt le haghaidh saintástáil saotharlainne.

CUID 3

Forbairt Trádála agus Gnó

Comhlacht chun faisnéis a mhalartú agus obair a chomhordú maidir le trádáil, forbairt ghnó agus nithe gaolmhara, i réimsí a n-aontaíonn an dá lucht riaracháin go sonrach ina leith gurbh é a leas frithpháirteach é sin a dhéanamh.

Bheadh na nithe seo a leanas san áireamh sna réimsí sonracha forfheidhmithe:

—  comhoibriú i leith deiseanna forbartha gnó, Thuaidh agus Theas;

—  modhanna nua a cheapadh i leith forbartha gnó i gcomhthéacs trasteorann i réimsí ar nós taighde, oiliúint, margaíocht, feabhsú caighdeán;

—  tacú le gnó trí mholtaí a dhéanamh chun iomaíochas fiontraíochta a mhéadú i gcomhthéacs thuaidh-theas i réimsí ar nós fáil ar scileanna, teileachumarsáid, teicneolaíocht eolais agus tráchtáil leictreonach;

—  trádáil agus slabhraí soláthair thuaidh-theas a chur chun cinn, lena n-áirítear trí nasc-cheangail ghnó agus trí chomhpháirtíochtaí gnó;

—  imeachtaí trádála agus tionscnaimh mhargaíochta trasteorann a chur chun cinn;

—  réimsí nua trádála idir an Tuaisceart agus an Deisceart a shainaithint;

—  feasacht mhargaidh agus forbairt ghnó a chur chun cinn i gcomhthéacs thuaidh-theas;

—  tionscadail shonracha agus imeachtaí sonracha i ndáil le cur chun cinn trádála a ghabháil de láimh, nuair a chuirfear de chúram air é sin a dhéanamh i gcomhpháirt ar bhonn tionscadail i ndiaidh tionscadail;

—  comhairle a chur ar fáil i dtaobh gnéithe sonracha de chur chun cinn trádála, nuair a chuirfear de chúram air é sin a dhéanamh i gcomhpháirt.

Leanfadh gníomhaireachtaí eacnamaíocha láithreacha Thuaidh agus Theas de bheith á maoiniú ag a lucht riaracháin faoi seach agus de bheith ag oibriú faoi stiúradh a lucht riaracháin faoi seach.

CUID 4

Cláir Speisialta AE

Comhlacht ag a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas:

Go dtí go dtiocfaidh na Tionscnaimh Chomhphobail reatha chun críche

—  na rólanna maidir le rúnaíocht lárnach, faireachán, taighde, meastóireacht, cúnamh teicniúil agus forbairt atá á bhfeidhmiú i gcomhpháirt faoi láthair i leith INTERREG agus PEACE ag an Roinn Airgeadais agus ag an Roinn Airgeadais agus Pearsanra;

—  fochláir rannacha áirithe a riaradh faoi INTERREG agus PEACE (fóirdheontas rátaí úis agus comhoibriú trasteorann idir comhlachtaí poiblí).

I ndáil le Cistí Struchtúracha iar-1999

—  comhairle a thabhairt don Chomhairle Aireachta Thuaidh/ Theas agus don dá Roinn Airgeadais maidir le caibidliú Tionscnamh Comhphobail iar-1999 agus na Caibidle Comhchoitinne le Coimisiún an Aontais Eorpaigh;

—  tograí mionsonraithe do chláir faoi na Tionscnaimh Chomhphobail nua (ar dóigh gurb iad INTERREG III, LEADER III agus EQUAL, agus b'fhéidir comharba ar PEACE iad), a ullmhú lena gceadú ag an dá lucht riaracháin sa Chomhairle agus i ndlúthchomhairle leis an dá Roinn Airgeadais agus le Ranna iomchuí eile;

—  rólanna maidir le rúnaíocht lárnach, faireachán, taighde, meastóireacht, cúnamh teicniúil agus forbairt i leith na dTionscnamh sin;

—  feidhmeanna maidir le deontais a thabhairt agus feidhmeanna bainistíochta eile i leith INTERREG III agus i leith eilimintí thuaidh-theas de chláir faoi Thionscnaimh eile, laistigh de chreat bheartais fhoriomlána iomchuí an Tuaiscirt agus an Deiscirt faoi seach, agus faoi réir na leithrannta caiteachais agus na bparaiméadar sonrach do chláir a comhaontaíodh idir an dá lucht riaracháin agus le Coimisiún an Aontais Eorpaigh;

—  faireachán agus cur chun cinn a dhéanamh i leith fhorfheidhmiú na Caibidle Comhchoitinne, ag a mbeadh leithroinnt bhuiséadach shonrach.

CUID 5

Teanga

Foras amháin, ina bhfuil dhá chuid ar leith, agus na feidhmeanna seo a leanas aige:

An Ghaeilge

—  an Ghaeilge a chur chun cinn;

—  úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;

—  comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;

—  tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;

—  taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;

—  téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;

—  tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Cúrsaí Ultach-Albanacha

—  Eolas níos fearr faoi Ultais agus úsáid Ultaise agus saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha a chur chun cinn, laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin.

CUID 6

Cúrsaí Dobharshaothraithe agus Mara

Comhlacht a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas aige:

Loch Feabhail agus Loch Cairlinn

—  forbairt Loch Feabhail agus Loch Cairlinn a chur chun cinn, chun críocha tráchtála agus áineasa;

—  feidhmeanna láithreacha Choimisiún Iascaigh an Fheabhail maidir le hiascaigh intíre a chaomhnú, a chosaint, a bhainistiú agus a fhorbairt, agus feidhmeanna coibhéiseacha i leith Loch Cairlinn;

—  dobharshaothrú a fhorbairt agus a cheadúnú;

—  turasóireacht mhara a fhorbairt.

Tithe solais

—  feidhmeanna láithreacha Choimisinéirí Soilse na hÉireann i leith áisíní loingseoireachta a sholáthar agus a chothabháil feadh chósta oileán uile na hÉireann mar aon leis na farraigí agus na hoileáin atá tadhlach leis.

A chur san áireamh go bhfeidhmíonn Coimisinéirí Soilse na hÉireann i gcomhthéacs Thoir-Thiar, socruithe chun nasc-cheangal a choinneáil le húdaráis iomchuí na Breataine.

IARSCRÍBHINN 2

MÍNITHE

San Iarscríbhinn seo—

ciallaíonn “na Ranna Airgeadais” Roinn Airgeadais agus Pearsanra Thuaisceart Éireann agus Roinn Airgeadais na hÉireann; ciallaíonn “na hAirí Airgeadais” Aire Airgeadais agus Pearsanra Thuaisceart Éireann agus Aire Airgeadais na hÉireann;

ciallaíonn “CATT” an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

CUID 1

Uiscebhealaí Intíre

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 1 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Chomhlachta. Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.1     Maidir leis an gComhlacht, le héifeacht láithreach—

(a) beidh sé freagrach as Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt chun críocha áineasa go príomha;

(b) déanfaidh sé staidéir chuí agus breithmheasanna cuí a thabhairt chun cinn i ndáil leis an athbhunú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar Chanáil Uladh; agus

(c) déanfaidh sé rialú Shannon-Erne Waterway Promotions Ltd. a ghabháil chuige féin.

1.2     Le héifeacht ón 1 Aibreán 2000, gabhfaidh an Comhlacht air féin freagracht as na huiscebhealaí seo a leanas a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt chun críocha áineasa go príomha—

Córas na hÉirne

an Chanáil Mhór (lena n-áirítear Uiscebhealach na Bearú)

Uiscebhealach na Banna Íochtair

an Chanáil Ríoga

Uiscebhealach na Sionainne.

1.3     Más rud é, i bhfianaise thoradh na staidéar agus na mbreithmheasanna dá dtagraítear i mír 1.1(b), go gcinnfidh CATT amhlaidh, beidh an Comhlacht freagrach, le héifeacht ó cibé dáta a chinnfidh CATT, as athbhunú Chanáil Uladh agus, tar éis an athbhunaithe, beidh sé freagrach as a bainistiú, as a cothabháil agus as a forbairt chun críocha áineasa go príomha.

1.4     Le héifeacht ó cibé dáta a shonrófar le reachtaíocht sa dá dhlínse, tar éis comhaontú a dhéanamh in CATT, gabhfaidh an Comhlacht an fhreagracht air féin—

(a) as aon uiscebhealach intíre eile a shonraítear sa reachtaíocht a athbhunú;

(b) as aon uiscebhealach intíre eile a shonrófar amhlaidh a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt chun críocha áineasa go príomha.

