2 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2007


AN tACHT UM FHAISNÉIS DO SHAORÁNAIGH 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar alt 2(1) den Phríomh-Acht.

3 . Ainm an Bhoird a athrú.

4 . Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

5 . Abhcóidí pearsanta.

6 . Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

7 . Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

8 . Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

9 . Ordacháin don Bhord.

10 . Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhairle 2000

2000, Uimh. 1

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

An tAcht um Míchumas 2005

2005, Uimh. 14

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 & 15 Vic., c. 93

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2007


AN tACHT UM FHAISNÉIS DO SHAORÁNAIGH 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAIRLE 2000 CHUN AINM CHOMHAIRLE A ATHRÚ, IONAS GO dTABHARFAR THE CITIZENS INFORMATION BOARD, SA BHÉARLA, NÓ AN BORD UM FHAISNÉIS DO SHAORÁNAIGH, SA GHAEILGE, AIR, DO LEATHNÚ AGUS DO LEASÚ A FHEIDHMEANNA AGUS, GO hÁIRITHE, DO THABHAIRT FEIDHM DÓ SEIRBHÍS ABHCÓIDEACHTA PHEARSANTA A SHOLÁTHAR DO DHAOINE ÁIRITHE FAOI MHÍCHUMAS, NÓ SOCRÚ A DHÉANAMH AN tSEIRBHÍS SIN A SHOLÁTHAR, DO DHÉANAMH ATHRUITHE ÁIRITHE AR A CHOMHALTAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Feabhra, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Chomhairle 2000.

Leasú ar alt 2(1) den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Bord”:

“tá le ‘Bord’ an bhrí a shanntar dó le halt 6, arna leasú le halt 3 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhlacht saorálach”:

“ciallaíonn ‘comhlacht saorálach’—

(a) comhlacht corpraithe, nó

(b) comhlacht neamhchorpraithe daoine,

seachas comhlacht reachtúil, agus folaíonn sé comhlacht ar a dtugtar de ghnáth Seirbhís Faisnéise do Shaoránaigh nó Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh;”,

agus

(c) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘oifigeach breithiúnachta’ an bhrí atá leis in alt 2(1) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

tá le ‘an Stiúrthóir’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;

ciallaíonn ‘míchumas’, i ndáil le duine, sriantacht shubstaintiúil maidir le cumas duine chun gairm, gnó nó slí bheatha a sheoladh sa Stát nó páirt a ghlacadh i saol sóisialach nó cultúrtha sa Stát mar gheall ar mhallachar marthanach coirp, céadfa, meabhair-shláinte nó intleachta;

tá le ‘Seirbhís Abhcóideachta Phearsanta’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;

tá le ‘abhcóidí pearsanta’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;

tá le ‘duine cáilitheach’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;

ciallaíonn ‘seirbhís shóisialach’ aon seirbhís arna soláthar ag comhlacht reachtúil nó comhlacht saorálach ar seirbhís í atá ar fáil nó inrochtana ag an bpobal i gcoitinne nó ag cuid den phobal de bhun reachta nó ar shlí eile agus folaíonn sé seirbhís i ndáil le haon cheann díobh seo a leanas, eadhon, sláinte, leas sóisialach, oideachas, tacaíocht teaghlaigh, tithíocht, cánachas, saoránacht, nithe a bhaineann le tomhaltóirí, fostaíocht agus oiliúint, comhionannas, tearmann agus inimirce, ach níl sé teoranta do na nithe sin;”.

Ainm an Bhoird a athrú.

3 .— (1) Déantar leis seo ainm Chomhairle a athrú agus, tar éis an tAcht seo a rith, tabharfar the Citizens Information Board, sa Bhéarla, nó, An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, sa Ghaeilge, air.

(2) Tar éis an tAcht seo a rith, déanfar tagairtí sa Phríomh-Acht don Bhord a fhorléiriú mar thagairtí don chomhlacht a bunaíodh le halt 6 den Acht sin agus a n-athraítear a ainm le fo-alt (1).

