17 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1999


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1999

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Taifead ar dhéanmhais chosanta.

3.

Treoirlínte d'údaráis phleanála.

4.

Moltaí d'údaráis phleanála i dtaobh déanmhas sonrach.

5.

Ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta agus a scriosadh as an gcéanna.

6.

Nós imeachta chun ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as.

7.

Clárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964.

8.

Oibreacha a dhéanann difear do shainghné déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe.

9.

Dualgas ar úinéirí agus áititheoirí déanmhais a chosaint ar chur i mbaol.

10.

Cumhacht chun a cheangal oibreacha a dhéanamh i ndáil le déanmhais chosanta a bheith á gcur i mbaol.

11.

Cumhacht chun a cheangal sainghné déanmhas cosanta agus áiteanna eile a aisiriú.

12.

Achomhairc i gcoinne fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

13.

Dáta éifeachtach fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

14.

Cion i ndáil le déanmhais a chur i mbaol.

15.

Cumhachtaí úinéirí i ndáil le fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

16.

Iarratas chun na Cúirte Dúiche ar an toiliú is gá.

17.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

18.

Iarratas chun na cúirte ar ranníoc i leith costais a ghabhann le hoibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

19.

Déanamh oibreacha áirithe le bheith ina fhorbairt dhíolmhaithe.

20.

Cumhacht údaráis pleanála oibreacha a dhéanamh.

21.

Údarás pleanála do ghnóthú caiteachas as oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

22.

Cumhacht chun déanmhas cosanta a fháil.

23.

Fógra go bhfuil ar intinn déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

24.

Agóid i gcoinne déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

25.

Ordú dílseacháin.

26.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin.

27.

Teideal faighte a chlárú agus ordú dílseacháin a leasú.

28.

Cúiteamh.

29.

Déanmhas cosanta a bheidh faighte ag údarás pleanála a úsáid.

30.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith déanmhas cosanta.

31.

Fógraí a sheirbheáil, oibleagáid chun faisnéis a thabhairt agus cumhachtaí chun dul isteach.

32.

Alt 4(1A) den Phríomh-Acht a aisghairm.

33.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

34.

Leasú ar ailt 21 agus 21A den Phríomh-Acht.

35.

Leasú ar alt 26(2) den Phríomh-Acht.

36.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

37.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990.

38.

Forálacha idirthréimhseacha.

39.

Deontais d'údaráis phleanála.

40.

Pionóis, agus cionta a ionchúiseamh.

41.

Rialacháin.

42.

Gearrtheideal, forléiriú, lua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

An tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990

1990, Uimh. 14

Housing of the Working Classes Act, 1890

1890, c. 70

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990

1990, Uimh. 11

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964

1964, Uimh. 29

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1999


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1999

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 GO 1998, DO DHÉANAMH SOCRÚ FEABHSAITHE MAIDIR LE COSAINT NA hOIDHREACHTA AILTIREACHTA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [30 Meitheamh, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976;

ciallaíonn “limistéar caomhantais ailtireachta” áit, limistéar, grúpa déanmhas nó bailedhreach, agus línte agus airde foirgneamh á gcur i gcuntas—

(a) is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, nó

(b) a chuireann leis an meas atá ar dhéanmhais chosanta;

folaíonn “fearann comhghafach”, i ndáil le déanmhas, talamh atá lasmuigh de chúirtealáiste an déanmhais;

ciallaíonn “i mbaol” a bheith faoi lé díobhála, meathlúcháin nó damáiste, cibé acu láithreach nó thar thréimhse ama, trí fhaillí nó ar shlí dhíreach nó neamhdhíreach;

ciallaíonn “áititheoir”, i ndáil le déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe—

(a) aon duine atá sa déanmhas nó atá i dteideal an déanmhas a úsáid nó a theachtadh láithreach,

(b) aon duine atá i dteideal an déanmhas a áitiú, agus

(c) aon duine eile a bhfuil, de thuras na huaire, an déanmhas faoina rialú;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “déanmhas cosanta beartaithe” déanmhas a ndéantar fógra a eisiúint ina leith faoi alt 6 den Acht seo nó faoi Chuid III den Phríomh-Acht á rá go mbeartaítear an déanmhas, nó cuid shonraithe de, a chur le taifead ar dhéanmhais chosanta, agus folaíonn sé, i gcás go gcuirtear an méid sin in iúl san fhógra sin, aon airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach an déanmhais agus nach bhfolófaí sa mhíniú seo thairis sin;

ciallaíonn “déanmhas cosanta”—

(a) déanmhas, nó

(b) cuid shonraithe de dhéanmhas,

atá ar áireamh i dtaifead ar dhéanmhais chosanta, agus, i gcás go gcuirtear an méid sin in iúl sa taifead sin, folaíonn sé aon airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach an déanmhais agus nach bhfolófaí sa mhíniú seo thairis sin;

folaíonn “cosaint”, i ndáil le déanmhas nó cuid de dhéanmhas, caomhnú, slánchoimeád agus feabhsú atá ar comhréir le cothabháil shainghné agus spéisiúlacht an déanmhais nó na coda;

ciallaíonn “taifead ar dhéanmhais chosanta” an taifead a áirítear faoi alt 2 i bplean forbartha;

ciallaíonn “údarás clárúcháin” údarás clárúcháin de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 ;

tá le “déanmhas” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht ach folaíonn sé—

(a) an taobh istigh den déanmhas,

(b) an talamh atá laistigh de chúirtealáiste an déanmhais,

(c) aon déanmhais eile atá laistigh den chúirtealáiste sin agus an taobh istigh díobh, agus

(d) na daingneáin agus na hairíonna go léir is cuid den taobh istigh nó den taobh amuigh d'aon déanmhas nó déanmhais dá dtagraítear i mír (a)(c);

ciallaíonn “ordú dílseacháin” ordú arna dhéanamh faoi alt 25 .

(2) Chun críocha an Achta seo, folaíonn an míniú ar “oibreacha” in alt 2 den Phríomh-Acht aon ghníomh nó oibríocht lena ngabhann plástar, péint, ballapháipéar, tíleanna, nó ábhar eile a chur le dromchlaí an taobh istigh nó an taobh amuigh de dhéanmhas nó a bhaint den chéanna.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú aon tráth le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo.

Taifead ar dhéanmhais chosanta.

2. —(1) Chun déanmhais, nó codanna de dhéanmhais, a chosaint is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, beidh taifead ar dhéanmhais chosanta ar áireamh i ngach plean forbartha agus áireofar sa taifead sin gach déanmhas arb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur díol spéise den sórt sin é laistigh dá limistéar feidhme.

(2) Tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, forordóidh an tAire an fhoirm ina mbeidh taifead ar dhéanmhais chosanta.

(3) Faoi réir aon bhreisithe nó scriostaí a dhéanfar i leith an taifid, cibé acu faoin Acht seo nó i gcúrsa athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean forbartha faoi Chuid III den Phríomh-Acht, leanfaidh taifead ar dhéanmhais chosanta de bheith ina chuid den phlean sin nó d'aon athrú ar an bplean nó d'aon phlean ionaid.