1.5     Ón 1 Aibreán 2000, beidh trí rannán réigiúnacha den Chomhlacht ann — Rannán Réigiúnach an Tuaiscirt, Rannán Réigiúnach an Iarthair agus Rannán Réigiúnach an Oirthir.

1.6     Le linn a feidhm bhainistíochta agus forbartha a chomhlíonadh chun críocha áineasa go príomha, gabhfaidh an Comhlacht do chur chun cinn, lena n-áirítear acmhainneacht turasóireachta agus tráchtála na n-uiscebhealaí intíre a bhfuil freagracht air astu a mhargú agus a fhorbairt.

1.7     Beidh ag an gComhlacht na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

STRUCHTÚR

2.1     Beidh Príomh-Fheidhmeannach ag an gComhlacht, agus CATT a cheapfaidh é nó í.

2.2     Feidhmeoidh an Príomh-Fheidhmeannach, nó comhalta eile d'fhoireann an Chomhlachta a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach, feidhmeanna an Chomhlachta. Le linn a fheidhmeanna a fheidhmiú, gníomhóidh an Comhlacht gach tráth de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

CUID 2

Sábháilteacht Bia

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 2 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Chomhlachta. Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.       Sábháilteacht bia a chur chun cinn:

1.1     Is feidhm ríthábhachtach thosaíochta de chuid an Chomhlachta a chur faoi deara go nglacfar i gcoitinne leis gur ar tháirgeoirí, ar phróiseálaithe, ar dháileoirí ag gach leibhéal, ar lónadóirí agus ar an bpobal i gcoitinne i bpáirt atá an fhreagracht as bia sábháilte a chur ar fáil. Folaíonn an fheidhm sin:

(a) feasacht agus eolas ar shaincheisteanna sábháilteachta bia a chur chun cinn i measc an phobail, i measc na ngairmeacha a bhfuil leas acu i sábháilteacht bia nó freagracht orthu aisti, agus sa tionscal bia;

(b) feachtais fheasachta pobail, comhdhálacha, oiliúint agus tacaíocht straitéiseach a shocrú;

(c) comhairle agus treoir a chur ar fáil i dtaobh sábháilteachta bia (lena n-áirítear comhairle ar na gnéithe cothaitheacha de bhianna éagsúla);

(d) naisc a bhunú agus a chothabháil le páirtithe leasmhara ríthábhachtacha sa réimse sábháilteachta bia, lena n-áirítear na comhlachtaí de chuid Thuaisceart Éireann agus na hÉireann atá freagrach as forghníomhú sábháilteachta bia.

1.2     Bainfidh réimse freagrachta an Chomhlachta le hoileán na hÉireann go léir i ndáil le cur chun cinn sábháilteachta bia agus oibreoidh sé i gcomhar le gníomhaireachtaí sábháilteachta bia Thuaisceart Éireann agus na hÉireann, agus leanfaidh na gníomhaireachtaí sin de bheith freagrach as iniúchadh agus as forghníomhú. Leanfaidh na socruithe láithreacha i leith caibidlí idirnáisiúnta, caighdeáin bhia a leagan síos agus reachtaíocht agus rialacháin a fhógairt, d'fheidhm a bheith acu. Féadfaidh an Comhlacht athbhreithniú a dhéanamh, agus comhairle a thabhairt, maidir le leordhóthanacht socruithe forfheidhmithe bia atá i bhfeidhm ar fud an bhiashlabhra in oileán na hÉireann, ar iarratas ó CATT.

1.3     Coimeádfaidh gníomhaireachtaí forghníomhaithe sábháilteachta bia Thuaisceart Éireann agus na hÉireann ról cur chun cinn chun tacú lena bhfeidhmeanna iniúchta agus forghníomhaithe.

2.       Taighde i dtaobh sábháilteachta bia:

Beidh réimse freagrachta ginearálta ag an gComhlacht chun taighde i dtaobh gach gné de shábháilteacht bia a chur chun cinn, lena n-áirítear:

(a) tosaíochtaí le haghaidh taighde a shainaithint;

(b) tionscadail taighde a choimisiúnú agus a mhaoiniú de réir mar is gá chun bearnaí sainaitheanta a líonadh;

(c) bunachar sonraí de chláir thaighde a bhunú agus a chothabháil agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn;

(e) torthaí taighde a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara iomchuí;

(f) bearta a mholadh de dhroim torthaí taighde;

(g) naisc a chothabháil le comhlachtaí idirnáisiúnta taighde.

3.       Rabhaidh bhia a thabhairt:

Beidh freagracht ar an mBord a chinntiú go ndéanfar faisnéis i dtaobh rabhadh náisiúnta agus idirnáisiúnta bia a scaipeadh go pras, go cruinn agus go hiomlán trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) forbairt agus faireachán a dhéanamh ar phrótacail chun gníomhú nuair a fhaightear rabhaidh bhia;

(b) idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaireachtaí forghníomhaithe Thuaisceart Éireann agus na hÉireann;

(c) oiliúint a chur chun cinn, agus, más cuí, a shocrú dóibh siúd ar dóigh dóibh baint a bheith acu le rabhaidh bhia a bhainistiú agus le gníomhú dá réir;

(d) forbairt a dhéanamh ar nósanna imeachta trasteorann do ghníomhú le linn éigeandála.

4.       Faireachas a dhéanamh ar ghalair bhia-iompartha:

Beidh freagracht ghinearálta ar an gComhlacht as comhoibriú trasteorann a chur chun cinn i ndáil le faireachas micribhitheolaíoch ar ghalair bhia-iompartha:

(a) tosaíochtaí a shainaithint maidir le forbairt faireachais;

(b) fóram a bhunú chun faisnéis a mhalartú idir páirtithe leasmhara iomchuí;

(c) comhar a chur chun cinn maidir le gníomhaíocht a bhaineann le faireachas, más cuí, lena n-áirítear oiliúint agus forbairt ghairmiúil;

(d) rochtain a fháil ar na sonraí faireachais arna sealbhú ag údaráis chuí Thuaisceart Éireann agus na hÉireann agus anailís a dhéanamh orthu;

(e) faisnéis agus anailís fhaireachais a fhoilsiú;

(f) comhchuibhiú a chur chun cinn, más cuí, maidir le córas faireachais, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus modhanna tuairiscithe, agus córais teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt.

5.       Comhoibriú agus nasc-cheangail eolaíochta idir saotharlanna a chur chun cinn:

Beidh réimse freagrachta ginearálta ag an gComhlacht chun comhoibriú agus nasc-cheangail eolaíochta a chur chun cinn idir saotharlanna atá creidiúnaithe, nó atá ag obair chun creidiúnú a bhaint amach, faoi threoracha iomchuí AE:

(a) straitéis a fhorbairt le haghaidh comhoibrithe agus nasc-cheangal den sórt sin idir saotharlanna, lena n-áirítear socruithe maoinithe atá beartaithe;

(b) córas tuairiscithe a fhorbairt le haghaidh mear-rochtana ar thorthaí saotharlainne;

(c) eolas agus taithí ar mhodheolaíochtaí tástála agus faireachais a chomhroinnt;

(d) tosaíochtaí a leagan síos maidir le forbairt líonra saotharlann;

(e) comhairle a thabhairt maidir le nasc-cheangail a fhorbairt agus maidir leis na modhanna atá le húsáid;

(f) réitigh chuí teicneolaíochta faisnéise a bhunú agus a chur chun cinn;

(g) faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chóras na saotharlann nasctha, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir lena fhorbairt leanúnach.

6.       Saoráidí atá éifeachtach ó thaobh costas de a fhorbairt le haghaidh saintástáil saotharlainne:

Beidh réimse freagrachta ginearálta ag an gComhlacht chun straitéis a fhorbairt agus a chothú i gcomhair oileán na hÉireann chun sainseirbhísí saotharlainne a sholáthar, lena n-áirítear:

(a) luathstaidéar a sheoladh ar éifeachtacht choibhneasta na roghanna atá ar fáil ó thaobh costas de, lena n-áirítear saotharlanna sa Bhreatain Mhór a úsáid, chun sainseirbhísí saotharlainne a fhorbairt,

(b) tograí atá éifeachtach ó thaobh costas de, lena n-áirítear socruithe maoinithe, a ullmhú lena mbreithniú ag CATT;

(c) tar éis do CATT í a cheadú, forfheidhmiú na straitéise a mhaoirsiú, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir lena forbairt leanúnach.

7.1     Bainfidh an Comhlacht leas as an linn comhairle agus saineolais eolaíochta a bheidh ar fáil do chórais sábháilteachta bia Thuaisceart Éireann agus na hÉireann ar leithligh.

