|
||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1964. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
ACHT CHOIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (MAOIN A FHÁIL), 1964 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil.] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AN WATERFORD AND LIMERICK RAILWAY ACT, 1878, AGUS ALT 35 DEN WATERFORD HARBOUR ACT, 1919, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHAONTÚ A DHÉANAMH BAILÍ AGUS I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [10 Meitheamh, 1964.] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Réamhrá. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
DE BHRÍ, le halt 4 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, gur údaraíodh don Waterford and Limerick Railway Company caladh a thógáil i bPort Láirge agus gur measadh le halt 6 den Acht sin gur chuid de ghnóthas agus de mhaoin na Cuideachta sin an caladh sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ, le halt 7 (a) den Acht sin, gur foráladh, nuair a bheadh an caladh sin críochnaithe go raibh an pháirt thoir theas de mar a mhínítear san alt sin 7 le húsáid ag an gCuideachta agus ag an bpobal araon, agus faoi réir úsáid na Cuideachta go raibh sí le bheith faoi dhlínse agus faoi rialú agus faoi bhainistí Bhardas Phort Láirge, saor ó dhola don Chuideachta, mar a bhí na céanna agus na sráideanna poiblí eile i mBuirg Phort Láirge, agus faoi mhír (c) den alt sin gur foráladh fairis sin go mbeadh ar an gCuideachta an méid de ród nó de dhromchla an chalaidh sin a bhí idir na línte ráillí a leagadh síos air a choimeád agus a dheisiú agus go mbeadh ar Bhardas Phort Láirge an chuid eile den pháirt thoir theas den chaladh sin a chothabháil agus a choimeád i ndeisriocht agus a shoilsiú; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an rochtain chuig an gcaladh sin a thugtar trí bhealach dá ngairtear Salvation Lane, agus a bhfuil cuid de á iompar ag droichead thar an iarnród, ar úinéireacht i gcomhpháirt ag Córas Iompair Éireann agus ag an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ ó tógadh an caladh sin go bhfuil sé á úsáid ag Coimisinéirí Chuan Phort Láirge i ndáil le luchtú agus díluchtú long i gCalafort Phort Láirge; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an pháirt thoir theas den chaladh sin, atá déanta d'adhmad, i ndrochriocht agus gur gá í a bhaint anuas agus caladh nua-aimseartha a thógáil uirthi; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go gcomhaontaíonn Córas Iompair Éireann, mar chomharbaí ar an Waterford and Limerick Railway Company, agus Bardas Phort Láirge gur ceart an pháirt thoir theas sin den chaladh sin a bheith ar úinéireacht, faoi bhainistí agus faoi rialú ag Coimisinéirí Chuan Phort Láirge mar Údarás Poirt agus iad araon a shaoradh óna n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 7 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus gur ceart a údarú do Chóras Iompair Éireann a n-eastát agus a leas sa pháirt thoir theas sin den chaladh sin a aistriú chuig Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus a údarú do Chóras Iompair Éireann agus don Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company an bealach sin dá ngairtear Salvation Lane a aistriú chuig Bardas Phort Láirge; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur foráladh le halt 35 (1) (b) den Waterford Harbour Act, 1919, go mbeadh ar Choimisinéirí Chuan Phort Láirge ranníoc bliantúil a dhéanamh le Bardas Phort Láirge nach rachadh thar £150 in aon bhliain áirithe i leith chostas cothabháilte na páirte thoir theas sin den chaladh sin ag an mBardas agus gur foráladh fairis sin faoi fho-alt 2 den Acht sin mura gcomhaontófaí ar mhéid an ranníoca bhliantúil sin go mbeadh sé, d'éagmais comhaontaithe, le socrú trí eadráin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus Bardas Phort Láirge tar éis comhaontú go scoirfeadh an ranníoc bliantúil sin faoin alt sin 35 de bheith iníoctha ar dháta an Achta seo a rith agus go nurscaoilfí na Coimisinéirí Cuain ó gach oibleagáid chun íoctha