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) tacú le soláthar seirbhísí abhcóideachta nó, i gcás inar cuí leis an mBord é, seirbhísí abhcóideachta a sholáthar go díreach, do phearsana aonair, go háirithe dóibh siúd atá faoi mhíchumas, ar seirbhísí iad a chuideodh leo i dtaca lena gcuid riachtanas agus roghanna a shainaithint agus a thuiscint agus i dtaca lena dteidil chuig seirbhísí sóisialacha a áirithiú,

(bb) Seirbhís Abhcóideachta Phearsanta a sholáthar, nó socrú a dhéanamh chun í a sholáthar, do dhaoine cáilitheacha agus, le linn dó déanamh amhlaidh, cuirfidh an Bord na nithe seo a leanas i gcuntas:

(i) acmhainní airgeadais an Bhoird; agus

(ii) an féidir le daoine cáilitheacha seirbhísí abhcóideachta a fháil ar shlí seachas faoin Acht seo,

(c) tacaíocht a thabhairt i leith na nithe seo a leanas agus iad a chur chun cinn agus a fhorbairt—

(i) rochtain, comhordú agus feasacht níos mó i measc an phobail maidir le seirbhísí sóisialacha, agus

(ii) comhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí saorálacha do sholáthar agus do scaipeadh faisnéise comhtháite i ndáil le seirbhísí den sórt sin,”;

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir cheadú an Aire, cinnfidh an Bord na téarmaí ar dá réir, agus na coinníollacha ar faoina réir, a fhéadfaidh sé—

(a) tacaíocht a thabhairt i leith faisnéis, comhairle nó seirbhísí abhcóideachta a sholáthar faoi fho-alt (1), agus

(b) acmhainní airgeadais nó acmhainní eile a sholáthar do chomhlacht saorálach faoi fho-alt (1)(e) nó do chomhlacht arna shonrú ag an Aire faoi fho-alt (1)(h),

agus féadfaidh feidhm a bheith ag téarmaí agus coinníollacha éagsúla faoi mhíreanna (a) agus (b) agus i ndáil le cineálacha éagsúla comhlachtaí.

(1B) Le linn dó na téarmaí agus na coinníollacha faoi fho-alt (1A) a chinneadh, tabharfaidh an Bord aird ar an gcuspóir go ndéanfaidh sé soláthar seirbhíse faisnéise comhtháite, iontaofa agus cuimsithí, ar seirbhís í den chaighdeán is airde, a chur chun cinn.

(1C) Féadfaidh an Bord, chun an tacaíocht dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (1A) nó na hacmhainní airgeadais nó na hacmhainní eile dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin a sholáthar, a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an duine lena mbaineann faisnéis a thabhairt dó i cibé foirm agus cibé tráthanna a éileoidh sé.

(1D) Féadfaidh an Bord diúltú an tacaíocht dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (1A), nó na hacmhainní airgeadais nó na hacmhainní eile dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin a sholáthar más rud é nach gcomhlíonann an comhlacht nó an duine lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha arna gcinneadh faoin bhfo-alt sin nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an comhlacht nó an duine lena mbaineann aon fhaisnéis a iarrfaidh an Bord ón gcomhlacht nó ón duine lena mbaineann faoi fho-alt (1C) a thabhairt don Bhord.

(1E) Le linn don Bhord na feidhmeanna a thugtar dó leis an alt seo nó faoi a chomhlíonadh, tabharfaidh sé aird ar an ngá atá ann go gcomhoibreoidh sé le comhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí saorálacha.”.

Abhcóidí pearsanta.

5 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Seirbhís Abhcóideachta Phearsanta.

7A.— (1) Féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach cibé comhaltaí agus cibé líon daoine d’fhoireann an Bhoird is cuí leis nó léi a ainmniú chun bheith ina n-abhcóidí pearsanta do dhaoine cáilitheacha (dá ngairtear ‘abhcóidí pearsanta’ anseo ina dhiaidh seo) agus beidh duine a ainmneofar amhlaidh i seilbh oifige mar abhcóide pearsanta ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Príomh-Fheidhmeannach.

(2) Beidh ag abhcóide pearsanta cibé cáilíochtaí, saineolas agus taithí is iomchuí maidir le habhcóideacht phearsanta agus is cuí leis an mBord.