7.2     Tá sé beartaithe go gcuirfidh an Comhlacht measúnú neamhspleách ar fáil, trí chomhairle neamhspleách eolaíochta, ar shábháilteacht agus ar shláinteachas an bhia a tháirgtear, a dháiltear nó a mhargaítear in oileán na hÉireann.

8.       Eiseoidh an Comhlacht tuarascálacha ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann lena fheidhmeanna, ar iarratas ó CATT nó ar a thionscnamh féin.

9.       Beidh ag an gComhlacht na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

STRUCHTÚR

10.1   Beidh Bord Comhairleach ag an gComhlacht agus ní lú ná 8 agus ní mó ná 12 an líon comhaltaí a bheidh ar an mBord, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach. Ceapfaidh CATT na comhaltaí, lena n-áirítear comhalta amháin mar Chathaoirleach agus comhalta amháin mar Leas-Chathaoirleach.

10.2   Faoi réir na bhforálacha eile san Iarscríbhinn seo, is í CATT a dhéanfaidh, le ceadú na nAirí Airgeadais, luach saothair, liúntais agus caiteachais an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí eile, agus aon téarmaí agus coinníollacha eile ar a sealbhaíonn siad oifig a chinneadh.

11.1   Is é 3 bliana téarma oifige na gcéad chomhaltaí den Bhord Comhairleach. Féadfaidh CATT téarma ceapachán ina dhiaidh sin a athrú chun leanúnachas comhaltais a éascú ach ní rachaidh an téarma sin thar 5 bliana. Ní fhóinfidh comhaltaí ar feadh níos mó ná 2 théarma as a chéile.

11.2   Féadfaidh duine éirí as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn a chur chuig CATT. Féadfaidh CATT duine a bhriseadh as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach, más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí;

(b) go gciontófar é nó í i gcion coiriúil;

(c) go ndéanfar ordú féimheachta ina choinne nó ina coinne, nó go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe; nó

(d) nach mbeidh sé nó sí ábalta nó oiriúnach maidir lena fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

11.3   Má éagann comhalta, má éiríonn comhalta as oifig nó má chuirtear comhalta as oifig, féadfaidh CATT duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna inar ceapadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann. Beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh an chuid eile de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann agus beidh sé nó sí inathcheaptha mar chomhalta.

11.4   Beidh Príomh-Fheidhmeannach ag an gComhlacht agus CATT a cheapfaidh é nó í.

11.5   Feidhmeoidh an Príomh-Fheidhmeannach, nó comhalta eile d'fhoireann an Chomhlachta a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach, feidhmeanna an Chomhlachta. Le linn dó a fheidhmeanna a fheidhmiú, gníomhóidh an Comhlacht gach tráth de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

11.6   Ceapfaidh CATT Coiste Comhairleach lena n-áirítear saineolaithe eolaíochta agus ionadaithe do leasanna forleathana sábháilteachta bia.

CUID 3

Forbairt Trádála agus Ghnó

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 3 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Chomhlachta. Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.1     Déanfaidh an Comhlacht comhoibriú a fhorbairt maidir le deiseanna forbartha gnó, Thuaidh agus Theas, lena n-áirítear trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) scóip, méid agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí láithreacha iomchuí atá gafa de láimh ag gníomhaireachtaí agus Ranna rialtais a athbhreithniú, agus réimsí ina mbeadh breisluach ag baint le comhoibriú trasteorann, agus slite chun comhoibriú den sórt sin a mhéadú agus a dhoimhniú, a mholadh do CATT lena mbreithniú agus lena gcinneadh;

(b) clár a riaradh chun a chumasú do chuideachtaí comhthionscadail um fhorbairt táirgí agus próiseas a mbeadh tairbhe thráchtála ag baint leo a ghabháil de láimh, le cúnamh ó fhorais más cuí (áirítear anseo tionscadail inar féidir le cuideachta agus foras comhoibriú ar bhonn Thuaidh/Theas);

(c) clár taighde réamhiomaíoch a riaradh agus é dírithe ar thacaíocht a thabhairt do thaighde laistigh den earnáil tríú leibhéal a bhaineann le tráchtáil, agus spreagadh á thabhairt go háirithe do thionscadail a thugann taighdeoirí, cuideachtaí agus forais, Thuaidh agus Theas, le chéile; agus

(d) cláir nua a thionscnamh chun cúnamh a thabhairt d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide chun taighde a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí comhfhiontair agus iad a fhorfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas nó go comhpháirteach le comhpháirtithe thar lear.

Sa réimse seo, cuirfear de chúram freisin ar an gComhlacht tograí a thabhairt ar aghaidh chuig CATT laistigh de 3 mhí maidir le clár Thuaidh/Theas um chiste infheistíochta cothromais a fhorbairt, agus éifeachtacht raon láithreach an tsoláthair maidir le ciste cothromais, Thuaidh agus Theas, á cur i gcuntas, lena mbreithniú agus lena gcinneadh ag CATT.

1.2     Ceapfaidh an Comhlacht modhanna nua i leith forbartha gnó i gcomhthéacs trasteorann, i dtaighde, in oiliúint, i margaíocht, i bhfeabhsú cáilíochta agus i réimsí den sórt sin trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) taighde ar fhorbairt ghnó agus ar thaithí ar fhorbairt ghnó, lena n-áirítear oiliúint iomchuí, i dtíortha agus i réigiúin chomparáideacha chuí, agus i bhforais idirnáisiúnta iomchuí, a athbhreithniú, d'fhonn modhanna nua a mholadh do CATT lena mbreithniú agus lena gcinneadh;

(b) roghanna a scrúdú maidir le comhchuibheas níos mó agus doimhniú ar thaighde agus ar fhorbairt a bhaint amach, agus maidir le comhar leanúnach idir tionscail agus an tríú leibhéal sa réimse, Thuaidh agus Theas, a dhaingniú agus a chur ar bhonn foirmiúil;

(c) cláir bhliantúla de chuairteanna ‘Dea-Chleachtais’ do chuideachtaí a chomhordú ar bhonn Thuaidh/Theas;

(d) clár feasachta eolaíochta agus teicneolaíochta a fhorfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas;

(e) scéim dámhachtainí nuálaíochta a fhorfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas, le tacaíocht ón earnáil phríobháideach;

(f) leas a bhaint as tátail agus as moltaí a éiríonn as tionscnaimh Foresight (pleanáil mheántréimhseach go fadtréimhseach) in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus an fhéidearthacht atá ann chun iad a fheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas a scrúdú; agus

(g) bearta sonracha maidir le hoiliúint agus forbairt scileanna a mholadh do CATT lena bhforfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas.

Sa réimse seo, cuirfear de chúram freisin ar an gComhlacht tograí a thabhairt ar aghaidh chuig CATT laistigh de 3 mhí lena mbreithniú agus lena gcinneadh ag CATT ar tograí iad a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(h) cláir do chéimithe agus cláir ionadúcháin eile a fhorbairt ar bhonn Thuaidh/Theas;

(i) raon seirbhísí tástála a sheoladh le haghaidh tionscal d'fhonn forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí tástála, Thuaidh agus Theas, ag dreamanna príobháideacha ar bhonn tráchtála go hiomlán; agus

(j) cláir forbartha agus deimhnithe caighdeán a fhorfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas.

1.3     Tacóidh an Comhlacht le gnó trí mholtaí a dhéanamh chun iomaíochas fiontraíochta a mhéadú i gcomhthéacs Thuaidh/Theas i réimsí ar nós fáil ar scileanna, teileachumarsáid, teicneolaíocht faisnéise, agus tráchtáil leictreonach. Déanfaidh sé, go háirithe:

(a) éifeachtacht na socruithe láithreacha maidir le gach gné d'iomaíochas na timpeallachta gnó, Thuaidh agus Theas, lena n-áirítear fáil ar scileanna, teileachumarsáid, teicneolaíocht faisnéise agus bonneagar, a imscrúdú agus moltaí a dhéanamh lena mbreithniú agus lena gcinneadh ag CATT;

(b) feasacht a chur chun cinn i leith na tráchtála leictreonaí, lena n-áirítear taighde a sheoladh agus comhairle a thabhairt maidir le comhordú bhonneagar na tráchtála leictreonaí, Thuaidh agus Theas,

(c) roinnt gníomhartha a fhorfheidhmiú ar bhonn Thuaidh/Theas chun forbairt na Sochaí Faisnéise an Eolais a éascú ar mhaithe le trádáil agus gnó; agus

(d) féidearthachtaí a bhaineann le forbairt agus comhoibriú eacnamaíoch idir-réigiúnach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chrobhaingí agus lárionaid sármhaitheasa, go háirithe i gceantair teorann, a scrúdú.