(4) Faoi réir an Achta seo, beidh feidhm ag Cuid III den Phríomh-Acht maidir le taifead ar dhéanmhais chosanta.

Treoirlínte d'údaráis phleanála.

3. —(1) Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, treoirlínte a eisiúint chuig údaráis phleanála i dtaobh cuspóirí forbartha—

(a) chun déanmhais, nó codanna de dhéanmhais, a chosaint is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, agus

(b) chun sainghné limistéar caomhantais ailtireachta a shlánchoimeád,

agus folóidh aon treoirlínte den sórt sin na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a bheidh déanmhais chosanta bheartaithe á roghnú lena n-áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta.

(2) Féadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis aon aicmí creidimh ar gá dul i gcomhairle leo dar leis nó léi, treoirlínte a eisiúint chuig údaráis phleanála i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) dearbhuithe a eisiúint faoi alt 8 i leith déanmhas cosanta a úsáidtear go rialta mar áiteanna adhartha phoiblí, agus

(b) na húdaráis phleanála do bhreithniú iarratas ar fhorbairt a fhearann ar an taobh istigh de dhéanmhais chosanta den sórt sin.

(3) Le linn cuspóirí forbartha a bhreithniú, beidh aird ag údarás pleanála ar aon treoirlínte a eiseofar faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “cuspóir forbartha” cuspóir a bheartaíonn údarás pleanála a chur ar áireamh ina phlean forbartha faoi alt 19 den Phríomh-Acht.

Moltaí d'údaráis phleanála i dtaobh déanmhas sonrach.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán moltaí a chur faoi bhráid údaráis pleanála i scríbhinn i dtaobh aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a chur ar áireamh ina thaifead ar dhéanmhais chosanta:

(a) déanmhais áirithe;

(b) codanna sonracha de dhéanmhais áirithe;

(c) airíonna sonracha atá laistigh d'fhearainn chomhghafacha déanmhas áirithe.

(2) Beidh aird ag údarás pleanála ar aon mholtaí a chuirfear faoina bhráid faoin alt seo.

(3) Údarás pleanála a chinnfidh, tar éis moladh a chuirtear faoina bhráid faoin alt seo a bhreithniú, gan an moladh a chomhlíonadh, déanfaidh sé an chúis atá lena chinneadh a chur in iúl i scríbhinn don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta agus a scriosadh as an gcéanna.

5. —(1) Féadfaidh údarás pleanála déanmhas, cuid shonraithe de dhéanmhas nó airí sonraithe de chuid fearainn chomhghafaigh déanmhais a chur lena thaifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, más rud é—

(a) go measann an t-údarás—

(i) i gcás ábhar a chur leis, gur gá nó gurb inmhianaithe an t-ábhar a chur leis chun déanmhas, nó cuid de dhéanmhas, a chosaint is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar moladh faoi alt 4 , nó

(ii) i gcás ábhar a scriosadh, nach gá an déanmhas nó an chuid a chosaint a thuilleadh,

agus

(b) go ndéantar an t-ábhar a chur leis nó a scriosadh as de réir athbhreithnithe ar phlean forbartha faoi Chuid III den Phríomh-Acht nó de réir alt 6 38 den Acht seo.

(2) Is feidhm fhorchoimeádta ábhar a chur le taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna.

Nós imeachta chun ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as.

6. —(1) Údarás pleanála a bheartaíonn, aon tráth seachas i gcúrsa a phlean forbartha a athbhreithniú faoi Chuid III den Phríomh-Acht, ábhar a chur lena thaifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, déanfaidh sé—

(a) fógra maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta bheartaithe nó an déanmhais chosanta, de réir mar a bheidh,

(b) sonraí maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as a chur chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus chuig aon chomhlachtaí forordaithe eile, agus

(c) a chur faoi deara go bhfoilseofar fógra san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin, ar a laghad, a scaiptear sa limistéar maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as.

(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i bhfógra faoi fho-alt (1)(a)(c):

(a) go bhféadfar sonraí maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as a iniúchadh in áit shonraithe i rith tréimhse sonraithe nach lú ná aon mhí amháin;

(b) go bhféadfaidh aon duine, laistigh de 14 lá ó dheireadh na tréimhse le haghaidh iniúchadh, agóidí nó uiríll scríofa a chur faoi bhráid an údaráis pleanála maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as;

(c) go bhféadfaidh aon duine a dhéanann agóid nó uiríoll faoi mhír (b) iarraidh a chur ar áireamh san agóid nó san uiríoll go dtabharfar deis dó nó di a chás nó a cás a shonrú os comhair duine nó daoine a bheidh ceaptha ag an údarás pleanála;

(d) maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu a mhol nó nár mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh;

(e) más rud é, maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, gur mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cóip d'aon agóid nó uiríoll a rinneadh faoi mhír (b) a chur ar aghaidh chuig an Aire sin chun a thuairimí nó a tuairimí a fháil.

(3) Sula ndéanfaidh an t-údarás pleanála an t-ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as—

(a) breithneoidh sé aon agóidí nó uiríll scríofa a fuarthas faoi fho-alt (2)(b),

(b) déanfaidh sé de réir aon iarrata a rinneadh faoi fho-alt (2)(c), agus

(c) beidh aird aige ar aon tuairimí a bheidh faighte ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i dtaobh na n-agóidí nó na n-uiríoll sin laistigh de mhí amháin tar éis don Aire sin cóip de na hagóidí nó de na huiríll a fháil.

(4) Laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a cheadaítear faoi fho-alt (2)(a) le haghaidh iniúchadh, cinnfidh an t-údarás pleanála, maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu ar chóir nó nár chóir an méid sin a dhéanamh.

(5) Laistigh de 14 lá tar éis dó ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as, déanfaidh údarás pleanála fógra maidir leis an ábhar a cuireadh leis nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais lena mbaineann.

Clárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

7. —I gcás go ndéanfar déanmhas, cuid shonraithe de dhéanmhas nó airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach déanmhais a áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta, féadfar an t-áireamh sin a chlárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , sa chlár cuí a bheidh á choimeád faoin Acht sin mar ualach a fhearann ar thalamh cláraithe (de réir bhrí an Achta sin).

Oibreacha a dhéanann difear do shainghné déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe.

8. —(1) D'ainneoin alt 4(1)(g) den Phríomh-Acht, ní bheidh déanamh oibreacha i leith déanmhais chosanta, nó i leith déanmhais chosanta bheartaithe, ina fhorbairt dhíolmhaithe chun críocha an Phríomh-Achta ach amháin i gcás nach ndéanfadh na hoibreacha sin difear ábhartha—

(a) do shainghné an déanmhais, nó

(b) do shainghné aon eiliminte den déanmhas a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla.

(2) Féadfaidh úinéir nó áititheoir déanmhais chosanta iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis pleanála, ar ina limistéar feidhme atá an déanmhas sin suite, á iarraidh air dearbhú a eisiúint maidir leis an gcineál oibreacha, dar leis an údarás pleanála, a dhéanfadh nó nach ndéanfadh difear ábhartha do shainghné an déanmhais nó aon eiliminte dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) den déanmhas sin.