(3) Is duine cáilitheach duine chun críocha an Achta seo más rud é—

(a) nach bhfuil sé nó sí faoi bhun 18 mbliana d’aois agus, i dtuairim an Stiúrthóra—

(i) nach bhfuil sé nó sí ábalta, de dheasca míchumais, seirbhís shóisialach nó seirbhísí sóisialacha áirithe a fháil, nó go bhfuil deacracht aige nó aici seirbhís shóisialach nó seirbhísí sóisialacha áirithe a fháil, gan cúnamh nó tacaíocht a fháil ó abhcóide pearsanta, agus

(ii) go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint, i ndáil leis an duine, go bhfuil baol díobhála ann dá shláinte nó dá sláinte, dá leas nó dá shábháilteacht nó dá sábháilteacht más rud é nach soláthraítear dó nó di an tseirbhís shóisialach nó na seirbhísí sóisialacha atá sé nó sí a iarraidh,

(b) go bhfuil sé nó sí faoi bhun 18 mbliana d’aois agus—

(i) gur duine cáilitheach an t-aon tuismitheoir amháin nó an t-aon chaomhnóir amháin atá aige nó aici, nó

(ii) go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas nó go bhfuil forais réasúnacha ann, i dtuairim an Stiúrthóra, chun a chreidiúint, i ndáil leis nó léi, go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas agus, i gceachtar cás, go bhfuil na himthosca de chineál a fhágann go mbeadh sé míréasúnach a bheith ag súil go ngníomhódh tuismitheoir nó caomhnóir an duine thar a cheann nó thar a ceann chun seirbhís shóisialach nó seirbhísí sóisialacha áirithe a fháil gan cúnamh nó tacaíocht a fháil ó abhcóide pearsanta,

agus go bhfuil forais réasúnacha ann, i dtuairim an Stiúrthóra, chun a chreidiúint, i ndáil leis an duine, go bhfuil baol díobhála ann dá shláinte nó dá sláinte, dá leas nó dá shábháilteacht nó dá sábháilteacht más rud é nach soláthraítear dó nó di an tseirbhís shóisialach nó na seirbhísí sóisialacha atá sé nó sí a iarraidh.

(4) Ní scoirfidh duine de bheith ina dhuine nó ina duine cáilitheach chun críocha an Achta seo de bhíthin amháin go bhfuil seirbhís shóisialach á fáil, nó seirbhísí sóisialacha á bhfáil, aige nó aici.

(5) Tabharfaidh an Bord aird ar na nithe seo a leanas chun an t-ord tosaíochta a bheidh le tabhairt do dhaoine cáilitheacha éagsúla a chinneadh le linn abhcóidí pearsanta a shannadh do na daoine sin:

(a) riachtanais daoine cáilitheacha a sannfar abhcóidí pearsanta dóibh;

(b) na céimsí baoil díobhála do shláinte, do leas nó do shábháilteacht daoine cáilitheacha más rud é nach soláthraítear dóibh an tseirbhís shóisialach nó na seirbhísí sóisialacha atá siad a iarraidh;

(c) na tairbhí ar dóigh dóibh a bheith ann do dhaoine cáilitheacha má shanntar abhcóidí pearsanta dóibh;

(d) seirbhísí abhcóideachta a bheith ar fáil do dhaoine cáilitheacha ar shlí seachas faoin Acht seo; agus

(e) cibé nithe eile is cuí leis an mBord nó a fhorordófar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire ar rialacháin iad a n-údaraítear leis seo dó nó di iad a dhéanamh chun na críche sin.

(6) Is é a thabharfar ar an tseirbhís a sholáthrófar do dhaoine cáilitheacha faoin alt seo agus faoi ailt 7B go 7F, agus is é a ghairtear di san Acht seo, ná ‘an tSeirbhís Abhcóideachta Phearsanta’.

(7) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais, duine a cheapadh ar a dtabharfar Stiúrthóir na Seirbhíse Abhcóideachta Pearsanta, agus dá ngairtear ‘an Stiúrthóir’ san Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (4) d’alt 14 maidir leis an Stiúrthóir sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le daoine eile d’fhoireann an Bhoird.

(9) Déanfaidh an Stiúrthóir an tSeirbhís Abhcóideachta Phearsanta a bhainistiú agus a rialú agus beidh sé nó sí freagrach don Phríomh-Fheidhmeannach as an mbainistiú agus an rialú sin.

(10) (a) Déanfaidh an Stiúrthóir, má chuireann duine (dá ngairtear ‘duine sonraithe’ san fho-alt seo) in iúl don Stiúrthóir nó do dhuine d’fhoireann an Bhoird atá údaraithe chun feidhmeanna an Stiúrthóra faoi alt 7B a chomhlíonadh go bhfuil sé nó sí den tuairim i ndáil le duine eile gur duine cáilitheach an duine eile sin, faisnéis a sholáthar don duine i ndáil leis an tSeirbhís Abhcóideachta Phearsanta agus, go háirithe, i ndáil le ceanglais alt 7B i leith iarratais chun abhcóide pearsanta a shannadh do dhuine.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘duine sonraithe’, i ndáil le duine eile, duine de theaghlach an duine sin, cúramóir de chuid an duine sin nó aon duine eile, lena n-áirítear comhalta d’eagraíocht nó de ghrúpa, ag a bhfuil baint ghníomhach le sláinte, leas nó dea-bhail an duine sin a chur chun cinn.