aon riaráistí sna ranníocaí bliantúla a bheadh fágtha gan íoc an uair sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go ndearna Córas Iompair Éireann sa bhliain 1947 caladh nua a thógáil ar pháirt den chaladh nó den ché sin a údaraíodh amhlaidh le halt 4 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, a dúradh, agus gur ranníoc Coimisinéirí Chuan Phort Láirge suim £25,000 i leith chostas an chalaidh nua sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an caladh nua sin anois ar cheann de na príomhchalaí i gCalafort Phort Láirge chun longa a luchtú agus a dhíluchtú agus gur foráladh go mbeadh saor-rochtain chuige ag an bpobal gach tráth faoi Chomhaontú a rinneadh san am sin idir Córas Iompair Éireann agus Coimisinéirí Chuan Phort Láirge; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur chomhaontaigh Córas Iompair Éireann an caladh nua sin maraon leis an trealamh air a dhíol le Coimisinéirí Chuan Phort Láirge ar shuim £22,000 agus gur foráladh faoi théarmaí an díola go mbeadh cearta áirithe thar an gcaladh nua sin ar fhorcoimeád do Chóras Iompair Éireann i ndáil le cothabháil a ráillí iarnróid ar an gcaladh nua sin agus le luchtú agus folmhú vaigíní air agus freisin i ndáil leis an taobhlach iarnróid ar chúl an chalaidh nua sin agus go bhfuil an céanna sa Chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur chomhaontaigh Córas Iompair Éireann freisin le Coimisinéirí Chuan Phort Láirge d'fhonn breis cóiríochta stórála a thabhairt go n-aistreodh Córas Iompair Éireann chuig na Coimisinéirí giodán beag talún ar chúl na páirte thoir theas sin den chaladh sin ar giodán é nach bhfuil ag teastáil anois ó Chóras Iompair Éireann chun críocha a ghnóthais; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur chinn Coimisinéirí Chuan Phort Láirge go ndéanfar a luaithe is indéanta é tar éis dáta an Achta seo a rith an pháirt thoir theas sin den chaladh sin a bhaint anuas agus caladh nua a thógáil uirthi agus é a thabhairt amach ar aon líne leis an gcaladh nua atá tadhlach leis agus gur chomhaontaigh Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus Córas Iompair Éireann fairis sin go mbeadh cearta áirithe ar forcoimeád i bhfabhar Chóras Iompair Éireann chun ráillí iarnróid a leagan síos ar an gcaladh sin ar é a bheith tógtha agus go bhfuil na cearta sin sa chomhaontú sin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur gá agus gur riachtanach chun Calafort Phort Láirge a fhorbairt agus a fhairsingiú agus chun a chinntiú go n-oibreoidh sé go héifeachtach go bhfaigheadh Coimisinéirí Chuan Phort Láirge an pháirt thoir theas sin den chaladh sin, an caladh nua, agus an giodán talún sin ó Chóras Iompair Éireann agus go saorfaí iad ón ranníoc bliantúil sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach go gcumhachtófaí do Chóras Iompair Éireann agus don Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company na maointe sin a aistriú chuig Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus an bealach réamhráite dá ngairtear Salvation Lane a aistriú chuig Bardas Phort Láirge agus go saorfaí Córas Iompair Éireann agus Bardas Phort Láirge óna n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 7 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus go ndearbhófaí an Comhaontú sin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille a bheith bailí agus go dtabharfaí lánfheidhm agus lánéifeacht dó; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ nach féidir éifeacht a thabhairt do chríocha an Achta seo gan údarás ón Oireachtas: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AR AN ÁBHAR SIN ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “Na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Phort Láirge; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “Cuideachta Fishguard” The Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “Acht 1878” The Waterford and Limerick Railway Act, 1878; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallóidh an abairt “an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh” an pháirt thoir theas den ché a thóg an Waterford and Limerick Railway Company de bhun na gcumhachtaí chuige sin a tugadh le halt 4 (b) d'Acht 1878 agus arb é a thomhas 60 troigh ar leithead agus 520 troigh nó mar sin ar fhad agus atá ag síneadh soir ón bhfoirceann síos le sruth den chaladh adhmaid leis an mBord atá tadhlach leis an gcaladh nua. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Aisghairm ar chuid den Waterford and Limerick Railway Act, 1878. |