(3) Laistigh de 3 mhí tar éis iarraidh faoi fho-alt (2) a fháil nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorordófar, eiseoidh údarás pleanála dearbhú faoin alt seo chuig an duine a rinne an iarraidh.

(4) Sula n-eiseoidh sé dearbhú faoin alt seo, beidh aird ag údarás pleanála—

(a) ar aon treoirlínte a eisíodh faoi alt 3 , agus

(b) ar aon mholtaí a cuireadh faoi bhráid an údaráis faoi alt 4 .

(5) Má bhaineann an dearbhú le déanmhas cosanta a úsáidtear go rialta mar áit adhartha phoiblí—

(a) i dteannta aird a thabhairt ar na treoirlínte agus ar na moltaí dá dtagraítear i bhfo-alt (4), déanfaidh an t-údarás pleanála riachtanais liotúirgeacha a urramú, agus

(b) chun na riachtanais sin a fhionnadh—

(i) déanfaidh an t-údarás pleanála de réir aon treoirlínte i dtaobh comhchomhairle a eiseoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, nó

(ii) mura n-eiseofar aon treoirlínte den sórt sin, rachaidh an t-údarás pleanála i gcomhairle le cibé duine nó comhlacht is cuí leis an údarás pleanála.

(6) Nuair a bheidh sé ag breithniú iarratais ar chead nó ar cheadú chun talamh a fhorbairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht—

(a) a bhaineann leis an taobh istigh de dhéanmhas cosanta, agus

(b) a úsáidtear go rialta mar áit adhartha phoiblí,

i dteannta aon cheanglas eile de chuid na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998, déanfaidh an t-údarás pleanála, agus déanfaidh an Bord ar achomharc, riachtanais liotúirgeacha a urramú.

(7) Féadfaidh údarás pleanála, aon tráth, athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú a eisíodh faoin alt seo ach ní fhearfaidh an t-athbhreithniú ar aon oibreacha a rinneadh ar iontaoibh an dearbhaithe roimh an athbhreithniú.

(8) Cuirfidh údarás pleanála faoi deara—

(a) sonraí aon dearbhaithe a bheidh eisithe ag an údarás sin faoin alt seo a thaifeadadh ar an gclár a bheidh á choimeád ag an údarás faoi alt 8 den Phríomh-Acht, agus

(b) cóip den dearbhú a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal le linn uaire oifige ag oifig an údaráis tar éis an dearbhú a eisiúint.

(9) Ní dhéanfaidh dearbhú faoin alt seo dochar d'fheidhm alt 5 den Phríomh-Acht i leith aon cheiste a éireoidh i dtaobh cad is forbairt dhíolmhaithe ann nó cad nach forbairt dhíolmhaithe ann i gcás áirithe.

(10) (a) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, agus aon iarratas ar chead nó ar cheadú i ndáil le déanmhas cosanta á bhreithniú aige, go mbeidh aird ag údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, ar stádas cosanta an déanmhais sin.

(b) Ní dheonóidh údarás pleanála, ná ní dheonóidh an Bord ar achomharc, cead chun déanmhas cosanta a scartáil ach amháin in imthosca eisceachtúla.

Dualgas ar úinéirí agus áititheoirí déanmhais a chosaint ar chur i mbaol.

9. —(1) Déanfaidh gach úinéir agus gach áititheoir, a mhéid a bheidh ar comhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as a leasanna faoi seach i ndéanmhas cosanta nó i ndéanmhas cosanta beartaithe, a áirithiú nach ndéanfar an déanmhas, ná aon eilimint de a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chur i mbaol.

(2) Is ag an tráth a thugtar fógra don úinéir nó don áititheoir faoi alt 6 den Acht seo nó faoi Chuid III den Phríomh-Acht i dtaobh an togra chun an déanmhas a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta a éiríonn an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (1) i ndáil le déanmhas cosanta beartaithe.

(3) Ní mheasfar gur sárú ar an dualgas a fhorchuirtear ar gach úinéir agus ar gach áititheoir faoin alt seo ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a) forbairt ar deonaíodh cead faoi alt 26 den Phríomh-Acht ina leith;

(b) forbairt arb é amháin a bheidh inti oibreacha de chineál a mbeidh údarás pleanála tar éis a dhearbhú ina leith, i ndearbhú arna eisiúint faoi alt 8 (3) den Acht seo chuig an úinéir nó chuig an áititheoir sin, nach ndéanfadh sé difear ábhartha do shainghné an déanmhais chosanta nó aon eiliminte dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo den déanmhas sin.

(4) Aon duine is cúis, gan údarás dleathach, le damáiste do dhéanmhas cosanta nó do dhéanmhas cosanta beartaithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Gan dochar d'aon chosaint eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, is cosaint mhaith in aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (4) a chruthú gur tharla an damáiste don déanmhas de dheasca oibreacha—

(a) ba ghá go práinneach chun slánchoimeád an déanmhais nó aon chuid de a áirithiú,

(b) a gabhadh de láimh de mheon macánta d'aon toisc chun an déanmhas a chaomhnú go sealadach, agus

(c) nár dhóigh dóibh athrú buan a chur ar an déanmhas ná ar aon eilimint de dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Cumhacht chun a cheangal oibreacha a dhéanamh i ndáil le déanmhais chosanta a bheith á gcur i mbaol.

10. —(1) I gcás gurb é tuairim an údaráis pleanála gur gá é, chun nach dtiocfaidh déanmhas cosanta atá suite ina limistéar feidhme chun bheith i mbaol nó nach leanfaidh sé de bheith i mbaol, seirbheálfaidh an t-údarás fógra ar gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta—

(a) ina sonrófar na hoibreacha a mheasann an t-údarás pleanála is gá chun nach dtiocfaidh an déanmhas cosanta chun bheith i mbaol nó nach leanfaidh sé de bheith i mbaol, agus

(b) ina gceanglófar ar an duine ar a mbeidh an fógra á sheirbheáil na hoibreacha sin a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 2 mhí ón dáta a dtiocfaidh an fógra in éifeacht faoi alt 13 .

(2) Tar éis dó fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar dhuine, féadfaidh údarás pleanála—

(a) dá rogha féin, cúnamh a thabhairt don duine na hoibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra, agus

(b) cibé cúnamh in aon fhoirm is cuí leis, lena n-áirítear comhairle, cabhair airgeadais, ábhair, trealamh agus seirbhísí fhoireann an údaráis, a sholáthar.

(3) Féadfaidh aon duine ar a mbeidh fógra faoi fho-alt (1) arna sheirbheáil, laistigh de mhí amháin ó dháta seirbheála an fhógra, uiríll scríofa a chur faoi bhráid an údaráis pleanála i dtaobh—

(a) téarmaí an fhógra,

(b) cúnamh a sholáthar faoi fho-alt (2), agus

(c) aon chúinsí ábhartha eile.

(4) Tar éis dó aon uiríll a rinneadh faoi fho-alt (3) a bhreithniú, féadfaidh an t-údarás pleanála an fógra a dhaingniú, a leasú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don duine a rinne na huiríll.

(5) Déanfar sonraí i dtaobh fógra a sheirbheálfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád ag an údarás pleanála faoi alt 8 den Phríomh-Acht.