(11) Féadfaidh cibé daoine d’fhoireann an Bhoird a údaróidh an Stiúrthóir chuige sin feidhmeanna an Stiúrthóra faoi fho-alt (10) agus faoi alt 7B a chomhlíonadh.

(12) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(13) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu, sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Iarratas ar abhcóide pearsanta a shannadh.

7B.— (1) Féadfaidh aon duine atá den tuairim gur duine cáilitheach é nó í (dá ngairtear ‘iarratasóir’ san alt seo) iarratas a dhéanamh i scríbhinn, nó i cibé foirm eile a shonróidh an tAire, chuig an Stiúrthóir ar abhcóide pearsanta a shannadh dó nó di agus sonróidh sé nó sí san iarratas an tseirbhís shóisialach nó na seirbhísí sóisialacha atá sé nó sí a iarraidh.

(2) Féadfaidh aon duine iarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh thar ceann iarratasóra.

(3) Cinnfidh an Stiúrthóir cibé acu is duine cáilitheach iarratasóir nó nach ea agus, más deimhin leis nó léi gur duine den sórt sin an t-iarratasóir, déanfaidh sé nó sí abhcóide pearsanta a shannadh don iarratasóir de réir an Achta seo.

(4) Déanfar cinneadh maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) a dheonú nó a dhiúltú agus déanfaidh an Stiúrthóir, a luaithe is indéanta tar éis don Stiúrthóir an t-iarratas a fháil, fógra faoin gcinneadh a thabhairt don iarratasóir lena mbaineann agus, más cuí, don duine a rinne an t-iarratas thar a cheann nó thar a ceann agus tabharfar an fógra sin i scríbhinn nó i cibé foirm eile a shonróidh an tAire.

(5) Má dhiúltaítear iarratas faoi fho-alt (1) a dheonú, sonrófar san fhógra faoi fho-alt (4) na cúiseanna atá leis an diúltú agus luafar ann go bhféadfaidh an t-iarratasóir lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Stiúrthóra faoi alt 7C.

(6) Má dhiúltaítear iarratas faoi fho-alt (1) a dheonú, féadfaidh an Stiúrthóir, aon tráth, an cinneadh a fhreaschur i gcás inar dealraitheach dó nó di go raibh an cinneadh earráideach ag féachaint d’fhianaise nua nó d’fhíorais nua a cuireadh in iúl dó nó di ó rinneadh an cinneadh nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó i ndáil leis na fíorais, nó i gcás inar dealraitheach dó nó di go bhfuil aon athrú iomchuí tar éis teacht ar imthosca an iarratasóra lena mbaineann ó rinneadh an cinneadh, agus beidh feidhm ag forálacha alt 7C maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcinneadh bunaidh a bhaineann leis an iarratas.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le cinneadh a bhaineann le hiarratas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith nó atá tarchurtha faoi alt 7C mura rud é go mbeadh an cinneadh athbhreithnithe i bhfabhar an iarratasóra lena mbaineann.

(8) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina dheimhniú ar chinneadh arna dhéanamh ag an Stiúrthóir faoin alt seo nó, de réir mar a bheidh, ag duine atá údaraithe faoi alt 7A(11) chun feidhmeanna an Stiúrthóra faoin alt seo a chomhlíonadh, agus a bheith sínithe ag an Stiúrthóir nó ag an duine sin, de réir mar a bheidh, is fianaise prima facie é ar dhéanamh an chinnidh agus ar théarmaí an chinnidh sin, gan cruthúnas ar shíniú an Stiúrthóra nó an duine sin, de réir mar is cuí, nó ar a cháil oifigiúil nó ar a cáil oifigiúil.

Achomhairc.