1.4     Déanfaidh an Comhlacht trádáil agus slabhraí soláthair Thuaidh/Theas a chur chun cinn, lena n-áirítear trí nasc-cheangail agus comhpháirtíochtaí gnó, lena n-áirítear trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) faisnéis ar chláir nasc-cheangail ag comhoiriúnú soláthróirí agus ceannaitheoirí ar bhonn Thuaidh/Theas, lena n-áirítear bunachair shonraí chomhpháirteacha soláthróirí, a chomhordú, a bhailiú agus a leathadh; agus

(b) cláir agus ócáidí soláthair phoiblí a eagrú ar bhonn Thuaidh/Theas.

1.5     Déanfaidh an Comhlacht, faoina bhranda féin, ócáidí trádála agus tionscnaimh mhargaíochta trasteorann a chur chun cinn, réimsí nua trádála idir an Tuaisceart agus an Deisceart a shainaithint agus feasacht margaidh agus forbairt trádála a chur chun cinn i gcomhthéacs Thuaidh/Theas, lena n-áirítear trí earnálacha agus táirgí a shainaithint ina bhfuil an trádáil trasteorann réasúnta íseal, na fáthanna atá leis na leibhéil ísle a shuíomh agus moltaí a dhéanamh más cuí chun an leibhéal trádála a ardú, lena n-áirítear moltaí chun deireadh a chur le haon chonstaicí saorga atá ar thrádáil.

1.6     Déanfaidh an Comhlacht tionscadail agus ócáidí sonracha i ndáil le cur chun cinn na trádála a ghabháil de láimh agus comhairle a chur ar fáil i dtaobh gnéithe sonracha de chur chun cinn na trádála, nuair a chuirfear de chúram air é sin a dhéanamh i gcomhpháirt.

Déanfaidh an Comhlacht tograí i dtaobh tionscadal sonrach sna réimsí sin a thabhairt ar aghaidh lena mbreithniú ag CATT.

2.     Beidh ag an gComhlacht na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

STRUCHTÚR

3.1     Beidh Bord ag an gComhlacht agus ní lú ná 8 agus ní mó ná 12 an líon comhaltaí a bheidh ar an mBord, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach. Ceapfaidh CATT na comhaltaí, lena n-áirítear comhalta amháin mar Chathaoirleach agus comhalta amháin mar Leas-Chathaoirleach.

3.2     Feidhmeoidh an Bord feidhmeanna an Chomhlachta. Le linn a fheidhmeanna a fheidhmiú, gníomhóidh an Comhlacht gach tráth de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

3.3     Faoi réir na bhforálacha eile san Iarscríbhinn seo, is í CATT, le ceadú na nAirí Airgeadais, a dhéanfaidh luach saothair, liúntais agus caiteachais an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí eile, agus aon téarmaí agus coinníollacha eile ar a sealbhaíonn siad oifig a chinneadh.

4.1     Is é 3 bliana téarma oifige na gcéad chomhaltaí den Bhord. Féadfaidh CATT téarma ceapachán ina dhiaidh sin a athrú chun leanúnachas comhaltais a éascú ach ní rachaidh sé thar 5 bliana. Ní fhóinfidh comhaltaí ar feadh níos mó ná 2 théarma as a chéile.

4.2     Féadfaidh duine éirí as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn a chur chuig CATT. Féadfaidh CATT duine a bhriseadh as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach, más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí;

(b) go gciontófar é nó í i gcion coiriúil;

(c) go ndéanfar ordú féimheachta ina choinne nó ina coinne, nó go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe; nó

(d) nach mbeidh sé nó sí ábalta nó oiriúnach maidir lena fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

4.3     Má éagann comhalta, má éiríonn comhalta as oifig nó má chuirtear comhalta as oifig, féadfaidh CATT duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna inar ceapadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann. Beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh an chuid eile de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann agus beidh sé nó sí inathcheaptha mar chomhalta.

4.4     Ceapfaidh CATT Príomh-Fheidhmeannach don Chomhlacht. Beidh an Príomh-Fheidhmeannach freagrach as riaradh agus gnó an Chomhlachta a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne.

CUID 4

Cláir Speisialta AE

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 4 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Chomhlachta. Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.       Go dtí go dtiocfaidh na Tionscnaimh reatha Chomhphobail chun críche:—

1.1     Maidir leis an gComhlacht—

(a) ullmhóidh sé doiciméid a bhaineann le dul chun cinn clár ó thaobh airgeadais de, faireachán ar fheidhmíocht, tuarascálacha gaolmhara, cláir oibre agus taifid achoimre de chruinnithe, ullmhú na tuarascála bliantúla, riachtanais phoiblíochta;

(b) déanfaidh sé cathaoirleacht ar an gCoiste Faireacháin d'INTERREG II, agus gníomhóidh sé mar rúnaíocht do Choiste Faireacháin PEACE a leanfaidh de bheith faoi chomhchathaoirleacht na Ranna Airgeadais go dtí an 31 Nollaig, 1999, nó cibé dáta dá éis sin a aontóidh CATT; déanfaidh sé na tuairisceáin airgeadais go léir a bhaineann le caiteachas agus gealltanais AE (i.e. leithrannta faoi na Cláir) a bhailiú ó cheannairí Fochlár Roinne, táblaí airgeadais a ullmhú do na Coistí Faireacháin, tuarascálacha faoi dhul chun cinn ó Ranna a chóimheas, tuarascálacha forléargais i dtaobh dhul chun cinn foriomlán na gClár a ullmhú agus a chur faoi bhráid na gCoistí Faireacháin agus faireachán fisiciúil agus faireachán táscairí tionchair a bhainistiú;

(c) coimisiúnóidh sé aon taighde i bhfoirm meastóireachtaí, ar na Cláir go léir, ar taighde é a aontóidh na Coistí Faireacháin;

(d) cinnteoidh sé go gcomhlíonfar na ceanglais dlí i leith meastóireachta ó thaobh táscairí feidhmíochta (airgeadais, neamhairgeadais agus tionchair) do na Cláir a aontú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar atá leagtha síos i Rialacháin na gCistí Struchtúracha agus i ndoiciméid na gClár,

(e) beidh sé freagrach as Bearta cúnaimh theicniúil na gClár a bhainistiú;

(f) déanfaidh sé an conradh le hOifigeach Forbartha INTERREG a bhainistiú, agus leanfaidh an tOifigeach sin de bheith ag obair le Ceannairí Beart i Ranna feidhme, agus déanfaidh sé idirchaidreamh Comhchomhairle leis an bhFóram laistigh de chlár PEACE;

(g) maoirseoidh sé a bhfuil fágtha de na cúraimí comhordúcháin i ndáil le INTERREG II agus gníomhóidh sé mar Cheannaire Fochlár i ndáil leis na gnéithe trasteorann de PEACE, lena n-áirítear críochnú leithroinnt na gcistí don Fhochlár um Fhorbairt Trasteorann ina iomláine;

(h) gníomhóidh sé mar Cheannaire Beart don Chomhar idir Comhlachtaí Poiblí agus Bearta Nasc-Cheangal Gnó agus Cultúir den Fhochlár sin.

1.2     Fanfaidh na feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí agus rialaithe airgeadais leis na Ranna, agus fanfaidh an forléargas ar chaiteachas poiblí leis na hAirí. Leanfar de bheith ag déileáil le forfheidhmiú na mbeart, lena n-áirítear cinntí a dhéanamh i leith deontais a leithroinnt, mar a dhéantar faoi láthair trí Ranna de chuid Thuaisceart Éireann agus na hÉireann agus trí chomhlachtaí neamhRialtasacha iomchuí eile.

2.       I ndáil le Cistí Struchtúracha iar-1999:—

2.1     Tabharfaidh an Comhlacht comhairle do CATT agus do na Ranna Airgeadais maidir le caibidlíocht a dhéanamh, leis an gCoimisiún Eorpach, faoi Thionscnaimh Chomhphobail iar-1999 agus faoin gCaibidil Choiteann ar chomhoibriú idir Tuaisceart Éireann agus Éire sna Pleananna do Chistí Struchtúracha a bhaineann leis an gcéad bhabhta eile de mhaoiniú le haghaidh 2000-2006. Iarrfar air, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara iomchuí go léir, tograí a thabhairt ar aghaidh i ndáil le feidhmiú Thionscnaimh Chomhphobail iar-1999 agus na Caibidle Coitinne lena gcuirfí cuspóirí beartais an AE i gcuntas, lenarbh fhearr a chomhlíonfaí cuspóirí beartais Rialtas na hÉireann agus Airí Thuaisceart Éireann agus lena léireofaí go cuí riachtanais na spriocréimsí. Maidir leis na réimsí freagrachta sainithe iomchuí, breithneofar comhairle an Chomhlachta:—

(a) i gcomhthéacs straitéis chaibidlíochta Rialtas na hÉireann i leith na dTionscnamh Comhphobail agus na Caibidle Coitinne; agus

(b) i gcomhthéacs thuairimí Airí Thuaisceart Éireann arna gcur in iúl do Rialtas na Breataine chun go gcuirfí san áireamh iad i straitéis chaibidlíochta na Ríochta Aontaithe i leith na nithe seo.