Cumhacht chun a cheangal sainghné déanmhas cosanta agus áiteanna eile a aisiriú.

11. —(1) San alt seo folaíonn “oibreacha”, i ndáil le déanmhas nó aon eilimint de dhéanmhas, aon chuid shonraithe den déanmhas nó den eilimint a dhíchur, a athrú nó a aischur agus aon déanmhas fógráin a dhíchur nó a athrú.

(2) Féadfaidh údarás pleanála fógra a bheidh de réir fho-alt (3) a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir déanmhais atá suite laistigh dá limistéar feidhme, más rud é—

(a) gur déanmhas cosanta an déanmhas agus gurb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur chóir sainghné an déanmhais nó aon cheann dá eilimintí a aisiriú, nó

(b) go bhfuil an déanmhas ina chuid d'áit, de limistéar, de ghrúpa déanmhas nó de bhailedhreach is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla agus gurb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gurb inmhianaithe sainghné na háite, an limistéir, an ghrúpa déanmhas nó an bhailedhreacha sin, de réir mar a bheidh, a aisiriú.

(3) Maidir le fógra faoi fho-alt (2)

(a) sonrófar ann na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh chun an déanmhas nó an eilimint dá dtagraítear san fhógra a aisiriú,

(b) luafar ann go bhféadfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 2 mhí ó dháta seirbheála an fhógra, uiríll scríofa i dtaobh an fhógra a chur faoi bhráid an údaráis pleanála,

(c) iarrfar ann ar an duine sin dul i mbun pléití leis an údarás pleanála, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 2 mhí ó dháta seirbheála an fhógra, i dtaobh an fhógra agus go háirithe—

(i) i dtaobh an t-údarás pleanála do sholáthar comhairle, ábhar, trealaimh, sheirbhísí fhoireann an údaráis nó cúnaimh eile chun na hoibreacha a shonraítear san fhógra a dhéanamh, agus

(ii) i dtaobh na tréimhse ar lena linn a dhéanfar na hoibreacha,

(d) sonrófar ann an tréimhse ar lena linn, mura gcomhaontófar a mhalairt sna pléití faoi mhír (c), a dhéanfar na hoibreacha, ar tréimhse í nach lú ná 2 mhí ó dheireadh na tréimhse a bheidh ceadaithe chun dul i mbun pléití, agus

(e) luafar ann, a mhéid a bhaineann na hoibreacha le déanmhas údaraithe nó le déanmhas a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh cúig bliana nó níos mó roimh sheirbheáil an fhógra, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála aon chaiteachais a thabhaíonn an duine sin go réasúnach agus na hoibreacha á ndéanamh aige nó aici de réir an fhógra.

(4) Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh fógra a sheirbheáil faoin alt seo, beidh aird ag údarás pleanála ar aon treoirlínte a eisíodh faoi alt 3 agus ar aon mholtaí a rinneadh faoi alt 4 .

(5) Má ghlactar leis an gcuireadh faoi fho-alt (3)(c) dul i mbun pléití, urasóidh an t-údarás pleanála seoladh na bpléití sin.

(6) Tar éis dó aon uiríll a rinneadh faoi fho-alt (3)(b) agus aon phléití a seoladh faoi fho-alt (5) a bhreithniú, féadfaidh an t-údarás pleanála an fógra a dhaingniú, a leasú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don duine a rinne na huiríll.

(7) Déanfar sonraí i dtaobh fógra a sheirbheálfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád ag an údarás pleanála faoi alt 8 den Phríomh-Acht.

Achomhairc i gcoinne fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

12. —(1) Laistigh de 14 lá tar éis dó nó di scéala a fháil faoi alt 10 (4)11(6) i dtaobh daingniú nó leasú fógra, féadfaidh aon duine a rinne uiríll i ndáil leis an bhfógra achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra ar aon fhoras nó forais díobh seo a leanas:

(a) nach é nó nach í an duine úinéir nó áititheoir an déanmhais a bhfuil an fógra arna sheirbheáil ina leith;

(b) go mbeadh, i gcás fógra faoi alt 10 (1), caiteachas míréasúnach ag baint le ceanglais an fhógra a chomhlíonadh agus go raibh an duine tar éis a lua in uiríll a cuireadh faoi bhráid an údaráis pleanála faoi alt 10 (3) nárbh acmhainn dó nó di íoc;

(c) go bhfuil an duine tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh cheana féin—

(i) i gcás fógra faoi alt 10 (1), chun nach dtiocfaidh an déanmhas chun bheith i mbaol nó nach leanfaidh sé de bheith i mbaol,

(ii) i gcás fógra faoi alt 11 (2) i ndáil le déanmhas cosanta, chun sainghné an déanmhais nó na heiliminte a aisiriú, nó

(iii) i gcás fógra faoi alt 11 (2) i ndáil le déanmhas atá ina chuid d'áit, de limistéar, de ghrúpa déanmhas nó de bhailedhreach dá dtagraítear i mír (c) den alt sin, chun cabhrú maidir le sainghné na háite, an limistéir, an ghrúpa déanmhas nó an bhailedhreacha sin, de réir mar a bheidh, a aisiriú;

(d) go bhfuil an tréimhse chun déanamh de réir an fhógra gearr thar réasún.

(2) Tabharfar fógra i dtaobh achomhairc faoi fho-alt (1) don údarás pleanála agus beidh an t-údarás i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(3) Ar an achomharc a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Dúiche, de réir mar is cuí léi—

(a) an fógra a dhaingniú gan choinníoll,

(b) an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe nó breisithe is réasúnach leis an gCúirt, nó

(c) an fógra a neamhniú.

(4) I gcás go ndaingneofar an fógra faoi fho-alt (3)(b) faoi réir modhnuithe nó breisithe, beidh éifeacht leis an bhfógra faoi réir na modhnuithe nó na mbreisithe sin.

Dáta éifeachtach fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

13. —Ní bheidh éifeacht le fógra faoi alt 10 (1)11(2) go dtí go mbeidh mí amháin caite ó dháta seirbheála an fhógra, faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a) má rinneadh aon uiríll faoi alt 10 11 i ndáil leis an bhfógra agus mura ndéantar achomharc laistigh den tréimhse a cheadaítear faoi alt 12 (1), tá éifeacht leis an bhfógra ar an tréimhse achomhairc a bheith caite;

(b) má dhéantar achomharc faoi alt 12 (1) agus má dhaingnítear an fógra, tá éifeacht leis an bhfógra ar an dáta ar a bhfógrófar breith na Cúirte Dúiche nó an dáta a luafar go dtiocfaidh an t-ordú sin in éifeacht, cibé acu is déanaí;

(c) má dhéantar iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi alt 16 (1) agus má dhéantar ordú faoi alt 16 (2)(a), tá éifeacht leis an bhfógra ar an dáta ar a bhfógrófar breith na Cúirte nó an dáta a luafar go dtiocfaidh an t-ordú sin in éifeacht, cibé acu is déanaí.

Cion i ndáil le déanmhais a chur i mbaol.