7C.— (1) Beidh feidhm ag Caibidlí 2 (seachas ailt 309, 312, 315, 316(3) agus 321) agus 4 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 maidir le hachomharc in aghaidh cinnidh ón Stiúrthóir faoi alt 7B sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le hachomhairc in aghaidh cinnidh ó oifigeach breithiúnachta faoi Chaibidil 1 den Chuid sin, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá:

(a) in alt 304, ‘agus alt 7C (ara chur isteach le halt 5 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007) den Acht um Chomhairle 2000’ a chur isteach i ndiaidh ‘chun críocha an Achta seo’;

(b) in alt 307, tagairtí don Stiúrthóir a chur in ionad tagairtí d’oifigeach breithiúnachta;

(c) in alt 311—

(i) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

‘(1) I gcás ina mbeidh aon duine míshásta leis an gcinneadh a thabharfaidh an Stiúrthóir, déanfar an cheist, tar éis fógra achomhairc a thabhairt, ag an duine sin nó thar ceann an duine, don Phríomh-Oifigeach Achomhairc laistigh den tréimhse ama fhorordaithe, a tharchur chuig oifigeach achomhairc.’,

agus

(ii) i bhfo-alt (3)—

(I) ‘nó faoi alt 312’ a scriosadh,

(II) tagairt don Stiúrthóir a chur in ionad na tagartha don oifigeach breithiúnachta, agus

(III) ‘, nó cinneadh fhostaí na Feidhmeannachta, de réir mar is gá sa chás,’ a scriosadh;

(d) an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 319:

‘An éifeacht a bheidh le cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach achomhairc.

319.— Beidh éifeacht le cinneadh athbhreithnithe a thugann oifigeach achomhairc ón dáta is cuí leis an oifigeach achomhairc ag féachaint d’imthosca an cháis.’;

(e) an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 320:

‘Beidh cinneadh oifigigh achomhairc críochnaitheach agus dochloíte.

320.— Faoi réir ailt 317, 318 agus 327, is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh oifigigh achomhairc ar aon cheist a éireoidh faoi alt 7C (arna chur isteach le halt 5 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007) den Acht um Chomhairle 2000.’;

(f) in alt 328, ‘ag oifigeach breithiúnachta nó’ a scriosadh;

(g) an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 329:

‘Folóidh athbhreithniú athbhreithniú ar freaschur é.

329.— Aon tagairt sa Chuid seo do chinneadh athbhreithnithe arna thabhairt ag oifigeach achomhairc, folaíonn sé tagairt do chinneadh athbhreithnithe lena ndéantar an cinneadh bunaidh a fhreaschur.’;

agus

(h) an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 330:

‘Rialacháin.

330.— Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena sonrófar na nósanna imeachta atá le leanúint ag oifigeach achomhairc le linn cinneadh a dhéanamh ar cheisteanna faoi alt 311, lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (1) d’alt 7C (arna chur isteach le halt 5 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007) den Acht um Chomhairle 2000.’.

(2) Déanfar tagairtí i bhforálacha Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, arna cur chun feidhme le fo-alt (1) maidir leis an gCuid sin, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Chuid sin arna cur chun feidhme amhlaidh.

Feidhmeanna abhcóide phearsanta.

7D.— (1) Maidir le habhcóide pearsanta a shanntar do dhuine cáilitheach faoin Acht seo—

(a) más cuí, déanfaidh sé nó sí iarratas, nó tabharfaidh sé nó sí cúnamh i ndáil le hiarratas a dhéanamh, ar mheasúnacht faoi Chuid 2 den Acht um Míchumas 2005, i leith an duine agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh agus tacaíocht don duine agus feidhmeoish sé nó sí mar ionadaí don duine de réir na Coda sin 2 i ndáil leis an iarratas, leis an measúnacht agus leis an ráiteas seirbhíse (más ann) a ullmhaítear i leith an duine,

(b) tabharfaidh sé nó sí cúnamh agus tacaíocht don duine agus feidhmeoidh sé nó sí mar ionadaí don duine—

(i) i ndáil le hiarratas a dhéanamh ar sheirbhís shóisialach nó ar sheirbhísí sóisialacha a shonraítear san iarratas lena mbaineann faoi alt 7B(1) nó, más cuí, i ráiteas seirbhíse a ullmhaítear i leith an duine, agus i ndáil leis an tseirbhís shóisialach nó na seirbhísí sóisialacha sin a fháil, agus

(ii) más cuí leis an abhcóide pearsanta déanamh amhlaidh, i ndáil le haon cheart athbhreithnithe, tarchuir nó achomhairc, a chuirfear chuig comhlacht seachas cúirt, a shaothrú má dhiúltaítear don iarratas ar sheirbhís nó ar sheirbhísí den sórt sin,

agus

(c) d’fhonn cúnamh a thabhairt don duine, ar mhaithe lena shláinte nó lena sláinte, lena leas agus lena dhea-bhail nó lena dea-bhail, soláthróidh sé nó sí tacaíocht nó oiliúint nó tacaíocht agus oiliúint—