2. —(a) Aisghairtear leis seo Acht 1878 a mhéid a bhaineann sé leis an bpáirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus le cumhachtaí, dualgais agus údarás an Bhardais, na gCoimisinéirí agus an Bhoird ina leith sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) Saorfar an Bord agus Cuideachta Fishguard ó gach oibleagáid reachtúil maidir leis an maoin a shanntar agus a thíolactar de bhun an chomhaontaithe dá dtagraítear in alt 4 de seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
An íocaíocht faoi alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, a fhoirceannadh. |
3. —Scoirfidh an ranníoc bliantúil is iníoctha ag na Coimisinéirí leis an mBardas faoi alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, i leith costas cothabhála na páirte thoir theas den Chaladh Thuaidh de bheith iníoctha ar dháta an Achta seo a rith agus déantar leis seo na Coimisinéirí a urscaoileadh ó gach oibleagáid chun íoctha aon riaráistí sna ranníocaí sin a bheidh fágtha gan íoc an uair sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
An Comhaontú a dhéanamh bailí. |
4. —An Comhaontú atá forghníomhaithe cheana féin ag an mBardas, ag na Coimisinéirí, ag an mBord agus ag Cuideachta Fishguard, agus a bhfuil a théarmaí (gan an léarscáil i gceangal leis) leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo dearbhaítear leis seo gur comhaontú é atá bailí agus inchurtha i bhfeidhm, agus go measfar a fhorghníomhú a bheith faoi réim chumhachtaí na bpáirtithe sin faoi seach ann, agus déanfar na tíolacais agus na haistrithe dá bhforáiltear sa chomhaontú sin a chomhlánú laistigh de thrí mhí ó dháta an Achta seo a rith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Eadránaithe a cheapadh. |
5. —Má tharlaíonn aon easaontas idir na Coimisinéirí agus an Bord maidir leis an bhforáil a rinne na Coimisinéirí faoi chomhlíonadh aon cheart a thugtar don Bhord leis an gComhaontú a luaitear in alt 4, nó maidir leis an modh ina mbeidh nó na coinníollacha faoina mbeidh ceart den sórt sin le feidhmiú, cibé acu toisc nach n-aontóidh na Coimisinéirí le togra ón mBord nó nach gceadóidh siad é nó ar aon dóigh eile é, ansin agus i ngach cás den sórt sin, mura gcomhthoileoidh na Coimisinéirí agus an Bord le ceapadh eadránaí amháin, cuirfear an t-ábhar easaontais faoi bhráid bheirt eadránaí, a gceapfaidh na Coimisinéirí duine acu agus an Bord an duine eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Caiteachais. |
6. —Beidh na costais, na muirir agus na caiteachais go léir a bhaineann agus a ghabhann leis an Acht seo a ullmhú, a iarraidh, a fháil agus a rith le híoc ag an mBord agus ag na Coimisinéirí i scaireanna comhionanna. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gan dochar a dhéanamh do chearta an Stáit. |
7. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar ná difear do chearta an Stáit chun aon chodanna de ghrinneall nó d'urthrá Abhainn na Siúire a n-údaraítear leis an Acht seo agus leis an Sceideal a ghabhann leis iad a aistriú ón mBord chuig na Coimisinéirí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
8. —Féadfar Acht Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1964 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AN SCEIDEAL. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