14. —Duine a mhainneoidh déanamh de réir fógra a sheirbheálfar air nó uirthi faoi alt 10 (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cumhachtaí úinéirí i ndáil le fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

15. —Féadfaidh aon duine is úinéir na talún nó an déanmhais ar seirbheáladh fógra faoi alt 10 (1)11(2) ina leith, agus a sheirbhísigh nó a ghníomhairí nó a seirbhísigh nó a gníomhairí, dul isteach ar an talamh sin nó ar an déanmhas sin agus na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a dhéanamh.

Iarratas chun na Cúirte Dúiche ar an toiliú is gá.

16 .—(1) Féadfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 10 (1)11(2) iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo más rud é—

(a) nach féidir leis an duine sin, gan toiliú duine eile, na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a dhéanamh, agus

(b) go ndéanann an duine eile toiliú a choimeád siar maidir le déanamh na n-oibreacha sin.

(2) Más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, go gcinnfidh an Chúirt Dúiche go bhfuil toiliú an duine eile coimeádta siar go míréasúnach—

(a) féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, a mheas gur tugadh an toiliú sin, agus

(b) sa chás sin, beidh an duine atá ag déanamh an iarratais i dteideal na hoibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

17. —An dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche—

(a) le halt 12 i ndáil le hachomharc i gcoinne fógra, nó

(b) le halt 16 i ndáil le hiarratas ar ordú lena meastar gur tugadh toiliú,

is breitheamh den Chúirt sin, ag a bhfuil dlínse sa dúiche ina bhfuil an déanmhas is ábhar don achomharc nó don iarratas, a fheidhmeoidh í.

Iarratas chun na cúirte ar ranníoc i leith costais a ghabhann le hoibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

18. —(1) Duine ar a mbeidh fógra faoi alt 10 (1) arna sheirbheáil agus a mbeidh na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra déanta aige nó aici, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun cúirte dlínse inniúla ar ordú á ordú go n-iompródh duine éigin eile ag a bhfuil leas sa déanmhas lena mbaineann costas iomlán na n-oibreacha sin nó cibé cuid de a shonrófar san ordú.

(2) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, déanfaidh an chúirt cibé ordú is dóigh léi is cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Déanamh oibreacha áirithe le bheith ina fhorbairt dhíolmhaithe.

19. —Maidir le déanamh aon oibreacha a shonrófar i bhfógra faoi alt 10 (1)11(2) beidh sé ina fhorbairt dhíolmhaithe.

Cumhacht údaráis pleanála oibreacha a dhéanamh.

20. —I gcás go mainneoidh duine ar a mbeidh údarás pleanála tar éis fógra faoi alt 10 (1)11(2) a sheirbheáil déanamh de réir an fhógra, féadfaidh an t-údarás pleanála cibé bearta a dhéanamh a mheasann sé is réasúnach agus is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra lena n-áirítear—

(a) daoine údaraithe do dhul isteach ar thalamh de réir alt 83 den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le halt 31(3) den Acht seo, agus

(b) na hoibreacha a shonraítear san fhógra a dhéanamh nó déanamh na n-oibreacha sin a chomhshocrú.

Údarás pleanála do ghnóthú caiteachas as oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

21. —Féadfaidh údarás pleanála a sheirbheálfaidh fógra faoi alt 10 (1) i leith déanmhais chosanta—

(a) aon chaiteachais a bheidh tabhaithe go réasúnach ag an údarás faoi alt 20 , lena n-áirítear aon chúnamh a bheidh curtha ar fáil faoi alt 10 (2), a ghnóthú (cibé acu mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó ar shlí eile) ón úinéir, agus

(b) na caiteachais sin a urrú—

(i) tríd an déanmhas cosanta a mhuirearú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , nó

(ii) trí ionstraim lena ndéanfar úinéireacht an déanmhais chosanta a dhílsiú don údarás faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an úinéir.

Cumhacht chun déanmhas cosanta a fháil.

22. —(1) Féadfaidh údarás pleanála aon déanmhas cosanta atá laistigh dá limistéar feidhme a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach más rud é—

(a) go bhfeictear don údarás pleanála gur gá nó gurb inmhianaithe go ndéanfaí amhlaidh chun an déanmhas a chosaint, agus

(b) i gcás fála éigeantaí, nach bhfuil an déanmhas á áitiú go dleathach mar theach cónaithe ag aon duine seachas duine atá fostaithe mar airíoch.

(2) San alt seo agus in ailt 23 go 28, forléireofar tagairt do dhéanmhas cosanta mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon talamh—

(a) is cuid d'fhearann comhghafach an déanmhais sin, agus

(b) arb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur gá é chun cosaint an déanmhais sin a áirithiú,

bíodh nó ná bíodh an talamh laistigh de chúirtealáiste an déanmhais nó arna shonrú mar airí sa taifead ar dhéanmhais chosanta.

Fógra go bhfuil ar intinn déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

23. —(1) Déanfaidh údarás pleanála a bhfuil ar intinn aige aon déanmhas cosanta a fháil go héigeantach faoin Acht seo—

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán nó nuachtáin a scaiptear ina limistéar feidhme—

(i) ina luafar go bhfuil ar intinn aige an déanmhas cosanta a fháil go héigeantach faoin Acht seo,

(ii) ina dtabharfar tuairisc an déanmhais lena mbaineann an fógra,

(iii) ina n-ainmneofar an áit a bhfuil léarscáil arna taisceadh ar a dtaispeántar suíomh an déanmhais chosanta agus na tráthanna ar lena linn a fhéadfar í a iniúchadh, agus

(iv) ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná mí amháin) ar lena linn a fhéadfar agóidí i gcoinne fháil an déanmhais a chur faoi bhráid an údaráis pleanála agus an modh ar a bhféadfar agóidí den sórt sin a dhéanamh,

agus

(b) fógra a bheidh de réir mhír (a) a sheirbheáil ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir de chuid an déanmhais (seachas tionóntaí míosa nó tréimhse is lú ná mí).

(2) San alt seo, ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le déanmhas cosanta—

(a) duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí an déanmhais chosanta a dhiúscairt (cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse), agus

(b) duine a theachtann cíosanna nó brabúis an déanmhais chosanta nó atá i dteideal an chéanna, faoi léas nó comhaontú ar faide ná 5 bliana a théarma gan chaitheamh.

Agóid i gcoinne déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

24. —(1) Aon duine ar ar seirbheáladh fógra faoi alt 23 (1)(b) i dtaobh é a bheith beartaithe déanmhas cosanta a fháil go héigeantach, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse agus sa mhodh a shonraítear san fhógra, agóid i gcoinne na fála éigeantaí beartaithe dá dtagraítear san fhógra a chur faoi bhráid an údaráis pleanála lena mbaineann.

(2) Féadfaidh duine ag a mbeidh agóid curtha faoi bhráid údaráis pleanála faoi fho-alt (1) an agóid a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an údarás pleanála lena mbaineann.

(3) I gcás nach ndéanfar agóid a cuireadh faoi bhráid údaráis pleanála faoi fho-alt (1) a tharraingt siar, ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála an déanmhas cosanta a fháil go héigeantach gan toiliú an Aire.