2.2     Maidir leis an gCaibidil Choiteann, tabharfaidh an Comhlacht tuairimí chun cuidiú le hAirí le linn a bPleananna do Chistí Struchtúracha a tharraingt suas.

2.3     Beidh an Comhlacht freagrach as tograí mionsonraithe Clár a ullmhú, lena gceadú ag CATT agus i ndlúthchomhairle leis na Ranna Airgeadais agus le Ranna iomchuí eile, ar tograí iad faoi na Tionscnaimh nua Chomhphobail (ar dóigh gurb iad INTERREG III, LEADER III agus EQUAL agus b'fhéidir, comharba ar PEACE a bheidh iontu). Leanfaidh na tograí sin na Treoirlínte do na Tionscnaimh Chomhphobail arna gcomhaontú ag AE maille le haon treoir a bheidh eisithe, tar éis a comhaontaithe in CATT, ag na hAirí Airgeadais. Sula gcuirfear na tograí faoi bhráid CATT, beidh comhchomhairle agus comhaontú ann i dtaobh na gclár beartaithe idir an Comhlacht, na Ranna Airgeadais agus na Ranna ceannais cuí chun bonn soiléir a chur ar fáil i gcomhair plé in CATT. Rannchuideoidh an Comhlacht, de réir mar is cuí, le caibidlí leis an gCoimisiún Eorpach i dtaobh na nithe sin a bheidh gafa de láimh ag ionadaithe de chuid Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann.

2.4     Folóidh na tograí moltaí maidir leis na nithe seo a leanas:—

(a) struchtúr na mBeart a bheidh le cur san áireamh;

(b) na leithrannta do Bhearta;

(c) cuspóirí gach Birt, chun gur féidir cuspóirí soiléire aschuir agus critéir shoiléire incháilitheachta a tharraingt suas; agus

(d) an sásra forfheidhmiúcháin i.e. cén comhlacht ag a mbeadh ról údaraithe leithrannta sonracha deontas do chláir agus do thionscadail.

2.5     Leanfar leis na socruithe atá leagtha amach i mír 1.1 le haghaidh na dTionscnamh Comhphobail de réir mar is cuí ag féachaint do na gnéithe ar leith de na Cláir faoi na Tionscnaimh sin.

2.6     Beidh an Comhlacht freagrach as deontais a thabhairt agus as feidhmeanna bainistíochta eile i leith INTERREG III agus i leith eilimintí Thuaidh/Theas de Chláir faoi Thionscnaimh eile, laistigh de chreat bheartais fhoriomlána iomchuí Rialtas na hÉireann agus Airí Thuaisceart Éireann faoi seach, agus faoi réir na leithrannta caiteachais a bheidh comhaontaithe ag an dá lucht riaracháin agus faoi réir teorainneacha sonracha Clár. Tabharfar treoir don Chomhlacht i dtaobh na nithe sin, ar treoracha iad a eiseoidh na hAirí Airgeadais tar éis comhaontú in CATT. Nuair a bheidh na Cláir ceadaithe go foirmiúil déanfaidh an Coiste Faireacháin iomchuí maoirsiú orthu, agus déanfaidh an Comhlacht, a chuirfidh anailís agus comhairle ar fáil freisin i dtaobh aon leasuithe dá éis sin a bheidh cuí, seirbhísiú ar an gCoiste Faireacháin sin. Le linn iad sin a fhorbairt, beidh comhchomhairle ann chun comhaontú a fháil idir an Comhlacht, na Ranna Airgeadais agus na Ranna ceannais cuí de chuid Thuaisceart Éireann agus na hÉireann chun bonn soiléir a chur ar fáil i gcomhair plé agus comhaontú in CATT.

2.7     Ó thaobh INTERREG III agus na n-eilimintí Thuaidh/Theas de Chláir faoi Thionscnaimh eile, déanfaidh an Comhlacht, de réir mar is cuí, deontas a íoc go díreach le Ranna rialtais nó déanfaidh siad conradh leo (agus féadfaidh na Ranna rialtais sin fochonradh a thabhairt, ina dhiaidh sin, de réir mar is cuí, do ghníomhaireachtaí eile) nó déanfaidh siad conradh go díreach le gníomhaireachtaí eile chun na Bearta a sheachadadh. I ngach cás, beidh de fhreagracht ar an gComhlacht comhaontú leis na hAirí Airgeadais agus le hAirí na Ranna ceannais, de réir mar is cuí, i dtaobh conas a chinnteofar go bhfuil na tograí sonracha maoiniúcháin i gcomhréir le beartais fhoriomlána iomchuí Rialtas na hÉireann agus Airí Thuaisceart Éireann faoi seach agus leis na leithrannta caiteachais a bheidh comhaontaithe ag an dá lucht riaracháin.

2.8     Beidh an Comhlacht freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú gníomhartha comhoibritheacha Thuaidh/Theas agus iad a chur chun cinn, trí mheán na Caibidle Coitinne; déanfaidh an Chaibidil Choiteann an leithroinnt maoiniúcháin do na gníomhartha sin a leagan amach. Féadfaidh an Comhlacht staidéir a choimisiúnú, de réir mar is cuí, chun srianta a fhearann ar chomhoibriú den sórt sin a shainaithint agus a mhaolú, agus déanfar buiséad sonrach a leithroinnt don Chomhlacht chun na críche sin.

3.       Cinnteoidh an Comhlacht go gcomhlíonfar ceanglais tuairisceoireachta iomchuí go léir an AE. Beidh an Comhlacht freagrach freisin as na doiciméid go léir, lena n-áirítear tuarascálacha faoi dhul chun cinn agus tuarascáil bhliantúil theicniúil, a sholáthar do na Coistí Faireacháin.

4.       Déanfaidh na Coistí Faireacháin iomchuí a bhunófar de réir Rialacháin Chistí Struchtúracha an AE maoirsiú ar oibríochtaí an Chomhlachta.

5.       Déanfaidh gach duine de na hAirí Airgeadais oifigeach sinsearach a cheapadh chuig gach Coiste faireacháin chun oibriú go dlúth leis an bPríomh-Fheidhmeannach agus chun a chinntiú go gcomhlíonfar oibleagáidí cuntasachta an dá dhlínse acu.

6.       Beidh ag an gComhlacht na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

STRUCHTÚR

7.1     Beidh Príomh-Fheidhmeannach ag an gComhlacht agus CATT a cheapfaidh é nó í.

7.2     Feidhmeoidh an Príomh-Fheidhmeannach, nó comhalta eile d'fhoireann an Chomhlachta a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach, feidhmeanna an Chomhlachta. Le linn a fheidhmeanna a fheidhmiú, gníomhóidh an Comhlacht i gcónaí de réir aon ordachán (cibé acu ordacháin ghinearálta nó ordacháin shonracha) a thabharfaidh CATT.

CUID 5

Teanga

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 5 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Fhorais. Feidhmeoidh an Foras na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.1     Déanfar feidhmeanna Bhord na Gaeilge maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus foireann, sócmhainní agus oibleagáidí Bhord na Gaeilge, a aistriú chuig an bhForas. Díscaoilfear Bord na Gaeilge. Déanfar feidhmeanna Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán na hÉireann i ndáil le tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí deonacha Gaeilge áirithe a aistriú freisin chuig an bhForas.