MEABHRÁN DE CHOMHAONTÚ a rinneadh an 13ú lá de Shamhain, 1962, IDIR CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN (dá ngairtear “an Bord” anseo feasta) den Chéad pháirt, THE FISHGUARD AND ROSSLARE RAILWAYS AND HAR-BOURS COMPANY (dá ngairtear “Cuideachta Fishguard”) den Dara páirt, COIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (dá ngairtear “na Coimisinéirí” anseo feasta) den Tríú páirt agus MÉARA, SEANÓIRÍ AGUS BUIRGÉISIGH PHORT LÁIRGE (dá ngairtear “an Bardas” anseo feasta) den Cheathrú páirt TRÍNA gCOMHAONTAÍTEAR MAR A LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1. (a) Déanfaidh agus tíolacfaidh an Bord agus Cuideachta Fishguard don Bhardas i bhfeo simplí saor ó eirí É SIN AGUS IAD SEO UILE an chuid sin den ród dá ngairtear Salvation Lane Port Láirge atá 35 throigh nó mar sin ar leithead agus a cheanglaíonn an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh leis an gcuid sin den bhóthar poiblí a ghabhann ó Phort Láirge go Ros Mhic Treoin cé is moite den droichead a iompraíonn an ród sin thar an líne iarnróid (is leis an mBord agus le Cuideachta Fishguard i gcomhpháirt) agus atá faoi dhath gorm ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) Déanfaidh an Bardas dromchla an bhóthair ar ród an droichid sin thar an líne iarnróid sin dá dtagraítear i gclásal (a) de seo a chothabháil agus é a choimeád in ordú i ndeisriocht agus i gcóir mhaith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) Chun na gcríocha uile a bhaineann le cothabháil nó athnuachan an droichid sin féadfaidh an Bord gach tráth réasúnach ar fhógra a thabhairt do na Coimisinéirí agus don Bhardas dul isteach ar an maoin a tíolacadh do na Coimisinéirí agus don Bhardas agus féadfaidh más gá dromchla an bhóthair a luaitear i gclásal (b) de seo a bhriseadh agus féadfaidh freisin chun críocha na cothabhála nó na hathnuachana sin an droichead a dhúnadh ar thrácht go hiomlán nó go páirteach ar feadh cibé tréimhse is gá de réir réasúin chun na críche sin agus athchóireoidh an Bord dromchla an bhóthair sin a briseadh amhlaidh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2. Déanfaidh an Bord:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(i) Sannadh saor ó eirí do na Coimisinéirí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin is cuid d'urthrá agus de ghrinneall abhainn na Siúire faoi íochtar láin leis an gcaladh de choincréit athneartaithe dá ngairtear an Caladh Nua atá tógtha air agus atá ar teachtadh faoi Léas dar dáta an 5ú lá de Bhealtaine 1948— na Coimisinéirí chuig an mBord ar feadh téarma 98 mbliana ón 1 Aibreán 1947 ar chíos bliantúil £1 agus atá faoi dhath liath ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(ii) Deonú agus Tíolacadh i bhfeo simplí saor ó eirí do na Coimisinéirí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún faoi bhun agus os cionn uachtar láin atá ar thaobh an bhruacha den ghiodán talún dá dtagraítear i gclásal 2 (i) (a) de seo leis an gcaladh de choincréit athneartaithe dá ngairtear an Caladh Nua atá tógtha ar chuid den chéanna agus atá faoi dhath buí agus dearg ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin arb é atá ann cuid d'urthrá agus de ghrinneall Abhainn na Siúire faoi uachtar láin agus an giodán talún sin os cionn uachtar láin ar thaobh an bhruacha de atá 90 troigh ar fhad agus 60 troigh ar leithead leis an gcaladh adhmaid ar an gcuid den chéanna atá ar thaobh na habhann agus é ag síneadh soir ón bhfoirceann síos le sruth den Chaladh Nua agus ag teagmháil leis an bhfoirceann in aghaidh srutha den pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus atá faoi dhath bándearg ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(d) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin arb é atá ann cuid d'urthrá agus de ghrinneall Abhainn na Siúire faoi bhun uachtar láin agus an giodán talún sin os cionn uachtar láin ar thaobh an bhruacha de leis an gcaladh adhmaid ar an gcuid den chéanna atá ar thaobh na habhann dá ngairtear an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus atá faoi dhath donn ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(e) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin 300 troigh ar fhad agus 6 throigh ar leithead (cé is moite de chuid bheag de ag an gceann thiar atá 15 throigh ar leithead) atá ar an taobh Thuaidh den bhalla a scarann an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh ó áitreabh an Bhoird agus atá faoi dhath uaine ar an léarscáil atá i gceangal leis seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(f) Déanfaidh an Bord na giodáin talún sin faoi seach dá dtagraítear sa chlásal seo a shannadh agus a thíolacadh faoi réir na gcíosanna (más ann) agus na gcúnant agus na gcoinníollacha sna Gníomhais faoi seach faoina bhfuil an céanna faoi seach ar teachtadh ag an mBord anois. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(iii) Aistriú go hiomlán chuig an Coimisinéirí saor ó eírí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) ar cheithre chrann tógála leis an trealamh go léir a úsáidtear i ndáil leo maraon le páirteanna breise agus buicéid; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) ar dhroichead meáchain maraon le páirteanna breise don chéanna; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) ar scáthláin, both, stór rópaí agus leithris na ndugairí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3. Beidh sé de cheart ag an mBord gach tráth an taobhlach iarnróid ar an talamh atá ar chúl an Chaladh Nua agus tadhlach leis agus faoi dhath dearg ar an Léarscáil atá i gceangal leis seo a choimeád agus a úsáid eisiatach a bheith acu chun na gcríocha uile a bhaineann le gnóthas an Bhoird maraon leis an gceart chun earraí agus marsantas a luchtú isteach i bhfeithiclí bóthair agus a dhíluchtú amach astu ag an taobhlach sin agus beidh saor-rochtain gan bhac chuig an taobhlach sin ag na feithiclí sin gach tráth chun na críche réamhráite. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4. Ceadóidh na Coimisinéirí don Bhord fad a theastóidh sin ón mBord úsáid na línte ráillí ar an gCaladh Nua sin (dá ngairtear línte na ráillí vaigíní anseo feasta) a bheith aige chun rothra iarnróid an Bhoird a ghluaiseacht, maraon lena bhfuil ann de sheachráillí, de luamháin aistrithe, de thrasráillí, agus de ghaireas agus d'fhearas chun an céanna a oibriú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
5. Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo déanfaidh an Bord gach tráth ina dhiaidh seo línte na ráillí vaigíní sin agus na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí, an gaireas agus na fearais, a úsáidtear ag oibriú línte na ráillí vaigíní sin a choimeád i ndeisriocht agus in ord maith oibre. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
6. Ní dhéanfaidh an Bord tráth ar bith ina dhiaidh seo línte na ráillí vaigíní sin a úsáid ar dhóigh a chuirfeadh bac go míréasúnta ar thrácht eile ar an gCaladh Nua sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
7. Cinnteoidh na Coimisinéirí go mbeidh dóthain spáis ar fáil gach tráth ar an gCaladh Nua sin chun go bhféadfaidh tarracóir siuntála oibriú go héifeachtach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
8. Ní bheidh meáchan luchtaithe iomlán na vaigíní a bheidh aon tráth áirithe ag úsáid línte na ráillí vaigíní ar an gCaladh Nua níos mó ná acmhainn iompair an Chalaidh Nua, agus má bhaineann aon damáiste do na Coimisinéirí mar gheall ar an Bord úsáid a bhaint as vaigíní a mbeidh a meáchan luchtaithe iomlán níos mó ná an acmhainn sin dlífidh an Bord an damáiste sin a shlánú do na Coimisinéirí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9. Ceadóidh na Coimisinéirí gach tráth d'fhostaithe an Bhoird dul isteach ar an gCaladh Nua sin chun línte na ráillí vaigíní sin a dheisiú agus freisin chun innill siúntála agus stoc iarnróid a oibriú ar an gcéanna. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