(4) Maidir le hiarratas ar thoiliú an Aire chun déanmhas cosanta a fháil go héigeantach, déanfar é laistigh de mhí tar éis don tréimhse a bheith caite a cheadaítear faoi fho-alt (1) chun agóid i gcoinne na fála sin a tharchur agus beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis:

(a) an léarscáil iomchuí;

(b) cóip den agóid a cuireadh faoi bhráid an údaráis pleanála faoi fho-alt (1);

(c) tráchtaí (más ann) an údaráis pleanála i dtaobh na hagóide;

(d) cibé doiciméid agus sonraí eile a fhorordófar.

(5) Ar thráchtaí (más ann) an údaráis pleanála i dtaobh na hagóide a fháil, déanfaidh an tAire, le fógra a sheirbheálfar ar an duine a rinne an agóid, cóip de na tráchtaí a chur chuig an duine sin agus féadfaidh an duine sin, laistigh de 21 lá ó dháta seirbheála an fhógra, tuairimí a thabhairt don Aire i ndáil leis na tráchtaí.

(6) Ar iarratas a fháil faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, toiliú a dheonú nó a dhiúltú chun déanmhas cosanta iomlán nó cuid de dhéanmhas cosanta dá dtagraítear i bhfógra arna fhoilsiú faoi alt 23 a fháil go héigeantach.

Ordú dílseacháin.

25. —(1) Tar éis dó déanamh de réir alt 24 , féadfaidh údarás pleanála, le hordú dílseacháin, déanmhas cosanta a fháil más rud é—

(a) nach gcuirtear aon agóid faoi bhráid an údaráis pleanála faoi alt 24 ,

(b) go ndéantar aon agóid a bheidh tarchurtha faoi alt 24 a tharraingt siar ina dhiaidh sin, nó

(c) go dtoilíonn an tAire le fáil éigeantach an déanmhais ag an údarás pleanála.

(2) I gcás go dtiocfaidh údarás pleanála ar an eolas roimh ordú dílseacháin a dhéanamh i leith déanmhais chosanta go bhfuil an déanmhas (go haonarach nó i dteannta talún eile)—

(a) faoi réir aon bhlianachta nó íocaíochta eile leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó

(b) faoi réir aon mhuirir is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine,

cuirfidh an t-údarás pleanála in iúl láithreach don Aire Talmhaíochta agus Bia, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil ar intinn aige an t-ordú dílseacháin a dhéanamh.

(3) Laistigh de 14 lá tar éis ordú dílseacháin a dhéanamh, déanfaidh údarás pleanála—

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán nó nuachtáin a scaiptear laistigh dá limistéar feidhme—

(i) ina luafar go bhfuil an t-ordú déanta,

(ii) ina dtabharfar tuairisc an déanmhais chosanta lena mbaineann sé, agus

(iii) ina n-ainmneofar áit a bhféadfar cóip den ordú agus den léarscáil a ghabhann leis a fheiceáil gach tráth réasúnach,

agus

(b) fógra, ina luafar go ndearnadh an t-ordú agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a bhfeictear don údarás go bhfuil leas aige nó aici sa déanmhas cosanta lena mbaineann an t-ordú.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin.

26. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin lena bhfaighidh údarás pleanála déanmhas cosanta faoin Acht seo agus beidh i gceangal leis léarscáil ar a dtaispeánfar suíomh an déanmhais chosanta.

(2) Beidh ordú dílseacháin sainráite, agus oibreoidh sé, chun an déanmhas cosanta lena mbaineann sé a dhílsiú don údarás pleanála i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta dílseacháin san Acht seo) nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(3) D'ainneoin fho-alt (2), i gcás go mbeidh údarás pleanála tar éis déanmhas cosanta a fháil le hordú dílseacháin, is déanmhas atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir suime bliantúla is iníoctha leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás pleanála chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas, amhail ón dáta dílseacháin, chun—

(a) an tsuim bhliantúil sin, nó

(b) cibé cuid di a chionroinnfidh an tAire nó na Coimisinéirí, de réir mar a bheidh,

a íoc leis an Aire sin nó leis na Coimisinéirí sin, de réir mar a bheidh, amhail is go ndearna an t-úinéir an déanmhas cosanta a aistriú chuig an údarás ar an dáta sin.

(4) Chun críocha fho-alt (3), ciallaíonn “suim bhliantúil” blianacht cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó aon suim bhliantúil eile nach cíos lom faoi chonradh tionóntachta.

Teideal faighte a chlárú agus ordú dílseacháin a leasú.

27. —(1) Ar ordú dílseacháin a dhéanamh i ndáil le déanmhas cosanta, cuirfidh údarás pleanála an t-ordú chuig an údarás clárúcháin agus cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara láithreach, ar an ordú a fháil, an t-údarás pleanála a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

(2) Ar iarratas a fháil ó aon duine, féadfaidh údarás pleanála ordú dílseacháin a bheidh déanta ag an údarás a leasú más rud é—

(a) gur deimhin leis an údarás go bhfuil earráid nó dearmad san ordú dílseacháin, cibé acu is é an t-údarás faoi deara é nó nach é, agus

(b) go bhféadfar an earráid nó an dearmad a cheartú gan éagóir a dhéanamh ar aon duine.

(3) I gcás go ndéanfar cóip d'ordú faoi fho-alt (2) lena leasaítear ordú dílseacháin a thaisceadh leis an údarás clárúcháin, ceartóidh an t-údarás sin a chlár ar cibé modh is gá chun go mbeidh an clár de réir an ordú leasaithe.

Cúiteamh.

28. —(1) Aon duine ag a mbeidh, díreach sula ndéanfar ordú dílseacháin, aon eastát nó leas sa déanmhas cosanta a gheofar leis an ordú, nó aon cheart i leith an chéanna, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 12 mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála ar chúiteamh i leith an eastáit, an leasa nó an chirt.

(2) Ar iarratas a fháil faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás pleanála, faoi réir fho-alt (4), méid is comhionann le luach (más ann) an eastáit, an leasa nó an chirt a íoc ar mhodh cúitimh leis an iarratasóir.

(3) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc ag an údarás pleanála faoin alt seo, maidir le haon eastát, leas nó ceart i leith an déanmhais chosanta, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(4) Más rud é, tar éis d'údarás pleanála ordú dílseacháin a dhéanamh i ndáil le déanmhas cosanta, go bhfanfaidh aon suim (lena n-áirítear suim i leith costas) dlite don údarás ó aon duine faoi ordú cúirte i leith méid dlite a íoc (cibé acu faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, nó cibé acu atá nó nach bhfuil sí fós dlite tar éis caiteachais a asbhaint a thabhaigh an t-údarás go réasúnach faoin Acht seo i ndáil leis an déanmhas), laghdófar de mhéid na suime sin méid aon chúitimh is iníoctha leis an duine sin faoin alt seo.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoin Sceideal sin nó le haon Acht eile nó faoi, i ndáil le cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás pleanála faoin alt seo amhail is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú amhlaidh an cúiteamh sin.