1.2     Ag féachaint do na ceanglais reachtacha agus do na ceanglais eile curaclaim is infheidhme maidir le gach dlínse acu, le linn don Fhoras a bheith ag comhlíonadh a fheidhmeanna maidir le téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt agus maidir le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge—

(a)  (i) féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní curaclaim a chuirtear ar fáil le haghaidh oideachais trí mheán na Gaeilge agus le haghaidh mhúineadh na Gaeilge, lena n-áirítear soláthar téacsleabhar oiriúnach, ábhar eile múinteoireachta agus áiseanna múinteoireachta;

(ii) féadfaidh sé taighde a dhéanamh ar aon nithe a bhaineann le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge i scoileanna nó in áiteanna eile, lena n-áirítear na modhanna múinteoireachta a úsáidtear, na curaclaim a mhúintear agus na nósanna imeachta measúnachta a ghlactar;

(iii) féadfaidh sé torthaí a chuid taighde agus athbhreithnithe, lena n-áirítear moltaí le haghaidh gníomhú, a fhoilsiú i cibé foirm is dóigh leis is cuí;

(b) feidhmeoidh sé na feidhmeanna a bhí á bhfeidhmiú roimh bhunú an Fhorais ag Roinn Oideachais agus Eolaíochta na hÉireann, tríd an nGúm, maidir le leabhair a fhoilsiú i nGaeilge mar thaca le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge i scoileanna agus in áiteanna eile;

(c) feidhmeoidh sé na feidhmeanna a bhí á bhfeidhmiú roimh bhunú an Fhorais ag Roinn Oideachais agus Eolaíochta na hÉireann, tríd an gCoiste Téarmaíochta, maidir le forbairt téarmaíochta agus stóir focal i nGaeilge; agus

(d) éascóidh sé comhoibriú idir an comhlacht atá le bunú de réir Alt 31 d'Acht Oideachais, 1998 , de chuid na hÉireann, agus aon chomhlacht tionscnaimh a mhaoinítear faoi Alt 89 den Education (Northern Ireland) Order 1998.

1.3     Ag éirí as taighde nó athbhreithniú a sheolfar faoi mhír 1.2(a) féadfaidh an Foras comhairle a thabhairt nó moltaí a dhéanamh le haghaidh gníomhú i ndáil le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

1.4     Gníomhaireacht Ghaeilge de chuid an Fhorais a fheidhmeoidh feidhmeanna an Fhorais i ndáil leis an nGaeilge. Faoi réir fhorálacha an Mheabhráin Airgeadais, is í an Ghaeilge teanga oibre na gníomhaireachta. Faoi réir chomhaontú an Fhorais, cinnfidh an ghníomhaireacht a teideal féin. Le linn feidhmeanna an Fhorais a chomhlíonadh, tabharfaidh an ghníomhaireacht Ghaeilge aird ar staideanna na Gaeilge sa dá dhlínse. I dTuaisceart Éireann, is é a bheidh sa staid sin ná tiomantais Rialtas na Breataine i leith an chuid den Chomhaontú Ilpháirtí dar teideal Cearta, Coimircí agus Comhionannas Deiseanna agus aon reachtaíocht iomchuí. In Éirinn, is é a bheidh sa staid sin ná staid bhunreachtúil dhlíthiúil na Gaeilge, beartas Rialtas na hÉireann agus na bearta agus na cleachtais atá ann chun an teanga a chothú agus a chur chun cinn.

1.5     Aonad Oideachais laistigh den ghníomhaireacht sin a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a dtugtar achoimre orthu i míreanna 1.2 agus 1.3.

1.6     Le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le hUltais agus saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha féadfaidh an Foras, ag féachaint do na comhthéacsanna sa dá dhlínse—

(a) comhairle a sholáthar don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;

(b) taighde agus feachtais tionscnaimh a ghabháil de láimh; agus

(c) tacaíocht do thionscadail a ghabháil de láimh agus cúnaimh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar is gá; ach ní hionann an méid sin agus comhlachtaí agus grúpaí Ultach-Albanacha a oibríonn go heisiach i dTuaisceart Éireann a eisiamh ó rochtain a fháil ar chláir mhaoinithe de chuid Rialtas Thuaisceart Éireann.

1.7     Is é a thuigfear as “Ultais” ná an leagan den teanga Albanach a fhaightear go traidisiúnta i gcodanna de Thuaisceart Éireann agus de Dhún na nGall. Baineann “saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha” le traidisiúin chultúir an chuid sin de dhaonra Thuaisceart Éireann agus na gcontaetha teorann ar de shinsearacht Albanach í agus tionchar a dtraidisiún cultúir ar dhaoine eile, laistigh d'oileán na hÉireann agus sa chuid eile den domhan.

1.8     Gníomhaireacht Ultach-Albanach de chuid an Fhorais a fheidhmeoidh feidhmeanna an Fhorais i ndáil le hUltais agus le saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha. Faoi réir chomhaontú an Fhorais, cinnfidh an ghníomhaireacht a teideal féin.

1.9     Beidh ag an bhForas na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

1.10   Beidh tuarascálacha ó na gníomhaireachtaí maidir lena gcuid gníomhaíochtaí i dtuarascáil bhliantúil an Fhorais.

1.11   Ainmneoidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) méideanna na ndeontas a gheofar faoi mhír 2.1 de Chuid 7 a bheidh le húsáid le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) feidhmeanna an Fhorais i ndáil leis an nGaeilge; agus

(b) feidhmeanna an Fhorais i ndáil le hUltais agus le saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha.

1.12   Ceanglóidh an Foras ar gach ceann de na gníomhaireachtaí cuntais chuí agus taifid airgeadais chuí a choinneáil agus ráiteas cuntas a ullmhú i leith gach bliana.

STRUCHTÚR

2.1     Beidh Bord ag an bhForas ar a mbeidh 24 chomhalta agus is í CATT a cheapfaidh iad. Maidir leis na comhaltaí sin—

(a) roghnófar 16 díobh as measc daoine a ndealraíonn sé do CATT go bhfuil spéis acu i nithe a bhaineann le feidhmeanna an Fhorais i ndáil leis an nGaeilge nó go bhfuil taithí acu ar nithe den sórt sin, agus

(b) roghnófar 8 díobh as measc daoine a ndealraíonn sé do CATT go bhfuil spéis acu i nithe a bhaineann le feidhmeanna an Fhorais i ndáil le hUltais agus le saincheisteanna cultúir Ultach-Albanacha nó go bhfuil taithí acu ar nithe den sórt sin.

2.2     Beidh na 16 chomhalta a cheapfar faoi mhír 2.1 (a) freagrach as feidhmeanna an Fhorais a fheidhmiú tríd an ngníomhaireacht Ghaeilge. Ceapfaidh CATT duine amháin mar Chathaoirleach ar an ngníomhaireacht sin. Le linn feidhmeanna an Fhorais a fheidhmiú, gníomhóidh an ghníomhaireacht i gcónaí de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

2.3     Beidh na 8 gcomhalta a cheapfar faoi mhír 2.1(b) freagrach as feidhmeanna an Fhorais a fheidhmiú tríd an ngníomhaireacht Ultach-Albanach. Ceapfaidh CATT duine amháin mar Chathaoirleach ar an ngníomhaireacht sin. Le linn feidhmeanna an Fhorais a fheidhmiú, gníomhóidh an ghníomhaireacht i gcónaí de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

2.4     Beidh Cathaoirleach na gníomhaireachta Gaeilge agus Cathaoirleach na gníomhaireachta Ultach-Albanaí ina gComhchathaoirligh ar an bhForas.

2.5     Faoi réir na bhforálacha eile den Iarscríbhinn seo, is í CATT, le ceadú na nAirí Airgeadais, a chinnfidh luach saothair, liúntais agus caiteachais na gCathaoirleach agus na gcomhaltaí eile, agus aon téarmaí agus coinníollacha ar a sealbhaíonn siad oifig.

2.6     Is é 3 bliana téarma oifige na gcéad chomhaltaí den Bhord. Féadfaidh CATT téarma na gceapachán ina dhiaidh sin a athrú chun leanúnachas comhaltais a éascú ach ní rachaidh sé thar 5 bliana. Ní fhóinfidh comhaltaí ar feadh níos mó ná dhá théarma as a chéile.

2.7     Féadfaidh duine éirí as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn chuig CATT. Féadfaidh CATT duine a bhriseadh as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach, más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí gan leithscéal réasúnach a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí;

(b) go gciontófar é nó í i gcion coiriúil;

(c) go ndéanfar ordú féimheachta ina choinne nó ina coinne, nó go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe; nó

(d) nach mbeidh sé nó sí ábalta nó oiriúnach maidir lena fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

2.8     Má éagann comhalta, má éiríonn comhalta as oifig nó má chuirtear comhalta as oifig, féadfaidh CATT duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna leis an gcomhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann. Beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh an chuid eile de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann agus beidh sé nó sí inathcheaptha mar chomhalta.

2.9     Beidh an fhoireann a shannfar do gach gníomhaireacht freagrach don Fhoras agus déanfaidh siad tuairisciú don Fhoras tríd an ngníomhaireacht sin.

2.10   Ceapfaidh an Foras Príomh-Fheidhmeannach do gach gníomhaireacht faoi réir cheadú CATT. Beidh an Príomh-Fheidhmeannach freagrach as riaradh agus gnó na gníomhaireachta a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne.