10. (a) Beidh sé de cheart ag an mBord, má atógann agus má fhairsingíonn na Coimisinéirí an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus an chuid 90 troigh dá dtagraítear i gclásal 2 (ii) (c) den chomhaontú seo agus nuair a bheidh sin déanta acu, línte ráillí a leagan síos lena n-úsáid ag rothra iarnróid an Bhoird (dá ngairtear “ráillí” anseo feasta) le seachráillí, luamháin aistrithe, agus trasráillí oiriúnacha, agus le gach gaireas agus fearas chun an céanna a oibriú, ar cibé coinníollacha ar a gcomhaontoidh na Coimisinéirí agus an Bord ach na Coimisinéirí a bheith tar éis comhaontú leis na pleananna do na línte ráillí sin agus tar éis iad a cheadú sula dtosófar ar obair thógála an chéanna. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) Má bhíonn agus nuair a bheidh sé ar intinn ag na Coimisinéirí an atógáil agus an fairsingiú dá dtagraítear anseo roimhe seo a dhéanamh déanfaidh siad an obair ar cibé modh agus de réir cibé dearadh a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta agus infheidhme ag an mBord ráillí a leagan air agus an céanna a oibriú, agus rachaidh na Coimisinéirí i gcomhairle leis an mBord chun na críche sin sula dtosóidh siad ar aon obair atógála nó fairsingithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo déanfaidh an Bord gach tráth ina dhiaidh sin na ráillí agus na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí agus an gaireas agus na fearais go léir a úsáidtear á n-oibriú a choimeád i ndeisriocht agus in ord maith oibre. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(d) Na forálacha de chlásail 5 go 9 go huile den chomhaontú seo a bhaineann leis an gCaladh Nua agus leis na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí agus an gaireas agus na fearais a luaitear ansin bainfidh siad freisin leis an bpáirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus leis an gcuid 90 troigh de nuair a bheidh sin atógtha agus fairsingithe ag na Coimisinéirí agus le cibé ráillí, seachráillí, luamháin aistrithe, trasráillí, gaireas agus fearais a bheidh leagtha nó suite air sin de bhun na bhfochlásal roimhe seo den chlásal seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
11. Déanfaidh na Coimisinéirí an mhaoin uile ar í a bheith tíolactha dóibh de bhun an chomhaontaithe seo a choimeád in ord i ndeisriocht agus ar dhóigh chomh maith sin go bhféadfaidh an Bord úsáid agus tairbhe iomlán na gceart a dheonaítear dó leis an gcomhaontú seo a bheith aige. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
12. Féadfaidh an Bord aon tráth trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar na Coimisinéirí a chur in iúl do na Coimisinéirí nach dteastaíonn ón mBord feasta úsáid a dhéanamh de na línte ráillí go léir nó d'aon chuid de na línte ráillí dá dtagraítear i gclásail 4 agus 10 de seo agus ar an bhfógra sin a sheirbheáil scoirfidh agus foirceannfar go hiomlán an ceart a thugtar don Bhord leis an ngníomhas seo agus le haon ghníomhas nó doiciméad a fhorghníomhófar dá bhun seo chun úsáid a dhéanamh de na línte ráillí a luaitear san fhógra sin agus de na seachráillí, denaluamháin aistrithe, de na trasráillí, den ghaireas agus de na fearais a úsáidtear i ndáil leis na línte sin agus an oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBord leis an ngníomhas seo nó le haon ghníomhas nó doiciméad den sórt sin chun an céanna a chothabháil, gan dochar, áfach, don dliteanas a fhanfaidh ar an mBord mar gheall ar aon sárú a bheidh an tráth sin tar éis a dhéanta ag an mBord ar an oibleagáid chothabhála sin ná d'aon cheart caingne in aghaidh an Bhoird mar gheall ar aon sárú ar an oibleagáid sin a bheidh faibhrithe cheana féin an tráth sin do na Coimisinéirí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
13. Íocfaidh na Coimisinéirí leis an mBord suim £22,000 ar na tíolacais agus na haistrithe amhail mar atá leagtha amach anseo a bheith comhlánaithe agus ar sheilbh a bheith tugtha don Bhardas agus do na Coimisinéirí faoi seach ar an áitreabh a thuairiscítear i gclásail 1 agus 2 de seo maraon leis na crainn tógála, an droichead meáchain, an trealamh, na bothanna, na leithris, an stór rópaí agus na scáthláin sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
14. Den tsuim sin £22,000 measfar gur suim £15,000 an praghas ar na hairnéisí sochorraithe sin is inaistrithe trína seachadadh agus gur suim £7,000 an praghas ar an maoin léasach agus an maoin ruílse is ábhar do na gníomhais seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
DÁ FHIANÚ SIN chuir na páirtithe réamhráite faoi deara a séalaí faoi seach a ghreamú de seo an lá agus an bhliain is túisce atá SCRÍOFA anseo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|