(6) I gcás go n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach i gcúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine maidir le haon imeachtaí i leith an t-airgead sin a infheistiú, ioncam ar an airgead sin a íoc nó caipiteal an airgid sin a íoc.

Déanmhas cosanta a bheidh faighte ag údarás pleanála a úsáid.

29. —Féadfaidh údarás pleanála—

(a) déanmhas cosanta a gheobhaidh sé faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile a úsáid chun aon chríche a bhaineann lena fheidhmeanna, nó

(b) an déanmhas cosanta sin ina iomláine, nó aon chuid de, a dhíol, a ligean, a aistriú nó a mhalartú.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith déanmhas cosanta.

30. —(1) Sula n-eiseoidh sé fógra faoi alt 3(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , i leith déanmhais chosanta nó déanmhais chosanta bheartaithe, breithneoidh údarás sláintíochta—

(a) stádas cosanta an déanmhais, agus

(b) ar cheart, in ionad fógra faoi alt 3(1) den Acht sin, fógra a eisiúint faoi alt 10 (1) den Acht seo nó faoi alt 11 den Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990 .

(2) A luaithe is indéanta tar éis dó fógra a sheirbheáil nó beartú fógra a sheirbheáil de réir alt 3(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , i leith déanmhais chosanta nó déanmhais chosanta bheartaithe, cuirfidh údarás sláintíochta sonraí an fhógra in iúl don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán más rud é gur mhol sé nó sí go ndéanfaí an déanmhas a chosaint.

(3) Údarás sláintíochta a dhéanfaidh oibreacha ar dhéanmhas cosanta, nó ar dhéanmhas cosanta beartaithe, faoi alt 3(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , déanfaidh sé, a mhéid is féidir, an déanmhas sin (nó eilimintí den déanmhas sin a fhéadfaidh a bheith ina ndíol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla) a shlánchoimeád sa mhéid nach dóigh do shlánchoimeád an déanmhais sin baol a chur ar dhuine ná ar mhaoin ar bith.

(4) Nuair a bheidh oibreacha á ndéanamh aige de réir alt 3(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , ar dhéanmhas cosanta nó ar dhéanmhas cosanta beartaithe, cuirfidh údarás sláintíochta, a luaithe is indéanta, na hoibreacha in iúl don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán más rud é gur mhol sé nó sí go ndéanfaí an déanmhas a chosaint.

Fógraí a sheirbheáil, oibleagáid chun faisnéis a thabhairt agus cumhachtaí chun dul isteach.

31. —(1) Beidh feidhm ag alt 7 den Phríomh-Acht i leith eisiúint fógraí faoin Acht seo amhail is dá mba fhógraí faoin Acht sin iad.

(2) Beidh feidhm ag alt 9 den Phríomh-Acht i leith aon chríche a éiríonn i ndáil le feidhmeanna údaráis pleanála faoin Acht seo amhail is dá mbeadh sí ag éirí i ndáil le feidhmeanna an údaráis pleanála faoin Acht sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 83 den Phríomh-Acht chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo amhail is dá mba dhul isteach chun críocha Chuid IV den Acht sin dul isteach chun críocha an Achta seo.

(4) Forléireofar tagairtí in alt 83 den Phríomh-Acht do “duine údaraithe” mar thagairtí a fholaíonn duine a cheaptar chun bheith ina dhuine údaraithe nó ina duine údaraithe chun críche an ailt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (3) den alt seo.

Alt 4(1A) den Phríomh-Acht a aisghairm.

32. —Aisghairtear leis seo alt 4(1A) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

33. —Leasaítear leis seo alt 19(2) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a) trí “críche sin,” a chur in ionad “críche sin, agus;” i bhfomhír (vi) agus trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach:

“(vii) chun déanmhais de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999 , nó codanna de na déanmhais sin, a chosaint ar déanmhais nó codanna de dhéanmhais iad is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla,

(viii) chun sainghné limistéar caomhantais ailtireachta a shlánchoimeád;”,

agus

(b) i mír (b) trí “críche sin,” a chur in ionad “críche sin.” i bhfomhír (v) agus trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach:

“(vi) chun déanmhais (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999 ), nó codanna de na déanmhais sin, a chosaint ar déanmhais nó codanna de dhéanmhais iad is díol spéise ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla,

(vii) chun sainghné limistéar caomhantais ailtireachta a shlánchoimeád.”.

Leasú ar ailt 21 agus 21A den Phríomh-Acht.

34. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht mar a leanas:

(a) in alt 21(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 43(1)(g) d'Acht 1976):

“(c) i gcás go mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le hábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, déanfaidh siad—

(i) fógra i dtaobh ullmhú an dréachta a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais chosanta bheartaithe nó an déanmhais chosanta, de réir mar a bheidh, agus

(ii) sonraí faoin bhforáil a chur isteach san fhógra, lena n-áirítear ar mhol nó nár mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an t-ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as,”;

(b) in alt 21(2) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach:

“(bb) má chuirtear, laistigh den tréimhse sin, aon agóidí nó uiríll faoi bhráid an údaráis pleanála maidir le hábhar a bheartaítear a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna agus más é nó más í an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a mhol go ndéanfaí an t-ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as, go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cóip díobh a chur chuig an Aire sin chun tuairimí an Aire sin a fháil, agus

(bbb) nuair a bhreithneofar agóidí nó uiríll faoi mhír (b) den fho-alt seo, go gcuirfear faoi bhreithniú freisin aon tuairimí a gheofar ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán laistigh de mhí amháin tar éis don Aire sin na hagóidí nó na huiríll a fháil, (agus cuirfear aon tuairimí den sórt sin faoi bhreithniú dá réir sin), agus”;

(c) in alt 21A(3) (a cuireadh isteach le halt 37 d'Acht 1976) trí “dá réir sin), agus” a chur in ionad “dá réir sin).” i mír (b) agus trí na míreanna seo a leanas a chur leis:

“(c) má dhéantar aon uiríll scríofa laistigh den tréimhse sin maidir le hábhar a bheartaítear a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna agus más é nó más í an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a mhol go ndéanfaí an t-ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as, go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cóip de na huiríll a chur chuig an Aire sin chun tuairimí an Aire sin a fháil, agus

(d) nuair a bhreithneofar uiríll faoi mhír (b) den fho-alt seo, go gcuirfear faoi bhreithniú freisin aon tuairimí a gheofar ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán laistigh de mhí amháin tar éis don Aire sin na huiríll a fháil (agus cuirfear aon tuairimí den sórt sin faoi bhreithniú dá réir sin).”;

(d) in alt 21A(4) (a cuireadh isteach le halt 37 d'Acht 1976) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(4) (a) I gcás go mbeidh sa leasú beartaithe aon fhoráil chun ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, déanfaidh an t-údarás pleanála, i dteannta déanamh de réir cheanglais fho-alt (2) den alt seo, cóip den fhógra ina mbeidh sonraí faoin bhforáil a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais chosanta bheartaithe nó an déanmhais chosanta, de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar alt 26(2) den Phríomh-Acht.