CUID 6

Cúrsaí Dobharshaothraithe agus Mara

FEIDHMEANNA A FHEIDHMIÚ

I gCuid 6 d'Iarscríbhinn 1 leagtar amach feidhmeanna an Chomhlachta. Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna sin de réir na socruithe seo a leanas agus de réir na socruithe sin atá leagtha amach i gCuid 7 anseo thíos.

1.       Forbairt Loch Feabhail agus Loch Cairlinn a chur chun cinn chun críocha tráchtála agus áineasa:

1.1     Ní bhaineann an fheidhm sin ach le cúrsaí mara, iascaigh agus dobharshaothraithe agus folóidh sí plean straitéiseach a ullmhú i gcomhair fhorbairt tráchtála agus áineasa Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn, agus soláthar na straitéise forbartha a chur chun cinn (lena n-áirítear trí chúnamh deontais) agus a chomhordú;

2.       Feidhmeanna láithreacha de chuid Choimisiún Iascaigh an Fheabhail maidir le hiascaigh intíre a chaomhnú, a chosaint, a bhainistiú agus a fhorbairt, agus feidhmeanna coibhéiseacha i leith Loch Cairlinn:

2.1     Feidhmeoidh an Comhlacht na feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag Coimisiún Iascaigh an Fheabhail, a dhíscaoilfear, agus feidhmeanna comhréire i ndáil le Limistéar Chairlinn. Tabharfar reachtaíocht isteach chun foráil a dhéanamh maidir le feidhm forbartha iascach intíre a fheidhmiú i ndáil le Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn mar atá leagtha amach i mír 6 anseo thíos.

3.       Dobharshaothrú a fhorbairt agus a cheadúnú:

3.1     Beidh reachtaíocht ag teastáil chun foráil a dhéanamh do na feidhmeanna forbartha agus ceadúnaithe dobharshaothraithe i Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn. Tabharfar isteach an reachtaíocht sin mar atá leagtha amach i mír 6 anseo thíos.

4.       Turasóireacht mhara a fhorbairt:

4.1     Folóidh an fheidhm seo plean straitéiseach a ullmhú i gcomhair turasóireachta mara i Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn agus na Limistéir sin a chur chun cinn agus a mhargú (lena n-áirítear trí chúnamh deontais) agus soláthar na straitéise forbartha a chomhordú.

5.       Ciallaíonn Limistéar Chairlinn—

(a) an fharraige ar fad feadh an chósta idir an líne lag trá den phointe is faide ó dheas de Phointe Chreamhchoille i gContae an Dúin agus an líne lag trá den phointe is faide soir de Rinn Bhaile Lagáin i gContae Lú, agus laistigh de líne dhíreach idir na pointí sin, agus aon oileáin nó carraigeacha atá laistigh den chéanna, mar aon leis an sruth taoide ar fad feadh an chósta sin; agus

(b) iomlán na lochanna go léir, na n-aibhneacha go léir agus na gcraobh-aibhneacha go léir a shreabhann isteach san fharraige laistigh den limistéar a mhínítear i bhfomhír (a) agus iomlán an dobharcheantair talún óna sileann uisce isteach sna lochanna agus sna haibhneacha sin.

6.       Déanfar, tar éis dul i gcomhairle le CATT, an reachtaíocht atá ag teastáil chun foráil a dhéanamh maidir le dobharshaothrú a fhorbairt agus a cheadúnú agus maidir le feidhm forbartha a fheidhmiú i ndáil le hiascaigh intíre i Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn, a thabhairt ar aghaidh sa dá dhlínse roimh dheireadh na bliana 1999. Go dtí go n-achtófar an reachtaíocht sin, leanfaidh na forálacha reachtúla láithreacha atá sa dá dhlínse d'fheidhm a bheith acu.

7.       Feidhmeanna láithreacha Choimisinéirí Soilse na hÉireann i leith áisíní loingseoireachta a sholáthar agus a chothabháil feadh chósta oileán uile na hÉireann agus sna farraigí agus sna hoileáin atá tadhlach leis:

7.1     Beidh reachtaíocht de chuid na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann ag teastáil chun go ndéanfar Údarás Ginearálta na dTithe Solais d'oileán na hÉireann den Chomhlacht. Tabharfaidh Rialtais na Breataine agus na hÉireann an reachtaíocht sin ar aghaidh, más féidir, roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo nó, ar aon chor, a luaithe is féidir dá éis sin. Sa chás nach ndéanfar feidhmeanna an Chomhlachta mar Údarás Ginearálta na dTithe Solais a thabhairt faoi inniúlacht Airí Thuaisceart Éireann, comhaontóidh an dá Rialtas go gcinnfidh siad aon socruithe breise is gá chun a chumasú don Chomhlacht feidhmeanna Údarás Ginearálta na dTithe Solais d'oileán na hÉireann a fheidhmiú de réir Airteagal 4 den Chomhaontú seo. Gheobhaidh an Comhlacht maoiniú ó Chiste Ginearálta na dTithe Solais, faoi réir socruithe airgeadais le hIontaobhaithe an Chiste.

8.       Beidh ag an gComhlacht na cumhachtaí go léir is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó atá coimhdeach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

STRUCHTÚR

9.1     Beidh Bord ag an gComhlacht agus ní mó ná 12 chomhalta, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach, a líon. Ceapfaidh CATT na comhaltaí, lena n-áirítear comhalta amháin mar Chathaoirleach agus comhalta amháin mar Leas-Chathaoirleach.

9.2     Feidhmeoidh an Bord feidhmeanna an Chomhlachta. Le linn a fheidhmeanna a fheidhmiú, gníomhóidh an Comhlacht gach tráth de réir aon treoracha (cibé acu treoracha ginearálta nó treoracha sonracha) a thabharfaidh CATT.

9.3     Faoi réir na bhforálacha eile den Iarscríbhinn seo, is í CATT, le ceadú na nAirí Airgeadais, a chinnfidh luach saothair, liúntais agus caiteachais an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí eile, agus aon téarmaí agus coinníollacha eile ar a sealbhaíonn siad oifig.

10.1   Is é 3 bliana téarma oifige na gcéad chomhaltaí den Bhord. Féadfaidh CATT téarma na gceapachán ina dhiaidh sin a athrú chun leanúnachas comhaltais a éascú ach ní rachaidh sé thar 5 bliana. Ní fhóinfidh comhaltaí ar feadh níos mó ná 2 théarma as a chéile.

10.2   Féadfaidh duine éirí as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn a chur chuig CATT. Féadfaidh CATT duine a bhriseadh as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach, más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí;

(b) go gciontófar é nó í i gcion coiriúil;

(c) go ndéanfar ordú féimheachta ina choinne nó ina coinne, nó go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe; nó

(d) nach mbeidh sé nó sí ábalta nó oiriúnach maidir lena fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

10.3   Má éagann comhalta, má éiríonn comhalta as oifig nó má chuirtear comhalta as oifig, féadfaidh CATT duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna inar ceapadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann. Beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh an chuid eile de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas a bheith ann agus beidh sé nó sí inathcheaptha mar chomhalta.

10.4   Déanfar feidhmeanna an Chomhlachta i ndáil le Limistéir an Fheabhail agus Chairlinn a fheidhmiú trí ghníomhaireacht de chuid an Chomhlachta ar a dtugtar Gníomhaireacht na Lochanna. Déanfar feidhmeanna an Chomhlachta dá dtagraítear i mír 7 thuas a fheidhmiú trí ghníomhaireacht de chuid an Chomhlachta ar a dtugtar Gníomhaireacht na Soilse.

10.5   Ceapfaidh an Comhlacht Príomh-Fheidhmeannach do gach gníomhaireacht, ach sin faoi réir ceadú a fháil ó CATT. Beidh na Príomh-Fheidhmeannaigh freagrach as riaradh agus gnó na ngníomhaireachtaí a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne.

CUID 7

Socruithe Coiteanna

Beidh feidhm ag na socruithe seo a leanas maidir le gach ceann de na sé chomhlacht forfheidhmithe.

CUNTASACHT AGUS TUAIRISCEOIREACHT

1.1     Déanfaidh an Comhlacht plean corparáideach a ullmhú go bliantúil, faoi réir ceadú a fháil ó CATT, lena n-áirítear na hAirí Airgeadais. Folóidh an Plean tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gComhlacht agus ar na himpleachtaí maidir le maoiniú.

1.2     Déanfaidh an Comhlacht tuarascáil i dtaobh a ghníomhaíochtaí i ngach bliain a chur faoi bhráid CATT cibé dáta agus i cibé foirm a ordóidh CATT.