(i) don duine, nó

(ii) do dhuine de theaghlach an duine, do chúramóir de chuid an duine nó d’aon duine eile, lena n-áirítear comhalta d’eagraíocht nó de ghrúpa, ag a bhfuil baint ghníomhach le sláinte, leas nó dea-bhail an duine a chur chun cinn,

nó dóibh araon fad atá feidhmeanna á gcomhlíonadh ag an abhcóide pearsanta faoi mhír (a) nó (b) i leith an duine.

(2) Féadfaidh abhcóide pearsanta a shanntar do dhuine cáilitheach faoin Acht seo, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, dul isteach, aon tráth réasúnach, in aon áit ina ndéantar cúram lae, cúram cónaithe nó oiliúint a sholáthar don duine agus cibé fiosrúcháin is cuí leis nó léi a dhéanamh san áit sin i ndáil leis an duine.

(3) Faoi réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, féadfaidh abhcóide pearsanta a shanntar do dhuine cáilitheach faoin Acht seo gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh:

(a) aon fhaisnéis a bhaineann leis an duine agus a mheasann an t-abhcóide pearsanta a bheith riachtanach a fháil ó chomhlacht reachtúil nó ó chomhlacht saorálach;

(b) freastal ar aon chruinniú, comhchomhairliúchán nó plé ag a mbeidh leasanna an duine á mbreithniú agus ar a bhfreastalódh an duine dá mba rud é nár dhuine cáilitheach é nó í, agus feidhmiú mar ionadaí ann don duine; agus

(c) aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c)(ii) agus a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt don duine cáilitheach a shainaithint.

(4) Maidir le comhlacht reachtúil nó comhlacht saorálach a sholáthraíonn seirbhísí sóisialacha, comhoibreoidh sé le habhcóide pearsanta le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó treampán a chur ar abhcóide pearsanta le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(7) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

(8) San alt seo, tá le ‘iarratas’, ‘measúnacht’ agus ‘ráiteas seirbhíse’ na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le Cuid 2 den Acht um Míchumas 2005.

Dliteanas i leith cionta ag comhlachtaí corpraithe.

7E.— (1) I gcás cion faoi alt 7D(5) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás inarb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta chorpraithe sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

Socrú chun seirbhísí abhcóidí pearsanta a sholáthar.

7F.— Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfar a bheith cuí, socrú a dhéanamh chun go ndéanfaidh daoine seachas daoine d’fhoireann an Bhoird feidhmeanna abhcóidí pearsanta faoi alt 7D a chomhlíonadh agus tá feidhm ag ailt 7A go 7E, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis na daoine sin.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “15 chomhalta” a chur in ionad “20 comhalta”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “5 bliana” a chur in ionad “3 bliana”,

(c) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) 3 chomhalta atá ionadaitheach do dhaoine faoi mhíchumas, agus”,

(d) i bhfo-alt (12), trí “i 6 chomhalta” a chur in ionad “in 8 gcomhalta” sa dá áit a bhfuil sé, agus

(e) trí fho-alt (13) a scriosadh.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) 8 nó cibé líon comhaltaí is lú ná sin (nach lú ná 5) a chinnfidh an Bord ó am go ham is córam do chruinniú den Bhord.”.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 23 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, aon uair a cheanglófar air nó uirthi déanamh amhlaidh ag an gCoiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann, fianaise a thabhairt don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar cuntais nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear leis an Acht seo ar an mBord nó ar an bPríomh-Fheidhmeannach a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Bhoird i dtaca le húsáid a acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Bord chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Bhord agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.”.

Ordacháin don Bhord.

9 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a churisteach i ndiaidh alt 24:

“Ordacháin don Bhord.

24A.— Féadfaidh an tAire cibé ordacháin bheartais ghinearálta is cuí leis nó léi a thabhairt don Bhord maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna (lena n-áirítear ordacháin i dtaobh feachtais a ghabháil de láimh chun faisnéis a bhaineann le seirbhís shóisialach nó seirbhísí sóisialacha áirithe a scaipeadh), agus déanfaidh an Bord aon ordacháin den sórt sin a chomhlíonadh.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

10 .— (1) Féadfar an tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2000 agus 2007 a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 3 ) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.