35. —Leasaítear leis seo alt 26(2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(cc) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfaí na nithe seo a leanas in aon chás ina ndéanfadh an fhorbairt a údaraítear leis an gcead aon déanmhas cosanta nó aon eilimint de dhéanmhas cosanta a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann nó inti ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a dhíchur nó a athrú—

(i) an déanmhas sin nó an eilimint sin a shlánchoimeád le taifead sula dtarlóidh an fhorbairt a údaraítear leis an gcead, agus

(ii) i gcás inar cuí sin, aon eilimint den sórt sin a tharrtháil ó thaobh ailtireachta,”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

36. —Aisghairtear leis seo míreanna 5 agus 5A de Chuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990 .

37. —Leasaítear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990

(a) sa Dara Sceideal tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 3:

“3. Aon fhorbairt a dhéanfadh difear ábhartha do dhéanmhas cosanta nó do dhéanmhas cosanta beartaithe de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999 .”,

agus

(b) sa Cheathrú Sceideal tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 15 agus 16:

“15. Aon choinníollacha a bhaineann le cosaint déanmhais chosanta nó déanmhais chosanta bheartaithe de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999 .”.

Forálacha idirthréimhseacha.

38. —(1) Más rud é go mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar áireamh i bplean forbartha údaráis pleanála aon fhoráil chun déanmhas sonrach, nó cuid de dhéanmhas sonrach, a shlánchoimeád nó a chosaint, nó chun slánchoimeád nó cosaint an chéanna a bhreithniú, mar gheall ar an spéisiúlacht atá ann nó inti ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire, measfar an déanmhas sin (lena n-áirítear na hítimí dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) den mhíniú ar “déanmhas” in alt 1 den Acht seo) nó an chuid sin, de réir mar a bheidh, a bheith, ar thosach feidhme an ailt seo, ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta agus is déanmhas cosanta é nó í de réir bhrí an Achta seo.

(2) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dáta a thosach feidhme, déanfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann fógra a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir déanmhais, nó cuid de dhéanmhas, a mheastar faoi fho-alt (1) a bheith ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta—

(a) ina ndéarfar gur déanmhas cosanta an déanmhas nó an chuid agus go bhfuil feidhm ag forálacha an Achta seo maidir leis an gcéanna,

(b) ina soláthrófar faisnéis ghinearálta i dtaobh na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le déanmhais chosanta agus i dtaobh aon treoirlínte a eisíodh faoi alt 3 , agus

(c) ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná mí amháin) ar lena linn a fhéadfar agóidí i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis pleanála i dtaobh an déanmhas nó an chuid a chur ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta.

(3) Tar éis aon agóidí a bhreithniú a fuair an t-údarás pleanála faoi fho-alt (2) i ndáil leis an déanmhas cosanta agus tar éis aird a bheith tugtha ar na treoirlínte, más ann, a eisíodh faoi alt 3 agus ar na moltaí, más ann, a rinneadh faoi alt 4 , déanfaidh an t-údarás pleanála—

(a) más é a thuairim nach díol spéise ar leith an déanmhas nó an chuid ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chinneadh nach meastar a thuilleadh é nó í a bheith ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta agus go scoireann sé nó sí de bheith ina dhéanmhas cosanta nó ina déanmhas cosanta, agus

(b) más é a thuairim gur díol spéise ar leith an déanmhas nó an chuid ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chinneadh go meastar i gcónaí é nó í a bheith ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta agus gur déanmhas cosanta i gcónaí é nó í.

(4) Laistigh de 14 lá ó chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) i ndáil le déanmhas, seirbheálfaidh an t-údarás pleanála fógra faoina chinneadh, mar aon leis na cúiseanna a bhí leis, ar gach úinéir agus gach áititheoir de chuid an déanmhais.

(5) Is feidhm fhorchoimeádta é cinneadh faoi fho-alt (3) a dhéanamh.

(6) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, gur seirbheáladh fógra faoi alt 21(1)(c) nó 21A(4)(a) den Phríomh-Acht, leanfaidh alt 21 nó 21A, de réir mar a bheidh, den Acht sin d'fheidhm a bheith aige d'ainneoin a leasaithe leis an Acht seo, ach amháin, i gcás go mbeidh ar áireamh sa phlean forbartha, nuair a bheidh sé déanta, foráil chun déanmhas sonrach, nó cuid de dhéanmhas sonrach, a chur ar áireamh, mar gheall ar an spéisiúlacht atá ann nó inti ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire—

(a) go measfar an déanmhas sin (lena n-áirítear na hítimí dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) den mhíniú ar “déanmhas” in alt 1 den Acht seo) nó an chuid sin, de réir mar a bheidh, a bheith ar áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta agus is déanmhas cosanta de réir bhrí an Achta seo a bheidh ann nó inti,

(b) a luaithe is indéanta tar éis an plean forbartha a bheith déanta, go gcuirfidh an t-údarás pleanála fógra, de réir fho-alt (2) den alt seo, chuig gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta, agus

(c) go mbeidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt seo.

(7) Má fheictear d'údarás pleanála, mar gheall ar an líon iarrataí a bheidh déanta faoi alt 8 (1), nárbh fhéidir leis nó nár chuí dó dearbhú a eisiúint faoin alt sin laistigh den tréimhse dá dtagraítear in alt 8 (3) i leith déanmhais atá tagtha chun bheith ina dhéanmhas cosanta de bhua an ailt seo, déanfaidh an t-údarás pleanála—

(a) fógra a sheirbheáil ar dhuine a dhéanann iarraidh faoi alt 8 (1) i ndáil leis an déanmhas sin lena gcuirtear in iúl don duine sin cén chúis nárbh fhéidir nó nár chuí an dearbhú a eisiúint laistigh den tréimhse sin,

(b) a shonrú san fhógra cén dáta ar roimhe a bheartaíonn an t-údarás pleanála go n-eiseofar an dearbhú, agus

(c) na bearta sin go léir atá ar fáil dó a dhéanamh chun a áirithiú go n-eiseofar an dearbhú roimh an dáta a shonraítear san fhógra.

Deontais d'údaráis phleanála.

39. —Le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt d'údaráis phleanála i leith aon cheann nó gach ceann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo, lena n-áirítear deontais chun go nglanfar an caiteachas iomlán nó cuid den chaiteachas a bheidh tabhaithe acu—

(a) le linn cúnamh le daoine ar a seirbheáiltear fógra faoi alt 10 (1)11(2) agus oibreacha á ndéanamh acu de réir an fhógra, agus

(b) le linn cúnamh le haon duine eile agus oibreacha á ndéanamh aige nó aici ar dhéanmhais chosanta de réir cibé coinníollacha a shonróidh údarás pleanála chun cúnamh den sórt sin a fháil.

Pionóis, agus cionta a ionchúiseamh.

40. —(1) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 9 (4)14 dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £150 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £10,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

(2) I gcás cion faoi alt 9 (4)14 a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(3) Féadfaidh an t-údarás pleanála ar ina limistéar feidhme a dhéanfar cion faoi alt 9 (4)14 an cion a ionchúiseamh go hachomair.

Rialacháin.

41. —Faoi réir alt 2 (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i ndáil le haon ní a fhorordófar faoin Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú, lua agus tosach feidhme.

42. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an gcéad lá d'Eanáir, 2000.