1.3     Déanfar cóip den tuarascáil a leagan faoi bhráid Thionól Thuaisceart Éireann agus dhá Theach an Oireachtais.

1.4     Déanfaidh an Comhlacht cibé tuarascálacha agus faisnéis eile a iarrfaidh CATT nó Aire iomchuí ó am go ham a chur ar fáil do CATT nó don Aire.

1.5     Má iarrtar ar aon chomhalta den Chomhlacht nó dá fhoireann déanamh amhlaidh, láithreoidh sé nó sí os a gcomhair seo a leanas, nó comhoibreoidh sé nó sí ar shlí eile leo—

(a) Coiste de Thionól Thuaisceart Éireann nó Coiste nó Fochoiste de cheachtar Teach den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais, de réir gnáthchleachtais agus reachtaíochta iomchuí laistigh den dá dhlínse;

(b) CATT.

SOCRUITHE AIRGEADAIS

2.1     Gheobhaidh an Comhlacht deontais as airgead a vótálfaidh Tionól Thuaisceart Éireann agus Dáil Éireann. Déanfaidh CATT, le ceadú na nAirí Airgeadais, moltaí maidir le méid na ndeontas sin. Déanfar na deontais tosaigh as airgead a leithreasófar leis an Appropriation (Northern Ireland) Order 1999 agus as airgead a vótálfaidh Dáil Éireann.

2.2     Comhlíonfaidh an Comhlacht forálacha Meabhráin Airgeadais a tharraingeofar suas don Chomhlacht agus is iad ranna Thuaisceart Éireann agus na hÉireann a íocann deontas leis an gComhlacht agus na Ranna Airgeadais a tharraingeoidh suas an meabhrán sin. Forordófar leis na socruithe mionsonraithe airgeadais, lena n-áirítear socruithe a bhaineann le cuntais, leis an mbliain chuntasaíochta agus le cúrsaí airgeadra, a bheidh le comhlíonadh ag an gComhlacht. Faoi réir aon téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa Mheabhrán Airgeadais, féadfaidh an Comhlacht airgead a fháil ar iasacht chun críocha a fheidhmeanna.

2.3     Chun críocha a fheidhmeanna, féadfaidh an Comhlacht cúnamh airgeadais a chur ar fáil d'aon chomhlacht nó d'aon duine, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach de réir socruithe a bheidh le ceadú ag CATT agus ag na hAirí Airgeadais. Féadfar an cúnamh sin a thabhairt trí aon saghas infheistíochta nó iasachta nó trí dheontais a thabhairt.

2.4     Coimeádfaidh an Comhlacht cuntais agus taifid airgeadais chuí agus ullmhóidh sé ráiteas ar chuntais i leith gach bliana ina mbeidh an fhaisnéis sin agus a bheidh i cibé foirm a dhéanfaidh ranna Thuaisceart Éireann agus na hÉireann a íocann deontais leis an gComhlacht a ordú le ceadú na Ranna Airgeadais.

2.5     Déanfaidh an Comhlacht cóipeanna den ráiteas thuas a chur faoi bhráid CATT agus faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann agus Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na hÉireann agus déanfaidh siadsan na cuntais a scrúdú agus a dheimhniú i gcomhar lena chéile.

2.6     Déanfar an ráiteas a leagan faoi bhráid Thionól Thuaisceart Éireann agus faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Déanfar aon tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann a bhaineann leis an gComhlacht a leagan faoi bhráid Thionól Thuaisceart Éireann agus déanfar aon tuarascáil den sórt sin ó Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na hÉireann a leagan faoi bhráid an dá Theach sin.

2.7     Ceadóidh an Comhlacht freisin d'oifigigh de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann agus Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na hÉireann rochtain a bheith acu ar na taifid go léir is gá chun na feidhmeanna thuas nó scrúduithe luach ar airgead a sheoladh agus ceanglóidh sé ar aon duine nó comhlacht a gheobhaidh deontas ón gComhlacht rochtain den sórt sin a cheadú.

SOCRUITHE FOIRNE

3.1     Féadfaidh an Comhlacht chun críocha a fheidhmeanna—

(a) foireann a fhostú; agus

(b) seirbhísí cibé daoine eile a fhostú de réir mar is fóirsteanach leis an gComhlacht chun aon chríche áirithe.

3.2     Féadfar foireann a fháil don Chomhlacht trí earcaíocht oscailte, trí iasacht shealadach agus trí aistriú foirne. Déanfaidh an Comhlacht, le ceadú CATT agus na nAirí Airgeadais, luach saothair, grádú, líon agus coinníollacha eile seirbhíse Phríomh-Fheidhmeannach agus fhoireann eile an Chomhlachta a chinneadh. Féadfaidh an Comhlacht, i gcás cibé daoine dá fhoireann a chinnfidh sé, le ceadú CATT agus na nAirí Airgeadais, cibé pinsin, liúntais nó aiscí a chinnfear amhlaidh a íoc, nó cibé scéimeanna pinsean a chinnfear amhlaidh a sholáthar agus a chothabháil.

3.3     Maidir leis an luach saothair agus na coinníollacha eile seirbhíse d'fhoireann aistrithe, ní lú an fabhar a bhainfidh leo ná mar a bhain leis an luach saothair agus na coinníollacha eile seirbhíse a raibh an fhoireann aistrithe faoina réir díreach roimh a n-aistriú, ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le ceardchumann aitheanta. Maidir le socruithe aoisliúntais d'fhoireann aistrithe, ní lú an fabhar a bhainfidh leo ná mar a bhain leis na socruithe aoisliúntais a raibh an fhoireann aistrithe faoina réir díreach roimh a n-aistriú agus aon díospóid a bhaineann leis sin, déanfaidh Aire Airgeadais na hÉireann nó an Roinn Airgeadais agus Pearsanra, de réir mar is cuí, í a chinneadh.

3.4     Déanfaidh na Ranna Airgeadais prionsabail maidir le foireann a tharraingt suas.

3.5     Go dtí go gceapfar an chéad Phríomh-Fheidhmeannach ar an gComhlacht, nó ar ghníomhaireacht de chuid an Chomhlachta, déanfaidh an duine a bheidh ainmnithe, roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo, ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine, feidhmeanna an Phríomh-Fheidhmeannaigh a fheidhmiú.

NÓS IMEACHTA

4.1     Cinnfidh an Comhlacht a nósanna imeachta féin.

4.2     Beidh séala ag an gComhlacht, ar séala é a fhíordheimhneofar nuair a ghreamaítear é—

(a) le síniú Phríomh-Fheidhmeannach an Chomhlachta nó gníomhaireachta de chuid an Chomhlachta; nó

(b) le síniú comhalta eile d'fhoireann an Chomhlachta a bheidh údaraithe chuige sin ag Príomh-Fheidhmeannach an Chomhlachta nó gníomhaireachta de chuid an Chomhlachta.

OMBUDSMAN

5.       Tabharfar an Comhlacht faoi dhlínse Ombudsman Thionól Thuaisceart Éireann agus Ombudsman na hÉireann agus déanfaidh siadsan idirchaidreamh lena chéile agus rachaidh i gcomhairle lena chéile.

CÓD IOMPAIR

6.1     Déanfaidh an Comhlacht, a luaithe is indéanta, cód iompair a tharraingt suas lena cheadú ag CATT.

6.2     Cuimseofar leis an gcód aidhmeanna agus luachanna an Chomhlachta, a oibleagáidí i leith an phobail, agus cuntasacht agus iompar a chomhaltaí agus a fhoirne (lena n-áirítear comhaltas in eagraíochtaí eile nó fostaíocht ag eagraíochtaí eile, bronntanais nó sochair eile a ghlacadh agus leasanna eile is iomchuí maidir le hobair an Chomhlachta a nochtadh agus rúndacht).

SAORÁIL FAISNÉISE

7.       A luaithe is indéanta, déanfaidh Airí na hÉireann agus Thuaisceart Éireann atá freagrach as saoráil faisnéise, cód cleachtais a tharraingt suas maidir le rochtain ar fhaisnéis lena cheadú ag CATT.

COSAINT SONRAÍ

8.       Beidh an Comhlacht faoi réir na reachtaíochta um chosaint sonraí is infheidhme i ngach dlínse ar leith. Le linn imscrúduithe a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann leis an gComhlacht, déanfaidh Coimisinéir Cosanta Sonraí na Ríochta Aontaithe agus Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann idirchaidreamh lena chéile agus rachaidh siad i gcomhairle lena chéile.

1O.J. No. L281 23.11.95, lch. 31.